Irish Sagas at UCC University College Cork

CDI
CELT

 

Fingal Rónáin

Sections in the text

§1

§2

§3

§4

§5

§6

§7

§8

§9

§10

§11

§12

§13

§14

§15

§16

§17

§18

§19

§20

§21

§22

§23

 

 

 

 

 

 

 

Complete file (PDF)

 

Section 1

Rí amra ro boí for Laignib .i. Rónán mac Aeda,

Bhí Rí ar Laighin, Rónán mac Aodha,

A famous king was over Leinster, even Ronan, son of Aed.

ocus Ethni ingen Chummascaig maic Eogain do Désib Muman na fharrad.

agus Eithne iníon Chumascaigh mhic Eoghain de Dhéise Mumhan mar bhainchéile aige.

And Ethne, daughter of Cumascach, son of Eogan, of the Deisi of Munster, was by his side.

Co rruc mac do .i. Mael Fothartaig mac Rónáin,

Rug sí mac dó, Maol Fothartaigh,

She bore a son to him, Mæl-Fothartaig, son of Ronan,

mac is amru tánic Laigniu riam.

an mac is uaisle a bhí ar Laighin riamh.

a son the most famous that ever came into Leinster.

Is immi con·éirgitis

Eírítí ina seasamh roimhe ag tabhairt onóra dhó

Before him they would rise

fri dála ocus dúnada

sa dáil agus sa dún,

at gatherings and campings

ocus cluichi ocus céti

ar chluichí agus ar aontaí

and games and fairs

ocus tressa ocus díbircthi.

agus ag láthair na hiomrascála agus na gcleasa lúith.

and fights and shooting-matches.

Ba hé menmarc a n-ingen

Ba é mian gach iníne é

He was the desire of all their maidens

ocus lennán a n-ócban uli Maíl Fothartaig.

agus leannán na n-ógbhan uile.

and the darling of all their young women, Mæl-Fothartaig.

Back to top

 

Section 2

Marb a máthair.

D’éag máthair Mhaoil Fhothartaigh

His mother died.

Baí Rónán cen mnaí fri hed cían.

agus bhí Rónán ar feadh i bhfad gan chéile.

For a long while Ronan was without a wife.

“Cid na tucai mnaí?” or a mac.

“Cé an fáth nach nglacann tú chugat bainchéile?” arsa a mhac leis.

“Why do you not take a wife?” said his son.

“Ropad ferr duit ben it arrad.”

“Ba fearrde thú bainchéile le do thaoibh.”

“You were better with a wife by your side.”

“Ad·fiadar dam-sa,” ol Rónán,

“Deirtear liom,” arsa Rónán,

“I am told,” said Ronan,

“a·tá ingen chóem la hEchthaig (.i. tí Dúin Shobairche an-túaid).”

“Go bhfuil iníon álainn ag Eochaidh, rí Dhún Sobhairche ó thuaidh.”

“Eochaid, the king of Dunseverick in the north, has a fair daughter.”

“Nida céili ingine ém,” or in gilla.

“Ní céile mná óige tusa,” arsa an mac.

“Truly, you are not a mate for a girl,” said the youth.

“Nach ben fhorusta do·bére?

“Ná glacfá bean fhoirfe chugat?

“Will you not take a sedate woman?

Ba córu lim duit ol·dás scintline ingine.”

Dar liom ba oiriúnaí sin duit ná baotháinín girsí.”

Meseems that were meeter for you than a little skittish thing of a girl.”

At·rós a thairmesc,

Níorbh fhéidir comhairle a chur ar Rónán, ámh.

It was impossible to hinder him.

co ndechaid coro foí lee a-tuaid

D’imigh sé leis ó thuaidh gur pósadh le iníon Eochaidh é

Ronan went and slept with her in the north,

ocus conda tuc lais i-lle.

agus gur thug sé leis abhaile í.

and brought her home with him.

Do·chóid Mael Fothartaig immorro co mbaí ar cuairt i ndesciurt Lagen.

D’imigh Maol Fothartaigh ar cuairt i ndeisceart Laighean.

But Mæl-Fothartaig went on a journey in the south of Leinster.

Back to top

 

Section 3

Tic-si a-túaid.

Nuair tháinig an bhean aduaidh:

She comes from the north.

“Cade do mac-su, a Rónáin?” or sí.

“Cá bhfuil do mhac, a Rónáin?” ar sise.

“Where is your son, Ronan?” said she.

“Ad·fiadar dam-sa a·tá mac maith lat-so.”

“Deirtear liom go bhfuil mac iontach agat.”

“I am told your have a good son.”

“A·tá immorro,” ar Rónán, “mac as dech fil la Laigniu.”

“Tá, go deimhin,” arsa Rónán, “an mac is fearr i Laighin.”

“I have indeed,” said Ronan, “a son the best there is in Leinster.”

“Congarar dam-sa didiu, conom ragba

“Glaoitear chugamsa é, mar sin,” ar sise, “go bhfáiltí sé romham

“Then let him be summoned to me that he may receive me

ocus co rragba mo muntir ocus mo maíni ocus mo shéotu.”

agus roimh mo mhuintir agus roimh an mhaoin agus na seoda a thug mé liom.”

and that he may receive my people and my treasures and my jewels.”

“Do·raga immorro,” ar Rónán.

“Tiocfaidh sé, cinnte.”

“He shall come indeed,” said Ronan.

Tic-side iar sin

Cuireadh fios ar Mhaol Fothartaigh ansin agus tháinig sé

Then Mæl-Fothartaig comes

ocus feraid fáilti móir frie-si.

agus d’fhear sé failte mhór roimpi:

and makes great welcome to her.

“Rot bia grádugud,” or in gilla.

“Beidh grá anseo ort,” ar seisean.

“You shall have love,” said the youth.

“A n-at·chotfam-ni do shétaib ocus maínib,

“Gach a bhfaighead de mhaoin agus de sheoda,

“Whatever we shall get of jewels and treasures,

is duit ragas ar grádugud Rónáin.”

is agat a bheidh siad ach Rónán a ghráú.”

for loving Ronan it shall go to you.”

“Is maith lim-sa,” or sí, “mo les do dénam duit-siu.”

“Is maith liom,” ar sise, “é bheith ar d’intinn agat mo leas-sa a dhéanamh.”

“I am well pleased,” said she, “that you should act for my advantage.”

Back to top

 

Section 4

Ócben chóem ina hinaltus-si.

Bhí ógbhean álainn mar innilt ag bean Rónáin.

A fair young woman was in attendance on her.

Ros faíd chuci fo-chétóir dia athchungid (.i. Maíl Fhothartaig).

Chuir sí an ógbhean gan mhoill chuig Maol Fothartaigh á lorg air luí léi.

She sent her forthwith to Mæl-Fothartaig to solicit him.

