Irish Sagas at UCC University College Cork

CDI
CELT

 

Tochmarc Emire

Sections in the text

§1

§2

§3

§4

§5

§6

§7

§8

§9

§10

§11

§12

§13

§14

§15

§16

§17

§18

§19

§20

§21

§22

§23

§24

§25

§26

§27

§28

§29

§30

Complete file (PDF)

 

Section 1

Do] asselbhthea dine cecha cethræ for se[i]lb Be[i]l.

Chuirtí díne (oiread bó) i ngach tál eallach i seilbh Bheil.

The young of every kind of cattle used to be assigned to the possession of Bel.

Bel-dine iarom .i. belltine.

Beal-díne dá bhrí sin, .i. Bealtaine.

Bel-dine, then, i. e. Beltine.

Co Brón Trogin .i. taiti fogmuir

Go Brón Trogain, .i. tosach fómhair (go mí Lúnasa),

To Bron Trogin, i. e. the beginning of autumn,

.i. is and dobroni trogan fua tort[h]ib.

.i. is ann (.i. le linn na haimsire seo) a bhrónann trogan (.i. talamh) faoina thorthaí.

viz. it is then the earth sorrows under its fruit.

Trogan diu ainm do thalam.

Ainm (eile) do ‘thalamh’ is ea trogan mar sin.

Trogan, then, is a name for ‘earth’.

Back to top

 

Section 2

Adfiadatar iarom an(a) ingena dona brugadaib

D’inis na cailíní leis na brughadha ansin 

The maidens afterwards told the lords’ entertainers

int oclæch dodanaicc issin carpat sainemail.

gur tháinig an t-óglach chuca sa charbad sainiúil.

the warrior had come to them in the splendid chariot.

Adfiadatar side do Forgall Monach cechidepirt ind ingen friss.

D’inis siad siúd le Forgall Monach gach a ndúirt an cailín leis.

These told Forgall the Wily everything that the maiden had said to him.

Back to top

 

Section 3

“Fir,” or Forgall.

“Fíor é,” arsa Forgall.

“True,” said Forgall.

“INd riastardai o Emain Machæ.

“An riast(a)raí (.i. Cú Chulainn) ó Eamhain Mhacha

“The madman from Emain Macha.

Do tanaicc do accallaim Eimere ocus rochar ind ingen.

tháinig sé d’agallamh Emire agus thug an cailín grá (dó cheana féin).

He has come to converse with Emer, and the girl has fallen in love.

Is aire cot-nacalt.

Sin an chúis gur agaill sí leis. 

That is why she conversed with him.

Ni ba cobair dó.

Ní dhéanfadh sé sin aon mhaitheas dó (.i. Forgall Monach).

It shall not avail him.

Doroirbiur-sa conamanairceba,” ol se.

Ní ligfidh mé dóibh bualadh le chéile,” ar sé.

I shall prevent their meeting,” he said.

Back to top

 

Section 4

IS de iarom dolluid Forgall Manach dochom n-Emnai Machæ

Dá bhrí sin tháinig Forgall Monach chun Eamhain Mhacha ina dhiaidh sin

Therefore Forgall the Wily went to Emain Macha

isnahib Gallecuscaib

sna héagaisc Gallacha

in a Gaulish garb,

amail bitis techta ríg Gall

mar a bheidís ina dteachtairí ó rí Gall iad

as if it were an embassy from the king of the Gauls,

do accallaim Concabuir

d’agallamh Chonchobuir

to converse with Conchobur,

co n-imchomarc do di orduisib ocus fin Gall.

le bronntanas dó d’órdhuaiseanna agus fíon Gallach.

with an offering to him of golden treasures and wine of Gaul.

Back to top

 

Section 5

Ferthai failti fris. Triar al-lin.

Cuireadh fearadh na fáilte roimhe. Triúr a líon.

Welcome was made to him. Their number was three.

Ho rolaa a muintir as dia tres la,

Ónar chuir sé a mhuintir uaidh ar an tríú lá,

When he had sent away his men on the third day,

molta Cuculaind ocus eirrid hUlad fiadai.

moladh Cú Culainn agus trodaithe carbaid Uladh ina fhianaise.

Cuchulind and the chariot-chiefs of the men of Ulster were praised before him.

Asbeir-som dona ba fir ocus ba hamrai,

Adeir sé (.i. Forgall Monach) ansin ba fhíor agus ba amhra é,

Then he said that it was true, and it was wonderful,

acht namma dana da ris[sed] Cuculaind Domnall Mildemail ar Alpi,

ach amháin dá rachadh Cú Chulainn go Domhnall,

but then if Cuchulind were to go to Domnall the Warlike in Alba,

ropad amra de.

bheadh sé ní ba amhra (fós).

it would be the more wonderful.

