Irish Sagas at UCC University College Cork

CDI
CELT

 

Scéla Cano meic Gartnáin

Sections in the text

§1

§2

§3

§4

§5

§6

§7

§8

§9

§10

§11

§12

§13

§14

§15

§16

§17

§18

§19

§20

§21

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Complete file (PDF)

 

Section 1

Baí imchosnom im rígi n-Alban

Bhí coimhlint fá ríghe Alban

 

iter Oedán mac Gabráin ocus Gartnán mac Æda maic Gabráin,

idir Aodhán mac Gabhráin agus Gartnán mac Aodha mhic Gabhráin

Áedán son of Gabrán and Gartnán son of Áed, son of Gabrán

 

 

were in contention over the kingship of Scotland

co torchair leth fer n-Alban etarru hi cathaib ocus imargalaib.

ionas gur thit leath fear Alban eatarthu i gcatha agus in iorghala.

until half the men of Scotland fell between them in battles and conflicts.

A n-Inis moccu Ché[i]n ro-baí in Gartnán;

In Inis Mhac Uí Chéin a chónaigh Gartnán.

Now this Gartnán dwelt in Innis Moccu Chéin

is [s]í insi is dech con-rótacht i n(n)íart[h]ar domain,

Is í sin an inis is fearr atá cóirithe in iarthar domhain:

and that island was the best equipped in the western world.

.i. stíall ar c[h]apar do dercibar cach teach baí isinn indsi la Gartnán ó fhéic co féic imonn indsi uili connici in fíaltech;

gach teach ó rinn to rinn fán inis uile tógtha ag Gartnán as stiallacha de iúr dearg, go fiú an leithreas féin.

In Gartnán’s time every house on the island was panelled with red yew, as far as the privy, around the whole island.

ba do dercór a indsi uili la Gartnán.

Ba de dhearg-ór a inis uile de bharr a shaothair.

Gartnán had his whole island decked with red gold.

Seacht seisrecha leis for indair;

Seacht seisreacha aige don treabhadh.

He had seven ploughlands under the plough

secht n-áirge leis, .uii. fichit bó cacha háirge.

Seacht dtréada aige agus seacht bhfichid bó i ngach tréad.

and seven herds with seven score cows in each herd.  

.l. lín fri haige altai

Caoga líon le breith ar fhianna allta

He had fifty nets for wild game

esti amach, .l. lín fria híascach.

agus caoga líon as an inis amach le haghaigh iascaigh.

and fifty fishing nets off-shore.

in .l. lín éisc, súainemain estib for senistrib na cuchtrach,

Caoga téad as na líonta éisc go dtí fuinneoga na cistiní.

The fifty fishing nets had ropes on them leading up to the windows of the kitchen.

cluicine for cind cacha súainemna

Cloigín ar cheann gach téide

There was a small bell at the end of each rope

forind aireanach ar bélaib in[d] rechtaire;

ar an laindéal os coinne an reachtaire.

on the platform in front of the steward.

cethrur oc téluch na n-iach cétshnáma dó súas.

Ceathrar ag tarraing na mbradán céadshnámha aníos dó.

Four men would empty the first run salmon up to the steward above.

Éiseum co léic ic ól meda fora(a) cholcaig.

Eisean ar feadh an ama ar a tholg ag ól meá.

Gartnán, meanwhile, would be drinking mead on his quilt bed.

Back to top

 

Section 2

Rucad mac do Gartnán, .i. Canu mac Gartnáin.

Rugadh mac do Ghartnán, is é sin Cano mac Gartnáin,

A son was born to Gartnán and his name was Cano.

Rucad-side for altrom.

agus tugadh amach ar altrom é.

He was put into fosterage.

Fo-rroilged la Gartán dabach i llac mara, ocus sí lán di ór ocus di argat;

Chuir Gartnán dabhach á fholú i lag mara agus í lán d’ór agus d’airgead

Gartnán concealed a vat full of gold and silver when the tide was low.

ocus ro-marbtha lais in cethror ro-bátar oc br[e]ith ind airgid inti,

agus mharaigh sé an ceathrar a d’iompair an t-airgead inti,

He had the four men who had loaded the vat *with silver* killed

conda ruc in muir leis,

gur rug an mhuir léi iad

and then the sea carried them off.

ocus nách fidir acht (s)éisem ocus a ben ocus a mac.

agus nárbh eol d’éinne é ach dó féin agus a bhean agus a mhac.

No one knew of this except Gartnán, his wife and his son.

Back to top

 

Section 3

Do-luid .im. Ædán cucai-seom .xx. cét fot na geamaidhchi.

Oíche gheimhridh amháin áfach tháinig Aodhán chuige, le fiche céad fear,

*However,* Áedán advanced on Gartnán with two thousand men through a winter’s night.

Coná dechadar acht a ndeachaid do rind gaí ocus do g[e]in claidhibh,

agus ní dheachaigh as ach a ndeachaigh de rinn ghae agus d’fhaobar claidhimh,

They only escaped who escaped from spear-point and sword-edge

ocus ni baí crand dond indsi fri aroile im meadón laí arna márach.

agus i meán lae arna bhárach ní raibh aon dá chrann tí i gcionn a chéile san inis.

and there was not a beam left standing against another by noon of the following day. 

Back to top

 

Section 4

“Maith trá”, or Cano, “is ferr dún imgabáil ind fhir-se ro-marb ar n-athair;

“Bíodh mar sin,” ar Cano, “is fearr dúinn an fear seo a mharaigh ár n-athair a sheachaint.

