Irish Sagas at UCC University College Cork

CDI
CELT

 

Aided Conrói maic Dáiri

Sections in the text

§1

§2

§3

§4

§5

§6

§7

§8

§9

§10

§11

§12

§13

§14

§15

 

 

 

 

 

Complete file (PDF)


Note to the reader
Best’s edition of Aided Conrói is based on the version of the saga in the Yellow Book of Lecan (YBL). For Sections 11 and 12 in this presentation, Stokes’ text of Amra Chonrói, based on H 3.18, is used instead of Best’s text of Aided Conrói. In these Sections, some words and phrases that occur in YBL, but are missing from H 3.18, are inserted in the Medieval Irish text and marked [Y]. The first quatrain in Section 15 is taken from the second version of the saga in Egerton 88 and marked [E].

 

Section 1

Císsí tucaid ar romarbsad Ulaid Coinrái mac Dáiri?

Cad fé deara d’fheara Uladh Cú Raoi mac Dáire do chur chun báis?

What reason did the men of Ulster have to kill CuRoi mac Dairi?

Ní hansa.

Ní deacair san.

That is easy.

Im Bláthnait ingin Mind

Mar gheall ar Bhláthnaid, iníon Mheann,

It was on account of that weasel Blathnait, stammering Menn’s daughter,

tucad a forbais fer Failgi

a hardaíodh chun siúil tar éis léigear na bhFear Fálga,

who was carried off from the siege of Falga’s men,

ocus im na teór[a] herca Iuchna

agus mar gheall ar na trí bhó Iuchna,

and on account of Iuchna’s three red-spotted cows,

ocus im na trí fira Ochaine

agus mar gheall ar na trí fir Ochaine,

and on account of the three ear-delighting fellows.

.i. eóin bega nobítis for hóib na mbó

is é sin, éiníní beaga a bhíodh ar chluasa na mbó,

They were little birds on the cows’ ears

.i. na n-earc nIuchnai,

is é sin, na ba Iuchna,

— Iuchna’s red-spotted cows.

ocus tucad coiri lasna bú.

agus tógadh coire chomh maith leis na ba.

A cauldron was carried off with the cows.

Bo hé al-lóeg.

Gamhain na dtrí mbó a thugtaí ar an gcoire seo,

It was their ‘calf’.

Tricha aigi a lucht in choiri

spás ann do thríocha damh.

Thirty oxen would fit in the cauldron,

ocus nobligthea a lán cacha thrátha úaidib cén nobídis na heóin ic a foichedul.

Líonadh na trí bhó go béal é gach uair a thionlacadh na héin lena gcuid ceoil iad.

and the cows milked it full whenever the birds sang to them.

Is de asbert Cúchulaind isin tSíabarcharpat:

Mar seo a thagair Cú Chulainn dó sa Siabharcharbad:

CuChulainn spoke of it in The Phantom Chariot:

 

 

 

“Búi cori ’sin dún:

“Sa dún bhí coire

“In the fort was a cauldron

lóeg na teóra mbó,

gamhain na dtrí mbó.

the calf of the three cows.

tricha aigi ina chróis,

Tríocha damh ina bholg

Thirty oxen in its maw

ised [leg. ’sed] sin fo lucht dó.

choimeádfadh sé gan stró.

was what it could hold.

 

 

 

Tathaigtis in coiri sin,

Ba thaithneamhach mar dhúshlán é:

It was a pleasing challenge:

ba mellach in bág,

bhailídís ina thimpeall

they gathered round

ni théigdis úad atherrach

is ní imídís

they did not go

co fácbaidis lán.

go mbíodh sé lán go beol.

until they left it full.

 

 

 

Bái mór n-ó[i]r ocus n-aircid and,

Ór agus airgead na cruinne

Great gold and silver

robo maith in [f]ríth.

bhí ann — ba mhaith an ciste.

was in it — a good hoard.

Dobert-sa in core sin

Mise d’ardaigh chun siúil an coire

Myself I took that cauldron

la hingin ind ríg.”

i dteannta iníon an ruire.”

and the king’s daughter.”

Back to top

 

Section 2

Luid didu Cúrúi mac Dáiri leosom don forbais

Chuaigh Cú Raoi mac Dáire leosan ansin don léigear,

Now CuRoi mac Dairi went with the men of Ulster to the siege,

ocus nínaithgéntair [recte nínaithgénatar]

ach chuaigh díobh é a aithint.

and they did not recognise him.

.i. ‘fer broit lachtna’ asbertadar fris.

Thugadar ‘an fear sa chlócha ar dhath an uachtair’ air.

They called him ‘the man in the cream-coloured cloak’.

 

 

Conchobor inquired

Cach cend doberthea asin dún,

De réir mar a thugtaí cloigne na marbh as an ndún

about each head brought from the fort:

“Cía romarb in fer sin?” ar Conchobar.

d’fhiafraíodh Conchobhar: “Cé mharaigh an fear san?”

“Who killed that man?”

“Misi ocus fear in broit lachtna,” ar cach fear ar n-úair.

“Mise agus an fear sa chlócha ar dhath an uachtair,” deireadh gach fear ar a sheal.

“Me, and the man in the cream-coloured cloak,” each man said in turn.