Sech ba do fachairt-sam son,

Chuige seo gur mhol sé sin,

Now, it was for this that he proposed that,

ar nicontissed aridisse.

(.i.) ionas nach dtiocfadh sé (.i. Cú Chulainn) slán as arís.

in order that he might not come back again.

Cotsela Forgall, ho arraill for Coinculaind ani ba haccobor leiss.

D’imigh Forgall uaidh i ndiaidh dhó iompú ar Chú Culainn an ní (.i. comhcheilg) b’áil leis.

Forgall went away, when he had imposed on Cuchulind what he wished.

Back to top

 

Section 6

Luid cammæ Cuculaind iarom

Chuaigh Cú Chulainn ina dhiaidh sin

However, Cuchulind went then,

ocus Loegaire Buadach ocus Conchabur.

agus Lóegaire Buadach agus Conchobur ina theannta.

and Loegaire the Victorious, and Conchobur.

IS hed luide Cuculaind dar Bregai ar adall na hingine.

Is é (an chúis) gur chuaigh Cú Chulainn thar Breagha ná cuairt (oíche) a thabhairt ar an gcailín.

This is where Cuchulind went, across Brega to visit the maiden.

Adgladasdar Emir [emer MS.] oc techt inna noi.

D’agaill sé le hEmer agus é ag imeacht ina shoitheach.

He spoke with Emer when he went in his ship.

Tingell cach di alaili a genass co comristaís.

Gheall siad araon a ngeanas le haraille go mbuailfidís le chéile (arís).

Each of them promised chastity to the other until they should meet again.

Back to top

 

Section 7

Ho roancatar Domnall,

Ónar shroich siad Domhnall,

When they had come to Domnall,

forcéta leiss aill for licc dercain,

múineadh dóibh leis (cleas) amháin ar leac dearcáin:

they were taught by him one thing on a flagstone with a small hole,

foseted cetharbolcc.

séideadh na gceithre bolg.

to blow bellows.

Noclistis fuiri iarom, napdar dvba na glassa a fond.

Chleachtaidís uirthi, (.i. ar an leac), ansin go raibh a mbonn nach mór dubh agus glas.   

Then they would perform on it till their soles were all but black or livid.

Aill for slig frisndringtíss,

(Cleas) eile ná dhreapaidís ar shleá:

Another thing on a spear, on which they would climb.

conclistíss for a rind, na ferad for a fonnib.

chleachtaidís ar a rinn á ngabháil ar a mboinn. 

They would perform on its point; or dropping down on their soles.

Back to top

 

Section 8

Caraiss Co[i]nchulaind iarom ingen Domnaill.

Thug iníon Dhomhnaill grá do Chú Culainn ansin.

Then the daughter of Domnall fell in love with Cuchulind.

Dornoll Olldornai a hainm.

Dornall Olldorn a hainm.

Bigfist was her name.

Batir morai a gluine.

Ba mhór a glúine.

Large were her knees.

A sala reme, a traigt[h]i ina diaid.

A sála roimpi, a troithe ina diaidh.

Her heels (turned) before her, her feet behind her.

Ba hetig a delb.

Ba úrghránna a cuma.

Her shape was loathsome.

Atoop Cuculaind.

Dhiúltaigh Cú Chulainn í.

Cuchulind refused her.

Tindgellaid-si a degdigail fair.

Geallann sí chun a díoltas maith a imirt air. 

She vows to have a good revenge on him.

Back to top

 

Section 9

Asmbert Domnall iarom nadmbai foisitiv forcoitil Conculaind

Dúirt Domhnall ansin nach mbeadh ceard an teagaisc mhíleata ag Cú Chulainn (i gceart)

Then Domnall said that Cuchulind would not have profession of instruction

conrissed Scathaig boi fri hAlpai anair.

go mbuailfeadh sé le Scáthach a bhí thoir in Albain.

until he came to Scathach, who was in the east of Alba.

Nalotar dana a triur

Chuaigh siad triúr soir dá bhrí sin,

So the three of them went

 

 

across Alba,

.i. Cuculaind ocus Conchabur ríi Emna

.i. Cú Chulainn agus Conchobhur, rí Eamhain (Mhacha)

viz. Cuchulind, and Conchobur, the king of Emain,

ocus Loigairi Bvadag

agus Lóegaire Buadach

and Loegaire the Victorious.

tar Alpi.

thar Albain.

