Irish Sagas at UCC University College Cork

CDI
CELT

 

Bóroma

Extracts

I.

The daughters of Tuathal Techmar (§§1-12)

II.

Aed mac Ainmerech and Brandub mac Echach (§§43-94, 105-120)

III.

Finnachta Fledach and Molling Luachra (§§125-155, 161-162)


The daughters of Tuathal Techmar (§§1-12)

§1

§2

§3

§4

§5

§6

§7

§8

§9

§10

§11

§12

Complete file (PDF)

 

Note to the reader:
While Stokes’ edition is based on the version of the saga in the Book of Leinster (LL), he incorporates some extracts from the version in the Book of Lecan (L). Alternative readings from the latter are also given in footnotes. In this presentation, these footnotes are incorporated into the text.


Section 1

ARDrí rogab for Herinn

Do ghabh ardrí ar Éirinn,

There was a chief-king that overcame Erin,

.i. Túathal Techtmar mac Fiachach
Findolaid

eadhon, Tuathal Teachtmhar, mac Fiachach Findolaidh,

even Tuathal Techtmar son of Fiacha Find-fholaid

maic Fheradaig Fhind fhechtnaig.

mhic Feradaigh Finn Feachtnaigh.

son of Feradach Find-fhechtnach.

IS é in Tuathal-sain rogab Herinn arécin.

Is é an Tuathal sin do ghabh Éire ar éigean.

It is that Tuathal who seized Ireland perforce.

IS leis romarbad Ellim mac Conrach i cath Aichle i tæb Themrach,

Is leis do marbhadh Ellim mac Conrach i gcath Aichle i dtaoibh Teamhrach;

By him was slain Ellim son of Conra in the battle of Aichle beside Tara;

ocus robris cóic catha fhichet for Ultaib,

agus is é do bhris cúig catha fichid ar Ultaibh,

and he routed the Ulaid in five and twenty battles

ocus a cóic fichet aile for Laigniu,

agus cúig fichid eile ar Laighnigh,

and the Leinstermen in other five and twenty,

ocus a .xxxu. for firi [leg. firu] Muman

agus cúig triochad ar fhearaibh Mumhan,

and the men of Munster in thirty-five,

ocus a .xxu. for Connachta.

agus cúig fichid ar Chonnachtaibh.

and the Connacians in twenty-five.

I Ndígail sain marbtha a athar ocus a shenathar sain

Ba h-é sin i ndioghail marbhtha a athar agus a shean-athar,

That was in revenge for the slaying of his father and his grandfather

romarbsat athechthúatha Herenn.

do marbhadh le Athechthuathaibh Éireann;

whom the vassal-tribes of Ireland slew.

Ar is for athechthuathaib Herenn

óir is ar Athechthuathaibh Éireann

For it was the vassal-tribes of Ireland

robris Tuathal Techtmar na catha-sa uile.

do bhris Tuathal Teachtmhar na catha seo uile.

whom Tuathal Techtmar routed in all these battles.

Back to top

 

Section 2

Co ndessid i Temraig iartain ocus co ndernad Feiss Temrach leis.

D’fhan sé i dTeamhraigh iar sin, agus rinneadh Feis Teamhrach leis;

So afterwards he settled in Tara, and the Feast of Tara was held by him.

Co tancatar fir Herenn chucai, feraib, mnáib, scéo maccaib ocus ingenaib.

agus tháinig fir Éireann cuige, idir fearaibh, mnáibh, macaibh agus ingheanaibh;

To him came the men of Erin, men, women, boys and girls.

Ocus co tartsat ráth fris na n-uile ndúl.

agus thug siad ráth leis “na n-uile ndúl,”

And they gave him a guarantee of all the elements

na cossentáis ríge nHerenn fris nach fria shil co brath.

nach coiseonadaois ríghe Éireann leis ná le n-a shíol go bráth.

that they would never contest the kingship of Erin with him or with his offspring.

Back to top

 

Section 3

IT iat inso ríg na cóiced batar acond fheis sin

Is iad so ríthe na gcúigí do bhí ag an bhfeis sin,

These are the provincial kings who were present at that feast,

.i. Fergus Febail rí Ulad.

eadhon, Fergus Feabhail, rí Uladh;

namely Fergus Febail king of Ulster,

Eogan mac Ailella Érand ri choicid Chonrui.

Eoghan mac Ailealla Erann, rí Cúigidh Chon Raoi;

Eogan, son of Ailill Erand, king of Cúrói’s province,

Eocho mac Dáire rí chóicid Echach maic Luctai.

Eocha mac Daire, rí Cúigidh Eachach mhic Luchtai;

Eocho son of Dáire, king of Eocho mac Luchtai’s province,

Conrach mac Deirg rí Connacht.

Conrach mac Deirg, rí Connacht;

Conrach, son of Derg, king of Connaught.

Eochu mac Echach Domlén for Lagnib.

Eocha mac Eachach Doimhléan ar Laighnigh.

Eochu son of Eochu Domlen, over Leinster.

Back to top

 

Section 4

Bátar dano dá ingin gradacha la Túathal .i. Fithir ocus Dairine a n-anmand.

Do bhí áfach dá iníon grádhacha le Tuathal, Fithir agus Dáiríne a n-anmanna.

Now Tuathal had two lovable daughters whose names were Fithir and Dárfhine.

Co tarat Eochu mac Echach Domlén rí Lagen in n-ingin ba siniu .i. Fithir,

Do phós Eocha mac Eachach Doimhléan, rí Laighean, an iníon ba shine, eadhon, Fithir;

And Eochu son of Eochu Domlen, king of Leinster, took to wife the elder daughter, even Fithir,

ar ní ba gnáth sósar d’fheiss i fiadnaisi shinsir intan sin i nHerinn.

óir ní ba ghnáth an sósar do phósadh roimh an sinsear ag an am sin in Éirinn.

for at that time it was not the custom in Erin for the younger to be married before the elder.

Dos-rat iarum Eochu a mnái leis co Ráith Immil il-Lagnib.

Ansin do thug Eocha a bhean leis go Ráth Immil, i Laighnigh.

Then Eochu brought his wife to Raith Immil in Leinster.

Dalta dil immorro do ríg Connacht ind ingen sin Tuathail.

Dalta dil do rí Connacht, áfach, an iníon sin Tuathail.

Now that daughter of Tuathal’s was a beloved fosterchild of the king of Connaught.

Atbertatar immorro Lagin friss

Ach dúirt Laighnigh le Eocha:

Howbeit the Leinstermen said to Eochu:

“is ferr ind ingen rofhácbais”.

“Is fearr an iníon d’fhágais”;

“Better is the daughter whom thou leftest”.

Conid iarsain dochuáid-sium fothúaid aridisi co Temraig,

agus iar sin do chuaigh sé fo thuaidh arís go Teamhraigh,

Wherefore he went northwards again to Tara

co n-erbairt fri Tuathal, “Marb”, ar se, “ind ingen rucusa lem,

agus dúirt sé le Tuathal: “Marbh,” ar sé “an iníon rugas liom,

and said to Tuathal: “The daughter whom I wedded is dead,

ocus ba hail lem th’ingen-su aile do thabairt”.

agus ba h-áil liom d’iníon eile do thabhairt.”

and I desire that thine other daughter be given to me”.

Atrubairt immorro Tuathal: “Da mbeth,” ar se, “ingen ar chóicait acum

Dúirt Tuathal áfach: “Dá mbeith,” ar sé, “iníon ar chaogadh agam,

So Tuathal answered and said: “If I had one and fifty daughters,

doberthá duit-siu co tormalta ben díb.”

do bhéarfaí duitse iad gus an deireadh mhnaoi dhíobh.”

they would be given to thee till one of them were enjoyed as a wife”.

Back to top

 

Section 5

Tucad dó iarsin ind ingen aile .i. Dárine

Tugadh dó, iar sin, an iníon eile, Dáiríne.

Thereafter there was given to him the second daughter, even Dárfhine

— dalta sede dano do ríg Ulad —

Dalta sise áfach do rí Uladh,

— she *however* was fosterchild of the king of Ulaid —

ocus dos-rat leis co Ráith Immil,

agus thug Eocha go Ráth Immil í,

and Eochu brought her to Raith Immil,

áit imbái ind ingen aile ara cind.

áit ina raibh an iníon eile, Fithir, ar a ceann.

the place wherein the other daughter was before her.

Amal atchondairc immorro Fithir Dárine

Ach an uair chonnaic Fithir Dáiríne,

But when Fithir beheld Dárfhine

atbail Fithir de náre fochetóir.

d’éag Fithir de náire ar an mball;

she dies at once of shame.

Amal atchondairc sede éc a sethar

agus an uair chonnaic Dáiríne bás a deirféar

When Dárfhine beheld her sister’s death

atbail de chumaid.

d’éag sí de chumha.

she dies of grief.

Doringned iarsain a tanach na da ingen [i n-Áth Toncha,],

Iar sin do rinneadh tonach an dá inghean in Áth Toncha,

Thereafter the washing of the two maidens was performed in Áth Toncha (“Ford of Washing”),

co n-aprad cách “is garb in tonach-sa”.

agus dúirt cách: “Is garbh an tonachsa.”

so that every one said: “Rough is this washing.”

Conid aire ráter Garb-thanach.

Is de sin ráitear Garbh-thonach.

Hence Garb-thonach “Rough Washing” is so called.

Back to top

 

Section 6

Ránic íarsain firindi in scéoil sin co Temraig co Túathal.

Ráinigh iar sin fírinne an scéil sin go Tuathal go Teamhraigh.

Thereafter the truth of that story came to Tara unto Tuathal.

Rucad fiss iartain o Thuathal co ríg Connacht .i. co haite Fithirni,

Rugadh fios iar sin ó Thuathal go rí Connacht, eadhon, go h-oide Fithirne,

Afterwards the news was sent by Tuathal to the king of Connaught Fithirne’s fosterfather,

ocus co ríg Ulad .i. co haite Dáirine.

agus go rí Uladh, eadhon, go h-oide Dáiríne.

and to the king of Ulaid the fosterfather of Dárfhine.

Rathinolsat-saide a slúagu leo co áit i mbái Tuathal Tectmar.

Do thionól siad a sluaite leo go h-áit a raibh Tuathal Teachtmhar.

They mustered their armies (and led them) to the place wherein Tuathal Techtmar was biding.

O rachomraic immorro dóib i n-oeninud atbert Tuathal:

Ó do chruinnigheadh in aon áit iad, áfach, dúirt Tuathal:

Now when they met in one stead Tuathal said:

“IS mór”, ar se, “in t-écht doringni rí Lagen,

“Is mór,” ar sé, “an t-éacht do rinne rí Laighean,

“Awful is the deed which the king of Leinster has done,

bás mo dam ingen do thuidecht trina cheilg.”

bás mo dhá iníon do theacht tré n-a cheilg.”

the death of my two daughters though his treachery”.

Back to top

 

Section 7

IS amlaid rabói ’ca rád ocus doringni láid:

Is amlaidh do bhí ’ga rá, agus do rinne laoi:

Thus was he speaking, and he made a lay:

 

 

 

“Fithir is Dáirine,” et reliqua.

“Fithir is Dáiríne,” agus araile.

“Fithir and Dárfhine,” etc.

Back to top

 

Section 8

ISs ed trá róráidset Connachta

Is ea trá adúirt Connachta

This, then, said the Connacians,

na gébtais o Lagnib cen chath.

nach rachaidís ó Laighnigh gan cath.

that they would not go from Leinster without a battle.

ISs ed a cétna ro ráidsetar Ulaid.

Dúirt Ulaidh an ní céanna.

The Ulaid said the same.

Atrubairt immorro rí Herenn:

Ansin adúirt rí Éirinn:

Howbeit the king of Erin declared:

“Ní laind lemsa”, ar se, “cath do thabairt do Laignib.

“Ní h-áil liomsa,” ar sé, “cath do thabhairt do Laighnigh;

“I have no desire”, saith he, “to give battle to the Leinstermen.

Ocus cid ed mad hí bar comairli-si,

agus mar sin féin, más í seo bhur gcomhairle,

And if this be your counsel,

téiged cách ’na chomair chucu.”

téigheadh cách a n-aghaidh an té os a chómhair.”

let each attack those who are opposite him”.

Back to top

 

Section 9

Ba hé immorro al-lín uile .xxii. míli.

Ba h-é a líon go léir, áfach, dá a’s fichid míle.

Now this was their whole number, two and twenty thousand.

Rogabsat trá cóiced Connacht rempu

Do chuaigh trá fir cúige Connacht rompu

So the (men of the) province of Connaught fared forward

dar Gúalu co Nás,

thar Guala go Nás,

over Gúalu to Naas,

cor-ragbaiset longphort and.

agus ghabhadar longfort ann.

and there encamped.

Atraachtatar immorro slúaig Temrach im ríg nHerenn

Mar sin, do chuaigh slua Teamhrach um rí Éireann

Howbeit the hosts of Tara with the king of Ireland marched

dar Grafrend, dar Buaidgein, dar Rige, dar Mag Núadat, co Nás,

thar Grafrend, thar Buaidhghean, thar an Rí, thar Maigh Nuad go Nás,

over Grafrenn, over Buaidgein, over the Rye-water, over Maynooth, to Naas,

con ragbaiset longphort and.

agus ghabhadar longfort ann.

and there they encamped.

Atraachtatar dano Ulaid

Do chuaigh áfach na h-Ulaidh

Then the Ulaid marched

dar Ésa, dar Odba, dar Fithairt, dar Foendruim, co Lethduma,

thar Éasa, thar Odhbha, thar Fithairt, thar Faondruim, go Leathdhumha,

over Ésa, over Odba, over Fithairt, over Foendruim, to Lethduma,

ocus rogabsat longphort and.

agus ghabhadar longfort ann.

and there they encamped.

Back to top

 

Section 10

Cengait immorro Lagin ina ndáil, con fersat cath fri hUltu,

Téid Laighnigh ina ndáil, áfach, agus rinneadar cath le h-Ultaibh;

Now the Leinstermen advance to meet them, and delivered battle to the Ulaid,

co torchair and Fergus Febail rí Ulad

do thit Fearghas Feabhail, rí Uladh,

and Fergus Febail king of Ulaid fell therein,

ocus borbraige Ulad archena.

agus borbairighe Uladh go coitcheann.

and besides him the champions of Ulaid.

Atraachtatar na slúaig archena

D’éirigh na sluite eile

The rest of the hosts marched on

ocus raloscset Nás ocus Alind, Maistin ocus Ráirind,

agus do losc siad Nás, Aileann, Mullach Maisteann agus Mullach Raoileann,

and burnt Naas and Alinn, Maistiu and Ráiriu,

ocus romúrsetar Báirc mBresail.

agus do sgrios siad Báirc Breasail.

and they razed Bairc Bresail

Báirc-sede feda nemchrínda

Ba Báirc adhmaid neimhcríona an Bháirc so,

(this was a stronghold of undecaying wood

doringned ic Bresal Brathirchend ic ardríg in domain.

do rinneadh ag Breasal Braithircheann, ardrí an domhain.

which was built by Bresal Brathirchenn, the over-king of the world).

Focengat Lagin ina ndáil .ix. mili al-lín Lagen.

D’éirigh Laighnigh, naoi míle a líon,

The Leinstermen — nine thousand in number — advanced to meet them,

Co rochuirset cath oc Ráith Immil frisin apar in Garbthanach indiu.

agus rinneadar cath ag Ráth Immil, risa n-abair an Garbhthanach inniu.

and they delivered battle at Ráith Immil which today is called the Garb-thonach.

Rofherad cath fíchda amnas eturru

Do rinneadh cath fiochta amhnas eatarthu,

A fight fierce and warlike was fought between them,

cor-róemid for Lagnib,

ach do claoidheadh na Laighnigh,

and the Leinstermen were routed,

uair ni rodamad fir comlaind dóib.

óir níor tugadh “fírinne comhlainn” dóibh.

for “truth of combat” was not granted to them.

Romarbad tra Eochu mac Echach Domlen ri Lagen ’sin chath sin,

Do marbhadh Eocha mac Eachach Doimhléan rí Laighean ins an gcath sin

Now Eochu son of Eochu Domlen king of Leinster was killed in that battle,

ocus fichi ríg malle ris.

agus fiche rí maille ris.

and a score of kings along with him.

Back to top

 

Section 11

O thati fhogmair co tati samna

O thosach fóghmhair go tosach samhna

From the beginning of autumn to the beginning of All-hallowtide

do Leith Cuind ac indriud Lagen,

do bhí slua Leithe Chuinn ag déanamh ionradh ar Laighean,

Leth Cuinn was raiding Leinster,

co ndernsat Lagin síd fadeóid ra Túathal

nó go ndearnadar Laighnigh síth faoi dheireadh le Tuathal,

till at last the Leinstermen made peace with Tuathal

.i. eraic a ingen dó.

eadhon, éiric a iníonacha do thabhairt dó.

(and agreed to give) him the eric of his daughters.

Ocus rofhácaib rígi Lagen oc Erc mac Echach Domlén.

Do fágadh ríghe Laighean ag Earc mac Eachach Doimhléan.

And he left the kingship of Leinster with Eochu [recte Erc] son of Eochu Domlen.

Back to top

 

Section 12

IS í seo immorro inn éraic: .i.

Is í so, áfach, an éiric:

Now this is the eric:

Tri choicait cét bó.

Trí caogad céad bó.

Thrice five thousand cows:

Tri cóicait cét mucc.

Trí caogad céad muc.

Thrice five thousand swine:

Trí cóicait cét lendbratt.

Trí caogad céad lennbrat.

Thrice five thousand mantles:

Tri cóicait cét slabrad argit.

Trí caogad céad slabhradh airgid.

Thrice five thousand chains of silver:

Tri cóicait cét molt.

Trí caogad céad molt.

Thrice five thousand wethers:

Tri cóicait cét coire uma.

Trí caogad céad coire umha.

Thrice five thousand caldrons of brass:

Cóire mór uma i téigtís da muic déc ocus dá ag dec i tech Temrach fein.

Coire mhór umha in a dtéidhdís dá mhuic déag agus dá ag déag i dteach Teamhrach féin.