“Well now,” Cano said, “it would be better for us to avoid the man who has slain my father

ní (f)aicsiu ar cairdeas dó inás in fer ro-marb.”

Ní foigse ár gcairdeas dó ná cairdeas an fhir a mharaigh sé.”

for my kinship with Áedán is further removed than that of the man he has slain.”

“Cia leath reghma[e]?” or a muinter.

“Caidé an treo a raghaimid?” ar a mhuintir.

“Where shall we go?” asked his people.

“Reghmai(t) i tír n-Érind; combráthair dún.”

“Raghaimid go hÉirinn mar is comhbhráithre dúinn iad.”

“Let us go to Ireland. We have kinsmen there.”

Do-gnít(h)er curaich lais.

Fuair sé curaigh déanta

A small boat was built by them.

Lotar dochum thráchta.

agus chuadar chun trá.

They went down to the beach.

Is [s]amlaidh do-dechadar dochum mara .i. cóeca læch.

Is amhlaidh a tháinig an caoga laoch chun na mara:

The fifty warriors who came to the sea looked like this:

Brat corcra cóicdíabalta im cach n-aí;

brat corcra cúig-dhiabhalta ar gach duine acu;

each of them had a purple cloak, folded five times, about him

dá sleigh cóicrindi ina láim;

dhá shleá chúig-rinne ina láimh;

*, two five-pronged spears in his hand,

scíath co mbúailig óir fair;

sciath agus murlán óir air;

a shield with a golden boss on it*

cloideb órduirnn fora chris;

claidheamh ór-dhoirn ar a chrios;

and a golden hilted sword on his belt.

a mong órbuidi dara ais.

a mhong órbhuí thar a mhuin siar.

Each of them had golden yellow locks of hair *flowing down his back*.

Is [s]amlaid do-deachadar in .l. ban:

Is amhlaidh a tháinig an caoga ban:

The fifty women who went looked like this:

brat húaine co cortharaib argait;

brat uaithne fá chorthar airgid;

each had a green cloak with silver fringes,

léne co ndergindlead óir;

léine fá dhearg-inleadh óir;

a tunic embroidered with red gold,

deilgi óir lánecair co mbrechtrad (n)gem n-ildathach;

dealga d’ór lán-eagair fá bhreachtraidh geama ildathacha;

fully embellished golden brooch-pins with a variety of many-coloured stones,

muinci di ór forloisct[h]i;

muince d’ór fhorloiscthe;

a necklace of refined gold

mind óir for(a) c(h)ind cach aí.

mionn óir ar cheann gach mná acu.

and each wore on her head a golden diadem.

In .l. gilla:

An caoga giollaí ansin:

The fifty servants

inara do síta buidi[u] impu co n-argud.

ionair de shíoda buí agus airgid umpu;

had yellow silk shirts threaded about with silver.

Fithchell for muin cach gilla[i] co feraib óir ocus airgid;

fichill ar mhuinéal gach giolla maraon le fir óir agus airgid;

Each servant carried a set of fidchell across his back with gold and silver pieces,

timpán créda i(n) láim chlí in gilla[i];

tiompán créadha ina láimh chlé;

a *bronze* lute in his left hand

da mílchoin ar slabra[i]d airgit ina láim deis.

dhá mhíol-choin ar shlabhra airgid ina láimh dheis.

and a pair of greyhounds on a silver leash in his right hand.

Back to top

 

Section 5

Bátar meic Æda Sláne in tan-sin

Bhí mic Aodha Sláine an t-am sin

At that time the two sons of Áed Sláine, Diarmait and Bláthmac,

for crích (n)Ulad

i gcrích Uladh

 

for tomaltaib,

ag bailiú toradh a gceartanna ríoga,

 

.i. dá mac Æda Sláne i comflaitheamnas;

mar bhí an bheirt acu i gcomhfhlaithiúnas an tráth sin.

who held joint-sovereignty,

 

 

were enjoying their tribute

bádar-side hi Collmaig hi crích Ulad.

I gCollmhaigh i gcrích Uladh a tháinig Cano orthu.

in the territory of Ulster, at Collmeg.

Ro-buí fáilti mór la suidiu,

Chuir siad fáilte mhór roimhe

They gave a good welcome to Cano,

.i. trian bi[i]d ocus leanna ocus attreib ocus indili dó.

le trian de bhia, de lionn, de áitreabh agus de innile.

that is to say, one-third of their food, their drink, dwelling places and wealth.

Nirbo lór la hÆdán

Níor leor d’olc le hAodhán

 

a c[h]los-[s]in na fáilti do thabairt do-som la macu Æda Sláne;

a chloisint cé an fháilte a chuir mic Aodha Sláine roimh Chano;

Hearing of the welcome given to Cano by the sons of Áed Sláine,

 

 

Áedán was dissatisfied.

andso cach rét leis dí

ba throime ná gach rud leis

It was all the harder to bear

nád fider in dabaig fo-roilged la Gartnán.

nárbh eol dó an áit ar fholaigh sé an dabhach.

that he did not know where the vat had been hidden by Gartnán.

At-berad-som trá do-dechaid in Satan c(h)uca, .i. co hOedán,

Deirtear áfach go dtáinig Satan go dtí Aodhán

It was said *, however,* that Satan came to Áedán

co n-éccid dó in dabaig áit a roibi,

gur inis dó an áit a raibh an dabhach

and disclosed the whereabouts of the vat to him.

co tucad leis co mbuí ina chuili fodeisin,

agus go dtug sé leis ina chuile *fhéin* é

Áedán then brought the vat back so that it stood in his own store-room

ocus nocho testa afaing esti.

agus nach raibh oiread is cianóg in easnamh air.

and it was not lacking in silver pennies.