 

Back to top

 

Section 10

IS and daadbas dóib Emain Machæ ar a suil.

Is ann a bhí Eamhain Mhacha os comhar a súl amach.

There Emain Macha appeared to them before their eyes.

Ni rucait Conchabur ocus Loigairi sech sodin.

Ní théann Conchobar agus Lóegaire thar sin (.i. Eamhain Mhacha).

Conchobur and Loegaire do not go beyond that.

Luid Cuculaind dia daim huadaib.

Chuaigh Cú Chulainn as a stuaim féin uathu.

Cuchulind went of his (own) will from them.

Ninderba, ni gat ni de,

Ach ní dhearbhaíonn sé é (.i. ní thuigeann sé go raibh sé faoi dhraíocht dhíoltas an chailín), níor ghad sé ní de (?),

He did not stop, he …,

air batair erdrach a cvmachtai na hingine.

toisc gur dhiamhair iad cumhachtaí an chailín.

for the powers of the maiden were supernatural.

Fofer erchoad [erchoat MS.] do-sam,

Rinne sí dochar air-sean,

She wrought harm against him,

coscar a muinter friss.

ionas go scarann a mhuintir leis.

so that his friends were severed from him.

O dochoid tar Alpi,

Ónar chuaigh sé go hAlbain,

When he had gone across Alba,

ba bronach do dith a coiceli.

bhí brón air i ndiaidh a chairde.

he was sorrowful through the loss of his comrades.

Anais dana desuidiu o roairigestar.

Lean sé leis mar sin féin cé gur airigh sé é (.i. draíocht an chailín). 

Therefore he waited when he had noticed it.

Back to top

 

Section 11

Fochairt iarom allaili m-beasti n-vathmair [hvathmar MS.] amail leoman,

Chas sé ansin ar phéist eile bhéisteach uafar, mar a bheadh leon,

Then he encountered some dreadful beast like a lion,

dudfich ocus nad dingne erchoad do.

a thug faoi ach nach rinne dochar dó (.i. Cú Chulainn).

which fought with him, but did him no harm.

Ocus missimbert na maccrada conidtibset.

Ach ghortaigh sé na macraí a thibh leis.

And the foul play of the youths, who laughed at him.

Die cetharmad lai scarais an beist fris.

Scar an phéist leis ar an gceathrú lá.

On the fourth day the beast parted from him.

Back to top

 

Section 12

Focairt iarom for tech n-and i n-glind.

Chas sé ansin ar theach i ngleann.

Then he came upon a house there in a glen.

IS and foranicc ingin.

Is ann a tháinig sé ar chailín.

In it he found a maiden.

Adatngladastar. Ferais failti friss.

D’agaill sí leis agus chuir sí fáilte roimhe.

She addressed him. She bade him welcome.

Asbert-som can bai dia aithgne.

Dúirt sé conas a bhí aithne aici air.

He asked whence she knew him.

Asbert si batir comaltai dib línaib la hUlbecan Saxa,

Dúirt sí gur chomhpháistí altrama iad ag Ulbecan Sacsanach,

She said they had been foster-children both with Wulfkin the Saxon,

“dia m-bamar matav lais oc foglaim bindiussa,” ol sí.

“agus ba phríntísigh sinn leis ag foghlaim binnis cheoil,” ar sí.

“when I was with him and thou learning sweet speech,” said she.

Back to top

 

Section 13

Imarnic dono fri oclaich n-aile.

Bhuail sé le hóglach eile ina dhiadh sin. 

Then again he met a warrior.

Ferais ind falti fris cetna.

Chuir sé an fháilte chéanna roimhe.

He made the same welcome to him.

Is eside inchoisecht eulas do darsa mag n-dobvil [ndobail MS., with v for a correction over a.]

Is eisean a mhúin eolas dó maidir le slí thar an má díobhálach

It is he who taught him the way across the plain of Ill-luck

bái ar a chind.

a bhí roimhe.

which was before him.

Leth in moige noseccdis doine de.

Shiocfadh daoine ar leath amháin den mhá.

On the hither half of the plain men would freeze fast.

Al-leth allaill co-taocbad for ind feur.

Agus ar an leath eile, thógfadh (duine) in airde ar an bhféar.

On the other half they would be raised on the grass.

Birt roth leiss ond oclaich,

Rug sé roth leis ón óclach,

He took a wheel with him from the warrior,

araressed amail an roth sin tar leth in maigi,

ionas go sroichfeadh sé—cosúil leis an roth sin—thar leath an mhá

that he might reach like that wheel across one half of the plain,

arna rosecce(a)th.

ionas nach siocfadh sé.

so that he would not freeze fast.