Back to top

 

Section 3

Intan didu rombatha ic roind na broiti

Nuair a bhí sé in am an chreach a roinnt, áfach,

But when it was time to divide the spoils,

ní rochutigsead in Coinrúi,

níor chuidíodar le Cú Raoi

they did not make a share for CuRoi.

ar nirdamad íarum cert dó.

agus ní bhfuair sé a cheart ansin.

So, they were not just to him.

Rethaid fona bú

Thug ruathar fén dtréad bó.

He sped in among the cows,

corustimairc remi

Thiomáin roimis iad.

and he herded them together before him.

ocus cordait na heónu ina chris

Cheangail na héin ina chrios.

He tied the birds in his belt,

ocus co tarad in mnái ina lethuscaill

Bhuail an bhean fé cheann dá ascaillí.

and he took the woman under one of his arms.

ocus no lodadar úadaib

D’imíodar uathu

They went off

ocus a choiri fora muin,

agus an coire ar a mhuin.

with the cauldron on his shoulder.

ocus ní roacht neach do Ultaib comacallaim fair

Níor fhéad éinne d’fheara Uladh dul chun comhchainte leis

None of the Ulstermen managed to speak to him

acht Cúchulaind a óenur.

ach Cú Chulainn amháin.

but CuChulainn alone.

Imsói friside

Ach d’iompaigh Cú Raoi air.

CuRoi turned on him

contarad isin talmain conici a dá ascaill

Chuir tríd an dtalamh síos go dtína dhá ascaill é.

and pushed him into the earth up to his armpits.

ocus co roberr máil fair cosin chloduib,

Bhearr an ghruaig dó leis an gclaíomh gur fhág maol é.

He sheared him bald with his sword

ocus co rochomail cacc ina mbó inna chend,

Chuimil bualtach bó dá cheann.

and dumped the cows’ dung on his head.

ocus luid úaidib íarsein co ránic a thech.

D’fhág Cú Raoi iad ansan agus d’fhill ar a dhúthaigh féin.

CuRoi went from them then and reached his house.

Back to top

 

Section 4

Búi Cúchulaind íarsin blíadain láin for imgabáil Ulad.

Iar sin, bhí Cú Chulainn ar imghabháil Ulaidh ar feadh bliana iomláine.

After that CuChulainn kept away from the men of Ulster for a whole year.

A mbúi-seom didu laa n-and for Bendaib Bairchi

Lá agus é ar bharra na mBeanna Boirche, áfach,

Then one day, when he was at Boirche’s Peaks,

co n-acai éill móir do énaib dubuib chuigi darsin fairrgi.

chonaic chuige thar an bhfarraige anall ealt mhór d’éin dhubha.

he saw a big flock of black birds coming toward him across the open sea.

Marbaid én díb fochétóir.

Mharaigh sé éan díobh láithreach.

He killed one of the birds immediately.

Marbaid én cach tíre dinn éill íarsin

Iar sin, mharaigh éan den ealt i ngach crích dár thrasnaigh siad,

After that he killed a bird from the flock in each district [they flew over]

co ránic Srub Broin inn-íarthar hÉrend

nó gur shroich Srúibh Brain in iarthar na hÉireann.

till he reached Srub Brain in western Ireland.

.i. a cend tall-som dond eón dub,

Ó ghob an fhiaigh dhuibh a mharaigh sé ansin

From the head of the black bird he took there

is de dogairther Srub Broin.

a hainmníodh an áit .i. Srúibh Brain.

it is called Srub Brain, Raven’s Beak.

Ised dorala anniar [leg. ann iarum ?] do chathraig Conrái,

Is é a tharla gur thug aniar dó go cathair Chú Raoi é.

This is how he happened to come westward to the hillfort of CuRoi.

conad and rofiter is é dorad mebal fair

Tuigeadh dó gurbh é siúd ba chúis lena náiriú.

He knew then it was CuRoi who had shamed him.

ocus roacaill ’no in mnái,

Do labhair sé leis an bhean ansin,

He spoke with the woman *then*,

ar rocharastair cid síu thuctha dar muir;

óir bhí grá aige di sular tugadh thar muir í.

for he had loved her even before she was brought over the sea.

ingen side Iuchnai rí[g] fer Falgai

Iníon Iuchna, rí na bhFear Fálga, ise,

She was the daughter of Iuchna, king of the men of Falga

.i. fál mara i n-indsib mara nobítis.

(san tugtha orthu mar gur tonnchosc in aice na n-oileán ab ea an fál farraige).

(so called because it was a breakwater, fál, in the islands of the sea, .)

Rodál-som fria si síar aridhisi aidchi Samna.

Bheartaíodar bualadh le chéile arís sa bhall céanna um Oíche Shamhna.

He arranged to meet her again in the west on Samain night.

Imoscomlásad tra cóiced Érend techt la Coinculaind.

Ansin chuir cúige na hÉireann chun bóthair i bhfochair Chú Chulainn.

A province of Ireland set out to go with CuChulainn then.

Ised al-lá sin didu dorad-sí comairli do Choinculaind do Choinrúi

Ar an lá sin, ámh, thug sí comhairle do Chú Raoi,

That day *then* she gave CuRoi advice provided by CuChulainn

.i. ara ndénta daingen n-amra leis dia chathraig

is é sin, rampair amhra a thógaint dá dhún agus an caiseal a dhaingniú

CuRoi should make a splendid rampart for his hillfort

.i. cach coirthi fil ina sesom ocus ina lighi inn Érind.

lena bhfuil de ghalláin ina seasamh, agus a bhfuil de liaga leagtha in Éirinn.

from every standing-stone in Ireland, whether erect or toppled.