Níro lam ind ócben a rád,

Ní leomhfadh an ógbhean é lua le Maol Fothartaigh, ámh,

The young woman durst not say it

ná ros marba Mael Fothartaig,

ar eagla go maródh sé í.

lest Mæl-Fothartaig should kill her.

coro báig-si frie

Bhagair bean Rónáin ansin

Then she (the queen) vowed to her

a cend do béim di acht mani aprad.

a ceann a bhaint den innilt mura n-abradh sí an scéal le Maol Fothartaigh.

that she would strike off her head unless she spoke.

Fecht and baí Mael Fothartaig oc imbirt fhidchille fria dá chomalta

Bhí Maol Fothartaigh uair amháin ag imirt fichille lena bheirt chomhalta,

Once Mæl-Fothartaig was playing a game of fidchell with his two foster-brothers,

.i. Dond ocus Congal, dá mac a aiti;

Donn agus Conghal, *dhá mhac a oide,*

Dond and Congal, the two sons of his fosterfather.

it eat no bítis imbi do grés.

beirt a bhíodh ina theannta i gcónaí.

They were always about him.

Gaibid ind ócben chucu co mboí oc imbirt fidchille friu.

Gabh an innilt chucu agus thosaigh ag imirt na fichille leo.

The young woman drew near them and was playing fidchell with them.

No thriallad a rád;

Thriaileadh sí ó am go h-am an scéal a tharraing anuas

She attempted to say it.

ní laimed,

ach ní leomhfadh sí é

She durst not,

no imdergtha impi.

agus tháinig luisne ina haghaidh.

She blushed.

Airigit ind fhir a n-í-sin.

Thug an bheirt chomhalta é sin fá deara.

The men notice that.

Back to top

 

Section 5

Luid Mael Fothartaig uaidib.

D’imigh Maol Fothartaigh uathu.

Mæl-Fothartaig went away.

“Cid ass áil duit-siu do rád?” ar Congal frisin mnaí.

“Caidé is áil leat a rá?” arsa Conghal leis an innilt.

“What is it that you want to say?” Congal said to the woman.

“Ní dam ass áil,” or sí,

“Ní liomsa is áil dada,” ar sise,

“Not I that want it,” said she,

“acht do ingin Echach rop áil Mael Fothartaig na cardess.”

“ach le iníon Eochaidh. Ba áil léi Maol Fothartaigh mar leannán aici.”

“but the daughter of Echaid would like to have Mæl-Fothartaig as a lover.”

“Ná h-apair, a ben,” or Congal.

“Ná cloistear uait sin, a bhean,” arsa Conghal.

“Do not say it, woman,” said Congal.

“Bia marb dianat chluine Mael Fothartaig.

“Is é do bhás a bheidh de má chloiseann Maol Fothartaigh sin.

“You will be dead if Mæl-Fothartaig hears it.

Do·gén-sa do les-su féin fris-seom chena, mad áil duit.”

Ach más áil leat é, déanfaidh mé do leas féin le Maol Fothartaigh ina áit sin.”

However, I will deal with Mæl-Fothartaig for your own advantage, if you wish it.”

Back to top

 

Section 6

At·beir ind ócben frie-si.

D’inis an innilt do bhean Rónáin cé mar bhí.

The young woman told the queen:

“Is maith lem,” or si-si,

“Is maith liom amhlaidh é,” ar sise,

“I am well pleased,” said she,

 

“mar má bhíonn tusa i do leannán aige

 

“ar ro·léma-su a rád ind aithisc

gheobhaidh tú mo theachtaireachtsa a rá leis

“for you will dare to say the message,

acht co comrís féin fris;

 

if you lie with him yourself.

ocus déna mo les-sa iarum friss.”

agus gheobhaidh tú mo leas-sa a dhéanamh leis ansin.”

And you shall deal with him on my behalf after.”

Do·gníther.

Is mar sin a socraíodh an scéal

It is done.

Foid ind ócben leis .i. la Mael Fothartaig.

agus ghlac Maol Fothartaigh an innilt mar leannán chuige.

The young woman sleeps with him, even with Mæl-Fothartaig.

“Maith tra,” or si,

“Féach,” arsa bean Rónáin leis an innilt tar eís tamaill de aimsir,

“Well, now,” said the queen,

“ní dingne-su mo les-sa a fecht-sa.

“ni dhearna tú mo leas-sa go fóill le Maol Fothartaigh.

“you still do not plead for me with him.

Is ferr let in fer ucut t’oenur.

Is é is dóigh liom gur fearr leat é bheith agat féin ar fad.

You like better to have that man for yourself alone.

Bet marb-so dano lim-sa.”

Má sea, is é do bhás a bheidh de.”

You shall die then by me.”

Back to top

 

Section 7

Feccaid in ben laa n-and ic coí fri Mael Fothartaig.

Tháinig Maol Fothartaigh lá ar an innilt agus í ag caoi.

One day the woman turns to Mæl- Fothartaig weeping.

“Cid daí, a ben?” or sé.

“Céard tá ort, a bhean?” ar seisean.

“What ails you, woman?” said he.

“Ingen Echdach oc báig mo marbtha frim,” olsi,

“Iníon Eochaidh atá ag bagairt mo mharfa orm,” ar sise,

“The daughter of Echaid is threatening to kill me,” said she,

“uair nach dénaim a lles frit-so, co comairsed frit.”

“mar nach ndéanaim a leas leatsa ionas go luífeadh sí leat.”

“for my not pleading with you that she may meet with you.”

“Dóich dano!” or sé.

“Sin scéal a bhfuil dealramh air!” ar seisean.

“A likely story!” said he.

“Ní sechbaid duit,” or sé, “ro gabais chommairchi.”

“Is maith an scéal duit gur ghlac tú coimirce uaim sarar labhair tú air.

“It was not bad of you that you have taken a safeguard.

“Dianom bertha-sa, a ben,” or sé, “i cualchlais tened fo thrí co ndernad min ocus luaith dím,

A bhean,” ar seisean, “dá gcuirfí trí huaire mé faoi chlais na tine nó go ndéantaí min agus luaith dhíom

Woman,” he said, “if I were thrust into a fiery coal-pit that would make ashes and dust of me three times,

ní chomraicfind fri mnaí Rónáin,

ní luífinn le bean Rónáin,

I would not meet with the wife of Ronan,

cid ed nomm ainsed airi sin uile.

gidh go saorfadh sin mé ón ainíde sin uile.

though all should blame me for it.

Regat-sa dano,” or sé, “for a himgabáil.”

Mar atá, imeoidh mé liom á seachaint.”

I will go, however, to avoid her.”

Back to top

 

Section 8

Luid iar sin coícait laech co mbaí hi crích Alban.

Thug sé caoga laoch ansin agus d’imigh go hAlbain.