A great caldron of brass whereinto twelve swine and twelve beeves would go in the house of Tara itself:

Tricha bó find óiderg col-lóegaib a comdatha

Triochad bó finn, cluasdearg, le laoghaibh a gcomhdatha,

Thirty white, red-eared cows with calves of the same colour,

ocus co nascaib créduma ocus co mbuargib créduma

le nascaibh cré-umha, agus le buarghaibh cré-umha,

and with ties of bronze and with tethers of bronze,

ocus cona cóidib creduma fair sin anuas.

agus le cóidhibh cré-umha ar sin anuas.

and with their milkpails (?) of bronze in addition thereto.

Back to top

 

Aed mac Ainmerech and Brandub mac Echach (§§43-94, 105-120)

§43

§44

§45

§46

§47

§48

§49

§50

§51

§52

§53

§54

§55

§56

§57

§58

§59

§60

§61

§62

§63

§64

§65

§66

§67

§68

§69

§70

§71

§72

§73

§74

§75

§76

§77

§78

§79

§80

§81

§82

§83

§84

§85

§86

§87

§88

§89

§90

§91

§92

§93

§94

§105

§106

§107

§108

§109

§110

§111

§112

§113

§114

§115

§116

§117

§118

§119

§120

 

 

 

 

Complete file (PDF)

 

Section 43

Gabais Æd mac Ainmerech rígi nHerenn.

Ghabh Aodh mac Ainmhireach ríghe Éireann.

Aed son of Ainmere took the kingship of Erin.

IT íat so maic Æda

’Siad seo mic Aodha,

These are Aed’s sons,

.i. Domnall ocus Mælcoba clerech, Gabrán ocus Cummascach.

eadhon, Domhnall, Maolchobha cléireach, Gabhrán, agus Cumascach.

namely Domnall and Maelcoba the cleric, Gabrán and Cummascach.

Tánic in Cummascach sin d’acallaim a athar, ocus iss ed roráde fris:

Tháinig an Cumascach sin d’agallamh a athar, agus is é do rá leis:

That Cummascach came to have speech
with his father and this he said to him:

“Ba hadlaic damsa særchuairt maccæmnachta Herenn do denam,

“Ba mhian liom saor-chuairt macaoimh Éireann do dhéanamh,

“I would fain make the free circuit of youth throughout Erin,

ocus biaid ben cach ríg i nHerinn aidche acum”.

agus grá do thabhairt do mhnaoi gach rí in Éirinn.”

and the wife of every king in Erin will sleep one night with me.”

Tanic iarum Cummascach reme for særchuairt na Herenn

Tháinig iaramh Cumascach roimhe ar saor-chuairt na h-Éireann,

Then Cummascach went forward on the free circuit of Erin

co toracht dar Rige anall ar ammus Lagen,

agus tháinig thar Rí anall ar amas Laighean;

till he passed over Rige hither towards Leinster.

cethri catha a lín.

ceithre catha a líon.

Four battalions were his number.

IS é ba rí Lagen intansin,

Is é ba rí Laighean an tan sin,

At that time the king of Leinster was

Bran dub mac Echach maic Muridaig maic Oengusa Brugaig

Brannabh mac Eachach, mhic Mhuireadhaigh, mhic Aonghasa Brughaigh,

Brandub, son of Eochu, son of Muridach, son of Oengus Brugach,

maic Feidlimtbeo maic Ennai Chendselaig

mhic Fheidhlimidh, mhic Éanna Chinnsealaigh.

son of Fedlimid, son of Enna Cennselach.

[L adds: maic Labrada maic Bresail Belaig, maic Fiachach Baiceda

 

 

.i. bacail tshida donid i n-Erinn, maic Cathair Mair].

 

 

Ra innised iarum do Bran dub

D’insíodh iaramh do Bhrannabh,

Then Brandub was told

mac ríg Herenn da innaigid ar særchúairt

mac rí Éireann do bheith ag teacht ar saor-chuairt chuige.

that the son of the king of Erin was coming towards him on a “free circuit”.

[L adds: ocus do thobuch na Boroma re hagaid in rig].

 

 

Atbert Bran dub: “Tiagar”, ar se, “’nanagid

“Cuirtear,” ar sé, “teachtaire ’na n-aghaidh,

Said Brandub: “Let a messenger go to them,

ocus apar friu cona filim-se and,

agus abair leo nach bhfuilim ann,

and let them be told that that I am not here,

acht dochúadus i mBretnaib do thobuch císa ocus cána.

ach do chuas i mBreatain do thobhach cíosa agus cána;

but that I have gone into Britain to levy rent and tribute.

Acus dentar a coindmed ó Boind co hIndeoin,

agus déantar a gcoinmheadh ó Bhóinn go h-Inneoin,

And let them be billeted from Boyne to Indeoin,

ocus marbad cách a chonnim [a coindmed fesin, L].

agus maraíodh cách a choinneamh féin.

and let each (of us) slay the man who is billeted on him.

Ocus ticed Cummascach féin chucumsa co tri chet mac ríg imme.

Tigeadh Cumascach féin chugamsa, go trí céad mac rí leis,

Let Cummascach himself come to me with three hundred sons of kings around him,

Ocus dobérsa mo mnái dó amal doratsat ríg na cóiced archena.”

agus bhéarfad mo bhean dó amhail do thug ríthe na gcúigí eile.”

and I will give him my wife, as the kings of the other provinces have given (theirs).”

Back to top

 

Section 44

Doringned tra in condmed [for muntir Cumascaich, L].

Do rinneadh, trá, an coinmheadh le haghaidh muintire Chumascaigh.

So the billeting of Cummascach’s people was done,

Ocus doriacht in cethramad cath díb co tech mBran duib

Tháinig an ceathrú cath díobh go teach Bhrannaibh

and the fourth battalion of them came to Brandub’s house,

co Belach nDubthaire risi n-apar [re n-abar, L] Belach Conglais indiu.

go Bealach Dubhthaire, risa n-abair Bealach Con Glais inniu.

to Belach Dubthaire, which is today called Belach Conglais.

Dessid [Desich, L] iarum Cummascach for erlaind in baile.

Do shuigh iaramh Cumascach ar fhaiche an bhaile.

Then Cummascach sat down on the green of the stead.

Tancas da fhrestul ocus doratait íat uile i n-oentech.

Tháinig daoine dá fhreastail, agus tugadh in aon teach iad uile.

People came to attend him, and they were all brought into one house.

Back to top

 

Section 45

ISind ló sin tánic Moedóc hua Dunlaing d’indsaigid Bran duib

Thainig Maodhóg ó Dunlaing d’ionsaí Brannaibh ar an lá sin,

On that day came Maedóc grandson of Dunlang to visit Brandub,

ocus aisceda leis .i. áel ocus coire ocus scíath ocus claidem.

agus aiscí leis, eadhon, aol, agus coire, agus sciath, agus claíomh.

having presents, to wit, a fleshfork and a caldron, a shield and a sword.

Bái aca tespénad don ríg, ocus doráid láid mbic:

Bhí sé á dtaispeáint don rí, agus do rá sé laoi beag:

He was displaying them to the king, and he uttered a little lay:

“Failet sund aisceda ríg,

“Atá anseo aiscí rí,

“Here are presents for a king,

a maic Echach cen imshním,” et reliqua.

A mhic Eachach gan imshníomh,” agus araile.

O son of Eochu without sadness,” etc.

Back to top

 

Section 46

Timnais Mædóc celebrad iartain do Brandub

Dúirt Maodhóg slán le Brannabh iar sin,

Maedóc afterwards bade farewell to Brandub,

ocus daní na briathra beca-sa:

agus do rinne sé na briathra beagasa:

and composed these little words:

 

 

 

“M’æl trébend torcbálach

“M’ael trébheann torcbhálach,

“My three-pronged, uplifting fleshfork,  

tucad lem do Brandub borbdálach,” et reliqua.

Tugadh liom do Bhrannabh borbdhálach,” agus araile.

Hath been given by me to Brandub of the fierce assemblies,” etc.

 

 

 

IMthigis Mædóc iartain [L omits this sentence].

D’imigh Maodhóg iar sin.

Afterwards Maedóc went away.

Back to top

 

Section 47

Rogab dano Bran-dub étach [Dala Branduib iartain. Rogob didiu edach, L] mogad imme

Iar sin do ghabh Brannabh éadach mhogha uime,

Then Brandub donned a slave’s garment

ocus rogairm Oengus mac Airmedaig [gairmleagaig, L] ríg Hua Falge chuce,

agus do gháir sé Aonghas mac Airmheadhaigh, rí Uíbh Fhailí chuige,

and summoned Oengus son of Airmedach king of Offaly,

ocus atbert fris: “Érgem”, ar se, “ocus cuirem in coire út bar tenid,

agus dúirt leis: “Éirímis,” ar sé, “agus cuirimis an coire úd ar an tine,

and said to him: “Let us go,” saith he, “and put yon caldron on a fire,

ocus línam é do muccaib ocus do martaib.”

agus líonaimis de mhuca agus de mhairt é.”

and fill it with swine and with beeves.”

Ra tócbad léo iarum in core for tenid,

Do tógadh leo iaramh an coire ar tine,

So they heaved the caldron up on a fire

 

 

 

ocus rolinad do thorcaib ocus do martaib hé [L omits this sentence].

agus do líonadh de thoirc agus de mhairt é.

and filled it with boars and with beeves.

Ro hatád torc trichemrúad mórtheined imme corom-berbastar [Rohadnad torc tromtened fon coiri co raberbad, L].

D’adhnadh mór-thine uime, nó go mbeiríodh iad.

A huge and fierce, red-flaming fire was kindled around it and boiled them.

Back to top

 

Section 48

Ba hand sin roráid mac ríg Herenn: “Caít,” ar se, “atá ben Bran-duib?”

Ba h-ansin do rá mac rí Éireann: “Cá háit a bhfuil bean Bhrannaibh?”

Then said the king of Erin’s son: “Where is Brandub’s wife?”

Docúas arcend na rígna úad.

Do cuireadh teachtaire ar cheann na ríona uaidh.

A message was sent by him to the queen.

Tanic in rigan da acallaim

Tháinig an ríon dá agallamh,

The queen came to converse with him,

ocus rafher falti ri mac ríg Herenn.

agus chuir sí fáilte roimh mac rí Éireann.

and bade welcome to the king of Erin’s son.

[Ba hannsen roraid mac rig Erenn re mnai Branduib:

Ba h-ansin do rá mac rí Éireann le mnaoi Bhrannaibh:

Then the king of Erin’s son said to Brandub’s wife

“Tobair”, ol se, “ascada uaid dam.”

“Tabhair aisce uait dom.”

“Let a boon be granted by thee to me”.

“Ca hascad connaigi?” or in ben.

“Cá haisce iarrair?” arsa an bhean.

“What boon dost thou ask?” says the lady.

“Ní anse”, ol se,

“Ní ansa,” ar sé,

“Not hard to say,” quoth he:

“tusa d’anad acum, cura faidiur lat”, L].

“tusa d’fhanacht agam go luífidh mé leat.”

“thou to stay with me that I may sleep with thee.”

Back to top

 

Section 49

“Tabair”, ar si, “ascid damsa uáit”.

“Tabhair,” ar sí, “aisce domsa uait.”

“Grant thou a boon to me,” she saith.

“Cia ascid connaigi?” ar mac ríg Herenn.

“Cá haisce iarrair?” arsa mac rí Éireann.

“What boon dost thou ask?” says the king of Erin’s son.

“Ni anse”, ar si: “dál damsa”, ar si,

“Ní ansa,” ar sí, “cairde domsa

“Not hard (to say),” she replied. “A respite *for me*,

“cen m’astúd co táir dam raind don tshluag,

gan mo bhacadh go gcríochnóidh mé roinnt don tslua,

not to detain me until I have finished distributing (food) to the host,

ocus coro chennagur m’einech úadib”.

agus go gceannóidh mé m’eineach uathu.”

so that I may purchase my honour from them.”

Back to top

 

Section 50

Doratad ém disi inn ascid sin.

Tugadh, ámh, an aisce sin di;

In sooth that boon was granted to her.

Ocus ro imthig rempe iarsain cor-ránic clithar díamair Dúne Buchet.

agus d’imigh sí roimpi iar sin go ráinigh dídean diamhair Dhún Buaichead,

And after that she went on till she came to the secret shelter of Dún Buchet.

Ocus facbais in mbale uile [annsin, L].

agus d’fhág sí an bhaile uile ansin.

And *then* she left the place altogether.

Back to top

 

Section 51

Ba handsin tánic Glasdám cáinte maic ríg Herenn

Ba h-ansin tháinig Glasdámh, cáinte mhic rí Éireann

Then Glasdám, the satirist kept by the king of Erin’s son, came

cona nónbor cáinte imme,

go naonúr cáinte uime,

with his eight satirists around him,

d’iarraid airigthi barsna [forna, L] luchtairib.

d’iarraidh an bhia dob fhearr ó na cócairí.

to ask the caldronmen for choice provisions.

Atbert Brandub ris: “In tú féin dobéra béim n-aeóil dait no in messi?”

Dúirt Brannabh leis: “An tú féin do bhéarfaidh béim an ghabhail-fheola, nó an mise?”

Said Brandub to him: “Wilt thou thyself make a thrust of the fleshfork, or shall I?”

ISs ed atbert in cáinte: “Tabair-siu”, ar se.

Is ea adúirt an cáinte: “Tabhairse féin.”

The satirist replied: “Do thou make it”.

Dorat immorro Brandub in n-aél ’sin [isin, L] coire

Do sháigh Brannabh an gabhal-fheola ’san gcoire, áfach,

So Brandub drove the fleshfork into the caldron,

ocus dobert nói n-aisle d’oenbéimmum [d’ænbem, L] anís.

agus thug sé naoi nalt d’aon bhéim aníos.

and with a single thrust he brought from below nine joints.

Atnaig in cáinte ica fhégad.

Bhí an cáinte dá bhféachaint.

The satirist began looking at him.

“Dar[m] brethir”, ar se, [Dar mo breithir, ol se, L] bar in cáinte,

“Dar mo bhriathar,” arsa an cáinte,

“By my word,” says the satirist

“ní tidnacul mogad [maic mogad, L], acht tidnacul ríg.”

“ní tíolacadh mhogha ach tíolacadh rí é so,”

“(this is) not a gift from a slave, but a gift from a king.”

Ocus ruc leis corici in tech ir-rabi mac in ríg.

agus rug sé leis é go dtí an teach ann a raibh mac an rí,

And he took it with him even to the house wherein was the king (of Erin’s) son,

Ocus iss ed a cétna roráid sede.

agus is ea an céanna do rá sé.

and (there) he said the same.

Back to top

 

Section 52

ISs intan sin atbert Brandub ra Óengus mac n-Airmedaig:

Is an tan sin adúirt Brannabh le hAonghas mac Airmheadhaigh:

Then said Brandub to Oengus son of Airmedach:

“Líntar”, ar se, “bara acaind, ocus berar do mac ríg Herenn.”

“Líontar,” ar sé, “bara againn, agus beirtear do mhac rí Éireann é.”

“Let us fill a barrow and bear it to the king of Erin’s son”.

Daringned trá amlaid sin.

Do rinneadh, trá, amhlaidh sin;

Thus was it done *indeed*.

Ocus rathócbatar na da ríg forru in bara .i. Brandub ocus Oengus,

agus do thóg an dá rí, eadhon, Brannabh agus Aonghas, an bara ortha,

The two kings, even Brandub and Oengus, lifted the barrow on their shoulders

ocus dos-berat slæt de [dosbert slatri de, L] i fiadnaisse maic ríg Herenn.

agus chuireadar an fheoil do bhí ann i bhfianaise mhic rí Éireann.

and they let its contents slide down in the presence of the king of Erin’s son.

Ocus tancatar rempo immach,

Thángadar rompu amach,

And they went forth outside

ocus ro iadsatar in ríg-comlai móir in rigthaigi [ro iadsad rigchomlaid moir in tigi, L] daranéisi,

agus d’iadar rí-dhorus mór an ríthí ina ndiaidh,

and shut the great royal doorleaf of the palace behind them,

uair bái [bai, L] nert nónbair in cach fhir díb.

óir bhí neart naonúr in gach fear díobh.

for the strength of nine was in each of them.

Back to top

 

Section 53

Doratait [Ocus doradsad, L] cethri tenti iarsain ’sin teg

Do chuireadar ceithre tinte iar sin leis an teach,

Thereafter four fires were put into the house,

.i. tene cacha slessa [do, L].

tine ar gach taobh de.

a fire on each side.

Ocus is and sin roráid Cummascach: “Cia gabas in teg foraind?”

Agus ansin do rá Cumascach: “Cé gabhas an teach orainn?”

And then Cummascach said: “Who is attacking the house?”

“Messe”, ar Bran-dub.

“Mise,” arsa Brannabh.

“I”, says Brandub.

Back to top

 

Section 54

Ba handsin atrubairt Glasdám cáinte:

Ba h-ansin adúirt Glasdámh an cáinte:

Then said Glasdám the satirist:

“Na dentar mebul fhormsa”, ar se, “uair rochathius do bíad.”

“Ná déantar meabhal ormsa, óir do chaitheas do bhia.”

“Let no guile be wrought on me,” saith he, “for I have eaten thy food.”

“Ni dingentar”, ar Bran dub.

“Ní déanfar,” arsa Brannabh,

“None shall be wrought,” says Brandub.

“Dring risin tech”, ar se, “ocus ling dar féice in tige,

“téigh suas ar an teach, agus ling thar cleith an tighe,

“Climb up the house, and leap over the rooftree,

ocus ling dar barr [L omits ling dar barr] na lasrach immach,

agus ling thar bharr na lasrach amach,

and spring out over the top of the flame,

ocus bid slán duit úainne.”

agus beidh slán duit uainn.”

and thou shalt be safe from us.”

“Atchluiniu sút, a Chummascaig?” ar in cáinte.

“Cluineann tú sin, a Chumascaigh?” arsa an cáinte.

“Thou hearest that, O Cummascach?” says the satirist.

“Geib m’étach-sa immut”, ar in cáinte, “ocus eirc immach.”

“Gabh m’éadach umat agus éirigh amach.”

“Don my garment,” says the satirist, “and get thee forth.”

Back to top

 

Section 55

Rachuaid iarum Cummascach fón innas-sain immach.

Do chuaigh Cumascach amach iar sin fán ionnas sin,

So then in that wise Cummascach went forth,

Ocus robrissed [rus-bris, L] comór.

ach do briseadh go mór é.

and he was greatly broken.

Rogab reme iartain co hanfand co Mónaid Cummascaig,

Do ghabh sé roimhe iar sin go hanbhann, go Móin Chummascaigh,

He afterwards fared forward very feebly to Móin Cummascaig,

i cind faichte Chilli Rannairech.

i gceann faiche Chille Rannairech.

hard by the green of Cell Rannairech.

