Irish Sagas at UCC University College Cork

CDI
CELT

 

Síaburcharpat Con Culaind

Sections in the text

§1

§2

§3

§4

§5

§6

§7

§8

 

 

§9

§10

§11

§12

§13

§14

§15

§16

 

 

Complete file (PDF)

 

Section 1

DOLLUID Patraic do Themraig do erail creitme for ríg nErend

Chuaigh Pádraig go Teamhair do fhoráil creidimh ar rí Éireann

Patrick went to Tara to enjoin belief upon the King of Erin,

.i. for Loegaire mac Néill ar is eside ba rí Herend ind inbaid

.i. ar Laoghaire mac Néill, óir is eisean ba rí Éireann an ionú sin.

that is, upon Loegaire, son of Niall, for he was King of Erin at the time;

ar ni chretedsidé in Comdid ciano pridcaide dó.

Óir ní chreideadh-san an Coimdhe cé go bpraeitseáiltí dó.

for he would not believe in the Lord though He had been preached unto him.

Asbert Loegaire fri Patraic “noco chretiubsa duitsiu nách do Dia

Dúirt Laoghaire le Pádraig: “Ní chreidfidh mise duitse ná do Dhia,

Loegaire said to Patrick: “By no means will I believe in thee, nor yet in God,

nó coro dusce Coin Culaind damsa fó míadamla

nó go ndúisceoidh tú Cú Chulainn dom-sa faoi mhiadh

until thou shalt call up Cú Chulainn in all his dignity,

feib adfíadar i scelaib

feibh a deirtear i scéalta,

as he is recorded in the old stories,

conid n-acur ocus conid n-arladur ar mo bélaib sund

gonadh bhfeice agus gonadh labhra mé leis ar mo bhéal anseo.

that I may see him, and that I may address him in my presence here;

is iar sain no cretiubsa duitsiu.”

Is iar sin a chreideoidh mise duitse.”

after that I will believe in thee.”

“Is folaith do Dia aní sin” ol Patraic.

“Is féidir le Dia an ní sin,” ar Pádraig.

 

“Even this thing is possible for God,” said Patrick.

 

Back to top

 

Section 2

Tic techtaire iarom on Chomdid co Patraic

Tagann teachtaire iaramh ón gCoimdhe go Pádraig

Then a messenger came from the Lord to Patrick,

co tairistis co arna bárach

[a dúirt] go dtairistís go (lá) arna mhárach

and he said that they [i.e. Patrick and Loegaire] should remain until the morrow

for dua na rátha .i. na Temrach

ar chlaífort an rátha .i. na Teamhrach,

on the rampart of the Rath of Tara,

ocus ticfad Cu Chulaind a ndochum and.

agus go dtiocfadh Cú Chulainn chucu ann.

and that Cú Chulainn would appear to him there.

Is iar sin iarom

Is iar sin

Afterwards

 

 

(that is, after the appearance of Cú Chulainn to him in his chariot)

luid Lóegaire do acallaim Patraic

chuaigh Laoghaire do agallamh Pádraig

Loegaire went to converse with Patrick.

iar taidbsin Con Culaind dó ina charput.

iar thaibhreamh Chon Chulainn dó ina charbad.

 

 

Back to top

 

Section 3

Asbert Patraic fri Loegaire

Dúirt Pádraig le Laoghaire:

Patrick said to Loegaire:

“innut tarfás ní?”

“Ar taispeánadh duit ní?”

“Has something indeed appeared to thee?”

“Domarfhás [sic] im(m-overbar)” for Loegaire

“Taispeánadh, iomorra,” ar Laoghaire,

“Something has indeed appeared to me,” said Loegaire;

“ocus nim thá cumac día aisnéis

“agus ní féidir liom é a fhaisnéis,

“but I have not power to relate it,

mani sénasu ocus mani chosecra mo gin.”

muna séanfaidh agus muna gcoisricfidh tusa mo ghion.”

unless thou wilt sign and consecrate my mouth.”

“Ni senubsa” ol Patraic “do ginsu conom raib mo ríar.

“Ní shéanfaidh-sa,” ar Pádraig, “do ghionsa gonadh raibh mo riar agam.

“I will not sign thy mouth,” said Patrick, “until I shall have my demand.

arsénub im(m-overbar) in n-aér dotháet as du ginsu

Séanfaidh mé iomorra an t-aer a théann as do ghionsa,

I will, however, make a sign on the air that comes out of thy mouth,

co n-écis [conécus MS] in tadbsin tarfás duit.”

go n-inseoidh tú faoin taibhse a taispeánadh duit.”

in order that thou mayest describe the appearance which was shown to thee.”

 

Back to top

 

Section 4

“A mbása em” for Loegaire “oc dul dar Fán in Charpait

“Bhí mise ámh,” ar Laoghaire, “ag dul thar Fhán an Charbaid

“As I was going,” said Loegaire, “over the Slope of the Chariot

do Cnuc Síde in Broga

go Cnoc Sídhe an Bhrugha,

to the Hill of the Sídh of the Plain,

hi Tulaig in Turchomraic

i dTulaigh an Turchomhraic,

in the Plateau of the Assembly

i mBruig Meic ind Óc.

i mBrugh Mhic an Óig,

in the plain of MacIndoc,

Co n-acasa in gaíth n-úair n-aigidi amal chroísig dibroí

chonaic mé an ghaoth fhuair oighreata, amhail craoisigh débhioraigh.

I saw the cold piercing wind, like a double-barbed spear.

bec nád ruc ar folt díar cennaib

Beag nár rug sí ár bhfolt dár gcinn

It hardly spared to take the hair from our heads,

ocus ná dechaid triund fodesin co talmain.

agus nár dheachaigh (sí) trínn féin go talamh.

and to go through us to the earth.

ro íarfacht in gaíth do Benén” or Loegaire.

D’fhiarfraigh mé faoin ngaoth de Bheinéan,” ar Laoghaire.

I asked of Benen the meaning of the wind.

“Asbert Benen frimsa ‘is í gáeth iffir[n]d [n-stroke om.] insain

 “Dúirt Beinéan liomsa, ‘is í gaoth ifrinn ansin,

Benen said to me, ‘That is the wind of hell

iarna oslucud ría Coin Culaind.’

iarna oscladh roimh Chú Chulainn.’

after its opening before Cú Chulainn.’

Co n-accamár iarom in tromchíaich máir doléic fornd.

Chonaiceamar iaramh an tromcheo mór a lig orainn.

We saw then the heavy fog which dropped upon us.

Ro iarfachtsa dano do Benén in tromchiaig sin.

D’fhiafraigh mé *freisin* de Bheinéan faoin dtromcheo sin.

I asked also of Benen the meaning of the heavy fog.

asbert Benén bátar anála fer ocus ech immandeochatar in mag ríam.

Dúirt Beinéan go rabhadar anála fear agus each a d’imigh ar an magh roimhe.