Dobert dono uball do,

Thug sé úll dó chomh maith

He also gave him an apple

araliad di lar amail noliad ind uball sin.

ionas go leanfadh sé an talamh mar a leanfadh an t-úll sin é (.i. an talamh).

that he might follow the ground as that apple would follow it.

Cotela samlaid tarsa mag fortanaic ar a chind iarsuidiu.

Is amhlaidh gur éalaigh sé thar an má a tháinig sé air ós a chomhair amach roimhe.  

Thus he escaped across the plain, which he found before him afterwards.

Back to top

 

Section 14

Asbert fris bui glend mar ar a chind.

Dúirt sé leis go raibh gleann mór roimhe ansin

He told him there was a large glen before him.

Oent[sh]et coel tairiss, noch ba si a chonair do thig Scathchai.

le haonchonair caol thairis, ach ba í a chonair go teach Scáthach.

One narrow path across it, yet that was his way to the house of Scathach.

Tar ard lecde n-uathmar son dana.

Thar ard leacdha uafar ina theannta sin.

Across a terrible stony height besides.

Back to top

 

Section 15

Luid dono in set sinnisin.

Chuaigh sé an chonair sin.

He then went that way.

Luidea don daun.

Chuaigh sé go dtí an dún.

He went to the dun.

Bi in chomlaid co n-ev a slige coluid trea.

Bhuail sé an chomhla le barr crainn a shleá gur chuaigh trithi.

He struck the door with the shaft of his spear, so that it went through it.

Back to top

 

Section 16

Luid hVathach ingen Scathchai ar a chend.

Chuaigh Uathach iníon Scáthach ina threo.

Uathach, the daughter of Scathach, went to meet him.

Danecachae.

D’fhéach sí air.

She looked at him.

Ninacaldastar ar me[i]t dombert to[i]l di an delb.

Níor agaill sí leis de bharr an méid gur sciob an áilleacht (.i. Cú Chulainn) í.

She did not speak to him, so much did his shape move her desire.

Tafaisig cammaibh ocus molsi fria madair.

Ach mar sin fhéin, d’fhógair sí é agus mhol sí é dá máthair.

However, she went, and praised him to her mother.

Back to top

 

Section 17

“Ruttolnastair in fer,” ol a mathair.

“Sciob an fear do thoil is do chroí,” arsa a máthair.

“The man has pleased thee,” said her mother.

“Tafeid im’ tolc-sai ocus foid leiss d’adaich.”

“Tionlaic é go mo tholg agus caith an oíche leis.”

“He shall come into my bed, and I will sleep with him to-night.”

“Ni scith limb-sai indní sin.”

“Ní cúis bhróin í sin dom.”

“That (were) not wearisome to me.”

Back to top

 

Section 18

Tonimthirend ind ingen co n-uisciu ocus biud.

D’fhreastal an cailín air le huisce agus le bia.

The maiden served him with water and food.

Ferais esomni fris fo deilb cobari.

Chuir sí fáilte roimhe i riocht chabhróra. 

She made him welcome in the guise of a servant.

Craitsiusa conbobig am-mer.

Chráigh sé í gur bhris sé a méar.

He hurt her, and broke her finger.

Eigis ind ingen.

Scréach an cailín.

The maiden shrieked.

Faraith son in dunchare huli

Scaip an ghlóir ar fuaid an dúin uile.

This ran through all the host of the dun,

coteracht an trenfer do .i. [doi. MS.] Cochor Crufe.

D’éirigh an tréanfhear faoina dhéin, .i. Cochor Crufe

so that a champion rose up against him, viz. Cochor Crufe.

Araselid-side ocus Cuchulaind ocus fichi in trenfer.

ionas gur thug seisean agus Cú Chulainn faoina céíle ach cailleadh an tréanfhear.

He and Cuchulind fought, and the champion fell.

Back to top

 

Section 19

Ba brónach in ben Scathach desuidiv

Bhí brón ar Scáthach an bhean dá bharr sin

Sorrowful was the woman Scathach at this,

co n-epert-seom frie

go ndúirt seisean léi

so that he said to her,

nungeabad mamv ind fir dvscer [duscar MS.].

go ngabhfadh sé (chuige) dualgais an fhir a cailleadh.

he would take (upon himself) the services of the man that had fallen.