Is í cland Dedad

Dob iad Clanna Deadhadh

The Clan Dedad

fodroglúais in n-óenlo do dénam na cathrach,

do ghluais i n-aonlá do dhéanamh na cathrach,

roused themselves on that very day to make the stronghold,

coná búi-som acht a áenur inna chathair al-lá sin.

go dtí nach raibh ach é féin ina aonar ina chathair ar an lá sin.

so there was no one but himself in his hillfort.

Is é comartha robúi etarru sí ocus Coinchulaind

Is é comhartha do sochraíodh eatarthu, idir í féin agus Cú Chulainn:

This is the signal that existed between her and Cuchulainn:

.i. bleogan na n-earc nIuchna do lécad íarsan abaind co hUltu

.i. tál de chrú na dtrí mbó Iuchna, do ligean leis an abhainn chun na nUltach,

a milking of Iuchna’s spotted cows would be let loose down the river toward the men of Ulster

comad find in aband intan nobíad-sí ac folcad dósom.

i dtreo go mbeadh an abha fionn, nuair a bheadh sise ag déanamh folctha dósan.

so that the river would be white when she was washing CuRoi’s head.

Dogníther ón.

Rinneadh amhlaidh.

That was done.

Roléiced chuco

Do ligeadh an bainne chucu

It was let loose toward them

conid findglais an aband and n-úair sin [leg. ónd úair sin].

agus tugadh an Fhionnghlaise ar an abhainn ón uair sin.

so that the river has been called Finnglais, White Stream, since that time.

Back to top

 

Section 5

Búi-sí didu oc aiscid a chind-seom i ndorus na cathrach.

Is ag scrúdú a chinn a bhí sí an uair sin i ndoras na cathrach.

She examined his head then in front of the hillfort.

“Tairr,” or sí, “isin cathraig isteach

“Tar sa chathair isteach,” ar sí,

*She said:* “Come indoors into the fort,

co rofhoilcther duit

“chun go nífear do cheann

so that your head can be washed

ríasiu thísad na slúaig cona n-eireadaib.”

sula bhfillfidh na sluaite lena n-ualaí.”

before the troops come back with their burdens.”

Túargaib a chend súas íarsuidiu

D’ardaigh sé a cheann ansin.

At that he raised his head

confaca slúag Ulad íarsin nglind chuci

Chonaic slua na nUltach ansin ag teacht feadh ghleanna chuige,

and *then* saw Ulster’s troop coming along the glen toward him

iter chois ocus ech.

cuid acu de shiúl na gcos, a thuilleadh ar muin capall.

both on foot and on horse.

“Cía siud, a ben?” ar Cúrúi.

“Cé hiad siúd, a bhean?” arsa Cú Raoi.

“What is that yonder, woman?” CuRoi said.

“Do munter,” or in bean,

“Do theaghlach,” arsa an bhean,

“Your household,” the woman said,

“co lecaib ocus dairchisib do dénam na cathrach.”

“le clocha agus le daracha do dhéanamh na cathrach.”

“with stones and oaks to make the stronghold.”

 

 

[CuRoi answered:]

 

 

 

“Masdo daraig is lúath ráit,

“Más daracha iad, sin iad na crainn atá ag scinneadh go tapaidh.

“If they are oaks, they skim swiftly.

is búaid masda licc.”

Más clocha iad, siad san na clocha ar leith.”

They are special, if they are stones.”

 

 

 

Túarcaib a chend doridhise.

D’ardaigh sé a cheann arís.

He raised his head again.

Fecaid-sem beous fora ngrinigud-som.

D’amharc go grinn orthu a thuilleadh.

He scanned their companies still more.

“Cía sud?” or se.

“Cad san ansan?” d’fhiafraigh sé.

“What is that yonder?” he said.

“Alma bó ocus ceathra,” ol sí.

“Tréada bó agus beithíoch,” d’fhreagair sí.

“Herds of cows and cattle,” she said.

 

 

[CuRoi spoke:]

 

 

 

“Masa cheathra condat ceathra

“Más eallach iad, nó gur ar dhath an eallaigh atáid,

“If cattle — cattle-coloured —

niddat alma chóelbó.

ní haon tréad bó caola iad.

they are no herds of thin cows.

Atá fer beg beartair [leg. beartas] fæbro

Cím firín, lann ar iompar aige,

A small man bears a blade

for muin cec[h]a énbó.”

ar muin na bó atá ar deireadh.”

on the back of each last cow.”

Back to top

 

Section 6

Lasodain gaibthi inund

Leis sin, gabhann sé anonn sa chathair

Suddenly he perceived it the same way [as she],

ocus foilcid in bean dó .i. foidlcad

agus tugann an bhean folcadh dhó.

and the woman washed his head.

ocus rochumrigh a fholt dona cholbaib ocus dona tuireadhaib

Ceanglaíonn sí a dhlaoithe de phoist na leapan agus de na piléir.