Benen said that the fog was the breath of men and of horses that were traversing the plain before me.

Co n-acamar iarom in feóchúni mair uasund túas.

Chonaiceamar iaramh ealta mór fiach dubh os cionn thuas.

Then we saw the great raven-flock on high above us.

Ba lán in tír di sudib

Ba lán an t-aer nó an tír díobh,

The country was full of birds,

ocus ba heter nélaib nime bátár ara n-airde.

agus ba idir neala neimhe a bhí siad in airde. 

and in height they reached to the clouds of heaven.

Ro iarfacsa [sic] do Benén aní sin.

D’fhiarfraigh mise de Bheinéan an ní sin.

I asked of Benen concerning that matter.

Asbert Benen batar fóit a cruib na n-ech

Dúirt Beinéan go rabhadar fóid ó chrúba na n-each

Benen said they were sods thrown up by the hoofs of the horses

bátár fó charput Con Culaind.”

 a bhí faoi charbad Con Chulainn.”

that were yoked to Cú Chulainn’s chariot.”

 

Section 5

“A mbámmár and iar sain

“Bhíomar ann iar sin

“After that, we being still there,

co n-acammar fúatha na n-ech triasin ciaich

chonaiceamar fuatha na n-each tríd an gceo

we saw the forms of the horses through the mist,

ocus na fer isin charput solam

agus na bhfear sa charbad solamh.

and of men in the easy chariot.

arae apri hesi for ard

Ara ar a gcúl ar ard,

A charioteer on high behind them;

síthbe sigidi eich doríadat séotu.

taoiseach buanseasmhach, eich a ndeachaigh ar shéada.

a spirit-chieftain: horses that ride paths [horses that career along roads, tracks, courses S].

Co n-accasa iarom in dá ech

Chonaic mise, iaramh, an dá each

I observed after this the two horses;

commóra comaille acht nammá co sain delba ocus datha.

comh-mhóra comháille, ach ná mba chosúil dealbha agus datha,

equal in size and beauty were they, and only unlike in form and colour;

comlúatha comchóri comgníma

comhluatha comhchóra comhgníomha

in swiftness, in symmetry, in action, equal.

boslethna deslethna biruich ardchind agenmair gobchuíl dúalaig dénmecha

bosleathana deisleathana biorach ardchinn mórthapa gobchaol dualaigh déanmhacha

Broad were their hoofs and broad their backs;

dathálli tullethain forarda forána forbreca.

dath-áille tulleathain forarda forránach forbhreaca.

in colour beautiful; in height, in vehemence, remarkable.

At é cendbeca cruindbeca urarda aurderca aurgastai.

Agus iad ceannbheaga cruinnbheaga urarda oirirce urghasta

Their heads were small: large-lipped, bright-eyed.

Bruinni derga beólaidi sulgi slemna saitsidi sogabalta

broinndearga beathaithe soilbhre sleamhaine soshrianta soghabhálta

Red of chest, sleek and well-knit, they yielded promptly to the yoke;

fégi fáeborda femenda

féigh faobhair feamanna

they [attracted attention by] the lofty dignity [of their movements];

cassmongaig cóiri caím casarcig

casmhongaigh córa caoimh caschairchigh.

their manes and tails hung down in curls.

broga forfuil ina díaid inétside

Broganta a bhfuil ina ndiaidh-sean.

Behind the pair a wide-spaced chariot.

da ndroch duba tarchise.

Dhá roth dubha daingne.

[Beneath it], two black solid wheels;

Dá roth chóiri cóicrisi.

Dhá roth córa comhchriosach.

[above it], two symmetrical, over-lapping reins;                         

Fertsi crúadi colgdirgi.

Fearsaid chrua cholgdhírí.

its shafts firm and straight as swords;

Dá n-all n-aphthi n-intlasse.

Dhá iall aoibhne iontlaise.

the reins adorned and pliant;

Síthbe findargit co fethan findruine.

Sithbhe fionnairgid go feadhain fiondruine

the pole, white silver with a withe of findruine;

Cuing dron drumnech fororda.

Cuing dhrondhroimneach forórga.

the yoke, firm, ridged, and made of gold;

Pupall corcorda. Fortche uanide.

Puball corcra. Clúdach uaine.

the hood, purple; the fittings, green.

Láech and isin charput sin súas

Laoch sa charbad sin thuas.

Within the chariot a hero was visible.

máeldub demis fair for suidiu.

Maol (gruaig ghearr) dubh deimhis air-sean.

His hair was thick and black,

Atá lim is bó roda lig.

Dar liom is bó a ligh é.

and smooth as though a cow had licked it.

Súil glas bannach ina chind.

Súil ghlas bheoga ina cheann.

In his head his eye gleamed swift and grey.

Fúan corcorgorm im suide a cetoraib orgait [sic] óengil.

Fuan corcarghorm uime-sean, gona cheathar chuinní airgid aonghil.

About him was flung a tunic of purple-blue, its borders of white gold-withe.

Dulend dergóir fora bruinnib

Duille-eo deargóir sa bhrat ar a bhroinne

It was clasped with a brooch of red gold upon his breast;

ro leth dar cechtar a dá gúaland.

a leath thar ceachtar a dhá ghualann.

it floated out over each of his two shoulders.

Léni gelchulpatach immi co nderginluth intlase.

Léine ghealchulpaideach uime go ndeargimeall iontlaise.

A white hooded cloak hung about him with a border of flaming red.

Claideb orduir[n]d [n-stroke om.] i n-ecrus sésta fora shlíastaib.

Claíomh órdoirn i dtruaill seasta ar a shliasta.

A sword with a hilt of gold lying in a rest on his two thighs;

Manaís lethanglas for crund miding ina láim.

Manaois leathanghlas ar chrann seang ina lámh.

and in his hand a broad grey spear on a shaft of wild ash.

Foga fogér fóbartach ina farrad.

Fogha foghéar fóbartach ina fharradh.

Beside it lay a sharp venomous dart.

 

 

Across his shoulders

Scíath corcorda

Sciath chorcra

he bore a purple shield

co comrod argit

go cabhradh airgid,

surrounded by an even circle of silver;

co túagmílaib óir

go stuamhíolta óir,

 upon it were chased loop-animals in gold.

úasa díb n-imdadaib.

os a dhá iomdhadha.

 

Atá limsa bá frass do nemannaib ro lád ina chend.

Dar liomsa, ba fras do néamhainn a tharla ina cheann

Into his head a shower of pearls seemed to have been thrown.

Dubithir leth dubfolach cechtarde a da brúad.

Ar dhuibhe leith dhubhfhulachta ceachtar a dhá mhala.

Blacker than the side of a black cooking-spit each of his two brows,

Deirgithir partaing a beoil.

Ar dheirge dhual partainge [ábhar luachmhar corcairdhearg] a bheola.

redder than ruby his lips.