Ba handsin dorala chuice [do, L] Lóchine Lond, sen Hua Lonáin, airchinnech Cille Rannairech [esen, L]

Ba h-ansin thárla chuige Lochíne Lonn, sinsear Ua Lonáin, airchinneach Chille Rannairech,

There Lochíne Land, ancestor of the O’Lonáns, the erenagh of Cell Rannairech, chanced to meet him,

ocus benais a chend de iarna shlonnud dó,

agus do bhain sé a cheann de iar na shloinneadh dó,

and, after he had told his name, struck off his head.

ocus ruc leis in cend co airm i mbái Brandub,

agus rug sé an ceann chun na háite a raibh Brannabh;

And Lochíne took the head to the place where Brandub was biding,

ocus rothaspén dó in cend,

agus do thaispeán sé an ceann dó,

and displayed the head to him.

conid aire sin doratad sáire do chill Rannairech [co brath, L].

agus ar an ábhar sin tugadh saoirse do Cheall Rannairech go bráth.

Wherefore freedom is granted to Cell Rannairech for ever.

Back to top

 

Section 56

ISs intan sin tánic epscop Áedain da n-insaigid .i. epscop Glinni da Locha.

Is an tan sin tháinig easpag Aodhán dá bhfiosrú, eadhon, easpag Ghleann Dá Loch.

It was at that time that bishop Aedáin, the bishop of Glendalough, came to visit them.

Ba mac máthar sede do Áed mac Ainmerech.

Ba mhac máthar d’Aodh mac Ainmhireach é.

He was an uterine brother of Aed son of Ainmere.

ISs ed roráid in clérech:

Is ea do rá an cléireach:

The cleric said this:

“At [it, L] móra”, ar se, “na hechta so doringsid [doronsabar, L].”

“’Siad móra,” ar sé, “na h-éachtaí do rinne sibh.”

“Awful”, saith he, “are these deeds that ye have done”.

“Cia forsa ndígéltar iát?” ar [for, L] Brandub.

“Cé ar a ndíoghlfar iad?” arsa Brannabh.

“On whom will they be avenged?” saith Brandub.

Ro[fh]recart [Dos-freagair, L] in clérech:

D’fhreagair an cléireach:

The cleric answered:

“Is cet lim”, ar [ol, L] se, “cid for mac mo mathar .i. for Æd mac Ainmerech.”

“Is cead liom,” ar sé, “cé ar mhac mo mháthar, eadhon, Aodh mac Ainmhireach.”

“I am willing though it be on my mother’s son, even on Aed son of Ainmere”.

Ocus doráid láid:

Ocus do rá sé laoi:

And he uttered a lay:

 

 

 

“Guidim Comdid cumachtach

“Guím an Coimdhe cumhachtach,

“I entreat the mighty Lord,

comsid [coimsich, L] Cille Rannairech,” etc.

cosantóir Chille Rannairech,” agus araile.

The protector of Cell Rannairech,” etc.

 

 

 

Alibi in hoc libro scripsimus.

seo scríofa againn in áit eile sa leabhar seo.

We have written (this) elsewhere in this book.

Back to top

 

Section 57

ISs ed roráid epscop Ædain ra Brandub:

Is ea do rá easpag Aodhán le Brannabh:

Bishop Aedain said this to Brandub:

“Tiagar úait co hAilech, co tech Æda maic Ainmerech,

“Cuirtear teachtairí uait go hAileach, go teach Aodha mhic Ainmhireach,

“Let envoys go from thee to Ailech, to the house of Aed son of Ainmere,

ocus innister dó a mac do marbad [i Laignib

agus insítear dó a mhac do mharbhadh i Laighnigh

and let him be told that his son hath been slain in Leinster

’na mignimaib fen and, L].”

mar gheall ar a mhíghníomhartha féin ann.”

for his own misdeeds there”.

Conid and atbert Brandub: “Cuirfiter”, ar se,

Ansin adúirt Brannabh: “Cuirfear iad,”

Wherefore Brandub said: “They shall be sent”.

ocus doráid láid:

agus do rá sé laoi:

And he uttered a lay:

 

 

 

“Tiagat techta úain co hAilech,” et reliqua.

“Cuirtear teachtairí uainn go hAileach,” agus araile.

“Let envoys go from us to Ailech,” etc.

Back to top

 

Section 58

Dollotar iarum na techta fothúaid [for fiarlaid Erenn, L]

Do chuaigh, iaramh, na teachtairí fo thuaidh thar Éirinn

Then the envoys fared northward athwart Ireland

co ráncatar [co, L] Ailech [na rig,

go rángadar Aileach na Rí,

till they arrived at Ailech of the Kings,

mara roibi rig Erenn ocus uaisli Leithi Cuind ’na farrad

mar a raibh rí Éireann agus uaisle Leithe Chuinn ’na fharradh

where the king of Erin and the nobles of Conn’s Half along with him

ac ol a fled ocus a fuireoc, L].

ag ól a bhfleá agus a lionn.

were drinking their feasts and their ales.

Ro iarfaig rí Herenn scéla díb.

D’fhiafraigh rí Éireann scéalta díobh.

The king of Erin asked the envoys their news.

ISs amlaid robái in rí ocus corn [blathchain buabaill, L] ’na laim ac ól meda.

Is amhlaidh a bhí an rí agus corn bláthchaoin buabhaill ’na láimh ag ól meá.

Thus was the king, a-drinking mead, with a flower-fair buffalo horn in his hand.

ISs ed roraidset na techta: “Na scéla filet acaind

Is ea do rá na teachtairí: “Na scéalta atá againn,

The envoys said: “The news that we have

ní innisfem [indesmaid, L] iát cen lóg”.

ní inseoimid iad gan logh.”

we will not tell it without a guerdon”.

“Ac seo in cornso dúib”, bar Áed.

“Ag seo an corn seo daoibh,” arsa Aodh.

“Lo here is the horn for you,” says Aed.

Conid desin atá Corn Lagen i n-Ailiuch.

Is de sin atá Corn Laighean in Aileach.

Hence the “Leinstermen’s Horn” in Ailech.

Back to top

 

Section 59

Ro innisetar a scéla íarsain.

D’insíodar a scéalta iar sin.

Thereafter they told their tidings.

“Romarbad”, ar síat, “do mac-su ocus ár a muntire acaind [L omits this sentence].”

“Do maraíodh,” ar siad, “do mhacsa, agus ár a mhuintire againn.”

“We have killed thy son and slain his people”.

“Atchualamarni chena na scéla sin.

“Do chualamar cheana na scéalta sin,” arsa Aodh,

“We had heard those tidings already” (saith Aed).

Ocus arái rosessid-si imshlán [ocus is airi sin dosoichsibsi slan, L].

“ach mar sin féin, imeoidh sibh slán.

“And yet ye shall depart unhurt.

Ocus daroisem-ni inbar ndegaidsi”, ar se, “[ocus] atchichisti [sind].”

Rachaimidne i bhur ndiaidhse,” ar sé, “feicfidh sibh.”

And we shall go after you, ye will see”.

Back to top

 

Section 60

Tancatar na techtai rempo atuaid iarsain

Tháinig na teachtairí rompu aduaidh, iar sin,

Thereafter the envoys fared forward from the north,

co torachtatar bail ir-raba [aroibi, L] Brandub.

go rángadar áit a raibh Brannabh.

till they reached the place where Brandub was biding.

Ocus roinnisetar dó dál [dail, L] ríg Herenn il-Laigniu

D’insíodar dó slua rí Éireann ar tí teachta i Laighnigh

And they told him that the king of Erin’s host (was coming) into Leinster

do dígail a maic [ocus do thobuch na Boroma fésin].

do dhíoghail a mhic, agus do thobhach na Bóramha féin.

to avenge his son, and to levy the Boroma.

Back to top

 

Section 61

Doringned tra lerthinol [Dorondad thra morthinol, L] Lethi Cuind la Æd mac Ainmerech,

Do rinneadh, trá, léirthionól Leithe Chuinn le Aodh mac Ainmhireach,

So a great muster of Conn’s Half was made by Aed son of Ainmere,

ocus tancatar rempo co Rigi [Laigen,

agus thángadar rompu go Rí Laighean

and they marched forward to Rige Laigen

do digailt Cumascaich ocus do thobach na Boroma

do dhíoghail Cumascaigh agus do thobhach na Bóramha

to avenge Cummascach and to levy the Boroma

bai o Laignib ’na cain do rigaib Cloindi Cuind

bhí ó Laighnigh ’na cáin do ríthe clainne Chuinn

which had been payable *from Leinster* as a tribute to the kings of the children of Conn

o re Thuathail Techtmair co sin, L].

ó aimsir Thuathail Teachtmhair go sin.

from the time of Tuathal Techtmar till then.

Ra innised do Brandub fir Herenn do bith ac Rige.

D’insíodh do Bhrannabh fir Éireann do bheith ag Rí.

Brandub was told that the men of Erin were at Rige.

IS and dano bái Brandub intan sin ac Scadairc i ndesciurt Hua Cendselaig.

Is ann do bhí Brannabh an tan sin, áfach, ag Scadharc, a ndeisceart Uíbh Chinnsealaigh,

At that time *however* Brandub was at Scadarc in the south of Hy-Kennselaig.

Ocus tanic reime fathúaid dar Muntech,

agus tháinig sé roimhe ó thuaidh thar Muinteach,

And he marched on northwards over Muntech,

dar Munichin, dar Dáimne, dar Étar [tar Muincind, tar Tamne, tar Ethar, L],

thar Muinichin, thar Dáimhne, thar Éatar,

over Munichen, over Dáimine, over Étar,

dar Ardchaillid, dar Ard mBresta, dar Sláine, dar Fé,

thar Ardchoill, thar Ard Breasta, thar Sláine, thar Fé,

over Ard-chaill, over Ard Bresta, over (the river) Slaney, over Fé,

i mBelach nDubthaire [tar Faen-belach nDuibthire, L],

i mBealach Dubhthaire,

into Belach Dubthaire,

risi n-apar [frisanabar, L] Belach Conglaise, coa dún féin.

risa n-abair Bealach Con Glais inniu, go a dhún féin.

which is [now] called Baltinglass, to his own fort.

Back to top

 

Section 62

IS and sin tánic epscop Ædaín d’innsaigid Branduib.

Is ansin tháinig easpag Aodhán d’ionsaí Brannaibh.

Then came bishop Aedáin unto Brandub.

“Scéla lat, a chlerig?” ar Brandub.

“Scéalta leat, a chléirigh?” arsa Brannabh.

“Hast thou news, O cleric?” says Brandub.

“Leth Cuind ic Bæth-Eba, ic Dún Búacci”, ar epscop Ædáin,

“Leath Chuinn ag Baeth-Éabha, ag Dún Búacci,” arsa easpag Aodhán,

“Conn’s Half (is) at Baeth Eba, at Dún Búaca,” says bishop Aedáin,

“’ar ngabáil dúnaid ocus longphuirt leo [L omits] and.”

“iar ngabháil dúin agus longfoirt leo ann.”

“and there they have set up a fortress and encampment.”

“IMthig-siu [eirich siu, L], a chlérig”, ar se Brandub,

“Imigh, a chléirigh,” arsa Brannabh,

“Go thou, O cleric” says Brandub,

“do insaigid maic do máthar .i co Áed mac Ainmerech.

“d’ionsaí mic do mháthar, eadhon, Aodh mac Ainmhireach,

“unto thy mother’s son, even to Aed son of Ainmere.

Ocus íarr fossad [osad, L] fair dún, co toirset ar slóig cucuind.

agus iarr fosadh air dúinn, go dtiocfaidh ár sluaite chugainn;

And ask him for a truce for us, so that our armies may come to us.

Ocus fogeba síd nó debaid iarsain.”

agus gheobhaidh sé síth nó deabhaidh iar sin.”

And he shall get peace or fighting thereafter.”

Back to top

 

Section 63

Rochúaid in clerech reime iarsain

Do chuaigh an cléireach roimhe iar sin

The cleric fared forward after that

co pupaill ríg Herenn [co rainic co hairm a roboi ri Erenn, L],

go pupall rí Éireann,

to the king of Erin’s tent,

ocus roferad failte friss.

agus do fearadh fáilte leis.

and he was welcomed.

Ro iarfaigit scéla de.

D’fhiafraíodh scéalta de.

Tidings were asked of him,

ISs ed roráid in clerech,

Is ea do rá an cléireach,

and the cleric said

Brandub do bith [beith, L] ac Ráith Branduib for in tShláne.

Brannabh do bheith ag Ráth Bhrannaibh ar an tSláine.

that Brandub was at Raith Branduib on the Slaney.

Back to top

 

Section 64

“Cid ’ma ta[na]c-su [tanacais, L]?” ar Æd.

“Cén fáth ar thánais?” arsa Aodh.

“Why hast thou come?” saith Aed.

“Do chungid fhossaid fhortsu ra síd nó ra debaid”, ar in clerech.

“D’iarraidh fosadh ortsa le síth nó le deabhaidh,” arsa an cléireach.

“To ask thee for a truce before peace or before battle”, saith the cleric.

“Ni fhuigbe-su in fossad sin [ni fuigthea osad, L]”, ar Áed,

“Ní bhfaighidh tú an fosadh sin,” arsa Aodh,

“Thou gettest not that truce,” saith Áed,

“coro benta do láim [noco mbenta do lam, L]

“go gcuirfidh tú do lámh

“till thou puttest thy hand

dona trí ballaib filet acut da ndeine do chlaind.”

do na trí baill a bhfuil agat nuair a ghineann tú do chlann.”

to the three members which thou hast when thou makest thy children”.

Back to top

 

Section 65

Oclaigther in clerech andsede.

Feargaítear an cléireach ansin,

The cleric is then enraged.

Ocus atbert: “Mar amfhitir-sea Día”, ar se,

agus adúirt sé: “Mar aithníonn Dia mé,” ar sé,

And he said: “As God knoweth me,” saith he,

“co tuca sod [co tucsat, L] maic thíre

“go dtugadh soith mhic tíre

“may a she-wolf take

na trí baill filet acutsu conice in tauluig út tall!”

do bhaill go dtí an tulach sin thall!”

those three members which thou hast as far as that hill yonder!”

Ocus ba fír ón,

Ba fíor, go deimhin,

And this was true:

conid desin dogairther Tréball o shein ille.

óir de sin gairtear Trébhall ó shin amach.

wherefore Tré-ball [“three-member”] is so called thenceforward.

Back to top

 

Section 66

Ra érig iarsain rí Herenn, ocus rogab recht hé.

D’éirigh rí Éireann iar sin, agus do ghabh fearg é;

Thereafter the king of Erin arose, and fury seized him;

Ocus ra érgiset fir Herenn [aroen ris], ocus tancatar rempo,

agus d’éirigh fir Éireann mar aon leis, agus thángadar rompu,

and the men of Ireland arose along with him and marched forward,

ocus epscop Áedáin leo.

agus easpag Aodhán leo.

having bishop Aédáin with them.

Back to top

 

Section 67

Rancatar iarsain co Belach Dúin Bolg.

Rángadar iar sin go Bealach Dúin Bholg.

Thereafter they came to Belach Dúin Bolg (the Pass of the Fort of Sacks).

Ro iarfaig in rí: “Ca ainm in belaig sea?”

D’fhiafraigh an rí: “Cá hainm atá ar an mbealach so?

The king asked: “What is the name of
this pass?”

“Belach Dúin Bolg sain.”

“Bealach Dúin Bholg sin.”

“That is the Pass of the Fort of Sacks”.

“Ciata builg itir ón [cia builc on ainmnichter, L]?” ar in rí.

“Cad iad na boilg idir?” arsa an rí.

“What sacks be they?” says the king.

“Boilg lóin fer nHerenn

“Boilg lóin fear Éireann

“The provision-sacks of the men of Erin,

faicfiter and innocht ac Laignib”, ar in clerech.

fágfar ann anocht ag Laighnigh,” arsa an cléireach.

which will be left there tonight with the Leinstermen”, says the cleric.

Back to top

 

Section 68

Ráncatar iarsain conici in Licc.

Rángadar iar sin go dtí an Leac.

Thereafter they came as far as the Flagstone.

Ro iarfaig in rí:

D’fhiafraigh an rí:

The king *asked:*

“Ca hainm na glass-licci móri seo [ca hainm in glaislic moir-sea, L]?”

“Cá hainm na glasleice móire seo?”

“What is the name of this *large* grey flagstone?”

“Lecc Commairt Chnáma sin [leac chomchnama so, L]”, ar in clerech.

“Leac Comairt Chnámha sin,” arsa an cléireach.

“That is the Flagstone of the Breaking of Bones,” says the cleric.

“Cata [ciata, L] cnáma itir ón?” ar in rí.

“Cad iad na cnámha idir?” arsa an rí.

“What bones be they?” saith the king.

“Uair is furri brisfiter do chnáma-su [do chnama-su brisfider furri, L]

“De bhrí gurab uirthi brisfear do chnámhasa,

“Because it is thereon that thy bones will be broken

ocus benfaider do chend ditsu innocht”, ar in clerech.

agus bainfear do cheann díot anocht,” arsa an cléireach.

and thy head will be cut off thee tonight,” saith the cleric.

Back to top

 

Section 69

Rancatar rempo co Bernaid na Scíath.

Rángadar rompu go Bearna na Sciath.

They came on to the Gap of the Shields.

“Cia hainm na bernad [in bernad, L] sa?” ar in rí.

“Cá hainm na bearnasa?” arsa an rí.

“What is the name of this gap?” saith the king.

“Berna na Scíath sain”, ar in clerech.

“Bearna na Sciath sin,” arsa an cléireach.

“That is the Gap of the Shields,” saith the cleric.

“Cata scéith itir ón [cid dia fil, L]?” ar in rí.

“Cad iad na sciatha idir?” arsa an rí.

“What shields be those?” saith the king.

“Scéith Conaill ocus Eogain faicebtar and innocht [fuicfider and anocht icLaignib, ol in clerech, L]”.

“Sciatha Chonaill agus Eoghain fágfar ann anocht ag Laighnigh,” arsa an cléireach.

“The shields of Tirconnell and Tyrone, which will be left there tonight *with the Leinstermen,” saith the cleric*.

Back to top

 

Section 70

Luidset fir Herenn dar in mbernaid sin.

