Aislinge Meic Con Glinne
Sections in the text
|
|
|
|||||||
| Complete file (PDF) | |||||||||
Section 1
|
Cethardai as c[h]uintesta da cach elathain, |
*Na* ceithre nithe is riachtanas do gach ealaín |
The four things to be asked of every composition |
|
iss ed as c[h]uintesta don eladain-se, |
is iad is riachtanas don ealaín seo: |
must be asked of this composition, |
|
.i. locc [ocus persu] ocus aimser ocus fáth airicc. |
log agus pearsa agus aimsir agus fáth a ceaptha. |
viz., place, and person, and time, and cause of invention. |
|
Locc don eladain-se Corcach mór Muman, |
Log don ealaín seo Corcach mhór Mhumhan |
The place of this composition is great Cork of Munster, |
|
ocus persu dí Anér Mac Con Glinde di Eóganacht Glennamnach. |
agus pearsa di Ainéara Mac Conglinne d’Eoghanacht Ghleannamhnach. |
and its author is Ainéara Mac Conglinne of the Eoghanacht of Gleannamhnach. |
|
I n-aimsir C[h]athail meic Fhinguine meic Con cen Gairm nó meic Con cen Máthair do-rónad. |
In aimsir Chathail mhic Fhinguine mhic Cú-gan-ghairm nó mhic Cú-gan-mháthair a rinneadh í. |
In the time of Cathal Mac Finguine, son of Cú-gan-Gairm, or son of Cú-gan-Mháthair, it was made. |
|
Is hé didiu fáth airicc a dénma |
Is é, cinnte, ábhar a cheaptha, |
The cause of its invention, indeed, was |
|
.i. do díchor in luin c[h]raeis bhoí i mbrágait C[h]athail meic Fhinguine. |
chun an deamhan craois a bhí i mbráid Chathail mhic Fhinguine a dhíchur. |
to banish the demon of gluttony that was in the throat of Cathal Mac Finguine. |
Section 2
|
Cathal mac Finguine, rí maith ro gab Mumai; |
Cathal Mac Finguine, rí maith a ghabh ceannas na Mumhan; |
Cathal Mac Finguine, a good king, who took *the kingship of* Munster; |
|
araile laech-mál mór e-sside. |
laoch mál mór eisean. |
a great warrior prince was he. |
|
Amlaid boí in laech-sin, |
Is amhlaidh a bhí an laoch sin: |
A warrior of this sort: |
|
co ngéri chon, co longad chapaill. |
géire ocrais chon agus goile ite capaill aige. |
with the edge of a hound, he ate like a horse. |
|
Sáttan, .i. lon craís boí i n-a brágait, |
Sátan, an deamhan craois a bhí ina bhráid, |
Satan, viz. a demon of gluttony that was in his throat, |
|
no meled a chuit laiss. |
a d’itheadh a chuid in éineacht leis. |
used to devour his rations with him. |
|
Mucc ocus mart ocus ag teóra ferglacc, |
Muc agus mart agus lao trí ghlac fir ar airde, |
A pig and a cow and a bull-calf of three hands, |
|
la trí fichte bairgen do fhír-c[h]ruithnecht, |
maille le trí fichid bairín de fhíorchruithneacht |
with three score cakes of pure wheat, |
|
ocus dabach do nua chorma ocus trícha og rerchirce, |
agus dabhach de nuachoirm agus tríocha ubh circe, |
and a vat of new ale, and thirty hens’ eggs, |
|
ba h-í in sin a p[h]rím-airaigid, |
ba é sin a réamhbhéile, |
that was his first dole, |
|
cenmothá a [fh]rith-airaigid, |
gan trácht ar a idirbhéile, |
besides his other snack, |
|
comba h-erlam a mór-fheiss dó. |
nó mba ullamh a mhórbhéile dó. |
until his great feast was ready for him. |
|
Dáig in mór-fheiss, |
I dtaca leis an mhórbhéile, |
As regards the great feast, |
|
ní thalla rím nó áirem furri-sene. |
níl slí le ríomh nó áireamh a dhéanamh air sin. |
that passes account or reckoning. |
Section 3
|
ls hé trá fáth airicc in luin c[h]raís i mbrágait C[h]athail meic Fhinghuine, |
Is é fáth an lon craois a bheith i mbráid Chathail mhic Fhinguine: |
The reason of the demon of gluttony being in the throat of Cathal Mac Finguine was, |
|
dáig boí cét-shercus écmaise dó fria Lígaig ingin Moíle Dúin, ríg Oilig, |
céadghrá éamaise a bhí ag Lígheach iníon Mhaoile Dúin, Rí Ailigh, dó. |
because he had, though he had never seen her, a first love for Lígheach, daughter of Maol Dúin, king of Aileach; |
|
ocus derbshiúr-side do Fhergal mac Moíle Dúin, rí Oilig beós; |
Deirfiúr ise do Fhearghal mac Maoile Dúin. Rí Ailigh eisean, freisin, |
and she sister to Fearghal, son of Maol Dúin, also king of Aileach, |
|
ocus ba cosnamaid Érenn e-sside an inbaid-sin i n-agaid Cathail meic Fhinguine, |
agus bhí sé in iomaíocht an uair sin, faoi cheannas Éireann, le Cathal Mac Finguine, |
who was then contending for the kingship of Ireland against Cathal Mac Finguine, |
|
amal is f[h]ollus a h-imarbáig in dá chaillech |
faoi mar is follas ó iomarbhá an dá chailleach |
as is plain from the quarrel of the two hags, |
|
dia ndernsat in dí chammrand i nAchad Úr saindrud: |
nuair a tharla an chointinn rannaíochta eatarthu ag Achadh Úr go sonrach: |
when they had a duel in quatrains at Freshford, to be precise: |
Section 4
|
|
*Arsa an chailleach aduaidh:* |
|
|
|
|
|
|
“Do-s fil atuaid |
“Chugainn aduaidh é, |
“He comes from the North, |
|
mac Moíle Dúin dar ailechu, |
Mac Maoile Dúin thar ailltreacha, |
The son of Maol Dúin, over the rocks, |
|
dar Berba brú; |
Thar Bhearbha anonn, |
Over Barrow’s brink, |
|
co ruca bú ní aineba.” |
*Nó* go dtuga sé ba leis, ní stadfaidh sé.” |
Till cattle he take, he will not stay.” |
|
|
|
|
|
“Anfaid, anfaid,” |
“Stadfaidh sé, stadfaidh sé,” |
“He shall stay, shall stay,” |
|
(ar in chaillech aness) |
arsa an chailleach aneas, |
said the Southern hag; |
|
“bid buide lais dia n-érnaba; |
“Is buíoch bheidh má thugann sé na cosa leis.” |
“He will be thankful if he escapes. |
|
dar láim m’ athar |
Dar lámh m’athar, |
By my father’s hand, |
|
dia táir Cathal, ní-s béraba.” |
Má chastar Cathal uime beidh sé gan bha aige.” |
If Cathal meets him, he’ll take no cattle.” |
Section 5
|
Do-bertis iarum ettne ocus ubla ocus il-blassa |
Thugtaí cnónna agus úlla agus ilbhlastóga |
Then kernels and apples and many sweets used to be brought |
|
ó Lígaig ingin Mo[í]li Dúin |
ó Líghach iníon Mhaoile Dúin |
from Lígheach, Maol Dúin’s daughter, |
|
do C[h]athal mac Fhinguine for a sheirc ocus inmaine. |
chuig Cathal Mac Finguine, ar a shearc agus a ionúine léi é. |
to Cathal Mac Finguine, for his love and affection. |
|
At-c[h]uala Fergal mac Moíle Dúin in ní-sin, |
Chuala Fearghal Mac Maoile Dúin an ní sin |
Fearghal, son of Maol Dúin, heard this, |
|
ocus do-garad a shiúr a dochumm, |
agus gáireadh a dheirfiúr ina láthair, |
and his sister was called unto him. |
|
ocus do-mbert bennachtain dí for fír d’ indissi dó |
agus gheall sé a bheannacht di ar an bhfírinne a insint dó, |
And he gave her a blessing if she should tell him truth, |
|
ocus mallacht dia s[h]énad fair. |
agus a mhallacht dá séanfadh sí an fhírinne air. |
and a curse if she should deny him it. |
|
Ro indis in [t]shiúr dó, |
D’inis an deirfiúr an fhírinne *dó* |
The sister told him; |
|
ar cia boí dia sheircc ocus grád C[h]athail meic Fhinguine aicce, |
mar, cé mór a searc agus a grá do Chathal Mac Finguine, |
for great as was her love and affection for Cathal Mac Finguine, |
|
rop omun lee mallacht a bráthar dia rochtain. |
b’uamhan léi mallacht a bhráthar dá rochtain. |
she feared her brother’s curse reaching her. |
|
Ro indis iar sin in scél fíre. |
D’inis sí, mar sin, fírinne an scéil. |
Then she told the true story. |
Section 6
|
At-bert in bráthair fria na h-ubla do t[h]achor chuice, |
Dúirt a deartháir léi na húlla a thabhairt chuige, |
The brother told her to send the apples to himself. |
|
ocus ro gairmed scolaige i n-a dochumm, |
agus gáireadh scológ ina láthair |
And a scholar was summoned unto him, |
|
ocus do-ruachell lógu móra don scolaigi |
agus gheall sé loghanna móra don scológ |
and he promised great rewards to the scholar |
|
ar thuathi do chur isna h-il-blassaib út |
ar ortha oilc a chur sna hilbhlastóga úd |
for putting charms in those numerous sweets, |
|
do admilled C[h]athail meic Fhinguine. |
do adhmhilleadh Chathail mhic Fhinguine; |
to the destruction of Cathal Mac Finguine. |
|
Ocus ro lá in scolaigi tuathi ocus gentlecht isna h-il-blassaib-sin, |
agus chuir an scológ ortha oilc agus págánta iontu, |
And the scholar put charms and heathen spells in those numerous sweets, |
|
ocus ro tidnacit chuca ina h-il-blassa, |
agus tiomsaíodh na hilbhlastóga *dó*, |
and they were delivered to Fearghal, |
|
ocus cartaid timthirid dia tidnocul do C[h]athal. |
agus cuireadh timire dá dtíolacadh do Chathal. |
who despatched messengers to convey them to Cathal. |
|
Ocus ro gáidetar for nach ochta coitc[h]end, |
Agus rinneadh guí ar Chathal, dar gach ceann de na hocht nithe coiteanna |
And they entreated him by each of the eight universal things, |
|
.i. grian ocus ésca, drúcht ocus muir, |
— grian agus éasca, drúcht agus muir, |
— sun and moon, dew and sea, |
|
nem ocus talam, lá [ocus adaig, |
neamh agus talamh, lá agus oíche — |
heaven and earth, day and night — |
|
im ithe] na n-uball út, |
na húlla sin a ithe, |
that he would eat those apples, |
|
uair is ar a grád ocus inmaine |
toisc gur ar a ghrá agus a ionúine |
since it was out of love and affection for him |
|
tuccad ó Lígaig ingin Mo[í]li Dúin. |
a chuir Lígheach, iníon Mhaoile Dúin, chuige iad. |
they were brought from Lígheach, daughter of Maol Dúin. |
Section 7
|
Do-romel Cathal na h-ubla iarum, |
D’ith Cathal na húlla ansin |
Cathal thereupon ate the apples, |
|
ocus do-rigne míla eptha díb i n-a medón, |
agus rinne míola upthacha díobh ina lár, |
and little creatures through the poison spells were formed of them in his inside. |
|
ocus timoir[c]sit na míla eptha-sin i mbroind oen [míl díb, cor fhásatar] isin anmunna-sin, |
agus chruinnigh na míola upthacha sin i mbroinn Chathail in aon ainmhí amháin, |
And those little creatures gathered in the womb of one — in that animal, |
|
co nderna lon craís de; |
go ndearna deamhan craois díobh; |
so that a demon of gluttony was formed of them. |
|
conid hé sin fáth oricc in luin chraís |
gurb é sin an fáth go ndearna an deamhan craois |
And this is the cause why the demon of gluttony |
|
do attreib i mbrágait C[h]athail meic Fhinguine, |
áitreabh i mbráid Chathail mhic Fhinguine, |
abode in the throat of Cathal Mac Finguine, |
|
do aidmilled f[h]er Muman co cend teóra leth-bliadan, |
chun adhmhilleadh fear Mumhan go ceann trí leathbhliain, |
to the ruin of the men of Munster during three half-years; |
|
ocus is dóig no mille[d] Éirinn co cend leth-bliadna ele. |
agus go mba dhóigh go milleadh sé Éire ar fad go ceann leathbhliana eile. |
and it is likely he would have ruined Ireland during another half-year. |
Section 8
|
Boí ochtar i nArd Macha an inboid-sin, |
Bhí ochtar in Ard Mhacha an tráth sin |
There were eight persons in Armagh at that time |
|
ocus is dóib-side ro canad in laíd-se: |
agus is dóibh a canadh an laoi seo: |
of whom these lays were sung: |
|
|
|
|
|
“At-c[h]uala ochtar anocht |
“Chuala mé faoi ochtar anocht |
“I heard of eight to-night |
|
i nArd Macha iar midnocht, |
in Ard Mhacha tar éis meánoíche; |
In Armagh after midnight; |
|
for-t-gillim co mbuidnib band |
geallaim le buíonta beart |
I proclaim them with hosts of deeds, |
|
nidat c[h]uibde a comanmand. |
*más rud é* nár chuí a n-ainmneacha. |
Their names are no sweet symphonies. |
|
|
|
|
|
Comgán ar Mac Dá Cherda, |
Comhgán ab ainm do Mhac Dá Chearda, |
Comhgán was the name of the Two Smiths’ son. |
|
ba h-erdraic i ndiaid shelga; |
oirirc é in ndiaidh na seilge. |
Famous was he after the hunt. |
|
Crítán for Mac Rustaing rán, |
Críotán ab ainm do Mhac uasal Rustaing, |
Críotán was Rustang’s noble son, |
|
ba h-ainm comadais comlán. |
ainm comhlán cuí ab ea é. |
It was a full fitting name. |
|
|
|
|
|
Dub Dá Thuath, ba togairm nglé, |
Dubh Dá Thuath, teideal glé, |
Dubh Dá Thuath (“Two Tribes’ Dark One)”, a shining cry, |
|
ba h-é ainm meic Stéléne; |
ba é ainm maic Stéléne; |
That was the name of Stéléne’s son, |
|
Don[n]-Fhiach; Caillech Bérre bán; |
Donn-Fhiach; Cailleach Bhéarra bhán; |
Donn-Fhiach (“Brown Raven”), the white nun, of Beare, |
|
Garb Daire for Mac Samán. |
Garbhdoire ab ainm do Mhac Samháin. |
Garbhdoire (“Rough Grove”) was the name of Samhán’s son. |
|
|
|
|
|
Aniér for Mac Con Glinde |
Ainéara ab ainm do Mhac Conglinne |
Ainéara (“Never-Refused”) was Mac Conglinne’s name, |
|
do brú Banda barr-binde; |
ó bhruach na Banna barrbhinne. |
From the brink of the sweet-crested Bann. |
|
Becán, Becnait, bolg don ár, |
Beagán, Beagnait, bolg don ár, |
Fear Beag (“Wee Man”), Bean Bheag (“Wee Wife”), bag of carnage, |
|
athair sceó máthair Marbán. |
athair agus máthair Mharbháin. |
Were Marbhán’s (“Dead Man’s”) sire and dam. |
|
Mo rí-se, rí nime náir, |
Mo rí-se, rí neimhe ghlórmhair, |
My king, king of high heaven, |
|
do-beir for buidne buad n-áir, |
a bheireann bua i gcath do bhuíonta, |
That givest hosts victory over death, |
|
mac muad Maire, mod nát bá, |
Mac mór Muire, ionas nach n-éagann duine, |
Great son of Mary, — Yours the way — |
|
comur ngaire ro-chuala.” |
dlúth-chruinniú a chuala mé.” |
A confluence of cries I heard.” |
|
At-c[h]uala ochtar. |
|
|
Section 9
|
Ba h-aen trá don ochtar-sin, .i. Aniér Mac Con Glinne, |
Ba dhuine den ochtar sin Ainéara Mac Conglinne, |
One of these eight, then, was Ainéara Mac Conglinne, |
|
scolaigi amru e-sside co n-immad eólais. |
scoláire amhra eisean, go n-iomad eolais. |
a wonderful scholar he, with abundance of knowledge. |
|
Is aire at-bertha Aniér friss, |
Is air a deirtí Ainéara leis |
The reason why he was called Ainéara |
|
.i. no aerad ocus no molad cách. |
toisc go n-aoradh agus go moladh sé cách. |
was because he would satirise and praise all. |
|
Deithbir ón, |
Ní hionadh *an t-ainm air*, |
No wonder, indeed; |
|
uair ní thánic remi ocus ní t[h]icc dia éissi |
óir níor tháinig roimhe ná ina dhiaidh |
for there had not come before him, and came not after him, |
|
bu duilge aer nó molad; |
duine ba ghéire aor nó moladh ná é, |
one whose satire or praise was harder to bear, |
|
conid aire at-bertha Anéra friss, |
nó is amhlaidh adeirtí Ainéara leis |
wherefore he was called Ainéara (i.e. “Never-Refused”), |
|
iarsinní ní fétta éra fair. |
toisc nár féadadh é a éaradh. |
for that there was no refusing him. |
Section 10
|
Tánic móit mór for menmain don scolaige, |
Tháinig mórdhúil ar a mheanma don scoláire |
A great longing seized the mind of the scholar, |
|
.i. dol ra filidecht ocus a légend do f[h]ácbáil, |
dul le filíocht agus a léann a fhágáil, |
to follow poetry, and to abandon his reading. |
|
ar ba doinmech dó a betha for scáth a fhogluma; |
óir ba dhona leis a bheatha a bheith ar scáth a fhoghlama; |
For wretched to him was his life in the shade of his studies. |
|
ocus ro scrútustar i n-a menmain |
scrúdaigh sé ina mheanma |
And he searched in his mind |
|
cia leth no berad a c[h]ét-chuairt fhilidechta. |
cá leith a mbéarfadh sé a chéad chuairt filíochta. |
whither he would make his first poetical journey. |
|
Iss ed trá tucc dia scrútain a dula co Cathal mac Finguine, |
Is é tháinig den scrúdú sin a dhul go Cathal mac Finguine |
The result of his search was, to go to Cathal Mac Finguine, |
|
boí for cuairt ríg i nUíb Echach Muman. |
a bhí ar a chuairt rí in Uíbh Eachach Mumhan. |
who was then on a royal progress in Iveagh of Munster. |
|
At-chuala in scolaige immad ocus oirer cacha bánbíd do fhagbáil dó, |
Chuala an scoláire iomad agus blastacht gach bánbhia a bheith ar fáil dó ag Cathal |
The scholar had heard that he would get plenty and enough of all kinds of dairy products; |
|
uair ba sanntach so-accobrach mbánbíd in scolaige. |
agus ba shantach síordhúilmhear é faoi bhánbhia. |
for greedy and hungry for dairy products was the scholar. |
Section 11
|
Is and tánic in ní-sin i mmenmain in scolaige, |
Is í an uair a tháinig an ní sin i meanmna an scoláire, |
This came into the mind of the scholar |
|
aidche Sathairn saindrud ic Russ C[h]ommán, |
oíche Shathairn go sonrach, ag Ros Comáin, |
on a Saturday eve exactly, at Roscommon; |
|
ór is ann boí oc dénmus a légind. |
óir is ann a bhí sé ag déanamh a léinn. |
for there he was pursuing his study. |
|
Iar sin recaid in mbec sprédi boí acca, |
Iar sin, reic sé an beagán spré a bhí aige |
Then he sold the little stock he possessed |
|
.i. for dá bairgin do chruithnecht |
ar dhá bhairín de chruithneacht |
for two wheaten cakes |
|
ocus for thócht sen-s[h]aille co síthfi dar a lár. |
agus spóla bagúin shaillte a raibh stríoc trína lár. |
and a slice of old bacon with a streak across its middle. |
|
Do-s-rat sin i n-a théig libair; |
Chuir sé an spóla sin ina thiachóg leabhar, |
These he put in his book-satchel. |
|
ocus cummais dí chuarán corra coidlide do dond-lethar secht-fhillte dó in adaig-sin. |
agus rinne sé dhá chuarán bhiorach leathair as donnleathar seachtfhillte dó féin an oíche sin. |
And on that night two pointed shoes of hide, of seven-folded brown leather, he shaped for himself. |
Section 12
|
At-racht moch iar n-a bárach |
D’éirigh sé go moch arna mhárach |
He arose early on the morrow, |
|
ocus gabaid a lénid i n-ard-gabáil ós mellaib a láruc, |
agus ghabh uime a léine in ardghabháil os dhá phlaic a thóna |
and tucked up his shirt over the two buttocks of his haunches, |
|
ocus gabaid a lummain find fortócbálta i forcipul imme. |
agus ghabh chuige a bhrat fionn in ardtógáil fillte timpeall uime. |
and wrapped him in the folds of his white cloak, |
|
Mílec[h] iarnaide uasu i n-a brutt. |
Míleach iarnaí ina bhrat thuas. |
in the front of which was an iron brooch. |
|
Tuarcaib a théig libair for stuag-leirg a dromma. |
Chuir sé a thiachóg leabhar ar stualearg a dhroma. |
He lifted his book-satchel on to the arched slope of his back. |
|
Ro-t gab a t[h]rostán comthromm coíc-duirn cutruma (.i. ón beind co a chéli) for bolcsén i n-a des-láim. |
Ghlac sé chuige ina dheaslámh a chleith thromaí ina raibh fad cúig dhorn ó bheann go chéile agus í meáite cothrom timpeall a láir. |
In his right hand he grasped his even-poised knotty staff, in which were five hands from one end to the other. |
|
Do-lluid desel relci. |
Chuaigh sé deiseal reilge. |
Then, going right-hand-wise round the cemetery, |
|
Bendachais dia f[h]ithir, .i. aite. |
Bheannaigh sé dá oide |
he bade farewell to his tutor, |
|
Atn-agar soscéla imme. |
agus crochadh dréachta as na soiscéil uime. |
who put gospels around him. |
Section 13
|
Do-c[h]ummlai i cend sétta ocus imdechta |
Chuir sé chun séada agus imeachta, |
He set out on his way and journey, |
|
dar crích Connacht, i nEchtgi, |
thar chríoch Chonnachta go hEachtgha, |
across the lands of Connacht into Eachtgha (i.e. Aughty), |
|
do Luimnech, do Charnd F[h]eradaig, |
go Luimneach, go Carn Fearadhaigh, |
to Limerick, to Carn Fearadhaigh (i.e. Cahirnarry?), |
|
do Berna Trí Carpat, i Sléib Caín, |
go Bearna Trí Carbad, go Sliabh Caoin, |
to Bearna-trí-Carbad, into Sliabh Caoin, |
|
i tír Fer Fhéni frisi ráiter Fir Muige indiú, |
go Tír Fhear Féine lena n-abartar Fir Mhaighe inniu, |
into the country of the Fir Fhéine, which is this day called Fir Mhaighe (i.e. Fermoy), |
|
dar Mónaid Móir, |
thar Mhóin Mhór, |
across Móin Mhór (Moanmore), |
|
co ndessid sel becc ria n-espartain i taig aíged Chorcaige. |
gur chuir sé faoi seal beag roimh easparta, i dteach aoi Chorcaí. |
until he rested a short time before vespers in the guest-house of Cork. |
|
Ó Ross C[h]omán co Corccaig dia Sathairn saindrud. |
Ó Ros Comáin go Corcaigh dó an Satharn sin go sonrach. |
On that Saturday *exactly* he had gone from Roscommon to Cork. |
Section 14
|
Is amlaid do-rala in tech aíged, oslaicthe for a chind. |
Is amhlaidh a tharla go raibh an teach aoi oscailte roimhe. |
This was the way in which he found the guest-house on his arrival, it was open. |
|
Hi llathi na teórai in lá-sin, |
Aimsir na dtrí *síon* an lá sin: |
That was one of the days of the three things, |
|
.i. gaeth ocus snechta ocus fleochad i n-a dorus, |
gaoth agus sneachta agus fleachadh tríd an doras isteach, |
viz., wind and snow and rain about the door; |
|
co ná fárcaib in gaeth |
ionas nár fhág an ghaoth |
so that the wind left |
|
sifind tuga nó minde luatha |
sifín tuí ná cáithnín luaithe |
not a wisp of thatch, nor a speck of ashes |
|
cen scuabad lee dar in dorus aile |
gan scuabadh léi tríd an doras eile |
that it did not sweep with it through the other door, |
|
fo cholbaib ocus fo immdadaib ocus fo c[h]liathaib in rígthige. |
faoi cholbhaí agus faoi iomdhaí agus faoi chleathacha an rí-thí. |
under the beds and couches and screens of the princely house. |
|
Sétigi in tige aíged iss é timmthasta timmaircthi i n-a lebaid, |
Bhí pluideanna an tí aoi ina mburla casta sna leapacha |
The blanket of the guest-house was rolled, bundled, in the bed, |
|
ocus ba mílac[h] dergnatach e-side. |
agus ba mhíolach deargnaideach iad. |
and was full of lice and fleas. |
|
Deithbir ón, |
Ní nárbh ionadh, |
No wonder, truly, |
|
ar ní-s fagbad a grianad i lló nó a thócbáil i n-aidche, |
óir ní fhaighdís a ngrianadh sa ló ná a dtógáil istoíche, |
for it never got its sunning by day, nor its lifting at night; |
|
ar níba gnáth dó beith folam fri a thócbáil. |
mar nár ghnáth dóibh a bheith folamh le go ndéanfaí sin leo. |
for it was not wont to be empty at its lifting. |
|
Lothomur in taige aíged co n-usce na h-aidche remi ind, |
Folcadán an tí aoi agus uisce na hoíche aréir ann |
The bath-tub of the guest-house, with the water of the night before in it, |
|
co n-a c[h]lochaib hi taíb na h-ursand. |
agus na clocha *téite* cois taobh na hursan. |
with its stones, was by the side of the door-post. |
Section 15
|
Nícon f[h]uair in scolaige aen do-gneth a fhosaic. |
Ní bhfuair an scoláire éinne a dhéanfadh a osaic. |
The scholar found no one who would wash his feet. |
|
Benais fén iarum a chuaránu de, |
Bhain sé féin ansin a chuaráin de |
So he himself took off his shoes |
|
ocus indlais asin aithindlat út. |
agus d’ionnail sé é féin sa dabhach folctha úd. |
and washed his feet in that bath-tub, |
|
Mescais a chuaránu and iarum. |
Thum sé na cuaráin ansin ann. |
in which he afterwards dipped his shoes. |
|
Tócbais a théig libair for a luirg isin fraigid, |
Chroch sé a thiachóg leabhar ar phionna sa bhalla, |
He hung his book-satchel on the peg in the wall, |
|
ocus tecbaid a chuaránu |
agus chroch sé a chuaráin *ansin*, |
took up his shoes, |
|
ocus teclumaid a lámu laiss isin sétigi |
agus ghabh sé chuige na héadaí leapan ina lámha |
and gathered his hands into the blanket, |
|
ocus imnaiscis imma chossa. |
agus shoiprigh sé um a chosa iad. |
which he tucked about his legs. |
|
Acht c[h]ena |
Go deimhin, áfach, |
But, truly, |
|
ba liridir fri gainem mara |
ba chomhlíon le gaineamh mara, |
as numerous as the sand of the sea, |
|
nó fri drithlenna tened |
nó le drithlí tine, |
or sparks of fire, |
|
nó fri drúcht i mmatain c[h]étamain |
nó le drúcht maidin Bhealtaine, |
or dew on a May morning, |
|
nó fri renna nime |
nó le reanna neimhe, |
or the stars of heaven, |
|
míla ocus dergnatta ic guilbniugud a choss, |
míola agus deargnaidí ag giobadh na gcos aige, |
were the lice and fleas nibbling his legs, |
|
co-nda gaib emeltius; |
nó gur ghabh tuirse é. |
so that weariness seized him. |
|
ocus ní-s tánic nech dia fhiss |
Agus níor tháinig neach dá fhios |
And no one came to visit him |
|
nó dia umalóit i n-a dochum. |
nó do dhéanamh umhlóide dó. |
or do reverence to him. |
Section 16
|
Tucc fadessin a théig libair chuca |
Ghabh sé chuige a thiachóg leabhar, |
He took down his book-satchel, |
|
ocus benais a shaltair essi |
agus thóg a shaltair aisti |
and brought out his psalter, |
|
ocus fo-r[ó]bairt cantain a shalm. |
agus thosaigh ar chantain a shalm. |
and began singing his psalms. |
|
Iss ed at-fiadat eólaig ocus libair Chorccaige |
Is ea a deirid eolaigh agus leabhair Chorcaí |
What the learned and the books of Cork relate is, |
|
co closs míle cémend sechtair c[h]athraig immach |
go mba chlos míle céim thar an chathair amach |
that a thousand paces beyond the city was heard |
|
son a gotha in scolaige |
son gutha an scoláire |
the sound of the scholar’s voice |
|
oc cétul a shalm |
ag canadh a shalm. |
as he sang his psalms, |
|
tria rúnib spirtálta, |
Ghabh sé trí na rúndiamhra spioradálta, |
through spiritual mysteries, |
|
for aillib ocus annálaib ocus ernalib, |
trí na moltaí agus na fáithscéalta agus *a gcuid ranna uile*, |
in lauds, and stories, and various kinds, |
|
for diapsalmaib ocus sinsalmaib ocus decáidib, |
maille lena moilliú agus a gcomhardú, ina bhfoireann deich salm |
in dia-psalms and syn-psalms and sets of ten, |
|
co paitrib ocus cantaccib ocus immnaib |
agus paidreacha agus cainticí agus iomnaí aige |
with paters and canticles and hymns |
|
hi forba cacha coecait. |
ag ceann gach caogaid *salm*. |
at the conclusion of each fifty. |
|
Ba dóig imorro fria cach fer i Corccaig |
Ba dhóigh, go deimhin, le gach fear i gCorcaigh |
Now, it seemed to every man in Cork |
|
ba isin tig ba nessa dó no bíth son in f[h]oguir. |
gur sa teach ba neasa dó a bhíodh son an fhoghair. |
that the sound of the voice was in the house next himself. |
|
Iss ed ro imf[h]ulaing, in c[h]omrargu bunatta |
Is ea ba chúis leis sin go léir a theacht air, peaca an tsinsir |
This came of original sin, |
|
ocus a p[h]eccad bunadgendi |
agus a pheaca bunadhgheinte féin |
and Mac Conglinne’s hereditary sin |
|
ocus a mí-rath follus-gnéthech fodéin, |
agus a mhí-rath follasach féin, |
and his own plain-working bad luck; |
|
cor erfhuirged |
gur fágadh ag fuireach é |
so that he was detained |
|
cen dig cen biad cen indlat, |
gan deoch gan bhia gan ionnlat, |
without drink, without food, without washing, |
|
co ndechaid cach duine i Corccaig i n-a immdaid. |
nó go ndeachaigh gach duine i gCorcaigh chun a iomdha. |
until every man in Cork had gone to his bed. |
Section 17
|
Con[id] ann as-bert Manchín abb Corccaige |
Is ansin a dúirt Mainchín, ab Chorcaí, |
Then it was that Mainchín, abbot of Cork, said, |
|
iar ndul dó i n-a lepaid, |
ar ndul dó ina leaba: |
after having gone to his bed: |
|
“A scolócc,” ol sé, “in filet aígid occaind innocht?” |
“A scolóig,” ar sé, “an bhfuil aíonna anocht againn?” |
“Lad,” he said, “are there guests with us tonight?” |
|
“Ní f[h]ilet,” ol in timthirid. |
“Níl,” arsa an timire. |
“There are not,” said the attendant. |
|
Ar sé in timthirid aile, |
Arsa timire eile: |
However, the other attendant said: |
|
“It-c[h]onnarc-sa aen co díscir dénmnetach dar fiarut na faithgi |
“Chonnaic mise duine go díscir míchéatach trasna na faiche |
“I saw one going hastily, impatiently across the green |
|
gar becc ria n-espartain ó chianaib.” |
gar beag roimh easparta ó chianaibh. |
a short time before vespers, a while ago.” |
|
“Is ferr a fhiss,” ol Manchín, |
“Is fearr dul dá fhios,” arsa Mainchín, |
“You had better visit him,” said Mainchín, |
|
“ocus a chutig do breith dó.” |
“agus a chuid a thabhairt chuige. |
“and take him his ration. |
|
Ór boí dia lesca les-side tidecht ’n-a [fh]rithing aridisi for cend a chota, |
Óir bhí sé de leisce ann gan teacht ar ais anseo ar cheann a choda, |
For he has been too lazy to come back for his allowance, |
|
ocus boí trá d’ olcc na h-aidche. |
agus, pé scéal é, bhí an oíche go holc.” |
and moreover the night was very bad.” |
Section 18
|
Berar a chutig-sium amach, |
Tugadh cuid Mhic Conglinne amach |
His allowance was brought out, |
|
ocus is í proind ruccad ann, |
agus is í proinn a tugadh *dó*: |
and these were the rations that were taken to him: |
|
cuachán, .i. corcca, do medg-usce na h-eclasa, |
cuachán coirce *agus* cuachán de mheadhguisce na heaglais, |
a small cup of church whey-water, |
|
ocus dá oíbell tened i mmedón suipp síl c[h]átha corcca, |
dhá aoibheal tine i meán soip tuí shíolcháithe choirche |
and two sparks of fire in the middle of a wisp of oaten straw, |
|
ocus dá fhót do úr-mónaid. |
agus dhá fhód úrmhóna. |
and two sods of fresh peat. |
|
Ticc in timt[h]irid co dorus in taigi oíged, |
Tháinig an timire go doras an tí aoi |
The servant came to the door of the guest-house, |
|
ocus ro-s gab gráin ocus ecla |
agus ghabh gráin agus eagla é |
and fear and terror seized him |
|
frisin tech n-óbéla n-oslacthi n-imdorcha. |
roimh an teach uaibhéalta oscailte imdhorcha. |
at the gaping open pitch-dark house. |
|
Nícon f[h]etar in rabi aen and fó ná rabi. |
Ní raibh a fhios aige an raibh éinne istigh ann nó nach raibh. |
He knew not whether anybody was within, or not; |
|
Conid ann at-bert in dala n-aeí |
Ansin dúirt duine acu, |
whereupon one of the two asked, |
|
oc tabairt a choisse dar in tairsech, |
ag cur a choise thar an táirseach: |
in putting his foot across the threshold: |
|
“In fil nech sund?” ol sé. |
“ An bhfuil aon duine ansin?” ar sé. |
“Is there any one here?” says he. |
|
“Fil aen,” ar Mac Con Glinde. |
“Tá duine ann,” arsa Mac Conglinne. |
“There is some one,” answered Mac Conglinne. |
|
“Is coll gessi don tig-sea |
“Is coilleadh geasa don teach seo |
“It is a breaking of the spells that are on this house |
|
a thacar for aenf[h]er.” |
é a choiriú d’fhear amháin,” *arsa an timire*. |
to put it in order for one man.” |
|
“Má ro collit riam a gessi,” ar Mac Con Glinne, |
“Murar coilleadh riamh a gheasa,” arsa Mac Conglinne, |
“If ever the spells on it were broken,” said Mac Conglinne, |
|
“ro collit innocht, |
“coilleadh anocht iad, |
“they were to-night; |
|
.i. boí a ndán a coll, |
agus bhí i ndán iad a choilleadh |
for their breaking was fated, |
|
ocus is mé choilles.” |
agus is mise a choillfidh iad.” |
and it is I who break them.” |
|
“Ér[i]g,” ol in timthirid, “ocus tomil do p[h]roind.” |
“Éirigh,” arsa an timire, “agus ith do phroinn.” |
“Rise,” said the attendant, “and eat your meal.” |
|
“At-biur mo debroth,” ol sé, |
“Tugaim mo mhóid Dé,” ar seisean, |
“I pledge my God’s doom,” said he, |
|