Ara ara bélaib isin charput sin

Ara ar a bhéal sa charbad sin,

Before him in the chariot was the charioteer;

araile forseng fánfota forbrec.

araile forsheang fánfhada forbhreac.

a certain very slender, tall and lank, stooped, very freckled person.

falt forchas forruad fora mulluch.

Folt forchas for-rua ar a mhullach.

Very curly red hair on the top of his head;

Gipne findruine fora étan

Gibne fionndruine ar a éadan

a wreath (gibne) of findruine on his forehead,

nád léiced a folt fó agid.

nár lig a fholt (dul) ar a aghaidh.

that prevented his hair from falling about his face.

Cuache de or fora díb cúalaid [sic] hi taircellad a falt.

Cuacha de ór ar a dhá chúl ina dtrilsíodh a fholt

Above his two ears spheres of gold, into which his hair was gathered.

Coichline ettech immi co n-aurslocud ara dib n-ullennaib.

Cochlán éadaigh uime go n-oscladh ar a dhá uilleanneacha.

About him was a winged little cloak, with an opening at its two elbows [He wore a lapeted hood of the lesser sort, the same being slit up at either corner S].

Bruitne di dergór ina láim.

Brod de dheargór ina lámh

He held in his hand a small goad of red gold

dia tairdellad a eochu.

dá thiomáint a eacha.

with which he urged on his horses.

Dóich limsa

Dóigh liomsa

It seemed to me

bad hé Cu Chulaind ocus Lóeg a ara no beth and

ba iad Cú Chulainn agus Laogh, a ara, a bheith ann,

that it was Cú Chulainn and Laegh, his charioteer, who were within the chariot,

ocus Dub Sainglend ocus Liath Macha. no beth fón charpat.”

agus Dubh Saingleann agus an Liath Macha a bheith faoin gcarbad.”

and that it was the Dubhsaighlenn and the liath Macha that were yoked to it.”

 

 

Back to top

 

Section 6

“In creti Dia fodechtsa a Loegairi” ol Patraic

“An gcreidfidh tú i nDia an feacht-sa, a Laoghaire,” ar Pádraig,

“Dost thou believe in God henceforth, O Loegaire,” said Patrick,

“úair dodeochaid Cu Chulaind dot acallaim?”

“óir gur ndeachaigh Cú Chulainn dod agallamh?”

“since Cú Chulainn came to converse with thee?”

“Mása é Cu Culaind atconnarc

“Más é Cú Chulainn a chonaic (mé),

“If it were Cú Chulainn that I saw,

is garit limsa ro boí ic comaccallaim.”

is gairid liomsa a bhí (sé ann) dom agallamh.”

it seems to me that he stayed too short a time conversing with me.”

“Is folaid Dia” ol Patraic

“Is féidir le Dia,” ar Pádraig.

“God is powerful,” said Patrick.

“mas éseom ro boí and

“Más eisean a bhí ann,

“If it were indeed Cú Chulainn,

dorega dot acallaimsiu afrithisi.”

rachaidh sé dod agallamh-sa arís.”

he will return and converse with thee again.”

 

Back to top

 

Section 7

A mbátár and iar sin

Bhíodar ann iar sin

Now they remained still in the same place,

co n-accatár in carpat isin mag a ndochum

chonaiceadar an carbad sa mhaigh chucu,

and they perceived the chariot coming across the plain towards them

cona díb n-echaib

gona dhís each,

drawn by its two horses.

ocus Lóeg mac Ríangabrat [sic] ina farradnacht

agus Laogh mac Rianghabhra ina araidheacht

 

ocus Cu Chulaind ina erredacht.

agus Cú Chulainn ina laochas.

Within rode Cú Chulainn [garbed] as a warrior,

 

 

and Laegh, son of Riangabar, as his charioteer.

Secht [cles lí ani in ras. and retraced, i of ani altered from e M] fichet úasaib etarbúas.

Seacht gcleas clúiteacha fiche uasabh eadarbhuas.

Then in mid-air Cú Chulainn performed twenty-seven feats of skill above them.

[Tairmcles nónbai seemingly in ras. M]

Toirmchleas naonúir,

The Noise-feat of Nine,

.i. cles cait

.i. cleas Cait,

that is the Feat of Cat,

ocus cles cúair.

cleas Cuair,

the Feat of Cuar

Cless daire.

cleas Dáire,

and the Feat of Daire,

Dallchles n-eóin.

dallchleas éin,

the Blind-feat of Birds,

léim dar neim.

léim thar nimh,

Leap over Poison,

ocus dergfhilliud [the dot over f is over following i; om. Facs.] erred náir.

deargfhilleadh laoich náir,

Red-folding of a brave Champion,

ocus gai bolga.

ga bolga,

the Bellows-dart,

ocus baí bresse.

béim chatha,

the Stroke with Quickness,

ocus bruth ngéine.

briseadh claímh,

the Ardour of Shout,

ocus sían churad.

sian churaidh,

the Hero’s Scream,

ocus rothchles.

rothchleas,

the Wheel-feat,

ocus fáeborchles

faobharchleas,

Edge-feat,

ocus ubullchles.

úllchleas,

Apple-feat,

ocus torandchles.

torannchleas,

and Noise-feat;

ocus dréim fri fogaist.

dréim le fogha,

the Ascent by rope,

ocus dirgiud creitte fora rind

díriú creata ar a rinn,

and Straightening of Body on Spear-point,

ocus fonaidm níath náir.

snaidhmeadh niadh náir,

the Binding of a Noble Champion,

ocus táithbéim.

táithbhéim,

the Return-stroke

ocus béim co fomus.

agus béim go fomhas.

and the Stroke with measure.

Immasleig cach la beirt immin n-araid gabáil na n-ésse

Déanann gach dara beart im an ara is é ag gabháil araíonacha

In respect of the charioteer, the management of the reins confounds all speech:

biid [second i add. below line] uasaib ocus análaib.

bhí (sé) os chluasa agus anála na n-each.

he is above evaporations and breathings [he is above ears (of horses) and breaths (of men), i.e. he overtopped all others S].”

Dolluid Cú Culaind do acallaim Patraic ocus bennachais dó.

Chuaigh Cú Chulainn do agallamh Pádraig agus beannaigh (sé) dó.

Then Cú Chulainn went to converse with Patrick

is and sin asrubairt.

Is ansin a dúirt (sé):

and saluted him, saying:

“Ateoch a nóemPatraic

“Achainím ort, a naomh Pádraig,

“I beseech, O holy Patrick,

itt arrad iteó.

id fharradh id eó,

In thy presence that I may be,

romucca lat chretmecho

go dtuga led chreidmhigh mé

That thou wouldst bring me with thy faithful ones,

hi tírib na mbeó.”

i dtíortha na mbeo.”

Into the Lands of the Living.”

 

Back to top

 

Section 8

 

 

[Then he addressed the king thus.]