Thereupon he went with fifty warriors into Scotland.

Fo·geib fálti móir la ríg nAlban.

Fearadh fáilte mhór roimhe ag rí Alban.

He found great welcome with the king of Scotland.

Coin le[s]-side fri míla maige,

Bhí coin ag an rí chun míola máighe d’fhiach,

He had hounds for hares,

coin fri muca,

coin d’fhiach muca

hounds for boars,

coin fri haige.

agus coin d’fhiach fia.

hounds for deer.

Nos marbtais immorro Doílín ocus Daithlend cach toffond ar úair ar a mbélaib-side .i. dá choin Maele Fothartaig.

Daoilín agus Daithleann, ámh, dhá choin Mhaoil Fhortartaigh, mharaídís ar a dturas gach géim roimh choin an rí.

But Doilin and Daithlend, two hounds of Mæl-Fothartaig, would kill every quarry in turn before them.

Cach cath ocus cach immarec no maided re ríg Alban,

Gach cath agus gach teagmháil ina raibh an bhuaidh ag rí Alban

Every host that was routed before the king of Scotland, and every fight that was won,

is Mael Fothartaig nod mbrissed.

is é Maol Fothartaigh a bhuaigh dó é.

it was the doing of Mæl-Fothartaig.

“Cid so, a Rónáin?” or Lagin.

“Cad é an scéal é seo, a Rónáin?” arsa na Laighnigh.

“What is this, o Ronan?” said the men of Leinster.

“In tusssu ruc Mael Fothartaig as tír?

“An tusa a ruaig Maol Fothartaigh as an tír?

“Did you send Mæl-Fothartaig out of the land?

Beat marb-so lin-ni mani thora a-ridisi.”

Marófar linn thú mura dtigidh sé ar ais.”

You shall die by us unless he return.”

At·fiadar dó-som ón;

Tugadh an scéal sin chuig Maol Fothartaigh

This was related to him (Mæl-F.),

do·thaot-som an-air a-ridisi.

agus d’fill sé anoir.

and he came back from the east.

Back to top

 

Section 9

Is ed do·rala an-air, do Dún Sobairchi.

Is go Dún Sobhairche a tháinig sé i dtosach ag filleadh anoir dó

This is where he chanced to come from the east, to Dunseverick.

Ferthair fáilti mór friss.

agus cuireadh fáilte mhór roimhe.

Great welcome is made for him.

“Is olc duit-siu, a Mael Fothartaig,

“Is olc an ní uaitse,” arsa Eochaidh leis,

“You do wrong, Mæl-Fothartaig,

nác[h] ruí fri ar n-ingin-ni.

“nach luíonn tú le mo iníonsa.

“that you do not go with our daughter.

Is duit dos·ratsam, ocus ní dont shenaithiuch ucut.”

Is duitse thugas í agus ní don sean-aitheach úd is athair duit.”

To you we gave her, and not to yon old churl.”

“Olc ón immorro,” ol Mael Fothartaig.

“Is olc uait mar chaint é sin go deimhin,” arsa Maol Fothartaigh.

“Bad is that indeed,” said Mæl- Fothartaig.

Back to top

 

Section 10

Do·tháet Mael Fothartaig co Laigniu,

Chuaigh Maol Fothartaigh abhaile go Laighin ansin

He went to Leinster

ocus ferait fáilti móir fris.

agus fearadh fáilte mhór roimhe.

and they make great welcome to him.

Foid ind ócben chétna leis.

Ghlac sé chuige mar leannán an ógbhean chéanna.

The same young woman sleeps with him.

“In fer uait dam-sa,”

“An fear sin uait domsa,”

“I want the man from you,”

or ingen Echdach fria sétchi,

arsa iníon Eochaidh leis an innilt,

said the daughter of Echaid to her attendant,

“nó bás fort béolu!”

“nó is é do bhás bheidh de!”

“or death upon your head!”

Ad·fét-side do Mael Fothartaig.

D’inis an innilt sin do Mhaol Fothartaigh.

She told Mæl-Fothartaig.

“Cid do·gén friss so, a Chongail?” or Mael Fothartaig.

“Céard a dhéanfaidh mé faoi seo, a Chonghail?” arsa Maol Fothartaigh lena chomhalta.

“What shall I do in this matter, Congal?” said Mæl-Fothartaig.

“Tuc a lóg dam-sa,” or Congal,

“Má thugann tú luach saothair domsa ann,” arsa Conghal,

“Give me a reward for it,” said Congal,

“ocus dingébat in mnaí dít

“cuirfidh mé an bhean díot

“and I will keep the woman off you

connáchat imráidfe etir.”

ar mhodh ná smaointeoidh sí arís ort.”

so that she shall no longer think of you.”

“Rot bia mo ech cona shrian ocus mo dechelt,” or Mael Fothartaig.

“Gheobhair mo each gona shrian agus mo bhrat ina theannta,” arsa Maol Fothartaigh.

 “You shall have my horse with its bridle, and my dress,” said Mæl-Fothartaig.

“Ní géb,” ar Congal,

“Ní ghlacfaidh mé uait,” arsa Conghal,

“Nought will I take,” said Congal,

“acht na dá choin, co rraib mo shelb forru na-mmá.”

“ach do dhá choin le bheith i mo sheilbh féin amháin.”

“save the two hounds, so that they shall be in my possession only.”

“Rot biat,” or Mael Fothartaig.

“Gheobhaidh tú iad,” arsa Maol Fothartaigh.

 “You shall have them,” said Mæl- Fothartaig.

“Airg-siu ám i-mbárach,” ar Congal,

“Imigh thusa amárach,” arsa Conghal,

“Go then to-morrow,” said Congal,

“co mbé oc Buaib Aífe oc taffond.”

“go Ba Aoife agus bí ag fiach míol máighe ann.”

“and hunt at the ‘Cows of Aife’.”

(Bae Aífi .i. clocha filet la tóeb int shléibe.

(Clocha a bhí ar thaoibh nó ar ‘aoife’ an tsléibhe ab ea Ba Aoife.

(The ‘Cows of Aife’ are stones which are on the side of the mountain.

It cosmaile fri bú finna do chéin.

Ba cosúil i gcéin iad le ba fionna.

They are like white cows from afar.

For aífe int shléibe a·taat.)

*Ar ‘aoife’ an tsléibhe atáid).

They stand on the aife of the mountain.)

“Eirg-siu didiu co rrabais oc mílruth and.

“Téigh as sin chun dul ag fiach ann.*

“Go and hunt there.

Ocus dálfaid in ben a ssétchi chucund,

Seolfaidh an innilt a máistreás chugainne.

And the woman shall send her mistress to a tryst with us,

ocus no cureb-sa dít.”

Agus fág fúmsa í chur díot.”

and I will put her from you.”