She washed his hair — and she tied it to the posts of the bed and to the pillars.

ocus dofall in claidheb asa thrúaill

Sleamhnaíonn sí an claíomh as a thruaill

She stole his sword from its scabbard

ocus ro(f)oslaic in chathair.

agus osclaíonn sí an chathair.

and she opened the hillfort.

Ní forchúala didu

Níor chuala sé aon ní, áfach,

He heard nothing *, however,*

co rolínsad ind fir a teach fair

nó gur líonadar na fir a theach air

until the men had filled up the house on him

ocus co ndeachadar fora thairr.

agus go ndeachadar féna dhéin.

and until they were at his throat.

Atraig bacétóir do chomérgiu forro

Phreab ina sheasamh láithreach ina gcoinne

He rose up at once to attack them,

ocus marbaid cét fer díb col-lúib ocus co ndornaib.

agus mharaigh céad fear díobh lena chosa agus lena dhoirne.

and he killed a hundred of their men with his feet and fists.

Atrachta [leg. atracht] dóib in fer gaire robái istaig

Thug óinmhid a bhí istigh dóibh

The fool who was in the house rose against them

co romarb tricha lóech díb.

gur thit tríocha laoch díobh leis.

and killed thirty of their warriors.

Is de rochét:

Is faoi sin a canadh:

Of him was recited:

 

 

 

“Cid fer gaire na flatha

Fear magaidh an tiarna

He was the lord’s laughing man

fa sáer oc imbirt chatha.

ag geáitsíocht sa ghleo go huasal saor

but playing at battle, nobly free

Geguin tricha fer n-armach,

mharaigh tríocha laoch armtha

he slew thirty armed men

íarsin damair a marbad.”

ansin d’fhulaing an bás céanna é féin.

then suffered death himself.

Back to top

 

Section 7

Senfíacail cétataraid fonuégim [leg. fon égim]

Seanfhiacail an chéad duine a d’fhreagair géim ghuaise Chú Raoi,

After CuRoi’s scream of distress, old toothy Senfiacail came up first.

dia n-ébrad:

dá ndúradh:

It was said of him:

 

 

 

“Taraid Senfíacail síring,

Ón gcian tháinig Seanfhiacail.

From afar strode Senfiacail.

marbais cét fer dia fairind.

Mharaigh céad dá slua.

He killed a hundred of their host.

Cíarbo mór a nert a colaind [leg. chomlaind (?)],

Cé gurbh iontach neart a cholainne, ina uaigh

Though his body’s might was great

fúair a leacht la Coinculaind.”

do chuaigh de chionn Chú Chulainn chrua.

he found his grave by CuChulainn.

 

 

 

Cairpre Cúanach íarsin dosnaraid.

Ina dhiaidh sin, tháinig Cairpre Cuanach orthu:

Then the leader of packs, Cairpre Cuanach, came upon them:

 

 

 

“Dosnaraig [leg. dusnaraid] Cairpre Cúanach.

Cairpre Cuanach tháinig orthu.

Cairpre Cuanach came upon them.

marbais cét fer — dál brighach —

Comhlann móréachtach: mharaigh céad

Mighty fight: he killed one hundred

robághai fria Conchobar

bhagródh bás ar Chonchobhar

would have menaced Conchobor

manobáded muir mílach.”

ach gur thraoch an fharraige thréan é.

had the swarming sea not drowned him.

 

 

 

.i. ó robúi oc báid [leg. báig] fri Conchobar

Is é sin, nuair a bhí sé ag bagairt báis ar Chonchobhar

That is, when he was menacing Conchobor,

co n-acai a chathraig for lasad fria muir athúaid.

chonaic sé a dhún féin ar barr lasrach thar muir ó thuaidh.

he saw his stronghold blazing across the sea in the north.

Luid didu isin muir dia thesarcain inna cathrach.

Leis sin, chuaigh sa tsnámh chun a chaiseal a shábháil.

So he went into the sea to save the stronghold.

Mór in snám co robáided and.

B’fhada an snámh agus bádh ann é.

It was a long swim and he was drowned at it.

 

 

 

“Comrom Echach maic Dáire

Comhrac Eachach mhic Dháire

The fight of Daire’s son Eochaid

óthá in rind corici in nglind,

ón rinn go dtí an gleann.

from the headland to the glen

marbais cét fer — ba mór bríg —

Mharaigh sé céad fear, ba mhór an gníomh:

was worthy: he killed a hundred

ba do dígail a deigh-rígh.”

b’é ag díoghailt a dhea-rí.

avenging his good king.

Back to top

 

Section 8

 

 

When they heard the scream of distress,

Is and tra rolásed cland Deadaid díib

Is ansin a chaitheadar Clanna Deadhadh uatha

*then* the Clan Dedad threw down

cach coirthi fil ina sheasam ocus ina laigi inn Érind,

gach coirthe a bhfuil ina seasamh agus ina luí in Éirinn,

each standing-stone now erect or toppled in Ireland.

intan rochúaladar in n-éigim

nuair a chualadar an t-éamh.

 

co torachtar in n-imguin imon cathraig,

Shroicheadar an imghoin um an gcathair.