“Creit do Dia ocus do náemPatraic a Loegairi

“Creid i nDia agus i naomh Pádraig, a Laoghaire,

“Believe in God and in holy Patrick, O Loegaire,

ná túadaig tond talman torut

nach dtiocfaidh tonn talún tharat,

that earth’s surface may not come over thee;

ar ní síabrae rodatánic

óir ní síofra a tháinig,

for it is not a demon that has come to thee:

is Cú Chulaind mac Sóalta

is (é) Cú Chulainn mac Sualdaimh.

it is Cú Chulainn, son of Sualtach.

ar is bith cach rúanaid recht ná talam

Óir is bith gach ruanaidh reacht (nó talamh),

For, a world for every champion is law or earth [For the world of all champions is: law or earth S]:

cach ciúin celar

ceiltear cách ciúin,

every quiet one’s is concealment [of all the quiet: that they are concealed (relegated to obscurity) S],

cach triúin talam

cách triúin talamh,

every hero’s is earth,

cach naib nem

cách naofa neamh.

every holy one’s is heaven [of all saints: heaven S]:

ar is dord síabrai cen midisiu

Óir is dord síofra a mheáfaidh tusa,

for of the order of demons is everything thou ponderest on:

is bith cáich ar úair immáredisiu.”

 

is bith chaich ar uair a imíonn tusa.”

it is the world of each in turn that thou chariotest [the world of all the rest it is that in turn thou dost roam through (i.e. experience, make trial of) S].”

Boí Cu Chulaind ina thost ocus ni arlasair Loegaire.

Bhí Cú Chulainn ina thost agus níor labhair Laoghaire leis.

Cú Chulainn was silent, and Loegaire did not speak.

“Cía rét Brega a Loegairi?

“Cé a théann thar Breagha, a Laoghaire?

“Who chariots the Bregia, O Loegaire?

cia suides a fantu?

Cé a shuíonn ar a bhfánaí?

Who sits their slopes?

Cia aires a n-áthu?

Cé a airíonn a n-átha?

Who watches their fords?

Cía aithet a mna?

Cé a éalaíonn lena mná?

Whom do their wives elope with?

Cia charat a n-ingena?”

Cé a ghránn a n-iníona?”

Whom do their daughters love?”

“Ced duitsiu ocus damsa?” or Loegaire a n-iarfaigidside.

“Cad duitse agus domsa,” ar Laoghaire, “an fiafraí sin?”

“What is that inquiry to me and to thee?” says Loegaire.

“Ro boí tan a Loegairi bá messe immátheged

“Bhí tan, a Laoghaire, ba mise a d’imíodh timpeall orthu,

“There was a time, O Loegaire, that it was I who used to go among them,

immatimchellad

a théadh umpu,

who used to go around them,

immidamthellech.

a thimpeallaíodh umpu.

who used to keep them together.

Ba mesi alau cúrad cartais glonnaib arddaib.

Ba mise an láth curadh na nglonn ard (a) ghráidís

 I was their little champion whom they used to love: whom with high spirits

immanaigtís

agus um a dtagaidís.

they used to play about.

ro boí tan a Loegairi. Ba messi dothéged a margressa

Bhí tan, a Laoghaire, ba mise a thógadh orm a mórghreasa

There was a time, O Loegaire, it was I who used to go to their great attacks,

noruíned [= no shrained. norúnied Facs.] a márcongala.

a shraonadh a mórchomhlainn.

who used to burst their great contests.

Bá messi in Cú Chulaind cathbúadach gnússachtach gesechtach rigderg roíglethan rogellach

Ba mise an Cú Chulainn cathbhuach gnúsachtach géiseachtach rídheirg ríleathan rógheallach [.i. dílis dom ghealltanais]

I was the battle-victorious, loud-shouting, red-wristed, broad-palmed, brave Cú Chulainn,

no bíd ar Maig maínech Murthemne.

a bhíodh ar Mhaigh mhaoineach Muirtheimhne.

who used to be on the rich plain of Muirthemne.

Creit do Día ocus do Phatraic a Loegairi

Creid i nDia agus i naomh Pádraig, a Laoghaire

Believe in God and in Patrick, O Loegaire,

ar ní siabrai dotánic [dothánic Facs.] acht Cu Chulaind mac Soalta.”

“óir ní síofra a tháinig ach Cú Chulainn mac Sualdaimh.”

for it is not a demon that has come to thee, but Cú Chulainn son of Sualtach.”

“Mássa Chú fil and” or Loegaire

“Más Cú a bhfuil ann,” ar Laoghaire,

“If it is Cú that is here present,” said Loegaire,

“adfét dúnd día márgnímaib.”

“inis dúinn ní dá mhórghníomha.”

“he will tell us of his great deeds.”

“Ba fír són a Loegairi” or Cu Chulaind.

“Ba fíor sin, a Laoghaire,” ar Cú Chulainn.

“That is true, O Loegaire,” said Cú Chulainn.

 

Back to top

 

Section 9

“Bassa collid giallasa i n-airitin átha mo thúath.

“Ba mise coilleadh gialla in aireachas átha mo thuatha.

 “I was the destroyer of hostageship in the reception of the fords of my territories;

Basa balcbémnech for níathaib ocus mórslúagaib.

Ba mise bailcbhéimneach ar niaidh agus mórshluaite.

I was heavy of hand on heroes and great hosts.

Imréidindsea a nggraige senlúatha mo námat isnaib lúacrachaib lánaib

Théinnse sa tóir ar ghraí sheangluatha mo naimhde sna luachra lána

I used to hunt the fleet herds of my enemies in the full rushries,

co fagbaindse a n-eltae beómarbae isnaib slébib

agus d’fhaighinnse a dtréada marbha sna sléibhte,

and left their flocks live-dead upon the mountains

iar n-ardbiu a comlund comardae na fer no bítís foraib.”

iar dom a mharú i gcomhlann comh-arda, na fir a bhídís [ag marcaíocht] orthu.”

after the slaying in equal combat of the men who were over them.”

 

Back to top

 

Section 10

“Manus fil samlaid na gnima sin feib adrímiu

“Muna bhfuil amhlaidh na gníomhartha sin feibh a ríomh tusa,

“If thou didst indeed those deeds that thou recountest,

batár gníma erred latsu

bhíodar gníomh laoich leatsa,

the deeds of a hero were with thee;

níptar gníma con.”

níorbh gníomhartha Con (iad).”

but they were not the deeds of Cú.”

 

 

Section 11

“Bá fír són a Loegairi” ol seseom.

“Ba fíor sin, a Laoghaire,” ar seisean.

“That is true, O Loegaire:

 

 

 

“Nipsa chúsa gabála lis.

“Níor cú gabhála leasa (mise).

I was not a hound of taking of a les.

Basa chúsa gabála uis.

Ba cú baghála ois (mise).

I was a hound of taking of a deer:

Nipsa cháusa cruib i n-aurchaill.

Níor cú [le] crí in oirchill (mise).

I was not a hound of a forbidden trotter,

Bása chúsa comnart do chomlond.