Do chuaigh fir Éireann thar an mbearna sin.

The men of Erin marched over that gap.

Ocus gabsatar [rogobsad, L] fir Herenn dúnad ocus longphort andsin.

Do ghabhadar dúnadh agus longfort ansin.

And there they set up a fortress and encampment.

Back to top

 

Section 71

Gabais epscop Ædáin remi co dú i mbái [co hairm a mbui, L] Brandub.

Do ghabh easpag Aodhán roimhe go háit a raibh Brannabh.

Bishop Aedán fared forward to the place wherein Brandub was biding.

Ro iarfacht Brandub scéla dó.

D’fhiafraigh Brannabh scéalta dhe.

Brandub asked tidings of him.

Atbert in clerech fir Herenn do gabail longphuirt ac Cill Bélat [a caill Belaich, L].

Dúirt an cléireach go raibh fir Éireann ag gabháil longfoirt ag Ceall Bhéalad,

The cleric replied that the men of Erin had pitched a camp at Cell Bélat.

Ocus roráid na fúair féin honóir.

agus do rá sé nach bhfuair féin onóir.

And he said that he himself had not received honour.

IS and atbert Brandub: “Cade do chomairli dún, a chlerig?”

Is ann adúirt Brannabh: “Cad é do chomhairle dúinn, a chléirigh?”

Then said Brandub: “What counsel hast thou for us, O cleric?”

Back to top

 

Section 72

“Ní ansa”, ar epscop Ædáin.

“Ní ansa,” arsa easpag Aodhán,

“Not hard (to say)”, saith bishop Aedáin.

“Tuimther [tumtar, L] rigcaindell romór acut i clud na rátha-so ammuig,

“tumtar ríchoinneal rómhór agat i gcladh na rátha seo amuigh,

“Let a huge royal torch be planted by thee in the rampart of this fort outside,

ocus tabar chucut tri chét sesrech

agus tugtar chugat trí chéad seisreach,

and let three hundred teams be brought to thee,

ocus da dam déc in cach shesserig [sesrich, L].

agus dhá dhamh déag in gach seisreach;

with twelve oxen in each team.

Ocus curtar cléib gela forthib [fora, L]

cuirtear cléibh gheala ortha

And let white baskets be put upon them,

ocus ócláig [oclachu, L] imda isna clíabaib sin,

agus óglaigh iomdha ins na cléibh sin;

with many warriors in those baskets,

ocus tuigi ósa cennaib, ocus bíad forsin tuigi [tuigid, L] anúas.

agus tuí os a gceann agus bia ar an tuí anuas.

and thatch above their heads, and food down on the thatch.

Tabraiter cucut [ocus tabar chucad, L] tri .L. ech anríata

Tugtar chugat trí chaogad each ainriata,

Let thrice fifty unbroken horses be brought to thee,

ocus cenglaiter [cengailter, L] builg ina n-erblib,

agus ceanglaítear boilg ina n-eireabaill,

and let sacks be tied to their tails,

ocus línaiter [lintar, L] na builg sin do minchlochaib

agus líontar na boilg sin de mhínchlocha

and let those sacks be filled with small stones

do chor scéoin for gregib Herenn [greagaib ferenn, L].

do chur scéine ar ghraíonna fear Éireann.

in order to startle the horses of (the men of) Erin.

Bíd in chaindel mór út remut

Bíodh an choinneal mhór úd romhat,

Let yon great torch be before thee,

ocus in rígcoiri ’ma cend [focend, L]

agus an ríchoire um a ceann

with the royal caldron round its head,

co rois medón longphuirt [co risir medon in longpuirt, L] fer nHerenn [Sic, L].

go sroiche tú meán longfoirt fear Éireann.

until thou shalt reach the middle of the camp of the men of Erin.

Cuir [Cuirthear, L] techta in n-airet sin d’inn[s]aigid [díndsaigid, L] rig Herenn

Cuir teachtairí ag an am céanna d’ionsaí rí Éireann,

At the same time send messengers to the king of Erin

ocus apar riss [fris, L] co mberthar biad Lagen dó innocht.”

agus abair leis go mbéarfar bia Laighean dó anocht.”

and tell him that Leinstermen’s food will be brought to him tonight”.

Doringned [Dorigned, L] in chomairli sin la Brandub.

Do rinneadh an chomhairle sin le Brannabh.

That counsel was carried out by Brandub.

Back to top

 

Section 73

IN n-airet robas immesin atbert Brandub:

An uair a bhí siad gnóthach uime sin, dúirt Brannabh:

While they were thus engaged, Brandub said:

“IS ferr damsa féin”, ar se, “dúl d’fhegad [do dechain, L] in tshlúaig,

“Is fearr domsa féin,” ar sé, “dul d’fhéacaint an tslua,

“It is better for myself to go and reconnoitre the host;

ocus tairsiu lim, a chlerig.”

agus tar liom, a chléirigh.”

and do thou come with me, O cleric”.

“Ragat”, bar in clerech.

“Raghad,” arsa an cléireach.

“I will go”, saith the cleric.

Back to top

 

Section 74

TAnic iarsain Brandub sé fichit óclách ocus óen ech leo .i. ech ac Brandub.

Tháinig Brannabh iar sin; sé fhichid óglach agus aon each leo, eadhon, each ag Brannabh.

Thereafter Brandub went with six score warriors and one horse, even the horse which Brandub had.

Ocus luid in clerech ina charput leo óta sin

Chuaigh an cléireach ina charbad leo ón áit sin

And the cleric went with them in his chariot from thence

co ráncatar lettæb [tæb, L] Sída Nechtain.

go rángadar leathtaobh Shíodha Neachtain.

till they reached one side of Síd Nechtain.

Dercais in clerech úad [uada, L] sís bar in longphort [forsin longport, L],

D’fhéach an cléireach uaidh síos ar an longfort,

The cleric looked down on the camp,

ocus atchonnairc amal elta ilerda cach [cacha, L] datha

agus chonnaic sé amhail il-ealta éan gach datha

and beheld what seemed numerous bird-flocks of every colour,

cen gluasacht os chind in longphuirt.

gan ghluaiseacht, os cionn an longfoirt.

motionless above the camp.

IArfaigis in clerech: “Cáta [Ca, L] helta ilerda [ilarda, L] ataciam [L adds: sud]?” [L adds: ol se.]

D’fhiafraigh an cléireach: “Cad tá na h-il-ealta éan a chímid?”

The cleric asked: “What are the numerous bird-flocks which we see?”

“Merggeda fer nHerenn sin”, ar Brandub,

“Meirgí fear Éireann sin,” arsa Brannabh,

“Those are the banners of the men of Erin”, saith Brandub,

“ar [for, L] slattaib ocus ar gáib uas bothaib fer nHerenn [ar gaib uaistib, L].”

“ar shlata agus ar ghathanna os bothanna fear Éireann.”

“on poles and on spears, over the men of Erin’s booths”.

[Ocus doraid in clerech narb’ aithnig do sin, L.]

Agus do rá an cléireach narbh aithne dó sin,

And the cleric said that he had not recognised them.

Conid and atbert in clérech na rannu-sa:

agus ansin dúirt an cléireach na ranna seo:

Whereupon the cleric uttered these staves:

 

 

 

“ITchíusa na merggi,

“Chímse na meirgí,

“I see the banners

is mana catha,

is mana catha,

— it is an omen of battle —

mar bít eóin ar luamain,

Mar bíd eoin ar luamhain,

As birds a-hovering,

co ndeilb cach datha,” et reliqua.

go ndeilbh gach datha,” agus araile.

with shape of every hue,” etc.

 

 

 

IMthigis epscop Áedain úadib da chill féin [fesin, L].

D’imigh easpag Aodhán uathu dá chill féin.

Bishop Aedáin went away from them to his own church.

Back to top

 

Section 75

Confhacca iarsain Brandub in slíab lán do maccæmaib;

Chonaic Brannabh an sliabh lán de mhacaoimh iar sin;

Thereafter Brandub saw the mountain full of striplings.

ocus is iat maccaími bátar and [is iad na maccaim do bai ann, L],

’siad na macaoimh do bhí ann,

And these are the striplings who were there,

maccæme Ulad [.i. macaim Ulad, L]

macaoimh Uladh

the striplings of Ulaid,

im Diarmait mac Æda Róin.

um Diarmuid mac Aodha Róin.

including Diarmait son of Aed Rón.

Tancatar maic [meic, L] ríg Lagen ocus teglach Branduib ’na [ina, L] timchell

Thángadar mic rí Laighean agus teaghlach Bhrannaibh ’na dtimpeall,

The sons of the king of Leinster and Brandub’s household surrounded them

ocus rogabait ar bragtib iat [rogobadur ’na mbraigdib iad, L].

agus ghabhadar ina bhránna iad.

and took them prisoners.

“Cia sib?” ar síat.

“Cé sibh?” ar siad.

“Who are ye?” say they (the Leinstermen).

“Macrad Ulad sinn”, ar siat,

“Macra Uladh sinn,” ar siad,

“We are the boys of Ulaid,” they reply,

“ma mac ríg Ulad [meic rig Ulad sindi, ol siad, son, L]”.

“um mac rí Uladh.

“with the king of Ulaid’s son”.

Ro innised sin do Ultaib.

Insíodh sin d’Ultaibh.

That was told to the Ulaid.

Ra érgiset [roergedur, L] iarsain Ulaid .i. sect cét ocus .uii. míli al-lín,

D’éirigh iar sin Ulaidh, seacht gcéad agus seacht míle a líon,

Thereafter the Ulaid arose, in number seven hundred and seven thousand,

etir læch ocus clerech [oclachu, L].

idir laoch agus cléireach.

both layman and cleric.

Rancatar i comaichraib [comfhochraib, L] do Brandub ocus roráidsetar:

Rángadar i bhfogas Brannaibh, agus dúradar:

They came near to Brandub and said:

“Cid ’ma ragbais [amar’gabais, L] ar maccu?” ar siat.

“Cén fáth ar ghabhais ár mic?” ar siad.

“Why hast thou captured our boys?” *say they.*

“Do gait bar n-eceng catha dímsa [do gaid bar n-ecin chatha dim, L]”, ar Brandub.

“Do ghoid bhur n-éigean catha díomsa,” arsa Brannabh.

“To take away from me your need (?) of battle,” says Brandub.

“Gettair dítsu co bráth [co brach he, L]”, bar rí Ulad,

“Goidfear díotsa go bráth,” arsa rí Uladh,

“It shall be taken away from thee for ever,” says the king of Ulaid,

“ocus dogentar cró cotaig ocus oentad [oentaig, L] etraind,

“agus déanfar conradh agus aontacht eadrainn lenár bhfuil,

“and a covenant and union shall be made between us with our blood,

ocus issed son ro tairngered tria aslingi Conchobair maic Fhachtna.”

agus is é sin do tairngríodh tré aisling Chonchobhair mhic Fhachtna.”

And this was foretold by the vision of Conchobar son of Fachtna.”

Back to top

 

Section 76

Ocus ro innis rí Ulad in t-aislingi ocus atbert:

Agus d’inis rí Uladh an t-aisling, agus adúirt:

And the king of the Ulaid related the vision and said:

[ised sin ro tairngired do Chonchobar mac Fhachtna Fathaich do fhis doindis rí Ulad in aislingi dochonnairc rí Ulad ocus adbeart ann so, L]:

 

 

 

 

 

“Atchonnarc aslingthi n-ingnad

“Chonacas aisling ionadh

“I beheld a strange vision

da mbá im súan.

nuair do bhí im shuan;

when I was asleep.

in fitir [nifhidir, L] nech uáib

An eol do neach uaibh

Does any one of you in the host

a fhidrad issin tshlúag?

a míniú, ins an tslua?

know how to expound it?

 

 

 

Atchonnaccus dabaich nglaine

Chonacas dabhach glaine,

I beheld a vat of crystal,

co néim n-óir

go niamh óir,

with splendour of gold.

acum ar certlár mo thaige

Agam ar cheartlár mo thí

By me, on the midst of my house,

ic Brega ic Bóinn.

ag Breagha ag Bóinn.

in Bregia, at the Boyne.

 

 

 

Trian na dabcha d’fhuilib dóene,

Trian na daibhche d’fhola daoine,

A third of the vat (was filled) with the bloods of men,

ingnad dál,

ionadh dál;

strange assembly.

ni ra bi acht oen trian do lemnacht,

Ní raibh ach aon trian de leamhnacht

There was but one third of new-milk,

ara [fora, L] lár.

ar a lár;

in its midst,

 

 

 

TRían aile ba fín forclid [forglan, L],

Trian eile ba scoth an fhíona,

Another third was noble (?) wine,

ingnad lemm.

ionadh liom;

strange to me.

dáine cromcenna ros-timchell [duine cromchend arís timchell, L],

Daoine cromcheanna ’na timpeall,

Men with bowed heads surrounded it,

dar muir mend.

thar muir meann.

(men who had come) over a clear sea.

 

 

 

Lagin uile ciarsat [gersat, L] ile,

Laighnigh uile cé táid ile,

All Leinstermen though they are many,

línib [buidnib, L] glond,

líonta glonn,

with numbers of deeds,

tucussa dóib serc mo chride [tucusa daib sciath mo chraidi, L],

Thug mé dóibh searc mo chroí

I have given them my heart’s love,

ocus mo chond [is mo conn, L].”

agus mo chonn.”

and my sense.”

Atchonnairc.

 

 

Back to top

 

Section 77

Atchondairc iarum Conchobar [mac Fhachtna fathaich meic Cais meic Rudraidi, L] in n-aslingthe sin.

Do chonaic Conchobhar an t-aisling sin, iaramh,

Then Conchobar beheld this vision.

Ocus is amlaid atchonnaic Lagin ocus Ulaid [is amlaid adconnairc .i. Laigin ocus Ulaid, L]

agus is amhlaidh chonaic sé Laighnigh agus Ulaidh

And thus he saw the Leinstermen and the Ulaid,

’mán dabaig ica hól [im ændabaich oca hol, L].

um an dabhach ag a h-ól.

around the vat drinking its contents.

“Ocus rofetar-sa”, ar se,

“Tá a fhios agam,” ar sé (rí Uladh),

“And I know”, saith he (the king of the Ulaid),

“is é in cottach rotairngered andsin.

“is é an conradh do tairngríodh ann sin,

“that this is the covenant that was foretold therein.

Uair is í ind fhuil atchess issin dabaich,

óir ’sí an fhuil do chonacthas ins an dabhach,

For this is the blood that was seen in the vat

fuil na da cóiced i comrac.

fuil an dá chúige i gcomhrac.

— the blood of the two provinces in meeting.

IS é in lemnacht,

Is é an leamhnacht

This is the new-milk

in chanóin chomdeta chanait clerig na da choiced.

an chanóin diadha chanas cléirigh an dá chúige.

— the canon of the Lord, which the clerics of the two provinces recite.

IS é in fin, Corp Crist ocus a fhuil edprait na clérig.”

Is é an fíon, corp Críost agus a fhuil a ofrálann na cléirigh.”

This is the wine, Christ’s Body and His Blood, which the clerics offer up”.

Ocus bái ’cá mínigud amlaid sin [Ocus robai oc reideadud na haislingi amail sin, L].

Agus do bhí sé á míniú amhlaidh sin,

And he was explaining it in that wise,

Ocus doráid láid [ocus adbert and, L]:

agus do rinne laoi:

and he uttered a lay:

 

 

 

“Dénaid dún ar cotach [Denaid dund bar cadach, L],

“Déanaidh dúinn ár gconradh,

“Make for us a covenant,

rop cotach tri bithu,

’sé conradh trí bhithu,

let it be a covenant for ever,

risna fedaib fína,

Leis na feánna fíona,

With the ‘trees of wine’,

risna rígu [riga, L] al-Lifiu.

leis na ríthe a Lifiu.

with the kings from Liffey.

 

 

 

Brigit aca chomét,

Brighid ag a choimhéad,

(May) Brigit (be) preserving it,

Mædóc o Dún Inne,

Maodhóg ó Dún Inne,

(and) Maedóc from Dún Inne,

Molling thes ’na tæden,

Moling theas ’na thaodan,

Molling of the millpond south,

Abbán, Cæmgen Glinne.

Abán, Caoimhghin Ghlinne.

Abbán, Kevin of Glendalough.

 

 

 

Epscop Sinchean sochla,

Easpag Sinchean sochla,

Famous bishop Sinchen,

Mo-chalmóc on Chaba,

Mocholmóg ón Chaba,

Mo-Cholmóc from the Caba,

is Mo-biu na rográd,

is Mobhí na ró-ghrá,

And Mo-biu in his great love,

Comgall, Colman Ela.

Comhghall, Colmán Eala.

Comgall (and) Colman Ela,

 

 

 

A lucht na da chóiced,

A lucht an dá chúige,

O folk of the two provinces,

clothaige in bar scélaib,

clúiteach in bhur sgéalta,

famous in the tales of you,

narap dál bas sía,

Narab dáil bhus sia

Let there be no agreement more lasting

ra táib día denaid.”

le taobh dá ndéanaidh.”

than that which ye make.”

Dénaid.

 

 

Back to top

 

Section 78

Dessetar náim Lagen ocus Ulad ’sin tsléib [Cid tra acht deisidar næim Laigen ocus Ulad iarsin slog arsin, L]

Do shuigh naoimh Laighean agus Uladh ar an tsliabh,

The saints of Leinster and of the Ulaid sat down on the brae,

ocus doníat a cotach [ocus doronsad cro cataig, L] cen taithmech tria bithu.

agus déanann siad a gconradh gan a bheith briste go deo.

and make their covenant never to be broken.

Back to top

 

Section 79

Atbert Brandub iarsain ri ríg [Ulad, L]

Dúirt Brannabh iar sin le rí Uladh,

Thereafter Brandub told the king of the Ulaid

deligud [a, L] longphuirt ra ríg Herenn.

dealú a longfoirt ó rí Éireann.

to separate his camp from the king of Erin.

“Cindas rafhétfamni [Cindis rofetfamais, L] ón?” bar rí Ulad.

“Conas an bhféadfaimid sin?” arsa rí Uladh.

“How shall we be able to do that?” says the king of Ulaid.

“Ni anse”, ar [bar, L] Brandub.

“Ní ansa,” arsa Brannabh,

“Not hard (to say),” quoth Brandub.

“Gebid si [gebsi, L] longphort”, ar se, “bail ata [ita, L] longphort ríg Herenn.