“Ba fír són.” As·bert a sétig frie.

“Sin mar dhéanfaidh mé,” dúirt a máistreás leis an innilt.

“It shall be done,” said her mistress to her.

Ba fota lee co matain.

Dob fhada léi go maidin.

It seemed long to her till morning.

Back to top

 

Section 11

Do-llotar arna-bárach ina n-urdáil.

Arna bhárach, d’imigh siad don choinne

On the morrow they went to the tryst,

Co n-accatar Congal ar a ciund.

agus fuair siad Conghal sa bhealach rompu.

and saw Congal before them.

“Cia leth so, a dorman?” or sé.

“Cá bhfuil do thriall, a striapach?” ar seisean.

“Whither away, harlot?” he said.

“Ní maith duit imthecht t’oenur,

“Ní maith duit imeacht i do aonar,

“You can be about no good walking about alone,

acht mani[d] dáil fir no théig.

muran ag dul i gcoinne le fear atá tú.

(or about anything) unless coming to a tryst with a man.

Eirgg dot tig,” ar sé, “ocus beir miscaid.”

Fill ar do theach,” ar sé, “agus drochrath go raibh ort.”

Go home,” he said, “and take a curse.”

Luid Congal lee coa teg.

Thug Conghal ar ais chun an tí í

Congal went with her to her house.

Co n-accatar cuccu do-ridisi.

ach chonaic siad chucu arís í.

And they saw her coming towards them once more.

“Amein,” ar Congal,

“An mar sin atá,” arsa Conghal.

“Is it thus,” said Congal,

“is imdergad ríg Lagen iss áil duit, a drochben!

“An é is áil leat Rí Laighean a náiriú, a dhrochbhean!

“you want to disgrace the king of Leinster, you vile woman!

Dianat accur-sa do-ridisi,” or sé,

Má fheicim anseo arís thú,” ar seisean,

If I see you again,

“bérat do chend co rraib for cuailli ar bélaib Rónáin.

“bhéarfaidh mé do cheann ar chuaille i láthair Rónáin.

I shall take your head and put it on a stake before the face of Ronan.

Drochben dia imdergad

Drochbhean ag tabhairt náire dhó

A bad woman to disgrace him

i claidib ocus muinib

ag imeacht thar chlathacha agus trí mhuiní

in ditches and brakes

a hoínur i ndáil gilla.”

ina haonar chun coinne le hógánach.”

alone to meet a lad.”

Ro gab echlaisc di conda fargaib ina tig.

Thóg sé eachlasc chuici gur thiomáin sé ar ais chun a tí féin í.

He laid a horse-whip on her and left her in her house.

“Ro·bér-sa dano,” or sí, “loim fola it beolu-so.”

“Bhéarfaidh mise,” ar sise, “scaird fola thar do bhéalsa amach ina dhíol seo.”

“I will spout a jet of blood in your face,” said she.

Back to top

 

Section 12

Tic Rónán dia thig.

Tháinig Rónán abhaile

Ronan came home.

Do·thaet a munter ria Maíl Fothartaig is-tech.

agus chuaigh muintir Mhaoil Fhothartaigh isteach i dteach an Rí

Mæl-Fothartaig’s men came into the house before him.

Anaid-seom a oenur a-mmaig oc mílruth.

ach d’fhan sé féin ina aonar amuigh ag fiach.

He stays alone without, ahunting.

“Cade Mael Fothartaig i-nnocht, a Chongail?” ar Rónán.

“Cá bhfuil Maol Fothartaigh anocht, a Chonghail?” arsa Rónán.

“Where is Mæl-Fothartaig to-night, Congal?” said Ronan.

“A·tá i-mmaig,” ar Congal.

“Tá sé amuigh,” ar Conghal.

“He is without,” said Congal.

“Fé amai mo mac-sa do bith i-mmaig a oenur

“Is mairg mo mhacsa bheith amuigh ina aonar

“Woe is me, my son to be abroad alone,

ocus a lín dia tabair mathius.”

agus a liachtaí duine dá dtugann sé maitheas.”

and the number to whom he gives good things.”

“Ro bodrais sind,” or sí, “oc imrádud do maic.”

“Táimid bodhar agat,” arsa bean Rónáin, “ag caint ar do mhac.”

“You have made us deaf with talking about your son,” said his wife.

“Is cóir a imrádud,” ol Rónán,

“Is cóir labhairt air,” arsa Rónán.

“It is right to talk of him,” said Ronan.

“ar ní fil i nHérinn mac as fherr do réir a athar.

“Níl in Éirinn mac is fearr ná é ag déanamh réir a athar.

“For there is not in Ireland a son better according to the wish of his father.

Ár is cumma a ét

Agus is mar a chéile a éad

For his jealousy

 

fá mo onóirse

on my behalf

 

 

is the same

immon fer ocus immon mnaí

i measc daoine

both with men and women

oc Áth Clíath

ag Áth Cliath

at Ath Cliath

ocus oc Clár Daire Móir

agus ag Clár Doire Mhór

and at Clár Daire Móir

ocus oc Drochiut Charpri

agus ag Droichead Chairbre

and at Drochet Cairpri

amail bid a anim fessin no beth

agus dá mba é a anam féin bheadh i gceist,

as if it were (for) his own soul,

mom dágin-se,

 

 

corop sám dam ocus duit-siu, a ben,” ar Rónán.

ionas nach miste domsa agus duitse bheith sámh, a bhean.”

so that there is ease for me and for you, woman,” said Ronan.

“Ní étann úam-si ám,” or si-si, “in sámchaire ass áil dó

“Ní bhfaighidh sé uaimse, ámh,” ar sise, “an tsáimhe ab áil leis,

“Forsooth,” she said, “he shall not get from me the ease that he wishes,

.i. comrac frim dot chind-so.

luí liomsa i do áitse.

even to meet with me to your dishonour.

Nocha beo-sa iarum oc gabáil fris ní bas síriu.

Go deimhin ní beo bheadsa ag cur ina choinne níos faide.

I shall not be alive withstanding him any longer.

Rom·uc-sa Congal chuci co bo thrí ó matin

Trí huaire ó mhaidin inniu rug Conghal mise chuige

Congal has taken me to him three times since morning,

co n-erlós ar écin assa lámaib.”

gur ar éigin d’éalaigh mé as a lámha.”

so that I with difficulty escaped from his hands.”

“Mallacht fort beolu, a drochben!” ar Rónán.

“Mallacht ar do bhéal, a dhrochbhean!” arsa Rónán.

“Malediction on your lips, you bad woman!” said Ronan.

“Is gó duit.”

“Is bréag duit sin.”

“It is false.”

“At·chicera didiu comartha airi inn-ossa,” or si-ssi.

“Feicfidh tú fianaise air anois,” ar sise.