Ba cú comhneart do chomhlann (mise).

I was a hound strong for combat:

Nipsa cháusa imlomtha fuidell.

Níor cú iomlomtha fuill (mise).

I was not a hound of round lickings of leavings,

Basa chausa tairtbe buden.

Ba cú gearrtha buíonta (mise).

I was a hound who visited the troops:

Nipsa causa ingaire gamna.

Níor cú ionghaire gamhna (mise).

I was not a hound to watch over calves,

Basa cháusa ingaire Emna.”

Ba cú iongaire Eamhna(mise).”

I was a hound to guard Emania.”

 

 

Section 12

“Manus fil na gníma sain feib dodrímiseo

“Má bhfuil na gníomhartha sin feibh a ríomh tusa,

“If those deeds are as thou recountest them,

bátár gníma erred latso.”

bhíodar gníomhartha laoich leatsa.”

the deeds of a hero were with thee.”

 

Back to top

 

Section 13

“Bá fír són a Loegairi” ol Cu Chulaind

“Ba fíor sin, a Laoghaire,” ar Cú Chulainn.

“That is true, O Loegaire,” says Cú Chulainn:

“bátar gníma erred limsa.

“Bhíodar gníomhartha laoich liomsa.

“the deeds of a hero were with me.

Bása eirrsea. Bása aura.

Ba laoch mise. Ba aire mise.

I was a hero, I was a leader; 

Bása ara carpait máir.

Ba ara carbaid mhóir mise.

I was the charioteer of a great chariot; 

Bása máeth fri maíthi.

Ba maoth le maoithe mise.

 I was gentle to the gentle,

Basa imdenach frim tháir.

Ba imníoch lem tháir mise.

But against dishonour I wrought vengeance.

Bása ennach mo námat.

Ba éigiontach mo naimhde mise

I was the innocent of my enemies;

nipsa nemthenga mo crích.

Níor nimhtheanga mo chríche mise.

I was not the poison-tongue of my territories;

Bása chomrar cacha runi do andrib Ulad.

Ba cónra gach rúin do ainnireacha Uladh mise.

I was the casket of every secret for the maidens of Ulidia.

Bása mac la maccu.

Ba mac le mic mise.

I was a child with children;

Ba fer la firu.

Ba fear le fir mise.

I was a man with men.

Bá dim chusc asrarath.

Ba coscrach ar áth (mise).

It was for correction I used to labour.

Basa maith frim aír.

Ba maith lem aoir (mise).0

I was good against my satirising [As against satire directed against me, I was good, i.e. I never deserved satire S];

Basa ferr fri molad [frimolad MS for frim molad].”

B’fhearr (mé) lem mholadh.”

I was better for praising [as against praise, I was better, i.e. I outstripped all panegyric S].”

 

Back to top

 

Section 14

“Mása é Cu Chulaind fil and” or Loegaire

“Más é Cú Chulainn a bhfuil ann,” ar Laoghaire,

“If it be Cú Chulainn that is here,” says Loegaire,

“adfét dún ní dona morgabthib ro gábi.”

“inis dúinn ní do na mórghábha a ghabh tú.”

“he will tell us a portion of the great risks he risked.”

“Ba fír són a Loegairi” ol Cu Culaind.

“Ba fíor sin, a Laoghaire,” ar Cú Chulainn.

“That is true, O Loegaire,” said Cú Chulainn.

 

 

 

I.

“Immáredindsea márgraige

“Sheilginnse mórghraíonna

“I used to hunt their great flocks

la Concobor crúaid

le Conchobhar crua;

With hardy Conchobar:

bá i n-ailethúaith

ba i dtuath eile,

It was in a foreign territory,

aslingind cach mbúaid.

a shlínn gach bua.

I used to behold each victory.

 

 

 

II.

Ro clisius for analaib

D’imir mé ar anála

I played on breaths

uasa uíb na n-ech.

os chluasa na n-each;

Above the horses’ steam:

ro mmebdatár riumsa

a maidhmeadh romhamsa

Before me on every side

mórchatha cach leth.

mórcatha gach leith.

Great battles were broken.

 

 

 

III.

Ro brisius aurgala

Bhris mise iorghala

I broke contests

for triunu na túath.

ar thréin na dtuath;

On the champions of the territories:

bá misi in caur claidebrúad

ba mise an curadh claímhrua

I was the sword-red hero

iar sligi na slúag

iar shlighe na sluaite.

After the slaying of hosts.

 

 

 

IV.

Ro brisius a fáeborchlessa

Bhris mé faobharchleasa

I broke edge-feats

for rindib a claideb.

ar reanna a gclaíomh;

On the points of their swords;

rosiacht a mórairgne

shaigheamar mórargain

I reached their great spoils,

ba tria daigte tened.

tria dhaitheacha tine.

Were it through drivings of fire.

 

 

 

V.

Tairred n-aile dochúadussa a Loegairi

Tairdeal eile (ar) a chuaigh mise,

Another journey I went —

acht ba sin úair.

ach ba hí-sin uair;

O Loegaire, but that was an hour:

coro ferussa [a formed from us, inadvertently repeated] márchatha

gur fhear mé mórchatha

That I might give great battles

fri Lochlaind atúaid.

le Lochlann lastuaidh.

Against Lochland on the north.

 

 

 

VI.

Araile láech and domárraidsi

Araile laoch do m’ionsaí-se,

A certain hero in it met me.

iar techt dam for sét.

iar teacht dom ar séad;

After I had come on journey:—

trícha cubat a ardai

tríocha cúbat a airde,

Thirty cubits in height —

ba ed sin a mét.

ba é sin a mhéad.

That was his size.

 

 

 

VII.

Iar sin ro selachsa

Iar sin shléacht mise é,

After that I attacked him,

iar nglés dún fo thrí.

iar dtroid dúinn faoi thrí;

After we had fought three times:

fochartsa a chend isin cath

bhuail mé a cheann (de) sa chath,

I flung off his head in the battle,

co torchair ín rí.

go dtorchair an rí.

So that the king fell.

 

 

 

VIII.

Iar sin dorochratár

Iar sin thorchraíodar,

After that there fell

ro thesbaid díb.

ba ró-easpa díobh,

A great defect of them:—

secht cóecait cach óenchatha

seacht gcaogaid gach aonchatha,

Seven fifties of every single battle,

o ro gabthá a rrím.

ó ghafa a ríomh.

 When their number was taken.

 

 

 

IX.

Is íar sin ro nenascsa

Is iar sin a nasc mé

It is after that that I bound

foraib fora ndáil

orthu ar a ndáil,

On them, for their share,

.uii. cét talland argait báin

seacht gcaoga tallann airgid báin

Seven hundred talents of white silver,

im secht .c. tallant óir

im sheacht gcéad tallann óir,

With seven hundred talents of gold —

bá sí [accent converted into an n-stroke by retracer] sin in cháin

ba í sin an cháin.

That was the tribute.