“Bidh maith so”, or Oedán,

“Beidh gach ina cheart,” ar Áodhán,

“It will be a good thing,” Áedán said,

“.i. in crod-sa Gartnáin do-bérthar do macaib Æda Sláne ar marbad a meicc, .i. Cana.”

“is cóir an crodh *Ghartnáin* a thabhairt do mhic Aodha Sláine ar son Cano a mharú.”

“that the sons of Áed Sláine be given the wealth of Gartnán to kill his own son Cano.”

Back to top

 

Section 6

Do-luid nónbur úad, ocus míach argaid leo,

Chuaigh naonúr siar uaidh agus miach airgid leo

Áedán dispatched nine men with a sack of silver

co mbádar issind arucol mac n-Æda Sláne

go rabhadar i seomra mac Aodha Sláine

and they arrived at the chamber of the sons of Áed Sláine

cen fhis cen airfhis.

*gan fhios, gan réamhfhios*.

secretly and without prior arrangement.

Cana cona muintir i tig fo leith isin lis.

Bhí Cano agus a mhuintir i dteach fá leith so lios.

Cano and his household were staying in the house in a separate part of the enclosure.

Ingen Díarmada maic Æda Sláne
ro-char(astar) Cano

Tharla áfach go raibh iníon Dhiarmada mhic Aodha Sláine i ngrá le Cano

The daughter of Diarmait, son of Áed Sláine, loved Cano

 

 

before he had crossed the sea

ara airscélaib

ar a iomrá

because of the famous stories about him.

cid síu do-(th)ísed t(h)airis.

fiú sula dtáinig sé anall,

 

Ro-bátar coím Éreand ica c(h)uindchid.

cé go raibh uaisle na hÉireann á hiarraidh féin,

She was sought in marriage by Irish nobles.

Buí-si i n(n)airicol i tóeb taigi mac n-Óeda.

agus anois bhí sise i seomra ag taobh tí mhac Aodha.

She was in a chamber which lay alongside the house of the sons of Áed Sláine.

“Toimsidher a n-argad”, or mac Æda.

“Tomhaistear an t-airgead,” ar mic Aodha.

“Let the silver be weighed,” said the sons of Áed.

“Ro-d-bia ón”, or ind (n)Albanaich.

“Déanfar sin duit,” ar na hAlbanaigh.

“So be it,” the Scots said.

Ro-c(h)úala[e] ind (n)ingen in cocur hísin.

Chuala an iníon an comhchogar seo.

The girl heard that secret conversation.

Ro-gab imach, ocus gebid fleisc ina láim,

Ghabh sí amach, thóg fleasc ina láimh

She came out holding a rod in her hand

ocus luid co mbuí forsin fordorus ind lis.

agus chuaigh ar fhordhoras an leasa.

and she went to the balcony overlooking the enclosure.

Is and do-lluid-seom imach ceathror,

Is ansin díreach a tháinig Cano amach faoi le triúr eile,

Then the four men came out,

ocus óengaí i lláim cech fir do dul immach.

agus ga i láimh gach fir acu.

each with a spear in his hand.

At-bert-si:

Labhair sí:

The girl said:

 

 

 

“Nochon [fh]etar-sa indiu

“A lua inniu ní fhéadaim,

“There’s no warrior that I know,

la hÉri ná hAlbanchu

in Albain ná in Eirinn,

of the Scots or of the Irish,

loech ná[d] (h)urgarad(ar) Cano

laoch nach ndiongbhann Cano

who could not ward off Cano

cona gaí find fort(h)anu.”

lena gha geal tanaí.”

with his bright and slender spear.”

 

 

 

Oc teacht dó fon fordorus,

Ag teacht faoin fhordhoras dó

As she went towards Cano, who was under the balcony,

do-ber[t]-si in slait ina chend ocus dixit:

leag sí an tslat ar a cheann agus dúirt:

she waved the stick before him and said:

 

 

 

“A Chano

“A Chano,

“Cano,

faire i f(a)ile fortharo;

tá súil ar do shealbhas,

there is interest in your store:

masa dodchad, is mór de,

más dochar is mór de,

its good luck will be slight,

masa s[otch]ad, is tano.”

más sochar is mion de.”

its bad luck will be more”

 

 

 

La tobairt bémme dó oc tuideacht imach,

agus ansin thug sí buille dó ag teacht amach

As she came out she gave Cano a tap

ocus as-bert oc teacht dó úaidi(b):

agus dúirt leis mar d’imigh sé:

and said, drawing nearer to him and further from the others:

 

 

 

“Ní faiteach int Albanach

“Ní faichilleach an tAlbanach

“Unwary is the Scot,

im-thé(i)t la lúth a láime;

a shiúlann fá lúth a láimhe,

who roves with strength in his hand,

atá ní nád faichlethar

mar tá rud nach bhfeiceann sé,

It is a fact that he takes no heed

gussu maic Æda Sláne.

cumhacht mac Aodha Sláine.

of Áed Sláine’s warlike sons.

 

 

 

Ní ar tharcud athchomsáin

Ní chanaim i modh achasáin

It is not to apportion blame

do ríg cen écnach n-æra,

do rí gan éagnach aoire,

to a king untainted by satire,

atá mór dona[ib] doínib

mar tá mórán de dhaoine

but those in the care of the sons of Áed Sláine

fo chíchib maicni nOeda.

faoi chíocha na mac Aodha seo.

could heed this warning greatly.