“suígí longfort ’san áit a bhfuil longfort rí Éireann.

“Pitch a camp where the camp of the king of Erin is standing.

Dogentar debaid rib [acaindi frib, L], ocus na fuilngid-si hí

Déanfaidh siad deabhaidh libh, agus ná fulaingígí é,

They will dispute with you, and do ye not endure it,

ocus deligid friu amlaid.”

agus dealaígí uaibh amhlaidh.”

and thus separate from them.”

Back to top

 

Section 80

Doringset [Doronsad, L] Ulaid amal atbert Brandub friu.

Do rinneadar Ulaidh amhail adúirt Brannabh leo.

The Ulaid did as Brandub told them.

Atrachtatar Conall ocus Eogan cucu,

D’éiríodar Conall agus Eoghan chucu,

The men of Tirconnel and Tyrone attacked them

ocus romarb da cét díb resiu tarnaic [thairnic, L] a n-etráin.

agus do mharbh dhá chéad díobh sular críochnaíodh a ndealú.

and killed two hundred of them before their separation had ended.

Dos-luíset [ocus doluidsead, L] Ulaid assede, co hInis Ulad.

Do chuaigh Ulaidh as sin go hInis Uladh,

The Ulaid marched thence to Inis Ulad,

Ocus rochlaidset clad impu inti da slegaib,

agus do chlaidheadar claidh umpu inti dá sleánna,

and therein they dug a dyke with their spears,

ocus rochurset a n-eochu eturru ocus Dangen na Móna [monad, L].

agus chuireadar a n-eacha eatarthu agus Daingean na Móna.

and they put their horses between them and Dangen na Móna (the fastness of the bog).

Back to top

 

Section 81

Ra impa doridisi epscop Ædain arammus [foramus, L] Branduib,

D’iompaigh arís easpag Aodhán chun Brannaibh,

Bishop Aedáin again turned towards Brandub

ocus iss ed roraide:

agus is é do rá:

and said this:

“Mór ám”, ar sé, “in dímiad tuc mac mo máthar damsa .i. Æd mac Ainmerech,

“Mór, ámh,” ar sé, “an dímhiadh thug mac mo mháthar domhsa, eadhon, Aodh mac Ainmhireach,

“Great in sooth is the dishonour which my mother’s son, even Aed mac Ainmerech, hath shewn me,

ocus digélaid Dia fair [he, L].”

agus díoghalfaidh Dia air é.”

and God will avenge it upon him”.

Ocus doringni in rand-sa:

Agus do rinneadh an rann seo:

And he made this stave [leg. prophecy:]

“Lussán Æda maic Ainmerech
faicebthair ic Laignib in líagmaire [inlíagmaire, L].

“Lusán Aodha mhic Ainmhireach fágfar ag Laighnigh;

“Aed’s lussán will be left with the Leinstermen of the liagmair (?)

[ocus adbert lusan Aeda meic Ainmirech fuicebthar ac Laigneachaib in liagmaire, L]

 

 

béraid fíach cíar ará ulind co Cill Culind siar amain [beraid fiach ciar ara uillind co Chill Chuilind siaramain, L].

béarfaidh fiach ciar ar a uillinn go Ceall Chuilinn siar amháin.

A black raven will bear (it) by its corner to Kilcullen westward.

Tuitfid ónd fhíach é for faidche Chille Culind [Toitfid se ar faichdi Cilli Cuilind, L],

Tuitfidh ón bhfiach é ar fhaiche Chille Cuilinn,

It will fall from the raven on the green of Kilcullen,

ocus dogenat macrad [ocus doniad macraid, L] Cilli Culind liathróit de co cend .uii. mbliadan.

agus déanfaidh macra Chille Cuilinn liathróid de go ceann seacht mbliana.

and the children of Kilcullen will make a ball thereof till the end of seven years.

Doroiset scol Cille Dara ocus gétaid fer díb in liathróit sin.

Tiocfaidh scoil Chille Dara, agus goidfidh fear díobh an liathróid sin.

The school of Kildare will come, and one of them will take away that ball.

Dogena-side sprédaire [sporsedari, L] de

Déanfaidh sé aisréad de,

He will make a sprinkler of it,

ocus biaid aice co cend .uii. mbliadan aile.

agus beidh sé aige go ceann seacht mbliana.

and he shall have it to the end of another seven years.

Doroset scol Clúana mor Mædóc co Cill dara,

Tiocfaidh scoil Chluain Mhór Maodhóg go Ceall Dara,

The school of Cluain mór Máedóic will come to Kildare

ocus getaid [gadaich, L] fer dibsede in sprédaire [sporsetaire, L] sin.

agus goidfidh fear díobh an t-aisréad sin;

and one of them will take away that sprinkler.

Ocus ni fhaccimse a díl o shein immach.

agus ní fheicim a dán ó shin amach.

And I see not its fate (?) thenceforward.

IN slíab [slog, L] so immorro i ndernad in cotach,

An sliabh seo, áfach, ar a ndearnadh an cotach,

But this brae whereon the covenant was made,

bud Slíab in Chotaig a ainm o shun[n] immach.”

beidh Sliabh an Chotaigh a ainm ó seo amach;

Sliab in Chotaig — ‘the Mountain of the Covenant’, — shall be its name henceforward”.

Ocus Slíab Nechtain a ainm conici seo.

agus Sliabh Neachtain a ainm go dtí seo.”

And Sliab Nechtain was its name up to this.

IMthigid in clerech iartain.

D’imigh an cléireach iar sin.

The cleric afterwards departs.

Back to top

 

Section 82

Gabais immorro Brandub for a oen-eoch

Ansin ghabh Brannabh ar a h-aon each

Then Brandub went on his single steed

d’iarraid [oc iarraid, L] chomlaind ar feraib Herenn.

d’iarraidh comhlainn ar fhir Éireann.

to challenge the men of Erin to fight him.

IS é tánic da indsaigid o fheraib Herenn,

Is é tháinig dá ionsaí ó fhir Éireann,

He who came from the men of Erin to meet him was

Blátach toesech scuir ríg Herenn,

Bládach, taoiseach mharcshlua rí Éireann,

Bládach, the chief of the king of Erin’s cavalry;

ocus ech ríg Herenn fóe [lais, L].

agus each rí Éireann faoi.

and he rode the king of Erin’s steed.

Amlaid immorro bai Blatach is é nemnech náintidi [naimdeamail, L].

Amhlaidh, áfach, bhí Bládach, is é nimhneach naimhdeach.

Thus was Bládach: venomous, hostile,

Ni theilged urchor imraill [ni theilced urchar n-imroill, L].

Ní theilgeadh sé urchar iomraill.

(and) he never made a missing spear-cast.

Aráisin, tra, ni ragaib greim dósom sain,

Mar sin féin, níor bhain sé aon tairbhe as sin,

Nevertheless he had no profit thereof,

ar dofuitt la Brandub

óir do thit sé le Brannabh,

for he fell by Brandub

ocus roben[ad, L] a chend de for Ath Blatachta [for Ath mBladcha, L]

agus do baineadh a cheann de ag Áth Bládachta

and his head was struck off him at Áth Bládachta

frisi n-apar Áth mBlathcha indiu [conad he a ainm aniu, L].

risa n-abair Áth Bládcha inniu.

which is called Áth Bládcha —“Bládach’s Ford” — today.

Luid Brandub iarsain aithle in choscair sin [daithli a choscair, L],

Do chuaigh Brannabh d’aithle an choscair

After that triumph Brandub departed,

ocus ech ríg Herenn leis.

agus each rí Éireann leis.

taking the king of Erin’s steed.

Back to top

 

Section 83

Tinolaiter iarsain a damrada chuce ocus a grega [Tinoilter iarsin a ndamrada chucu ocus a ngreaga, L],

Tionóltar iar sin a dhaimh chuige agus a ghraíonna

Thereafter his oxen and his herds of horses are gathered unto him,

amal ra fhorcan epscop Ædáin.

amhail d’ordaigh easpag Aodhán.

as bishop Aedáin had directed.

IS and atbert Brandub:

Is ann adúirt Brannabh:

Then said Brandub:

“In fagbaim”, ar se, “nech nodigsed [dodigsed, L]

“An bhfaghaim,” ar sé, “neach do rachadh

“Can I find anyone who would go

do brath in longphuirt [fer nErenn, L] ocus in ríg,

do bhrath an longfoirt fear Éireann agus an rí;

to spy upon the camp *of the men of Ireland* and the king,

ocus nobeth and ararcind co rosmís [ocus do beith for ar cind and co roismais, L]?

agus do bheadh ar ár gceann ann nó go shroichfimis?

and who would be there before us until we shall arrive?

Ocus ros-bia coma aire sin

agus beidh dualgas dó ar sin,

And for this he shall have a reward,

.i. ros-bia nem ó chlerchib Lagen da [dia, L] marbthar,

eadhon, beidh neamh aige ó chléirigh Laighean má maraítear é;

to wit, if he be killed, he shall have heaven from the clerics of Leinster;

[ocus, L] da térna dano ros-bia [rodbia, L] a thúath féin sær,

agus má théarnaíonn sé, áfach, beidh a thuath féin saor aige

but if *however* he escape, he shall hold his own territory free (from tribute),

ocus mo chubrend-sa féin dó ocus d’fhir a inaid.”

agus mo chuibhreann féin dó agus d’fhear a ionaid.”

and he and his successor shall have my own ration”.

Tucait cuir ris sin [frissin, L].

Tugadh bannaí leis sin.

Guarantees for that were given.

Back to top

 

Section 84

“Ragat-sa and”, ar Rón [Ronan, L] Cerr mac Dubanaig [Duibenaich, L]

“Raghadsa ann,” arsa Rón Cearr mac Dubhanaigh,

“I will go there,” says Rón Cerr son of Dubanach,

maic ríg Húa Máil.

mac rí Uíbh Máil.

son of the king of Húi Máil.

“Tabar dano”, ar se, “fuil læig ocus tæs secail dam

“Tabhair, mar sin, fuil lao agus taos seagail dom

“So let calf’s blood and rye-dough be brought

coro commilter dam [cura comailter dím, L].

go cuimlítear dom é.

and rubbed on me.

Tabar cochull forcrach ocus tiág.”

Tabhair dom cochall agus tiachóg.”

Give me a *capacious* cowl and a wallet”.

Doringned amlaid sin, cor-raibe amal cach lobor.

Do rinneadh amhlaidh sin, go raibh sé amhail lobhar.

This was done, so that he was like any leper.

Tucad coss chraind dó: ra chuir a glún ’na gibis [gebis, L].

Tugadh cos adhmaid dó agus chuir sé a ghlún ’na ghibhis.

A wooden leg was given him and he put his knee into the socket.

Back to top

 

Section 85

Luid reime fón innas[s]ain — ocus claideb aice fó etuch —

Chuaigh sé roimhe faoin modh sin agus claíomh aige faoi éadach,

He went forward in that wise, with his sword under his raiment,

co dú ir-rabatar mathe [fir, L] Herenn

go dtí an áit ina raibh maithe Éireann ina seasamh

to the place where the magnates of Erin were standing,

indorus pupla Áeda maic Ainmerech [ocus luid co dorus pupla in rig, L].

i ndorus pubaill Aodha mhic Ainmhireach.

before the pavilion of Aed son of Ainmere.

Ro iarfaigit scéla de, ocus based roráde, a thuidecht a Chill Bélat [Belaich, L].

Fiafraíodh sgéalta de agus ba h-ea do rá sé, a theacht ó Cheall Bhéalad.

They asked him his news, and he said that he had come from Cell Bélat.

“Dochúadus do [co, L] longphort Lagen ó matin,

“Do chuas go longfort Laighean ar maidin,

“I went to the Leinstermen’s camp this morning,

ocus tancas darméis [doris, L],

agus thángas thar m’ais arís,

and some one came after I had gone,

ocus rolotted mo both ocus mo bró

agus do scriosadh mo bhoth agus mo bhró,

and my hut was destroyed, and my quern,

ocus mo rúamór [mo ruamur, L] ocus m’eclas.”

mo rámhainn agus m’eaglais.”

and my spade, and my church”.

Back to top

 

Section 86

“Fiche lilgach úaimse ’na n-íc-sain [ina icc-sin, L]”, ar rí Herenn,

“Fiche loilíoch uaimse ’na íoc sin,” arsa rí Éireann,

“Twenty milch-cows from me in payment therefor,” said the king of Erin,

“dia térnúr-sa don tshluagud-sa.

“má ealaím den tslua seo.

“if I escape from this hosting.

Ocus eirgg innund ’sin pupaill [erich anunn isin pupull, L]

Agus éirigh anonn ins an puball,

And go thou over into the pavilion:

ocus inad nonbair duit and [inti, L],

agus beidh ionad naonúr duit ann,

there shalt thou have the place of nine,

ocus dechmad mo chuibrind-sea ocus mírenna in teglaig.

agus deachú mo chuibhrinn, agus míreanna an teaghlaigh.

and the tenth of my ration, and the titbits of the household.

Cid dogniat Lagin?” ar in rí.

Cad a dhéanann na Laighnigh?” arsa an rí.

What are the Leinstermen doing?” says the king.

Back to top

 

Section 87

“Atát ac irlamagud [Ataat oc irrlamad, L] bíd dúibsi,

“Atáid ag ulmhú bia daoibhse,

“They are preparing food for you,

ocus ní fhuarabair-si riam biad da mba sathchu sib [ni uaribar riam biad damad sathaidi sib inas., L].

agus ní bhfuair sibh riamh bia dá mba sáithighe daoibh;

and ye never have got food wherewith ye were more satisfied.

Atát ác bruith a mucc ocus a mart ocus a tinne [Ocus itat oc bruith muc ocus mart ocus tindead, L].”

atáid ag bruith a muc, a mart, agus a muiceola.”

They are boiling their swine and their beeves and their bacon”.

Back to top

 

Section 88

“Mallacht da chind!” bar Cenél Eogain ocus Conaill.

“Mallacht ar a cheann!” arsa Ceinéal Eoghain agus Conaill.

“A curse on him!” say the Kindred of Eogan and of Conall.

Back to top

 

Section 89

“Da [Di, L] shúil churad i cind in chlaim atas-cím [Om. L]”, ar in rí.

“Dá shúil churaidh i gceann an chlaimh, chím iad,” arsa an rí.

“Two hero’s eyes in the leper’s head, I see them,” saith the king.

Back to top

 

Section 90

“Mairg duitsiu! domenma ra [re, L] rígi nHerenn

“Mairg duitse! domheanma le ríghe Éireann,

“Woe to thee! faint-heartedness with the kingship of Erin

masa rem shúlib-se gebes ecla tú! [mas re mo shuilib sea gebras tarla thu, L]”

más rem’ shúile-se gheibheas eagla thú!”

if it is of mine eyes that thou art afraid!”

Back to top

 

Section 91

“Ní hed de shodain”, ar in rí [Ni head em, ol in rig, L].

“Ní hé de sin,” arsa an rí.

“It is not of that,” said the king.

“Tiagar úain ar cend Duib dúin ríg Airgíall [L adds: ri arnaid esen].”

“Teachtaire uainn ar ceann Duibh Dúin, rí Airghialla.”

“Send a messenger for Dub-dun king of Oriel.”

Back to top

 

Section 92

Doriacht iarsain Dub duin.

Ráinigh iar sin Dubh Dúin.

Thereafter Dub-dun arrived.

Atbert rí Herenn riss [fris, L]:

Dúirt rí Éireann leis:

To him said the king of Erin:

“Eirgg”, ar rí Herenn [Erich, ol se, L], “ocus cath Airgíall latt,

“Éirigh,” ar sé, “agus cath Airghialla leat,

“Go with a battalion of the men of Oriel

co Bun Áife fodess ocus connici in Crúadabaill, ocus denaid foraire and

go Bun Aoife ó dheas, agus go dtí Cruadhabhaill agus déan foraire ann,

southwards to Bun Aife as far as Cruad-aball, and watch there,

na tucat Lagin ammus longphuirt foraind.”

go nach dtuga Laighnigh amas longfoirt orainn.”

that the men of Leinster do not make a camp-attack upon us”.

Back to top

 

Section 93

Gabsat rempo [Gabsad rompu and, L] amal rofhorcongair forro Áed.

Do ghabhadar rompu amhail d’ordaigh Aodh dóibh.

They set forward as Aed had ordered them.

Back to top

 

Section 94

IS and sain atbert Æd mac Ainmerech ra [rena, L] gilla:

Is ansin adúirt Aodh mac Ainmhireach lena ghiolla:

Then said Aed son of Ainmere to his servant:

“Tuc lett cocholl Choluim chilli dam,

“Beir leat cochall Choluim Cille dom,

“Bring me Colomb cille’s cowl,

coraib immum innocht

go raibh sé umam anocht,

that it may be around me tonight,

co rop dín dam é for Laignib”,

go raibh díon dom é ar Laighnigh,”

and be a safeguard to me against the Leinstermen”

uair rogell Colum cille dósom

óir do gheall Colum Cille dósan

— for Colomb cille had promised him

na mairfide é asa chocholl.

nach mharófaí é as a chochall.

that he should not be slain while he wore this cowl.

Back to top

 

Section 105

IS é sin tra in cocholl ro iárr Áed for a gilla in n-úair út.

Is é sin, trá, an cochall d’iarr Aodh ar a ghiolla an uair úd.

Now this was the cowl for which Aed asked his servant at that time.

ISs ed immorro atbert in gilla:

Is ea adúirt an giolla, áfach:

The servant replied *however*:

“Ro fhácsam” ar se, “ac Ailiuch in cocholl sin”.

“D’fhágas ag Aileach an cochall sin,” ar sé.

“We have left that cowl at Ailech”.

Atbert dano Áed:

Dúirt Aodh iar sin:

Then said Aed:

“IS dóchai-te”, ar se, “m’fhácbail-se innocht la Lagnib

“Is dóichí,” ar sé, “m’fhágáil marbh anocht le Laighnigh

“It is the likelier that I shall be left (dead) tonight with the Leinstermen,

[cen in cocholl abus, L].”

gan an cochall anseo.”

the cowl not being at hand”.

Back to top

 

Section 106

IMthús[a] Branduib sunna.

Dála Brannaibh anseo.