[above two lines written on space left in upper line; im to si seemingly in ras. M]

 

 

 

 

 

X.

Tairred dochuadusa a Loegairi

Turas eile a chuaigh mise,

A journey I went, O Loegaire,

día lád hi tír Scaith

dá dhul i dtír Scáith;

When I went into the Land of Scath:

dún Scáith and cona glassaib íarn

dún ann go go nglais iarainn,

Dún Scaith in it with its locks of iron —

forurmius láim fair

chuir mé lámh air.

I laid hand upon it.

 

 

 

XI.

Uii. múir imón cathraig sin

Seacht múr (a bhí) sa chathair sin,

Seven walls about that city —

ba etig [g altered to d; d Facs.] a dend.

ba uafar a deann;

Hateful was the fort:

sonnach íarn for cach múr

sonnach iarainn ar gach múr

A palisade of irons on each wall,

forsin bátár nóe cend.

ar a raibh naoi gceann.

On which were nine heads. 

 

 

 

XII.

Dorse iarn for cach slis

Doirse iarainn ar gach slis

Doors of iron on each flank —

frimna [sic, for frimsa] niro chosnoda.

romham, ní raibh siad inchosanta;

Not strong defences against us:

atacomcussa com láu

bhuail mé iad lem sháil

I struck them with my foot,

condarrala i mbrosnacha.

gonadh tharla i mbrosnacha.

And drove them into fragments.

 

 

 

XIII.

Buí cuithe isin dún

Bhí poll sa dún sin,

There was a pit in the dún,

lasin ríg adfét

leis an rí, a deir sé,

Belonging to the king, so it is said: —

.x. nathraig doróemdatar

deich nathraigh do réabadar

Ten serpents burst

dara or ba bét [erased space here, preceded by the usual ∫∫ signs].

thar a ur, ba béad.

Over its border — it was a deed.

 

 

 

XIV.

Iar sin atarethusa

Iar sin rith mé chucu,

After that I attacked them,

cíar adbol a ndrong.

cé gurb ábhal a ndrong,

Though very vast the throng,

co ndernus a n-ordnecha

go ndearna mé a n-oirneacha

Until I made bits of them,

eter mo dá dornd.

idir mo dhá dhorn.

Between my two fists.

 

 

 

XV.

Tech lán do loscannaib

Teach lán le loscainn

There was a house full of toads,

dofarlaicthe dún.

a ligeadh chugainn,

That were let loose upon us;

míla géra gulbnecha

míola géara guilbneacha

Sharp, beaked monsters

ro leltar im srúb.

go cheanglaíodar im shrubh.

That clave to my snout.

 

 

 

XVI.

Bíastai granni dracondai

Biastaí gránna draganta

Fierce dragon-like monsters

cucund dofutitis.

orainn a thitidís,

Were sent against us;

tréna a n-amainsi

tréan a n-amhainse

Strong were their witcheries

echdíli cíadcutís.

each díle …

Though they . . .

 

 

 

XVII.

Iar sin atarrethusa

Iar sin rith mé (chucu)

After that I attacked them

in tan bá fóm rois.

an tan ba fúm rois;

When a rush was made on me

cotamfoltsa comtar menbacha

gonadh mheil mé na mionbhacha

I ground them into small pieces

eter mo dí bois.

idir mo dhá bhos.

 Between my two palms.

 

 

 

XVIII.

Baí coire isin dún sin

Bhí coire sa dún-sin —

There was a caldron in that dún;

lóeg na teóra mbó.

lao na dtrí bó,

The calf of the three cows:—

.xxx. aige ina chroes

tríocha áighe feoil ina chraos,

Thirty joints [of meat] in its girth,

nirbo luchtlach dó.

níor luchtlach dó.

Were not a charge for it.

 

 

 

XIX.

Taithigtis in cairi sin

Thaithídís an coire-sean,

They used to frequent that caldron,

bá mellach in bág.

ba meallach an bágh;

Delightful was the contest;

ní théigtis úad for nách leth

ní théidís uaidh ar leith (ar bith)

They would not go from it on any side,

co fácbaitis lán

go bhfágaidís lán.

Until they left it full.

 

 

 

XX.

Baí mór di ór ocus argut and

Ba mór óir is airgid ann,

There was much gold and silver in it —

bá hamrae in fríth.

ba hamhra an fríth,

Wonderful was the find:

dobirt in cori sin

tugadh (dúinne) an coire sin

That caldron was given [to us]

la ingin ind ríg.

le hiníon an rí.

By the daughter of the king.

 

 

 

XXI.

Na téora bai dobertamár

Na trí ba a thógamar,

The three cows we carried off —

ro snaidet a muir.

snámhadar an mhuir,

They swam boldly over the sea:

ba here desi di ór

bhí eire díse de ór

There was a load of gold for two men

la cách fora muin

le cách ar a muin.

 To each of them on her neck.

 

 

 

XXII.

Iar tudecht dún forsin farci

Iar teacht dúinn ar an bhfarraige,

After we had come upon the ocean,

bá hadbol la túaith.

bá hábhal le thuaidh,

Which spread out towards the north,

báite fairind mo churaig

bádh foireann mo churaí

The crew of my currach was drowned

lasin n-anfod crúaid.

leis an n-anfa crua.

By the fierce storm.

 

 

 

XXIII.

Iar sin immórousa

Iar sin shnámh mé umpu,

After this I floated them

gíarba gábud grind.

cé gurb gábh géar (é),

Though it was a sharp danger

nonbur cechtar mo dá lám

naonúr ceachtar mo dhá lámh,

Nine men on each of my hands

xxx. for mo chind [nó for mo druim M].

tríocha ar mo cheann.

Thirty on my head.

 

 

 

XXIV.

Ochtur form díb slíastaib

Ochtar ar mo dhá shliasaid

Eight upon my two sides

rom leltar dim churp.

a lean dem chorp;

Clung to my body.

bá samlaid sain ro snausa in farrci

ba amhlaidh a shnámh mé an fharraige,

Thus I swam the ocean

co mboí isin phurt.

go raibh mé sa phort.

Until I reached the harbour.

 

 

 

XXV.

An ro chesusa d’imned a Loegairi

An méad d’imní  a chéas mise, a Laoghaire,

What I suffered of trouble,

for muir ocus tír.

ar mhuir agus tír,

O Loegaire, by sea and land:—

bá ansa damsa óenadaig

ba ansa dom aonoíche

Yet more severe was a single night,

la demon co n-ír

le Deamhan fíochmhar.

When the demon was wrathful.

 

 

 

XXVI.

Mo chorpan ba crethnaigthe

Mo chorpán ba chréachtach,

My little body was scarred —

la Lugaid a búaid.

le Lughaidh an bua

With Lugaid the victory:

roucsat demna m’anmain

rug deamhain m’anam

Demons carried off my soul

isin richis rúaid

sa ghríosach dhearg.

Into the red charcoal.

 

 

 

XXVII.