 

 

 

A scél ro-chúala tria tech

An scéal a chualas tríd an teach

Throughout this house I have heard the tale,

ní sían n-álaind n-adbannach;

ní siansa álainn ábhannach,

it is not a pleasant tune,

siretach nád cluinither;

is trua don té nach gcluineann é,

Sad for him who does not hear,

ní faitech int Albanach.”

ní faichilleach an tAlbanach.”

unwary is the Scot.”

Ni.

 

 

 

 

 

“As robad so, a ingen,” ar Cano.

“Is rabhadh é sin, a iníon,” ar Cano.

“This is a warning, girl,” Cano said.

“Cid robud”, orsi, “atá a damna and.

“Más ea féin,” ar sí “tá a ábhar ann.

“If there is a warning,” she replied, “there is reason for it.

Atáthar ac tomus argaid ar bar marbad isinn arucul út.”

Táthar ag tomhas airgid ar do mharú sa tseomra úd.”

They are counting out silver for your murder in that chamber there.”

“Maith dí”, orse.

“Tá go maith,” ar sé

“Right then,” Cano said.

Back to top

 

Section 7

Luid ina t[h]ech.

agus chuaigh ar ais ina theach.

He went into the house.

“Maith trá, is airc dúnn cia do-[g]nemis comairle.”

“Más mar sin é, beidh orainn comhairle a ghlacadh.”

“Well now, we need to take counsel.”

“Cid so, a Chano?” ol a muinter.

“Caidé an scéal seo, a Chano?” ar a mhuintir leis.

“What is the matter, Cano?” his household asked.

“Ní ‘cid’ maith”, ol Cano;

“Ní scéal maith é.

“ ‘What’ is of no use,” Cano replied.

“do-filter c(h)uca(i)nd diar marbad in lín atám.”

Táthar réidh lenár marú, an uile dhuine againn.”

“They are on their way to kill the lot of us.”

“Bés is ed ro-c[h]indead dún”, ar an óic.

“B’fhéidir gurb é a cinneadh dúinn,” adeir na fir.

“Perhaps that has been fated for us,” the young men said.

“Atá ní as maith dún”, or Cano:

“Tá comhairle agam a fhóirfeas dúinn.

“This is the best course for us,” Cano said.  

“fúaitgem dona[ib] feraib na cóic thigi file(t) isind lis.

Ná ligimis do na fir dul sna cúig tithe atá sa lios.

“Let us capture from the men the five houses in the enclosure.

Tíagat dá claidbech déc ar dorus cach t(h)igi.

Téadh dhá chlaidhmheach déag i ndoras gach tí.

Let twelve swordsmen go to the door of each house.

Ro-hicob-sa na rígu ocus nibat ríg na fotha.”

Raghaidh mise go dtí na ríthe agus ní ríona a bheas acu ansin.”

I shall approach the kings and it will not be a loving visit for them.”

“Maith”, or inn óic, “is fearr ainmne.”

“Maith go leor,” ar na fir, “is fearr dúinn bheith foighdeach.”

“Good,” the warriors said, “forbearance is the better course.”

“Maith”, orse, “tíagh-sa dochum ind arucuil dús in[d]am lécther ind.

“Go maith,” ar sé, “ raghadsa chuig an tseomra féachaint an ligfear isteach mé.

“Good,” agreed Cano. “I will go to the chamber to see if I can get in.

Dian[d]am léicther ind, ni-m [m]air[b]fider.

Má ligtear, ní marófar mé.

If I can, I shall not be slain.

Mani-m léict[h]er, segaith-si ar éicin ocus no-m-léicid imach íarum.”

Mura ligtear, téigí sibhse agus ligigí amach ar éigin mé.”

If I cannot then force your way inside and get me out.”

Back to top

 

Section 8

Téit-seom dí do dorus in tigi.

Téann sé ansin go doras an tí

Cano approached the door of the house.

Tíagair di athchomarc Cano i ndorus in tigi.

agus tig duine chun cainte leis.

Men were sent to question him at the doorway.

“Do-lleic ind”, or Díarmaid.

“Lig isteach é,” ar Diarmaid.

“Let him in,” says Diarmait.

“Tóet ind”, or Bláthmac.

“Taradh sé isteach,” ar Bláthmhac.

“He may enter,” says Bláthmac.

Téit isa tech co fosad.

Téann sé isteach go socair.

Cano entered steadily.

Is and buí in sechi cusan argad for lár in tigi.

Is amhlaidh a bhí an tseiche leis an airgead ar urlár an tí.

The bag of silver was on the floor *of the house*.

“Tair etraind sund”, orsiad.

“Tar anseo eadrainn,” ar siad.

“Come among us,” they said.

“Maith ind foil-se”, orse, .i. foil a athar.

“Is maith an fáinne seo” — fáinne a athar a bhí ann.

“That is a fine bracelet,” Cano said — it was his father’s bracelet.

“Bíd imod láim”, or Díarmait.

“Beidh sé fá do láimh,” ar Diarmaid.

“It shall encircle your hand,” Diarmait said.

“Ba dúthaich cia no-beth dí”, orse.

“Ní bheadh ann ach an ceart dá mbeadh,” ar sé.

“It used to be an heirloom,” said Cano.

“Cia dúthchus ón?” orsead.

“Cé an chaoi más ea?” ar siad.

“Whose inheritance was it?” they asked.

“Scél trúag ón”, orse.

“Is scéal trua é maise,” ar sé.

“That is a sad story.

“Atchúalabair m’athair-sea.