“You will see then a proof of it now,” said she.

“Géb-sa lethrand

“Gabhfadsa leathrann

“I will sing half a quatrain

dús in ba cubaid frissa ngéba-som.”

féachaint an mbeidh sé ag cur lena ngabhann seisean.”

to see whether it will fit with what he (M. F.) will sing.”

Do·gníth-som ón cech n-aidchi do airiuc thuli di-ssi.

Bhíodh sé de chleachtadh ag Maol Fothartaigh sin a dhéanamh gach oíche mar shásamh di-se:

He used to do this every night to please her.

No gaibed-som lethrand,

chanadh seisean leathrann

He would sing one half quatrain,

no gaibed-si a lleth n-aill.

agus chuirfeadh sise an leath eile leis.

she would sing the other half.

Back to top

 

Section 13

Do·lluid-som didiu a-mmaig

Tháinig Maol Fothartaigh isteach.

He (M. F.) came in then

co m-boí oc tírad a cholptha frisin tenid,

Bhí sé ag tirimiú a cholpaí ag an tine

and was drying his shins at the fire,

ocus Congal inna fharrad.

agus Conghal lena thaoibh.

and Congal by his side.

Buí in drúth Mael Fothartaig .i. Mac Glass, oc clessaib for lár in taige.

Bhí Mac Ghlas, drúth Mhaoil Fhothartaigh, ag déanamh cleasa ar urlár an tí.

His jester Mac Glass was at his games on the floor of the house.

Is and as·bert, ar rop úar in laa

Labhair Maol Fothartaigh ansin, agus ó ba fuar é an lá, ar seisean:

Then he said, for the day was cold:

 

 

 

“Is úar fri cloï ngaeithe

“Is fuar ó shiab na gaoithe

“It is cold against the whirlwind

do neoch in·gair Bú Aífe.”

don té i bhfeighil Bha Aoife.”

For any one herding the cows of Aife.”

 

 

 

“Cluinti seo, a Rónáin,” or si-si.

“An gcluin tú sin, a Rónáin,” ar sise.

“Hear this, Ronan,” said she.

“Gaib sin do-ridisi,” or sí.

“Gabh arís é,” ar sí.

“Sing that again,” said she.

 

 

 

“Is úar fri cloï ngaíthe

“Is fuar ó shiab na gaoithe

“It is cold against the whirlwind

do neoch in·gair Bú Aífe.”

don té i bhfeighil Bha Aoife.” ar sé.

For any one herding the cows of Aife.”

 

 

 

“Iss ed ingaire mada,” or si-se

Ar sise: “Dar liom is buachailleacht amú

Said she: “It is a vain herding,

“cen bú, cen nech no chara.”

gan ba, gan neach dod ghráú.”

With no kine, with no lover to meet.”

 

 

 

(.i. “sech ní ránac-sa, ní thucais-siu na bú lat.”)

(Á chur i gcéill nach é amháin nach dtug sé na ba leis ach nach dtáinig sí féin chuige ach oiread).

(that is, “neither did I come, nor did you take the cows with you.”)

Back to top

 

Section 14

“Is fír són a fecht-sa,” ol Rónán.

“Is fíor don scéal, mar sin,” arsa Rónán.

“It is true this time,” said Ronan.

Caur ro baí for láim Rónáin .i. Aedán mac Fiachnai Lára.

Bhí curadh láimh le Rónán, Aodhán mac Fiachna Lára.

There was a warrior by Ronan’s side, Aedan son of Fiachna Lara.

“A Aedán,” or sé,

“A Aodháin,” arsa Rónán,

“O Aedan,” said he,

“gaí i mMael Fothartaig, ocus riced ní uait dano Congal.”

“cuir ga i Maol Fothartaigh agus ceann eile i gConghal.”

“a spear into Mæl-Fothartaig, and another into Congal.”

Ó ro boí a druim friu frisin tenid,

Nuair bhí droim Mhaoil Fhothartaigh leo ag an tine

When he had turned his back to them by the fire,

nod clanna Aedán ind in gaí,

chuir Aodhán an ga ann

Aedan planted the spear in him,

co rruc a rrindi triit,

go ndeachaigh a rinn tríd

so that he put its points through him,

co tarlai ina shuidi.

agus gur leag ina shuí é.

as he was on his seat.

Oc éirgiu do Chongal

Ag éirí do Chonghal

As Congal rose

dos·beir Aedán in ngaí ind co tarla trína chride.

chuir Aodhán ga eile ann trína chroí.

Aedan thrust a spear into him, so that it passed through his heart.

Ro leblaing in drúth.

Thug an drúth amas ar theitheadh

The jester jumped up.

Dos·léce Aedán in gae ina diaid co rruc a inathar ass.

ach theilg Aodhán ga ina dhiaidh agus d’fhág a ionathair ag sileadh as.

Aedan sent a spear after him so that it brought his bowels out.

“Is lór, a Aedán, immot·beri forna feraib!”

“Is leor, a Aodháin, a bhfuil déanta agat ar mo mhuintir!”

“You have wrought enough on the men, o Aedan!”

or Mael Fothartaig assa shuidi.

arsa Maol Fothartaigh, ón áit a raibh sé ina shuí.

said Mæl-Fothartaig from his seat.

Back to top

 

Section 15

“Sirsan dúib ám,” ar Rónán,

“Bhí an t-ádh sin acu,” arsa Rónán,

“It was their luck,” said Ronan,

“ná fuarais-[s]iu mnaí do guidi acht mo ben-sa.”

“ó ná fuair tusa bean ar bith chun do mhian ach mo bheansa.”

“that you found no woman to solicit but my wife.”

“Is truag in bréc sin, a Rónán,” or in gilla, “do·ratad immut,

“Is trua an bhréag sin a mheall thú, a Rónáin,” arsa Maol Fothartaigh,

“Wretched is that falsehood, o Ronan,” said the youth, “which has been put on you

marbad d’oenmaic cen chinaid.

“do aonmhac a mharú gan cionta.

to kill your only son without guilt.

Dar th’ordan-su ocus darsin dáil i tiag-sa .i. dál báis,

Dar do ghradam rí agus dar coinne an bháis i bhfuilim anois ag dul,

By your rank and by the tryst to which I go, the tryst with death,

ní mó mo chin-sa do imrádud comraic frie

ní ciontach mé sa smaointiú féin ar luí léi

not greater is my guilt to think of meeting with her

ol-daas con·rísainn frim máthair,

ach oiread agus luífinn lem mháthair.

than that I should meet with my mother.

acht a·tá ocom chungid ó thánic a tír-se,

Tá sí am iarraidhse ó tháinig sí sa tír seo.

But she has been soliciting me since she came into this land,

conda tuc Congal fo thrí i-ndiu for cúlu nácham rosed-sa.