As to Brandub here:

Roerlamaigit [Rosnglamaigit, Facsimile of LL: rohurlaimead, L] leis a grega ocus a damrada,

D’ullmhaigh sé a ghraíonna is a dhamhraí;

His horses and his oxen were made ready,

ocus rochoraig [rochoisc, L] a chatha,

do chóirigh a chatha,

and he arrayed his battalions,

ocus ra imthig reme ra deim [dem, L] na haidche.

agus d’imigh roimhe le dorchadas na h-oíche,

and he marched forward with the darkness of night,

Co cualatar Airgialla sitsait [thsitsait, Facsimile of LL, in sidsad, L]

agus chualadar fir Airghialla “sitsait”

until the men of Oriel heard the din (?)

ocus broscur in mórshluáig

agus fothram an mhór-shluaigh,

and noise of the mighty host,

ocus rámtéan na grega [seitfeadach na ngread, L],

agus srann na n-each,

and the snorting of the horses,

ocus tenmnedach [denmneadach, L] na damraide fana fenaib [fearaib, L].

agus teannadh na damhraí faoi n-a féanaibh.

and the straining (?) of the oxen under their wagons.

Back to top

 

Section 107

Atraachtatar Airgialla [suas, L] fón ídnaib [catha, L].

D’éirigh fir Airghialla suas faoina n-arm catha.

The men of Oriel marched up under their battle-weapons.

“Cia so?” bar Airgialla.

“Cé hiad seo?” ar siad.

“Who are these?” said the men of Oriel.

“Ní anse: gillanrad [gillanraid, L] Lagen fó biud do ríg Herenn.”

“Ní ansa: giollaí Laighean le bia do rí Éireann.”

“Not hard (to say): the Leinsterman’s servants with food for the king of Erin”.

Atrachtatar Airgialla súas,

D’éirigh fir Airghialla suas;

The men of Oriel came up,

ocus in lám dobered in fer suas [doberead fer dib suas, L]

agus an lámh do shínfeadh fear díobh suas os cliabh,

and the hand which any of them would stretch out (over a hamper)

bogebed [dogeibead, L] mart nó muicc fo láim.

gheobhadh sé mart nó muc fúithi.

would find a beef or a swine thereunder.

“Fír dóib”, bar rí Airgíall. “Léicid sechaib iat.”

“Fíor dóibh,” arsa rí Airghialla. “Ligigí seacha iad.”

“True for them,” says the king of Oriel. “Let them pass.”

“IMthigem didiu”, bar Airgialla, [IMthigid em, bar rí Airgiall, L]

“Imímis, mar an gcéanna,” arsa fir Airghialla,

“Let us go too,” say the men of Oriel,

“nara der(maitigther sinni) don chomraind sin [ocus na dearmadich sindi don roind, L]”.

“nach déantar dearmad orainn ’san gcomhroinn sin.”

“lest we be forgotten in that distribution.”

Back to top

 

Section 108

Luidset Airgialla rempo da mbothaib longphuirt.

Chuadar fir Airghialla rompu dá mbothanna longfoirt.

The men of Oriel went forward to their camp-huts.

Lotar rempo Lagin co cnocc na caindle im-medón in longphuirt [fer n-Erenn, L],

Chuadar na Laighnigh rompu go Cnoc na Coinnle i meán longfoirt fear Éireann,

The Leinstermen marched on to the hill of the torch, in the midst of the camp,

ocus gatait in coire din chaindil.

agus thógadar an coire den choinneal.

and they take the caldron away from the torch.

Back to top

 

Section 109

“Ca solse (már) atchiam?” bar in rí [Cia in t[sh]oillsi morsa itchiamait? bar rig Erenn, L].

“Cá soilse mhór a chímíd?” arsa an rí.

“What great light do we see?” asks the king.

“Ní anse”, bar in clam: “in biad doriacht [dorocht ann, L].”

“Ní ansa,” arsa an clamh, “an bia do tháinig.”

“Not hard (to say),” replies the leper: “’tis the food which has arrived.”

Back to top

 

Section 110

Ro érig in clam, ocus raben a choiss craind de,

D’éirigh an clamh, agus do bhain a chos adhmaid de,

Then the leper arose and struck off his wooden leg,

ocus rosiacht a lám a chlaideb.

agus ráinigh a lámh a chlaíomh.

and his hand reached his sword.

Rotairntea a n-aireda dona damradaib [Dosiachtadur tra Laigin docum na ndamrad, doberthea a n-aireaga dib, L],

Tógadh a n-ualaí de na damhraí,

The oxen were unladen,

ocus roléicthea na graige fo scoraib fer nHerenn,

agus do ligeadh na graíonna faoi mharcshlua fear Éireann,

and the horses were let loose among the men of Erin’s cavalry,

co ndechatar i fenscor [i fenscor uaidib, L],

go ndeachadar i scanradh,

so that they fled away in panic

coro brissiset [cor brised, L] botha ocus pupli fer nHerenn.

gur bhriseadar bothanna agus pubaill fear Éireann.

and broke the men of Erin’s huts and pavilions.

Back to top

 

Section 111

Atraachtatar Lagin assa clíabaib

D’éirigh na Laighnigh as a gcliabhaibh

Then the Leinstermen rose out of their hampers

amal buinne dilend do aillib,

amhail buinne díleann de aillte,

like a flood-stream bursting from cliffs,

i n-imdornaib a claideb,

a lámha i ndoirne a gclaimhte,

(with their hands) on the hilts of their swords

i cúslaigib a scíath,

in iallacha a sciath

and the handles (?) of their shields,

i n-attaib al-lúrech.

agus a gcinn i gcochaill a lúireach.

(and their heads) in the hoods of their hauberks.

Back to top

 

Section 112

“Cia so?” bar Cenél Conaill ocus Eogain.

“Cé hiad seo?” arsa Ceinéal Conaill agus Eoghain.

“Who are those?” say the Kindred of Conall and Eogan.

“Lucht taisbénta in bíd”, ar in clam.

“Lucht taispeánta an bhia,” arsa an clamh.

“The people that set forth the food,” says the leper.

Back to top

 

Section 113

“INdeo ale! [Inteo aile, L]” bar cách: “is sochaide íat [isochen iad, L]”.

“Och! Och! is sochaí iad,” arsa cách.

“Welaway!” said every one, “they are a host.”

Ocus roergiset Conall ocus Eogan.

D’éirigh Conall agus Eoghan;

And the men of Tirconnell and Tyrone arose,

Ocus cid iatsede ropsat láma in-net nathrach [robo lam a net nathrach, L].

agus iadsan féin, ba lámha i nead nathrach iad.

and even they were “hands in an adder’s nest”.

Back to top

 

Section 114

Doringned cró sleg ocus scíath acco ’má ríg nHerenn,

Do rinneadar cró sleánna agus sciath um rí Éireann,

Then they made a hedge of spears and shields round the king of Erin,

ocus tucad é bar a ech.

agus cuireadh é ar a each.

and he was put on his horse.

Ocus rucsat leo co Bernaid na Sciath.

Rugadar leo é go Bearna na Sciath.

And they took him to Berna na Sciath (“the Gap of the Shields”).

Fácbaiter scéith fer nHerenn ra hucht na bernad sin.

D’fhágadh sciatha fear Éireann le hucht na bearna sin.

The men of Erin’s shields are left before that gap.

Back to top

 

Section 115

Berid Rón [Ronan, L] Cerr muscul ar ammus [in, L] ríg Herenn,

Thug Rón Cearr amas ar rí Éireann,

Rón Cerr makes an onset (?) towards the king of Erin,

ocus marbais nonbor ’ca innsaigid [ica innsaide, L].

agus mharbh sé naonúr ar a ionsaí.

and he slew nine men as he charged.

Ocus tánic Dub dúin rí Airgiall eturru,

Tháinig Dubh Dúin, rí Airghialla, eatarthu,

And Dub duin, king of Oriel, came between them,

ocus comraicis [do chomraic, L] dó ocus do Rón [Ronan, L] Cherr.

agus chomhraic sé dó agus do Rón Cearr,

and he and Rón Cerr fought a duel,

Ocus tuittis Dub duin leis [andsin, L].

agus thit Dubh Dúin leis.

and Dub duin fell by Rón Cerr’s hand.

Back to top

 

Section 116

Berid Rón [Ronan, L] Cerr doridisi muscul arammus rig Herenn,

Thug Rón Cearr amas ar rí Éireann arís,

Rón Cerr again delivers an onset (?) towards the king of Erin,

ocus tic Fergus mac Flathrái rí Tailcha Óc [Flaithri ri Thulcha og, L] eturru.

agus tháinig Fearghas mac Flathrae, rí Thulach Óg, eatarthu,

and Fergus son of Flathrae, king of Tulach Óc, comes between them.

Ocus tuttis Fergus la Rón [Ronan, L] Cerr.

agus thit Fearghas le Rón Cearr.

And Fergus fell by Rón Cerr’s hand.

Back to top

 

Section 117

Berid Rón [Ronan, L] Cerr iarsain muscul arammus in ríg,

Thug Rón Cearr iar sin amas ar an rí;

Thereafter Rón Cerr makes an onset (?) towards the kings (recte king),

ocus gebis a choiss

rug sé ar a chois,

and (this time) he seizes his foot,

ocus trascraiss chuce é da eoch [trascais da eoch he, L],

agus threascair chuige é dá each.

and drags him down from his horse,

ocus benaid a chend de for in Licc Commaig Cnám.

Bhain sé a cheann de ar an Leac Commaigh Chnámh.

and strikes off his head on the Lecc Commaig Cnám (“Flagstone of Breaking of Bones”).

Gabais chuice a théig ocus dórt(ais) [doirtis, L] a mírenda esti,

Ghabh sé chuige a thiachóg, agus dhoirt sé a mhíreanna bhia aisti;

Then Rón Cerr takes his knapsack, and spills his bits of food out of it,

ocus curis in cend inti [curis cend in rig indti, L],

chuir sé an ceann inti;

and puts the head into it,

ocus gabais reme fo láim for [fo, L] lergaib in tshléibe,

ghabh sé roimhe faoi choim ar learga an tsléibhe,

and goes forward stealthily (?) over the slopes of the mountain,

ocus anais and co matin.

agus d’fhan sé ann go maidin.

and remained there till morning.

Back to top

 

Section 118

Rolensat dano Lagin iartain Leth Cuind,

Do leanadar Laighnigh iar sin fir Leithe Chuinn,

Then the Leinstermen pursued (the men of) Conn’s Half,

ocus cuirit a ndergár.

agus chuireadar deargár orthu.

and inflict a red slaughter upon them.

Back to top

 

Section 119

Luid cách arnabárach [iarnamarach, L]

Do chuaigh gach aon arna mhárach

On the morrow every one went

co coscor ocus [co] commáidib [ocus co commaideam, L]

go coscar agus go cómhaíomh

with triumph and with boasting together,

conici bail ir-rabe [eo hairm a mbai, L] Brandub.

chun na háite i raibh Brannabh.

as far as the place where Brandub was
biding.

Tic dano Rón [Ronan, L] Cerr

Tig ansin Rón Cearr,

So Rón Cerr comes

ocus curis cend Æda meic Ainmerech ’na fhiadnaisi [cend rig Erenn i fiadnaisi Branduib, L].

agus chuiris ceann Aodha mhic Ainmhireach ’na fhiadhnaise.

and lays before him the head of Aed son of Ainmere.

Conid Cath [Belaich, L] Dúin Bolg sin for Borama.

Sin Cath Bealaigh Dhúin Bholg ar an mBóramha,

So that is the Battle of the Pass of Dún Bolg for the Boroma

[Ocus Aidead Æda meic Ainmireach.

agus oidhe Aodha mhic Ainmhireach.

and the tragical death of Aed son of Ainmire.

Ce rothoit Æd ’mun mBoroma

Cé gur thit Aodh um an mBóramha,

But though Aed fell on account of the Boroma,

ros-tobaich fado cen chath, L].

do thóg sé faoi dhó í gan chath.

he had levied it twice without a battle.

Back to top

 

Section 120

ISin chath-sa romarbad Becc mac Cuanach [iar coscur in chatha do chur.

Ins an cathsa do marbhadh Beag mac Cuanach, iar gcoscar an chatha do chur.

In this battle Becc son of Cuana was slain, after gaining the victory.

(Unde dictum est:)

Uaidh seo deirtear:

Hence was said:

 

 

 

A mBuach

A mBuach

At Buach

fhearus in tond risin mbruach.

bristeas an tonn leis an mbruach

The wave dashes against the brink.

adfed scela chises scith

deir sí scéalta cé táid scíth,

It tells the tidings, though they are sad,

Aed mac Ainmireach adbith.

Aodh mac Ainmhireach adbith.

Aed son of Ainmere hath been slain.

 

 

 

Cuius coniux dixit:

Dúirt a bhean (eadhon, bean Aodha):

And Aed’s wife said:

 

 

 

“Badar inmain na tri taib

“Bhíodar ionúin, na trí taobh,

“Dear to me were the three sides

frisnach freascu athir[e]ach,

nach bhfuilim ag súil leis arís,

Whereon I never look again:

taeban Taillten, taeb Temra,

taobhán Tailtean, taobh Teamhrach,

Teltown’s little side, Tara’s side,

taeb Aeda meic Ainmireach”, L]

taobh Aodha mhic Ainmhireach.”

And the side of Aed son of Ainmere.”

Back to top

 

Finnachta Fledach and Molling Luachra (§§125-155, 161-162)

§125

§126

§127

§128

§129

§130

§131

§132

§133

§134

§135

§136

§137

§138

§139

§140

§141

§142

§143

§144

§145

§146

§147

§148

§149

§150

§151

§152

§153

§154

§155

§161

§162

 

 

 

 

 

 

 

Complete file (PDF)

 

Section 125

Gabais Finnachta Fledach mac Dunchada iarsain rige nHerenn .xx. mbliadan [re fich. bl., L],

Ghabh Fínneachta Fleách mac Dúnchadha iar sin ríghe Éireann ar feadh fiche bliain,

Thereafter Fínnachta the Festive, the son of Dunchad, took the kingship of Ireland for twenty years,

ocus berid in mBóroma fódi [ocus rothobaich in boroma fado, L] cen fhresabra.

agus thóg sé an Bhóramha faoi dhó gan fhreasúra.

and carries off the Boroma twice without resistance.

IN tress fecht tánic da tobuch ra ergitar Lagin ’na agid [agaich, L].

An treas feacht tháinig sé dá tobhach, d’éiríodar Laighnigh ’na aghaidh.

But the third time that he came to levy it the Leinstermen rose up against him.

Doronad morthinól Lethi Cuind laisium

Do rinneadh mór-thionól Leithe Chuinn leis

Then he made a great muster of Conn’s Half

co Lathraig Muridaig [co Lathrach hui Muireadaich, L]

go Láthrach Muireadhaigh,

as far as Lathrach Muridaig

i cocrích Lagen ocus Mide [na Midi, L].

i gcoigríoch Laighean agus Midhe.

on the confines of Leinster and Meath.

Ro saig a fhiss sain [Dorainic tra na scela sin, L]

Ráinig an scéal sin

News of this reached

co Bran mac Conaill [do ri Laigen, L].

go Bran mac Conaill, rí Laighean.

Bran son of Conall, the king of Leinster.

Tinoltair laisede Lagin

Tionóltar leis Laighnigh

By him the Leinstermen are mustered

co mbátar etir læch ocus clerech co hAlind.

go rabhadar idir laoch agus cléireach ag Aileann.

till they were, both layman and cleric, at Alinn.

Back to top

 

Section 126

Ni thánic dano Molling leo,

Níor tháinig Moling leo, áfach,

(Saint) Moling, however, came not with them,

ocus tiagair arachend Molling [Om., L] uadib,

agus cuireadh ar a cheann uathu.

so they sent a messenger to him,

ocus iss and bói Molling intan sain, ac Ross Bruicc

Is ann bhí Moling an tan sin, ag Ros Bruic

and he was then at Ross Bruicc

risi n-abbar Teg Molling in tan-so [aniug, L].

risa n-abair Tigh Moling inniu;

which at present is called Teg Moling.

Uair o thanic Molling o shruthair Gúaire

óir, ó tháinig Moling ó Shruthair Guaire

For when Moling came from Sruthair Guaire

nocon fhúair inad árais naco toracht co Ross mBruicc [noco riacht Ros mBroc i fail ita Tech Moling, L].

ní bhfuair ionad árais nó go dtáinig sé go Ros Bruic.

he found no place of residence until he came to Ross Bruicc.

 

 

 

Unde Molling cecinit:

Ansin do chan sé:

Whence Moling sang:

 

 

 

“Cuce seo rodálus,

“Chuige seo thángas,

“Hither I have …

is and dogen mo thrátha,

is ann do dhéan mo thrátha.

there I will perform my offices.

ni scer risin n-árus[s]a

Ní raghad ón áras-sa

I will not depart from this abode

naco tí lathe brátha.” et reliqua.

nó go dtí lá na brátha,” agus araile.

until Doomsday shall come,” etc.

Back to top

 

Section 127

Mar doriacht in fiss sain dochom Molling

Nuair do ráinig an fios seo chun Moling

When that message reached Moling

[mara roibi oc denam ulad ocus altorach

 

he was making tombs and altars,

ocus ac orochon a aitreab do drongaib derich domain, L]

 

and ... his dwellings for the crowds of the end of the world;

rathinoil a muntir

do thionól a mhuintir,

(but) he assembled his community,

[ocus dogob oc triall imtheachta indail Laigen, L]

agus do ghabh ag triall imtheachta chun na Laighneach,

began preparing to proceed towards Leinster,

ocus doráid in láid:

agus do rá an laoi:

and uttered the lay:

 

 

 

“INmain tríar, a Christ grind glúair,

“Ionúin triúr, a Chríost ghrinn ghluair,

“Dear the three, O lovely, pure Christ,

ragas lemsa arcend in búair,

raghas liomsa ar ceann an bhuair,

Who will come with me for the cattle;

Forannán, Aed mac Senaig,

Forannán, Aodh mac Seanaigh,

Forannan, Aed son of Senach,

is Colmán ó Chluain Credail,” et reliqua.

is Colmán ó Chluain Chreadhail,” agus araile.

And Colman from Cluain Credail,” etc.

Back to top

 

Section 128

Assa aithle sin gabais [tanic, L] Molling reme co hAlind

Tar éis sin ghabh Moling roimhe go h-Aileann,

After that Moling gat him forward to Alinn,

aitt [co hairm, L] ir-rabatar Lagin;

áit a raibh na Laighnigh;

the place where the Leinstermen were (assembled)

ocus roferad fírcháin fáilte accu fri Molling.

do cuireadh fíor-fháilte roimhe leo,

and they made him a right fair welcome.