“Chuala sibh trácht ar m’athair.

You have heard of my father.

Rob adlaic leo-som daigh-íartaigi dam-sa;

Ba mhian leis soláthar a dhéanamh do mo thodhchaí

He wished it to be a noble inheritance for me;

.i. ro-foilgedh leis dabach lán di arcad.

agus chuir sé dabhach lán d’airgead i bhfolach,

he concealed it in a vat full of silver.

Ol is treisiu tocad Ædán,

ach mar ba threise rath Aodháin

Since Áedán’s luck is the stronger,

fo-fúair co tucad úad crod an athar

fuair sé crodh m’athar agus chuir anseo go hÉirinn é

he found my father’s store of treasure and sent it here to you

armo marbad-sa libh-si sund.”

mar dhíolaíocht ar mo mharú libhse.”

in return for my death *by you here*.”

“At-beram”, or Díarmaid,

“Deirimid an méid seo,” ar Diarmaid,

“We declare,” said Diarmait,

“cia do-bertha lán in tigi co h-ocht(h)aig,

“cé go dtabharfaí lán an tí go fraitheacha dúinn

“that though the fill of this house up to the rafters were given

ni-t rir(fi)the aire.”

ní díolfaí thú.”

you would not be sold for it.”

“Is buidi lend”, orse.

“Táimid buíoch,” ar sé.

“I am grateful,” said Cano.

La sin gaibthi imach.

Leis sin téann sé amach.

With that he left.

Téit Bláthmac ina dia(i)d.

Téann Bláthmhac ina dhiaidh.

Bláthmac followed him.

“Atá ní no-t-bia, a Chana,” orse.

“Beidh sásamh agat, a Chano,” ar sé.

“Here’s something for you, Cano,” he said.

“Regait ind óic diar n-inchaibh-ne murc[h]reich.

“Raghaidh na teachtairí taobh amuigh dár n-oineach ar an fharraige.

Áedán’s warriors will pass out of our protection at the distance of a league.

Airg-siu ara chind ocus dos-fúairc, ocus tuc t(h)’arcad fadéin c(h)ucad”.

Téigh thusa ina gcionn is básaigh iad is glac chugat d’airgead féin.”

Go intercept them, crush them and retrieve your own silver.”

“Am buideach de”, or Cano.

“Táim buíoch de,” ar Cano.

“I am grateful for this,” said Cano.

Back to top

 

Section 9

Téit íar sin coa muntir.

Téann sé ina dhiaidh sin go dtí a mhuintir.

Cano *then* returned to his people

Im-rochomlai ind n-inseo a taigh dóib.

Níonn siadsan cuairt an oileáin ar lorg na dteachtairí,

and they set out from the house.

No-s-gaib Cano.

ach is é Cano a bheireann orthu.

Cano caught up with the envoys of Áedán.

Aireblingthe co mbuí isin curach.

Léimeann sé isteach sa churach orthu:

He leapt aboard their boat.

“… do thetarr(e)acht ar mbægail”, ar Cano.

“Ag iarraidh teacht aniar aduaidh orm a bhí sibh?” *, arsa Cano.*

“We have caught you unawares,” he said.

“Is dáig”, orse[a]t.

“Is dóiche é,” ar siad.

“That is clear,” they replied.

“Olc dúib ám mo brath-sa.

“Ba olc an mhaise díbh fealladh orm.

“You were greatly at fault to betray me:

Ni fil isan churach-sa nabad i tig m’athar-sa ocus mo máthar do-ucabtha”.

Níl dada sa churach seo nach as tigh m’athar agus mo mháthar a tógadh é.”

there is not a man in this boat who was not raised in the house of my father and mother.”

“Maith, a Chano”, ar ann óic.

“Is fíor duit, a Chano,” ar na fir,

“Well, Cano,” the warriors said,

“Cid tú bud chumachtach is’ tír i tám-ne, no-bemis dod réir.

“ach dá mbeadh cumhacht na tíre agatsa bheimis faoi do réirse.

“if it were you who ruled in our land, we would be subject to you.

Atá ní as maith duit: t’argat bodéin d’fácbáil lat

Is é an rud is fearr duit a dhéanamh anois, d’airgead féin a choinneáil

Here is your best course: your *own* silver to be left here

ocus ar léici[ud]-nni diar tír.”

agus sinne a ligint abhaile.”

and us to be allowed back to our land.”

“Bid fír dí”, orse.

“Sin mar a dhéanfad,” ar sé.

“It shall be so,” Cano said.

“Aircid ass.”

“Imígí libh.”

*“Away with you.”*

“Cid so, a Chono?” ar a muinter.

“Cad chuige seo, a Chano?” ar a mhuintir.

“What is this *, Cano*?” cried his household.

“Dar mo chumachta-sa”, orse, “ni gétar afaing asin churach-sa.

“Dar mo chumhachtsa,” ar sé, “ní tabharfar ar shiúl cianóg as an churach seo.

“By my power,” said Cano, “not a penny will be stolen from the boat.

Ma ra-tocad dam-sa, as mé do-méla(d) a n(d)-argat-sa.”

Má bhí an t-airgead i ndán dom, is agamsa a bheas a chaitheamh.”

If it was destined for me, I should enjoy the silver.”

“Atin bu[i]dig de”, ar an óic.

“Táimid buíoch de,” ar na fir.

“We are grateful,” the young men said.

“Tucaid as.”

“Tógaigí libh é.”

 “Begone.”

Back to top

 

Section 10

Do-t(ho)ét són dochum tíre.