Dobert iarom ind ingen comarli do Co[i]nchulaind dia tress lau,

Ansin thug an cailín comhairle do Chú Chulainn ar an tríú lá,

Then on the third day the maiden advised Cuchulind,

ma bu denam læchthachtai dolluid,

más rud é gur do dhéanamh laochais a tháinig sé (anseo),

that if it was to achieve valour that he had gone forth,

arateissed

(ba chóir) go rachadh sé

he should go

dochom Scathchai

 

 

ar in corad ich n-erred

le corad ich n-erred [.i. le preab bhradáin an trodaí charbaid]

through the chariot-chief’s salmon-leap

 

chun Scáthach

at Scathach

magen a m-bui oc forcetal a da mac .i. Cuar ocus Cet

(go dtí an) áit a raibh sí ag múineadh a beirt mhac, .i. Cuar agus Céad,

in the place where she was teaching her two sons, Cuar and Cet,

isind ibardoss mor i m-boi si, ocus si foen and,

sa (.i. ar barr) chrann iúir mór ina raibh sí agus í sínte ar a droim ann,

in the great yew tree, when she was reclining there;

conidfurmud eter a da cich cona chlaideb

go gcuirfeadh sé a chlaíomh idir a dhá chíoch

that he should set his sword between her two breasts,

contardaud a tri indrosc do

go dtabharfadh sí a thrí mhian dó:

until she gave him his three wishes,

.i. a forcetal cin dichell

.i. é a mhuineadh gan dícheall

viz. to teach him without neglect,

ocus a hernaidm-si co n-icc a tindscrae

agus a gealladh posta le híocaíocht spré

and that she should wed him with payment of her dowry,

ocus epert ind neich aritmbui, ar ba faith si dana.

agus an ní a thitfidh amach dó a rá toisc gurbh fháith í gan amhras.

and say everything that would befall him; for she was also a prophetess.

Back to top

 

Section 20

Dognith samlaid huile.

Rinneadh uile amhlaidh.

It was all done thus.

Back to top

 

Section 21

Is hi ind inbaid si tra boi-som la Scathaig

Ach lá do na laethanta, bhí sé le Scáthach

Now this was the time when he was with Scathach

ocus a munterus hUathchæ a hingine,

agus a comhmhuintear(th)as Uathach, a hiníon,

and was the mate of Uathach her daughter,

is and dolluid alaili óclaich amrai bai la Mumain,

is ansin a tháinig óclach amhra a bhí as Mumhain,

when a certain famous warrior who lived in Munster,

Lugaid Noes mac Alamaicc, ind rí, doluid aniar

Lugaid Noes mac Alamaic, an rí, a tháinig aniar

Lugaid Noes, the son of Alamacc, the king, went from the west,

ocus da airrig deacc leiss di airrigaib Muman

agus beirt fho-rí dhéag de fho-ríthe Mumhan leis

and twelve underkings of the underkings of Munster with him,

do thochmarc da ingin deacc Corpri Niodfer.

do shuirí beirt iníon déag Chorpre Niadfer.

to woo the twelve daughters of Corpre Niafer.

Arnassa side remib huile.

Bhí siadsan uile geallta roimhe.

All these were betrothed (to men) before (they came).

Init-chuala-som Forgall Monach, faruim do Themair.

A luaithe a chuala Forgall Monach é seo, chuaigh sé go Teamhair.

When Forgall the Wily heard this, he came to Tara.

Arnaiss a ingin [ingen MS.] dond rig

Gheall sé a iníon don rí

He betrothed his daughter to the king,

ocus da ingin deacc in dá brugaid deac olchenæ.

agus beirt iníon déag an beirt bhrughadh déag ina theannta sin.

and the twelve daughters of the twelve lords entertainers besides.

Back to top

 

Section 22

Dutheitt ind ri don banfheiss a dochumb.

Tagann an rí go dtí an bhainis chuige.

The king went to the wedding feast to him.

Intan m-bretha Emer co Lugdaich

Nuair a tugadh Emer go Lugaid,

When Emer was brought to Lugaid

dochum in chetaich i m-boi do suidiu for a laím,

(.i.) chun an toilg ina raibh sé (féin ina shuí), le suí láimh leis,

to the seat where he was, to sit by his side,

gabaid si a da n-gruaid

gabhann sí a dhá ghrua (chun cosaint a lorg)

she takes his two cheeks

ocus dosmbeir for fir a einich [oinich MS.]

agus beireann sí orthu ar mhaithe le fíor a onóra

and lays it on the truth of his honour,

ocus addamair do bad Cuculaind charais.

agus d’admhaigh sí gurbh é Cú Chulainn a ghráigh sí.

and confessed to him that it was Cuchulind she loved.