“ó ra-m f[h]uirged cusin tráth-sa, |
“ó fágadh ag fuireach go dtrásta mé, |
“that since I have been kept waiting till now, |
|
nó co fessur cid fil and, |
nó go bhfeasa mé céard atá agat ann, |
until I know what you have there, |
|
nocon érus.” |
ní éireoidh mé.” |
I shall not rise.” |
|
Atn-aig in gilla in dí oíbill |
Leag an giolla an dá aoibheal |
The gillie put the two sparks of fire |
|
a medón in tshuip shíl-c[h]átha corcca isin tellach, |
i meán an tsoip tuí shíolcháithe choirce sa teallach, |
that were in the middle of the wisp of oaten straw, on the hearth, |
|
ocus ticc sopp asin lepa chuca. |
agus bhain sop eile as an leaba chuige, |
and pulled another wisp from the bed. |
|
Cóirgis in dí f[h]ót úr-mónad im na suppu, |
chóirigh an dá fhód úrmhóna um na soip, |
He arranged the two sods of fresh peat round the wisps, |
|
sétis ind oíbill, lassais in sopp, |
shéid faoi na haoibhil, las an sop |
blew the spark, lighted the wisp, |
|
ocus follsigis dó a p[h]roind. |
agus d’fhoilsigh a phroinn dó. |
and showed him his repast; |
Section 19
|
Ut dixit Mac Con Glinne: |
Ansin dúirt Mac Conglinne: |
whereupon Mac Conglinne said: |
|
|
|
|
|
“A scolóc” (ar Mac Con Glinne) |
“A scolóig,” arsa Mac Conglinne, |
“My lad,” said Mac Conglinne, |
|
“cid ná dénum dá chammrand? |
“Cén fáth nach ndéanaimid rann iomarbhá? |
“Why should not we have a duel in quatrains? |
|
Déna-su rand ar arán |
Déan thusa rann ar arán, |
A quatrain compose on the bread, |
|
co ndén-sa rand ar annland. |
go ndéanfaidh mise rann ar anlann. |
I will make one on the relish. |
|
|
|
|
|
Corcach i fil cluca binde, |
Corcach i bhfuil cloig bhinne |
Cork, wherein are sweet bells, |
|
goirt a gainem, |
Goirt a gaineamh |
Sour is its sand, |
|
gainem a grian; |
Gaineamh a cré |
Its soil is sand, |
|
nocon f[h]il biad inde. |
Ní fhaightear bia inti. |
Food there is none in it. |
|
|
|
|
|
Co bráth nocon ísaind-sea |
Go bráth bráth ní íosfainnse |
Unto Doom I would not eat, |
|
acht minu-s tecma gorta |
Muna dteagmhódh mé i ngorta |
Unless famine befell them, |
|
cuachán corca Corccaige, |
Cuachán coirce Corcach |
The oaten ration of Cork, |
|
cuachán Corccaige corca. |
Cuachán Chorcaí coirce. |
Cork’s oaten ration. |
|
|
|
|
|
Geb-si chucat in n-arán |
Tógsa leat an t-arán |
Along with you carry the bread, |
|
ima ndernais-[s]iu t’ oróit; |
Um a ndearna tú do phaidir |
For which you’ve made your prayer; |
|
in chuit-si is mairg do-s-méla; |
Mairg a d’íosfadh mar chuid é |
Woe worth him who eats this ration, |
|
is iat mo scéla, a scoló[i]c.” |
Is iad mo scéala, a scolóig.” |
That is my say, my lad.” |
|
A scolóc. |
|
|
|
|
|
|
|
Mebraigis in scolaigi na runda, |
Chuir duine de na timirí na ranna sin de mheabhair |
The attendant remembered the quatrains, |
|
uair ba h-áith a inntlecht. |
óir ba ghéar intleacht é. |
for his intellect was sharp. |
Section 20
|
Atn-agut leó in mbiad co h-airm a mboí Mainchín |
Thugadar leo ansin an bia don airm a raibh Mainchín |
They take the food back to the place where Mainchín was, |
|
ocus taisselbait na runna don abbaid. |
agus nochtadar na ranna don ab. |
and declared the quatrains to the abbot. |
|
“Maith,” ol Manchín, “admait meicc mí-fhoccuil. |
“Maith,” arsa Mainchín, “déantús an drochbhuachalla an droch-chaint. |
“Well,” said Mainchín, “the ill word will tell you the boy. |
|
Gébdait me[i]cc beca na runda-sin |
Beidh dailtíní *na sráide* ag gabháil na ranna sin |
Little boys will sing those verses, |
|
mina dígailter forsint-í do-rigne.” |
mara ndíoghaltar iad ar an té a rinne iad.” |
unless the words are avenged on him who made them.” |
|
“Cid fil lat-su de-sin?” or in gilla. |
“Cad tá fút a dhéanamh faoi?” arsa an giolla. |
“What do you mean to do, then?” said the gillie. |
|
“Fil liumm,” or Manchín, “dul cusint-í do-rigne |
“Tá fúm,” arsa Mainchín, “dul chuig an té a rinne iad |
“This,” said Mainchín; “to go to the person who made them, |
|
ocus ulidetaid a étaig do bein de; |
agus gach luid éadaigh atá air a bhaint de, |
and strip him of all his clothes, |
|
slipre ocus echlasca do gabáil dó, |
slata agus eachlasca a ghabháil air |
to lay scourges and horsewhips on him, |
|
co ro muide ocus co ro etarscara a fheóil ocus a chraiccend ó [a] chnámu, |
nó go mbrise agus go n-idirscara a fheoil agus a chraiceann ó na cnámha |
until his flesh and skin break and sever from his bones |
|
acht nammá ná ro brister a chnámu; |
— ach *féachaint chuige* nach mbristear a chnámha — |
— only let his bones not be broken — |
|
a chor isin Sabraind, |
é a chur *ansin* sa Sábhrann |
to put him in the River Sábhrann |
|
ocus a bodar-sháith d’ usce na Sabrainde dó; |
agus a mhodarsháith d’uisce na Sábhrainne *a thabhairt* dó. |
and give him his fill of the muddy water of the Sábhrann. |
|
a chor isin tech n-oíged iarum cen mether n-étaig do lécud leis inund.” |
É a chur ina dhiaidh sin sa teach aoi gan luid éadaigh a ligint leis isteach.” |
Then let him be put into the guest-house, without a stitch of clothing.” |
|
(Ocus ní boí t[h]all d’ étach acht in sétige, |
(Agus ní raibh istigh d’éadach ach an phluid |
(And there was no clothing in that house but the blanket, |
|
ocus ba lilithir drúcht cétemain a míla-side ocus a dergnuta. |
agus ba chomhlíon a míola agus a deargnaidí sin le drúcht Bhealtaine). |
in which lice and fleas were as plentiful as May dew.) |
|
Fessid ind in aidche-sin |
“Cuirfeadh sé faoi ansin don oíche seo |
“There let him sleep that night, |
|
feib as doccra ocus as dorcha boí riam remi.) |
mar is deacra agus is dorcha a tharla dó riamh roimhe seo. |
in the most wretched and darkest plight he ever was in. |
|
“Foriatar in tech fair co matain dianechtair |
Iatar an teach air go maidin ón taobh amuigh |
Let the house be closed on him from outside until morning, |
|
ar dáig ná ro élád, |
ar dhóigh nach n-éalóidh sé, |
in order that he may not escape, |
|
co raib mo chomairle-si fair la comarli muntiri Corccaige i mmbárach |
nó go gcuirfidh mé mo chomhairle le comhairle mhuintire Chorcaí amárach |
until my counsel together with the counsel of the monks of Cork shall be held on him to-morrow, |
|
i fiadnaise in Dúilemun c[h]ena ocus Barre |
i bhfianaise an Dúilimh féin agus i bhfianaise Bharra |
even in the presence of the Creator and of St. Barra, |
|
’ga tó-sa. |
gur leis mé féin. |
whose servant I am. |
|
Níba comairle aile acht a c[h]rochad i mbárach |
Agus ní haon chomhairle eile *a bheidh ann* ach a chrochadh amárach |
Our counsel shall be no other than his crucifixion tomorrow, |
|
i mm’ enech-sa ocus enech Barra ocus ina h-eclaisi.” |
i mo oineachsa agus in oineach Bharra agus na heaglaise.” |
or the honour of me and of St. Barra, and of the church.” |
|
Do-rigned amal sin, |
Rinneadh amhlaidh sin. |
So it was done. |
|
ocus is ann sin tánic a chomrarcu bunata |
Agus is í sin uair a tháinig peaca an tsinsir |
And then it was that his hereditary transgression |
|
ocus a p[h]eccad follus-gnéthech fén fris-[s]ium. |
agus a pheaca fallsaghníomhach féin in éadan Mhic Conglinne. |
and his own plain-working sin rose against Mac Conglinne. |
|
Ro benad ulidetaid a étaig de |
Baineadh gach luid a chuid éadaigh de |
The whole of his clothing was stripped off him, |
|
ocus ro gabad slipre ocus echlasca dó. |
agus gabhadh de shlata agus d’eachlasca air. |
and scourges and horsewhips were laid on him. |
|
Ro fuirmed hé isin Sabraind, |
Cuireadh sa Sábhrann é |
He was put into the Sábhrann, |
|
co tartad ni for a sháith do bodar-usce na Sabrainde dó. |
gur cuireadh *de céasadh* air a sháith de mhodaruisce na Sábhrainne *a ól*. |
and had his fill of its dead water. |
|
Fessid iar sin isin tig oíged co matain. |
Chaith sé an oíche as sin go maidin sa teach aoi. |
After which he lay in the guest-house until morning. |
Section 21
|
At-racht Manchín matain moch iar n-a bárach, |
D’éirigh Mainchín maidin mhoch arna mhárach |
Early at morn Mainchín arose on the morrow; |
|
ocus ro tinólit muinnter Chorccaige ó Manchín |
agus tionóladh muintir Chorcaí leis |
and the monks of Cork were gathered by him, |
|
co mbátar i n-aen baile, .i. isin tech n-oíged. |
go rabhadar in aon bhall, sa teach aoi. |
until they were in one place, at the guest-house. |
|
Auroslaicther rempu, |
Osclaíodh *an teach* rompu |
It was opened before them, |
|
ocus fessait for colbadaib ocus immdadu in tigi. |
agus shuíodar fúthu ar cholbhaí agus ar iomdhadha an tí. |
and they sat down on the bed-rails and couches of the house. |
|
“Maith, a t[h]róig,” ol Manchín, |
“Maith, a thruáin,” arsa Mainchín, |
“Well, you wretch,” said Mainchín, |
|
“ní dernais cóir in eclais do écnach aréir.” |
“ní dhearna tú cóir éagnach a dhéanamh ar an eaglais aréir.” |
“you did not do right in reviling the church last night.” |
|
“Nírbo fherr do lucht na h-eclaisi,” ar Mac Con Glinne, |
“Níorbh fhearr do lucht na heaglaise é,” arsa Mac Conglinne, |
“The church-folk did no better,” said Mac Conglinne, |
|
“mo bet[h]-si cen biad occu, |
“mo bheithse gan bhia acu |
“to leave me without food, |
|
ocus rob uathad mo dám.” |
agus gan de bhuíon liom ach mé féin.” |
though I was only a party of one.” |
|
“Nír beith cen biad deitt, |
“Níor gan bhia duit é,” *arsa Mainchín*, |
“You had not gone without food, |
|
cein co fagtha acht ablaind mbic |
“bíodh nach bhfaighfeá ach *oiread na* habhlainne *de*, |
even though you had only got a little crumb, |
|
nó dig do medg-usce isind eclais. |
nó deoch de mheadhguisce san eaglais. |
or a drink of whey-water in the church. |
|
Fil tréda dar ná dlegar oirbire i nd-eclais, |
Tá trí nithe nach ndlíthear a gcáineadh san eaglais: |
There are three things, about which there should be no grumbling in the Church; |
|
.i. nua-thorud ocus nua cormma ocus cuit aidche Domnaig; |
nuathoradh na bliana, nuachoirm agus cuid na hoíche Domhnaigh. |
viz. new fruit, and new ale, and Sunday night’s portion. |
|
ar cid bec isna h-aidchib Domnaig, |
Óir, cuma cé beag *a bhfaightear* oíche Dhomhnaigh, |
For however little is obtained on Sunday night, |
|
iss ed is nessam ar a bárach, sailm do ghabáil, |
is é is túisce is cóir a dhéanamh arna mhárach sailm a ghabháil, |
what is nearest on the morrow is psalm-singing, |
|
cloc iar sin, |
clog a bhaint |
then bell-ringing, |
|
celebrad la precept ocus oiffrend, |
agus ansin aifreann a cheiliúradh, seanmóin a dhéanamh, |
Mass, with preaching and the Sacrament, |
|
sásad bocht. |
*agus* sásamh bia *a thabhairt do na* boicht. |
and feeding the poor. |
|
Esbuid na h-aidche Domnaig, |
An bia nach bhfaightear oíche Dhomhnaigh |
Whatever food is lacking on the Sunday night |
|
is dia Domnaig nó aidche Luain fo-gabar; |
gheofar ar an Domhnach é nó san oíche Luain. |
will be got on Sunday or on Monday night. |
|
ocus moch do-rindis oirbire.” |
Agus *nach* moch duit ag déanamh asacháin.” |
You began grumbling early.” |
Section 22
|
“Fuísidim-si trá,” ar Mac Con Glinne, |
“Dearbhaím-se,” arsa Mac Conglinne, |
“And I profess” said Mac Conglinne, |
|
“co ndernsamm i n-umalóit |
“gur trí umhlóid a rinne mé é; |
“that we acted in humility, |
|
ocus fuilled ro-imarcraid ind aithi.” |
agus, *go deimhin*, is ró-iomarcach a bhfuair mé mar dhíol air.” |
and there was more than enough in requital.” |
|
“Acht gillim fiad nDúilemain ocus Barri,” ol Manchín, |
“Geallaim-se, i bhfianaise an Dúilimh agus os comhair Bharra,” arsa Mainchín, |
“But I vow before the Creator and St. Barra,” said Mainchín, |
|
“níba h’ aír bess duit. |
“nach ndéanfaidh tú aor arís. |
“you shall not revile again. |
|
Tucc[th]ar lib siút |
Beirtear libh é siúd |
Take him away with you, |
|
co croch[th]ar |
go gcrochtar é |
that he may be crucified |
|
i n-enech Barri ocus na h-eclaisi |
in oineach Bharra agus na heaglaise |
for the honour of St. Barra and of the Church, |
|
ocus i m’ enech-sa |
agus i mo oineach-sa *féin* |
and for my own honour, |
|
forsin fhaithche.” |
ar an bhfaiche.” |
on the green.” |
|
“A c[h]lérig,” ar Mac Con Glinne, “ní-dam c[h]rocht[h]ar, |
“A chléirigh,” arsa Mac Conglinne, “ná crochtar mé, |
“O cleric,” said Mac Conglinne, “let me not be crucified, |
|
acht berar breth f[h]írián indraicc form |
ach tugtar breithiúnas fíréanta ionraic orm. |
but let a righteous, just judgment be given on me, |
|
is f[h]err oltá mo chrochad.” |
B’fhearr sin ná mé a chrochadh.” |
which is better than to crucify me.” |
|
Atn-agar ann sin hi cend brethi do breith for Mac Con Glinne. |
Chuireadar ansin chun breithiúnas a dhéanamh ar Mhac Conglinne. |
Then they proceeded to give judgment on Mac Conglinne. |
|
Atn-aig Manchín oc taccra fris. |
Bhí Mainchín á chúiseamh. |
Mainchín began to plead against him, |
|
Atn-agar cach fer iar n-urd do muintir Chorcc[aig]e co Mac Con Glinne. |
Rinne gach duine de mhuintir Chorcaí, de réir ord tosaíochta, *pléideáil in aghaidh* Mhic Conglinne. |
and every man of the monks of Cork proceeded, according to rank, against Mac Conglinne. |
|
Cia boí d’ immbud ecnai ocus eólais ocus aircetail leó, |
Ach in ainneoin iomad a n-eagna agus a n-eolais agus a n-aircheadail, |
But, though a deal of wisdom and knowledge and learning had they, |
|
ní [fh]ríth loc laburtha i ndligud dó triasa crochthá. |
ní bhfuarthas pointe ar bith i bhfoclaíocht an dlí trína gcrochfaí é. |
lawfully he was not convicted on a point of speech for which he could be crucified. |
Section 23
|
Berair iar sin cen dliged co Ráthín Mac nAeda |
Tugadh ansin é, *ar neamhchead don* dlí, go Ráithín Mhac nAodha, |
Then was he taken without law to Ráithín Mac nAodha, |
|
i ndescert-leth Cho[r]ccaige, .i. fai[th]chi. |
i ndeisceartleath Chorcaí, chuig an fhaiche. |
a green in the southern quarter of Cork. |
|
Co n-epert budessin, “Asccaid dam, a Manchín ocus a muinter Chorccaige!” |
Labhair Mac Conglinne ansin: “Aisce dom, a Mhainchín agus a mhuintir Chorcaí!” |
He said then: “A boon for me, O Mainchín, and ye monks of Cork!” |
|
“Ó t’ anocul sin?” ol Manchín. |
“An é d’anacal é?” arsa Mainchín. |
“Is it to spare you?’ asked Mainchín. |
|
“Ní h-ead chondaigimm,” ar Mac Con Glinne; |
“Ní hea sin a iarraim,” arsa Mac Conglinne; |
“That is not what I ask,” said Mac Conglinne, |
|
“fó liumm cé no t[h]ísad de.” |
“cuma liom cé sin a thiochfaidh de *nó nach ea*.” |
“though I should be glad if that would come of it.” |
|
“Apair,” ol Manchín. |
“Abair, *mar sin*,” arsa Mainchín. |
“Speak,” said Mainchín. |
|
“Ní epér,” ar Mac Con Glinne, |
“Ní déarfaidh mé,” arsa Mac Conglinne, |
“I will not speak,” said Mac Conglinne, |
|
“co mbet cuir dam fria.” |
“nó go mbeidh baránta agam leis.” |
“until I have pledges for it.” |
|
Atn-agar rátha ocus nadmand tenna ocus trebaire for muintir Chorccaige fri a comall, |
Chuir sé ansin muintir Chorcaí faoi urraí agus faoi snaidhmeanna teanna daingne um chomhlíonadh *na haisce* |
Pledges and bonds stout and strong were imposed on the monks of Cork for its fulfilment, |
|
ocus naidmis for a churu. |
agus nasc sé na bannaí sin orthu. |
and he bound them upon his pledges. |
|
“Apair,” ol Manchín, “cid chondige.” |
“Abair *anois* é,” arsa Maincín; “cad é atá uait?” |
“Say what it is you want,” said Mainchín. |
|
“At-bér,” ar Aniér, |
“Déarfaidh mé,” arsa Mac Conglinne. |
“I will,” said Ainéara: |
|
“.i. pars fil a m’ théig libair do chaithem ré ndul for cel, |
“Lón bóthair atá i mo thiachóg leabhar a chaitheamh sula dtéim ar ceal, |
“to eat the viaticum that is in my book-satchel before going to death, |
|
ar ní dlegar escomlád cen dol do láim. |
óir ní dhlitear éag gan dul chun faoistine. |
for it is not right to depart this life without going to confession. |
|
Tucthar mo thiag libair dam.” |
Tugtar mo thiachóg leabhar chugam.” |
Let my satchel be given to me.” |
|
Do-berar a théig dó, |
Tugadh a thiachóg dó. |
His satchel was brought to him, |
|
ocus oslaicis hí, |
D’oscail sé í |
and he opened it, |
|
co mben dí bairgin, .i. cruithnechta, essi |
agus bhain aisti an dá bhairín cruithneachta |
and took out of it the two wheaten cakes |
|
la tócht sen-shaille; |
agus an spóla bagúin shaillte. |
and the slice of old bacon. |
|
ocus gabaid dechmaid cechtar n-aí, |
Bhain sé deachú den dhá bhairín |
And he took the tenth part of each of the cakes, |
|
ocus benais dechmaid in tóchta co h-imargide ocus co h-indraicc. |
agus deachú den spóla go cóir agus go hionraic. |
and cut off the tenth of the bacon, decently and justly. |
|
“Fil dechmaid sund, a muinter Chorccaige,” ar Mac Con Glinne; |
“Sin deachú ansin daoibh, a mhuintir Chorcaí,” arsa Mac Conglinne. |
“Here are tithes, ye monks of Cork,” said Mac Conglinne. |
|
“dia fhesmais int-í bud chóru |
“Dá mbeadh eolas agam cén duine ar chóra *dó é*, |
“If we knew the man who has better right, |
|
nó is bochta a c[h]éli, |
nó is boichte ná a chéile, |
or who is poorer than another, |
|
dó do-bérmais ar ndechmaid.” |
bhéarfainn mo dheachú dó.” |
to him would we give our tithes.” |
Section 24
|
An ro boí ann do bochtaib at-rachtatar suas ic décsi[n] na dechmaide |
A raibh ann de bhochtáin d’éiríodar suas ar fheiceáil na ndeachúna |
All the paupers that were there rose up on seeing the tithes, |
|
ocus sínid a lámu uadib; |
agus shíneadar a lámha uathu. |
and reached out their hands. |
|
ocus gabaid silled forru iarum, ocus at-bert: |
Thug sé silleadh súl orthu agus dúirt: |
And he began looking at them, and said: |
|
“Fia Dia ám,” ol sé, |
“I bhfianaise Dhé, ámh,” ar sé, |
“Verily before God,” said he, |
|
“ní festa |
“ní fios dom |
“it can never be known |
|
cid mó no ríssed aen uaib a less in dechmad-si oldú-sa fessin. |
cé acu is mó riachtanas duine ar bith oraibh don deachú seo ná mo riachtanas féin. |
if any one of you stands in greater need of these tithes than I myself. |
|
Níba mó uide neich uaib indé oldá m’ uidi-sea, |
Ní faide aistear duine ar bith agaibh inné ná m’aistear-sa féin, |
The journey of none of you was greater yesterday than mine |
|
.i. ó Rus Chommán co Corccaig. |
ó Ros Comáin go Corcaigh. |
— from Roscommon to Cork. |
|
Nír thoimless mír nó banna iar tidecht, |
Níor ith mé greim ná níor ól mé braon iar dteacht *anseo*, |
Not a morsel or drop tasted I after coming. |
|
ní ro chaithes for sét, |
ná níor chaith mé *bia* ar an mbóthar. |
I had eaten nothing on the road, |
|
ní f[h]uarus fiad fhír-oíged iar tidecht, |
Agus ar mo* theacht *dom anseo*, ní bhfuair mé *urraim* fhíor-aoi, |
I did not find a guest’s welcome on my arrival, |
|
acht fuarus […], |
ach fuaras masla, |
but I received [insult], |
|
a matadu ocus a latrannu ocus a c[h]onu cacca, |
a mhadraí agus a ropairí agus a chúnna caca, |
ye curs and robbers and dung-hounds, |
|
.i. a muinter C[h]orccaige! |
a mhuintir Chorcaí! |
ye monks of Cork! |
|
Ro benad uilideta[i]d in étaig dímm, |
Baineadh mo chuid éadaí uile díom, |
The whole of my clothing was stripped off me, |
|
ro gabad slipre ocus echlasca dam, |
gabhadh de shlata agus d’eachlasca díom, |
scourges and horsewhips were laid on me, |
|
do-m-ratad isin Sabraind, |
cuireadh sa Sábhrainn mé |
I was plunged into the Sábhrann, |
|
ro h-imred fír n-indligid form, |
agus imríodh fíor-aindlí orm. |
and clean injustice was practised upon me. |
|
ní ro damad fír dligid dam. |
Níor tugadh cothrom an dlí dom. |
Fair play was not given me. |
|
I fhiadnaise in Dúileman,” ar Mac Con Glinne, |
I bhfianaise an Dúilimh,” arsa Mac Conglinne, |
In the presence of the Maker,” said Mac Conglinne, |
|
“níba h-é cét-ní aicéras Demun form-sa iar ndul anund, |
“ní hé an chéad ní a agróidh an diabhal orm-sa iar mo dhul anonn, |
“it shall not be the first thing the devil shall lay to my charge after going yonder, |
|
in dechmad-sa do thabairt dúib-si, |
go dtug mé an deachú seo daoibhse, |
that I gave to you these tithes, |
|
ar ní-s dligthi.” |
mar níl sé ag dul daoibh.” |
for ye deserve them not.” |
|
Conid é cét-mír ad-uaid ind sin, a dechmad, |
Agus is é céadmhír a d’ith sé ansin an deachú. |
So the first morsel that he ate was his tithes, |
|
ocus caithis a p[h]roind iarum, |
Chaith sé a phroinn ansin, |
and after that he ate his meal |
|
.i. a dí bairgin |
a dhá bhairín |
— his two cakes, |
|
co n-a thócht sen-shaille. |
agus a spóla bagúin shaillte. |
with his slice of old bacon. |
|
Tócbaid a lámu |
Thóg sé a lámha ansin |
Then, lifting up his hands, |
|
ocus atlaigis buide dia Dúilemain. |
agus d’altaigh sé a bhuíochas don Dúileamh. |
and giving thanks to his Maker, |
Section 25
|
“Mo breth i nndochum na Sabrainne festa!” ar Mac Con Glinne. |
“Mo bhreith chun na Sábhrainne anois!” arsa Mac Conglinne. |
he said: “Now take me to the Sábhrann!” |
|
Iar sin berair hé, |
Tugadh ansin é |
On that he was taken, |
|
lín a chuimrig ocus a chométaig, |
agus líon a lucht cuibhreach agus coimeádtha ina theannta, |
bonds and guards and all, |
|
a dochum na Sabrainne. |
chun na Sábhrainne. |
towards the Sábhrann. |
|
In tan ro-siacht in tiprait dianad ainm ‘Bithlán’, |
Nuair a shroich sé an tobar dárbh ainm ‘Bithlán’, |
When he reached the well, the name of which is Bithlán (‘Ever-full’, |
|
ro mben a lumain fhind de |
bhain sé de a bhrat fionn |
he doffed his white cloak, |
|
ocus do-s-rat fo a thoeb, |
agus chuir faoina shlios é |
and laid it out to be under his side, |
|
ocus a théig libair fo leirg a droma. |
agus a thiachóg leabhar faoi leirg a dhroma. |
his book-satchel under the slope of his back. |
|
Ro-s léic faen for a lummain, |
Lig sé é féin faon ar an mbrat, |
He let himself down upon his cloak, supine, |
|
atn-aig a mér tria drol a delci, |
chuir a mhéar trí lúb a dheilge |
put his finger through the loop of his brooch, |
|
ocus tummais rind in delgai dar a ais isin tiprait. |
agus do thum rinn na deilgne thairis siar sa tobar. |
and dipped the point of the pin over his back in the well. |
|
In céin no bíd banna oc snige a cind in delca sís, |
Fad a bhíodh braon ag sní ó cheann na deilgne síos, |
And while the drop of water trickled down from the end of the brooch, |
|
no bíd in delc uas a anáil. |
bhíodh an dealg os a anáil thuas. |
the brooch was over his breath. |
|
Ro-s torsig in lucht coiméta ocus cuimrig. |
D’éirigh an lucht cuibhreach agus coimeádtha tuirseach. |
The men that guarded him and held him in bonds grew tired. |
Section 26
|
“Tánic in bréc for timchell, |
“D’fhill an feall sa timpeall *oraibh*, |
“Your own treachery has come about you, |
|
a matuda ocus a latranda, a muinter Chorccaige! |
a mhadraí agus a ropairí, a mhuintir Chorcaí!” arsa Mac Conglinne. |
ye curs and robbers, ye monks of Cork! |
|
Inbuid ro bá-sa ’com’ boith, |
“Nuair a bhínn-se i mo bhoth *file* |
When I was in my cell, |
|
iss ed do-gnínd, ina-m t[h]oirched co cend cóic tráth nó sé do blogaib, a taiscid |
is é a dhéanainn: gach a dtagadh i mo threo de mhíreanna bia ar feadh cúig tráth nó sé, chuirinn i dtaisce iad |
what I used to do was to hoard what bits might reach me during five or six days, |
|
co caithind i n-oen adaig; |
nó go gcaithinn in éineacht in aon oíche iad |
and then eat them in one night, |
|
mo sháith do usce i n-a ndiaid-sin. |
agus mo sháith d’uisce ina dhiaidh sin. |
drinking my fill of water afterwards. |
|
No-[m] bered co cend nómaide cen ní iar sin, |
Dhéanadh sin mé go ceann trí lá agus trí oíche gan ní eile |
This would sustain me to the end of three days and three nights without anything else, |
|
ocus ní láud form. |
agus ní chuireadh sin as dom. |
and it would not harm me. |
|
Bet nómaide for ar chaithius ó chianaib, |
Rachaidh mé anois trí lá agus trí oíche ar ar chaith mé ó chianaibh; |
I shall be three days and nights subsisting on what I ate just now, |
|
bet nómaide aile oc athrige, |
beidh mé trí lá agus trí oíche eile ag déanamh aithrí |
three days and nights more doing penance, |
|
ocus nómaide aile ic ól usce, |
agus trí lá agus trí oíche eile fós ag ól uisce |
and another three days and nights drinking water, |
|
ór atáut cuir fri m’ lámaib. |
— mar tá urra agus banna agam ar mo lámha uaibhse ann. |
for I have pledges in my hands. |
|
For-t-gellaimm Dia ocus Barre ’ca tú,” ar Mac Con Glinne, |
Geallaim do Dhia agus do Bharra ar leis mé,” ar seisean, |
I vow to God and St. Barra, whose I am here,” said Mac Conglinne, |
|
“cen co tig uasal nó ísel do muintir C[h]orccaige asin baile i tát, |
“má bhogann uasal nó íseal de mhuintir Chorcaí as an ionad a bhfuilid, |
“though neither high nor low of the monks of Cork should leave the place where they are, |
|
co ndigset écc uli i n-aen aidchi, |
go bhfaighidh siad uile bás in aon óiche |
but should all go to death in one night, |
|
ocus Manchín ria cách ocus iar cách do bás ocus dochumm n-iffirn; |
— agus Mainchín féin, roimh cách agus iar cách, rachaidh sé chun báis in ifreann. |
and Mainchín before all or after all, to death and hell, |
|
ór am derb-sa do nim, |
Maidir liomsa de, is dearbh neamh dom |
— since I am sure of heaven, |
|
ocus biat i frecnarcus |
agus beidh mé i bhfianaise *an Té* |
and shall be in the Presence, |
|
forsná fil crích nó erchra.” |
nach dual dó críoch ná crapadh.” |
to which there is neither end nor decay.” |
Section 27
|
Ro h-indissed do muintir Chorccaige in scél-sin, |
Insíodh an scéal sin *ar fad* do mhuintir Chorcaí, |
This story was told to the monks of Cork, |
|
ocus do-rigset luath-chomarc, |
agus rinne siad comhairle *le chéile* láithreach. |
who quickly held a meeting, |
|
ocus iss ed tuccad asin chomarc, |
Is é a tugadh as an gcomhairle *sin acu* |
and the upshot of the meeting |
|
bendacht do Mac Con Glinne |
*go bhfaigheadh* Mac Conglinne a mbeannacht |
was that Mac Conglinne should have a blessing |
|
for a dul fén ar umalóit dia chrochad, |
dá dtéadh sé go humhal dá chrochadh, |
on his going in humility to be crucified, |
|
nó nónbur timchillid dia chomét |
nó, *mura ndéanfadh*, naonúr á thimpeallú á choimeád, |
or else that nine persons should surround him to guard him |
|
co ndiged éc áitt a mboí, |
nó go bhfaighead sé bás áit a raibh sé |
until he died where he was, |
|
ocus co ro crochtha iar tain. |
— agus é a chrochadh ina dhiaidh sin. |
that he might be crucified afterwards. |
|
Ro ráided fri Mac Con Glinne in ní-sin. |
Dúradh sin le Mac Conglinne. |
That message was delivered to Mac Conglinne. |
|
As-bert Mac Con Glinne, “Is matroga” (.i. is roga mataid nó is matad int-í hó tuccad in roga), |
Ar seisean: “Is madra-rogha é sin, rogha nach dtabhairfí ach do mhadra. |
“It is a sentence of curs,” said he. |
|
“acht oen ní chena, cid ed bess de, |
Ar a shon sin, áfach, pé ar bith faoi, |
“Nevertheless, whatever may come of it, |
|
regmait fri h-umalóit |
rachaidh mé faoi umhlóid, |
we will go in humility, |
|
feib ro-chóid ar magister Íhsu Críst fri a c[h]ésad.” |
faoi mar a chuaigh ár máistir, Íosa Críost, chun a chéasta.” |
as our Master, Jesus Christ, went to His Passion.” |
|
At-raig co h-áit i mbátar muinter Chorccaige; |
D’éirigh sé chun na háite a raibh muintir Chorcaí. |
Thereupon he rose, and went to the place where were the monks of Cork. |
|
ocus táncatar crícha espartan ann sin. |
Agus tháinig críoch trátha easpartan san am sin díreach. |
And by this time the close of vespers had come. |
|
“Ascaid dún, a Manchín!” ol muinter C[h]orccaige fodéin. |
“Aisce dúinn, a Mhainchín!” arsa muintir Chorcaí *féin*. |
“A boon for us, O Mainchín!” said the monks of Cork themselves. |
|
“A mo Dé, cissí ascaid?” ol Manchín. |
“A mo Dhé, cén aisce í?” arsa Mainchín. |
“O my God, what boon?” cried Mainchín. |
|
“Dál co mmatain cen crochad don tróg út. |
“Anacal go maidin don truán úd gan a chrochadh. |
“Respite from crucifixion for that poor wretch until morning. |
|
Ní ro-s bensum clucu, |
Níor bhaineamar clog, |
We have not tolled bells, |
|
nó ní dernsamm celebrad nó precept nó oiffrend. |
ná ní dhearnamar ceiliúradh ná seanmóin, ná aifreann. |
neither have we celebrated Mass, nor preached, nor made the Offering. |
|
Ní ro sásta boicht lind. Ná caithium co cend in Domnach |
Níor thugamar bia do bhoicht a shásodh iad thar an Domhnach |
The poor have not been satisfied by us with food against the Sunday, |
|
cen sássad dún fessin. |
agus ní mó fuaramar bia sinn féin. |
nor have we refreshed ourselves. |
|
Cairde dún co matin dó.” |
Cairde dúinn go maidin dó.” |
Grant us a respite for him till morning.” |
|
“At-biur bréthir,” ol Manchín, |
“Beirim mo bhriathar,” arsa Mainchín, |
“I pledge my word,” said Mainchín, |
|
“ná rega in dál-sin, |
“nach bhfaighidh sé an faoiseamh sin, |
“that respite shall not be given, |
|
acht lathi a imorbois, bid hé lá a phennati.” |
ach gurb é lá a chionta lá a pheannaide.” |
but the day of his transgression shall be the day of his punishment.” |
Section 28
|
Monuar! Isin uair-sin berair Mac Con Glinne fo Chaill na Sindach |
Monuar! Is ansin a rugadh Mac Conglinne go Coill na Sionnach. |
Alas! in that hour Mac Conglinne was taken to Coill na Sionnach (‘the Foxes’ Wood’), |
|
ocus do-berair biail ’n-a láim, |
Tugadh biail ina lámh dó |
and an axe was put in his hand, |
|
ocus lucht coiméta immaille friss. |
agus lucht coimeádtha in éineacht leis. |
his guard being about him. |
|
Benais fén a chésad-c[h]rand |
Bhain sé féin a chrann céasta |
He himself cut his passion-tree, |
|
ocus no-s imarchair fri [a] ais co faithc[h]i Chorccaige. |
agus d’iompair ar a dhroim é go faiche Chorcaí. |
and bore it on his back to the green of Cork. |
|
Sáidis fén in crand; |
É féin *ansin* a sháigh an crann *sa talamh*. |
He himself fixed the tree. |
|
ocus lingis ind amser dar crích n-espartan, |
agus d’imigh an tráth *faoin am sin* thar chríoch easpartan, |
And the time had outrun the close of vespers, |
|
ocus ní boí comairle aile leó |
ach *ar a shon sin* ní raibh *fós* de chomhairle ina measc uile |