Le sin tháinig sé ar ais chun tíre.

Cano set back toward land.

“Maith”, or Díarmait

“Go maith,” ar Diarmaid.

“Good,” said Diarmait,

— fáitsine ó Día leis-[s]ide.

Bhí fáistine ó Dhia aige

who had God’s gift of prophecy,

“Do-radad lúag na h-ainmne[t] do-ronnai in gilla(i) forsin fairgi:

gur tugadh luach na foighde a rinne Cano ar an fharraige

“the forbearance shown by the young man on the sea has been rewarded.

rígi n-Alban dó ceithri blíadna[i] fichet tar éis Oedán.

agus go mbeadh ríghe Alban aige ar feadh cheithre bliana fichead tar éis Aodháin.

The kingdom of Scotland shall rest with him for twenty-four years in succession to Áedán.

Maith”, or Díarmait, “tabraid fáilti dond fhir do-thæd c(h)ucaib.”

“Go maith,” ar Diarmaid, “cuirigí fáilte roimh an fhear a thig chugaibh.”

“Good,” he continued, “give welcome to the man who comes before you.”

Co cend trí tráth íar sin nocho tall cris ná delg díb.

Go ceann dhá lá ina dhiaidh sin níor scaoil siad crios ná dealg díobh.

Then, until the end of three days, the household of Cano removed neither belt nor clasp.

“Bennacht for cách do-[g]ní maith [f]rind”, ar Cano.

“Beannacht ar chách a ní maith linn,” ar Cano ansin.

“A blessing on all who grant us aid,” said Cano.

“Tíagam-ni do chollad.”

“Téimis a chodladh.”

“Let us retire for sleep.”

Ba sí a comairle trá:

Seo an chomhairle a lean siad:

This was their plan:

do-lotar as fut na h-aidche

D’imigh siad i rith na hoíche

they journeyed south throughout the night

co tuidcheatar fa-des dar Mag Murthemne i Mag m-Breg hi Cernai.

go dtáinig siad ó dheas thar Mhaigh Muirtheimhne go Cearna i Máigh Breá.

until they came *southwards* across Mag Muirthemne into Mag Brega at Cernae.

Bátar géisi forsin tilich.

Bhí ealaí ar an tulach ann.

There were swans on the slope.

“Díbairg na h-éo(u)nu”, or a munter fri Cana.

“Lámhaigh na héin,” ar a mhuintir le Cano.

“Shoot at the birds,” Cano’s people said to him.

Do-léici irchor fairriu; ni ránic.

Chaith sé urchar leo, ach níor aimsigh iad.

Cano took a shot at them: it did not hit.

Is ann as-bert, ar ni ro-theilc imroll riam:

Is ansin a dúirt sé, óir níor theilg sé iomrall riamh:

It was then that he said, for he had never before missed a shot:

 

 

 

“Gési Cernai, mosrubthus,

“Ealaí Chearna cé gur scanraíos

“I have scared the swans of Cernae,

dom li[i]cc ni ma[d] rog(a)bas;

le mo chloich ní maith a d’aimsíos;

it were better that I had not thrown;

brónán foru dia coraib,

brónach iadsan de na hurchair,

their sorrow at being disturbed

fo brónán form do imrolaib.”

brónach mise de na hiomraill.”

is like mine for my ill-cast stone.”

 

 

 

Do-lotar síar arna bárach do Loch Aindind.

Chuadar siar arna bhárach go Loch Ainninn.

Next day they went west to Loch Aindinn.

“Díbairg in lochain”, or cách.

“Caith leis na lachain,” ar cách leis ansin,

“Shoot at the ducks,” they all said.

 

ach is é dúirt seisean:

Said Cano:

 

 

 

“A locho” (arseiseom)

“A lachain

“Ducks of Loch Aindinn

“Locha Aindind(i), ni-t rocho

Loch Ainninne ní chaithfinn,

I cannot reach you

ni scéoil indé a Cernu

mar nach amhlaidh inniu don té

It will not be like yesterday,

… ni focha.

a d’ionsaigh na healaí inné.

I shall not torment the ducks on the lake.

 

 

 

Ni airg éonu Maic Dé bí

Óir ní bhásód éin Mhic Dé,

I shall not harm a feather of the birds

… ara clúim;

lachain an chlúimh gheal réidh,

of the Son of the living God.

(is) beg tarba, ar ní mór a méit,

mar i méid is beag a dtairbhe

The profit is small, its size not great.

ro-s-léic amin ina ndlúim.

is fágfad a mbeo ag na scuaine.

Let me leave them huddled so.

 

 

 

Ni airg éonu in maigi;

Ní bhásód éin an mhachaire,

I shall not harm the birds of the plain,

niba foru mo sroibthene;

ní hiad a dhófas mo thine,

my lightning shall not stike them.

ní hed do-m-ucai ó Scí

ní hé a thug ó Scí mé

That is not why I set out from Skye

cocad fri géisi Cernai.”

chur cogaidh ar ealaí Chearna.”

to war on the swans of Cernae.”

.g.

 

 

Back to top

 

Section 11

Lotar íar sin dar Sinaind hi Connachta do ascnom co Gúairi,

Ina dhiaidh sin chuaigh siad thar Sionainn i gConnachta ag triall ar Ghuaire,

They went then across the river Sinann into Connaught, making for Gúaire,

co rángadar tech Marcáin

agus tháinig siad go teach Mharcáin,

and they came upon the house of Marcán,

las mb[a]í Créd ingen Gúaire.

a raibh Créadh, iníon Ghuaire, mar mhnaoi aige.

whose wife was Créd daughter of Gúaire.