Nislamair ind rí iarom ocus scartha de.

Níor chuaigh an rí ina coinne ansin agus scar sí dó.

Then the king dared her not, and they parted hence.

Back to top

 

Section 23

Boi cath for Scathaig isind aimsir sin dono fri tuathv eile

Bhí sé ina chath san aimsir sin gan amhras idir Scáthach agus tuatha eile

At that time also Scathach had a feud against other tribes,

form-ba banflaith Aiffe.

a bhí faoi smacht ag an mbanfhlaith Aiffe.

over whom was the princess Aife.

Ocus conrecht la Scathaig Cuculaind

Agus cuireadh iachall ar Chú Chulainn le hordú ó Scáthach

And Cuchulind was put in bonds by Scathach,

ocus dobreth deog suain do riam,

agus tugadh deoch suain dó roimhe,

and a sleeping potion had been given him before,

arna teissed isin cath, ar nach rissed ni and.

ionas nach rachadh sé chun an chatha, ionas nach ráinfeadh aon ní dó.

that he might not go to the battle, lest anything should happen (to him) there.

Ar choimainchi dognith.

Rinneadh a leithéid ar eagla na heagla.

As a precaution this was done.

Dufochtrastar didiu ellam inte Cvculaind.

Ach dhúisigh Cú Chulainn gan mhoill.

However, Cuchulind awoke promptly.

A mba mithissi cetheora n-var fichet do neuch aili den dig suain hi cotlud,

Bheadh neach eile ina chodladh ar feadh cheithre huair fichead leis an deoch suain sin,

While anybody else would have slept twenty-four hours from the sleeping potion,

ba hoenvair do-som.

ach b’aonuair dósan.

it was but one hour for him.

Back to top

 

Section 24

Luid iarom la da mac Scat[h]chai

Chuaigh sé ina dhiaidh sin le beirt mhac Scáthach

Then he went with the two sons of Scathach

ar cend tri mac Ilsuanach .i. Cuar, Cet, Cruffe,

in aghaidh triúr mac Ilsuanach, .i. Cuar, Cet, Cruffe,

against the three sons of Ilsuanu, viz. Cuar, Cet, Cruffe,

tri milith Aiffe.

trí óglach Aiffe.

three warriors of Aiffe’s.

Arusainic-side a oinar a triur.

Thug sé siúd (.i. Cú Chulainn) faoin triúr ina aonar.

Alone he met them (all) three.

Back to top

 

Section 25

Luid didiu arabarach a thriur chetna ar chend tri mac Eissæ Enchende

Lá arnamhárach, chuaigh an triúr céanna ansin in aghaidh triúr mac Eiss Enchend

On the morrow the same three went against the three sons of Eiss Enchend,

.i. Ciri ocus Biri ocus Bailcne, tri milith aili Aiffe.

.i. Ciri agus Biri agus Bailcne, trí mhíle eile Aiffe.

viz. Ciri and Biri and Bailcne, three other warriors of Aiffe’s.

Focherded didiu Scathach osnaid cech lái

Ach ligeadh Scáthach osna aisti gach lá

Now, Scathach would utter a sigh every day

ocus ní fedeth cid nombith,

toisc nach raibh a fhios aici cé a thiocfadh slán as 

and knew not what would come (of it).

co m-bo hiaram notheged-som forsan t[sh]ét.

go dtiocfadh seisean (.i. Cú Chulainn) an treo.

Then he would go on the path.

Aill on, ba boith can tris fer la a mac-si frisna triru;

Rud eile, bhí (beirt) mhac le Scáthach le bheith gan an tríú fear (.i. Cú Chulainn?) i gcoinne na dtriúr (.i. dá gcaillfeadh Cú Chuileann agus é ag troid ina aonar) (?);

One thing was that there was no third man with her two sons against three;

aill, ba homan Aiffe

rud eile, bhí eagla uirthi roimh Aiffe,

and then she was afraid of Aiffe,

odev banfendith ba handsom bái isin bith.

toisc gurbh í an banfhéinní ba chrua a bhí ar domhan.

because she was the hardest woman-warrior in the world.

Back to top

 

Section 26

Luid Cuculaind iarom ar chenn Aiffe

Chuaigh Cú Chulainn i dtreo Aiffe

Then Cuchulind went to meet Aiffe,

ocus iarmifoacht cid ba moam sercc lea riam.

agus d’fhiafraigh sé di an ní ba mhó a thug sí searc dó riamh.

and asked what it was she had ever loved most.