Ocus dessid [desich, L] Molling for laim ríg Lagen.

agus do shuigh Moling ar láimh rí Laighean.

And Moling sat on the king of Leinster’s (right) hand.

Back to top

 

Section 129

IS intan sin roráid Bran [.i. Bran mac Conaill meic Fælan, L]:

Is an tan sin dúirt Bran:

Then said Bran:

“Ca comairle dogénam [as denta duind, L]?

“Cá comhairle a thabharfaimid?

“What counsel shall we follow?

.i. in cath dobéram do Leith Cuind,

An cath do bhéarfaimid do Leith Chuinn,

Shall we give battle to Conn’s Half,

nó in am-munigin ar næm chena ragmait

nó an i muinín ár naomh raghaimid

or shalt we entrust our saints

d’iarraid a maithme [d’iarraid maithfi, L] na Borama.

d’iarraidh maithimh na Bóirmhe?

to seek the remission of the Boroma?

Ocus massa munigin [ar] næm [rachmait],

Agus más i muinín ár naomh raghaimid,

And if we entrust our saints,

cía do næmaib Lagen churfimmid d’iarraid maithem na Boroma?”

cé de naoimh Laighean cuirfimid d’iarraidh maithimh na Bóirmhe?”

which of the saints of Leinster shall we send to seek the remission?”

[Adubradur na maithi nach feadadur fen sin.

Dúradar na maithe nach raibh a fhios acu féin.

The magnates said they knew not.

Adubairt Tuathal mac Aililla ri hua Mureadaich:

Dúirt Tuathal mac Ailealla, rí Uíbh Muireadhaigh:

But Tuathal son of Ailill, king of Húi Muredaig said:

“dofheadursa”, ol se, “ce no rachad and .i. Moling mac Faelan”, L].

“Tá fhios agam,” ar sé, “cé a rachadh ann, eadhon, Moling mac Faoláin.”

“I know who should go there, even Moling son of Faelán”.

Ocus is amlaid ra bói ’ca rád, ocus doráid in láid:

Agus is amlaidh do bhí ’ga rá, agus dúirt an laoi:

Thus was he saying and he uttered the lay:

 

 

 

“Turchan duin, a Thuathail,

“Tairngir dúinn, a Thuathail,

“Prophesy unto us, O Tuathal,

[a] maic Ailella uathmair,

a mhic Ailealla uafair,

O son of awful Ailill,

cia gebas Laigniu [geib Laigin, L] al-Luathmaig

cé a thógfas Laighnigh ó Luathmhá

Who will take the Leinstermen out of Luath-mag

tacair (rin)d tria baig?

chun troid i gcomhlann?

To contend ... in battle?

 

 

 

Cia do næmaib Lagen,

Cé de naoimh Laighean,

Which of the saints of Leinster,

fedaib maigib magen,

i bhfeánna, i mánna ionad,

In woods, in plains of places,

cia næm dond reim dagfher [don droing daiger, L]

cé naomh den díorma dea-fhear

What saint of the band of good men

dingbas di[nd] in plaig?

ruaigeas dínn an phlá?

Shall repel the plague from us?

 

 

 

Molling lassar daiged,

Moling, lasair tine,

Moling, a flame of fire,

tond línta na n-airer,

tonn líonta na gcuanta,

A wave that fills the harbours,

dogena less cáich.

do dhéanfaidh leas do chách.

Will do good to every one.

IS e in torc da[r] trétaib,

Is é an torc thar tréadaibh,

He is the boar over herds,

is e in barr uas gécaib,

Is é an barr os ghéagaibh,

He is the treetop over branches,

mac Failleain in faid.” et reliqua.

mac Faoláin, in fáidh.” agus araile.

The son of Failleán, the prophet.” *etc.*

Back to top

 

Section 130

Is andsain atbert Bran Ardchend ac nertad Molling;

Is ansin adúirt Bran Ardcheann, ag neartú Moling:

Then said Bran Highhead, heartening Moling:

 

 

 

“Érig a Molling,

“Éirigh, a Mholing,

“Go, O Moling

co mbuáid crabuid grind

go mbua chrábhaidh ghrinn.

with the palm of beautiful piety.

dena ní is less lind

Déan ní is leas linn,

Do somewhat that we deem a benefit,

ocus eirgg fathúaid.” et reliqua.

agus éirigh fá thuaidh.” agus araile.

and go northwards.” etc.

 

 

 

[For this L has only:

 

 

 

 

 

Is and sin doraidseat Laigin re Moling cor’ choir do dul do chobair in coicig fan mBoroma.]

 

 

Back to top

 

Section 131

Ra éríg Molling iartain

D’éirigh Moling iar sin,

Afterwards Moling arose

ocus atbert ra Tollcend Clu[an]a ena, risin filid [re Toillcend Cluana Enna .i. frisin filich, L],

agus dúirt sé le Tollcheann Chluain Eana, leis an bhfile,

and told Tollchenn of Cluain Ena, the poet,

tuidecht leis co teg ríg

teacht leis go teach an rí

to come with him to the king’s house

co mbad é nogabad in dúain molta doringni Molling [don rig.

go mba hé do ghabhadh an duan molta do rinne Moling don rí;

that he might recite the poem of praise which Moling had made for the king.

Oir dotairrngiread co ticfad do Laignib næm

óir do thairngríodh go dtiocfadh de Laighnigh naomh

For it had been foretold that of the Leinstermen would come a saint

dogebad in Boroma ar athchungid,

do gheobhadh maithiúnas na Bóirmhe ar a achainí;

who would take away the Boroma by repeated asking;

ocus is cian roim Moling rotairrngairead sin, L].

agus is cian roimh Moling do thairngríodh sin;

and long before Moling, that had been prophesied.

 

 

 

“IN-anmum na Trinóiti”, et reliqua.

“In ainm na Tríonóide,” agus araile.

“In the name of the Trinity,” etc.

Back to top

 

Section 132

Gabsat rompo [Tanic Moling roime, L] iartain co teg Cobthaig maic Colmain [L inserts: moir hui Fælain]

Ghabhadar rompu iar sin go teach Cobhthaigh mhic Colmáin

They afterwards fared forward to the house of Cobthach son of Colmán

i nHuib Fælain,

in Uíbh Faoláin,

in Húi Faelain,

ocus rodiurad [rodailead, L] fled forro cor’ batar dóethanaig.

agus ullmhaíodh fleá dóibh, agus bhíodar sásta.

and a feast was prepared for them, so that they were satisfied.

Atbertatar a chliar risin fer ndána:

Dúirt a leantóirí leis an bhfear dána:

His following said to the man of poetry:

“IS bec linne”, ar siat, “beith duitsiu i cléir chlerig [ar cler clereach, L]”.

“Is beag linn,” ar siad, “bheith duitse i gcléir cléirigh.”

“It seems to us paltry,” say they, “for thee to be in a cleric’s retinue.”

 

 

 

“Massed”, bar in file, “fácbam na clercho

“Más ea,” ar an file, “fágmais na cléirigh,

“If so,” says the poet, “let us quit the clerics

ocus tiagam rempo co teg ríg Herenn”.

agus téimis rompu go teach rí Éireann.”

and go on to the house of the king of Erin.”

Rogabsat rempo iarum co teg Fínnachta.

Ghabhadar rompu iaramh go teach Fhínneachta.

So they fared forward to Fínnachta’s house.

Mar rancatar rogab in fer dána dúain Molling,

Mar rángadar, do ghabh an fear dána duan Moling,

When they arrived the man of poetry repeated Moling’s eulogy

ocus atbert iss é doringne.

agus dúirt sé gurab é féin do rinne é.

and said that he, Tollchenn, had composed it.

Back to top

 

Section 133

IMthúsa Molling. Ra érig sede arna bárach [iarnamaireach, L],

Dála Mholing, d’éirigh sé arna mhárach,

Now as to Moling. He arose on the morrow

ocus ní fríth in chlíar [in chliar sa baile, L].

agus ní raibh an chliar le fáil.

and the retinue was not found.

“IS fír”, ar Molling,

“Is fíor,” ar Moling,

“True it is,” saith he,

“Élud ram dúain-se doringne [elod lem duain dorindi, L] in fer dána,

“éalú lem dhuansa do rinne an fear dána,

“the man of poetry has run away with my eulogy,

ocus recfaid hí ra ríg Herenn”.

agus reicfidh sé é le rí Éireann.”

and will sell it (as his own) to the king of Erin.”

Back to top

 

Section 134

Rachuaid Molling reme

Do chuaigh Moling roimhe

Moling went forward

im-Muneal Findmaige

i Muinéal Fionnmhaí

unto Munél Findmaige (“the Neck of the Fair Plain”)

risin apar Mag n-Echain indiu,

risa n-abair Magh Eachain inniu

which today is called Magh n-Echain,

[ocus] im-Mag Cláraig súas,

 

up into Magh Claraig,

co ránic col-Lathrach Muridaig [co Luaththrib Mureadaich, L].

go ráinig go Láthrach Muireadhaigh,

till he came to Lathrach Muridaig.

 

suas i Magh Cláraigh.

 

Ra éirgiset [Roerichset, L] maccáime fer nHerenn dóib ma [im, L] Dondgilla mac Finnachta

D’éirigh macaoimh fear Éireann dóibh um Donnghiolla mac Fínneachta,

The striplings of the men of Erin, including Donngilla son of Fínnachta went to them

iarna turchlossin [cloistin, L] dóib reme.

iarna chlos dóibh roimhe.

having heard of them previously (?).

Dosbertatar froiss .i. do fotaib, do chlochaib ocus do cheppaib

Do chaitheadar fras d’fhódaibh, de chlochaibh agus de cheapaibh orthu

They cast at them a shower of sods and stones and blocks of wood,

[ocus dobertsad frais d[fh]oidib ocus do chælach doib, L],

 

 

conna(ch roibidis da cleireach i n-æninad dib).

go dtí nach raibh dá chléireach díobh in aon áit.

so that not two clerics *of them* were in one place.

Gabais reme (Moling araba co rainic tech in) rig.

Ach chuaigh Moling roimhe go ráinig teach an rí;

Howbeit, Moling fared forward till he came to the king’s house,

Ocus ni fhúair (coimergi and.

ach ní bhfuair coimhéirí ’n a onóir ann.

and he found no uprising there (in his honour).

Dearcais for in sluag,) ocus ba nár leis (can comergi d’[fh]agbail,

Dhearc sé ar an slua, agus ba náire leis gan coimhéirí d’fháil,

He looked at the host, and he was ashamed at not getting uprising.

ocus dochonnairc sin Colco mac Mænaig

agus do chonnaic sé Colga mac Maonaigh,

And he beheld Colgu son of Maenach

maic Dubanaig (meic rig Hua) Colgan

mhic Dubhanaigh mhic rí Uíbh Colgan

son of Dubanach, son of the king of Húi Colgan,

[ocus do erich] reime.

agus d’éirigh sé roimhe;

and he rose up before him.

Ocus tócbais (Diarmait) mac Colcon a glún reime.

agus do thóg Diarmaid mac Colgan a ghlún roimhe;

And Diarmait son of Colmán [recte Colgu] raised his knee before him.

Ocus iss and bátar for uaitne cerna in cholbai.

agus is ann a bhíodar, ar uaithne cearna na leapa.

And where they were was on the corner pillar of the bedrail.

Back to top

 

Section 135

Ros-bennach Molling iartain in Colgain [Colco, L] sin ocus in Diarmait mac Colcon.

Do bheannaigh Moling iar sin an Colga sin, agus Diarmaid mac Colgan.

Moling afterwards blessed that Colgu and Diarmait son of Colman [recte Colgu].

Back to top

 

Section 136

Darala ag allaid iartain arammus na macraide cétna [Tarla ag n-allaich iartain don macraid, L],

Tháinig fia bairr iar sin ar amas na macraí céanna;

Then a stag came towards the *same* boys,

ocus rodibairgset [co ndiubraicset, L] in n-ag n-allaid,

dhiúraic siad an fia bairr;

and they cast at the stag,

co tarla erchor díb i tengaid orcan Dondgillai maic Finnachtai,

thárla urchur díobh i dteanga orcan Donnghiolla mhic Fhínneachta,

and one of the casts entered the teanga orcan of Fínnachta’s son, Donngilla,

co mbo marb de fochetóir i n-osnaid Molling [ocus ’na mallacht, L].

ionas go raibh sé marbh de ar an mball mar gheall ar osna Moling agus a mhallacht air.

so that he died forthwith for aggrieving Moling and through his curse.

Co tucad gáir mór gubai and [sin oc feraib Erenn, L].

Ansin tugadh gáir mhór gubha le fearaibh Éireann.

Whereupon a great cry of lamentation was uttered by the men of Erin.

Back to top

 

Section 137

“Ca [in, L] guba mor so?” bar Finnachta.

“Cé gubha mhór so?” ar Fínneachta.

“What is this great lamentation?” says Fínnachta.

“Do macc-su Dongilla darochair and im einech-sa [do choll, L]”, ar Molling.

“Do mhacsa, Donnghiolla, do maraíodh ann, mar gheall ar a do-bheart orm,” ar Moling.

“Thy son Donngilla has fallen there for outraging my honour”, says Moling.

“Todúisc [Todusaich, L] in mac, a chlerig,” ar Finnachta,

“Athbheoigh an mac, a chléirigh,” ar Fínneachta,

“Bring the boy to life, O cleric,” says Fínnachta,

“ocus rot-fia a lóg.”

“agus beidh luach agat de.”

“and thou shalt have a reward therefor.”

“Ni iarraim”,

“Ní iarraim,”

 

ar Molling, “ar mo dúain

ar Moling, “ar mo dhuan

“For my poem,” says Moling,

ocus ar todíuscud do maic, ocus ar nem duit féin,

agus ar athbheochan do mhic, agus ar neamh duit féin,

“and for bringing thy son to life, and for giving heaven to theyself,

 

 

I ask nought

acht cairddi ’mán mBorrama col-Lúan.”

ach cairde um an mBóramha go Luan.”

save a truce as to the Boroma till Monday.”

“Rot-fía-su sin”, bar in rí.

“Beidh sin agat,” ar an rí.

“That shalt thou have,” says the king.

Back to top

 

Section 138

Ro érig Molling cuce,

D’éirigh Moling chuige,

Then Moling went to him,

ocus ronaidm in Trínoit ocus in cethar soscela [cetharshoiscela, L] comdeta fair.

agus do cheangail sé é leis an dTríonóid, agus le ceithre shoiscéal an Choimdheadh.

and he bound him by the Trinity and the four gospels of the Lord.

Ocus táirthis baeth n-araig [tarrais bæth naraich, L] fair.

 

And ... of a bond on him.

Gabais in clerech a dúain:

Ghabh an cléireach a dhuan:

The cleric recited his poem:

 

 

 

“Finnachta a Húib [Findachta for Aib, L] Néill

“Fínneachta ó h-Uíbh Néill

“Fínnachta from Húi Néill,

amal gréin atrácht,

amhail gréin d’éirigh;

like a sun he arose:

is í in bárc úasin tuind,

Is í an bárc os an tuinn;

it is the barque above the wave,

is í in tond úas tracht,” et reliqua.

is í an tonn os trácht,” agus araile.

it is the wave above the strand,” etc.

Back to top

 

Section 139

“Messu achách leind do dál,” ar in rí [“Measa achach do dal, a clerich,” bar rig Erenn, L]:

“Measa ná cách linn do bhéas,” ar an rí;

“Worse than all,” says the king, “seems to us thy ...,

[“Cid?” ol in clereach, L].

 

 

“Bréc do rád duit [“Breg do rad dind,” ol in rig, L]

“bréag do rá duit,

that thou hast told a lie,

 [“Cid in breg?” ol in clerech, L]

 

 

.i. in dúan doringni Tollcend fili do reicc duit”

eadhon, an duan do rinne Tollcheann file do reic duit mar do dhuan féin.”

selling as thine own the poem which Tollchenn the poet composed.”

[“In duan doroindi Toillcend drai dam tu da reic rim dorisi”, ol ri Erenn, L].

 

 

Back to top

 

Section 140

Atbert Molling: “Masé doringne,

Dúirt Moling: “Más é do rinne,

Said Moling: “If he composed it,

éirged ocus geibed a dúain.”

éiríodh sé agus gabhadh sé a dhuan.”

let him arise and recite his poem.”

Back to top

 

Section 141

Ra érig in fili ocus dochúaid ina cend,

D’éirigh an file, agus chuaigh faoin a gceann,

The poet arose and came to them,

ocus iss ed roráid:

agus is é seo do rá:

and this he said:

 

 

 

“Dríbor, drábor,

“Dríbor, drábor,

Dríbor, drábor

cerca is cábail [capaill, L],” et reliqua.

cearca is capaill,” agus araile.

cerca is cábail,” etc.

Back to top

 

Section 142

ERgid [Eirgis, L] in fer dána iarsain,

D’éirigh an fear dána iar sin,

After that the man of verse goes

ocus berid side dían dásachtach

agus thug sé rith dian, dásachtach

and gives a swift frantic rush (?)

co tuind Dúine maic Fhanat allá túaid d’Ess Rúaid,

go tuinn Dúin mhic Fhanat taobh thuaidh d’Eas Rua,

to the wave of Dún maic Fanat, to the north of Assaroe,

co rosbáid and.

agus do bháigh sé é féin ann.

and there he drowned himself.

Back to top

 

Section 143

Mar atchonnairc Finnachta sain

Mar do chonnaic Fínneachta sin,

When Fínnachta beheld that

rogab a choiss fón chlerech [clar, L]

chuir sé a chos faoin gcléireach,

he put his leg under the cleric,

ocus [atbert re Molling] cena oclugud ris ní bad mó,

agus dúirt leis gan a bheith feargach leis níos mó,

and (said to Moling) not to be angered with him any more,

ocus a mac do thodiuscud dó,

a mhac d’athbheochan dó,

and to bring his son to life,

ocus cech ní ’ma tánic fogebad.

agus go gheobhadh sé gach ní um a dtáinig sé.

and (promised) that Moling should get every thing for which he had come.

Back to top

 

Section 144

Ra érig Molling iartain co mbai ós chind in maic,

D’éirigh Moling iar sin, nó go raibh sé os cionn an mhic,

Afterwards Moling went and stood over the boy;

ocus roguid in Comdid codíchra

agus do ghuí an Coimdhe go díochrach

and he besought the Lord fervently,

coro thodussig Dia fair-sium mac Finnachta [trena milbailib boden].

go n-athbheofadh Dia é, mac Fínneachta tré na mhíorúiltí féin.

till God revived for him Fínnachta’s son by his own miracles.