and the one resolve they had |
|
acht a chrochad in tan-sin. |
ach é a chrochadh *ar alt na huaire sin*. |
was to crucify him there and then. |
|
“Ascaid dam, a Manchín ocus a muinter Chorccaige!” ar Mac Con Glinne. |
“Aisce dom, a Mhainchín agus a mhuintir Chorcaí!” arsa Mac Conglinne. |
“A boon for me, O Mainchín, and ye monks of Cork!” said Mac Conglinne. |
|
“At-berim mo bréthir trá,” ol Manchín, |
“Bheirim mo bhriathar anois ann,” arsa Mainchín, |
“I pledge my word,” said Mainchín, |
|
“co ná taet ascaid uaind.” |
“nach bhfaighfear aisce uainn.” |
“that no boon shall come from us.” |
|
“Ní maithem n-anocuil c[h]onnaigimm foraib, |
“Ní anacal m’anama a iarraim oraibh,” *arsa Mac Conglinne,* |
“It is not to spare me I ask you, |
|
ór cia chuinger |
“mar, cé go n-iarrfainn, |
for, though it were asked, |
|
ní-s tá dam dia bar ndeóin, |
ní bhfaighinn le bhur ndeoin é, |
it would not be granted to me of your free will, |
|
a matuda ocus a latranda |
a mhadraí agus a ropairí |
ye curs and ye robbers |
|
ocus a chonu cacca ocus a brúti nem-literdhai, |
agus a chona caca agus a bhrúidí neamhliteartha, |
and dung-hounds and unlettered brutes, |
|
.i. a muinter chorrach comraircnech cend-ísel C[h]orccaige! |
a mhuintir chorrach earráideach cheann-íseal Chorcaí! |
ye shifting, blundering, hang-head monks of Cork! |
|
acht mo sháith do biúd olardai inmardai |
Ach mo sháith de bhia saibhir súmhar |
But I want my fill of generous juicy food, |
|
ocus do lind sho-óil sho-mesc s[h]o-milis, |
agus de lionn so-óla, so-mheisce, so-mhilis dom, |
and of tasty intoxicating sweet ale, |
|
ocus clith n-álaind n-étrom do étach thana t[h]irmaide torum, |
agus culaith álainn éadrom d’éadach tanaí teolaí tharm |
and a fine light suit of thin dry clothing to cover me, |
|
ná ro-m f[h]orrgi fuacht nó tess, |
le nach gcloífeadh fuacht ná teas mé |
that neither cold nor heat may strike me; |
|
corup lón-fheiss coíct[h]igisi dam |
agus go mba féasta coicís dom é |
a gorging feast of a fortnight for me |
|
ria ndul i ndáil báis.” |
sula rachainn i ndáil bháis.” |
before going to the meeting with death.” |
|
“For-t-gillim,” ol Manchín, |
“Geallaim duit,” arsa Mainchín, |
“I vow to you,” said Mainchín, |
|
“ní fhuigbe-siu in ní-sin. |
“ní bhfaighidh tú sin. |
“you shalt not get that. |
|
Acht is deriud laí, |
Tá deireadh lae ann, áfach, |
But it is now the close of the day; |
|
is Domnach and; |
agus tá an Domhnach againn |
it is Sunday. |
|
fil didiu in popul oc irguide dála duit. |
*agus tá*, chomh maith, an pobal ag lorg faoisimh duit.. |
The convent, moreover, are entreating a respite for you. |
|
Acht benfaider dít do bec n-étaig |
Ach bainfear díot do scriosán éadaigh |
But your scanty clothing shall be stripped off you, |
|
ocus no-t c[h]engéltar don chorthi út |
agus ceangailtear den choirthe úd thall thú, |
and you shalt be tied to yonder pillar-stone, |
|
corob frithpian fo-gabar résin mór-phéin i mbárach.” |
nó go mba réamhphian duit é roimh do mhórpheannaid amárach.” |
for a fore-torture before the great torture to-morrow.” |
|
Do-rónad fon samail-sin; |
Rinneadh amhlaidh sin. |
So it was done. |
|
bentair de a bec n-étaig |
Baineadh an scriosán éadaigh de |
His scanty clothing was stripped off him, |
|
ocus ro cenglad téta ocus refeda taris don chorthi. |
agus ceanglaíodh téada agus cordaí thairis um an choirthe. |
and ropes and cords were tied across him to the pillar-stone. |
Section 29
|
Tiagat uad dia tig. |
D’imíodar uaidh dá dteach *ansin*. |
They turned away home, |
|
Luid Manchín don tig abbad |
Chuaigh Mainchín go teach an aba. |
Mainchín going to the abbot’s house, |
|
co ro sásta boicht ocus oígid leó. |
Dheineadar freastal bia ar bhoicht, agus ar aíonna. |
that the poor and guests might be fed by them. |
|
Ro thomailset fén ní. |
D’itheadar rud éigin dóibh féi |
They also ate something themselves. |
|
Ro lécsit troscud in ecnadu út tánic |
*Ach* d’fhágadar ina throscadh an t-eagnaí úd a tháinig, |
But they left that sage to fast, who came, |
|
iar n-a f[h]oíded do Dia ocus don Choimdid |
arna chur ó Dhia agus ón gCoimdhe |
having been sent by God and the Lord |
|
do thesarcain C[h]athail meic Fhinguine |
do theasargan Cathail mhic Fhinguine |
for the salvation of Cathal Mac Finguine |
|
ocus fer Muman |
agus fear Mumhan |
and the men of Munster, |
|
ocus Lethi Moga Nuadat ol chena. |
agus Leath Mhogha Nuat chomh maith. |
and the whole Southern Half to boot. |
|
Nocho damad fír ndligid dó. |
Níor dámhadh cothrom an dlí dó. |
The justice of law was not granted him. |
|
Fessid co medón oidche ann. |
Chaith sé go meánoíche ansin. |
He remained there until midnight. |
|
Iar sin ticc aingel Dé chuci for in corthi |
Ansin tháinig aingeal Dé chuige ar an gcoirthe |
Then an angel of God came to him on the pillar-stone, |
|
ocus fo-rórbairt in aislingthi do f[h]oillsiugud dó. |
agus thosaigh ar an aisling a fhoilsiú dó. |
and began to manifest the vision unto him. |
|
Céin boí in t-aingel forsin c[h]loich |
Fad a bhíodh an t-aingeal ar an gcloch |
As long as the angel was on the pillar-stone |
|
ba ro-the dó; |
ba ró-the *an chloch ag Mac Conglinne*. |
it was too hot for Mac Conglinne, |
|
in tan téged for imaire uad |
Nuair a d’imíodh sé uaidh ar an iomaire *talún* |
but when he moved on a ridge away from him, |
|
ba so-f[h]ulaing dó. |
ba infhulaingthe aige í. |
it was comfortable. |
|
Conid de-sin fil ‘Imaire in Aingil’ hi fhaithchi Chorccaige; |
(Gurb de sin atá ‘Iomaire an Aingil’ i bhFaiche Chorcaí |
(Hence the ‘Angel’s Ridge’ in the green of Cork, |
|
ní boí-sium matain cen drúcht. |
agus ní bhíonn sé maidin gan drúcht *air*.) |
which was never a morning without dew.) |
|
Do-lluid uad in t-aingel deód n-aidche. |
D’imigh an t-aingeal uaidh ag deireadh na hoíche. |
At the end of the night the angel departed from him. |
|
Cumaid-sium iarum cennp[h]urt mbec uad fodén |
Chum sé féin ceapadóireacht bheag *véarsaíochta* |
Thereupon he shaped a little rhyme of his own, |
|
bid imchubaid ré aisnéis amal ro fhaillsiged dó, |
a bheadh oiriúnach lenar foilsiódh dó a insint. |
which would serve to relate what had been manifested to him, |
|
ocus at-aig ann sin co matain |
Agus d’fhan sé ansin go maidin |
and there he remained until morning |
|
co cendp[h]ort a aislingt[h]i do léri lais. |
agus duan na haislinge ullamh aige. |
with the poetical account of his vision ready. |
Section 30
|
Bentair cloc tinóil oc muintir C[h]orccaige matan moch iar n-a bárach. |
Baineadh clog tionóil le muintir Chorcaí maidin mhoch arna mhárach. |
Early at morn the chapter-bell was tolled on the morrow by the monks of Cork, |
|
Tecat uli cusin corthi. |
Thángadar uile chuig an choirthe. |
and all came to the pillar-stone. |
|
“Maith, a t[h]róig,” ol Manchín, |
“Maith, a thruáin,” arsa Mainchín, |
“Well, you miserable wretch,” said Mainchín, |
|
“cindus filter lat indiú?” |
“conas atá leat inniu?” |
“how is it with you today?” |
|
“Is maith,” or sé, |
“Go maith,” ar seisean, |
“It is well,” said he, |
|
“dia lécther dam in cumair mbriathar fil occum do rélad duit-siu |
“má ligtear dom an coimriú briathar atá agam a fhoilsiú duitse. |
“if I am allowed to make known to you a few short words that I have, |
|
.i. aislingt[h]i do-m-árfaid arér,” ar Mac Con Glinne; |
Aisling a taispeánadh aréir dom,” arsa Mac Conglinne, |
for a vision appeared to me last night,” said Mac Conglinne, |
|
“ocus dia lécther dál dam, |
“agus má thugtar faoiseamh dom, |
“and, if a respite is given me, |
|
indisfet in aislingthi.” |
inseoidh mé an aisling.” |
I will relate the vision.” |
|
“At-biur do m’ bréthir,” ol Manchín, |
“Beirim mo bhriathar,” arsa Mainchín, |
“By my word, I say,” quoth Mainchín, |
|
“dia mbetís síl nÁdaim do m’ réir, |
“Dá mba é m’intinnse intinn shíl Ádhaimh uile, |
“if the race of Adam were of my thinking |
|
co ná tibratis dál laí nó aidche duit. |
ní thabharfaidís sin *ach oiread liomsa* anacal lae ná oíche duit. |
they would not give you respite even for a day or a night. |
|
Mé fén, nícon tibér.” |
*Maidir* liomsa de, *is deimhin* nach dtabharfaidh mé.” |
As for myself, I will not give it.” |
|
“At-beram ar mbréthir,” ol in popul, |
“Beirimídne ár mbriathar,” arsa an pobal, |
“We pledge our word,” said the monks, |
|
“cid lonn lat-su, |
“cé olc leatsa é, |
“though it be disagreeable to you, |
|
lécfithir dál dó |
béarfar faoiseamh dó |
he shall have a respite, |
|
co ro indise a aislinge. |
nó go n-inseoidh sé an aisling. |
that he may relate his vision. |
|
An us tol lat-su iarum, tabair fair.” |
Pé ní is toil leatsa ina dhiaidh sin, agair air é.” |
Inflict on him afterwards whatever you wish.” |
Section 31
|
Conid ind sin ruc-som Manchín iar ngen[e]lach bíd co hÁdam: |
Is ansin a rug sé Mainchín, de réir geinealaigh bhia, siar go hÁdhamh: |
Then it was that he traced Mainchín up to Adam, according to the pedigree of food, saying: |
|
|
|
|
|
“Bennach dún, a c[h]lérig, |
“Beannaigh sinn, a chléirigh, |
“Bless us, O cleric, |
|
a c[h]lí c[h]loth co comgne; |
a bhuantaca éigse |
famous pillar of learning, |
|
mac Midbuilce mela, |
Mac Mheábhoilg mheala, |
Son of honey-bag, |
|
meic Bela, meic Bloince, |
Mhic Bhealaidh, mhic Bhlonaige, |
son of juice, son of lard, |
|
|
|
|
|
meic Buaidrén, meic Brothcháin, |
Mhic Bhuaidhréin (“Phraisí”), mhic Bhracháin, |
Son of stirabout, son of pottage, |
|
meic Borr-Thoraid brec-báin, |
Mhic Bhorr-Thoraidh bhreac-bháin |
son of fair speckled fruit-clusters, |
|
meic Borr-Chrothi bláthi, |
Mhic Bhorr-Chroithe (“Bhláthuachtair”) bhorrtha, |
Son of smooth clustering cream, |
|
m[ei]c Bláithche, meic Brechtáin, |
Mhic Bhláthaí, mhic Bhreachtáin (“Grutha”), |
son of buttermilk, son of curds, |
|
|
|
|
|
meic Beóiri, buaid mbainde, |
Mhic Bheorach — braon álainn — |
Son of beer (glory of liquors), |
|
meic Brocóti binde, |
Mhic Bhragóide slime, |
son of pleasant bragget, |
|
meic Cainninde caimme, |
Mhic Chainninne caime, |
Son of twisted leek, |
|
meic Shaille, meic Imme, |
Mhic Shaille, mhic Ime, |
son of bacon, son of butter, |
|
|
|
|
|
meic Indrechtáin lán-méith, |
Mhic Indreachtáin lánmhéith, |
Son of full-fat sausage, |
|
meic Lemnachtai immglain, |
Mhic Leamhnachta íonghlan, |
son of pure new milk, |
|
meic Messai, meic Thoraid, |
Mhic Mheasa, mhic Thoraidh, |
Son of nut-fruit, son of tree-fruit, |
|
meic Holair, meic Inmair, |
Mhic Olair, mhic Anlainn, |
son of gravy, son of dripping, |
|
|
|
|
|
meic Hítha, meic Árand, |
Mhic Íthe, mhic Árann, |
Son of fat, son of kidney, |
|
meic Cléthi, meic Gualand, |
Mhic Chléithe (“Easna”), mhic Ghualainne, |
son of rib, son of shoulder, |
|
meic Lón-Loingén láin-te, |
Mhic Lón-Loingéin (“Stéige Bhráid”) lánaithe, |
Son of well-filled gullet, |
|
meic Láirce, meic Luabann, |
Mhic Láirge (“Choise”), mhic Luain, |
son of leg, son of loin, |
|
|
|
|
|
meic Lessi, meic Leth[ch]ind, |
Mhic Leise, Mhic Leathchinn, |
Son of hip, son of flitch, |
|
meic Loinge Brond ballai, |
Mhic Loinge Bronn Balla, Stiall Uchta Sármhaith, |
son of striped breastbone, |
|
meic Míre, me[i]c Lommai, |
mhic Míre (Ghreimín), mhic Lomma (Bhraoinín), |
Son of bit, son of sup, |
|
meic Drommai, meic Tharrai, |
mhic Dhroma, mhic Tháirrín, |
son of back, son of paunch, |
|
|
|
|
|
meic Thremantai thanai, |
mhic Threamanta Thanaí, (Ghrutha Chaoin Tanaí), |
Son of slender tripe, |
|
meic Thainghe cen traethad, |
mhic Thainge (Cháise) gan Traochadh, |
son of cheese without decrease, |
|
meic Éisc Inbeir Indsén, |
mhic Éisc Inbhir Inseáin, |
Son of fish of Inbhear Inseán, |
|
meic Millsén, meic Moethal, |
mhic Mhilseáin, mhic Mhaothail, |
son of sweet whey, son of beestings, |
|
|
|
|
|
meic Meda, meic Fhína, |
mhic Mheá, mhic Fhíona, |
Son of mead, son of wine, |
|
meic Carna, meic Corma, |
mhic Chárna, mhic Chorma, |
son of flesh, son of ale, |
|
meic Cruithnechta rigne, |
mhic Chruithneachta Righne, |
Son of hard wheat, |
|
meic Inbe, meic Onba, |
mhic Inbhe, mhic Onbha (Choda), |
son of tripe, son of (?), |
|
|
|
|
|
meic Fhind-Litten gile |
mhic Fhinnleitean Gile |
Son of fair white porridge, |
|
d’ ass choerach co nglaine, |
de bhainne caorach is glaine, |
made of pure sheep’s milk, |
|
meic Scaiblín buic bladmair |
mhic Scaiblín (Anraith) Bhoig Bhláfair |
Son of soft rich pottage, |
|
co n-a gablaib gaile, |
faoina ghailíní gaile, |
with its curls of steam, |
|
|
|
|
|
meic Gruthraige gairge, |
mhic Ghruthraí Gairge (ró-bhuacaí), |
Son of rough curds, |
|
meic Garbáin chaín chorcca, |
mhic Gharbh-Aráin Choirce, |
son of fair oatmeal gruel, |
|
meic Craíbechán c[h]raebaig |
mhic Chraoibheacháin (Potáiste) Chaor Chraobhaigh |
Son of sprouty meat-soup, |
|
co n-a choeraib corccra, |
faoina chaoiríní corcra, |
with its purple berries, |
|
|
|
|
|
meic bairr Braisce bíthe, |
mhic bairr Braisce Bíthe (Chabáiste Chálmhín), |
Son of the top of effeminate kale, |
|
meic Bolgáin buic bán-ghlain, |
mhic Bolgáin (Mhéadail) Bhoig Bhánghlain, |
son of soft white midriff, |
|
meic Cnó-Messa cnáim-fhéil, |
mhic Chnóite Cnámhdhéanmais, |
Son of bone-nourishing nut-fruit, |
|
meic Ábéil, meic Ádaim. |
mhic Ábeil, mhic Ádhaimh. |
son of Abel, son of Adam. |
|
|
|
|
|
Maith do dú[th]chus deg-bíd |
Is maith do shinsir dhea-bhia |
Fine is your kindred of choice food, |
|
is milis re tengaid; |
is is milis don teanga |
to the tongue it is sweet, |
|
a chéim f[h]osad f[h]ostán |
A chéim shocair shuaimhneach |
O you of staid and steady step, |
|
a llos trostán bennaig.” |
le cabhair throstáin bheannaigh.” |
— with the help of pointed staff.” |
|
b. b. d. |
|
|
Section 32
|
“Nocon olc dam-sa ón, a Meic Con Glinne,” ol Manchín; |
“Ní dochar ar bith domsa sin, a Mhic Conglinne,” arsa Mainchín. |
“That hurts me not, Mac Conglinne,” said Mainchín. |
|
“bec lat-su ail form-sa ocus forsi[n]d eclais, |
“*Is cosúil gur* beag leatsa sciolladh a dhéanamh ormsa agus ar an Eaglais, |
“Little did you care about slandering me and the Church |
|
co ndernais gen[e]lach bíd i cumni dam |
nuair a rinne tú geinealach bia i gcuimhne ormsa |
when you composed a food-pedigree to commemorate me, |
|
ná dernad do duine romum |
nach ndearnadh do dhuine ar bith romham |
such as has not been invented for any man before me, |
|
is ná dignestar co brunni brátha.” |
agus nach ndéanfar *arís* go bruinne brátha.” |
and will not be invented till Doom.” |
|
“Ní h-ail etir sin, a c[h]lérig,” ar Mac Con Glinne, |
“Ní sciolladh *atá fúm a dhéanamh ar chor ar bith*, a chléirigh,” arsa Mac Conglinne, |
“It is no slander at all, O cleric,” said Mac Conglinne, |
|
“acht aislingt[h]i do-m-árfas aréir. |
“ach aisling a taispeánadh aréir dom. |
“but a vision that was manifested to me last night. |
|
Is ed siút a cennp[h]ort. |
*Níl sa mhéid sin ach* a réamhphort. |
That is its prelude. |
|
Ní [h-i]nc[h]ubaid in aisslinge, |
Ní hantráthach don aisling |
The vision is not out of place, |
|
ocus dia tucthar dál nó cairde dam |
agus, má thugtar faoiseamh nó cairde dom, |
and, if respite or leave be granted me, |
|
innisfet in aislingt[h]i iar sin.” |
inneosfad an aisling.” |
I will relate it.” |
|
Ocus at-bert Manchín in cétnai, |
Agus dúirt Mainchín arís mar a dúirt roimhe |
And Mainchín said, as before, |
|
ná tibred dál. |
— nach dtabharfadh sé cairde dó. |
that he would give no respite. |
|
Téit-sium iar sin hi cend a aislingt[h]i; |
Chuaigh Mac Conglinne, áfach, i gceann a aisling *a insint*, |
But Mac Conglinne began to recount his vision, |
|
ocus at-berut is óthá sin sís ro f[h]aillsig in t-aingel dó, |
agus deirtear gur as sin síos ar fhoilsigh an t-aingeal dó. |
and it is said that from here onward is what the angel revealed to him, |
|
ut dixit: |
Ar seisean: |
as he said: |
Section 33
|
“Aislingi do-m-árfas-[s]a, |
“Aisling a taibhsíodh dom |
“A vision that appeared to me, |
|
taidbsi ingnad indisimm |
taibhse iontach innseoidh mé |
A wonderful apparition, I shall tell it |
|
i fhiadnaise cháich; |
i bhfianaise cháich: |
In everyone’s presence: |
|
curchán gered gerthide |
curachán geire bealaithe |
A lardy coracle all of lard |
|
i purt Locha Lemnachta |
i bport Locha Leamhnachta |
Within a port of New-milk Loch, |
|
ós lind betha bláith. |
os linn de bheatha bhreá. |
Up on the World’s smooth sea. |
|
|
|
|
|
Lodmar isin loech-lestar, |
Chuamar sa laochleastar |
We went into the man-of-war, |
|
laechda in chongaib chonaire |
laochta buíon chun bóthair sinn |
’Twas warrior-like to take the road |
|
dar bolc-lenna lir, |
thar thuile leanna an lir; |
Over ocean’s tide of drink. |
|
cor bensumm na sesbémend |
le buillí rámha neartmhara |
Across the level sea we went |
|
dar muncind in mur-t[h]ráchta |
thar mhuincheann na mara *linn* |
Our oar-strokes then we pulled, |
|
co tochrad a mur-thorud, |
a chuir aníos an muirthoradh — |
Throwing the sea’s harvest up, |
|
mur-grian amal mil. |
muirghrean amail mil. |
Like honey, the sea-soil. |
|
|
|
|
|
Coem in dúnad ráncumar |
Caomh an dún i dtángamar |
The fort we reached was beautiful, |
|
co n-a ráthaib ro-brechtán |
faoina rátha ró-bhreachtáin |
With works of custards thick, |
|
resin loch anall; |
ar bhruach an locha thall; |
Beyond the loch. |
|
ba h-imm úr a erdrochat, |
ba him úr a urdhroichead |
New butter was the bridge in front, |
|
a chaisel ba gel-chruithnecht, |
a chaiseal ba ghealchruithneacht |
The rubble dyke was wheaten white, |
|
a shondach ba sall. |
a shonnach ba shaill. |
Bacon the palisade. |
|
|
|
|
|
Ba suairc ségdae a shuidiugud |
Ba shuairc séimh a shuí ansin |
Stately, pleasantly it sat, |
|
in tige treóin trebarda |
an teach tréan treabhar |
A compact house and strong, |
|
i ndechad iar tain; |
i ndeachaigh mé isteach; |
Then I went in: |
|
a chomla do thirm-charnu, |
a chomhla de thirimcharna |
The door of it was dry meat, |
|
a thairsech do thur-arán, |
a thairseach de thur-arán |
The threshold was bare bread, |
|
do maethluib a f[h]raig. |
de mhaothal a fhraigh. |
Cheese-curds the sides. |
|
|
|
|
|
Uaitne slemnai sen-cháise, |
Uaithní sleamhaine seancháise |
Smooth pillars of old cheese, |
|
sailghe saille súgmaire |
teanntáin saille súmhaire |
And sappy bacon props |
|
serndais ima-sech; |
timpeall ina sraith; |
Were ranged around; |
|
sessa sena sen-chrothi, |
bíomaí seana d’uachtar *ann* |
Fine beams of mellow cream, |
|
fairre finda fír-grotha, |
cuaillí fionna fíorgrutha |
White rafters — real curds, |
|
fo-loingtis in tech. |
mar thaca don teach. |
Supported the house. |
|
|
|
|
|
Tipra d’ fhín ’n-a fhír-iarthar, |
Tobar fíona thiar ar gcúl |
Behind was a wine well, |
|
aibne beóri is brocóti, |
aibhneacha beorach is bragóide |
Beer and bragget in streams, |
|
blasta cech lind lán; |
blas ar gach linn lán; |
Each full pool to the taste. |
|
lear do braichlis bláith-lendai |
lear de bhraich chun dea-leanna |
Malt in smooth wavy sea, |
|
ós brú thopair thremantai |
os bruach tobair mheadhgmhilis |
Over a lard-spring’s brink |
|
do-roi[ch] dar a lár. |
ag sní trína lár. |
Flowed through the floor. |
|
|
|
|
|
Loch do braisig bélaithe |
Loch de phraiseach bealaithe |
A loch of pottage fat |
|
fo barr úscai olordai |
faoi bharr gréisce smearaithe |
Under a cream of oozy lard |
|
etarru ocus muir; |
eatarthu agus muir; |
Between it and the sea. |
|
erbi imme oc imaire |
fáil ime thart mar gharda air |
Hedges of butter fenced it round, |
|
fo chír blonci brat-gile |
faoi bhláth blonaige bratghile |
Under a blossom of white-mantling lard, |
|
imon múr amuig. |
um an mhúr amuigh. |
Around the wall outside. |
|
|
|
|
|
Ecor d’ ablaib fír-chumra, |
Sraith de chrainn úll fíorchumhra |
A row of fragrant apple-trees, |
|
fid co n-a bláth barr-chorccra |
úllord faoi bhláth barrchorcra |
An orchard in its pink-tipped bloom, |
|
etarra ocus sliab; |
eatarthu is an sliabh; |
Between it and the hill. |
|
daire forard fírlossa |
doire ró-ard fíorlusa |
A forest tall of real leeks, |
|
do chainnind, do cherrbaccán, |
de chainneann, de chairéidí, |
Of leeks and of carrots, stood |
|
for cúl tige t[h]iar. |
ar chúl an tí thiar. |
Behind the house. |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Muinnter enig inchinni |
Muintir fháilteach fhlathúil |
Within, a household generous, |
|
d’ ócaib dercaib tenn-s[h]ádchib |
ógáin ruafhoilt bheathaithe |
*A welcome of* red-haired, firm-fed lads, |
|
im thenid astig; |
um an tine istigh; |
Around the fire. |
|
secht n-allsmaind, secht n-episle |
seacht bpaidríní, seacht n-eipistil, |
Seven bead-strings, and necklets seven, |
|
do cháisib, do choelánaib, |
de cháiseanna, de chaoláin, |
Of cheeses and of bits of tripe, |
|
fo brágait cech fhir. |
faoi bhráid gach fir. |
Hung from each neck. |
|
|
|
|
|
At-c[h]onnarc ní, ind airchindech |
Chonaic mé uaim an t-airchinneach |
I saw one — the Chief — |
|
co n-a brot[h]raig bóshaille |
faoina fhallaing bhó-shaille |
in mantle of beefy fat |
|
má mnaí miadaig maiss; |
lena bhean mhaiseach dheas; |
Beside his noble wife and fair. |
|
at-c[h]onnarc in luchtaire |
chonaic mé uaim an luchtaire |
Then the Dispenser I beheld |
|
fo inbiur in ard-chori |
os imeall an ardchoire |
Below the lofty cauldron’s spit, |
|
’s a ahél ri a ais. |
is a adhal lena ais. |
His fleshfork on his back. |
|
.A. |
|
|
|
Cathal maith mac Finguine, |
Cathal maith mac Finguine |
The good Cathal Mac Finguine, |
|
fó fer dianad oirfited |
rathúil an té cheolann dó |
Excellent is the man who performs |
|
airscéla bíd braiss, |
uirscéalta aoibhne aite; |
Tales tall and fine. |
|
maith in monar oen-uaire |
breá an caitheamh aimsire |
That is a good undertaking for an hour |
|
is aíbind ri a indisi |
agus is aoibhinn le hinsint |
And it is delightful to tell |
|
immram lúipe laech-lestair |
iomramh fáin an laochleastair |
The rowing of the man-of-war |
|
dar ler Locha Ais.” |
thar lear leamhnachta.” |
Over Loch Milk’s sea.” |
|
A. d. a. |
|
|
Section 34
|
Ro indis-[s]ium a aislingi uli ann sin |
D’inis sé an aisling uile ansin |
He then narrated his entire vision |
|
i fiadnaise muintire Corccaige |
i bhfianaise mhuintir Chorcaí |
in the presence of the monks of Cork |
|
co roacht a deriud, |
go deireadh thiar |
until he reached its close |
|
cen cop é so a deriud, |
(cé nach é seo a dheireadh) |
(but this is not its close), |
|
ocus ro fallsiged do Manchín rath in aislingi. |
agus foilsíodh do Mhainchín brí na haislinge. |
and the virtues of the vision were revealed to Mainchín. |
|
“Maith, a t[h]róig,” ol Manchín, |
“Maith, a thruáin” arsa Mainchín, |
“Excellent, you wretch,” said Mainchín, |
|
“eirg do s[h]aigid C[h]athail meic F[h]inguine |
“éirigh do iarraidh Chathail mhic Fhinguine |
“go straight to Cathal Mac Finguine, |
|
uair ro fallsiged dam-sa aréir |
óir foilsíodh domsa aréir |
for it was revealed to me last night |
|
in t-olc-sa fil i Cathal do híc triasin aislingi-sin.” |
an t-olc seo atá ar Chathal a leigheas tríd an aisling sin.” |
that this evil which afflicts Cathal would be cured through that vision.” |
|
“Cia lóg do-bérad dam-sa aire?” ar Mac Con Glinne. |
“Cén luach *saothair* a bhéarfar dom air?” arsa Mac Conglinne. |
“What reward shall I have for that?” asked Mac Conglinne. |
|
“Nach mór in lóg,” ol Manchín, |
“Nach leor de luach *saothair*,” arsa Mainchín, |
“Is not the reward great,” said Mainchín, |
|
“do chorp ocus t’ anim do lécud duit?” |
“do chorp agus d’anam a ligean duit?” |
“to let you have your body and soul?” |
|
“Cumma lem in ní-sin cia do-gnether. |
“Cuma liom faoi sin, bíodh go dtarlódh amhlaidh,” *arsa Mac Conglinne*. |
“I care not for that, though it should be done. |
|
Senistre nime at urslacthi frim, |
“Tá fuinneoga neimhe ar oscailt os mo chomhair |
The windows of Heaven are open to receive me, |
|
ocus in uile f[h]íreón ató Ádam ocus Ábél a mac |
agus an uile fhíréan ó Ádhamh agus Ábéil a mhac |
and all the faithful from Adam and Abel, his son, |
|
ocus cosin fírián frecnairc |
anall go dtí an fíréan freacnairc |
even to the present faithful one |
|
do-lluid doc[h]umm ríchid isin p[h]unc amsire hi támm, |
a chuaigh ar neamh sa phonc aimsire ina bhfuilimid, |
who went to Heaven in this very moment, |
|
atát uli oc clas-c[h]étul for cind m’ anma |
tá siad uile ag claisceadal ar son mo anama |
are all chanting in expectation of my soul, |
|
co tias i nnem. |
le go dté mé ar neamh. |
that I may enter Heaven. |
|
Atát noí ngráid nime, |
Tá naoi ngrád neimhe |
The nine orders of Heaven, |
|
im hirophin ocus sarophin, |
*in éineacht leis na* Ceiribímí agus na Saraifíní |
with Cherubim and Seraphim, |
|
i frestul m’ anma. |
ag fanacht le m’anam. |
are awaiting my soul. |
|
Is cumma leam |
Is cuma liom |
I care not, |
|
cia dig |
dá n-imíodh |
though |
|
Cathal mac Finguine ocus fir Muman |
Cathal Mac Finguine agus fir Mumhan |
Cathal Mac Finguine and the men of Munster, |
|
co Leth Mog[a] Nuadat |
agus Leath Mhogha Nuat |
along with all the southern Half *of Ireland* (Leath Mhogha Nuat), |
|
ocus muintir C[h]orccaige, |
agus muintir Chorcaí |
and the people of Cork, |
|
ocus Manchín ria cách ocus iar cách, |
— agus Mainchín féin rompu nó ina ndiaidh — |
— and Mainchín, first or last, should go — |
|
i nd-éc ocus i nd-iffern a n-aen oidche, |
in éag agus in ifreann in aon oíche; |
to death and hell in one night; |
|
uair bet fessin i n-aentaid in Athar ocus in Meic ocus in Spiruta Naíb.” |
óir beidh mé féin in aontacht an Athar agus an Mhic agus an Spioraid Naomh.” |
while I myself shall be in the unity of the Father, and the Son, and the Holy Ghost.” |
Section 35
|
“Cia lóg chondigi?” ar muinter C[h]orccaige. |
“Cén luach *saothair* atá uait?” arsa muintir Chorcaí. |
“What reward do you require?” asked the community of Cork. |
|
“Ní mór ém an condigim,” ol Mac Con Glinne, |
“Ní mór a n-iarraim, go deimhin,” arsa Mac Conglinne |
“Not great indeed is what I ask,” said Mac Conglinne, |
|
“.i. in cochall bec ima ro éraid clérig Lethi Moga |
“— an cochall beag a dhiúltaigh sé do chléirigh Leath Mhogha |
“merely the little cloak, which he refused to the clergy of the Southern Half, |
|
ocus bár t[h]roiscset in aen aidchi, |
agus a ndearnadar troscadh *air ina thaobh* san oíche chéanna |
and for which they fasted on the same night, |
|
.i. cochall Manchín.” |
— cochall Mhainchín.” |
— Mainchín’s cloak. |
|
“Bec fiad[ut]-su in ní-sin ocus mór fiadum-sa,” ol Manchín; |
“Beag leatsa mar ní é sin, ach is mór liomsa é,” arsa Mainchín. |
“Little is that thing in your sight, but great in mine,” said Mainchín. |
|
“acht aen ní,” ol Manchín, “dobiur-sa bréthir i fiadnaise Dé ocus Barri, |
“Go deimhin,” ar sé, “beirim mo bhriathar i bhfianaise Dé agus Bharra, |
“Verily,” he added, “I declare, in the presence of God and of St. Barra, |
|
dámad lemm-sa a fil eter Corccaig ocus a termund, |
“dá mba liomsa a bhfuil idir *mhainistir* Chorcaí agus críoch a tearmainn, |
that if the whole country between Cork and its boundary were mine, |
|
robad usa a sechna uli oltás in cochall a aenar.” |
b’fhusa liom sin uile a sheachaint ná an cochall sin amháin.” |
I would sooner resign it all than the cloak alone.” |
|
“Mairg nach tibre,” ol cách, “in cochall, |
“Mairg nach dtabharfaidh an cochall,” arsa cách |
“Woe to him who won’t give the cloak,” cried all present, |
|
ol is ferr in Cathal ocus Leth Moga do t[h]esarcain oldás in cochall.” |
“óir is fearr Cathal agus Leath Mhogha a theasargan ná an cochall.” |
“for the salvation of Cathal and Mogh’s Half (Leath Mhogha) is better than the cloak.” |
|
“Do-bér-sa amal seo,” ol Manchín, |
“Tabharfaidh mé é mar sin,” arsa Mainchín, |
“I will give it then,” said Mainchín, |
| “ocus ní t[h]ardus ocus ní thibar ascaid is andsa lemm; |
“agus níor thug mé *riamh* ná ní thabharfaidh mé *choíche arís* aisce *eile* is deacra liom. |
“but I never gave, nor shall I give, a boon more disagreeable to me; |
|
.i. do-bér hé i n-erláim espuic Corccaige |
Tabharfaidh mé é ar láimh d’easpag Corcaí |
that is to say, I will give it into the hands of the bishop of Cork, |
|
fri a aisec don scolaige |
chun é a aiseag don scoláire |
to be delivered to the scholar |
|
dia cobra Cathal mac Finguine.” |
má chabhraíonn sé le Cathal mac Finguine.” |
if he helps Cathal Mac Finguine.” |
|
Ro h-aithned iar sin i n-erláim espuic Corccaige, ocus muinter C[h]orccaige dia idnocul leis in c[h]ochaill, |
Tugadh an cochall ansin ar láimh d’easpag Corcaí agus muintir Chorcaí á thíolacadh, |
It was then given into the hands of the bishop of Cork, and the monks of Cork were to deliver the cloak with him; |
|
acht is a lláim in espuic ro fácbad. |
ach fágadh i lámha an easpaig é. |
but in the hands of the bishop it was left. |
Section 36
|
“Imthig fodecht-sa do s[h]aigid C[h]athail!” |
“Imighse feasta d’iarraidh Chathail!” *arsa Mainchín*. |
“Now go at once to Cathal!” |
|
“Cia h-airmm i fil Cathal?” ar Mac Con Glinne. |
“Cá háit a bhfuil Cathal?” arsa Mac Conglinne. |
“Where is Cathal?” asked Mac Conglinne. |
|
“Ní h-annsa,” ol Manchín, |
“Ní ansa,” arsa Mainchín. |
“Not hard to tell,” answered Mainchín. |
|
“i taig P[h]icháin meic Moíle Finde, |
“Tá sé i dteach Píocháin mhic Mhaoile Finne, |
“In the house of Píochán, son of Maol Finne, |
|
ríg hUa nEchach ic Dún Choba |
rí Ua nEachach, ag Dún Cobha |
King of Ua nEachach (Iveagh), at Dún Cobha, |
|
i cocrích hUa nEchach ocus Corco Laígde; |
i gcomhcríoch Ua nEachach agus Chorca Laighdhe |
on the borders of Ua nEachach and Corca Laoi, |
|
ocus so[i]ch-si innocht connice ind sin.” |
agus téighse anocht go nuige sin.” |
and you must journey there this night.” |
|
Luid Mac Con Glinne iarum |
D’imigh Mac Conglinne roimhe ansin |
Mac Conglinne thereupon went |
|