Inniu féin thug Conghal ar ais trí huaire í i dtreo is ná sroichfeadh sí fhaid liom.

and Congal has taken her back three times to-day that she might not meet me.

Ní buí cin a marbtha la Congal.”

Níor thuill Conghal a mharú.”

There was no guilt in Congal that you should kill him.”

Back to top

 

Section 16

No bered immorro in fiach a inathar ón drúth for irdrochiut.

Bhí fiach dubh ag tabhairt ionathair an drúith chomh fada leis an droichead os comhair an tí.

Then the raven carried the bowels of the jester on to the front-bridge …

No fhencad a beolu.

Chamfadh seisean a bhéal gach uair.

*He was contorting his mouth.*

No thibtís ind athig.

Do gháireadh an chosmhuintir amuigh faoi sin.

The churls were laughing.

Mebul la Mael Fothartaig.

Ba náir le Maol Fothartaig an ní sin

Mæl-Fothartaig thought it a villainy.

Is and as·bert-som

agus ar seisean:

He said:

 

 

 

“A Mic Glais

“A Mhic Ghlais,

“O Mac Glass,

timthais t’inathar inniut,

fáisc do ionathair ionat;

Gather your bowels in,

cid ná fetar-su náire,

gidh duit nach eol a náire

Though you know no shame,

athaig oc gáire immut.”

tá daoir ag gáire umat.”

Churls are laughing at you.”

 

 

 

Marba iarum a triur.

D’éag an triúr ansin

Thereafter the three died.

Ructha i tech fo leith.

agus tugadh iad go teach ar leith.

They were taken into a house apart.

Luid Rónán co mbuí fó chind a maic tri laa ocus teora aidhche.

D’fhan Rónán ag faire os cionn coirp a mhic trí lá agus trí oíche.

Ronan went and sat at the head of his son three days and three nights.

Luid immorro Dond comalta Mael Fothartaig, bráthair Congaile,

D’imigh Donn, comhalta Mhaoil Fhothartaigh agus deartháir Chonghail,

But Dond, Mæl-Fothartaig’s foster-brother, Congal’s brother, went

fichit marcach co Dún Sobairche,

do Dún Sobhairche agus fiche marcach in éineacht leis.

with twenty horsemen to Dunseverick.

co tartsat bréic im Echdaig do thuidecht co hor críche

Mheall sé Eochaidh chun teacht go teorainn a chríche

They decoyed Echaid to come to the border of the land,

ar cend Mael Fothartaig ar tabairt a ingini-seom for aithed,

chun bualadh le Maol Fothartaigh le scéala bréagach é bheith imithe ar éaló lena iníon.

as it were to meet Mæl-Fothartaig that had eloped with his daughter.

co tucsat a chend agus cend a maic agus a mná.

Thug Donn leis ceann Eochaidh agus ceann a mhic agus ceann a mhná.

And they took his head and the heads of his son and of his wife.

Back to top

 

Section 17

Is and as·bert Rónán fo chind a maicc:

Is ansin a labhair Rónán os cionn a mhic:

Then said Ronan (sitting) at the head of his son:

 

 

 

“Is h-uar fri clóï ngaíthe

“Is fuar ó shiab na gaoithe

“It is cold against the whirlwind

do neoch in·gair Bú Aífe;

don té i bhfeighil Bha Aoife:

For any one herding the cows of Aife.

iss ed ingaire mada

dar liom is buachailleacht amú

That is a vain herding,

cen bú, cen nech no chara.

gan ba, gan neach dod ghráú.

With no cows, with no one to love.

 

 

 

Is úar gaeth

Is fuar gaoth

Cold is the wind

i ndorus tige na llaech;

i ndoras tí na laoch:

In front of the warriors’ house:

batar inmaine laoich,

ba ionmhain liomsa na laoich,

They were dear warriors

bítis etrainn ocus gaíth.

bhídís idir mé is gaoith.

That were between me and the wind.

 

 

 

Cotail, a ingen Echach,

Codail, a iníon Eochaidh,

Sleep, daughter of Echaid,

is mór aichri na gaíthi;

is mór géire na gaoithe:

Great is the bitterness of the wind:

saeth lim-sa Mael Fothartaig

mairg liomsa Maol Fothartaigh

Woe is me, Mæl-Fothartaig

do guin i cin mná baíthe.

á ghoin fá choir mhná baoithe.

Is slain for the guilt of a lustful woman.

 

 

 

Cotail, a ingen Echach;

Codail, a iníon Eochaidh,

Sleep, daughter of Echaid,

ní sám lim, cen co tola,

ní sámh dom bíodh ná codlair,

There is no rest for me though thou sleep not,

aicsin Mael[e] Fothartaig

ag féachaint Mhaoil Fhothartaigh

To see Mæl-Fothartaig

inna léni lán fhola.”

ina léine lán fola.”

In his shirt full of blood.”

Back to top

 

Section 18

Ingen Echach:

Arsa iníon Eochaidh:

The daughter of Echaid (said):

 

 

 

“Mo-nuar, a marbáin chúili,” or si-si

“Mairg, a mharbháin sa chúinne,

“Woe is me, o corpse in the corner,

“immon·rualaid lín súle,

ort a luíodh cách a súile,

That wast the mark of many eyes,

a ndo·ringénsam do chul,

a ndearna mise de choir

The sin that we committed

rop sí do phian iat t’athchur.”

gur ortsa bhí a fhulang.”

It was thy torment after thy banishment.”

 

 

 

Rónán:

Do fhreagair Rónán í:

Ronan (said):

 

 

 

“Cotail, a ingen Echach,

“Codail, a iníon Eochaidh,

“Sleep, daughter of Echaid,

nídat mera na doene;

ní amadáin na daoine,

Men are not mad:

cia broína-so do brattán

más fliuch ded chaoi do bhratán

Though thou hast wetted thy mantle,

ní hé mo maccán chaíne.”

ní hé mo mhacsa chaoinir.”

It is not my son thou dost bewail.”

 

 

 

Is and-sin trá tánic Dond

Is ag an uair sin a tháinig Donn isteach,

Then came Dond

co tarlaic cend a h-athar for a brunni-si,

agus theilg sé ceann an athar in ucht na hiníne

and threw the head of her father on her breast,

ocus cend a mmáthar ocus cend a derbráthar.

agus ceann a máthar agus ceann a dearthár.

and her mother’s head and her brother’s head.

At·raig suas iar sin

D’éirigh sí suas

Thereupon she arose

co tarlaic imma scín

agus caith í féin ar bhior a scine

and threw herself on to her knife,

co mbuí triana druim suas iar sin.

go raibh trína droim suas inti.

so that it was through her back up.

Back to top

 

Section 19

Is and as·bert Rónán.