They came to the slaughter around the hillfort.

dia n-ébrad:

Fúthu san chumtaí:

Of this was said:

 

 

 

“Arsin tarraid cland Dedaid

Ghabh Clanna Deadhadh an cnoc aníos

Dedad’s clan came up

d’íaraidh a ríg da rímid,

ar thóir a rí Cú Raoi. A líon:

to seek their king. Their count:

cóic fhichit ar trí chétaib

cúig scór is trí chéad

five score and three hundred

deich cétaib ar dí mílib.”

agus deich gcéad ar dhá mhíle.

ten hundred and two thousand.

Back to top

 

Section 9

Intan didu robas iconn imguin imon cathraig

Ach, nuair a bhíodar á n-imghoin um an gcathair,

While they were butchering each other around the hillfort, *however,*

ocus tall Cúchulaind a chend don fhir

do bhain Cú Chulainn a cheann den fhear

CuChulainn sheared off the man’s head

ocus rolasa in chathair,

is do chuir an chathair trí thine.

and set fire to the fort.

búi Fer Chertne fili Conrúi oca eachaib i nglind

Bhí Fearcheirtne, file Chú Raoi, lena eacha sa ghleann,

Then CuRoi’s poet, Fer Chertne, who was with his horses in the glen,

ocus dixit:

agus dúirt:

spoke:

 

 

 

“Cóich in maccán contái

“Cén macán a chím ag athrú cló

“What little boy changes [shape]

i tóeb chathrach Conrái?

taobh le cathair Chú Raoi?

alongside CuRoi’s hillfort?

Maid i mbethaid maic Dá[i]re

Dá mba bheo mac Dháire an rí

With Daire’s son alive

ní lasfed co n-imnáille.”

ní á loscadh a bheifeá mar ataoi.”

it would not burn so finely.”

 

 

 

Fer Becrach didu ara Chonrúi [leg. Conrúi]

Mar sin, chuir Fearbheacrach, carbadóir Chú Raoi,

Afterwards CuRoi’s charioteer, Fer Becrach,

dorigni side munterus fri Cairpre mac Conchobair

é féin fé choimirce Chairpre mhic Chonchobhair.

accepted protection from Conchobor’s son Cairpre

ocus luid i carpat chuici.

Isteach leis ina charbad.

and went into his chariot.

Dobert didu buli [leg. bulli] forna heochu ’mon carraic

Thiomáin na heacha in éadan na carraige, áfach,

But he lashed the horses near a rock

co rimbrú in charrac iter eochu ocus dóine,

gur bhrúigh an charraig idir sheisreach agus daoine,

so that the rock smashed both horses and people.

dia n-ébrad:

dá ndúradh:

It was said of him:

 

 

 

“Fer Becrach con-imále,

Le háilleacht is le mire

With great beauty and swiftness

bés ní brég immaráide?

Fearbheacrach — gan aon agó —

Fer Becrach — certainly so —

bert Cairpre mac Conchobair

fé ndear mac Chonchobhair a sheoladh

carried Conchobor’s son Cairpre

fo thonda searba sáile.”

féna tonnta searbha go deo.

under the bitter salt-sea waves.

Back to top

 

Section 10

Tánic Fer Chertne íarsodain.

Tháinig Fearcheirtne ina dhiadh sin.

Fer Chertne came up after that.

“Ná tú Fer Chertne?” ar Conchobar.

“Nach tusa Fearcheirtne?” d’fhiafraigh Conchobhar.

“Are you not Fer Chertne?” said Conchobor.

“Mé immorro,” or se.

“Is mé, iomorra,” d’fhreagair sé.

“I am then,” he said.

“Ba maith Cúrúi frit?” ar Conchobar.

“An raibh Cú Raoi go maith dhuit?” fiafraíonn Conchobhar.

“Was CuRoi good to you?” said Conchobor.

“Ba maith immorro,” or se.

“Is é a bhí, iomorra,” ar sé.

“He was good *, indeed*,” he said.

“Innis dún ní dia maithis.”

“Tabhair éachtaint dúinn ar a oineach.”

“Tell us something of his worth.”

“Ní ermaisim,” or seisen, “indosa.

“Ba dheachair dom a cheart a thabhairt anois dó,” arsa Fearcheirtne.

“I cannot do him justice now,” Fer Chertne said.

Is olc lim mo menma íar marbad mo rígh,

“Tá m’intinn tréith óir maraíodh mo rí.

“My mind is troubled because my king has been killed,

ar nom-marba íarum mo lám-sa fodén,

Is dóichí gurb í mo lámh féin a chuirfidh chun báis mé go deimhin

and *indeed* my own hand may kill me

minam-marba nech n-aile.”

mura ndéanann neach eile é.”

if no other does.”

Is and asbert Fer Cheirtne fili:

Is ansin adúirt Fearcheirtne file:

It was then that the poet Fer Chertne spoke what follows, ‘The Eulogy of CuRoi’:

Back to top

 

Section 11

“[N]i hadha dom anmuin apairt romnett no romred

“Ní maith do m’anam a bhfuil ’om chloí a chur dem chroí

“It is wrong for my soul to speak what has slain me

ni madbui ben i tirib toruais doroscarsuid mo namuid.

monuar mura mbeadh bean a theacht i dtír ar an mbile buacach binn ó dá mbeadh mo naimhde ar lár

would that a woman had not been in the lands of the towering noble my enemies brought down

Nar caur rus romaith

an curadh calma an fear feasa is fear eagna

a noble champion most excellent man of knowledge

rodin fe faebra ficht

a chosnódh sinn lena chlaimhte faobhracha

he could fight sharp swords for us

fiba fess moch mairb.