Ro-charastair-side cid síu t(h)ísed t(h)airis anair.

Bhí sise i ngrá le Cano fiú sula dtáinig sé trasna anoir,

She loved Cano even before he had journeyed across the sea.

Is ann as-bert-si:

agus anois dúirt sí:

It was then that she said:

 

 

 

“Cano mac Gartnáin ó Scí,

“Cano mac Ghartnán ó Scí

“Cano, Gartnán’s son from Skye,

Créd a Maínmaig i n-áni:

is Créadh i Maonmhaigh na háine,

noble Créd from Maínmag:

ba dirsin is mór do dú

fairíor is mór de thalamh

bad luck that such land and sea

ocus da muir eturru.

agus de mhuir á scaradh.

lay between them.

 

 

 

Créd ingen Gúairi mad nach,

Créadh iníon Ghuaire dá mba luachmhar

Créd was Gúaire’s daughter, if she were anyone,

cóel in bath (?) etar-da-beth

ba chaol an fharraige fhuafar,

slender was the sea that parted her

ocus mac Gartnán, in mac

is mac Ghartnáin an t-óglach

and the son of Gartnán, a son

… regad dia tochmarc.”

rachadh gan mhoill dá tochmharc.”

who would come to court her.”

 

 

 

Ro-anacht-som dí a bale isi[nd]

Roimhe sin chaomhnaigh seisean a baile

Marcán had protected the land of Créd

ó[i]r da-luid-seom la Díarmaid dia tar(d)a(i)d Díarmait in cath do Gúairi, co ro-anacht-som immale.

tráth a ndeachaigh sé le Diarmaid ag tabhairt catha do Ghuaire.

from the time he had arrived there with Diarmait when he had given battle to Gúaire.

“Airg a gilla”, orseiseam, “isi[n] leas.

“Gabh sa lios, a ghiolla,” ar Cano,

“Go, servant,” Cano said, “into the enclosure.

Cuindig comairce co Créid dún co rí(a)sam co Gúairi”.

“agus iarr coimirce ar Chréadh dúinn go dtí go dtéimid fhaid le Guaire.”

Seek Créd’s permission that we may approach Gúaire.”

Is and as-bert-som intí Cano:

Ba ansin freisin a dúirt sé:

Then Cano said:

 

 

 

“Beir imchomarc úaim-se

“Beirse beannacht uaimse

“Send greeting from me

co Créidi ingin Gúaire,

go Créidh inín Ghuaire;

to Créd, Gúaire’s daughter:

is geb na runnu-sa dí,

inis na ranna seo di

sing her this verse

do-bér-sa a coibéis úaidi.”

is gheobhad a gcothrom uaithi.”

and bring the same from her.”

 

 

 

“Duid-seo do-bert(h)ar na raind-sea, a C[h]réidi”, ar Colcu mac Marcáin.

“Is duitse a bheirtear na ranna seo, a Chréadh,” ar Colgain mac Mharcáin,

“This verse has been brought to you, Créd,” said Colcu son of Marcán.

Is and as-bert:

agus dúirt sí leis:

Créd said:

 

 

 

“A Cholco,

“A Cholgain,

“Colcu,

bec a fhis duid cia do(o)rdo;

beag do fhios cé fáth mo liachta,

little do you know of what I sing.

mo serc-sa do-radus d’fhir

mo shearc do thugas d’óglach

I have given my love to a man

nád (f)ocus dam a (f)orba.”

nach fogas dom a theaghlach.”

whose homeland is far away.”

 

 

 

“Fir a cano”, ar Marcán,

“Is fíor a gcanann tú,” ar Marcán;

“What you sing is true,” Marcán said.

“ni chara is é don muinter-si.”

“ní hé Colgain do leannán mar is de mhuintir an tí seo eisean.”

“You will not love Colcu for he is not of this household.”

 

Labhair sise ansin:

*Then she said:*

 

 

 

“A Marcáin,

“A Mharcáin,

“Marcán,

ni raba[e] d’éis do macáin;

ní bheidh tú d’éis do mhacáin;

behind your son you should not be,

nirop do macán ro-m-[sh]á

ní hé do mhacán a gheobhas mé

for though you die

corab tusu ad-bala.

go dtí tar éis do bháis-se;

he shall not win me.

 

 

 

Do she[i]rc neich sech araile

de sheirc duine i dtír Éireann

I sing of no one’s love above another

i tír (n)Érend ni dordo

ní chaoinim thar a chéile;

in the land of Ireland.

mairg diamongnais Cana

mairg ise atá in éagmais Chano

Sorrow to her in Cano’s absence

ocus diam cara Colcu.”

is gur di is cara Colgain.”

and to whom Colcu is a friend.”

A.

 

 

 

 

 

Ro-liad-si íarum a[r] C[h]olcain,

Níos moille arís cuireadh ina leith go raibh sí mór le Colgain,

Then Créd was accused of adultery with Colcu

dia n-ebairt Gúaire fesin dia n-etarchosaíd:

agus sin an uair a dúirt Guaire féin lena ndreasú i gcoinne a chéile:

when Gúaire himself said, to cause dissention between them:

 

 

 

“Créd la Marcán, niba mac,

“Créadh le Marcán — ní haon mhaicín —

“Créd should be with Marcán

ni gaib Colcain do thochmarc,

níor ghlac le grá ó Cholgain,

and not with his son.

nu ruband Créd ar féle

ní mhillfidh Créadh a féile

In modesty she could not be

acht is a fail [ó]enchéile.”

ach ar son an aon-chéile.”

wife to more than one.”