Labhair Rónán ansin:

Then said Ronan:

 

 

 

“Ro gab Eochaid oenléni

“Tá Eochaidh anois in eisléine

“Echaid has got but one shirt

iar mbeith i lleind loborde;

ar ár ghnáth bratán álainn;

After having been in a *long warm* mantle

in brónán fil for Dún nÁis

an brón atá ar Dhún Náis

The sorrow that is on Dun Ais

a·tá for Dún Soborche.

tá freisin i nDún Sobhairche.

Is on Dunseverick.

 

 

 

Tabraid biäd, tabraid dig

Tugaigí bia, tugaigí deoch

Give ye food, give drink

do choin Maoile Fothartaig,

do choin Mhaoil Fhothartaigh,

To the hound of Mæl-Fothartaig,

ocus tabrad nech aile

agus tugadh neach eile

And let some one else give

biäd do choin Chongaile.

bia do choin Chonghail.

Food to the hound of Congal.

 

 

 

Tabraid biäd, tabraid dig

Tugaigí bia, tugaigí deoch

Give food, give drink

do choin Maíle Fothertaig,

do choin Mhaoil Fhothartaigh,

To the hound of Mæl-Fothartaig,

cú fir do·bér(e)ad biäd

cú an fhir a bhéarfadh bia

The hound of a man who would give food

do neoch, cid luaig no criäd.

do dhuine pé méid a d’iarrfadh.

To any one, whatever reward he might get.

 

 

 

Saeth lim cúrad Dathlinne

Mairg liom céasadh Daithlinne

Sad to me is the torture of Dathlenn,

flescaib tinne dar toebu;

agus a heasnaí trína cliabh,

With rods of steel over her sides,

ní fil ar n-aithber fuirri,

ní uirthi chuirim aifear,

Our reproach is not on her,

ní sí ro rir ar coemu.

ní ise dhíol mo chaoinmhac.

It is not she who sold our dear ones.

 

 

 

Doíléne

Mairg liom Daoilín,

Doiline

acum-sa fo·rroígéne;

is dom féin a fhónfaidh sí,

*It is she who served me,*

a cend fo choim cáich ar uair

ag cur a cinn i gcoim gach duine

(Thrusting) her head into the lap of one after another,

oc cungid neich ná fogébe.

a lorg an té ná faighidh sí.

Seeking one whom she will not find.

 

 

 

Ind fhir, ind óïc, ind eich,

Na fir, na giollaí, na heich

The men, the youths, the horses,

bítis im Mael Fothartaig,

a bhíodh um Mhaol Fothartaigh,

That were around Mæl-Fothartaig,

níptís formtig caemnai neich

níor ghá dóibh bheith ag lorg cabhrach

They would not envy any one’s cheer,

i mbethaid a n-airchinnig.

an fhaid ba beo dá gceannaire.

While their Chief was alive.

 

 

 

Ind fhir, ind óïc, ind eich,

*Na fir, na giollaí, na heich

The men, the youths, the horses,

bítis im Mael Fothartaig,

a bhíodh um Mhaol Fothartaigh,

That were around Mæl-Fothartaig,

do·gnítis cen cosc a-maig

dhéanaidís gan chosc amuigh (?),

They would do without …,

fo·fhertais graffaind graigig.

chuiridís rásaí capall ar siúl.*

They would run a race of steeds.

 

 

 

Ind fhir, ind óïc, ind eich,

Na fir, na giollaí, na heich

The men, the youths, the horses,

bítis im Mael Fothartaig

a bhíodh um Mhaol Fothartaigh,

That were around Mæl-Fothartaig,

batar menci-som uaraib

is iomaí uair d’ardaídís gáir

Many a time they would set up

fo ilaig iar mbithbuadaib.

ar éis dóibh an bhuaidh fháil.

Triumphant shouts after lasting victories.

 

 

 

Munter Mael[e] Fothartaig,

Muintir Mhaoil Fhothartaigh,

The men of Mæl-Fothertaig,

cet lim cenptís desruithe;

gidh cinnte mé nach athlaoich iad,

I allow they were not insignificant;

ní maith ro gabsat oc fir

ní maith sheasaimh siad don fhear

Not well they stood by a man

do·ficed a n-esbuide.

a fhreastail riamh a n-easpa.

Who would come when they needed him.

 

 

 

Mo mac-sa Mael Fothartaig

Mo mhacsa, Maol Fothartaigh,

My son Mæl-Fothartaig,

diambo adba fid fata,

a mba áras dó an choill ard,

Whose abode was the tall forest,

ní scoirtis cen immaire

ní scaradh rí ná rídhamhna uaidh

Kings and royal princes

ríg ná rígdomna aca.

gan comhartha measa agus umhla.

Would not part from him without great respect.

 

 

 

Mo mac-sa Mael Fothartaig

Mo mhacsa, Maol Fothartaigh,

My son Mæl-Fothartaig

im[m]e·réid Albain oraig,

chuartaigh sé Alba chuantach,

Traversed Scotland of coasts:

ba laech etir laechradaib,

ba laoch idir laochra é,

He was a warrior among hosts of warriors,

im·bered a baind foraib.

d’imríodh sé a ghaisce orthu.

When he would achieve his deeds on them.

 

 

 

Mo mac-sa Mael Fothartaig

Mo mhacsa, Maol Fothartaigh,

My son Mæl-Fothartaig,

ba hé cunnid na cuane,

ba é príomhchú na cuaine é,

He was the support of the host:

eo find fota for lassair

mo bhradán fada fionn ar lasadh

The white tall flashing salmon.

ro gab adba co n-uare.”

tá sé anois in áras fuar.”

Hath taken a cold dwelling.”

Is uar.

 

 

Back to top

 

Section 20

Iar sin trá bátar Lagin im Rónán ocon cháiniud.

Bhí na Laighnigh timpeall ar Rónán agus é ag caoineadh.

Then the men of Leinster around Ronan were at the keening.

Roíntir Rónán dar a ais.

Leagadar síar thar a ais ar an talamh é.

Ronan is thrown on his back.

Tiagair for tairr Aedáin

Chuathas ansin ar thóir Aodháin

They go on the track of Aedan,

ocus air·gabthair la da mac Mael[e] Fothartaig .i. Aed ocus Mael Tuile.

agus gabhadh é ag beirt mhac Mhaoil Fhothartaigh, Aodh agus Maol Tuile.

and he is seized by Mæl-Fothartaig’s two sons, Aed and Mæl-Tuile.

Nod goin int Aed co n-derna criathar focha de.

Chuir Aodh a shleá ann nó go ndearna sé criathar beach de.

Aed wounded him and riddled him with a spear.

“Nom léicid suas, a ócu,” or sé, “manip mo marbad as áil dúib.

“Ligígí dom éirí, a ógfheara,” arsa Rónán, “muran é is áil libh mé mharú.