IS and atbert Molling:

Is ann adúirt Moling:

Then said Moling:

 

 

 

“Crist conic mo chrí [Crist conich mo chli, L],

“Críost conic mo chlí,

“Christ who rules my body,

nachum-thair tríst tré

ná cumtar mallacht tré;

let not a curse come on me through it.

corop glan mo gleo,

go raibh glan mo ghleo

May my contest be pure

céin beo for bith ché,” et reliqua.

céin beo ar bith cé,” agus araile.

while I am in this world,” *etc.*

Back to top

 

Section 145

Tanic trá Molling reme atúaid d’insaigid Lagen [i]ar mathim na Bórama.

Tháinig, trá, Moling roimhe ó thuaidh go Laighean iar maitheamh na Bóirmhe.

So after the remission of the Boroma Moling came on from the north to Leinster.

Rochuala dano Adomnán [mac Ronan] in scél sain

Do chuala, áfach, Adhamhnán mac Ronáin an scéal sin,

Now Adamnán son of Ronán heard this news,

.i. maithem na Boroma do mMolling

eadhon, maitheamh na Bóirmhe do Mholing,

that the Boroma had been remitted to Moling,

ocus cairdde do thabairt impe co Lúan.

agus cairde do thabhairt uimpi go Luan.

and that a truce regarding it had been granted till Monday.

Tanic reme co dú ir-raibe Finnachta.

Tháinig sé roimhe go h-áit a raibh Fínneachta.

So he went on to the place in which Fínnachta was biding.

Rochuir Adomnán clerech da muntir

Do chuir Adhamhnán cléireach dá mhuintir

Adamnán sent a cleric of his people

arcend Finnachta co [arco, L] tísed da [dia, L] acallaim.

ar cheann Fhínneachta go dtiocfadh dá agallamh.

to desire Fínnachta to come and speak with him.

IS and rabúi Finnachta oc imbert fhidchilli [fichli, L].

Is ann do bhí Fínneachta ag imirt fichille.

Fínnachta was then playing fidchell.

“Tair d’acallaim Adomnáin”, ar in clerech.

“Tar d’agallamh Adhamhnáin,” ar an cléireach.

“Come to speak with Adamnán”, says the cleric.

“Ni rag”, ar Finnachta, “co táir in cluichi-seo [in cluithi do imirt, L]”.

“Ní raghad,” ar Fínneachta, “go críoch an chluiche soo.”

“I will not go,” says Fínnachta, “till this game shall end”.

Back to top

 

Section 146

Tanic in clerech co Adamnán ocus roinnis dó in frecra [freitech, L] sin.

Tháinig an cléireach go h-Adhamhnán, agus d’inis dó an freagra sin.

The cleric returned to Adamnán and told him that answer.

Atbert Adomnán: “Imthig-siu”, ar se, Adomnan,

Dúirt Adhamhnán: “Imigh,” ar sé,

Said Adamnán: “Go”, saith he,

“ocus abbair frissium ‘Gebadsa coicait salm innairet[sin],

“agus abair leis, ‘Gabhadsa caogad salm ag an am seo;

“and say to him that I shall repeat fifty psalms this time,

ocus atá salm ’sin chóicait sin

agus atá salm ’san gcaogad sin

and in that fifty there is a psalm

getas [gebas, L] rígi ara chlaind-sium ocus ara uib ocus ar fer [feraib, L] a chomanma’”.

a bhainfidh ríghe ar a chlann, ar a uí agus fear a chomhanma.’”

which will deprive his children and his grandsons and the men of his name of the kingship”.

Tanic in clerech co Finnachta ocus roinnis dó [som in scel sin].

Tháinig an cléireach go Fínneachta agus d’inis sé an scéal sin dó.

The cleric came to Fínnachta and told him those tidings.

Ni thuc Finnachta da óid sein co tarnaic in cluchi sin d’immirt.

Níor thug Fínneachta dá aire sin gur chríochnuigh sé an cluiche sin d’imirt.

Fínnachta gave no heed thereto till he fmished playing that game.

Back to top

 

Section 147

“Tair d’acallaim Adomnáin”, ar in clerech.

“Tar d’agallamh Adhamhnáin,” ar an cléireach.

“Come and have speech with Adamnán,” says the cleric.

“Ni rag”, ar Finnachta, “co táir in cluchi seo”.

“Ní raghad,” ar Fínneachta, “go críoch an chluiche seo.”

“I will not go”, says Fínnachta, “until this game shall end”.

Ro innis in clerech sin do Adomnán.

D’inis an cléireach sin d’Adhamhnán.

The cleric related this to Adamnán.

“IMthig doridisi”, ar Adomnán, “ara ammus,

“Imigh arís,” ar Adhamhnán, “ar a amas,

“Go again,” says Adamnán, “unto him,

ocus apair ris [fris, L] gebatsa cóicait aile sunda,

agus abair leis go ngabhadsa caogad eile anseo;

and tell him that I will repeat fifty others here,

ocus atá salm inti dobéra gairde sæguil dósom”.

agus atá salm iontu a thabharfaidh gairide shaoil dó.”

and therein is a psalm which will inflict shortness of life upon him”.

Rochúaid in clerech ocus ro innis d’Fhinnachta,

Do chuaigh an cléireach agus d’inis sé d’Fhínneachta,

The cleric went and told Fínnachta,

ocus ní tharat Finnachta da oid co tarnic dó in cluchi sin.

agus níor thug Fínneachta aire dó nó gur críochnaíodh an cluiche sin.

and Fínnachta gave no heed until that game had ended.

Roráid in clerech in tres fecht ra Finnachta.

Do rá an cléireach in treas feacht le Fínneachta.

For the third time the cleric spake to Fínnachta.

“Ni rag”, ar Finnachta, “co táir in cluichi seo.”

“Ní raghad,” ar Fínneachta, “go críoch an chuiche seo.”

“I will not go,” says Fínnachta, “until this game shall end.”

Tanic in clerech co Adomnán ocus ro innis dó.

Tháinig an cléireach go h-Adhamhnán, agus d’inis sin dó.

The cleric returned to Adamnán and related (this) to him.

“INsaig-siu é”, ar Adomnán, “ocus abair ris

“Ionsaigh é,” ar Adhamhnán, “agus abair leis

“Seek him,” says Adamnán, “and tell him

gebatsa cóicait inn-airet-sain, ocus atá salm inti [indto, L]

go ngabhadsa caogad an am so, agus atá salm iontu

I will this time repeat a fifty, and therein is a psalm

getas fairsium [gebas airseom, L] cendsa in Chomded d’fhagbáil”.

a thógfaidh uaidh ceansacht an Choimdheadh d’fháil.”

which will deprive him of finding the mercy of the LORD.”

Rochuaid in clerech ocus ro innis [sin] d’Fhinnachta.

Do chuaigh an cléireach agus d’inis sé sin d’Fhínneachta.

The cleric went and related that to Fínnachta.

Back to top

 

Section 148

Mar atchúala Finnachta ésede, rochuir in fidchill co tricc tinnisnech,

Mar chuala Fínneachta sin, do chuir sé an fhicheall uaidh go tric tinneasnach,

When Fínnachta heard that, he put away the draughtboard quickly, hastily,

ocus tánic reme co dú ir-rabi Adomnán.

agus tháinig sé roimhe go dtí an áit a raibh Adhamhnán.

and came on to the place where Adamnán was biding.

Back to top

 

Section 149

“Cid tuca[it] duit [Cid thuc duidseo?, L], ha Fhinnactai”, ar Adomnán,

“Cad thug duit, a Fhínneachta,” ar Adhamhnán,

“What cause hadst thou, O Fínnachta”, says Adamnán,

“ná [nach, L] tánacais risin cét-techtairib [cetthechtairi, L]?”

“nár thángais leis an gcéad teachtaire?”

“that thou camest not at the first message?”

Back to top

 

Section 150

“Ní anse”, ar Finnachta,

“Ní ansa,” ar Fínneachta,

“Not hard (to say)”, quoth Fínnachta.

“IN ramáidis rimsa [ani dogellais dam, L]”, ar Finnachta,

“an ní do bhagairis orm,

“What thou didst threaten me with,” says Fínnachta,

“.i. cen nech dom chlaind do gabáil ríge nHerenn ocus cen fher mo chomanma,

eadhon, gan neach dem chlann do ghabháil ríghe Éireann, ná fear mo chomhanma,

“namely, that none of my children, and that no man of my name, should take the kingship of Ireland,

fó al lemsa [fo leamsa, L] sain.

maith liomsa sin.

that seems good to me.

Aní dano rogellais dam .i. gairddi sæguil,

An ní go gheallais dom ansin, eadhon, gairide shaoil,

What thou then didst promise me, namely, shortness of life,

étrom dano lim sain, dáig ragell Molling nem dam.

éadrom sin liom, go deimhin; óir go gheall Moling neamh dom.

seems to me of little weight, *indeed,* for Moling promised me heaven.

IN tres ní, dano, ragellais[s]iu dam

Ach an treas ní do gheallais dom,

But the third thing which thou didst promise me,

.i. can chendsa in Chomded d’fhagbáil,

eadhon, gan ceansacht an Choimdeadh d’fháil,

namely, that I should not find the mercy of the LORD,

ni ra fhulngiusa sain do chlostecht can tuidecht fót guth-su.”.

níor fhulangas sin do chloisint gan teacht fód ghuthsa.”

I could not endure to hear that without coming at thy call”.

Back to top

 

Section 151

IS dó doringni Dia sin, uair

Is dó do rinne Dia sin, óir

For this reason God did that *to him*: since

inní ragell Molling dó ar mathim na Boroma,

an ní go gheall Moling dó ar maitheamh na Bóirmhe,

 

ni ra chetaig [nir’ cheadaich, L] do Adomnán a imdiupairt imme.

níor cheadaigh Sé d’Adhamhnán a mhealladh uime.

He permitted not Adamnán to defraud Fínnachta of

 

 

what Moling had promised him for remitting the Boroma.

Back to top

 

Section 152

“IN fir mathim na Boroma duitsiu co dia Lúain?” ar Adomnán.

“An fíor maitheamh na Bóirmhe duitse go Dé Luain?” ar Adhamhnán.

“Is it true that thou hast remitted the Boroma till Monday (Luan)?” says Adamnán.

“IS fír”, ar in rí.

“Is fíor,” ar an rí.

“It is true”, says the king.

“Rot-mellad-su de sede”, bar Adomnán.

“Do mealladh de sin thú,” ar Adhamhnán,

“Thou hast been deceived by this,” says Adamnán,

“Uair Luan lathi bratha atbert in clerech.

“óir ’sé Luan lae brátha dúirt Moling.

“for what the cleric said was the day of judgment (Luan lae brátha).

Mani thís taris indiu ní ticfaider [thicfa, L] co bráth.”

Muna théis thairis inniu ní thiocfaidh tú thairis go bráth.”

Unless thou revoke (the remission) today, it will never be revoked.”

Back to top

 

Section 153

Raptar carait immorro Adomnán ocus Finnachta [Robadar da braithri .i. Adamnan ocus F. ocus robdar caraid, L],

Ba chairde, áfach, iad Adhamhnán agus Fínneachta,

Now Adamnán and Fínnachta had been friends

o rabui Finnachta ’na rigdomna

ó do bhí Fínneachta ’na rídhamhna,

since Fínnachta was a crown-prince

ocus Adomnán’na fhoglaintid oac [’na foglaindtich, L].

agus Adhamhnán ’na fhoghlaimeoir óg.

and Adamnán a young student.

Back to top

 

Section 154

IS intan sin doringni Adomnán na runnu-sa:

Is ansin do rinne Adhamhnán na rannasa:

Then Adamnán made these staves:

 

 

 

“Andiu cia chenglaid chuacha [cuaca, L]

“Inniu cé ceanglaíonn a chuacha

“To-day though the withered-grey

in rí crínlíath cen déta.

an rí críonliath gan déada.

toothless king binds his locks (?)

in dál romaith do Molling

An dáil do mhaith do Mholing

The share (?) which he forgave to Moling

— deithfir don ching — nisnéta”. et reliqua.

— deithbhir don rí — ní bhfaigheann.” agus araile.

— right for the king — he gets not.” *etc.*

Back to top

 

Section 155

[Is andsin do eirich in rig Erend

Is ansin d’éirigh rí Éireann

Then arose the king of Erin

ocus Adamnan ocus uaisli cloindi Neill i ndescert,

agus Adhamhnán agus uaisle chlainne Néill sa deisceart,

and Adamnán and the nobles of the Southern Children of Niall,

ocus clanna Colman ocus sil Æeda Slane,

agus clanna Cholmáin agus Síol Aodha Sláne,

and the clans of Colmán, and the Seed of Aed Slane,

ocus doronnsa[d] comairle imcheann na Boroma

agus rinneadar comhairle i dtaoibh na Bóirmhe

and they made a resolve concerning the Boroma

ocus in maithmi doroindi Finnachta do Moling.

agus an mhaithimh do rinne Fínneachta do Mholing.

and the remission which Fínnachta had
granted to Moling.

IS i comairli doronsad clanna Neill

’Sí an chomhairle do rinneadar, clanna Néill

The resolve which the clans of Niall

ocus Finnachta ocus Adamnan ocus fir Erenn, do lenmain Moling.]

agus Fínneachta agus Adhamhnán agus fir Éireann, do leanúint Moling.

and Fínnachta and Adamnán and the men of Erin made was to pursue him.

IAr sain atraachtatar fir Herenn indiaid Molling.

Is ansin do chuaigh fir Éireann i ndiaidh Moling.

Then the men of Erin went after Moling.

Ocus is and boi Molling, ac tóraind inaid mullind i Fornocht [oc denam a thrath, L].

Agus is ann bhí Moling ag comharthaigh ionaid mhuilinn i bhFornocht.

And Moling was at that time marking out the site of a mill in Fornocht.

Co n-accatar cuccu Fínnachta co feraib Herenn.

Chonacadar chucu Fínneachta go fearaibh Éireann.

They beheld Fínnachta coming towards them with the men of Erin.

Ó’tchonnaic Molling iat is and atbert:

Ó chonnaic Moling iad is ansin adúirt:

When Moling saw them he said *then*:

 

 

 

“A mo Chomdiu cumachta[i]ch

“A mo Choimdhe chumhachtaigh,

“O my mighty LORD who hast created

doringne gach rig fo nim [dorindi cach rigerta, L],

do rinne gach rí fó neamh,

every king under heaven,

a rí rofitir cach rún

a rí le eolas gach rún

O King who knowest every secret,

co(nic ar cul Finnachta).

coimeád ar chúl Fínneachta.

who art able to repel Fínnachta,

 

 

 

Finnachta,

Fínneachta,

Fínnachta,

tarncatar [tarnachcar, L] a rigleptha.

críochnaíodh a ríleapacha.

His royal beds have ended.

Mo mallacht is mallacht rig nemda

Mo mhallacht is mallacht rí neimhe

My curse, and the Heavenly King’s

for [er, L] ríg Temra, for [ar, L] Finnachta!” et reliqua.

ar rí Teamhrach, ar Fínneachta!” agus araile.

On Tara’s king, on Fínnachta!” *etc.*

Back to top

 

Section 161

Conid and dorigni Molling in etarguidi seo:

Is ansin do rinne Moling an t-idirghuí seo:

So then Moling made this entreaty :

 

 

 

“A Brigit, bennach ar sét,

“A Bhrighid, beannaigh ár slí,

“O Brigit, bless our way,

nachar-táir bét ar ar cuáirt,

go nach dtiocfaidh olc orainn ’nár dtriall,

that evil come not to us on our journey,

a challech al-Lifi lán,

a chailleach ó Life lán,

O nun from full Liffey,

co rísam slán ar tech uait!” et reliqua.

go sroichimid slán ár dteach uait!” agus araile.

may we safely reach home by thine aid!” *etc.*

 

 

 

[Here the leaf containing the end of the story is lost. The following is from the Book of Lecan (L):]

 

 

Back to top

 

Section 162

Dorochair

Do thit,

 

thra Findachta mac Dunchada

trá, Fínneachta mac Dúnchadha,

Now Fínnachta son of Dunchad,

iarna mallochan (sic) do Moling,

tar éis dó mallacht d’fháil ó Mholing,

accursed by Moling

iar maitheam na Boroma

iar maitheamh na Bóirmhe,

after forgiving the Boroma,

 

 

fell

i cath i nGrellaich Dadlaich [leg. Dollaid?]

i gcath i nGreallach Dollaidh,

in battle at Grellach Dollaid

la Æd mac nDluthaich mic Aililla mic Æda Slane

le hAodh mac Dlúthaigh mhic Ailealla mhic Aodha Sláne,

by Aed son of Dluthach son of Ailill, son of Aed Slane,

ocus la Congal mac Conaing mic Congaili mic Aeda Slane.

agus le Congal mac Conaing mhic Conghaile mhic Aodha Sláne.

and by Congal son of Conang, son of Congaile son of Aed Slane.

Moling Luachra [dorigni in r]andso ar Findachta:

Moling Luachra do rinne an rannsa ar Fhínneachta:

Moling of Luachair made this stave for Fíndachta:

 

 

 

“Fa dirsan do Fhindachta

“Is dursan do Fhínneachta

“’Tis sad for Fíndachta

indiu ligi chroligi,

inniu a luí i gcró-leaba,

to day to lie in a gory bed,

rombæ la firu nime

go raibh sé le fir neimhe

May he be with the men of heaven

[dílgud] ina mBoroime [leg. inna Boroime].”

iar maitheamh na Bóirmhe.”

for forgiving the Boroma.”

 

 

 

Adamnan cecinit:

Do chan Adhamhnán:

Adamnán sang:

 

 

 

“Findachta mac Dunchada

“Fínneachta mac Dúnchadha

“Fínnachta son of Dunchad

romaith mor do næm,

do mhaith sé mórán do naomh,

remitted much to a saint,

tri cóicait cét bo slabraid,

trí caogad céad bó slabhra,

Thrice fifty hundred of dower-kine,

ocus cach bo cona læg.”

agus gach bó gona lao.”

and each cow with her calf.”

 

 

 

CONAD HE F. FORCENN NA BOROMA.

Foirceann na Bóirmhe.

SO THAT IS THE END OF THE BOROMA.

Back to top