Immárubartsa in clétine [final e stained; om. Facs.]

D’imir mé an cleitín (orthu),

I played the swordlet on them,

gai bolgae do léir.

is an ga bolga go dúthrachtach;

I plied on them the gae bulga;

ro bása i comchétbúaid

bhí mé i gcomhaontas

I was in my concert victory

fri demon hi péin

le Deamhan i bpian.

With the demon in pain [i.e. I was in exact correspondence with the Devil in pain (in every way my torments corresponded with his) S].

 

 

 

XXVIII.

Bá comnart mo gaiscedsa

Ba chomhneart mo ghaisce-sa,

Great as was my heroism.

mo chlaideb ba crúaid.

mo chlaíomh ba chrua;

Hard as was my sword:

domrimartsa [domrimardsa Facs.] in demon co n-óenmeór

bhrúigh an Deamhan mise go n-aonmhéar

The devil crushed me with one finger

isin richis rúaid

sa ghríosach dhearg.

Into the red charcoal.

 

 

 

XXIX.

Ind ríg consniat a rríge

Na ríthe a théann in iomaíocht ar son a ríghe,

The kings who sway their kingdoms,

cía beit co mméit a mbrigi.

gur mór a mbrí;

Though they be with greatness of their

power, —

ní cumcat ni [ni faint; cumcet Facs.] la mac nDé

ní cumas dóibh ní le hais mhac Dé,

They avail nothing with God’s son,

acht a cubatt i ndire [… att i ndire, very faint].

ach i gcomhfhad a bpíonóis.

But .  .  .

 

 

 

XXX.

Slúaig Ulad im Chonchobar

Sluaite Uladh um Chonchobhar,

The hosts of the Ulaid around Conchobar —

calma in [im Facs.] coraid.

calma na curaidh,

Brave the champions —

nadasraiglet in demnae [in dem very faint, but legible against the light]

dá sraoilleadh ag na deamhna

The demons are scourging them,

i n-iffur[n]d [r converted into n by retracer, and i add. over second f, to read iffriund; iffurd Facs.] at brónaig.

in ifreann iad brónach.

In hell they are sorrowful.

 

 

 

XXXI.

Acht in rí mac Nessa

Ach an rí mac Nessa,

Save the king, Mac Nessa,

arbáge ar mac Maire.

ar bhágh ar mhac Muire,

For contention for Mary’s Son,

atát i pein iffrind [rind very faint]

táid i bpian ifrinn —

In the pains of hell are

formna na lath ngaile.

formna na láth ngaile.

The most of the heats of steam [champions].

 

 

 

XXXII.

Bá mád tulad dot brethir a Loegairi

Ba mhaith (a) tharla dod bhriathair a Laoghaire

It was well it went for thy word, O Loegaire,

fri Patraic iarrid uair.

le Pádraig san uair,

To Patrick a request once,

conom thucadsa a hiffur[n]d [n-stroke om.]

gonadh tugadh mise as ifreann,

That he would bring me from hell,

conid dam[sa a búaid, in ras. H]

gonadh domsa an bua.

So that for me is its victory.

 

 

 

 

 

 

XXXIII.

Is búaid mór do Góedelaib

Is bua mór do Ghaeil

It is a great victory for Goedil,

co clothar in slúag.

go gcloise an slua,

Let the host hear —

[cech óen om. Facs., though legible] chreitfes do Patraic

gach éinne (a) chreidfidh i bPádraig

[Every one] who will believe in Patrick,

i nnim níbá trúag.

i neamh ní bheidh (sé ina) thrua.

In heaven will not be wretched.

 

 

 

XXXIV.

Ceni cretindso a Loegairi do Patraic

Cé nach gcreide mé i bPádraig

Though I should not believe, O Loegaire,

na creitfet Ulaid.

creidfidh Ulaidh,

In Patrick, the Ulaid would believe him:

[an ro chesussa very faint, but legible against light] do imned

ar a chéas mé d’imní

 

[bá mo turem very faint, but legible against light].

ba mhó a thuireamh.

 

[The rest of the saga is written by H over a surface abraded to the point of perforation.]

 

 

 

 

 

XXXV.

Iss ed mo chosc do cach óen

Is é mo chosc do gach aon —

It is my instruction to every one —

scarad fri peccad fri clóen

scaradh le peaca le claon;

Parting with sin, with iniquity:

cach óen cretfes do Patraic

gach aon (a) chreidfidh Pádraig

Every one who believes in Patrick,

ragaid hi tír inna náem

rachaidh (sé) i dtír na naomh.

Will go into the Land of the Saints.

 

 

 

XXXVI.

Cach mac ríg rochluinethar

Gach mac rí a chloiseann

Every king’s son, be it heard,

di Ultaib i nHére

de Ultaigh in Éirinn;

Of the Ulaid in Ere,

creitted do Patraic for rith

(a) gcreidfeadh Pádraig ar an bpointe baise

Who would believe in Patrick quickly —

bad mór a dene

ba mór a dhéine.

Great would be his strength.

 

 

 

XXXVII.

Dobeir bennacht for Patraic

Beirim beannacht ar Phádraig

I shall give a blessing on Patrick,

forul a llín

go méadaí a líon,

To make their number abound

in cech óenaird i nHére

i ngach aonaird in Éirinn

In every single point in Ere

a mbia a síl.

a mbeidh a síol.

Where their seed will be.

 

 

 

XXXVIII.

Is búaid mór do Goedelaib

Is bua mór do Ghaeil —

It is a great victory for Goedil,

no chluined in slóg

(gur) chuala an slua;

The host should hear:

cach óen creitfes do Patraic

gach aon (a) chreidfidh Pádraig

Every one who will believe in Patrick

for nim níbá tróg

i neamh ní bheidh (sé ina) thrua.

In heaven will not be wretched.

 

 

 

XXXIX.

Is cian mór ó ’tbaltsa

Is cian mór (ón uair) a fuair mise bás

It is a great distance since I died —

ropu mór in túath

ba mór an t-uath,

Great was the horror:

is cumachta mór domfuc

is cumhachta mór a rug mé

It is great power that has brought me

ar cend inna túath

ar cheann na dtuath.

To meet the tribes.

 

 

 

XL.

Is cían scarsu fri eochu

Is cian (ó) scar (mé) lem eacha

It is long since I parted with horses,

fri carpat foa lí

lem charbad faoi a lí,

With a chariot with its beauty:

is cumacta mór domuc

is cumhachta mór a thug mé

It is great power that has brought me

amal atomchí.

amhail tú dom chí.

As thou seest me.

 

 

 

XLI.

Ind eich seo a Loegairi

Na heacha seo, a Laoghaire,

These horses, O Loegaire,

retha rith co mbúaid

reatha rásaí go mbua —

Of running of races with victory —

is Patraic dodrathbeogastar

is Pádraig a athbheoigh iad

It is Patrick who revivified them,

condat e ata lúaith

gonadh iad atá luath.