codladh an bháis tá i ndán dó feasta

he will sleep a sleep of early death

Me domciallfaithar caidh

scaipfidh mo cháilse mar a scaipeann an cháith

I will be forgotten like chaff

iar n-eraic nairc nairc

dá uireasa éagmais chinniúnach a chailliúint

when he is gone a fatal absence

aisndei contechgamar oen suide flsc (sic) domidsesc dond oinfer

is féidir a bhfuaireas ón aonfhear cáidh a mheas óm bhéal atá ina fhásach ceal na meá

you may tell what I possessed from that one man [my mouth is] dry for him dry of mead

fibu iarum ailib feis iteir catha cuim.”

ina chodladh sóúil beidh feasta le linn na n-adhmholtaí a dhéantar ag gach féasta agus an sporadh a dhéantar i rith gach catha.”

he will sleep now through praises of feasts and sheltering fights.”

Back to top

 

Section 12

“Curoi ro hir dam  

“Bhronn Cú Raoi orm

“CuRoi granted me

.x. mbruig[i] mac Daire

deich ngabháltas le clann mhac Dháire

ten holdings of Daire’s sons

.x. ndairbé,

deich gcumhal

ten slavewomen

.x. srianu oir

deich srian órga

ten golden bridles

.x. n-eochu airmitiu

deich bhfíoreach

ten noble horses

.x. n-étgudu imuame

deich n-éide ciumhaisbhróidnithe

ten bordered garments

.x. coire

deich gcoire

ten cauldrons

.x. colga det

deich gcolg déadacha

ten straight swords tusk-hilted

.x. saine cernd claidhem cain

deich bpéire claimhte caoine a bheir bhua

ten fair pairs of victory swords

.x. mbraine

deich ngob loinge

ten prows,

.x. mbeichluaigh buain

deich saithe de bheacha crua

ten hardy swarms of bees

.x. ndeich mbo bo cet

deich deich gcinn de bhuaibh

ten tens of cows one hundred cows

.x. mbuachailli botana

deich bólacht mar tháin bó

ten cowherds for a cattle-raid

.x. soda

deich ngadhar baineanna

ten bitches

soleicdi

nár dheacair a scaoileadh

easily loosed

asa slabraduib findruine nó airgit

de shlabhraí fiondruine

from white-metal chains

hi se[d]gregaib oss n-eng.

i ndiaidh tréada damh buile.

onto herds of wild deer.

 

 

 

Curig [leg. Cúrói] ro hir dam

Dheonaigh Cú Raoi dhom

CuRoi granted me

.x. longa

deich soitheach

ten vessels

.x. n-ana airleic

deich gcupa de chlocha luachmhara

ten cups of precious stone

.x. cuacha

deich gcorn

ten goblets

coba .x. nó codain.

deich mbairille nó deich muga beag.

ten casks or small mugs.

Ro hir dom

Bhronn orm

He granted me

.x. ngrib ingne

deich gcrúb gríbhe

ten griffin claws

.x. mbenda

deich gcorn óil barr óir

ten drinking horns metal-tipped

bonn-adharc buabaill blaith.

déanta d’adhairc bhuabhaill chóir.

of gentle-buffalo horn.

 

 

 

Ro ir dam

Bhronn orm

He granted me

.x. ratha

deich ráth

ten raths

.x. treaba dagha decla alta airgither.

deich ndea-áitreabh.

ten good dwellings.

Atgaith dom

Gheall dom

He pledged me

.x. cét muc,

deich gcéad muc

ten hundred pigs

.x. cét oib aimind

deich gcéad de chaoirigh bhreátha

ten hundred handsome sheep

.x. fernu

deich gcrios

ten belts

.x. eobarr [óir Y]

deich gclogad órga

ten gold helmets

.x. treith tire iacih

deich dtorc tíre

ten boars lords of lands

.x. ndarba

deich gcumhal

ten slavewomen

x. damu dagfedma

deich ndamh dícheallacha

ten heavy-working oxen

dlongar Herion uill nó uaind.

d’fhonn Cró Choinn chloch-chruaidh a fhuirseadh

for splitting stony Ireland.

 

 

 

Ar bui mo cend chena la mac cen argat.

Mar go raibh mac agam gan airgead

Because I had a son with no silver

Ro ir dam

bheir dom

he granted me

.x. cumala bana

deich gcumhal ar dhath an airgid

ten silvery cumals

.x. mbuair mbecfolad

deich dtréad de stoc éadrom

ten herds of smaller stock

no mbec alma

nó deich dtréad beag

or small herds

batar cotlud ad dech.

ag cúpláil deich le deich.

mating in their tens.

 

 

 

Ro ir dom

Dheonaigh dhom

He granted me

.x. moga,

deich mhogha

ten male slaves

ro ir dom .x. mile

deich gcapall oibre

ten work horses

.x. same

deich sheisreach

ten teams

.x. coraite slabrad

deich gcuing de shlabhra breá

ten yokes of chain

sgeo glais geilia[i]rnd.

ar a raibh glas d’iarann bán.

with a bright iron lock.