“Let me get up, warriors,” said Ronan, “unless you wish to kill me.

In marb in fer?” or sé.

An marbh do Aodhán?” ar sé.

Is the man dead?” said he.

“Marb immorro,” or ind óic.

“Is marbh, gan amhras,” arsa na hógfhir.

“Dead indeed,” said the warriors.

“Cia rod marb?” or sé.

“Cé mharaigh é?” arsa Rónán.

“Who killed him?” said he.

“Rod marb Aed,” ar ind óic.

“Aodh a mharaigh é,” ar siad.

“Aed slew him,” said the warriors.

“Mael Tuile in rubai?” or sé.

“An raibh páirt ag Maol Tuile ann?” ar seisean.

“Did Mæl-Tuile wound him?” said he.

“Náthó,” ar ind óic.

“Ní raibh,” arsa na hógfhir.

“No,” said the warriors.

“Níra gona duine co bráth!” or sé.

“Nár ghona sé duine eile go brách!” arsa Rónán.

“May he not wound a man till Doom!” said he.

“Buaid ngaile immorro ocus gaiscid don mac rod mbí.”

*Bua gaile agus gaisce don mhac a mharaigh é. *

“But the palm of prowess and of valour to the boy that slew him.”

Back to top

 

Section 21

Is and as·bert Rónán

*Is ansin adúirt Rónán:*

Then said Ronan:

 

 

 

“Is mór bríg

“Ba dhána an mhaise í

“It is a great thing

do mac aithig guin maic ríg;

mac aithigh ag goin mhic rí,

For the son of a churl to slay the son of  a king,

ba mend ina ló dála

ba shoiléir sin i lá a bháis

That was clear on his day of death

d’Aedán mac Fhiachnai Lára.”

d’Aodhán mac Fiachna Lára.”

To Aedan, son of Fiachna Lara.”

 

 

 

Tucad trá iar sin in cocad chucai-seom co dorus in taige.

Is ansin a dhruid an cath idir mhuintir Rónáin agus mhuintir Mhaoil Fhothartaigh anall chuig doras tí an rí.

Then the fight was carried near him up to the front of the house,

Is and as·bert-som:

Ar seisean:

and he said:

 

 

 

“[In] cocad-so forsin maig

“An cogadh seo ar an mháigh

“This battle on the plain

anim cen Mael Fothartaig;

cathfidh mé é sheasamh gan Maol Fothartaigh,

I await without Mæl-Fothartaig:

toeb frisin cocad nuä

ró-dhéanach anois don sean-laoch

Awaiting the new fight

ní fhulaing in senruä.”

aghaidh a thabhairt ar chogadh nua.”

He does not support the old …”

 

 

 

La sodain maidid a loim fola for a beolu

Leis sin do ling scaird fola thar a bheola amach

At that a spout of blood broke over his lips

ocus at·bail fo chétóir.

agus d’éag sé ar an láthair.

and he died forthwith.

Fingal Rónáin in sin.

Ag sin Fionghal Rónáin.

That is how Ronan slew his son.

Back to top

 

Section 22

Mac dano do Rónán Mael Fathardaig;

*However, Mael Fathartaig was Ronan’s son;

is eside ro marbad la athair tria h-ét,

it was he who was killed by his father through jealousy,

amal is irdairc,

as is well-known,

ocus ní fárcaib claind;

and he left no children;

tamen inuenitur in alio loco habuisse duos filios,

however, it is found in another place that he had two sons,

id est Mael Tuile scilicet ocus Aed,

that is, Mael Tuile and Aed,

qui interfectorum patris sui, uidelicet Aedán filium Fiacha, in contentione Lára interfecit,

who killed his father’s murderer, namely, Aedán son of Fiacha, in the battle of Lara,

unde dicitur

whence it is said:

 

 

Is mór gním

It is a great thing

do mac aithich guin maic ríg;

For the son of a churl to slay the son of a king;

is mend hi llaithiu dála

That was clear on his day of death

Aedán mac Fiachnae Lára.

To Aedan, son of Fiachna Lara.*

Back to top

 

Section 23

Eochaid Iarlaithe rí Dáil Araidhe

Eochaid Iarlathe, king of Dál Araide,

do marbad do chomhailtibh Maoil Fothartaigh mic Rónáin.

was killed by the foster-brothers of Máel Fathardaig son of Rónán.

Uair ingen d’Eochaid Iarlaithe ro bháoi ag Rónán, ag rí Laigen;

For the daughter of Eochaid Iarlathe was wife of Rónán, king of the Laigin.

óg an ingen, sen an Rónán,

The girl was young, and Rónán was old,

go ttug sí grádh do mac Rónáin .i. do Mhaol Fothartaig,

so she fell in love with Rónán’s son, Máel Fathardaig,

agus go raibh si ga ghuidhe go fada

and she was always soliciting him,

agus ni fhuair uaidh a faomhadh;

but she did not get his consent;

agus ór ná fúair, as eadh dorigne,

and since she did not get it, this is what she did:

cumdach a cinn do mhionughadh,

she broke her head-ornament,

agus a haighidh do sgríobadh,

and scratched her face,

agus fuilredh ma haighidh,

and bloodied her face,

agus toidheacht d’ionnsoigh Ronáin amhlaidh sin.

and came to Rónán like that.

“Créd sin, a ingen?” ar Ronán.

“What is that, girl?” asked Rónán.

“Do mhac súgachsa,” ar sí, “Maol Fothartaig,

“Your carefree son, Máel Fathardaig,” she said,

dom shárughadh agus mo brisiodh dhó, agus comhrac frium.”

“has violated me, and forced me, and lain with me.”

Marbthar [Maol Fothartaigh] la Ronán iar sin.

Consequently he was killed by Rónán.

Tiaghaid dano comhaltadha Maoil Fothartaigh iar sin

Afterwards Máel Fathardaig’s foster-brothers went

go nuig bail i raibhe Eochuidhe Iarlaithe

to the place where Eochaid Iarlathe was,

agus gairmid leo amach é ó chách

and they called him outside away from everyone,

agus marbhaid i gcionta na nerna a ingen.

and they killed him because of what his daughter had done.

Unde Flaittir cecinit:

Thus Flaittir sang:

 

 

Indiú dellioghair lige

Today Eochaid son of Fiachna Lurgan

Eochaidh mic Fiachach Lurgan;

has lain down

i n-úir Cille Coindeire

in the clay of Cell Condere;

ro gabh roithes a ghulban.

     .     .     .     .     .     .      .      .

 

 

Ra gabh Eochaidh aoncaimse

Eochaid has taken a single shirt

ina linn leabairthe;

instead of a long warm robe;

brónan fil for Dhún

the sorrow that is upon Dún [Náis]

atá for Dún Sobhairche.

is upon Dún Sobairche.

Back to top