So that it is they that are swift.

 

 

 

XLII.

In carpat so atchisiu

An carbad seo a chíonn tusa

This chariot thou seest

i ndegaid na n-ech

i ndiaidh na n-each;

Behind the horses:—

is Patraic ro cruthaigestar

is Pádraig a chruthaigh

It is Patrick that formed it,

conid hé as dech

gonadh hé is deach.

So that it is it that is best.

 

 

 

XLIII.

Cosind étuch cosinn arm

Leis an éadach, leis na hairm,

With the dress, with the armour:

cosin erriud clis

leis an earra clis;

With the array of feat:—

is cían mór o atrubaltsa

Is cian mór (ón uair) a fuair mise bás

It is a great distance since I died,

o ro scarus fris.

ó scar mé leis.

Since I parted with it.

 

 

 

XLIV.

In slúag mór donarrchomlais

An slua mór a chomóir

The great host which thou hast assembled,

file foa lí

(a) bhfuil faoina lí

That is in its beauty:—

nos mairfed Patraic for rith

mharódh Pádraig (iad) ar an bpointe baise

Patrick would kill them quickly,

connaptís bí.

go nach mbeidís beo.

So that they would not be alive.

 

 

 

XLV.

Dosraithbeoigfed aitherruch

D’athbheofadh (sé) iad arís —

He would revivify them again —

robad mór in band

ba mór an bang,

Great would be the bound —

co mbetis i mbithbethaid

go mbeidís i mbithbheatha

So that they would be in continual life

ar bélaib na cland

ar béil na gclann.

In front of the clans.

 

 

 

XLVI.

Atomchi a Loegairi

Chíonn tú mé, a Laoghaire,

Thou seest me, Loegaire,

atomglaithe leir.

agallann tú liom go léir;

Thou addressest me clear:

mani crete Patraic

muna gcreide Pádraig

Unless thou believest Patrick

biasu hi péin.

beidh i bpian.

Thou wilt be in pain.

 

 

 

XLVII.

Cid latsu bithbetho

Cé gur leatsa bithbheatha

Though thine were the continual life

talman cona lí.

ar thalamh seo gona lí,

Of earth, with its beauty,

is ferr óenfocraic i nnim

is fearr aonfhochraig i neamh

Better is a single reward in heaven

la Crist mac Dé bí

le Críost mac Dé bí.

With Christ, Son of the living God.

 

 

 

XLVIII.

Ateoch a nóemPatraic

Achainím ort a naomh Pádraig —

I beseech, O holy Patrick [I crave, holy Patrick S],

it arrad nom theig

id fharradh go dtéim,

In thy presence, that I may come [may it be mine to attain thy companionship S].

romfhuca [mark over f not so long as in Facs.] lat chretmecho

go dtuga tú mé led chreidmhigh

That thou wouldst bring me with thy faithful ones [along with thy faithful, may he convey me S]

is tir immaréid.”

sa tír ina dtéann tú.”

Unto the land which thou drivest about [into the land which he pervades S].”

immaredind.

 

 

 

Back to top

 

Section 15

“Creit do Dia ocus do nóemPatraic a Loegairi

“Creid i nDia agus naomh Pádraig, a Laoghaire,

“Believe in God and holy Patrick, O Loegaire,

arna tudaich tond talman torut.

ar nach dtaga tonn talún tharat.

that a wave of earth may not come over thee.

Doraga niba cumtabairt mani crete do Dia ocus do nóemPatraic

Tiocfaidh (sé), is cinnte, muna gcreide i nDia agus naomh Pádraig.

It will come, unless thou believest in God and in holy Patrick,

ar ni siabráe dotanic is Cu Chulaind mac Soaltai.”

Óir ní síofra a tháinig — is (mise) Cú Chulainn mac Sualdaimh”

for it is not a spirit that has come to thee: it is Cú Chulainn, son of Sualtach.”

Ro fírad dano aní sin.

Fíoradh ansin an ní sin.

Now, that thing came indeed to pass:

dodeochaid talam tar Loegaire

Chuaigh talamh thar Laoghaire.

earth came over Loegaire;

adfiadar nem do Choin Culaind.

Deirtear [gur deonadh] neamh do Chú Chulainn.

heaven is declared for Cú Chulainn.

Ro chreti trá Loegaire do Patraic iarom.

Chreid Laoghaire Pádraig iaramh.

Now Loegaire believed in Patrick in consequence.

 

Back to top

 

Section 16

Bá mór trá a cumachta do Patraic

Ba mhór tráth a chumhachta do Phádraig

Great was the power of Patrick,

.i. todúscud Con Culaind íarna bith .ix. cét [recte cóicat ?] bliadna hi talmain

.i. dúiseacht Chon Chulainn iarna bheith ix gcéad bliana i dtalamh

in awakening Cú Chulainn after being nine fifty years in the grave;

.i. o flaith Conchobair meic Nessa

.i. ó fhlaith Chonchobhair meic Nessa

that is, from the reign of Conchobar mac Nessa

iss eside ro genair hi comgein fri Crist

— is é sin a rugadh i gcomhghin le Críost —

(it is he that was born in co-birth with Christ),

co dered flatha Loegairi meic Neill.

go deireadh flatha Laoghaire mac Néill,

to the end of the reign of Loegaire, son of Niall,

meic Ecach. Mugmedóin

mhic Eachdhach Muighmheadhóin,

son of Eochaid Muighmedóin,

meic Muredig Tírig

mhic Mhuireadhaigh Tírigh,

son of Muiredach Tírech,

meic Fiacrach Roptine

mhic Fhiacha Shraibhthine,

son of Fiachra Roptine,

meic Corpri Liphechair

mhic Cairpre Lipheachair,

son of Cairpre Liffechair,

meic Cormaic Ulfotai

mhic Cormaic Ulfhada,

son of Cormac Ulfada,

meic Airt Óenfir

mhic Airt Aonair,

son of Art Aenfer,

meic Cuind Cetchathaig

mhic Cuinn Chéadchathaigh,

son of Conn, the fighter of a hundred,

meic Fedelmthe Rechtada

mhic Fheidhlimidh Reachtadha,

son of Feradach Rechtmar,

meic Tuathail Techtmair

mhic Thuathail Teachtmhair,

son of Tuathal Techtmar, 

meic Feradaig Find Fechtnaig

mhic Fhearadhaigh Fhionn Fheachtnaigh,

son of Feradach Finnfachtnach, 

meic Crimtaind Niad Nair

mhic Criomhthann Niadh Náir,

son of Crimthann Niadnár,

meic Lugdach Riab nDerg

mhic Lughaidh Riabh nDearg

son of Lugaid of the Red Stripes.

dalta side do Choin Chulaind mac Soalda.

— dalta seisean do Chú Chulainn mac Sualdaimh.

And he [i.e. Lugaid] was a foster-son to Cú Chulainn, son of Sualtach.

 

Back to top