co dedbirech díscir déinmnetach, |
go deifreach, díscir, dithneasach, |
hastily, eagerly, impatiently; |
|
ocus tócbais a lummain coíc-diabulta cengalta i fán a dá gualand, |
agus thóg sé a bhrat cúigfhillte agus cheangail ar stualeirg a dhá ghualann é, |
and he lifted his five-folded well-strapped cloak on to the slope of his two shoulders, |
|
ocus cenglaid a lénid ós mellaib a lárac, |
agus cheangail sé a léine lastuas de dhá mheall a mhása |
and tied his shirt over the buttocks of his haunches, |
|
ocus cingis dar fiarlaít na faithchi fon samail-sin co tech Pichán |
agus ching sé thar fiarlaoid na faiche faoin samhail sin go teach Píocháin |
and strode thus across the green to the house of Píochán, |
|
meic Moíl[e] Finde, co Dún Coba |
mhic Mhaoile Finne, go Dún Cobha, |
son of Maol Finne, to Dún Cobha, |
|
i cocrích hUa nEchach ocus Corcu Laígde. |
i gcomhchríoch Ua nEachach agus Chorca Laighdhe. |
on the confines of Ua nEachach and Corca Laoi. |
|
Ocus cingis co dian a dochumm in dúnaid fon tochim-sin, |
Agus ching sé faoin toichim sin go dian chun an dúin, |
And at this pace he went quickly to the fort. |
|
ocus feib ro-siacht in sluag-t[h]ech saindrud |
agus nuair a shroich sé an slua-theach féin, |
And as he came to the very meeting house |
|
i mbádus oc tinól na slóg, |
áit a rabhthas ag tionól na sluaite, |
where the hosts were gathering, |
|
gabaid gerr-chochall ocus gerr-étach imme, |
ghabh sé gearrchochall agus gearréadach uime, |
he put on a short cloak and short garments: |
|
girru cach n-uachtarach lais ocus libru cach n-íchtarach. |
gach *ball éadaigh íochtarach leis* níos giorra *ná a chéile i ndiaidh a chéile* agus gach ball uachtarach leis níos faide *ná a chéile diaidh i ndiaidh*. |
each upper garment being shorter with him, and each lower one being longer. |
|
Fo-rórbairt fuirseóracht fon samail-sin don ts[h]lóg do lár in rígthige, |
Thosaigh sé faoin samhail sin ag fuirseoireacht do slua ar úrlár an rí-thí |
In this wise he began juggling for the host from the floor of the royal house, |
|
.i. ní nárba comadais dia p[h]ersaind |
(rud nár chuí dá phearsa *ina chléireach* dó), |
(a thing not fit for an ecclesiastic) |
|
— cáintecht ocus bragitóracht ocus duana la filidecht do gabáil, |
*agus ar* cháinteacht agus abhlóireacht agus duanta filíochta a ghabháil |
and practising satire and buffoonery and singing songs; |
|
co ro h-asblad hé ná tánic riam nó iarum |
*nó* go ndúradh faoi nár tháinig roimhe sin ná ó shin |
and it has been said that there came not before his time, nor since, |
|
bid errdarcu i cerdu cáintechta. |
*duine* b’oirirce ná é i gcearda cáinteachta. |
one more renowned in the arts of satire. |
Section 37
|
In tan boí for na spledaib |
Ar mbeith dó ar na bearta *sin* |
When he was engaged in his feats |
|
i tig P[h]icháin meic Moíl[e] Finde, |
i dteach Píocháin mhic Mhaoile Finne, |
in the house of Píochán, son of Maol Finne, |
|
conid ann as-bert Pichán secha, |
is ann a dúirt Píochán i leataobh *leis*: |
then it was that Píochán said aside: |
|
“Cid mór do muirn-si, a meic légind, ní-m dénann-sa subach di.” |
“Cé mór do mheidhir-se, a mhic léinn, ní subhach domsa dí.” |
“Though great your mirth, son of learning, it does not make me glad.” |
|
“Cid do-t-gní mif[r]ech?” or Mac Con Glinne. |
“Cad é a dhéanann duairc thú?” arsa Mac Conglinne. |
“What makes you sad?” asked Mac Conglinne. |
|
“Ná fetara-su, a scolaige,” ol Pichán, |
“Nach bhfuil a fhios agat, a scolóig?” arsa Píochán, |
“Do you not know, O scholar,” said Píochán, |
|
“.i. Cathal mac Finguine co maithib Muman do thidecht innocht, |
“*beidh* Cathal Mac Finguine agus maithe Mumhan ag teacht anseo anocht, |
“that Cathal Mac Finguine with the nobles of Munster is coming to-night; |
|
ocus cid doilig lemm mór-s[h]luag Muman, |
agus cé doiligh liom mórshlua Mumhan, |
and though troublesome to me is the great host of Munster, |
|
is annsa Cathal a aenur, |
is measa Cathal ina aonar; |
more troublesome is Cathal alone; |
|
ocus cid doilig e-ssium i n-a p[h]rím-chutig |
agus cé doiligh eisean faoina chéadphroinn, |
and though troublesome is he in his first meal, |
|
is doilge i n-a p[h]rím-airigid, |
is doilí fós faoina mhórphroinn é |
more troublesome is he in his prime feast; |
|
ocus is doilgide a [fh]rith-airige doridisi. |
agus is doilí fós arís é faoina idirbhéile. |
but most troublesome of all is his feast again. |
|
Fil trédi chondagur icon [fh]rith-airigid-sin, |
Tá trí nithe nach mór le haghaidh an idirbhéile sin, |
For at this feast three things are wanted, |
|
.i. miach cuachán ocus miach fiaduball ocus miach min-aráin.” |
mias choirce agus mias fhia-úll agus mias mhionaráin.” |
namely, a bushel of oats, and a bushel of wild apples, and a bushel of flour-cakes.” |
Section 38
|
“Cia lóg do-bértha dam-sa,” ar Mac Con Glinne, |
“Cén luach *saothair* a bhéarfá domsa,” arsa Mac Conglinne, |
“What reward would be given me,” said Mac Conglinne, |
|
“dia ndingbaind dítt hé ón tráth-sa cusin tráth ar a bárach, |
“dá ndiongbhaínn díot é ón tráth seo gus an tráth seo amárach |
“if I shield you against him from this hour to the same hour tomorrow, |
|
ocus ná dignesta a aithe for da thuaith ná fort fén?” |
agus nach ndéanfaí sin a agairt ar do thuath ná ort féin?” |
and that he would not avenge it on your people or on yourself?” |
|
“Do-s-béraind falaig n-óir ocus ech Bretnach duit,” ol Pichán. |
“Bhéarfainn fáinne óir agus each Breathnach duit,” arsa Píocháin. |
“I would give you a golden ring and a Welsh steed,” said Píochán. |
|
“Do m’ debroth, fullfi fris,” ar Mac Con Glinne, “in tan gébthar!” |
“Dar mo mhóid Dé, *béarfaidh tú agus tuilleadh leis má táthar lena* ghlacadh uait,” arsa Mac Conglinne. |
“By my oath, you will add to it when accepted,” said Mac Conglinne. |
|
“Do-bér-sa beós,” ol Pichán, |
“Béarfaidh mise fós,” arsa Píochán, |
“I will give you besides,” said Píochán, |
|
“caera find cacha tige ocus cacha trillsi ó Charnd co Corccaig.” |
“caora fhionn as gach teach agus gach banrach chaorach ó Charn go Corcaigh.” |
“a white sheep for every house and for every fold, from Carn to Cork.” |
|
“Gébut-sa sin,” ar Mac Con Glinne, |
“Ghlacfaidh mé leis sin,” arsa Mac Conglinne, |
“I will take that,” said Mac Conglinne, |
|
“acht co rab[at] ríg ocus brugaid, |
“ach a mbeidh ríthe agus brughaí, |
“provided that kings and lords of land, |
|
filid ocus cáinte dam |
filí agus cáinteoirí agam *mar bharánta* |
poets and satirists are pledged to me |
|
co-nom t[h]orsit immlán; |
nó go sroiche an t-iomlán mé |
so that they shall reach me in full, |
|
.i. ríg do aithne na fhiach, |
— ríthe chun na fiacha a thobhach; |
viz., kings to enforce the dues, |
|
briugaid do m’ imfhulang |
brughaí le hiad a chothú |
lords of land to support them |
|
do chaithem bíd ocus lenda ocus lessaigthi leó |
with food and drink and necessaries, |
with food and drink and necessaries, |
|
céin beó ic tobach m’ fhiach. |
fad a bheidh siad ag tobhach m’fhiach. |
while they are levying my dues; |
|
Dia fhelltar for m’ fhiachaib, |
Má fhealltar orm faoi na fiacha, |
if I am cheated of my dues, |
|
filid dia n-aír ocus [dia n] ‘gláim dícind’, |
filí dá n-aoradh le ‘glámh díchinn’, |
poets to scathe and revile, |
|
cáinte dia sílad |
cáinseoirí ag scaipeadh |
and satirists to scatter the satires, |
|
ocus dia ngabáil duit-siu |
agus ag gabháil *na n-aor sin* ort-sa |
and sing them against you |
|
ocus do t’ chloind ocus do t’ c[h]eneól, |
agus ar do chlann agus ar do chineál, |
and your children and your descendants, |
|
mina-m t[h]ísat mo fhéich.” |
mura sroiche na fiacha mé.” |
unless my dues reach me.” |
|
Ocus nadmis iarum for a chura. |
Agus shnaidhm sé *Píochán* ansin ar na coraí *sin*. |
And he bound him then on his pledges. |
Section 39
|
Tánic Cathal mac Finguine |
Tháinig Cathal mac Finguine |
Cathal Mac Finguine came |
|
co mbuidnib ocus marcshlóg f[h]er Muman, |
lena bhuíonta agus le marcshlua fear Mumhan |
with the companies and hosts of horse of the Munstermen; |
|
co ndessitar |
agus shuíodar fúthu |
and they sat themselves down |
|
for colbadu ocus imscinge ocus imdadu. |
ar na colbhaí agus na himscingí agus na hiomdhadha. |
on bed-rails and couches and beds. |
|
Gabsat ingenai míne macdachta fosaic ocus fritháilem |
Rinne iníonacha míne óigeanta osaic agus friothálamh |
Gentle maidens began to serve and attend |
|
do na slógaib ocus do na sochaidib. |
do na sluaite agus do na sochraidí. |
to the hosts and to the multitudes. |
|
Nícon dam Cathal mac Finguine |
Níor cheadaigh Cathal Mac Finguine |
But Cathal Mac Finguine did not let |
|
fria leth-éill a bróci do bein de |
*fiú* leathiall a bhróige a scaoileadh |
the thong of his shoe be half-loosed, |
|
in tan boí oc tidnocul a beóil |
nó go raibh sé ag freastal a bhéil |
before he began supplying his mouth |
|
ó chechtar a dí lám do na h-ublaib |
le ceachtar a dhá láimh de na húlla |
from both hands with the apples |
|
bátar forsna sechedaib imme sechnón. |
a bhí ar na seithí timpeall uime. |
that were on the hides round about him. |
|
Is and sin boí Mac Con Glinne. |
Bhí Mac Conglinne ansin. |
Mac Conglinne was there, |
|
Atn-aig oc blassachtaig |
Thosaigh sé ag blasachtach |
and began smacking his lips |
|
isin leth aile don tig, |
sa leath eile den teach *thall*, |
at the other side of the house, |
|
ocus nícon ráthaig Cathal sin. |
ach níor airigh Cathal é. |
but Cathal did not notice it. |
|
Érgis Mac Con Glinne |
D’éirigh Mac Conglinne *ansin* |
Mac Conglinne rose and went |
|
co díscir déinmnetach diabulda |
go díscir, dithneasach, diabhalta |
hastily, impatiently, devilishly, |
|
i n-a ruathar bodbda |
ina ruathar badhbha |
in his furious rush |
|
ocus i n-a chéim c[h]urata |
agus ina chéim churata |
and warlike bold pace |
|
dar fiarlaít in rígthige, |
thar fiarlaoid an rí-thí, |
across the royal house. |
|
ocus buí rell dermáir |
agus bhí liag ollmhór *ansin* |
And there was a huge block |
|
ocus nert-lia míled |
agus cloch mhór theilgthe mhíleata |
and warriors’ stone of strength |
|
forsa n-indsmatís slega ocus semmunna |
ar a seamaítí sleánna agus *n-ullmhaítí* seamanna |
on which spears and rivets were wont to be fastened, |
|
ocus fria meltís renda ocus faebra, |
agus lenar mheiltí reanna agus arm faobhair, |
and against which points and edges were wont to be ground; |
|
ocus ba corthi curad in lecc-sin; |
agus ba choirthe curadh an liag sin; |
and a warrior’s pillar-stone was that flag. |
|
ocus tócbais fri a ais |
agus thóg sé ar a dhroim í |
And he lifted it on his back and bore it |
|
co h-áit a mboí remi for in c[h]olba, |
don áit a raibh sé roimhe sin ar an gcolbha |
to the place where he had been before on the bed-rail, |
|
ocus indsmais in cend n-uachtarach i n-a beólu di |
agus sháigh sé an ceann uachtarach di ina bhéal, |
thrust the upper end of it in his mouth, |
|
ocus araile for a glún, |
an ceann eile di ar a ghlúine aige, |
rested the other end of it on his knee, |
|
ocus fo-róbairt ic tomailt a [dé]t frisin cloich. |
agus thosaigh sé ag meilt a chuid fiacla ar an gcloch. |
and began grinding his teeth against the stone. |
|
Is ed at-fiadut eólaig ocus senóire ocus libuir C[h]orccaige |
Is é a deir eolaigh agus seanóirí agus leabhair Chorcaí |
What the learned, and the elders, and the books of Cork relate is, |
|
nát boí i fhoccus in dúnaid |
nach raibh i bhfogas an dúna, |
that there was no one in the neighbourhood of the fort |
|
ar medón nó dianechtair |
laistigh nó lasmuigh, |
inside or outside, |
|
ná cuala |
duine nár chuala |
that did not hear |
|
fuaim a dét frisin cloich |
fuaim a dhéada leis an gcloch |
the noise of his teeth against the stone |
|
boí i n-a beólu, |
a bhí ina bhéal, |
that was in his mouth, |
|
cia boí dia slemnu. |
ainneoin a sleamhaine í. |
though it was of the smoothest. |
Section 40
|
Tócbais Cathal a chend ar sin. |
Thóg Cathal a cheann ansin. |
Thereat Cathal raised his head. |
|
“Cid do-t-gní mer, a meic légind?” or Cathal. |
“Cad é a chuireann ar mire thú, a mhic léinn?” arsa Cathal. |
“What makes you mad, son of learning?” asked Cathal. |
|
“Fil dá ní,” ar Mac Con Glinne, |
“Tá dhá ní,” arsa Mac Conglinne, |
“Two things,” said Mac Conglinne; |
|
“.i. Cathal mac fír-álaind Finguine, |
“Cathal mac fíorálainn Finguine, |
“viz., Cathal, the right-beautiful son of Finguine, |
|
ard-rí mór-Lethi Moga Nuadat, |
ardrí mór-Leatha Mhogha Nuat, |
the high-king of the great Southern Half, |
|
ard-c[h]osnamaid Érenn |
ardchosantóir Éireann |
the chief defender of Ireland |
|
fria Clanna Cuinn Chét-Chathaig, |
in éadan clanna Choinn Chéadchathaigh, |
against the children of Conn of the hundred battles, |
|
fer ro h-oirdned ó Dia ocus ó Dúilem, |
fear a hoirníodh ó Dhia agus ó Dhúileamh, |
a man ordained by God and the elements, |
|
laech saer socheneóil d’ Eóganacht gríbda Glendamnach |
laoch saor so-chinéalach d’Eoghanacht ghríofa Ghleannabhrach |
the noble well-born hero of pleasant Eoghanacht of Gleannamhnach, |
|
iar ceneól a atharda, |
de réir chineáil a athartha |
according to the kindred of his paternity, |
|
saeth lem-sa a acsin a aenur ic tomailt neich, |
— gur saoth liomsa é a fheiscint ag ithe ruda ina aonar. |
— I grieve to see him eating anything alone; |
|
ocus dia mbet doíne a críchaib ciana istaig |
Agus dá mbeadh daoine ó chríocha ciana istigh anseo |
and if men from distant lands were within, |
|
ic cuinchid áil nó aisc, |
ag iarraidh áil nó aisce, |
soliciting request or gift, |
|
do-génut écnach |
dhéanfaidís éagnach |
they will scoff |
|
cen m’ ulchain-se ic comscísachtaig fria t’ ulchain-sea.” |
*toisc* gan mo fhéasóg-sa a bheith ag comhscíosachtach le do fhéasóg-se.” |
if my beard wags not in mutual movement with yours.” |
Section 41
|
“Is fír,” for Cathal, oc tabairt oen uba[i]ll dó, |
“Is fíor duit,” arsa Cathal, ag tabhairt úill amháin dó |
“True,” said Cathal, giving him an apple, |
|
ocus ro esairg a dó nó a trí i n-a beólu fén. |
*le linn dó* dhá nó trí úlla a shacadh ina bhéal féin. |
and jamming two or three into his own mouth. |
|
Fri ré na trí leth-bliadan |
Ar feadh ré na dtrí leathbhliana |
(During the space of three half-years |
|
boí in demun i mbrágait C[h]athail meic F[h]inguine, |
a raibh an deamhan i mbráid Chathail mhic Fhinguine, |
that the fiend abode in the throat of Cathal Mac Finguine, |
|
ní derna doennacht |
ní dhearna sé de dhaonnacht |
he had not performed such an act of humanity |
|
acht in t-aen uball fiadain út do Mac Con Glinne |
ach an t-aon úll fiáin úd a thabhairt do Mhac Conglinne, |
as the giving of that one wild apple to Mac Conglinne |
|
iar n-a athc[h]uinchid co trén. |
tar éis *dó* é a iarraidh go tréan air. |
after it had been earnestly asked.) |
|
“Ferr déda hó oín i nd-ecna,” ar Mac Con Glinne. |
“Is fearr dhá ní ná an t-aon ní i *gcursaí* eagna,” arsa Mac Conglinne. |
“Better two things than one in learning,” said Mac Conglinne. |
|
Snedis aroli dó. |
Chaith sé ceann eile chuige. |
He flung him another. |
|
“Umir na Trínóti!” or Mac Con Glinne. |
“Uimhir na Tríonóide!” arsa Mac Conglinne. |
“The number of the Trinity!” said Mac Conglinne.” |
|
Cuiris oen dó. |
Thug sé ceann eile dó. |
He gives him one. |
|
“Cethair leba[i]r in ts[h]oscéla |
“Ceithre leabhar an tsoiscéil |
“The four books of the Gospel, |
|
iar timna C[h]ríst!” |
de réir tiomna Chríost!” |
according to the Testament of Christ!” |
|
Tidnais oen dó. |
Chaith sé ceann chuige. |
He threw him one. |
|
“Cóic lebair Moysi |
“Cúig leabhar Mhaoise |
“The five books of Moses, |
|
iar ndeich timnai Rechta.” |
de réir deich n-aitheanta na seanreachta.” |
according to the Ten Commandments of the Law.” |
|
Cuiris oen dó. |
Raid sé ceann chuige. |
He flung him one. |
|
“Cétna airtecul ármide |
“An chéad airteagal uimhriúil |
“The first numeral article |
|
do-airis ó [a] rainde ocus ó [a] chotib fadén, |
atá comhdhéanta dá ranna agus dá chodanna féin |
which consists of its own parts and divisions, |
|
.i. in umir s[h]éda, |
— an uimhir sé, |
— the number six, |
|
acht is a trí a lleth, is a dó a trian. |
mar is é trí a leath agus is é a dó a thrian. |
for its half is three, its third is two, |
|
Tabair dam in sessed!” |
Tabhair dom an seisiú!” |
— give me the sixth!” |
|
Snidis urchur d’ oen uball dó. |
Theilg sé úll ina urchar chuige. |
He cast him one apple. |
|
“In secht |
“Na seacht nithe |
“The seven things |
|
do-rarngired do t’ Dia i talmain |
a tairngríodh do Dhia agus É ar talamh |
which were prophesied of your God on earth, |
|
.i. a chompert, a gein, |
— a choimpeart, a ghiniúint, |
viz., His Conception, His Birth, |
|
a bathis, et reliqua.” |
a bhaiste agus aroile.” |
His Baptism,” etc. |
|
Tic oen dó. |
Thug sé úll dó. |
He gave him one. |
|
“Ocht mbiati in ts[h]oscéla, |
“Ocht mbeannaitheachaí an tsoiscéil, |
“The eight Beatitudes of the Gospel, |
|
a ruri ríg-brethaig!” |
a ruire rí-bhreathaigh!” |
O Prince of kingly judgments!” |
|
Beris oen dó. |
Thug sé úll dó. |
He threw him one. |
|
“Noí ngráid nime, a meic, |
“Naoi ngrád neimhe, a mhic, |
“The nine orders of the kingdom of Heaven, son, |
|
a ríg-nia in betha!” |
a rí-nia an bheatha!” |
O royal champion of the world!” |
|
Tidnacis oen dó. |
Chaith sé úll chuige. |
He gave him one. |
|
“Dechmad grád talman, |
“An deichiú grád — grád an duine — |
“The tenth is the order of Mankind, |
|
a chosnamaid in chóicid!” |
a chosantóir an chúige!” |
O defender of the province!” |
|
Tic uball dó. |
Chaith sé úll chuige. |
He cast him an apple. |
|
“Áirem anfhurbithi na n-aspal iar n-imorbus!” |
“Áireamh neamhfhoirfe na naspal tar éis pheaca Iúdáis!” |
“The imperfect number of the apostles after sin!” |
|
Gnídis oen dó. |
Raid sé ceann leis. |
He flung him one. |
|
“Numir f[h]orpthi na n-aspal iar n-imorbus |
“Uimhir fhoirfe na n-aspal *tar éis pheaca*, |
“The perfect number of the apostles after sin, |
|
cia do-rigset tairmthecht!” |
fiú má rinneadh tairmtheacht!” |
even though they had committed transgression!” |
|
Ferais oen fair. |
Theilg sé úll chuige. |
He threw him one. |
|
“Ba h-í in buaid ós buadu |
“Ba í an bua os gach bua |
“The triumph beyond triumphs |
|
ocus in umir f[h]orpthi, |
— agus an uimhir fhoirfe — |
and the perfect number, |
|
Críst for a aspalu.” |
Críost agus na haspail.” |
Christ with his apostles.” |
Section 42
|
“Indeó,” or Cathal, “dar Barre, |
“Go deimhin,” arsa Cathal, “dar Bharra, |
“Verily, by St. Barra,” said Cathal, |
|
no-m ísa dia-nom lena ní as mó!” |
íosfaidh tú mé má leanfaidh tú níos sia díom!” |
“you’ll devour me, if you pursue me any further!” |
|
Snedis Cathal in sechid co n-a h-ublaib dó, |
*Leis sin*, chaith Cathal an seithe leis na húlla chuige |
Cathal flung him hide, apples and all, |
|
co ná boí cúil nó frithbac nó lár nó lepaid |
ionas nach raibh cúil ná cúinne, urlár ná leaba, |
so that there was neither corner, nor nook, nor floor, nor bed, |
|
ná rístís na h-ublai, |
nár shroich na húlla *fad* leo, |
that the apples did not reach. |
|
co nár nessa do Mac Con Glinne inás do chách, |
i dtreo nár neasa do Mhac Conglinne ná do chách *uile iad*, |
They were not nearer to Mac Conglinne than to all else; |
|
ocus ba faide ó Chathal iat. |
ach go mba faide ó Chathal iad. |
but they were the farther from Cathal. |
|
Gabaid feirg Cathal. |
Ghabh fearg Cathal. |
Fury seizes Cathal. |
|
Lingid ind ala súil dó i n-a chend |
Ling súil amháin leis isteach ina cheann |
One of his eyes jumped so far back into his head |
|
co ná tibred petta cuirre ass. |
sa tslí nach mbainfeadh peata coirre as í. |
that a pet crane could not have picked it out. |
|
Gabaid in súil n-aile immach |
Gheit an tsúil eile amach |
His other eye started out |
|
comba métithir ocus og rerchirce hí i n-a chind, |
nó go mba chomh-mhór ina cheann í le hubh circe, |
until it was as large in his head as a hen’s egg. |
|
ocus bertais a druimm fria sliss in rígthige |
agus theann sé *ansin* a dhroim le slios an rí-thí |
And he pressed his back against the side of the palace, |
|
co ná fárcaib cleith nó slait |
ionas nár fhág sé cliath ná slat |
so that he left neither rafter, nor pole, |
|
nó scolb nó dlaí nó uatni |
ná scolb ná dlaoi ná uaithne |
nor wattle, nor wisp of thatch, nor post, |
|
ná dic[h]sed as a inad; |
nár ndeachaigh as a ionad, |
that was not displaced. |
|
ocus saidis ’n-a s[h]uide. |
agus *ansin* shuigh sé faoi ’na shuíochán. |
And he sat down in his seat. |
|
“Do chos ocus do gruad fót, a rí!” ar Mac Con Glinne; |
“Do chos agus do ghrua fút, a rí!” arsa Mac Conglinne. |
“Your foot and your cheek under you, O King!” said Mac Conglinne. |
|
“ná tuc mallachtain dam ocus ná gat nem form!” |
“Ná tabhair do mhallacht dom agus ná bain neamh díom!” |
“Do not curse me, and do not cut me off from Heaven!” |
|
“Cid do-t-rigne, a meic légind?” ol Cathal. |
“Cad chuige duit é seo a dhéanamh, a mhic léinn?” arsa Cathal. |
“What has caused you to act so, son of learning?” said Cathal.. |
|
“So-dethbir dam,” ar Mac Con Glinne; |
“A chúis go maith agam,” arsa Mac Conglinne. |
“Good reason have I,” said Mac Conglinne. |
|
“do-rala dam araír fri muintir Corccaige |
“D’éirigh *achrann* idir mé agus muintir Chorcaí aréir |
“I had a quarrel last night with the community of Cork, |
|
ocus co tardsat a n-osnaid dam. |
agus thugadar a mallacht dom. |
and they gave me their malediction. |
|
Iss ed fo-t-ruair dam an-í-sin frit-siu.” |
*Sin* é a thug orm é seo *a dhéanamh* ortsa.” |
This is the cause of my behaving thus towards you.” |
|
“Luid dó, a Meic Con Glinne,” ol Cathal; |
“Cuir uait, a Mhic Conglinne,” arsa Cathal. |
“Go to, Mac Conglinne,” said Cathal. |
|
“dar Imbliuch nIbair, diamad bés dam meic légind do marbad . . . |
“Dar Imleach Iubhair, dá mba bhéas liomsa mac léinn a mharú, |
“By Imleach Iubhair (Emly), if it were my custom to kill students, |
|
Sech ní rísta, |
ceachtar acu, ní thiocfá *anseo* |
either you would not have come, |
|
ní t[h]ísta!” |
*nó* ní imeofá *beo* as!” |
or you should not depart!” |
Section 43
|
Aire trá ba luige dó-sam Imbliuch nIbair, |
’Sé an fáth go raibh Imleach Iubhair mar luighe aige ná |
Now, the reason why Imleach Iubhair was an oath with him was, |
|
ar is innte fo-gebed a sháith min-aráin, |
mar is inti a d’fhaigheadh sé a sháith de mhionaráin, |
because it was there he used to get his fill of small bread; |
|
ocus no bíd & bratt boinni odarda imme, |
agus bhíodh sé ann agus brat mín odhar uime, |
and he used to be there, dressed in a dun-coloured soft cloak, |
|
ocus a c[h]loidem cruaid coilc-dírech i n-a chlé-láim |
agus a chlaíomh crua colg-díreach ina lámh chlé, |
his hard straight-bladed sword in his left hand, |
|
ic tomeilt blog ó cech boith i n-aroli. |
ag tomhailt bloghanna ó gach both go haraile. |
eating broken meats from one cell to another. |
|
Atn-aig and lá n-oen i mboith aroli meic légind, |
Lá amháin chuaigh sé isteach i mboth mhic léinn araile, |
One day he went into the cell of a certain student, |
|
ocus tic lán dó do blogaib. |
agus fuair sé a dhóthain de bhloghanna. |
and got his fill of broken meats. |
|
Figlis na blogu. |
Scrúdaigh sé na bloghanna. |
He examined the bits. |
|
Figlis in mac légind in lethenach boí ar a bélaib. |
Scrúdaigh an mac léinn an leathanach a bhí os a chomhair; |
The student examined the page that lay before him; |
|
Feib ro-siacht in lethenach do fhigled, |
*agus* nuair d’éirigh sé as scrúdú an leathanaigh,”, |
and when he had finished studying the page, |
|
sínis a thengaid d’ impód na duille. |
shín sé a theanga chun an duille a iompú. |
he thrust out his tongue to turn over the leaf. |
|
“Cid do-t-rigne, a meic légind?” ol Cathal. |
“Cén fáth a rinne tú sin, a mhic léinn?” arsa Cathal. |
“What has caused you to do that, O student?” asked Catha. |
|
“Dethbir mór accum,” or sé; |
“A chúis go maith agam,” ar sé; |
“Great cause have I,” said he. |
|
“in sluaiged co marbad immel in tshaegail do thachur i lleth frim, |
“cuireadh brú orm dul sa slógadh chun marú *na bhfear* ar imill an tsaoil, |
“I have been pressed to go soldiering with a host in arms to the world’s borders, |
|
.i. errandus do chimais na bairgine |
*fiú amháin* cuid de chiumhais an bhairín |
not so much as a part of a biscuit-rim, |
|
do neoch t[h]echtas luaith ocus tene |
do neach a theagmhaíonn luaith agus tine leis, |
so that there is nothing that touches ashes and fire, |
|
iar n-a súgud do dethaig ocus do gaíth, |
nach bhfuil triomaithe le deathach agus le gaoth |
that has not been dried up by smoke and wind during my absence, |
|
co ná bí súg nó seag innte, |
go dtí nach bhfuil sú ná sea inti, |
until there is neither sap nor strength in it, |
|
cen mír salle nó imme nó feóla, |
gan mír shaille ná ime ná feola *le n-ithe agam,* |
I have not a morsel of bacon, nor of butter, nor of meat, |
|
cen dig nach ceneóil |
ná deoch d’aon chineáil, |
no drink of any sort, |
|
acht deoch do bodar-usce na cuirre, |
ach deoch de mhodaruisce na linne, |
except the dead water of the pool; |
|
co ra-m dígaib fo m’ nert & fo m’ t[h]racht; |
go dtí gur baineadh mo neart agus mo lúth *díom;* |
so that I have been bereft of my strength and vigour. |
|
ocus in slógad ré cách & iar cách.” |
ach an slógadh roimh cách agus iar cách.” |
But first and last — the hosting.” |
|
“Indeó,” ar mac Finguine .i. ar Cathal, |
“Fíor,” arsa mac Finguine, .i. Cathal, |
“Verily,” said the son of Finguine, said Cathal. |
|
“dar Barre, céin bam beó-sa nícon regu clérech i slógad lem-sa ó s[h]und immach;” |
“dar Bharra, fad is beo mé, ní rachaidh cléireach sa slógadh liomsa as seo amach;” |
“By St. Barra, henceforth while I live, no cleric shall go soldiering with me.” |
|
ocus tégdis clérig Érenn slógud co sin fri ríg nÉrenn, |
go dtí sin, théidís cléirigh na hÉireann sa slógadh le rí na hÉireann, |
And up to that time the clerics of Ireland used to go soldiering with the King of Ireland; |
|
conid e-ssium benais in slógad do c[h]lérchib i tós riam. |
agus is eisean a shaor cléirigh ón slógadh don chéad uair riamh. |
and he was therefore the first that ever exempted clerics from going soldiering. |
|
Fácbaid trá rath & bendachtu for deóradu Imblechu |
“D’fhág sé, áfach, rath agus beannachtaí ar dheoraithe Dé Imligh, |
He left his grace and blessings, moreover, to the pilgrims of Imleach Iubhair, |
|
ocus ana min-aráin i nImbli[u]g; |
agus flúirse mhionaráin in Imleach, |
and a profusion of small bread in Imleach Iubhair. |
|
& is móu isin leth iarthar-descertaig, |
agus *an chuid* is mó *de* sa leath iardheiscirt, |
And this is greatest in the south-western part of it; |
|
ar is ann do-línta hé beós. |
mar is ann a d’fhaigheadh sé a dhóthain. |
for there he used to get his fill. |
|
Etaraissnéis didiu sin remai[n]d. |
*Ach a bhfuil réamhráite thuas anseo*, idiraisnéis is ea sin. |
(But this is a digression.) |
Section 44
|
“Ar do ríge, ar do f[h]laith, ar th’ innram, |
“Ar do smacht rí, ar do fhlaitheas, ar do thinreamh, |
“By your kingship, by your sovereignty, by the service to which you are entitled, |
|
tabair ascaid mbicc dam,” ar Mac Con Glinne, “résiú imthiger.” |
tabhair aisce bheag dom sula n-imeod,” arsa Mac Conglinne. |
grant me a little boon before I go,” said Mac Conglinne. |
|
Do-garar dó Pichán isin tech. |
Gaireadh isteach ar Phíochán. |
Píochán was summoned into the house. |
|
“Atá in mac légind út,” or Cathal, “ic cuinchid ascada form.” |
“Tá an mac léinn úd ag iarraidh aisce orm,” arsa Cathal. |
“Yon student,” said Cathal, “is asking a boon from me.” |
|
“A tabairt,” ol Pichán. |
“Tugtar dó í,” arsa Píochán. |
“Grant it,” said Píochán. |
|
“Do-bérthar,” ol Cathal; |
“Béarfaidh mé,” arsa Cathal. |
“It shall be granted,” said Cathal. |
|
“abair frim,” ol Cathal, “cid c[h]ondigi.” |
“Abair liom”, ar sé, “cén aisce atá uait.” |
“Tell me what it is you desire.” |
|
“Nícon epér co rabat curu fri a c[h]omall.” |
“Ní déarfaidh mé nó go bhfaighe mé coraí faoina comhall.” |
“I will not, until pledges are given for its fulfilment.” |
|
“Do-bérthar,” ol Cathal. |
“Gheofar sin,” arsa Cathal. |
“They shall be given,” said Cathal. |
|
“Do briathar f[h]latha ind?” ar Mac Con Glinne. |
“Do bhriathar flatha ann?” arsa Mac Conglinne. |
“Your princely word therein?” said MacConglinne. |
|
“Do m’ bréthir,” ol sé, “do-géba; |
“Dar mo bhriathar,” ar sé, “gheobhaidh tú í |
“By my word,” said he, “you shalt have them, |
|
ocus sluind in aiscid.” |
— agus anois sloinn an aisce.” |
and now name the request.” |
|
“Is ed in so,” ar Mac Con Glinne, |
“Is í seo í,” arsa Mac Conglinne. |
“This is it,” said Mac Conglinne. |
|
“.i. tochar do-rala dam araír fri munntir Corccaige, |
“Achrann a tharla aréir idir mise agus muintir Chorcaí |
“I had a quarrel with the monks of Cork last night, |
|
co tardsat a mallacht uli dam, |
nó gur thugadar uile a mallacht dom, |
when they all gave me their curse, |
|
ocus iss ed fo-d-era in comrorcu-sin dam i lleth frit-sa. |
agus is é sin faoi deara an tranglam seo idir mise agus tusa. |
and it was owing to you that that trouble was brought on me. |
|
Ocus troscud cid duit-siu lem fri Dia innocht, |
Agus déan thusa troscadh ar Dhia liomsa anocht, |
And fast with me tonight on God, |
|
ar isat bráthair bunaid, |
mar is bráthair bunaidh *liom* tú, |
since you are an original brother, |
|
do m’ s[h]aerad for mallachtain muintire Corccaige, |
le go saorfaí mé ar mhallacht mhuintir Chorcaí. |
to save me from the malediction of the community of Cork; |
|
iss ed c[h]ondaighim.” |
Sin í agat m’aisce.” |
that is what I ask.” |
Section 45
|
“Ná h-apair, a meic légind,” ol Cathal; |
“Ná habair sin, a mhic léinn,” arsa Cathal. |