 

 

 

Ro ir dom

Bheir dom

He granted me

.x. ngeiltesca

deich mias réthónacha

ten bright flat dishes

.x. muince doat

deich bhfáinne láimhe

ten arm rings

.x. gaillialla

deich stropa Gailleacha

ten Gaulish straps

.x. talliama taræda

deich gcranntabhaill tine

ten fire slings

.x. ndabcha delcha

deich ndabhach móra le haghaidh trom-óil

ten great vats for copious drinking

.x. olcha

deich mbabhla dí

ten drinking bowls

.x. tulcubha truma

deich gcráitéar mór groí

ten heavy kraters

.x. tinnu

deich gcliathán bagúin

ten sides of bacon

.x. ru

deich gclúid

ten coverings

.x. loa lethna

deich bhfallaing leathan de chraiceann caorach

ten wide sheepskin cloaks

.x. mbrait mbreccphupaill

deich n-éadach pubaill,

ten speckled tentcloths

.x. mbruit cuinsce clithar,

deich n-éadach cosanta

ten protective cloths

condelib indeitbear fa menmain a  .  . nmen  .  .  .

ilchruthach is éagsúil.

with varied forms.

 

 

 

Ro ir dom

Dheonaigh dom

He granted me

.x. n-ubla oir

deich n-úll órga

ten golden apples

.x. n-unascacha oir

deich bhfáinne cluaise órga,

ten golden earrings

.x. cochma oir

deich soitheach óir

ten golden vessels

.x. cochmedna

deich soitheach níos lú

*ten smaller vessels*

sceo brat bidbad mBabilone

maraon le creach naimhde na Babalóine.

with the plunder of Babylon’s foes.

.x. talliama taræda iluamand.

deich gcranntabhaill tine

ten fire slings

 

 

 

Ro ir dom

Bhronn orm

He granted me

.x. ruchta derga

deich dtuinach dhearga

ten red tunics

.x. mbanchaimsa

deich léine gheala

ten white shirts

.x. cleitme

deich gclogad armasacha

ten crested helmets

.x. findelga

deich mbróiste ghreanta,

ten fair brooches

.x. fidchella fri luacharna lassrad

deich bhfoireann fichille greasta

ten fidchell sets with lights of flame

.x. faidlenda fo a ngaiscedhuibh

deich n-alchaing arm

ten racks with weapon sets

co n-iathaib aro mbui mo lantol.

oiread tailte is a shásaigh m’aigne.

and lands that met my full desire.

tricha aill [leg. all]

tríocha srian

thirty bridles

tricha ech

tríocha each

thirty horses

tricha roth re roherba

tríocha roth a bronnadh

thirty wheels granted

fri heachraidhe n-ain.

le seisreach chapall án.

with a splendid horse team.

 

 

 

A rombúi i tighib moruib maic Daire

Nuair a bhínnse i mbruíonta mhic Dháire

When I was in the great houses of Daire’s son

dail-sium deogaib cormaib

dháileadh orm deocha leanna

he served me drinks of ale

cuich sgeo fin

coirn fíona

goblets of wine

fri mac greche con con tlus.

is cnónna a shaibhreas

with nutmeats and shared wealth

contethaig flaith firu

roinneadh an ruire féna raibh fir

a prince possessed men

batar fo meilgtine main medb domun

clúdaithe le bainne an duais mheisciúil a thuillidís cách

covered with death’s milk, intense intoxicating prize

do cernuib Conrui

de chionn chaithréimeanna an Chú cháidh

for CuRoi’s victories

ri rondet dousairb nUltaib

d’fhulaig mo fhlaith anbhás de bharr fheara Uladh

a king suffered a base death from Ulster’s men

ar is imaernu dessa deruich doroich sein co nue.

ar fuaid Éireann tá a cheart díoltais á agairt ar óg is aosta

around his Erainn avenging justice is reaching old and young

Ni buanach muid amail mal Mis

níor bhuan a ghairm mar fhlaith ar Mhis

no lasting post as prince of Mis

fosud acata causair.

cé gur shocair é i gcomhlainn

steady in strife and slaughter

Cuirigh [leg. Cúrói] robo mor mac deo Dare dur(?) dianacmacht

mac móraigeanta ceartchomharba Dháire chruaidh chomhachtaigh

CuRoi was a great son succeeding hard Daire swift and powerful

huae cach du deguth

garmhac Dheadhadh ar gach slí

grandson of Dedad in every way

deich reraig brega bui ina seirtaib seirt no sathach.

rogha na bhfear ar a shlua na deich bhfathach cnoic

the crown of his ranks was ten hill-giants

Sech mo iath arrosiasair selg

nuair a chuaigh lucht seilge i gcampa lámh le  m’fhearann

when a hunting party camped by my land

a marbtha mal

nuair a mharaítí laoch

when a prince was slain

mostadbat a cle Concabuir.

thaispeáineadh Conchubhar a thaobh

Conchobor swiftly showed his left side

Cuculainn consine fris Firu Ochaine

throid Cú Chulainn maol in aghaidh fhear cluas-chaithaiseacha

CuChulainn fought against ear-delighting fellows

huargus genair

tréan den saol rinne leac oighir

an icy strength was born

ar marbtha [mnái Y]

bean a mharaigh é

he was killed by a woman

cen coin cin arm

ní cú ná airm

by no hound by no arms

airm i sluagaib sin

fógraítear do na slóite sin

tell it in hosts

sis fofuaraid

tháiníse an treo

you advanced

ic nascad ara dun

bheartaís é a cheangal

you contrived to bind a fist

rongensaig codlad cotmbrath

thionscnaís codladh led thréas

you spawned sleep with your treachery

mal re siabra siasair soe

fágadh ina fhlaith ar shamhlacha é

he was left a prince of phantoms

fri riga. rogiallaid

ba ghiall é dá ríocht

he has gone hostage for his kingship

robith nie namait. et cetera.

ba churadh é in aghaidh bíobhaí

he was a champion against enemies

[Ní ada dom anmain aprait romnet.” Y]

ní maith do m’anam a bhfuil ’om chloí a chur dem chroí.”

it is wrong for my soul to speak what has slain me.”