Asbert Scathach:

Adúirt Scáthach:

Scathach said:

“Is ed is moo serc la hAiffe .i. a hara ocus a da hech carpait.”

“Is é is mó searc le hAiffe .i. a carbadóir agus a dhá each carbaid.”

“This is what Aiffe loves most, her charioteer and her two chariot-horses.”

Fersat iarom cuimleng forsan t[sh]ét, Cuculaind ocus Aiffe.

Thug siad faoina céile ar an séad, .i. Cú Chulainn agus Aiffe.

Then they fought upon the path, Cuchulind and Aiffe.

Dochvmbai iarom a arm ar Choinculaind

Theasc sí ansin arm Chú Chulainn

Then she broke Cuchulind’s weapon

conna ba sia dorn a chlaideb.

ionas nach raibh a chlaíomh ní ba shia ná dorn.

so that his sword was no longer than its hilt.

IS ann asbert Cuculaind: “Aill amæ!” ol se.

Is ansin adúirt Cú Chulainn: “fuist, fan bog!” ar sé

Then Cuchulind said: “Woe is me!” said he,

“Dorochair aræ Aiffe ocus a da ech carpait fon n-glend,

­—thit carbadóir Aiffe agus a dhá each carbaid fan ghleanna

“Aiffe’s charioteer and her two chariot-horses have fallen down the glen,

conid aptha huile.”

gur maraíodh iad uile.

and all have perished.”

Decid Aiffi lasodain.

Le sin féacann Aiffe (ar a leithéid).

At that Aiffe looked up.

Fosdichet Cuculaind.

Téann Cú Chulainn fúithi (agus a haird dírithe ar an timpiste).

At that Cuchulind approached her,

Lasodain gabthas foa cich,

Le sin, gabhann sé í faoina cíoch,

seized her under her breast,

dosmbert tarsna amail aires,

cuireann sé í trasna (a ghualainn) cosúil le hualach,

threw her across (his shoulder) like a burden,

contulid co a sluagv fadeisin.

gur tháinig sé chuig a shluaite féin.

and went to his own host.

Aconrodasta(i)r a beim fria talmain.

Bhí sé ar intinn aige í a bhualadh leis an talamh (chun í a mharú).

He… to throw her on the ground.

“Anmain a n-anmain!” ol si.

Go ndúirt sí “lig m’anam liom!”

“Life for life!” she said.

“Mo t[h]ri indrosc dam-sa!” ol se.

“(Tabhair) mo thrí mhian domsa!” ar sé.

“My three wishes to me!” said he.

“Rotbiat.”

“Beidh siad agat.”

“Thou shalt have them.”

“It he mo thri indroscc:

“Is iad mo thrí mhian:

“These are my three wishes:

Giallnai do Scathaig cin nach frithorcain,

Gialla do Scáthach gan í a fhrithbheartú,

thou to give hostages to Scathach without ever again opposing her,

muinterus dana frim-sa d’adaich ar belaib do daunaith fein,

(agus) muintearas collaí liomsa anocht gan amhras os comhair do dhúnaidh féin,

to be with me this night before thy own dun,

coruice mac dam.”

ionas go mbéarfaidh tú mac dom.”

and to bear me a son.”

Back to top

 

Section 27

Atmur samlaid, ocus dognith huile.

Glacadh agus rinneadh uile amhlaidh.

It is granted thus and was all done.

Asbert si iarom bá torrach.

Dúirt sí ansin go raibh sí torrach.

Then she said she was pregnant.

Asbert dana is mac noberath

Dúirt sí go mbéarfadh sí mac gan amhras

She also said that it was a son she would bear,

ocus arataised dochvm n-hErend in mac dia secht m-bliadan.

agus go rachadh an buachaill chun na hÉireann i gcionn seacht mbliana.  

and that the boy would come to Erin that day seven year.

Ocus fuacaib ainm do.

Agus tugann sé ainm dó.

And he left a name for him.

Back to top

 

Section 28

Atonintoi iarom. Teit aitherrach.

Filleann sé ansin. Téann sé thar n-ais (i dtreo na conaire). 

He then returned. He went back again.

Tofornic sentainde caich tuathchaich ar a chind forsint [sh]et.

Bhuail sé le seanbhean leathchaoch, tuathchaoch, os a chomhair ar an séad. 

On the path before him he met an old blind woman, blind of her left eye.

Asbert fris ar ferchaire arna beith ar a chind.

Dúirt sí leis (an tslí a ghéilleadh?) ionas nach mbeadh sí os a chomhair.