“Say not that, son of learning,” said Cathal. |
|
“bó cach liss i Mumain |
“Bó gach leasa sa Mhumhain |
“You will have a cow out of every yard in Munster, |
|
ocus uinge cach comaithig, |
agus uinge óir gach teaghlaigh |
and an ounce from every house-owner, |
|
la bratt cacha cille, |
agus brat gach cille *duit* |
together with a cloak from every church, |
|
ocus maer dia tobach, |
agus maor dá dtobhach *sin duit* |
to be levied by a steward, |
|
ocus tú fodén i m’ f[h]ail-sea ic praindiud |
agus tú féin i mo chuideachtasa ag pronnadh |
and you yourself shall feast in my company |
|
oiret bé ic tabach fhiach. |
oiread a bheidh *an maor* ag tobhach na bhfiacha. |
as long as he is engaged in levying the dues. |
|
Ocus do m’ debroth,” or Cathal, |
Agus dar mo mhóid Dé,” arsa Cathal, |
And by my God’s doom,” said Cathal, |
|
“is ferr lemm ina fil ó iarthar co h-oirther ocus ó descert co tuaiscert Muman duit |
“b’fhearr liom a bhfuil ó iarthar go hoirthear agus ó dheisceart go tuaisceart Mumhan duit |
“I had rather you should have all there is from the west to the east, and from the south to the north of Munster, |
|
oltás be[i]th adaig cen biad.” |
ná bheith oíche gan bhia.” |
than that I should be one night without food.” |
|
“Ba m’ debroth,” or Mac Con Glinne, |
“Dar mo mhóid Dé,” arsa Mac Conglinne, |
“By my God’s doom,” said Mac Conglinne, |
|
“ó ro-siacht do fhír flatha fris, |
“ó tugadh do mhóid flatha ann |
“since your princely promise was given in this, |
|
ocus ná dlig rí Caissil tidecht taris, |
agus nach ndlíonn Rí Chaisil dul thairis *sin*, |
and since it is not lawful for a King of Cashel to transgress it, |
|
dia tarta dam-sa ina fil i lLeth [Moga] Nuadat, |
dá dtabharfá domsa a bhfuil i Leath Mhogha Nuat, |
if all that there is in the Southern Half were given me, |
|
nícon gébthar. |
ní ghlacfainn *uait* é. |
I would not accept it. |
|
Fil trá, a ard-gaiscedaig ocus a ríg-fhénnid Eórpa, a adbar accum cen co gabar coma uait, |
Go deimhin, a ardghaiscígh agus a rí-fhéinní na hEorpa, tá a ábhar agam gan chomha a ghlacadh uait, |
I have good reason, you arch-warrior and king-hero of Europe, why I should not accept conditions from you; |
|
ar ní fhil mo maín fén acht a nim |
óir níl mo mhaoin féin ach ar neamh |
for my own treasure is only in Heaven, |
|
nó i talmain nó i n-ecna nó i n-aircetal; |
nó, *más* ar talamh é, in eagna nó i bhfilíocht. |
or on earth, in wisdom, or in poetry. |
|
ocus ní namá, |
agus ní hamháin sin |
And not alone that |
|
ar is trumma cach ndédinach, |
— óir is troime gach scéal ina dheireadh — |
— for the last thing is always the heaviest — |
|
regut a n-iffern cen crích, cen forcend |
rachaidh mé in ifreann gan chríoch gan foirceann |
but I shall go to endless, limitless perdition, |
|
mina-m s[h]aera for mallachtain muintire Corccaige.” |
muna saora tusa mé ar mhallacht mhuintir Chorcaí.” |
unless you save me from the curse of the monks of Cork.” |
|
“Do-bérthar duit-siu sin,” ol Cathal, |
“Béarfar *an aisce* sin duitse,” arsa Cathal, |
“That shall be granted to you,” said Cathal, |
|
“ocus ní tuccad remi |
“agus níor tugadh roimhe |
“and there has not been given before, |
|
ná i n-a diaid co bruinde brátha |
ná *ní bhéarfar* ina dhiaidh go bruinne brátha |
nor shall there be given hereafter to the brink of Doom, |
|
ní as lesciu lind oltás sin.” |
ní is leisce linn ná sin.” |
a thing more grievous to us than that.” |
|
Troscis Cathal in oidche-sin leis, |
Throisc Cathal le Mac Conglinne an oíche sin |
Cathal fasted with him that night, |
|
ocus troscit a mboí and uli ol chena, |
agus throisc a raibh ann uile chomh maith, |
and all that were there fasted also. |
|
ocus samaigis in mac légind i tulg i taeb ursainde; |
agus chuir an mac léinn faoi ar tholg le taobh na hursaine |
And the student lay down on a couch by the side of a door-post, |
|
ocus iadais in tech. |
agus d’iaigh sé an teach. |
and closed the house. |
Section 46
|
In tan boí and i ndeód aidche, |
Agus é ansin i ndeireadh na hoíche |
As he lay there at the end of the night, |
|
érgis suas Pichán mac Mo[í]le Finne. |
d’éirigh Píochán mac Maoile Finne suas. |
up rose Píochán, the son of Maol Finne. |
|
“Crét érgius Pichán an inbuid-se?” or Mac Con Glinne. |
“Cad chuige Píochán a éirí ag an tráth seo?” arsa Mac Conglinne. |
“Why does Píochán rise at this hour?” said Mac Conglinne. |
|
“Do dénam bíd do na slógaib-se,” ol Pichán, |
“Le bia a réiteach do na sluaite seo,” arsa Píochán, |
“To prepare food for these hosts,” answered Píochán, |
|
“ocus ba ferr dún comad erlum ó ’né.” |
“agus b’fhearr dúinn dá mba ullamh ó inné é.” |
“and it would be better for us had it been ready since yesterday.” |
|
“Níthó ám sin,” or Mac Con Glinne; |
“Ní hea sin, go deimhin,” arsa Mac Conglinne. |
“Not so, indeed,” said Mac Conglinne. |
|
“ro t[h]roscsium arair, |
“Throisceamar aréir. |
“We fasted last night. |
|
precept bus lind iarum i mbárach i tossaig.” |
Seanmóin a bheidh i dtosach amárach againn.” |
The first thing we shall have tomorrow is preaching.” |
|
Ocus ansit co matain. |
Agus d’fhanadar *ansin* go maidin. |
And they waited until morning. |
|
Uathad sochaide a mbátar, |
Pé beag mór díobh ann, |
Few or many as they were, |
|
ní dechaid nech díb anund nó amach |
ní dheachaigh duine díobh anonn ná amach |
not one of them went out thence |
|
co tráth érgi iar n-a bárach. |
go tráth éirí arna mhárach. |
until the time of rising on the morrow, |
|
At-racht Mac Con Glinne fessin ann-side |
D’éirigh Mac Conglinne féin ansin |
when Mac Conglinne himself got up |
|
ocus ro oslaic in tech. |
agus d’oscail sé an teach. |
and opened the house. |
|
Ro indail a lámu |
D’ionnail sé a lámha |
He washed his hands, |
|
ocus tuc a théig libair chucca |
agus ghlac sé a thiachóg leabhar chuige, |
took up his book-satchel, |
|
ocus bertais a s[h]altair essi, |
agus thóg sé a shaltair aisti |
brought out his psalter, |
|
ocus fo-rórbart precept do na slógu. |
agus thosaigh ag seanmóireacht do na sluaite. |
and began preaching to the hosts. |
|
Is ed at-fiadut senchaide ocus senóri ocus libair C[h]orccaige |
Is ea adeirid seanchaithe agus seanóirí agus leabhair Chorcaí |
And historians, and elders, and the books of Cork declare, |
|
nát boí do uasal nó d’ ísel |
nach raibh ann íseal ná uasal |
that there was neither high nor low |
|
ná ro-s teilg tri frassa dér |
nár theilg trí frasa deora |
that did not shed three showers of tears |
|
ic éstecht fri precept in scolaige. |
ag éisteacht le seanmóin an scoláire. |
while listening to the scholar’s preaching. |
|
In tan tarnic in p[h]recept, |
Nuair a bhí deireadh leis an tseanmóin, |
When the sermon was ended, |
|
do-gníther airnaigthi frisin ríg, |
dúradh urnaithe ar son an rí, |
prayers were offered for the King, |
|
co-na mbed fot saegail dó |
go mbeidh fad saoil aige |
that he might have length of life, |
|
ocus co-na mbeth maithius Muman fri a remes. |
agus go mbeadh rath ar an Mumhain ina réimeas. |
and that there might be prosperity in Munster during his reign. |
|
Do-gníther ernaigthi frisna crícha |
Dúradh urnaithe ar son na gcríocha |
Prayers were also offered up for the lands, |
|
ocus frisna ceneóla ocus frisin cóiced ar chena, |
agus na gcineálacha agus ar son an chúige chomh maith, |
and for the tribes, and for the province as well, |
|
amal is gnáth d’aithle preceptai. |
amhail mar is gnáth d’aithle seanmóra. |
as is usual after a sermon. |
Section 47
|
“Maith,” ar Mac Con Glinne, |
“Maith,” arsa Mac Conglinne *ansin*, |
“Well,” asked Mac Conglinne, |
|
“cindus atáthar ann-sin indiú?” |
“conas atáthar ansin inniu?” |
“how are things over there today?” |
|
“Daro m’ debroth,” ol Cathal, |
“Dar mo mhóid Dé,” arsa Cathal, |
“By my God’s doom,” answered Cathal, |
|
“ní bás remi riam ní is messu, |
“ní rabhthas riamh roimhe ní ba mheasa |
“it never was worse before, |
|
ocus ní bether co bráth.” |
agus ní bheifear go bráth.” |
and never shall be until Doom.” |
|
“Cubaid ém,” or Mac Con Glinne, “do beth cu h-olc |
“Go deimhin,” arsa Mac Conglinne, “is cuí a bheith go holc, |
“Very natural it is that you should be in a bad state,” said Mac Conglinne, |
|
.i. demun ’cot’ aidmilled ocus ’cot’ indrud |
— deamhan ag d’adhmhilleadh agus ag d’ionradh |
“with a demon destroying and ravaging you |
|
fri ré trí leth-bliadan indorsa, |
le ré trí leathbhliana anois, |
now during the space of three half-years; |
|
ocus ní ro t[h]roscis lá nó aidche lat fén, |
agus níor throisc tú lá ná oíche ar do shon féin, |
and you did not fast a day or night on your own account, |
|
ocus troscis fri persaind tróig ndíscir nderóil mo shamla-su.” |
ach féach gur throisc tú *aréir* ar son pearsain thrua dhíscir dhearóil de mo shamhailse.” |
though you did so for the sake of a wretched, impetuous, insignificant person like me.” |
|
“Cid is maith de-sside, a meic légind?” ol Cathal mac Finguine. |
“Ach cén mhaith é sin *go léir*, a mhic léinn?” arsa Cathal Mac Finguine. |
“What is the good of all this, son of learning?” asked Cathal MacFinguine. |
|
“Ní h-annsa. |
“*Furasta sin a fhreagairt.* |
“Not difficult to answer,” said Mac Conglinne. |
|
Ó ra t[h]roscis-[s]iu t’ aenur lium-sa araír, |
Ó throisc tú i d’aonar liomsa aréir, |
“Since you alone fasted with me last night, |
|
troiscem-ni uli, lín atáum, innocht, |
troiscimís uile a bhfuil ann dínn anocht |
let us all fast this night, as many of us as there are; |
|
ocus troisc-siu fessin co fhagba cobair écin ó Dia.” |
agus déan thusa troscadh le go bhfaighidh tú cabhair éigin ó Dhia.” |
and you should now fast, that you may obtain some succour from God.” |
|
“Ná ráid ind sin, a meic légind,” ol Cathal; |
“Ná habair *liom* sin, a mhic léinn,” arsa Cathal. |
“Do not say that, son of learning,” said Cathal. |
|
“cérba trom in toísech, |
“Cé go mba throm é *seo* ina thosach, |
“For though the first trial was hard, |
|
i[s] secht-truma in dédenach.” |
is seacht dtroime an déanach.” |
seven times harder is the last.” |
|
“Ná ráid-siu ind sin,” or Mac Con Glinne, |
“Ná habair thusa sin,” arsa Mac Conglinne, |
“Do not say that,” said Mac Conglinne, |
|
“acht calma do dénam and.” |
“ach déan calmacht ann.” |
“but act bravely in this.” |
|
Troscis trá Cathal in aidche-sin co n-a shlóg ó s[h]in co deód n-aidche. |
Throisc Cathal an óiche sin lena shlua as sin do deireadh oíche. |
Then Cathal fasted that night together with his host until the end of the night.. |
Section 48
|
Érgis Mac Con Glinne trá. |
D’éirigh Mac Conglinne ansin. |
Then Mac Conglinne arose. |
|
“In cotlad do Phichán?” or Mac Con Glinne. |
“An ina chodladh do Phíochán?” arsa Mac Conglinne. |
“Is Píochán asleep?” he said. |
|
“At-bér fír,” ol Pichán, |
“Déarfaidh mé an fhírinne,” arsa Píochán,” arsa Píochán; |
“I will tell truth,” answered Píochán. |
|
“dá rab Cathal co bruinde mbrátha amal atá, |
“dá bhfanfadh Cathal go bruinne brátha sa ríocht ina bhfuil sé, |
“If Cathal were to remain as he is to the brink of Doom, |
|
ní choitél, ní thoimél, ní dingen gen nó gáire.” |
ní dhéanfainn codladh, ní íosfainn bia ná ní dhéanfainn gean ná gáir.” |
I shall not sleep, I shall not eat, nor smile, nor laugh.” |
|
“Érig,” or Mac Con Glinne; |
“Éirigh,” arsa Mac Conglinne; |
“Get up,” said Mac Conglinne. |
|
ocus iarrais olar sen-shaille ocus maeth bóshaille |
agus d’iarr sé ansin bagún súmhar seanshaillte agus bó-shaill mhaoth |
And he called for juicy old bacon, and tender corned-beef, |
|
ocus lán-charna muilt ocus mil ’n-a criathraib |
agus iomlán feola moilt agus mil ina criathair |
and full-fleshed wether, and honey in the comb, |
|
ocus salann Saxanach for teisc f[h]ír-álaind fhétta f[h]ind-airgit, |
agus salann Sasanach ar mhias fhíorálainn mhaisiúil fhionnairgid |
and English salt on a beautiful polished dish of white silver, |
|
la cet[h]ri bera fír-dírge find-chuill fóthib. |
agus ceithre beara fíordhíreacha fionnchoill *lena gcur* fúthu. |
along with four perfectly straight white hazel spits to support the joints. |
|
Fo-gabur dó na biada ro thurim, |
Tugadh dó na bianna *mar* a d’áirimh sé iad |
The foods which he enumerated were procured for him, |
|
ocus samaigis stacci dí[fh]reccra deg-máru forsna beraib. |
agus shocraigh sé na spólaí ollmhóra dí-thuarascála ar na beara, |
and he fixed unspeakable, huge pieces on the spits. |
|
Ocus gabaid iarum lín-fhuathróicc t[h]ís ime |
agus ghabh sé uime ansin fuathróg lín |
Then putting a linen apron about him below, |
|
ocus att leccda línaide ba c[h]léthi a chend-mullaig, |
agus hata leactha líní ar bhaithis a chinn |
and placing a flat linen cap on the crown of his head, |
|
ocus atáid tenid caín cethar-drumnig cethar-dorsig cethar-scoltig de uindsinn |
agus d’fhadaigh sé tine chaoin cheathairdhroimneach, cheathairdhóirseach, cheathairdheighilte fuinnseoige |
he lighted a fair four-ridged, four-apertured, four-cleft fire of ash-wood, |
|
cen diaid, cen chiaig, cen chrithir. |
gan deatach gan toit gan chrithir. |
without smoke, without fume, without sparks. |
|
Sáidis bir cacha h-ordan díb, |
Sháigh sé bior i ngach ordán feola |
He stuck a spit into each of the portions, |
|
ocus ba luathithir |
agus ba chomhluath |
and as quick was he |
|
fria maing bá cét-laeg hé, |
le heilit faoina céad lao é, |
as a hind about her first fawn, |
|
nó fri h-eirb nó fannaill |
nó le fia rua nó le fáinleog, |
or as a roe, or a swallow, |
|
nó fri gaíth n-imluim n-errchaide i mbolg-s[h]liss Márta hé |
nó le gaoth ró-ghéar earraigh i gcroílár Márta |
or a bare spring wind in the flank of March, |
|
ma na beraib ocus ma na tenntib. |
um na beara agus um na tinte. |
about the spits and fire. |
|
Comlis in mil ocus in salann in cach staic iar n-urd. |
Chuimil sé an mhil agus an salann i ngach spóla i ndiaidh a chéile. |
He rubbed the honey and the salt into one piece after another. |
|
Cia roba do mét na staci boí frisin tenid, |
*Agus* cé mór iad na spólaí a bhí leis an tine, |
And big as the pieces were that were before the fire, |
|
nícon tánic as na cet[h]ra stacib sís co lár |
níor tháinig as na ceithre spólaí síos go lár |
there dropped not to the ground out of these four pieces |
|
ní no-s báided crithir chonnli, |
oiread is a bháfadh crithir choinnle, |
as much as would quench a spark of a candle; |
|
acht a mboí d’ inmar intib, |
ach a raibh de shú iontu |
but what there was of relish in them |
|
i n-a medón fén do-chóid. |
*gur isteach ina* meán féin a chuaigh sé. |
went into their very centre. |
Section 49
|
Ro faillsiged do P[h]ichán |
Foilsíodh do Phíochán |
It had been explained to Píochán |
|
conid dó t[h]ánic in scolaige, do thesarcain C[h]athail. |
gur do theasargan Chathail a tháinig an scoláire. |
that the reason why the scholar had come was to save Cathal. |
|
Ocus in tan tarnac[t]ar na staci-sin |
*Ó bhí na spólaí réidh* |
Now, when the pieces were ready, |
|
is ann at-bert Mac Con Glinne, “Téta ocus refeda dam!” |
is ansin a dúirt Mac Conglinne. “Téada agus cordaí dom!” ar sé. |
Mac Conglinne cried out, “Give ropes and cords to me here!” |
|
“Cid is áil díb-side?” ol Pichán; |
“Cad ab áil leat díobh sin?” arsa Píochán. |
“What is wanted with them?” asked Píochán. |
|
ocus rop ‘iarfaige dar cubais’ dó-sum sin, |
(Agus ‘b’fhiafraí thar chubhais’ dó é sin |
Now, that was a ‘question beyond discretion’ for him, |
|
uair ro faillsiged dó remi. |
ó *bhíothas tar éis an scéal a* fhoilsiú dó roimhré. |
since it had been explained to him before; |
|
Conid [d]e-sin atá in senbriathar .i. ‘fiarfaige dar cubais’. |
Is de sin a tháinig an seanrá: ‘Fiafraí thar chubhais.’) |
and hence is the old saying, ‘a question beyond discretion.’ |
|
At-agur téta ocus refeda dó, |
Tugadh téada agus cordaí ansin do Mhac Conglinne |
Ropes and cords were given to Mac Conglinne, |
|
ocus do neoch ba calma don laechraid. |
agus don chuid ba chalma den laochra. |
and to those that were strongest of the warriors. |
|
Furmit a láma tar Cathal, |
Leag siad a lámha ar Chathal |
They laid hands upon Cathal, |
|
ocus ro cenglad fon samail-sin hé do shliss in rígthige. |
agus ceanglaíodh faoin samhail sin é de shlios an rí-thí. |
who was tied in this manner to the side of the palace. |
|
Tic Mac Con Glinne iarum |
Tháinig Mac Conglinne ansin |
Then Mac Conglinne came, |
|
ocus indlis baic ocus corránu ead imchian forsna tétaib-sin. |
agus bhí sé ag inneall bacán agus corrán ar na téada sin *i bhfad amach*. |
and was a long time securing the ropes with hooks and staples. |
|
Ocus feib tarnic sin, |
Nuair a bhí sin críochnaithe aige, |
And when this was ended, |
|
tic-sium istech |
tháinig sé isteach |
he came into the house, |
|
ocus a c[h]et[h]ri bera fri a ais i n-ard-gabáil |
agus a cheithre beara ar ard a dhroma aige |
with his four spits raised high on his back, |
|
ocus a lumman f[h]ind f[h]ír-scaílti i n-a diaid |
agus a bhrat fionn fíorscaoilte laistiar de |
and his white wide-spread cloak hanging behind, |
|
ocus a dá beind imo brágait, |
agus dhá bheann *an bhrait* um a bhráid, |
its two peaks round his neck, |
|
co h-airmm a mboí Cathal; |
go hairm a raibh Cathal, |
to the place where Cathal was. |
|
ocus sáidis na bera isin leba i n-a f[h]iadnaise, |
agus sháigh sé na beara sa leaba *os comhair Chathail amach* |
And he stuck the spits into the bed before Cathal’s eyes, |
|
ocus saidis fodén i n-a shuide ocus a dí choiss ima-sech. |
agus shuigh sé féin faoi agus a dhá chois um a seach. |
and sat himself down in his seat, with his two legs crossed. |
|
Bendais a scín dia chris |
Thóg sé a scian as a chrios |
Then taking his knife out of his girdle, |
|
ocus benais mír don staic ba nessa dó. |
agus bhain mír den spóla ba neasa dó. |
he cut a bit off the piece that was nearest to him, |
|
Tummais isin mil boí forsin teisc f[h]ind-argait út. |
Thum sé an mhír sa mhil a bhí ar an mhias fhionnairgid úd. |
and dipped it in the honey that was on the dish of white silver. |
|
“A thosach ar míl firend so,” ar Mac Con Glinne, |
“A thosach do mhíol fireann é seo”, arsa Mac Conglinne, |
“Here’s the first for a male beast,” said Mac Conglinne, |
|
ic tabairt in míre i n-a beól fodén. |
ag cur na míre ina bhéal féin. |
putting the bit into his own mouth. |
|
Is ó s[h]in ille lentar in senbriathar. |
(*Agus tá sin ina* sheanrá ó shin i leith.) |
(And from that day to this the old saying has remained.) |
|
Benais mír don staic n-aile, |
Bhain sé mír den spóla eile, |
He cut a morsel from the next piece, |
|
ocus tummais isin mil, |
agus thum sa mhil í |
and dipping it in the honey, |
|
ocus at-aig tar beólu Cathail i n-a beól fodén. |
agus chuir thar bheola Chathail í ina bhéal féin. |
put it past Cathal’s mouth into his own. |
|
“Tinme dún in mbiad, a meic légind!” ol Cathal. |
“Gearr dom an bia, a mhic léinn!”, arsa Cathal. |
“Carve the food for us, son of learning!” exclaimed Cathal. |
|
“Do-gén,” or Mac Con Glinne. |
“Déanfaidh,” arsa Mac Conglinne. |
“I will do so,” answered Mac Conglinne; |
|
Benais mír don staic ba nessa dó |
Bhain sé mír arís den spóla ba neasa dó, |
and cutting another bit of the nearest piece, |
|
ocus tumais fonn samail cétna |
agus thum faoin samhail chéanna í |
and dipping it as before, |
|
[ocus at-aig] sech bél Cathail i n-a beólu fodén. |
agus chuir thar bheola Chathail ina bhéal féin í. |
he put it past Cathal’s mouth into his own. |
Section 50
|
“Cia fot lenfa de-sin, a meic légind?” ol Cathal. |
“Cá fhad a leanfaidh tú de seo, a mhic léinn?” arsa Cathal. |
“How long will you carry this on, student?” said Cathal. |
|
“Nád lenab ó shunn. |
“Ní leanfaidh mé *níos sia de*,” *arsa Mac Conglinne.* |
“I won’t continue further,” answered Mac Conglinne, |
|
Acht aen ní chena, ro thomlis-[s]iu immad na mblog n-imarcide n-écsamail cusin trát-sa; |
“*Go deimhin*, is tusa a d’ith iomad na mblogh iomarcach éagsúil gus an tráth seo. |
“for, indeed, you have hitherto consumed such a quantity and variety of agreeable morsels, |
|
in mbec fil sund, is mise do-s-méla, |
An beagán atá anseo is mise a íosfaidh é |
that I shall eat the little that there is here myself, |
|
ocus bid ‘biad ó beólu’ duit-siu seo.” |
agus ‘is bia ó bheola duitse é’.” |
and this will be ‘food from mouth’ for you.” |
|
Ocus senbriathar sin ille. |
(Agus is seanrá é sin ó shin i leith.) |
(And that has been a proverb since.) |
|
Búraid ocus béccid Cathal iar sin, |
Bhúir agus bhéic Cathal ansin |
Then Cathal roared and bellowed, |
|
ocus fócrais a marbad in scolaige. |
agus d’fhógair sé an scológ a mharú. |
and commanded the killing of the scholar. |
|
Ní dernad trá fair-sium in ní-sin. |
Ní dhearnadh rud air faoi sin, *áfach*. |
But that was not done for him. |
|
“Maith, a C[h]athail,” ar Mac Con Glinne, “aislinge do-m-árfas, |
“Maith, a Chathail,” arsa Mac Conglinne, “aisling a taibhsíodh dom |
“Well, Cathal,” said Mac Conglinne, “a vision has appeared to me, |
|
ocus it-c[h]uala it mait[h]-siu oc breith for aislingi.” |
agus chuala gur maith tú ag ciallú aislinge.” |
and I have heard that you are good at interpreting a dream.” |
|
“Do m’ debroth,” ol Cathal, |
“Dar mo mhóid Dé,” arsa Cathal, |
“By my God’s Doom,” exclaimed Cathal, |
|
“dia mberaind for aislingi fer talman, |
“bíodh go dtabharfainn *míniú* ar aislingí fear domhain *eile*, |
“though I should interpret the dreams of the men of the world, |
|
ní béraind for th’ aislingi-se.” |
ní bhéarfainn *míniú* ar d’aislingse.” |
I would not interpret yours.” |
|
“For-t-gillim,” or Mac Con Glinne, |
“Geallaim duit,” arsa Mac Conglinne, |
“I vow,” said Mac Conglinne, |
|
“cen co ruca-su, |
“bíodh nach dtabharfá, |
“even though you do not interpret it, |
|
indisfither hí i t’ f[h]iadnaise.” |
inseofar *ar aon chuma* i d’fhianaise í.” |
it shall be related in your presence.” |
|
Fóbrais trá a aislingi. |
Thosaigh sé ansin ar a aisling. |
He then began his vision, |
|
Is amlaid didiu ro indis |
*Agus* is amhlaidh a bhí sé á hinsint |
and the way he related it was, |
|
ocus dá mír nó a trí |
agus dhá mhír nó trí *á gcur aige le chéile* |
whilst putting two morsels or three at a time |
|
sech bél Cathail i n-a beólu fodén. |
thar bheola Chathail ina bhéal féin. |
past Cathal’s mouth into his own. |
Section 51
|
“Aislingi it-chonnarc araír, |
“Aisling a chonaic mé aréir |
“A vision I beheld last night: |
|
mo dul for fecht dís nó triúr, |
mo dhul feacht le beirt nó triúr |
I sallied forth with two or three, |
|
co n-acca in tech find forlán |
go bhfaca *ní* — an teach forlán |
When I saw a fair and well-filled house, |
|
i raba a lommnán do biúd. |
is é lomlán de bhia. |
In which there was great store of food. |
|
|
|
|
|
Co n-acca in loch lemnachta |
Go bhfaca an loch leamhnachta |
A lake of new milk I beheld |
|
for lár muige find, |
i lár má finne |
In the midst of a fair plain. |
|
co n-acca in tech lér-gníma |
go bhfaca an teach áirgiúil *án* |
I saw a well-appointed house |
|
iar n-a thugaid d’ imm. |
*agus* tuí *air* d’im. |
Thatched with butter. |
|
|
|
|
|
Tan tánuc ’n-a mórthimchell |
Nuair a tháinig mé mórthimpeall air |
As I went all around it |
|
do f[h]égad a uird, |
go bhféachfainn a chruth |
To view its arrangement: |
|
maróca ar n-a cét-berbad |
maróg arna nua-bheirbhiú |
Puddings fresh-boiled, |
|
ba h-iat sin a scuilb. |
ba iad sin a scoilb. |
They were its thatch-rods. |
|
|
|
|
|
A dí ersaind bocai brechtáin, |
A dhá ursain bhoga ime (?) |
Its two soft door-posts of custard, |
|
a léibend do gruth is d’ imm, |
a léibheann de ghruth is im |
Its dais of curds and butter, |
|
imdadai do blonaig bladaig, |
iomdhadha de bhlonag bhláfar |
Beds of glorious lard, |
|
scéith iumdai do thanaig thimm. |
sciatha iomaí de cháis shlim. |
Many shields of thin pressed cheese. |
|
|
|
|
|
Fir fo sciathraigib na sciath-sin, |
Fir faoi sciathracha na sciath sin |
There were men under the straps of those shields, |
|
do moethail buic mellaig mín, |
de bhogmhaothal meallach mín |
Who were made of soft sweet smooth cheese, |
|
fir cen tuicse gona Goedil, |
fir nach eol dóibh Gaeil a ghoin |
Men who knew not to wound a Gael, |
|
goeí gruitne cech oenfhir díb. |
ga sean-ime ag gach aon fhear díobh. |
Each of them had a spear of old butter. |
|
|
|
|
|
Coire ra-mór lán do luabin, |
Coire ró-mhór, lán le sócamais — |
A huge caldron full of porridge (?) |
|
dar liumm ro lámus riss gleó; |
dar liom, *ba chóir dul sa* ghleo leis — |
(I thought I’d try to tackle it) |
|
braisech bruithe duillech dond-bán, |
praiseach dhonnbhán dhuilleach ann |
Boiled, leafy kale, browny-white, |
|
lestar lommnán lán do cheó. |
leastar bainne lán go béal. |
A brimming vessel full of milk. |
|
|
|
|
|
Tech saille dá fhichet toebán, |
Teach bagúin daichead taobhán |
A bacon house of two-score ribs, |
|
coelach coelán, coimge c[h]lann; |
caolach stéige a chothódh clann |
A wattling of tripe — support of clans — |
|
da cech biúd bud maith la duine |
de ghach aon bhia ba mhaith le duine |
Of every food pleasant to man, |
|
dar lium bátar uile and.” |
dar liom bhíodar uile ann.” |
It seemed to me the whole was gathered there.” |
|
Aislingi it-c[h]onnarc |
|
|
|
|
|
|
|
Ocus dixit beós: |
Agus dúirt sé fós: |
And he said further: |
|
|
|
|
|
“Aislingthe it-chondarc araír, |
“Aisling a chonaic mé aréir |
“A vision I beheld last night, |
|
ba caín gébend; |
ba chaoin taibhream |
It was a fair spell, |
|
ba balcc bríge co tárfas dam |
is láidir mar a taibhsíodh dom |
It was a power of strength when to me appeared |
|
ríge nÉrend. |
ríocht na hÉireann. |
The kingship of Éireann. |
|
|
|
|
|
Co n-accai in liss mbilech mbarrach, |
Go bhfaca an lios bileach craobhach |
I saw a court-yard topped with trees, |
|
ba saill sondach; |
ba shaill a shonnach |
A bacon palisade, |
|
caisel do min-scellcib, carrach, |
caiseal uime de mhionsceallaí |
A bristling rubble dyke of stone |
|
tanach torrach. |
de cháis thorrach. |
Of pregnant cheeses. |
|
|
|
|
|
Cadlai mucc, is de do-rónta |
De phutóga muc is ea a rinneadh |
Of chitterlings of pigs were made |
|
a cholbai cadlai; |
a rachtaí áille |
Its beautiful rafters, |
|
suairc in sonba ocus uaitne, |
breá a chuaillí is a uaithní |
Splendid the beams and the pillars, |
|
onba amra. |
de bhágún (?) breá. |
Of marvellous bacon (?). |
|
|
|
|
|
Amra in fhís dam do-árfas |
Breá an fhís a taibhsíodh dom |
Marvellous the vision that appeared to me |
|
cind mo thellaig; |
cois mo theallaigh |
By my fireside: |
|
fidchell imme co n-a foirind |
ficheall ime lena fhoireann |
A butter chessboard with its men, |
|
bláith, bricc, bendaig. |
bhláith bhreac bheannach. |
Smooth, speckled, peaked. |
|
|
|
|
|
Bendachad Dia mo labra, |
Go mbeannaí Dia mo labhra — |
God bless the words I utter, |
|
líth cen tassa; |
ba fleá gan foirceann — |
A feast without fatigue; |
|
iar techt dam hi Sliab nImme |
iar dteacht dom go Sliabh Ime |
When I got to Butter-mount, |
|
ro láit[h]ea gille fo mm’ assai.” |
bhain giolla díom m’asa.” |
A gillie would take off my shoes.” |
|
Aislingi |
|
|
Section 52
|
Incipit don f[h]ábull sísana budesta. |
Tosaíonn an fhabhal anseo síos. |
Here now begins the fable. |
|
Cérba tromm in phian les-sium beth dí láa co n-aidche cen biad, |
Cé go mba throm an phian le Cathal a bheith dhá lá agus oíche gan bia, |
Though grievous to Cathal was the pain of being two days and a night without food, |
|
ba ro-mó leis do phéin tuirem na mbiad n-imda n-imorcide n-écsamail i n-a f[h]iadnaise, |
ba mhó fós ba phian leis áireamh na mbianna iomarcacha éagsúla ina fhianaise |
much greater was the agony of listening to the enumeration before him of the many various pleasant foods, |
|
ocus cen ní díb dó. |
agus gan ní díobh dó. |
and none of them for him. |
|
Iar sin dó i cend na fáible. |
Is ansin *a chuaigh* Mac Conglinne i gceann na fábhaile *a insint*. |
After this, Mac Conglinne began the fable. |
|
“In tan trá ro mbá ann araír i m’ lepaid chaín chumdachta |
“Is mé ansin aréir i mo leaba chaoin dhea-dhéanmhach, |
“As I lay last night in my beautiful canopied bed, |
|
co n-a h-uatnib forórda, co n-a colbaib créduma, |
lena huaithní forórga, lena colbhaí cré-umha, |
with its gilded posts, with its bronze rails, |
|
co cuala ní .i. in guth frim, |
chuala mé ní — an guth chugam — |
I heard something — a voice coming towards me — |
|
‘Eirc, a t[h]ruaig, a Meic Con Glinne!’ |
‘Éirigh, a thruáin, a Mhic Conglinne!’ |
‘Get up, you wretch, Mac Conglinne!’ |
|
Ocus ni ro f[h]recrus-[s]a in ni-sin. |
agus níor fhreagair mé é. |
but I answered it not. |
|
Deithbir dam |
A chúis go maith agam: |
That was natural; |
|
— ro boí do c[h]lithmaire mo lepthai |
cluthaireacht mo leapa |
such was the comfort of my bed, |
|
ocus do shádaile mo chuirp |
agus sáile mo choirp |
the ease of my body, |
|
ocus do thressi mo chotultai. |
agus treise mo chodalta. |
and the soundness of my slumber. |
|
Co n-ebert aridisi, |
Nó go ndúirt an guth arís: |
Whereupon it said again: |
|
‘Fomna, fomna, a Meic Con Glinne, beóchail ná ro-t báda!’, .i. faitches lat ná ro-t báde beóil. |
‘Fainic, fainic, a Mhic Conglinne, seachain nár bá an súlach thú!’ |
‘Beware, beware, Mac Conglinne, lest the gravy drown you!!’ |
|
Atom-raracht matain moch ar n-a bárach |
D’éirigh mé maidin moch arna mhárach |
At early morn on the morrow I arose, |
|
don tiprait do indmad mo lám, |
*agus chuaigh mé* don tobar le mo lámha a ionnmhadh, |
and went to the well to wash my hands, |
|
co n-acca ní, in scál mór a m’ dochumm. |
go bhfaca ní — an scáil mhór chugam. |
when I saw a mighty phantom approaching me. |
|
‘Maith in sin,’ ol sé frim. |
‘Maith ansin,’ ar seisean liom. |
‘Well, there,’ said he to me. |
|
‘Maith ém,’ ol smé friss. |