Back to top

 

Section 13

“Is rígda in tabairt sein,” ar Conchobar.

“B’shiúd é an t-oineach rí,” ar Conchobhar.

“That was a king’s gift-giving,” said Conchobor.

“Is bec deiseom anní sin,” ar Fer Che[r]tne.

“Uaidh siúd ba bheagsan,” ar Fearcheirtne.

“From him it was little,” said Fer Chertne.

“Caidi sund in Bláthnad?” or se.

“Cá bhfuil Bláthnaid anseo?” ar sé.

“Whereabouts is Blathnait?” *said he.*

“Atá sund,” ar innd óic,

“Tá sí anseo,” ar na h-óglaigh.

“Here she is,” the warriors said.

“ocus is íar mbeim a chind do Choinrúi il-lúag a tesarcthi.”

“De chionn a tarrthála a teascadh an ceann de Chú Raoi.”

“The price of rescuing her was cutting off CuRoi’s head.”

Back to top

 

Section 14

Dorimarta [leg. dorimart] íarsuidiu frisin carraic

Iar sin, bhuail in aghaidh carraige í,

Then Fer Chertne crushed her against the rock

.i. i rind Chind Bera.

.i. rinn Chinn Beara.

on the tip of Cenn Bera:

Bert íarum intí Fer Chertne róthar chuici

Ansin chuaigh Fearcheirtne le báiní ansin dá hionsaí.

he rushed at her *then*,

ocus nongeb iter a dí láim

D’iaigh a ghéaga ina timpeall

and grasped her in his two hands

co roimdetar a hasna ’ma druim

nó gur bhris a raibh d’easnaíocha ina droim.

so that the ribs in her back broke,

ocus sráinidh roime fon all

Do chaith roimhe leis an aill í,

and he dragged her over the cliff.

co darobrúi in charrac diblínaib

gur bhris an charraig iad araon.

The rock smashed them both,

co fil al-lecht forsin tráig fon carraic.

Ar an gcladach fé bhun an lia tá a liag.

and their grave is on the shore below the rock.

Is de rochét:

Tugtar anso a bhfeartlaoi:

Of this was recited:

 

 

 

“Trúag in comroc imale

Ba thruamhéileach an comhlann i gcomhar

The joint struggle was sad

Bláthnad ocus Fer Chertne

do Bhláithnaid agus do Fhearcheirtne cóir

for Blathnait and Fer Chertne:

co fil al-leacht diblínaib

uaigh na beirte acu sé áit atá

both their graves are

il-laind Cind Beara brígmair.”

in aice Chinn Beara breá.

near strong Cenn Bera.

Back to top

 

Section 15

Aropaidi roás ind n-imguin foraib cách día

D’ainneoin sin, ba i líonmhaire a chuaigh a maraíodh díobh gach lá,

Despite that, the slaughter mounted up each day

ó samain co meadón erraig.

ó Shamhain go meán Earraigh.

from Samain to the middle of the spring.

Roármiset Ulaid dia tig fén oc dul ocus ic tuideacht

Do dhealaigh na hUltaigh an méid fear a réitigh chun filleadh ó thuaidh ón líon a mháirseáil aduaidh.

The Ulstermen counted their men both going and coming.

ocus leth nó trían rofacaibsead dia n-erethaib

Trian nó leath dá gcarbadóirí bhí ina ndiaidh,

They had left behind a third to a half of their chariot-fighters.

condébairt:

go ndúradh:

And so it was said,

 

 

 

[Dia mbert a ben Coinroi

Nuair a bhraith a bhean Cú Raoi

When his wife betrayed CuRoi

ba holc a gnim dogena

b’í a rinne feillghníomh.

she did an evil deed.

Sech ní terna i segha

Cé nár tháinig saor í féin

Though she was not unscathed

fagbus Erna fo mela, E]

na hÉarainn d’fhág fé náire mo léan.

she left the Erainn shamed.

 

 

 

“Roort Bláthnad ingen Mind

Bláthnaid iníon Mheann d’éag

Menn’s daughter Blathnait was killed

la horcain ós Aircedglind.

sa tsléacht in Airgeadghleann.

in the slaughter at Airgetglenn.

Mór gním do mnái brath a fir

Mórghaisce mná: brath

A woman’s great deed: betraying

dáig is fris rodamidir.”

a fir nuair atá féna láimh.

her man when she is ruled by him.

 

 

 

Aiged [leg. aided] tra Conrúi andsin.

Sin mar a bhí ag Oidhe Chú Raoi.

That, then, is The Death of CuRoi.

FINIT.

FINIT.

*FINIT.*

Back to top