She said to him to beware and not be in her way.

Nacha boi dochoissed isind all moro.

Ní raibh (slí) aige an aill mhara a ghabháil.

There was no footing on the cliff of the sea.

Tolleicc sis dint [sh]et ocus giuil a ladair aire namma.

Lig sé é (féin) síos den séad agus ghreamaigh sé léi (.i. leis an aill) le ladhar amháin.

He let himself down from the path, and only his toes clung to it.

A n-doluid si hvaise, fornessa a orddain arancorath foan alld.

Nuair a tháinig sí thairisti (.i. an ladhar), bhuail sí ordóg a choise ionas go gcuirfeadh sí é den aill. 

When she passed over them she hit his great toe to throw him down the cliff.

Focherd iarom ich n-erreth de súas afrithissi

Ansin léimeann sé le eo erreth (.i. preab bhradáin an trodaí charbaid) aníos arís

Then he leapt the chariot-chief’s salmon-leap up again,

ocus benaith a cend dissi.

agus baineann sé a ceann dise. 

and strikes her head off.

Ba si indsin mathair ind erred dedenaich docher leis-seom

Ba í máthairse an trodaí charbaid déanach a cailleadh leis,

She was the mother of the last chariot-chief that had fallen by him,

.i. Eiss Enchend.

.i. Eiss Enchend

viz. Eiss Enchend.

Back to top

 

Section 29

Lotar iarom int sluaig la Scathaig dua crichaib

Chuaigh na sluaite le Scáthach dá críocha

Thereafter the hosts went with Scathach to her land,

ocus anaiss denass taidslantai hi foss.

agus d’fhan sé lá téarnaimh san áit sin.

and he stayed there for the day of his recovery.

Ocus asmbert si friss indni aridmbui iar tichtain hErend

Agus adúirt sí leis a thitfidh amach dó i ndiaidh a theachta go hÉirinn,

And she told him what befel him after he came to Erin,

co n-epert si indni Scathach:

go ndúirt Scáthach a leithéid (de thairngireacht):

and Scathach said this:

“Aritossa ollgabad” ocus rl. atá isind libar.

“Tá baol mór romhat” agus ’srl… atá sa leabhar. 

“Great peril awaits thee” (and the rest, which is in the book).

Back to top

 

Section 30

Tanic-som iarom dochomb n-hErend ocus tuarnic tain bo Cuailngi.

Tháinig sé ansin chun na hÉireann agus thit Táin Bó Cúailnge amach.

Then he came to Erin, and chanced upon the cattle-spoil of Cualnge.

Luid iarom amail dorairngert dv Luglochtaib Loga do dun Forgaill Manaig [manach MS.].

Chuaigh sé ansin, mar a gheall sé, go Luglochta Logan, go dún Fhorgaill Mhonaigh.

He went then, as he had promised, to Luglochta Loga to the dun of Forgall the Wily.

Focherd bedg dar na tri lisv ocus bi tri beimmennai isinn lis,

Phreab sé de léim thar na trí rampar agus bhuail sé trí bhéim sa chlós,

He leapt across the three ramparts and dealt three blows in the close,

cotorchair ochtar cach beimme ocus anacht fer h(i)medon nonbair,

gur cailleadh ochtar le gach béim agus níor fágadh ach aon fhear amháin ina sheasamh i measc an naonúir,  

so that eight fell from each blow, and one man in the midst of nine was saved,

Scibor ocus Ibor ocus Catt, tri derbrathri inna hingine.

Scibor agus Ibor agus Catt, tríúr dearthár an chailín.

Scibor, and Ibor, and Catt, the three brothers of the maiden.

Ocus dobert ind ingin [ingen MS.] .i. Emer cona comaltai

Agus rug sé an cailín lena deifiúr altrama,

And he took the maiden Emer with her fostersister,

cona n-dib n-erib di ór.

lena ndá uallach óir.

with their two loads of gold,

Ocus fuscerd bedg tarsan treduai aitherrach cona dib n-ingenaib.

Agus phreab sé de léim arís thar na trí rampar leis an mbeirt chailín.

and leapt once more across the three ramparts with the two maidens.

Ocus rochomallustar na gnima sin hule dorairngert dii,

Agus chomhlíon sé na gníomha sin uile mar a gheall sé di,

And he fulfilled all those deeds which he had promised to her,

ocus dolluidh co m-boi ind-Emain Machæ.

agus chuaigh sé leis go raibh sé in Eamhain Mhacha.

and went until he was in Emain Macha.

Back to top