‘Maith, go deimhin,’ arsa mise leis. |
‘Well, indeed,’ said I to him. |
|
‘Maith trá, a t[h]róig,’ ol in Scál; |
‘Maith, cinnte, a thruáin,’ arsa an scáil, |
‘Well, now, wretch,’ said the phantom, |
|
‘messi t[h]idnuis robud duit araír, |
‘mise a thug rabhadh duit aréir |
‘it was I that gave you warning last night, |
|
ná ro-t báde beóchail. |
nár bá an súlach thú. |
lest the gravy should drown you. |
|
Acht aen ní c[h]enai: |
Ach, go deimhin, *is fíor gurb amhaidh*: |
But, verily, it was thus: |
Section 53
|
Ba robad do t[h]roich, |
Ba rabhadh do throch, |
Warning to one fey, |
|
ba h-irchuitbed fri foigdech, |
ba fhonóid faoi fhoighneach, |
Mocking a beggar, |
|
ba tusliud clochi fria crand, |
ba theilgean cloiche le crann, |
Dropping a stone on a tree, |
|
ba sanais fri bodar, |
ba chogar do bhodhar, |
Whispering to the deaf, |
|
ba díbad for dubach, |
b’oidhreacht do dhuine dubhach, |
A legacy to a glum man, |
|
bid cor eptha i cléith, |
ba chur ortha i gcliath, |
Putting a charm in a hurdle, |
|
ba gat im gainem nó im gual, |
ba ghad um ghaineamh nó um ghrean, |
A withe about sand or gravel, |
|
ba [h-]esorcu darach do dhornaib, |
ba thuargain darach le doirne, |
Striking an oak with fists, |
|
ba deól mela a mecnaib ibair, |
ba dhiúl meala as fréamhacha iúir, |
Sucking honey from roots of yew, |
|
ba cuinchid imme i llige chon, |
b’im a iarraidh i bhfail con, |
Looking for butter in a dog’s kennel, |
|
ba longad i scellaib scibair, |
ba bhéile de scealla piobair, |
Dining on the husks of pepper, |
|
ba [h-]iarraid olla for gabur, |
b’iarraidh olla ar ghabhar, |
Seeking wool on a goat, |
|
ba saiget i corthi, |
ba shaighead i gcoinne coirthe, |
An arrow at a pillar, |
|
ba cosc lára do broimnig, |
ba chosc lárach de bhroimneach, |
Keeping a mare from breaking wind, |
|
ba cosc mná boíthe do drúis, |
ba chosc mná baoithe de dhrúis, |
Keeping a loose woman from lust, |
|
ba [h-]usce for tóin créthir, |
ba *lorg* uisce ar thóin chriathair, |
Water on the bottom of a sieve, |
|
ba taeb fri coin fholmnig, |
b’iontaoibh a thabhairt le cú goimhe, |
Trusting a vicious hound, |
|
ba salond for luachair, |
ba shalann ar luachair, |
Salt on rushes, |
|
ba tinnsccra iar n-indsma, |
ba phósadh tar éis coilleadh óchta, |
A dowry after loss of virginity, |
|
ba rún fri mnaí mbaíth, |
ba rún *a ligean* le bean bhaoth, |
A secret to a silly woman, |
|
ba ciall i n-óinmit, |
ba chiall *a lorg* ar óinmhid, |
(Looking for) sense in an oaf, |
|
ba mórad mogad, |
ba mhogha a mhóradh, |
Exalting slaves, |
|
ba lind do baethaib, |
ba lionn a dháil ar naíonán, |
Ale to infants, |
|
ba h-immthús fria ríg, |
ba chomórtas a dhéanamh le rí, |
Competing (?) with a king, |
|
ba coland cen chend, |
ba cholainn gan cheann, |
A body without a head, |
|
ba cend cen cholaind, |
ba cheann gan cholainn, |
A head without a body, |
|
ba caillech fri clog, |
ba chailleach mar chlogaire, |
A nun as bell-ringer, |
|
ba h-athlaech i cathaír n-espuic, |
b’athlaoch a chur i gcathaoir easpaig, |
A veteran in a bishop’s chair, |
|
ba tuath cen ríg, |
ba thuath gan rí, |
A people without a king, |
|
ba h-imram luinge cen laí, |
b’iomramh loinge gan stiúir, |
Rowing a boat without a rudder, |
|
ba h-arbor i cliab toll, |
b’arbhar i gcliabh tollta, |
Corn in a basket full of holes, |
|
ba h-ass for sechid, |
ba bhainne a chur ar sheithe, |
Milk on a hide, |
|
ba tigadus cen mhnaí, |
ba thíos gan bhean, |
Housekeeping without a woman, |
|
ba caera for gaimen, |
ba chaora a lorg ar sheithe, |
Berries on a hide, |
|
ba taidbsi (.i. messa) do p[h]ecdachu, |
ba thaibhse rabhaidh do pheacaigh, |
Warning visions to sinners, |
|
ba h-athis i n-inchuib, |
b’aithis *lena bhéal* do dhuine, |
Reproof to the face, |
|
ba h-aisec cen taisec, |
b’aiseag gan aisíoc, |
Restoration without restitution, |
|
ba cur síl i ndroch-ithir, |
ba chur síl i ndrochgharraí, |
Putting seed in bad land, |
|
ba tárcud do dhroch-mnaí, |
ba shealúchas do dhroch-bhean, |
Property to a bad woman, |
|
ba fognam do dhroch-f[h]laith, |
b’fhónamh a dhéanamh do dhrochfhlaith, |
Serving a bad lord, |
|
ba leth-ard cundartha, |
ba chonradh leataobhach, |
An unequal contract, |
|
ba tomus lettromm, |
ba thomhas leatrom, |
Uneven measure, |
|
ba tidecht tar fuigell, |
ba dhul thar bhreith, |
Going against a verdict, |
|
ba sárugud soscéla, |
ba shárú shoiscéil, |
To outrage the gospel, |
|
ba forcetul Ancríst |
ba theagasc a chur ar Ain-Chríost, |
Instructing Antichrist, |
|
t’ f[h]orcetul-sa im do longad, a Meic Con Glinne.’ ” |
tusa a theagasc faoi do longadh, a Mhic Conglinne.’ ” |
to instruct you, Mac Conglinne, regarding your appetite.’ ” |
Section 54
|
“ ‘At-biur mo debroth,’ or Mac Con Glinne, |
“ ‘Tugaim mo mhóid Dé’, arsa Mac Conglinne, |
“ ‘I declare by my God’s Doom,’ said Mac Conglinne, |
|
‘is cruaid codut in cosc.’ |
‘gur crua géar an cáineadh sin’. |
‘the reproof is hard and severe.’ |
|
‘Ced sin?’ ol in Scál. |
‘Cad chuige a deir tú sin?’ arsa an scáil. |
‘How is that?’ asked the phantom. |
|
‘Ní h-annsa,’ or Mac Con Glinne, |
‘Ní hansa,’ arsa Mac Conglinne, |
‘Not hard to say,’ Mac Conglinne answered, |
|
‘ní fhetar can tice |
‘níl a fhios agam cárb as a thagann tú, |
‘I do not know from where you come, |
|
nó cia thégi |
ná cá bhfuil do thriall, |
nor where you go, |
|
nó can deitt fén |
ná cad as duit féin *ar chor ar bith* |
nor from where you are yourself, |
|
fria t’ imchomarc nó fri t’ aisnés doridise.’ |
le go gceistneoinn thú nó le go bhfreagrófá.’ |
to question you, or tell you again.’ |
|
‘Ní h-annsa ém,’ ol in Scál, |
‘Ní deacair sin *a insint*,’ arsa an scáil. |
‘That is easily known,’ said the phantom. |
|
‘.i. Buarannach mac Elc-[C]aib Essamain |
‘Buinneachán Mac Ealcaib Neamhuamhnaigh mé |
‘I am Buinneachán (Diarrheal), son of Ealcaib Neamhuamhnaigh (the Fearless), |
|
a Síth Longthe do-m-ánaic-sea.’ |
agus is as Sí Longtha a tháinig mé.’ |
from the Fairy-Knoll of Eating.’ |
|
‘Do-munim,’ or Mac Con Glinne, ‘mása thú, |
‘Is dóigh liom,’ arsa Mac Conglinne, ‘más tú sin, |
‘If you are he,’ Mac Conglinne said, |
|
fileat scéla móra lat, |
tá mór-scéala leat |
‘I I fancy you have great news, |
|
ocus didiu fiss scél ó biúd ocus ó longad. |
agus tuairisc *gan amhras* faoi bhia agus longadh. |
and tidings of food and eating. |
|
In fil lat?’ |
An bhfuil sin agat?’ |
Have you any?’ |
|
‘Fil trá,’ ol in Scál, |
‘Tá, go deimhin,’ arsa an scáil, |
‘I have indeed,’ said the phantom; |
|
‘ocus má ’tá, |
‘agus, bíodh go bhfuil, |
‘but though I have, |
|
nirb s[h]ursan do charait |
níor mhéanar do chara |
it would be no luck for a friend |
|
beth a ndíchumci longthi |
a bheadh ar lagchumas itheacháin |
who had no power of eating |
|
fri comriachtain friss.’ |
dá dtagadh sé fad leis.’ |
to come up with it.’ |
|
‘Ced ón?’ or Mac Con Glinne. |
‘Conas sin?’ arsa Mac Conglinne. |
‘How is that?’ Mac Conglinne asked. |
|
‘Ní h-annsa ém,’ ol in Scál, |
‘Ní deacair *sin a insint*,’ arsa an scáil. |
‘Indeed, it is not hard to tell,’ said the phantom. |
|
‘.i. cen broind coíc-duirn comlethain cernaig cian-fhota cethar-láin cethar-ochair acca, |
‘*Dá mbeadh sé* gan bholg cúigdhorn, comhleathan, cearnach, comhfhada, ceathairlán, ceathaireochair aige |
‘Even so: unless he had a very broad four-edged belly, five hands in diameter, |
|
i tallfatís na trí noí n-ithe |
ina dtoillfeadh na trí naoi n-ithe |
in which could be fitted thrice nine eatings, |
|
ocus na secht n-óla |
agus na seacht n-óla |
and seven drinkings |
|
imm ól nónbuir cacha díb-side, |
(agus ól naonúir i ngach ól díobhsin) |
(with the drink of nine in each of them), |
|
ocus na secht tomaltais |
agus na seacht dtomhaltas |
and of seven chewings, |
|
ocus na noí ndíthata, |
agus na naoi ndíleá |
and nine digestions |
|
ocus praind c[h]ét cacha h-ithe ocus cacha h-óla |
agus proinn chéid i ngach ithe agus gach ól |
— a dinner of a hundred being in each of those eatings, drinkings, |
|
ocus cacha longthi ocus cacha díthata díb-side fo leith.’ ” |
agus gach longadh agus gach díleá díobh sin ar leith.’ ” |
swallowings, and digestions respectively.’ ” |
Section 55
|
“ ‘Ór ná fil lem-sa in mbroind-sin,’ or Mac Con Glinne, |
“ ‘Ó nach bhfuil bolg mar sin ormsa,’ arsa Mac Conglinne, |
“ ‘Since I have not that belly,’ answered Mac Conglinne, |
|
‘tidnais comarli dam, ar is acobrach dam fritt.’ |
‘tabhair do comhairle dom, ó tá craos múscailte agat ionam.’ |
‘give me your counsel, for you have made me greedy.’ |
|
‘Do-bér-sa ón comairle duit,’ ol in Scál; |
‘Béarfaidh mise comhairle duit, *go deimhin*,’ arsa an scáil.. |
‘I will indeed give you counsel,’ said the phantom. |
|
‘eirg,’ ol sé, ‘doc[h]umm in díserta ó tudchad-sa, |
‘Éirigh,’ ar sé, ‘chuig an díseart óna dtáinig mé |
‘Go,’ said he, ‘to the hermitage from which I have come, |
|
.i. dísert ind F[h]áthlegai, |
— Díseart an Fháithlia — |
even to the hermitage of the Wizard Doctor, |
|
ocus fo-géba ann h-ícc do mian do cach biúd at accobar do c[h]raes ocus do chride, |
agus gheobhaidh tú ansin sásamh do mhian de gach bia a shantaíonn do chraos agus do chroí í; |
where your appetite for all kinds of food, which your gullet and your heart can desire, will find a cure; |
|
airm i n-airlím[fa]thar do déta |
airm a líomhfar d’fhiacla |
where your teeth will be polished |
|
ó na biadu immda inganta ilerda |
leis na bianna iomaí iontacha iolartha |
by the many wonderful manifold foods |
|
it-chótamar; |
a ndearnamar trácht orthu; |
of which we have spoken; |
|
i n-indraithfither do dulas; |
áit a scaipfear do dhubhachas |
where your melancholy will be attacked; |
|
i lláife do chiall bidgu; |
*agus* a mbainfear bíogadh as do chéadfaí; |
where your senses will be startled; |
|
i mbat budig do beóil do shain-ól ocus do shain-ait, |
áit ar buíoch do bheola den sain-ól agus den sain-ithe, |
where your lips will be gratified with choice drink and choice morsels, |
|
do longad ocus do brondad |
de longadh agus de bhronnadh |
with eating and putting away |
|
cacha bíd buic blasta bláth-milis |
gach bia bog, blasta, bláithmhilis |
every sort of soft, savoury, tender-sweet food |
|
bhus tol do t’ chorp, ocus nába tocrád do t’ anmain; |
is toil le do chorp agus nach crá dod’anam é |
acceptable to your body, and not injurious to your soul, |
|
acht co ris a dochumm ind F[h]áthlega |
— ach go sroichfidh tú fad leis an bhFáithlia *féin* |
— if only you reach the Wizard Doctor, |
|
ocus Becnat Bélathi |
agus le Beagnait Bhealaithe |
and Beagnait Bhealaithe (Plump Beagnait), |
|
ingen meic Baetáin Brass-Longthig, |
iníon mhic Bhaotháin Mhórlongaigh, |
daughter of Baothán Mórlongach (of Great Appetite), |
|
a ben ind F[h]áthlega.’ ” |
bean an Fháithlia.’ ” |
the wife of the Wizard Doctor.’ ” |
Section 56
|
“ ‘In láa ricfa-su dochum in dúnaid, |
“ ‘*Agus* an lá a ráineoidh tú chun an dúna |
“ ‘The day you will arrive at the fort |
|
is é in lá-sin tóicébthar a pupall h-ítha immpu |
is ar an lá sin a thógfar a phuball méathrais umpu |
will be the day on which his pavilion of fat will be raised about him, |
|
for a crund-muigib córaib cruithnechta |
ar a gcruinnmhánna córa cruithneachta, |
on its fair round wheat plains, |
|
— in dá Loan, in Lón-Loingén, ocus in dag-mac Lón-Chorén |
in éineacht leis an dá Luan, an Lónloingeán agus dea-mhac Lónchoire |
with the two Loins, the Gullet, and the worthy Son of Fat-kettle, |
|
co n-a [cho]choll do íthascaig imme. |
agus a gcochaill de bhlonag (?) umpu. |
with their mantles of suet (?) about them. |
|
Bid maith duit-siu in láa |
Maith an lá duitse an lá |
It will be a happy day for you |
|
ricfa doc[h]umm in dúnaid-sin, |
a ráineoidh tú chun an dúna sin, |
when you will reach the fort, |
|
a Meic Con Glinne,’ ol sé in Scál, |
a Mhic Conglinne,’ arsa an scáil, |
O Mac Conglinne,’ said the phantom; |
|
‘ocus didiu conid hé sin láa |
‘mar is cinnte gurb é sin lá |
‘the more so as that will be the day, |
|
gairfither toísig Tuathi in Bíd dochumm in dúine.’ |
a ngairfear taoisigh Thuatha an Bhia chun an dúna.’ |
on which the chieftains of the Tribe of Food will be summoned to the fort.’ |
|
‘Ocus cia a n-anmanna-sin?’ or Mac Con Glinne. |
‘Cad is ainmneacha do na taoisigh sin?’ arsa Mac Conglinne. |
‘And what are their names?’ asked Mac Conglinne. |
|
‘Ní h-annsa,’ ol in Scál, |
‘Scéal furasta sin,’ arsa an scáil — |
‘Not hard to tell,’ said the phantom; |
|
‘.i. Áirnechán mac Saille Slemni súgmaire, |
‘Áirneachán Mac Saille Sleamhaine Súmhaire |
‘they are Little Sloe, son of Smooth-Juicy-Bacon; |
|
ocus Bairgenach mac Toraid Tirm-Charna, |
agus Bairíneach Mac Toraidh Thirimfheola |
and Cakey, son of Hung Beef; |
|
ocus Fás-Taíb mac Lón-Longén, |
agus Fástaobh mac Lónloingeáin |
and Hollow-sides, son of Gullet, |
|
ocus Lachtmarán mac Blichtucán, |
agus Lachtmharán mac Bhliochtacháin |
and Little-Milk, son of Lactulus, |
|
ocus Lám-Dóitech mac Lethir-Chind, |
agus Lámhdhóideach Mac Leathar-Chinn |
and Wristy-Hand, son of Leather-Head, |
|
ocus Óc-Mael Blongi mac Slessa Sen-Shaille.’ |
agus Ógmhaol Blonaige mac Sleasa Seansaille.’ |
and Young Lard, son of Flitch of Old-Bacon.’ |
|
‘Ocus cia h’ ainm-siu fodén |
‘Agus cad é d’ainmse féin, |
‘And what is your own name, |
|
fri iarfaige didiu?’ ” |
más ceadmhach dom a fhiafraí?’ arsa *Mac Conglinne*. |
if I may ask?’ said Mac Conglinne.’ ” |
Section 57
|
“ ‘Ní h-annsa,’ ol in Scál: |
“ ‘Ní miste sin,’ arsa an scáil: |
“ ‘Not hard to tell,’ said the phantom: |
|
|
|
|
|
‘Cruithnechtán mac Lemnachtán |
‘Cruithneachtán mac Leamhnachtáin |
‘Wheat, son of Milk, |
|
meic Saille súgmaire |
Mac Saille *Sleamhaine* Súmhaire |
Son of Juicy Bacon, |
|
m’ ainm-si fén; |
m’ainmse féin; |
Is my own name. |
|
Brechtán fo Mil |
Bogarán is Mil air |
Honeyed Butter-roll (?) |
|
comainm in f[h]ir |
ceartainm an fhir |
Is the man’s name |
|
bís fo m’ théig. |
a iompraíonn mo thiachóg. |
That bears my satchel. |
|
|
|
|
|
Hiars[h]liss Caerech |
Iarshlios Caorach |
Haunch of Mutton |
|
comainm mo chon, |
ceartainm mo chon |
Is my dog’s name, |
|
cadla band; |
is álainn a léim; |
Of lovely leaps; |
|
Blonag mo ben, |
Blonag, mo bhean, |
Lard, my wife, |
|
tibid a gen |
a gháireann a gean |
Sweetly smiles |
|
tar braisce barr. |
thar phraiseach *go séimh*. |
Across the kale-top. |
|
|
|
|
|
Millsén m’ ingen |
Milseán, m’iníon, |
Cheese-curds, my daughter, |
|
imthét inber, |
a théann timpeall an bheara |
Goes round the spit, |
|
gile a glond; |
is geal a cáil; |
Fair is her fame. |
|
Bóshall mo mac, |
Mairteoil Shaillte mo mhac |
Corned Beef, my son, |
|
taitnid a brat |
taitníonn a bhrat |
Whose mantle shines |
|
tar ethri n-oll. |
thar eireaball ollmhór. |
Over a big tail. |
|
|
|
|
|
Ól nOlar |
Blastacht na mBlastacht |
Savour of Savours |
|
comainm inalta mo mná; |
ceartainm ionailte mo mhná |
Is the name of my wife’s maid: |
|
matan moch |
ar maidin moch |
Morning-early |
|
tar Loch Lemnachta ro-s lá. |
thar an Leamhnachtloch do ghabh stáir. |
Across New-milk Lake she went. |
|
|
|
|
|
Bó-Ger m’ airech, |
Bó-Gheir mo stéad |
Beef-suet, my steed, |
|
sall boc brainech |
stail bhreá phramsach |
An excellent stallion, |
|
brogas scuir; |
a mhéadaíonn graí; |
That increases studs; |
|
is dín saethra |
is díon ar saothar |
A guard against toil |
|
sadall maethla |
an diallait mhaothaile |
Is the saddle of cheese |
|
for a muin. |
don té ar a mhuin. |
On his back. |
|
|
|
|
|
In tan lécar |
Nuair a ligtear |
When a cheese-steed |
|
i n-a diaid |
ina dhiaidh |
is sent |
|
oirech maethla, |
capall maothaile |
after him |
|
luath a ruth, |
is luath a rith; |
Rapid his course, |
|
híth ar allaib |
íoth ar a srianta |
Fat on its reins (?) |
|
bíd ar asnaib |
ar *gach* easna ann — |
is on his ribs, |
|
sech cach cruth. |
fearr ná gach cruth. |
Exceeding all shapes. |
|
Cruth. |
|
|
|
|
|
|
|
Mór-mhuince do mulchán mellach |
Mórmhuince de mhulchán meallach |
A large necklace of delicious cheese-curds |
|
im a chúl, |
um a chúl |
Around his back, |
|
adastar ocus a ellach |
a adhastar agus *fós* a iallach |
His halter and his traces all |
|
d’ imim úr. |
d’im úr. |
Of fresh butter. |
|
|
|
|
|
A srian co n-a aradnu h-ítha |
A shrian is a aradhain íotha |
His bridle with its reins of fat |
|
in cach dú, |
i ngach dú |
In every place, |
|
inbert inbe co n-a tibrecht |
muinbhrat uime d’inne slíoctha, |
A saddle-bag of tripe with its overspill |
|
d’ inbib crú. |
d’inne cró. |
of bloody tripes. |
|
|
|
|
|
Ug-Adarc mo gilla gloma[i]r, |
Ubh-Adharc mo ghiolla chapaill |
Egg-horn is my bridle-boy |
|
nít[h]a tuir |
uaithne i gcomhrac |
a pillar in conflict, |
|
ré ndul i ndáil báis dáig — ní bras — |
roimh dul i ndáil bháis chinnte — ní bras — |
before going to meet the certain death — not great — |
|
tí do-t-cuir. |
a ghlaonn air. |
which summons him. |
|
C[ruth]. |
|
|
|
|
|
|
|
M’ inar craíbechán imum-sa |
M’ionar d’anraith timpeall orm |
My pottage tunic around myself |
|
in cach dú, |
i ngach dú, |
Everywhere, |
|
blonacc-thinbe occus inbe |
slisne bhlonaige agus inbe |
a slice of suet, and tripe |
|
ná téit crú.’ ” |
nach gcuireann fola.’ ” |
which does not bleed.’ ” |
|
C[ruth]. |
|
|
Section 58
|
“ ‘Cosna biadaib oirerda ingantaib út duit festa, |
“ ‘Imigh leat, feasta, chuig na bianna oirearca iontacha úd, |
“ ‘Off with you now to those delicious prodigious foods, |
|
a Meic Con Glinne!’ ol in Scál, |
a Mhic Conglinne!’ arsa an scáil: |
O Mac Conglinne!’ said the phantom, |
|
‘.i. Biada ile inganta, |
‘Ilbhianna iontacha |
‘many wonderful provisions, |
|
staci cach bíd bélaide, |
spólaí de gach bia bealaithe |
pieces of every palatable food, |
|
miassa donna derg-buide |
miasa donna deargbhuí |
brown red-yellow dishes, |
|
lomnána cen locht; |
lomlána gan locht |
full without fault, |
|
aisle buana bóshaille, |
aisle buana bóshaille |
perpetual joints of corned beef, |
|
blongi bláthi bélaide, |
blonag bláith bealaithe |
smooth savoury lard, |
|
tarthra[i]nn troma torcc.’ |
sliasta troma torc.’ |
and heavy flitches of boar.’ |
|
‘Cusna Blongib duit festa ocus cusna Maethlaib!’ ol in Scál. |
‘Imigh leat, feasta, chuig na geireacha agus chuig na maothla!’ arsa an scáil. |
‘Off with you now to the suets and cheeses!’ said the phantom. |
|
‘Regut ém,’ or Mac Con Glinne, |
‘Rachaidh mé, go deimhin,’ arsa Mac Conglinne, |
‘I will certainly go,’ said Mac Conglinne, |
|
‘ocus tabair soscéla immum.’ |
‘agus cuir-se anois soiscéala umam.’ |
‘and let you put a gospel around me.’ |
|
‘Do-bérthar,’ ol in Scál, |
‘Tabharfar,’ arsa an scáil, |
‘It shall be given,’ said the phantom, |
|
‘.i. soscéla do thirmcháisi c[h]ethar-ochair c[h]utrumma, |
‘soiscéala de thirim-cháisí ceathair-shleasacha cothroma, |
‘that is to say, a gospel of four-cornered even dry cheese, |
|
ocus gébthair mo p[h]ater-sa fodén imut, |
agus cuirfear mo phaidrín féin umat |
and I will put my own paternoster around you, |
|
ocus ní-s tadaill athgéri nó occuras int-í ima ngabar hí.’ |
agus ní shroichfidh airc ná ocras an té um a gcuirtear é.’ |
and neither greed nor hunger can visit him around whom it is put.’ |
|
Ut dixit: ‘For foesam duit na saille slemni súgmaire, a Meic Con Glinne!’ ol in Scál; |
Agus dúirt sé: ‘Go mba faoiseamh duit na bágúin shleamhaine shúmhara, a Mhic Conglinne!’ arsa an scáil. |
And he said: ‘May smooth juicy bacon protect you, O Mac Conglinne!’ said the phantom. |
|
‘for foesam duit na crothi cruadi cúl-budi, a Meic Con Glinne!’ ol in Scál; |
‘Go mba faoiseamh duit an t-uachtar crua cúlbhuí, a Mhic Conglinne!’ arsa an scáil |
‘May hard yellow-skinned cream protect you, O Mac Conglinne!’ said the phantom. |
|
‘for foesam duit in chori lá[i]n do c[h]raíbechán, a Meic Con Glinne!’ ol in Scál; |
‘Go mba faoiseamh duit an coire lán d’anraith, a Mhic Conglinne!’ arsa an scáil. |
‘May the cauldron full of pottage protect you, O Mac Conglinne!’ said the phantom. |
|
‘for foesam duit in aigin lá[i]n do c[h]raíbechán, a Meic Con Glinne!’ ol in Scál. |
‘Go mba faoiseamh duit an t-oigheann lán de phraiseach, a Mhic Conglinne!’ arsa an scáil. |
‘May the pan full of pottage protect you, O Mac Conglinne!’ said the phantom. |
|
‘Dar mo debroth i fiadnaise in Dúileman,’ ar Mac Con Glinne, |
‘Dár mo mhóid Dé i bhfianaise an dúilimh,’ arsa Mac Conglinne, |
‘By my God’s doom, in the presence of the Creator,’ said Mac Conglinne, |
|
‘ba maith lium co rísaind a dochum in dúnaid-sin, |
‘ba mhaith liom rochtain chun an dúin sin |
‘I would like to get to that fort, |
|
dáig co tormolaind mo lór do na lendaib senaib síthaltai so-millsi |
ionas go gcaithfinn mo sháith de na leannta seana síothlaithe so-mhilse |
that I might consume my fill of those old strained delicious liquors, |
|
ocus do na biadaib inganta aidble út.’ |
agus de na bianna iontacha ábhala úd.’ |
and of those wonderful enormous foods.’ |
|
‘Mad maith lat-sa ém,’ ol in Scál, ‘fo-géba sin, |
‘Más é sin do mhian,’ arsa an scáil, ‘gheobhaidh tú sin go deimhin, |
‘If you really so wish,’ said the phantom, ‘you shall have them . |
|
ocus eirg amal as-berim-si frit; |
agus éirigh faoi mar a deirimse leat, |
Go as I tell you; |
|
acht namá dia téis, ní-s téig a merachad.’ |
ach má théann, fainic nach rachaidh tú amú.’ |
but only, if you go, do not go astray.’ |
|
‘Cid sin?’ ol Mac Con Glinne. |
‘Conas a dhéanfaidh mé sin?’ arsa Mac Conglinne. |
‘How is that?’ said Mac Conglinne. |
|
‘Ní h-annsa ém,’ ol in Scál; |
‘Ní deacair *sin a fhreagairt*, go deimhin’, arsa an scáil. |
‘Not hard to tell, indeed,’ said the phantom. |
|
‘acht fo-[t-]c[h]erd for faesum ocus comarci na n-óc n-antem n-anamail |
‘Cuir-se tú féin faoi choimirce agus faoi chosaint na n-óglach an-tim anamúil |
‘You must place yourself under the protection and safeguard of the mighty peerless warriors, |
|
.i. to[í]sig Thuath Bíd, |
— taoisigh Thuatha Bia, |
the chiefs of the Tribes of Food, |
|
ná’ ra-t rodba beóchoil.’ |
le nach mbáfaidh an súlach thú.’ |
lest the gravy destroy you.’ |
|
‘Ced ón,’ ol Mac Con Glinne, |
‘Conas sin, *go deimhin*?’ arsa Mac Conglinne. |
‘How, then,’ said Mac Conglinne, |
|
‘cia do t[h]o[í]sechaib Tuath Bíd |
‘Cé acu de thaoisigh Thuatha Bia |
‘which of the chiefs of the Tribes of Food |
|
is gératu comarci ar trom-thondaib beóchla?’ |
is cumasaí coimirce ar thromthonnta an tsúlaigh?’ |
are the most keen safeguards against the heavy waves of gravy?’ |
|
‘Ní h-annsa ém,’ ol in Scál, |
‘Ní deacair *sin a fhreagairt*,’ arsa an scáil |
‘Not hard to tell,’ said the phantom. |
|
‘.i. cusna Blongib ocus cusna Maethlaib.’ ” |
‘— na Blonaigí agus na Maothla.’ ” |
‘The Suets and the Cheeses.’ ” |
Section 59
|
“Atom-regar dó iar sin,” or Mac Con Glinne, |
“Chuir mé díom ar aghaidh ansin,” arsa Mac Conglinne, |
“Thereupon then I advanced,” said Mac Conglinne, |
|
“co h-erard cend-fhaelid cos-lúthmar. |
“go hurard ceann-fháilí coslúfar. |
“erect, with exultant head, with agile steps. |
|
In goeth no-s tic darsin tír-sin, |
An ghaoth a ghabhann trasna na tíre sin, |
The wind that comes across that country |
|
dúthracur conáb seocham no t[h]éissed |
ní tharam ba mhaith liom a dhul |
— it is not by me I wish it to go, |
|
acht comad a m’ beólu. |
ach isteach i mo bhéal. |
but into my mouth. |
|
Ba dethbir ón; |
Níorbh ionadh *mo dhíochas*, go deimhin, |
And no wonder, indeed; |
|
boí do thrumma in galair |
de bharr troime mo ghalair |
so heavy was the disease, |
|
ocus do therci in legis |
agus teirce mo leighis |
so scant the cure, |
|
[ocus] do accobar na n-ícidi. |
agus mian mo íce *ar m’aicíd*. |
so great the longing for the remedy. |
|
Atom-raracht |
Chuaigh mé chun cinn |
I advanced |
|
co dian díscir dénmnetaeh, |
go dian díscir deifreach, |
vehemently, furiously, impatiently, |
|
co mianach míchuirdech, |
go mianach arrachtach, |
eagerly, greedily, |
|
co slemda slithemda |
go sleamhnach slíocaí, |
softly, gliding, |
|
amal sinchán do leith aegaire |
amhail sionnach ionsar aoire, |
like a young fox approaching a shepherd, |
|
nó aithech do s[h]leith banrígna |
nó amhail aitheach ar tí bainríon a éigniú, |
or as a clown to violate a queen, |
|
nó fendóc doc[h]um [n]gairr |
nó feannóg ionsar ablach |
or a royston-crow to carrion, |
|
nó ag n-allaid |
nó agh alla |
or a deer |
|
do gebbad guirt gem-shecoil |
ar tí gort geamharsheagail a ghiobadh |
to the cropping of a field of winter-rye |
|
a mís Mitheman. |
i Mí Meithimh. |
in the month of June. |
|
Acht c[h]ena, tócba[i]m-sa mo lénid ós mellaib mo lárac, |
Ar aon chuma, thóg mé mo léine ós mealla mo mhása |
However, I lifted my shirt above my buttocks, |
|
ocus médithir lem ná tairissed cuil nó crebar nó corrmíl for m’ iarcomla, |
agus ba dhóigh liom nach leanfadh cuil ná creabhar ná corrmhíol de mo bhundún thiar |
and I thought that neither fly, nor gad-fly, nor gnat could stick to my hinder part, |
|
for a déni ocus athluime, |
ar a dhéine agus luaithe |
in its speed and agility, |
|
co ránuc maige ocus feda ocus fásaige dochumm in lacha ocus in dúnaid-sin.” |
ag dul thar mhánna agus coillte agus fásaigh chun an locha agus an dúin sin.” |
as I went through plains and woods and wastes towards that lake and fort.” |
Section 60
|
“Co n-acca ní i purt in lacha for mo chind |
“Go bhfaca ansin an rud ag port an locha ar mo cheann |
“Then in the harbour of the lake before me I saw |
|
.i. ethar bec beóchlaide bóshaille |
— eathar beag súmhar bóshaille |
a juicy little boat of beef-fat, |
|
co n-a immchassal gered, |
faoina chlúdach geire, |
with its coating of tallow, |
|
co n-a shessaib grotha, |
faoina sheasa grutha, |
with its thwarts of curds, |
|
co n-a braine blongi, |
lena ghob blonaige, |
with its prow of lard, |
|
co n-a erus imme, |
lena dheireadh ime, |
with its stern of butter, |
|
co n-a sculmarib smera, |
lena dholaí smeara, |
with its thole-pins of marrow, |
|
co n-a rámaib slessai sen-tuirc fair. |
lena rámhaí de shliasta seantoirc air. |
with its oars of flitches of old boar in it. |
|
Ba soccair trá in lestar i ndechumar. |
Ba shocair slán an leastar a ndeachamar ann. |
*Indeed*, she was a sound craft in which we embarked. |
|
Iar sin trá imrásium dar lethan-mhag Lacha Lemnachta, |
Iar sin, rámhaíomar linn thar leathanmhá Locha Leamhnachta, |
Then we rowed across the wide expanse of New-Milk Lake, |
|
dar trethna tremunta, |
thar farraigí treathanta, |
through seas of broth, |
|
tar inberaib meda, |
thar inbhir mheá, |
past river-mouths of mead, |
|
tar bolg-onfad bupt[h]aid bláithche, |
thar bholgthonnta spleodracha bláthaí, |
over swelling boisterous waves of butter-milk, |
|
tar báitsechaib buana bélaide, |
thar shíorlinnte buana bealaidh, |
by perpetual pools of gravy, |
|
sech caille drúcht-bela, |
seach coillte faoi dhrúcht bealaidh, |
past woods dewy with meat-juice, |
|
tar tibrén úscai olorda, |
thar toibreacha d’úsc olartha, |
past springs of savoury lard, |
|
a n-indsib moethal, |
thar insí maothaile, |
by islands of cheeses, |
|
tar cruad-chaircib gered gerthide, |
thar chruacharraigeacha geire gréisceach, |
by hard rocks of rich tallow, |
|
tar srónaib sen-grothai, |
thar chinn tíre seanghrutha, |
by headlands of old curds, |
|
tar tráchta tana[ch] tirmaide, |
thar tránna de cháis thirim, |
along strands of dry cheese; |
|
co ro gaibsium calath comnart cutruma |
nó gur ghabhamar caladh cruaneartmhar cothrom |
until we reached the firm, level beach |
|
eter Sliab nImme ocus Loch nAiss ocus Bend Grotha |
idir Shliabh nIme agus Loch Bainne agus Beann Ghrutha |
between Butter-Mount and Milk-Lake and Curd-Point |
|
ar bélu belaig criche hUa Moch-Longthi |
ar bhéala bealaigh chríche Ua Mochlongtha |
at the mouth of the pass to the country of Ua Mochlongtha (“O’Early-Eating”), |
|
for dorus díserta ind F[h]áthlega. |
os comhair dorais dísirt an Fháithlia. |
in front of the hermitage of the Wizard Doctor. |
|
Cach ráma do-bermís i lLoch Lemnachta, |
Gach buille rámha a thugaimís i Loch Leamhnachta |
Every oar we plied in New-Milk Lake |
|
co tochrad a mur-grian millsén for uachtar.” |
cuireadh sé muirghrean milseoige in uachtar.” |
would send its sea-sand of sweet cheese curds to the surface.” |
Section 61
|
“Conid ann at-bert Mac Con Glinne in guth a n-uachtar a chind: |
“Is ansin a dúirt Mac Conglinne in ard a chinn is a ghutha: |
“It was then Mac Conglinne said, at the top of his voice: |
|
‘Abb, abb, abb! Ní-m t[h]át múir nád gabind!’ |
‘Ab, ab, ab! Is í seo muir ba bhreá liom a ghabháil!’ |
‘Ha, ha, ha! there are not the seas that I could not take!’ |
|
Conid ann sin at-bert in Fáthliaig fri a muintir, |
Is ansin a dúirt an Fáithlia lena mhuintir: |
Then the Wizard Doctor spoke to his people: |
|
‘Fail dáim n-annsa in bar ndochum anocht, a muinter,’ ol in Fáthliaig, |
‘Tá dream dochraideach chugaibh anocht, a mhuintir |
‘A troublesome party approaches you to-night, my friends,’ said the Wizard Doctor, |
|
‘.i. Aniér Mac Con Glinne do Muimnechaib, |
— Ainéar Mac Conlinne de Mhuimhnigh — |
‘— Ainéara Mac Conglinne of the men of Munster — |
|
gláim-gilla uasal oirchetail, oirfitig áin; |
giolla óg uasal léannta aortha, *fear* foircheadail *agus* oirfideach án. |
a youngster of deep lore, entertaining and delightful. |
|
dáig ro caiter a deg-[fh]ritháilem, |
Caithfear deafhriothálamh a dhéanamh air, |
And he must be well served; |
|
ór is dublathi díscir |
óir is lionndubhach díscir |
for he is melancholy, passionate, |
|
dian dremun dénmnetach, |
dian dreamhan díbheargach é; |
impetuous, violent, and impatient; |
|
iss é mianach moch-loingt[h]ech, |
is mianach mochlongach |
and he is eager, fond of eating early; |
|
iss é ithamail anfhial occurach, |
agus is craosach ainfhial ocrach é; |
and he is voracious, ungenerous, greedy; |
|
iss é sám-[fh]ind so-bocc so-f[h]orcutbide; |
*agus san am céanna* is sámh-mhín, so-bhog, so-ghluaiste chun gáire é, |
and yet he is mild and gentle, easily moved to laughter (?). |
|
ocus is fer bret[h]i budi ocus oirbiri. |
agus is fear beirthe bhuíochais agus aithise é. |
And he is a man great in thanks-givings and in upbraidings. |
|
Dethbir ón, dáig ro-fhétand aír ocus molad |
Ní hionadh sin, mar gur féidir leis idir aor agus mholadh *a dhéanamh* |
And no wonder; for he has wit both to censure and to praise |
|
for tellach taige trebargloin mín |
ar theaghlach tí threabhar-ghlain mhín |
the hearth of a well-appointed, gentle, |
|
maisig medraig midchuartai.’ ” |
mhaisiúla mheidhrigh agus meá-halla ann.’ ” |
fine, mirthful house with a mead-hall.’ ” |
Section 62
|
“Ba h-amra trá in dísiurt i mbádus ann, |
“B’iontach, go deimhin, an díseart ina raibh mé. |
“Marvellous, indeed, was the hermitage in which I then found myself. |
|
.i. secht fichit cét sonn sleman sen-shaille imme, |
Seacht scór céad sonn sleamhain seanbhagúin uime |
Around it were seven score hundred smooth stakes of old bacon, |
|
ocus ba h-é cas-draigen boí uas c[h]léthi c[h]end-mullaig cacha suind s[h]ír-fhota, |
agus ba é a bhí mar dheilgne chasta os barrmhullach gach soinn shíorfhada *díobh* | and instead of the thorns above the top of every long stake |
|
.i. blonoc brothrach bélathi t[h]uirc t[h]rebair t[h]aiscelta |
ná blonag fhriochta bhealaithe as torc treabhar deachothaithe, |
was fried juicy lard of choice well-fed boar, |
|
fria fomtin imbualta fri Tuathaib Mescán ocus Maethal |
ag feitheamh ansin le hionsaí ó Thuatha Meascáin Ime agus Maothaile |
in expectation of a battle against the tribes of Butter-Pat and Cheese |
|
bátar for Loch Lemnachta i cocad frisin Fáthliaig. |
a bhí ar Loch Leamhnachta i gcogadh leis an bhFáithlia. |
that were on New-Milk Lake, warring against the Wizard Doctor. |
|
Comla gered friss |
Bhí geata gheire leis |
There was a gate of tallow to it, |
|
ocus gerrcend maróci furri. |
a raibh bolta ispín air. |
on which there was a bolt of sausage. |
|
Atom-c[h]uirethar suas dó as mo ethar,” or Mac Con Glinne, |
D’ardaigh mé ansin mé féin suas as m’eathar,” arsa Mac Conglinne, |
I raised myself up then out of my boat,” said Mac Conglinne, |
|
“co dorus erdaim imdorais in dúnaid dianechtair; |
“go doras an phóirse a bhí leis an dún lasmuigh |
“and betook myself to the outer door of the entrance porch of the fortress, |
|
ocus gebim bulbing brus-garbán |
agus rug mé ar bhuilín de ghrán brus-gharbháin |
and seizing a cudgel of coarse bran |
|
boí for mo láim dírig deiss |
a bhí díreach ar mo láimh dheas |
that lay directly on my right hand |
|
fri h-imdorus in dúnaid anechtair, |
lasmuigh de phóirse an dúin |
outside the porch of the fortress, |
|
ocus ticimm bulli de frissin comlaid ngeriud |
agus bhuail mé buille de ar an ngeata geire |
I dealt a blow with it at the tallow door, |
|
boí co nglass maróice furri, |
a raibh an glas ispín air, |
on which was the sausage lock, |
|
ocus fo-s-cerdimm sechum for fut immdorais imechtraig in dúnaid, |
agus thiomáin mé romham é ar feadh phóirse an dúin lasmuigh |
and drove it before me along the outer porch of the fortress, |
|
co ruachtus in prím-c[h]athraig mór-glain medhónaig in dúnaid dímóir; |
nó gur shroich mé príomhchathair mhórghlan an dúin rí-mhóir laistigh. |
until I reached the splendid inner chief residence of the enormous fort. |
|
ocus indsmaimm mo deich n-ingne corra corcar-glana |
Agus sháigh mé mo dheich n-ingne corcra bioraithe |
And I fixed my ten pointed purple-bright nails |
|
isin comlaid slemain sen-shaille |
sa gheata sleamhain seanbhagúin |
in its smooth old-bacon door, |
|
co n-a glass maethla furri, |
a raibh glas maothaile air |
which had a lock of cheese, |
|
ocus fo-s-cerdimm sec[h]umm |
agus chaith mé seacham é |
flung it behind me, |
|
ocus con-ludimm sec[h]a.” |
nó go ndeachaigh mé tríd agus thairis.” |
and passed through.” |
Section 63
|
“Co n-acca trá in doirrseóir. |
“Go bhfaca mé, ansin, an dóirseoir. |
“Then I saw the doorkeeper. |
|
Ba caín delb in óclaig-sin, |
Ba chaoin í dealbh an óglaigh sin |
Fair was the shape of that man; |
|
ocus ba h-é a chomainm .i. Mael Saille mac Maíl Imme meic Blongi, |
agus ba é ainm a bhí air Maol Saille mac Maol Ime mhic Blonaige. |
and his name was Bacon-Lad, son of Butter-Lad, son of Lard; |
|
co n-a assaib slemna sen-[sh]aille ima bunnu; |
Asa sleamhaine seanbhagúin um a bhoinn; |
with his smooth sandals of old bacon on his soles, |
|
co n-a ochraib do biúd scaiblíne ima lurg[n]ib; |
loirgneáin d’fheoil ón bpota um a lorgaí; |
and leggings of potmeat encircling his shins, |
|
co n-a hinar bóshaille irnme; |
ionar bóshaille air; |
with his tunic of corned beef, |
|
co n-a c[h]riss do lethar f[h]írésc taris; |
crios de chraiceann bradáin thairis; |
and his girdle of salmon skin around him, |
|
co n-a chochall di thascaid imme; |
cochall taois uime; |
with his hood of flummery about him, |
|
co n-a s[h]echt cornib imme i n-a chind |
seacht gcoróin ime ar a cheann |
with seven crowns of butter on his head |
|
(ocus bátar secht n-immaire do f[h]ír-chainnind in cach coraind díb-side fo leth); |
a raibh toradh seacht n-iomaire de chainneann i ngach coróin díobh ar leith; |
(and there was the produce of seven ridges of pure leeks in each and every crown); |
|
co n-a s[h]echt n-epislib do chaelánu inbi fo [a] brágait; |
seacht suaitheantas de thríopas faoina bhráid |
with his seven badges of tripe about his neck, |
|
co n-a s[h]echt mbille do blonaig bruithi for cind cacha h-episle díb-side; |
agus seacht gcnap de bhlonag bhruite ar cheann gach suaitheantais díobh. |
and seven bosses of boiled lard on the point of every badge of them; |
|
co n-a chapall saille foe |
Capall saille faoi |
his steed of bacon under him, |
|
co n-a chethri cossa brechtáin, |
a raibh ceithre chos custaird faoi |
with its four legs of custard, |
|
co n-a c[h]ethri crú do garb-arán chorca fou, |
agus ceithre chrúb de gharbharán coirce; |
with its four hoofs of coarse oaten bread under it, |
|
co n-a chluassaib grotha, |
cluasa grutha air, |
with its ears of curds, |
|
co n-a dá shúil mela i n-a chind, |
dhá shúil mheala ina cheann; |
with its two eyes of honey in its head, |
|
co n-a s[h]rothaib sen-chrothi i cechtar a dí s[h]rón, |
srutha sean-uachtair as dhá pholláire a shróin; |
with its streams of old cream in its two nostrils, |
| co n-a buindib brocóti as a iarcomlaid siar sec[h]tair, |
buinní bragóide as a thón siar seachtar; |
and a flux of bragget streaming down behind, |
|
co n-a scóib dhulisc fair |
eireaball duilisc air |
with its tail of dulse, |
|
dia mbendais secht nglacca cach lathi aicenta, |
a mbaintí seacht nglaca de gach lá seachtaine; |
from which seven handfuls were pulled every ordinary day; |
|
co n-a s[h]adull blongi (nó bós[h]ailli) buadaige fair, |
diallait bhuach bhlonaige air, |
with its smooth saddle of glorious choice lard upon it, |
|
co n-a drechongdás toíb s[h]amaisce fri a c[h]end, |
banda aghaidhe (?) de chliathán samhaisce timpeall a chinn; |
with its face-band of the side of a heifer around its head, |
|
co n-a munci do dressán sen-muilt bá brágait, |
muince de liathán seanmhoilt faoina bhráid; |
with its neck-band of old-wether spleen around its neck, |
|
co n-a chlucín do maethail asin munci |
cloigín de mhaothal ar an muince; |
with its little bell of cheese suspended from the neck-band, |
|
co n-a thengaid do métail tig t[h]immthasta asin c[h]lucín sís. |
teanga de mhiotal tiubh dlúthchasta as an gcloigín sin. |
with its tongue of thick compact metal hanging down from the bell; |
|
Co n-a s[h]rogill i n-a láim in marcaig-sin |
Lasc i lámh an mharcaigh sin |
and a whip in that rider’s hand, |
|
(batir ialla bátar indi, |
gurb iad na hialla a bhí air |
the cords whereof were |
|
.i. deich n-indrechtána finda fichet do indrechtánu bó bán-méthi, |
deich maróg breátha fichead de mharóga bó bánmhéithe |
twenty-nine fair puddings of white-fat cows, |
|
ocus no bíd sáith sacairt fria leth-bairgin |
a mbeadh sáith sagairt, in éineacht le leath bhairín, |
and there would be a priest’s fill of food, with (the nutritional value of) half a loaf, |
|
in cach bainde beóchlaide no thuited a cind cach indrechtáin díb-side fria lár); |
i ngach braon súlaigh a thiteadh de gach maróg díobh sin ar lár. |
in every juicy drop that fell to the ground from the end of each of these puddings; |
|
co n-a bachaill buic bruthi bundraisse i n-a láim, |
Bachall bog bruite bundraise (?) ina láimh |
with his slender boiled stick of edible seaweed (?) in his hand, |
|
co mbíd lán secht ndabach |
a mbeadh lán seacht ndabhach |
and there would be the fill of seven vats |
|
cacha bainde beóchlaide no sceed tar a cuirr |
i ngach braon súlaigh a sceití as a deireadh |
in every juicy drop that trickled from the end of it, |
|
in tan no-s fuirmed fri lár.” |
nuair a iompaíodh sé síos go talamh í.” |
when he pointed it downwards towards the floor.” |
Section 64
|
“ ‘Osslaicther dún in dísert,’ ol Mac Con Glinne. |
“ ‘Osclaítear an díseart dúinn,’ arsa Mac Conglinne. |
“ ‘Open the hermitage to us,’ said Mac Conglinne. |
|
‘A thróig ém,’ or in doirrseóir, ‘tair amuig.’ ” |
‘A thruáin,’ arsa an doirseoir, ‘tar isteach.’ ” |
‘Come in, wretch,’ answered the doorkeeper.’ ” |
|
“Co n-acca trá, iar ndul anund,” ol Mac Con Glinne, |
“Chonaic mé ansin, ar dhul dom anonn,” arsa Mac Conglinne, |
“On going in, then,” said Mac Conglinne, “I saw |
|
“for mo láim c[h]líi, |
“ar mo láimh chlé, |
on my left hand |
|
.i. mogaid in F[h]áthlega co n-a mbrothar-lumnib brothracháin, |
moghaí an Fháithlia faoina ngarbh-bhrait, |
the servants of the Wizard Doctor with their hairy cloaks of shaggy cloth (?) |
|
co n-a mbrothar-c[h]ertib boc-brechtáin, |
faoina ngarbhcheirteacha bogchustaird, |
with their hairy rags of soft custard, |
|
co n-a sluastib tur-aráin i n-a lámu, |
lena sluaiste tur-aráin ina lámha |
with their shovels of dry bread in their hands, |
|
ic fochartad in ottraig ingerta |
ag cartadh an otraigh gheire |
carrying the tallowy offal |
|
boí forsin [ch]loch-drochat brechtáin |
a bhí ar an gcloch-dhroichead custaird |
that was on the lake-bridge of custard, |
|
óthá immdorus in tige móir co h-imdorus in dúine inechtair. |
ó phóirse an tí mhóir go póirse an dúin lasmuigh. |
from the porch of the great house to the outer porch of the fortress. |
|
Co n-acca trá do m’ láim deiss, .i. in Fáthliaig |
Chonaic mé, ansin, ar mo láimh dheas, an Fáithlia |
On my right hand I then beheld the Wizard Doctor, |
|
co n-a dí lámaind do lón-charna lán-mhéith bá lámaib |
lena dhá lámhainn de stéigfheoil lánmhéith ar a lámha |
with his two gloves of full-fat rump-steak on his hands, |
|
ic lér-gním in taige |
ag cóiriú an tí |
setting in order the house, |
|
lán-immerta do chaelánu imbe ó mullach co talmain. |
a bhí feistithe ó mhullach go talamh de thríopas. |
which was hung all round with tripe from roof to floor. |
|
Atn-aigim isin cuchtair, |
Chuaigh mé isteach sa chistin, *ansin*, |
Then I went into the kitchen, |
|
co n-acca trá .i. mac ind F[h]áthlega |
go bhfaca mac an Fhláithlia |
and there I saw the Wizard Doctor’s son, |
|
co n-a dubán blongi i n-a láim, |
agus a dhuán blonaige ina láimh |
with his fishing-hook of lard in his hand, |
|
co n-a ruaimnig do min-scomartaig oige allaid ass, |
a raibh ruaim de smionagair aighe allta as |
with its line made of fine brawn of a deer, |
|
.i. smir a lurgan, |
— smior a lorgan — |
viz., the marrow of its leg, |
|
co n-a s[h]lait co trícha[i]t f[h]er-lám do chaelánu inbe asin ruaimnig-sin sís, |
agus a shlat a raibh tríocha fearlámh de ispíní as an ruaim síos uaithi |
with its thirty-hand rod of tripe attached to the line below, |
|
oc dubánacht for loch n-úsca. |
agus é ag duántacht ar loch gréisce. |
and he angling in a lake of lard. |
|
Cumma no bered tinne sen-shaille |
Ar uair thugadh sé stráice sean-mhuiceola as |
Now he would bring a flitch of old bacon, |
|
ocus lón-longén bós[h]aille |
agus ar uair smut de bhóshaill |
and now a weasand of corned beef |
|
ar loch úsca cummascaig[th]e mela |
as an loch gréisce agus é comh-mheascaithe le mil. |
from the lake of lard mixed with honey, |
|
for tír ngrotha boí i n-a f[h]arrad isin c[h]uchtair; |
*Thugadh sé* i dtír é ar bhruach grutha a bhí i bhfarradh na cistine. |
on to a bank of curds that was near him in the kitchen. |
|
(ocus isin loch sin ro báided mac in F[h]áthlega |
(Agus is sa loch sin a bádh mac an Fháithlia, |
And in that lake it is that the Wizard Doctor’s son was drowned, |
|
dia ndernad in marbnaid erdraicc, .i. |
dá ndearnadh an marbhna oirearc seo: |
for whom the celebrated elegy was made: |
|
‘Mac Eógain, clú má raind,’ et reliqua). |
‘Mac Eoghain a maireann a chlú,’ agus araile.) |
‘The son of Eoghan of lasting fame,’ etc. |
|
At-aigimm isin tech mór iarum. |
Chuaigh mé isteach sa teach mór ansin. |
Afterwards I went into the great house. |
|
Amal tucus mo choiss darsin tairrsech istech, |
Agus mo chos á tabhairt agam thar an táirseach isteach, |
As I set my foot across the threshold into the house, |
|
co n-acca ní, .i. in colcaid n-én-gil n-imme, |
chonaic mé ní, an chuilt aongheal ime. |
I saw something — a pure white quilt of butter — |
|
co sessar furri, |
Shuigh mé uirthi |
on which I sat; |
|
co-nam t[h]arrusar innte co barr mo dí chluas. |
ach chuaigh mé faoi inti go barr mo dhá chluas. |
so that I sank in it to the tips of my two ears. |
|
In ochtar is calma boí isin rígthig, |
An t-ochtar is láidre a bhí sa rí-theach |
The eight strongest men that were in the king’s house |
|
a n-opar ’com’ tharraing esti for cléthib cend-mullaig.” |
bhí a n-obair acu mé a tharraingt aisti ar urla mo chinn.” |
had hard work to pull me out by the top of the crown of my head.” |
Section 65
|
“No-m c[h]urther iar sin áitt a mboí in Fáthliaig fodessin. |
“Tugadh ansin mé don áit a raibh an Fáithlia féin. |
“Then I was taken to the place where the Wizard Doctor himself was. |
|
‘Oráit, oráit!’ ol mé friss. |
‘Guigh orm, guigh orm!’ arsa mise leis. |
‘Pray for me!’ said I to him. |
|
‘I n-anmam maethla,’ or sé frim, |
‘In ainm na Maothaile, |
‘In the name of cheese,’ said he to me. |
|
‘is olc in féthán féth-s[h]nais fil for h’ agaid,’ or in Fáthliaig; |
is olc an chuma atá ar d’aghaidh,’ arsa an Fáithlia. |
‘Evil is the limp look of your face,’ said the Wizard Doctor. |
|
‘uchán! is féth galair. |
‘Ochón! is cuma ghalair í. |
‘Alas! it is the look of disease. |
|
At buide do láma, |
Is buí do lámha, |
Your hands are yellow, |
|
at brecca do beóil, |
is breac do bheola, |
your lips are spotted, |
|
at liatha do shúile. |
is liath do shúile. |
your eyes are grey |
|
Ro f[h]annaigsetar th’ f[h]éthi, |
Fannaíodh d’fhéithe |
your sinews have relaxed, |
|
at-rachtatar ós t’ [sh]úli ocus ós t’ [fh]eóil |
*ionas gur* éirigh siad os cionn do shúile agus d’fheoil |
they have risen over your brow and over your flesh, |
|
ocus ós t’ altaib ocus ós t’ ingnib. |
agus os d’ailt agus os d’ingne. |
and over your joints and nails. |
|
Ro-[t] tairbirsetar trí mná |
Chloígh an triúr cailleach thú |
The three hags have attacked you, |
|
— uatha ocus éca ocus gorta — |
— Uathadh agus Éag agus Gorta — |
— Scarcity and Death and Famine— |
|
.i. do gobaib gorta galbigi. |
le goib ghéara ocrais. |
with sharp beaks of hunger. |
|
Ro-[t] táraill súil ná-t athbendach, |
Do dhearc ort an tsúil nach beannaithe, |
An eye that does not bless has looked upon you. |
|
ro-[t] táraill tám trom-galair. |
bhuail támh thromghalair thú. |
A plague of heavy disease has visited you. |
|
So-dethbir trá; |
Go deimhin, ní hionadh *sin*. |
No wonder, truly; |
|
ní féth laíg lilicca lachtmair lessaigthi latt |
Ní dealramh lao le loilíoch lachtmhar leasaithe atá ort |
for yours is not the look of a full-suckled milk-fed calf, |
|
fo lámu dagchoca, |
*a thug* cócaire maith aire duit, |
tended by the hands of a good cook. |
|
n[í] féth luirc fola lessaigt[h]i latt |
ní dealramh bainbh fhola leasaithe atá ort, |
You have not the corslet look of well-nourished blood, |
|
acht is féth meic mí-altromma fo muich mí-lessaigt[h]i.’ |
ach dealramh mic mhí-altroma ar tugadh droch-chothú dó.’ |
but that of a youth badly reared under the vapours of bad feeding.’ |
|
‘So-dethbir ón,’ ol Mac Con Glinne, |
‘*Go deimhin*, ní hionadh sin,’ arsa Mac Conginne, |
‘Very natural that,’ said Mac Conglinne. |
|
‘atá do thruime mo galair, |
‘de bharr troime mo ghalair |
‘Such is the heaviness of my ailment, |
|
do therci in legis, |
agus teirce an leighis |
the scarcity of cure, |
|
do accobar na h-ícce.’ ” |
agus mo dhúil sa ní a d’íocfadh mé.’ ” |
the longing for the remedy.’ ” |
Section 66
|
“ ‘Asnéid dam do galar, a laích,’ or in Fáthliaig. |
“ ‘Inis dom cad é do ghalar, a laoich,’ arsa an Fáithlia. |
“ ‘Tell me your disease, my man,’ said the Wizard Doctor. |
|
‘Asnédfit ém,’ ol Mac Con Glinne, |
‘Inseoidh mé, go deimhin,’ arsa Mac Conglinne. |
‘I will tell you,’ said Mac Conglinne, |
|
‘indrud mo c[h]redba |
‘Is é rud a sheargann mé |
‘what it is that shrivels me up |
|
ocus a ndo-m-gní miffrech mí-gnímach |
agus a dhéanann duairc mí-ghníomhach mé |
and what makes me low-spirited, inactive, |
|
.i. carthain caemna, |
ná carthain don phléisiúr, |
even love of good cheer, |
|
miscais mí-chaemna, |
mioscais don mhí-phléisiúr, |
hatred of bad cheer, |
|
mian moch-longthi, |
mian mhochlongtha, |
desire of eating early, |
|
min-chirrad m’ il-blass, |
mo ghnáth-chreimeadh ag m’ilmhianta, |
the gnawing of my many fancies, |
|
cnám carna, |
creim feola, |
the gnawing of flesh, |
|
bronnud bánbíd. |
slogadh bánbhia, |
the consumption of dairy products, |
|
Géri ocus gorti, |
géire *ocrais* agus *ghorta*; |
greed and hunger. |
|
ítmaire ocus ithemraige lemm mo chuit fodéin, |
íota agus craos orm chun mo choda, |
The thirst and voracity which I feel in consuming my food, |
|
co ná gaib greim nó gabáil ina tomlim; |
ionas nach bhfaighim sásamh ná só *as an méid* a thomhlaím; |
so that what I eat gives neither satiety nor substance; |
|
doichell ocus dochta, |
doicheall agus sprionlaitheacht, |
inhospitality and ungenerosity, |
|
diúltad ocus díchonnercli immon ní is leamm fodén, |
diúltú agus mícharthanacht um an ní is liom féin. |
refusal and uncharitableness regarding what is my own, |
|
conadam lista liumm fodén |
Ionas gur crá dom féin mé |
so that I am a burden to myself, |
|
ocus nacham inmain fris nach aen. |
agus nach ionúin mé le duine ar bith eile. |
and dear to none. |
|
Gorta co n-a cethri fodlaib fichet air-sin anuas |
Anuas air sin gorta lena cheithre fichead fodhla; |
Hunger, with its four-and-twenty subdivisions in addition thereto, |
|
.i. dogaillsi, díbe, |
dóilse agus stocaireacht; |
sadness, stinginess, |
|
dál fria h-essamna lem ré cách i cend cach bíd, |
mé ag súil go mbeadh fáilte ag cách romham chuig gach saghas bia |
anxiety to be welcomed before everybody to all kinds of food, |
|
inriud cach bíd frim. |
*agus ansin* gach bia ag déanamh díobhála dom. |
and the injurious effect to me of every food. |
|
Ba h-ed mo mian, |
Is é ba mhian liom |
My wish would be, |
|
biada ilarda immda inganta in betha i comair mo c[h]raís |
bianna iomaí iontacha an tsaoil a bheith agam i gcomhair mo chraois, |
that the various numerous wonderful foods of the world were before my gorge, |
|
do dénam mo tholi, |
chun sásaimh mo thola |
that I might gratify my desires, |
|
do línad mo shanti. |
*agus* chun líonadh mo shainte. |
and satisfy my greed. |
|
Uch, trá, is mór in saeth-sin do neoch ná-dos-fagaib uli.’ |
Och, is mór, go deimhin an trua duine mar mé nach bhfaigheann iad sin uile.’ |
But alas, great is the misfortune to one like me, who cannot obtain any of these.’ |
|
‘At-biur mo bréthir,’ or in Fáthliaig, |
‘Beirim mo bhriathar,’ arsa an Fáithlia, |
‘On my word,’ said the Great Doctor, |
|
‘is olc ind accidit, |
‘gur olc an aicíd sin. |
‘the disease is grievous. |
|
is margócán dia-nos tarla, |
Is mairg don ógánach dá dtarla |
Woe to him on whom it has fallen, |
|
ocus níba fota foelustar. |
agus ní fada a mhairfeadh *duine a mbeadh á* fulaingt. |
and not long will it be endured. |
|
Ar is ’cot’ uide[c]ht duit do m’ dísiurt-sa ocus do m’ dúnad don chur-sa, |
Ach, ó thainig tú chuig mo dhíseart-sa agus chuig mo dhún den chor seo, |
But as you have come to me to my hermitage and to my fort at this time, |
|
béra midchuine latt do [t’] tig d’ ícc do galair, |
béarfaidh tú míochaine leat abhaile a íocfaidh do ghalar |
you shall take home with you a medicine to cure your disease, |
|
ocus bi[dat] slán c[h]aidche de.’ ” |
agus beidh tú slán choíche dá bharr.’ ” |
and shall be forever healed from it.’ ” |
Section 67
|
“ ‘Cade-side?’ ol Mac Con Glinne. |
“ ‘Céard sin?’ arsa Mac Conglinne. |
“ ‘What is that?’ asked Mac Conglinne. |
|
‘Ní h-annsa ém,’ or in Fáthliaig; |
‘Ní deacair sin a fhreagairt, go deimhin,’ arsa an Fáithli. |
‘Not hard to tell,’ answered the Great Doctor. |
|
‘dia téis do [t’] tig innocht, |
‘Má théann tú abhaile anocht, |
‘If you go home tonight, |
|
eirg don tiprait d’ innmad do lám; |
éirigh chuig an tobar d’ionladh do lámha; |
go to the well to wash your hands, |
|
con-melfi dorni fri détu, |
cuimil do dhoirne le d’fhiacla |
rub your teeth with your fists, |
|
ocus tochosaig cach finda fiar foltnide iar n-a chóir do t’ fhult. |
agus cíor gach ribe fiar gruaige de d’fholt i ndiaidh a chéile. |
and comb every straight rib of your hair in order. |
|
Iar sin, no-t gor fri tenid trichemruaid do daroich deirg dírig, |
Ansin téigh le tine ghríosghortha de dhair dhíreach dhearg |
Warm yourself afterwards before a glowing red fire of straight red oak, |
|
nó do ocht slisnib uindsend |
nó d’ocht slisneach fuinseoige |
or of octagonal ash |
|
fhásus i fhail airshlébi |
a fhásann i gcóngar bun sléibhe |
that grows near a hill-side |
|
dú i caccut min-gelbuind, |
áit a gcacann mionghealbhain; |
where little sparrows leave their droppings; |
|
hi tellach thirmaide irard airísel, |
ar theallach tirim ur-ard, uiríseal, |
on a dry hearth, very high, very low, |
|
co ra-t gori a gríss, |
nó go ngora a gríos thú |
that its embers may warm you, |
|
ná ro-t losci a lassar, |
ach nár loisce a lasair |
that its blaze may not burn you, |
|
ná ro-t bena a dé. |
agus nár goine a deatach thú. |
that its smoke may not touch you. |
|
Scarthar gemen findach fír-gamna fót fria tenid anair-t[h]uaid |
Scartar seithe fhionnaitheach ghamhna fút os comhair na tine anoir aduaidh, |
Let a hairy calf-skin be placed under you to the north-east before the fire, |
|
ocus do s[h]liss fri colba find-gel ferna saindrud; |
do shlios go cruinn le ráille fionn-gheal fearna. |
your side resting exactly against a bright white rail of alde. |
|
ocus toirbired ben dian dóit-gel imchialla fhorbaílid |
Déanadh bean bheoga dhóidgheal rí-chiallmar fhorbhfáilteach freastal ort |
And let an active, white-handed, sensible, joyous woman wait upon you, |
|
’s í sochla so-acallma, ’s í bél-chorccra banamail, ’s í so-beóil socheneóil, |
agus í so-labhartha, is í béalchorcra banúil, is í so-chineálach, is so-beola aici, |
of good repute, of good discourse, red-lipped, womanly, eloquent, of a good kin, |
|
’s í muincech bratach bretnusach, |
í muinceach, bratach, breathnasach, |
wearing a necklace, and a cloak, and a brooch, |
|
co mbruach ndub eter dá ó a bruit, |
bruach dubh idir dhá stuaic a brait, |
with a black edge between the two peaks of her cloak, |
|
ná ro fhera brón furri. |
le nach dtiocfadh brón uirthi. |
that sorrow may not come upon her; |
|
Teóra muime a h-ordan furri; |
Trí bhuime a hordain *chomh maith léi féin.* |
with the three nurses of her dignity upon her, |
|
teóra h-aíble sercci ocus áne for a h-inchaib, |
Trí aoibheal (thobairín?) seirce agus aoibhnis ar a haghaidh, |
with three dimples of love and delight in her countenance, |
|
cen fír doichle i n-a h-étan. |
gan rian doichill ina héadan. |
without an expression of harshness in her forehead, |
|
Écosc suairc so-chóir lee; |
Éagasc suairc so-chórach uirthi; |
who shall have a joyous, comely appearance, |
|
bratt corccra coíc-diabulta impe; |
brat corcra cúigfhillte uimpi; |
a purple five-folded cloak about her, |
|
eó ór-derg i n-a brut; |
bróiste órdhearg ina bhrat; |
a red-gold brooch in her cloak, |
|
agaid chaín f[h]orlethan lé; |
aghaidh caoin fhorleathan léi; |
a fair broad face, |
|
rosc glass caín i n-a cind. |
rosc glas caoin ina ceann; |
a good blue eye in her head, |
|
Dá brá doíle dub-gorma ós na rosca-sin; |
dhá bhraoi dhaola dhubhghorma os na rosca sin; |
two blue-black brows of the colour of a black chafer over those eyes, |
|
gruade corccra comarda lé. |
gruanna corcra comh-arda léi; |
ruddy even cheeks, |
|
Beóil deirg t[h]anaide; |
beola dearga tanaí; |
red thin lips, |
|
déta gela glanide i n-a cind, amal betís némaind. |
déada geala glana ina ceann mar a mbeadh néamhainn; |
white clear teeth in her head as though they were pearls,
|
|
Rigthi boca bláth-gela; |
rítheacha boga bláithgheala; |
soft tender white fore-arms, |
|
dí thaeb s[h]lemna shnechtaide; |
dhá thaobh sleamhaine shneachtaí; |
two smooth snowy sides, |
|
sliasta ségda sebcaide; |
sliasta áille cruthúla; |
beauteous shapely thighs, |
|
colptha córa cutruma; |
colpaí córa, cothroma; |
straight well-proportioned calves, |
|
traigthe tana tonn-gela; |
troithe tanaí toinngheala; |
thin white-skinned feet, |
|
méra seta sith-alta; |
méara fada singile, |
long slender fingers; |
|
ingne áille iuchanta; |
ingne áille dearga. |
long pale-red nails. |
|
corab álaind ocus corab gasta |
Go mba álainn agus go mba ghasta |
so that graceful and quick may be |
|
a fochéim ocus a foímmt[h]echt na h-inghene-sin; |
a céim agus a himeacht; |
her gait and movements, |
|
corab tét-bind téth-milis |
go mba téadbhinn, téadmhilis |
so that melodious as strings, soft and sweet, may be |
|
a mín-chomrád ocus a mín-acallam; |
a mínchomhrá agus a mínagallamh, |
her gentle talk and address, |
|
co ná roib locht nó on nó anim |
ionas nach mbeadh locht ná ainimh *ná máchail uirthi*, |
so that there may be neither fault, nor stain, nor blemish, |
|
risi mbenfa nach aicsed féig furachair |
dá bhféadfadh fear aireach géarfhéachana a bhraith uirthi |
that a sharp watchful observer may notice |
|
óthá a h-ind co a bond.’ ” |
ó bhathais go bonn.’ ” |
from her crown to her sole.’ ” |
Section 68
|
“ ‘Tabrad in ingen-sin duit do t[h]rí noí mírend, a Meic Con Glinne, |
“ ‘Tugadh an iníon sin do thrí naoi míreanna duit, a Mhic Conglinne, |
“ ‘Let this maiden give you your thrice nine morsels, O Mac Conglinne, |
|
corab médithir fri h-og rerc[h]irci cach mír. |
agus go mba chomh-mhór le hubh chirce gach mír díobh. |
each morsel of which shall be as big as a hen’s egg. |
|
Fo-dos-ceirdi for lua[i]sc luamnig i t’ beólu na mírenda, |
*Ní mór duit* na míreanna a chur i do bhéal le luascadh luaineach |
These morsels you must put in your mouth with a swinging jerk, |
|
co ru-s impóat do shúile i t’ chloiceand oca n-ithe. |
*agus ní mór do* do shúile iompú i do chloigeann á n-ithe *duit*. |
and your eyes must whirl about in your skull while you are eating them. |
|
Na h-ocht n-orbaind, ní-dos coicéla, a Meic Con Glinne, |
Ná bíodh na hocht gcineál arbhair in easnamh ort, a Mhic Conglinne, |
The eight kinds of grain you must not spare, O Mac Conglinne, |
|
cia bali a dochrat duit: |
pé áit a ndéanfar iad a ofráil duit: |
wheresoever they are offered to you: |
|
secul, seruán, maelán, ruadán, |
seagal, searbhán, maolán, ruán, |
viz., rye, wild-oats, beare, buck-wheat, |
|
cruithnec[h]t, eórna, fidbach, corca. |
cruithneacht, eorna, fidbach (?), coirce. |
wheat, barley, fidbach (?), oats. |
|
Ocht mbairgena cacha h-orbaind díb-side |
Bíodh ocht mbairín de gach arbhar díobh sin agat |
Take eight loaves of each fair grain of these, |
|
ocus ocht n-andlaind cacha bargine, |
agus ocht n-anlann le gach bairín díobh |
and eight condiments with every loaf, |
|
ocus [ocht] torsnu fria cach n-andland; |
agus ocht tarsann le gach anlann |
and eight sauces with each condiment; |
|
ocus médithir fri h-og curri cach mír fo-s-cerdi i t’ beólu díb.’ ” |
agus méid ubh choirre i ngach mír a chuirfidh tú i do bhéal.’ ” |
and let each morsel you put in your mouth be as big as a heron’s egg.’ ” |
Section 69
|
“ ‘Cosna corénaib míne millsén duit festa, a Meic Con Glinne! |
“ ‘Imigh leat anois chuig na potaí míne grutha cáise, a Mhic Conglinne: |
“ ‘Away now to the fair pots of cheese-curds, Mac Conglinne, |
|
Co mucca úra, |
Chuig muca úra, |
to fresh pigs, |
|
co lúna hítha, |
Chuig na ceathrúna méithe, |
to loins of fat, |
|
co lúnu messi .i. muilt bruithi, |
Chuig na geadáin ar mhiasa — caoireoil bhruite, |
to boiled loins; to boiled mutton, |
|
cosin tuicsenach so-acallmach c[h]osnait na slóig |
Chuig an ní is so-thuigthe, so-thuarascála a throideann na sluaite faoi |
to the choice easily-discussed thing for which the hosts contend |
|
.i. cosin lón-longín bós[h]aille; |
— chuig an scrogall mairteola leasaithe, |
— the gullet of salted beef; |
|
cosin sercoll socheneóil, co mid; |
Chuig searcbheadaíocht na n-uaisle — meá, |
to the dainty of the nobles, to mead; |
|
co leiges in chliab-galair .i. sean sen-shaille; |
Chuig leigheas an chliabhghalair — seanbhagún, |
to the cure of chest-disease — old bacon; |
|
co tothlugud mbrothc[h]áin .i. sen-gruth; |
Chuig tothlú an bhracháin — seanghruth, |
to the appetite of pottage — old curds; |
|
co mian ban aentuma .i. lemnacht; |
Chuig mian mná aontumha — leamhnacht, |
to the fancy of an unmarried woman — new milk; |
|
co briscén mbanrígna .i. cerrbacán; |
Chuig brúitín na banríona — cairéid, |
to a queen’s mash — carrots; |
|
co h-eill fir c[h]élide .i. cuirm; |
Chuig dainséar an aoi — coirm, |
to the danger awaiting a guest — ale; |
|
co cunnid corgais .i. coilech circe; |
Chuig lón an Charghais — coileach circe, |
to the sustenance of Lent — the cock of a hen; |
|
co h-étan briste .i. brechtán; |
Chuig éadan briste — arán is im air, |
to a broken head — butter-roll; |
|
co lám-ar-cách .i. tur-arán; |
Chuig lámh-ar-chách — tur-arán, |
to hand-upon-all — dry bread; |
|
co torrach tellaig .i. tanach; |
Chuig torthúlacht an teallaigh — cáis, |
to the pregnant thing of a hearth —cheese; |
|
cosin mbrúchtaig mbolgaig .i. nua corma; |
Chuig an brúchtach bolgánach — coirm úr, |
to the bubble-burster — new ale; |
|
co mian na sacart .i. braisech bélaide; |
Chuig mian na sagart — praiseach bhealaithe, |
to the priests’ fancy — juicy kale; |
|
cosin maín is míne ocus is millse da cach biúd .i. find-litte; |
Chuig an maoin is míne agus is milse de gach bia — fionn-leite, |
to the treasure that is smoothest and sweetest of all food — white porridge; |
|
co h-ingur cícarais cúigir .i. craíbechán; |
Chuig ancaire chíocrais chlainne — praiseach, |
to the restraint (lit. anchor) of the greed of five people — broth; |
|
cosna lúb-diabulta emnaigib .i. caelánu caerech; |
Chuig an gcúiplín dé-lúbach — tríopas caorach, |
to the double-looped twins — sheep’s tripe; |
|
co fiachu fraiged .i. cliathánu; |
Chuig fiacha na mballaí — cliatháin *bhagúin*, |
to the dues of a wall — sides (of bacon); |
|
co h-én crossi .i. saland; |
Chuig éan na croise — salann, |
to the bird of a cross — salt; |
|
co h-imdorus aenaig .i. ubla cumra; |
Chuig fáilte chun an aonaigh — úlla cumhra, |
to the entry of a gathering — sweet apples; |
|
co némannu tigi teglaig .i. uga cercc; |
Chuig néamhainn tí theaghlaigh — uibheacha cearc, |
to the pearls of a household — hens’ eggs; |
|
co brafud nochta .i. etneda.’ ” |
Chuig nóiméad nochta — eithní. ’ ” |
to the glance of nakedness — kernels.’ ” |
Section 70
|
“Feib no-s turim dam na h-il-biadu, |
“Tar éis dó na hilbhianna a áireamh dom, |
“When he had counted to me those many foods, |
|
iar sin ordaigis dam mo deog mbolgaim: |
ansin, d’ordaigh sé dom mo bholgam óil. |
he ordered me my drop of drink. |
|
‘Metríne bec bec |
‘Meadairín beag, beag duit |
‘A tiny little measure for you, |
|
nát ro-mór, |
nach bhfuil ró-mhór, |
not too large, |
|
cet[h]ri fichit fer-bolcumm deit, |
ceithre fichead fearbholgam duit |
only as much as twenty men will drink, |
|
a Meic Con Glinne, |
a Mhic Conglinne. |
MacConglinne, |
|
for na biadaib-sin anuas, |
ar na bianna sin anuas; |
on the top of those foods: |
|
d’ ass ro-thécht, |
de bhainne leabhair-thiubh, |
of very thick milk, |
|
d’ ass nát ro-thécht, |
de bhainne nach ró-thiubh, |
of milk not too thick, |
|
d’ ass lebar-thécht, |
de bhainne fadathiubh, |
of milk of long thickness, |
|
d’ ass eter dá thécht, |
de bhainne idir dhá thiús, |
of milk of medium thickness, |
|
d’ ass buide bolcach |
de bhainne buí bolgánach |
of yellow bubbling milk, |
|
fo-loing in slucud-chocnum, |
ar gá an chogaint chun é a shlogadh, |
the swallowing of which needs chewing, |
|
don lomum da-ní in slaim[m]egil rethi |
den bhainne a dhéanann srann-mhéileach reithe |
of the milk that makes the snoring bleat of a ram |
|
oc dul darsin mbrágait sís, |
ag dul thar an bhráid síos, |
as it rushes down the gorge, |
|
co n-aprai in bolcum toísech frisin mbolcum ndédenach, |
i dtreo go ndeir an bolgam tosaigh leis an mbolgam deireanach: |
so that the first draught says to the last draught: |
|
“For-t-gillim, a charr-matraid, i fiadnaise in Dúilemun, |
“Geallaim duit, a charrmhadra, i bhfianaise an Dúilimh, |
“I vow, you mangy cur, before the Creator, |
|
cia thís anuas regut-sa suas, |
má thagann tú anuas rachaidh mise suas, |
if you come down, I'll go up, |
|
ar ní thalla ar mataidecht ar ndís isin istad-luc-sa.” |
óir níl slí dár madraíocht araon san ionad seo.” |
for there is no room for the doghood of the pair of us in this treasure-house.” |
|
In galar no-t gébad de-sin, a Meic Con Glinne, |
Pé galar a ghabhfaidh thú dá bharr sin, a Mhic Conglinne, |
Whatever disease may seize you from it, Mac Conglinne, |
|
cenmothá aen-ghalar, is misse no-t ícfa, |
ach an t-aon ghalar amháin, is mise a íocfaidh thú, |
it is I that will cure you, excepting one disease, |
|
.i. galar sruthi ocus dag-daíne, |
is é sin galar saoithe agus dea-dhaoine, |
I mean the disease of sages and of gentlemen, |
|
in galar is f[h]err cach ngalar, |
an galar is fearr ná gach galar *eile*, |
the best of all diseases, |
|
in galar is f[h]iú slánti suthain, .i. in buar fodessin.’ ” |
an galar ar fiú sláinte srutháin é — an bhuinneach.’ ” |
the disease that is worth perpetual health — loose bowels.’ ” |
|
Ind Aislingthi ind sin anuas, et reliqua. |
An aisling ansin anuas, agus araile. |
Thus far the vision, etc. |
Section 71
|
Fri h-airerdacht na h-indisen |
Ó thaitneamhacht na hinsinte |
At the pleasure of the recital |
|
ocus fri tuirem na mbiad n-imda n-écsamail n-oirerda |
agus ó áireamh na mbianna iomaí éagsúla ilbhlasta |
and the recounting of those many various pleasant foods |
|
i fiadnaise in ríg, |
i bhfianaise an rí, |
in the king’s presence, |
|
in t-anmunna indligthech ro aittrebastar a n-indib inmedónachaib Cathail meic Fhinguine |
an t-ainmhí aindlíthiúil a d’áitrigh inní inmheánacha Chathail Mhic Fhinguine, |
the lawless beast that abode in the inner bowels of Cathal Mac Finguine |
|
tánic co mboí oc immlige a bél fri a chend anechtair. |
tháinig sé amach nó go raibh sé ag imlí a bheola taobh amuigh dá cheann. |
came forth, until it was licking its lips outside his head. |
|
Is amlaid boí in mac légind co tenid móir occa istaig. |
Is amlaidh a bhí an mac léinn agus tine mhór *ar lasadh* aige laistigh. |
The scholar had a large fire beside him in the house. |
|
Do-berthí cach staic iar n-urd do na stacib frisin tenid, |
Cuireadh gach píosa feola de na stéigí i ndiaidh a chéile leis an tine |
Each of the pieces was put in order to the fire, |
|
ocus do-s-bertís iar n-urd co beólu in ríg. |
agus rugadh ansin i ndiaidh a chéile iad go beola an rí. |
and then one after the other to the lips of the king. |
|
Tan ann tuccad staic díb co beólu in ríg, |
Uair dár tugadh stéig díobh go beola an rí í, |
One time when one of the pieces was put to the king’s mouth, |
|
ocus lingis in mac mallachtan |
agus ling an mac mallachta |
the son of malediction darted forth, |
|
cor sháid a dí chrob isin staic |
agus sháigh a dhá chrobh sa stéig |
fixed his two claws in the piece |
|
boí i lláim in me[i]c légind, |
a bhí i láimh an mhic léinn |
that was in the student’s hand, |
|
ocus beris leis dar tellach anund |
gur rug leis é thar an teallach anonn |
and taking it with him across the hearth to the other side, |
|
ocus atn-aig fon coire |
agus shocraigh é féin faoin gcoire |
bore it below the cauldron |
|
boí fri tenid anall, |
a bhí taobh thall den tine |
that was on the other side of the fire. |
|
ocus impáither in coire fair. |
agus iompraíodh an coire air. |
And the cauldron was overturned upon him. |
|
Conid de as-berair ‘lón-choire’ |
(Gur dá bharr sin a deirtear ‘lonchoire,’ |
(And hence is said ‘lonchoire’, |
|
.i. don c[h]raes-lon |
ón gcraoslon (craosdeamhan) |
viz., from the demon — lon — of gluttony |
|
boí i mbrága C[h]athail meic Fhinguine do beith foí. |
a bhí i mbráid Chathail a bheith faoin gcoire.) |
that was in Cathal’s throat being under the cauldron.) |
|
Nocon ead atfiadut scélaige, |
Ní mar sin a deir na scéalaithe, *áfach*, |
This is not what (some) story-tellers relate, |
|
acht is a mbrágait gilla in tshacairt do-chóid, |
ach gur i mbráid ghiolla an tsagairt a chuaigh sé |
who say that it was down the throat of the priest’s gillie he went, |
|
co ro báidead in gilla i llind mulind Dúine Caín |
agus gur bádh an giolla i linn mhuilinn Dhún Chaoin |
and that the gillie was drowned in the millpond of Dún-Cáin |
|
for bélu puirt P[h]icháin meic Moíle Findi |
os comhair longfoirt Phiacháin Mhic Mhaoile Finne |
opposite the fortress of Píochán, son of Maol Finne, |
|
i Feraib Féni. |
i bhFeara Féine. |
in the land of the men of Féine. |
|
Nocon ed sin fil i llebruib Corccaige, |
Ní mar sin, *áfach*, atá an scéal i leabhair Chorcaí, |
But it is not so in the books of Cork, |
|
acht conid isin coire tucad |
ach gur sa choire a cuireadh é |
which state that he was put into the cauldron, |
|
ocus conid foe ro losced. |
agus gur faoi a loisceadh é. |
and was burned under it. |
|
“Fri Dia ocus fri Brigit berma a atlugud,” ol Mac Con Glinne, |
“Le Dia agus le Bríd a bheirimid altú,” arsa Mac Conglinne, |
“To God and Bríd we give thanks,” said Mac Conglinne, |
|
ic tabairt a bossi dessi fri a gin fodén |
ag cur a bhoise deise thar a bhéal féin |
clapping his right palm over his own mouth, |
|
ocus a chlé-boss fria gin Cathail; |
agus a bhos chlé thar bhéal Chathail. |
and his left palm over the mouth of Cathal. |
|
ocus atn-agur lín-scóti bá chend Cathail |
Cóiríodh bráillíní lín faoi cheann Chathail |
And linen sheets were put round Cathal’s head |
|
ocus berair hé immach. |
agus rugadh amach *as an teach* é. |
and he was carried out. |
Section 72
|
“Cíd is nesam dún,” or Pichán, “i festa?” |
“Cad is gá dúinn a dhéanamh anois?” arsa Píochán. |
“What is most necessary for us to do now?” asked Píochán. |
|
“Iss asu [a] chách lind,” ol Mac Con Glinne, |
“An ní is fusa ar domhan,” arsa Mac Conglinne. |
“The easiest thing in the world,” said Mac Conglinne. |
|
“berair na slóig ocus na sochaide, |
“Beirtear na sluaite agus na sochraidí, |
“Let the hosts and multitudes, |
|
ríg ocus rigna ocus muintera, |
na ríthe agus na ríona agus a muintireacha, |
the kings and queens and people, |
|
éte ocus alma ocus indile |
na tréada, an áirnéis agus an t-eallach |
the herds, flocks and cattle, |
|
ocus a uli indmassa óir ocus argait in dúnaid, dar dún immach.” |
agus gach uile mhaoin óir agus airgid atá sa dún as an dún amach.” |
and the entire gold and silver treasure of the fortress be taken out beyond the fortress.” |
|
Ocus at-berait eólaig |
Agus deir na heolaigh |
And the learned say, |
|
co nár fárcbad luag cossi cenbair do nach innmas |
nár fagadh luach coise priompalláin d’aon ionnús |
that the price of a chafer’s leg of any kind of property was not left |
|
i ríg-imscing móir medónaig in dúnaid |
i rí-imscing mhór mheánach an dúna |
in the large central royal pavilion of the fort, |
|
acht in cori boí imm chend in luin. |
ach amháin an coire a bhí um cheann an deamhain. |
except the cauldron that was about the demon’s head. |
|
Ocus iatar in tech fair indechtair |
Agus iadh an teach ansin ón taobh amuigh |
And the house was then shut on him from the outside, |
|
ocus adáither cet[h]ri tendti dermára sain-chan isin tech. |
agus fadaíodh ceithre tinte rí-mhóra anseo is ansiúd sa teach. |
and four huge fires were kindled here and there in the house. |
|
In tan boí in tech i n-a thuir t[h]richemruaid |
Nuair a bhí an teach ina thúr lasrach deirge |
When the house was a tower of red flame |
|
ocus i n-a briaid adbul-móir, |
agus ina bhladhaire ábhalmhór, |
and a huge blaze, |
|
lingis in demun i féic in rígthige suas, |
ling an deamhan go maide mullaigh an ríthí suas |
the demon sprang to the rooftree of the palace above, |
|
ocus nír choem in tene ní dó; |
agus níor chumas don tine baint dó. |
and the fire was powerless to do anything to him, |
|
ocus saidis forsin taig ba nessa dó. |
Ansin shuigh sé ar na teach ba neasa dó. |
and he sat on the house that was next to it. |
Section 73
|
“Maith trá, a f[h]iru Muman,” ol Mac Con Glinne, |
“Maith, anois, a fheara Mumhan,” arsa Mac Conglinne, |
“Well, now, ye men of Munster,” said Mac Conglinne, |
|
“fil sund út bar cara; |
“sin é thall bhur gcara. |
“yonder is your friend. |
|
ocus iadaid bar mbeóla, |
Iaigí bhur mbéil |
Shut your mouths |
|
co ru-s acailler-sa in manach n-oibéil ndermitnech út.” |
nó go labharfaidh mé leis an manach uafásach (?) easurramach úd.” |
that I may speak with that meddlesome (?), irreverent monk.” |
|
“Maith, a thróig,” ol Mac Con Glinne, |
“Maith, a thruáin,” arsa Mac Conglinne, |
“Now, wretch,” said Mac Conglinne, |
|
“déna umalóit dún.” |
“déan umhlóid dom.” |
“do obeisance unto us.” |
|
“Do-gén-sa ón,” or diabul, |
“Déanfaidh mé, go deimhin,” arsa an diabhal, |
“And indeed I will,” said the devil, |
|
“ór ní chumgam cen a dénam; |
“óir ní fhéadaim gan a dhéanamh. |
“since I cannot help it. |
|
uair at fer co rath Dé, |
Mar is fear faoi rath Dé tusa, |
For you are a man with the grace of God, |
|
co n-imma[d] ecnai, |
faoi iomad eagna, |
with abundance of wisdom, |
|
co ngéri inntlechta, |
faoi ghéire intleachta, |
with acuteness of intellect, |
|
co lléri umalóti, |
faoi dhéine umhlóide, |
with intentive humility, |
|
co mian cach maithiusa, |
mian gach maitheasa ionat, |
with the desire of every goodness, |
|
co rath in Spiruta sechtaig. |
agus faoi rath an Spioraid sheachtaigh. |
with the grace of the seven-fold Spirit. |
|
Am demon-sa aicenta co n-adbar nem-brisc, |
Is deamhan ó nádúr mise, d’ábhar dobhriste, |
I am a demon by nature, of indestructible substance, |
|
ocus indisfet mo thindram det-siu. |
agus inseoidh mé mo scéala duitse. |
and I shall tell you my story. |
|
Atám teóra leth-bliadna hi ngin C[h]athail |
Táim trí leathbhiain i mbéal Cathail |
I have been three half-years in Cathal’s mouth, |
|
oc admilled Muman ocus Lethe Moga Nuadat ol chena, |
ag adhmhilleadh Mumhan agus Leithe Mhogha Nuat chomh maith, |
to the ruin of Munster and the Southern Half besides, |
|
ocus dia mbeind teóra leth-bliadna ele, |
agus dá mbeinn trí leathbhliain eile ann, |
and if I were to continue three half-years more, |
|
no millfind Érinn uli. |
mhillfinn Éire uile. |
I would ruin all Ireland. |
|
Mina beth dia n-uaisle ocus dia n-ecnaidecht, |
Muna mbeadh uaisleacht agus eagnaíocht |
Were it not for the nobleness and wisdom, |
|
dia n-ógi ocus dia n-indracus |
agus óighe agus ionracas |
and for the purity and honesty, |
|
ocus d’ immad a n-espoc ocus a n-an[m]charut |
agus iomad na n-easpag agus na n-anamchara |
and for the multitude of bishops and confessors |
|
muintire Corccaige móire Muman |
atá ag muintir Chorcaigh mhór Mhumhan |
of the monks of great Cork of Munster |
|
ó tudchad-su do m’ shaigid-sea, |
a dtáinig tusa uathu i mo choinne-se, |
from whom you have come against me; |
|
ocus do indracus a gotha ocus a bréthri |
agus murach ionracas gutha agus briathair |
and were it not for the worth of the voice and the word, |
|
ocus enig ocus anmma in ríg uasail oirmitnig |
agus oinigh agus anama an rí uasail oirmhinnigh |
honour and soul of the noble venerable king, |
|
dia tánac tesarcain; |
a dtáinig tú a theasargan; |
whom you have come to save; |
|
ocus didiu mina beth do t’ uaisle-siu ocus t’ indracus |
agus, arís, mura mbeadh d’uaisleacht féin agus d’ionracas |
and again, were it not for your own nobility and worth |
|
ocus t’ ógi ocus t’ ecnaide, |
agus d’ócht agus d’eagnaíocht, |
and for your purity and wisdom, |
|
d’ immbud t’ fhessa ocus t’ airchetail, |
iomad d’fheasa agus d’fhoghlama, |
and abundance of knowledge and lore |
|
is i t’ brágait fén no ragaind, |
is id’ bhráid féin a rachainn |
— it is into your own throat I would go, |
|
co ngabdaís coin-téill ocus slipre |
ionas go ngabhfaí de choin-iallacha agus d’fhuipeanna |
so that they would lash you with dog-straps and scourges |
|
ocus echlasca duit sechnón Érenn, |
agus d’eachlasca díot seachnóin na hÉireann |
and horsewhips through all Ireland, |
|
ocus comad hé galar no-t bérad, gorta.” |
agus go mba é an gorta an galar a leanfadh díot.” |
and the disease that would kill you, would be hunger.” |
Section 74
|
“Airde na crochi coimdetta uam-sa i t’ agaid!” ol Mac Con Glinne, |
“Comhartha croise an Choimdheadh uaim-se id’ aghaidh!” agus Mac Conglinne, |
“The sign of the Lord’s cross between me and you!” said Mac Conglinne, |
|
ocus atn-aig trí tomaid don tshoscéla friss; |
agus bhagair sé an soiscéal trí huaire ina aghaidh, |
thrice threatening him with the Gospels. |
|
ocus at-bert in demun, “Minbad in mbáin mbic a Cuirrech Liffe, |
agus dúirt an deamhan: “Muna mbeadh an bán beag as Churrach Life, |
And the demon said: “Were it not for the little fair woman from the Currach Life, |
|
do m’ debroth fia Dia, a C[h]athail meic Fhinguine, |
dar mo mhóid Dé os comhair Dé, a Chathail Mhic Fhinguine, |
by my God’s doom before God, O Cathal Mac Finguine, |
|
do-s-béraind do chorp i talmain |
bhéarfainn do chorp i dtalamh |
I would bear your body into the earth |
|
ocus t’ animm a n-iffernn ré nómaide anocht.” |
agus d’anam in ifreann roimh i bhfad anocht.” |
and your soul into hell before long tonight.” |
|
Ocus foluamnigis i n-ethiar iar sin la muintir iffirnn. |
Agus d’eitil sé leis san aer ansin in éineacht le muintir ifrinn. |
After that he flew into the air among the people of hell. |
|
“Cid do-géntar ann hi festa, a Meic Con Glinne?” or Pichán. |
“Cad é a dhéanfar anois, a Mhic Conglinne?” arsa Píochán. |
“What is to be done now, O Mac Conglinne?” asked Píochán. |
|
“Ní h-annsa,” ol Mac Con Glinne, |
“Ní deacair *sin a fhreagairt*,” arsa Mac Conglinne. |
“Not hard to tell,” answered Mac Conglinne. |
|
“lemnacht ocus imm úr, a comberbad tria mhil |
“Leamhnacht agus im úr a chomhbheiriú trí mhil |
“Let new milk and fresh butter be boiled along with honey, |
|
ocus a n-ól do nua-dhig don ríg.” |
agus a n-ól de nua-dheoch don rí.” |
and drunk for a new drink by the King.” |
|
Do-rigned samlaid. |
Rinneadh amhaidh. |
That was done. |
|
Tuccad cori cét chombruthi do loimm lán-berbthi dia shain-ól don ríg, |
Tugadh coire céad meadar de bhainne lánbheirithe ina shain-ól don rí. |
A cauldron of a hundred measures of fully-boiled milk was given as a special drink to the King. |
|
conid hí sáith mór dédenach |
Go mba é sin an tsáith mhór dheireanach |
It was the last great bellyful |
|
do thomail Cathal iarsan lun in tsáith-sin. |
a d’ith Cathal tar éis an deamhain an tsáith sin. |
that Cathal took because of the demon. |
|
Déraigther iar sin don ríg for colcid clúm-dérai[g]thi, |
Coiríodh leaba ansin don rí ar chuilt chlúimh |
A bed was afterwards prepared for the King on a downy quilt, |
|
ocus aes ciúil ocus airfitig |
agus aos ceoil agus oirfide *ag seinm dó* |
and musicians and players entertained him |
|
ó etart[h]ráth co h-etrud. |
ó eadarthráth go hoíche. |
from noon until twilight. |
|
Fesiss in rí i n-a shuan-torthim chodulta. |
Chodail an rí ina shuantoirchim chodlata. |
The King lay in his slumbering rest of sleep. |
|
Fessaiter in rígrad um Pichán |
Luigh na ríthe síos um Phiachán |
The chieftains lay around Píochán |
|
feib is aíbne ocus is anórdha bátar riam remi. |
chomh haoibhinn agus chomh honórach agus a bhíodar riamh roimhe. |
in as pleasant and honourable a manner as ever before. |
|
Cáttu mór ocus anóir for in scolaige leó in adaig-sin. |
Tugadh cáta mhór agus onóir don scoláire an oíche sin. |
They had great respect and honour for the scholar that night. |
|
At-berut eólaig (.i. scélaige) |
Deir na heolaigh (.i. na scéalaithe) |
The learned (viz. the story-tellers) |
|
co mboí in rí teóra láa ocus teóra [h]-aidche isi[n] aen chodlad-sin. |
go raibh an rí trí lá agus trí oíche sa chodladh sin. |
say that the King was three days and three nights in that one sleep. |
|
At-berat libair C[h]orccaige |
Deir leabhair Chorcaí, áfach, |
But the books of Cork relate |
|
ná boí acht ón tráth co ’raile. |
go nuige an tráth céanna an lá ina dhiaidh sin. |
that he only slept the round of the Hours. |
Section 75
|
At-raig in rí iar n-a bárach |
D’éirigh an rí arnamhárach |
The King arose the following morning, |
|
ocus tig a láim dar [a] agaid, |
agus thug sé a lámh thar a aghaidh |
and passed his hand over his face; |
|
ocus níba luga oltá uball féta fír-chumra |
agus ní lú ná úll breá fíorchumhra |
and no smaller than a full-fragrant apple |
|
cach banna drúchta dond-c[h]orccra |
gach braon drúchta donn-chorcra |
was each dark-purple drop of dew |
|
boí tria n-[a] agaid. |
a bhí trína aghaidh amach. |
that was on his face. |
|
“C’ áit hi fil Mac Con Glinne?” ol Cathal. |
“Cá háit a bhfuil Mac Conglinne?” arsa Cathal. |
“Where is Mac Conglinne?” asked the King. |
|
“Atá sund,” ol sé. |
“Tá sé anseo,” ar seisean. |
“Here he is,” answered he. |
|
“Indis in t-aislingi dún i fecht-sa.” |
“Inis an aisling dúinn anois.” |
“Tell us the vision now.” |
|
“Do-géntar,” ol Mac Con Glinne. |
“Déanfar é,” arsa Mac Conglinne. |
“It shall be done,” said Mac Conglinne. |
|
“Cé fota bé ’ca h-indissi indiú, |
“Pé fada a bheidh an insint inniu,” |
“However long the tale may be today,” |
|
ní fota lemm,” ol Cathal, |
arsa Cathal, “ní fada liom é. |
said Cathal, “it will not appear long to me, |
|
“ní h-inand ocus indé.” |
Ní hionann agus inné.” |
it is not the same as yesterday.” |
|
Fácbais Cathal rath ocus bendachtu |
D’fhág Cathal rath agus beannacht |
Cathal left his grace and blessing |
|
for cach n-oen no-t légfa[d] ocus no-t lessaigfed. |
ar gach aon a léifeadh agus a chaomhnódh an scéal. |
on everyone who would read it and preserve it. |
|
“Maith,” ol in rígrad, “do dénam for Mac Con Glinne.” |
“Luach saothair do Mhic Conglinne,” arsa na ríthe. |
“Some boon should be done to Mac Conglinne,” said the chieftains. |
|
“Do-géntar,” ol Cathal; |
“Béarfar,” arsa Cathal. |
“It shall be done,” said Cathal. |
|
“bó cach liss hi Mumain-tír dó, |
“Bó gach leasa i Mumhaintír dó |
“He shall have a cow out of every close in Munster, |
|
ocus uinge cach comathig, |
agus uinge gach teaghlaigh, |
and an ounce for every householder, |
|
brat hó cach cill |
brat ó gach cill |
and a cloak for every church, |
|
ocus caera cach thige ó Charn cu Corccaig fri a thaeb-sin. |
agus caora gach tí ó Charn go Corcaigh ina theannta sin. |
and a sheep from every house from Carn to Cork. |
|
Do-bérthar trá in sét is f[h]err oltás sin uile |
Béarfar, freisin, dó an tseoid is fearr ná sin uile, |
Moreover, he shall be given the treasure that is better than all these, |
|
.i. cocholl Manchíne.” |
cochall Mainchín.” |
I mean Mainchín’s little cloak.” |
Section 76
|
Is ann trá tánic Roennu Ressamnach isin tech |
Is ansin a tháinig Raonna Reassamhnach sa teach |
It was then that Raonna Reassamhnach came into the house, |
|
ocus Cruit-Fhiach a mac ocus Mael Chiar a ingen, |
agus Cruitfhiach a mhac agus Maolchiar a iníon. |
and Cruitfhiach, his son, and Maolchiar, his daughter. |
|
conid ind do-s-gní na rundu-sa: |
Agus rinne sé an rann seo: |
And then he made these quatrains: |
|
|
|
|
|
“Do-lluid Manchín, monar nglé, |
“Chuaigh Mainchín — gaisce glé — |
“Mainchín went — a brilliant feat — |
|
d’ accra for Mac Con Glinne; |
chun agairt le Mac Conglinne |
To plead against Mac Conglinne, |
|
is é Manchín melltais de |
Mainchín a chaill *más ea* |
Mainchín they defrauded then |
|
don chochlín bec boí imme.” |
an cochall beag a bhí uime.” |
Of the little cloak around him.” |
|
|
|
|
|
“Nírb uróil do Chomgán glan” |
Ní bheadh sé ró-iomarcach do Chomhgán glan |
“It was not so much for pure Comhgán,” |
|
(.i. ar mac in drúith) |
(arsa mac an drúith) |
(said the son of the jester) |
|
“(cen co bad uann a bunad) |
“(cé nach uainn a bhunadh) |
“Though we are not of his kindred, |
|
in cocholl it-chiú co mblad |
an cochall oirirc a chím |
The famous cloak which I see, |
|
cémad fhiú trí secht cumal, |
cé go mbeadh sé fiú trí seacht chumhal |
Although worth thrice seven cumals, |
|
cia no beth fo dathaib bran, |
cé go mbeadh dath bran air |
Though it were of the ravens’ hue, |
|
ó Chathal, ó ríg Muman.” |
ó Chathal, ó rí Mumhan.” |
From Cathal, King of Munster.” |
|
|
|
|
|
“Nírb oróil lemm uaimm fodén |
“Ní bheadh sé ró-iomarcach dom féin é a thabhairt |
“It would not be so much for me to give, |
|
gémad ór i n-a thairmchéill, |
cé go mbeadh ór ina chiumhais |
Though gold were in its border, |
|
amal no berad fri a réir |
amhail a tugadh dá dheoin *féin* |
As it was given by his will, |
|
is it-berad tria glan-chéill, |
is a dúradh trí ghlan-chiall |
And spoken in pure reason: |
|
is do C[h]athal i[s] slán céill |
is do Chathal slán chéille |
For health of reason Cathal now |
|
in t-erriud do-lluid Manchéin.” |
an t-éadach a tháinig ó Mhainchín.” |
Receives from Mainchín’s journey.” |
|
Dolluid M. |
|
|
|
|
|
|
|
Tecar ann sin bó cach liss, |
Tugadh bó gach leasa, |
Then a cow was given to him out of every close |
|
uinge cach comathig, |
uinge gach teaghlaigh, |
an ounce for every householder, |
|
bratt cach cille, |
brat gach cille, |
a cloak for every church, |
|
fail óir ocus ech Bretnach, |
fail óir agus each Breatnach, |
a ring of gold, a Welsh steed, |
|
caeru fhind cach t[h]ige ó Charnn co Corccaig. |
caora fhionn gach tí ó Charn go Corcaigh *do Mhac Conglinne*. |
a white sheep out of every house from Carn to Cork. |
|
Dá t[h]rian immpide (ocus trian d’ f[h]eraib Érenn ol chenai), |
*Tugadh dó* dhá dtrian cirt idirghuí (trian á fhágáil ag fir Éireann) |
Two thirds of the right of intercession (one third being reserved to the men of Ireland) *was accorded to him*, |
|
ocus leth-lám C[h]athail do grés. |
*agus ceart suí* i gcónaí ar leathláimh Chathail. |
and that he should sit always at the right hand of Cathal. |
|
At-agur dó sin uli, feib ro ráidsium. |
Bronnadh sin uile air, feibh a dúramar. |
All these things were granted to him, as we have said. |
Section 77
|
Tidnocul cacha cluaisi |
Cluineadh gach cluas |
Let this be heard by every ear, |
|
ocus cach thengad tuicsinche di araile, |
agus cloistear ó gach teanga thuisceanach do araile an scéal seo |
and delivered by every chosen tongue to another, |
|
feib at-c[h]ódutar sruthi ocus senóri ocus senchaide, |
feibh a dhearbhaigh saoithe agus seanóirí agus seanchaithe é |
as elders and old men and historians have declared, |
|
feib légait[h]er ocus scríbthar i liubar Chorccaige, |
feibh a scríobhadh agus a léitear é i leabhair Chorcaí, |
as it is read and written in the books of Cork, |
|
feib ro ordaig aingel Dé do Mac Con Glinne, |
feibh a d’ordaigh aingeal Dé do Mhac Conglinne é, |
as the angel of God set it forth to Mac Conglinne, |
|
feib ro shluind Mac Con Glinne do Chathal mac Fhinguine |
feibh mar a labhair Mac Conglinne é do Chathail Mac Finguine |
as Mac Conglinne himself uttered it to Cathal Mac Finguine |
|
ocus do f[h]eraib Muman ol chena. |
agus d’fhir Mhumhan chomh maith. |
and to the men of Munster besides. |
|
Ní closti ní bes dogra; |
Ní chloistí ní ar bith brónach |
Nothing sorrowful shall be heard by anyone who has heard it, |
|
bat c[h]omga bliadna da cach aen at-chuala. |
agus beidh sé ina chosaint ar feadh bliana do gach aon a chuala é. |
it will be a year’s protection to him. |
|
Atát deich prím-ratha fichet forsin sceól-sa, |
Tá tríocha príomhbheannacht leis an scéal seo |
There are thirty chief virtues attending this tale, |
|
ocus is lór uathad díb for desmberecht. |
agus is leor beagán díobh mar dheismireacht. |
and a few of them are enough for an example. |
|
In lánomain dia n-ind[is]fither i cét-adaig |
An lánúin dá n-inseofar é an chéad oíche |
The married couple to whom it is related the first night |
|
ni scérat cen comorba; |
ní scarfaidh siad gan oidhre *a ghiniúint* |
shall not separate without an heir; |
|
ní bet i terca bíd nó étaig. |
agus ní bheidh teirce bhia ná héadaigh orthu. |
they shall not lack food or clothing. |
|
In tech nua do chét-sceól, |
An teach nua arb é an chéad scéal é *a inseofar ann*, |
The new house, in which it is the first tale told, |
|
ní bérthar marb ass, |
ní bhéarfar duine marbh as, |
no corpse shall be taken out of it; |
|
níba terc mbíd nó étaig, |
ní beidh teirce bhia agus éadaigh ann |
it shall not want food or clothing; |
|
ní loisc tene. |
agus ní loiscfidh tine é. |
fire does not burn it. |
|
In rí dia n-aisnéther ré cath nó comrac, |
An rí dá n-inseofar é roimh chath nó comhrac |
The king to whom it is recited before battle or conflict |
|
a mbuaid laiss. |
beidh an bua leis. |
shall be victorious. |
|
Oc taisselbad lenda, |
Ar ócáid dháilte leanna, |
On the occasion of bringing out ale, |
|
oc biathad f[h]latha, |
ag tabhairt féasta do fhlaith, |
or of feasting a prince, |
|
oc gabáil orbai ocus athardha, |
ag dul i seilbh oidhreachta agus athartha, |
or of taking an inheritance or patrimony, |
|
in scél-sa do aissnéis. |
*ba chóir* an scéal seo a aithris. |
this tale should be recited. |
|
Is é lóg aisnéssi in sceóil-sea, |
Is é luach saothair inste an scéil seo: |
The reward of the recital of this story is |
|
bó brecc-f[h]ind hó-derg, |
bó bhreacfhionn chluasdhearg, |
a white-spotted, red-eared cow, |
|
léne do nua-lín, |
léine den nua-lín, |
a shirt of new linen, |
|
brat longain lómair co n-a delg, |
brat olla lómhar agus a dhealg |
a woollen cloak with its brooch, |
|
ó ríg ocus ó rígain, |
— é sin ó rí agus ó ríon, |
from a king and queen, |
|
hó lánamnaib, |
ó lánúna pósta, |
from married couples, |
|
ó maeraib, ó fhlathib, |
ó mhaoir, ó fhlatha — |
from stewards, from princes, |
|
dont-í chuimgess a fhaissnéis ocus a indisse dóib. |
don té ar féidir leis é a fhaisnéis agus a insint dóibh. |
to him who is able to tell and recite it to them. |
|
FINIT |
FINIT |
THE END |