Back to top

 

Section 12

Lotar-sin dí co Derlus nGúairi,

Chuaigh Cano agus a mhuintir ansin go Durlas Ghuaire,

They went then to Derlus Gúairi

ocus ba fáilich friu.

agus bhí Guaire féin fáilteach rompu:

and they were well received.

“Fo-chen duid, a Chano,” ar Gúairi.

“Sé do bheatha, a Chano,” ar sé,

“Welcome, Cano,” Gúaire said.

“Ni-t-recfider sund ar argad ar scís do bíata.

“ní díolfar anseo thú ar airgead nuair a táthar bréan de do chothú.

“Here you will not be sold for silver for the trouble of your keep.

Niba scél mac nOeda Sláne.

Ní scéal mac Aodha Sláine a bheas anseo.

Here the story of the sons of Áed Sláine will not be repeated.

Ro-d-bia biad ocus inilli[u]s, ocus fo-chen duid!”

Beidh agat bia agus coimirce agus fearadh na fáilte!”

You shall have food and protection.  Welcome!”

Buí Cano mac Gartnáin íar suidiu tremsi i fail Gúaire,

Ina dhiaidh sin bhí Cano ráithe i bhfochair Ghuaire.

*After this,* Cano enjoyed the company of Gúaire for one season:

.i. trian ind lis do Gúairiu,

Bhí trian an leasa ag Guaire,

Gúaire kept one-third of the enclosure,

ocus trian n-aill don lis do Chano,

trian ag Cano

Cano had another third

ocus a trian n-aill do Senchán Torpéist

agus an trian eile ag Seanchán Toirpéist,

and Senchán Torpéist,

.i. fili Gúaire ocus fer nÉrenn uile.

file Ghuaire agus fear Éireann uile.

the poet of Gúaire and all the men of Ireland,

 

 

had the remaining third.

Fer beg trúag,

Fear beag trua é Seanchán,

*Senchán was a small, emaciated man,

i ‘rrúsc’ olla no-bídh do grés dia chadudh ara thrúaigi.

a bhíodh clúdaithe le ‘cairt’ olla i gcónaí le teas a choinneáil ann.

who was constantly covered in a ‘bark’ of wool to wrap him up because of his emaciation.

Cethrumthu bairgine do-meled co cend trí tráth.

Ní chaitheadh sé ach ceathrú bairíne in imeacht dhá lá.

He ate a quarter of a loaf during three days.

Brigid bratbrú a chaillech-som no-chaithed [.iii.] ceathroimthi na bairgine.

Bríd Bhratbhrú, a chailleach-san, chaitheadh sise trí cheathrú den bhairín.

Brigid Bratbrú, his wife, she ate three-quarters of the loaf.

Ba mór les-[s]eom a brú,

Ba mhór a brú dar leis-sean,

He thought that she had a bulging belly,

conid Brigid bratbú a hainm leis-seom íarum.

agus mar sin ba é Bríd Bhratbhrú a thugadh sé uirthi i gcónaí.

so that he called her Brigid Bratbrú (‘of the bulging belly’) afterwards.

Ba mór a herraigi.

Is mór an freastal a theastaíodh uaidhsean.

He required a lot of attendance.

Fecht n-and do-luid Brigid for tairireth.

Uair amháin chuaigh Bríd ar thuras

Once, Brigid went on a journey.

Fácaib a hinailt fora erraithe-sem.

agus d’fhág sí cailín le freastal air.

She left her handmaid to attend to him.

Óicbean-side chóem.

Ba chailín dóighiúil í.

The handmaid was a beautiful girl.

Luid medón laí ara bárach dia thairbirt-som.

Tháinig sí meán lae arna bhárach á fhriothálamh.

Next day, she came at midday to serve him with food.

Oc tuidecht dí asin chuilich —

Agus í ag teacht as an chistin

When she was coming out of the kitchen,

“Ná tair, ná tair, a ben,” arse.

scairt sé, “Ná tar, ná tar, a bhean.

he said: “Stop, stop, woman.

“Am siniu-sa anda[í]-siu.

Tá mé níos sine ná tusa.

I am older than you.

At-c(h)ondarc-sa do senmáthair-seo;

Chonaic mise do shean-mháthair.

I saw your grandmother.

ro-buí grísingin fora hordain chlí.

Bhí iongain loiscthe ar a hordóig chlé.

She had an inflamed nail on her left thumb.

Scéfe dia tuidchis ní bus mó.”

Tiochfaidh masmas orm má thig tú níos comhgaraí.”

I will vomit if you come any closer to me.” *

Back to top

 

Section 13

Airchetal do-roindi-seom do Díarmait mac Æda Sláne.

Rinne sé dán uair eile do Dhiarmaid mac Aodha Sláine.

*He composed a poem once for Diarmait, son of Áed Sláine.

“Airg, a gilla”, orseisem, “co n-airchedal do ríg Érenn.”

“Téigh, a ghiolla,” ar sé, “leis an dán seo go rí Éireann.”

“Servant,” said he, “go with this poem to the king of Ireland.”

Téid-side sair.

Téann seisean soir

The servant goes eastward,

Saidig a n-aircheda(i)l.

agus gabhann sé an dán.

and recites the poem.

“Is maith ind n-airchetul”, or Díarmaid.

“Is maith an dán é,” ar Diarmaid.

“The poem is good,” said Diarmait.

Is ann buí-seom: oc sním irchomail fo Grip .i. gabar Díarmada.

Is amhlaidh a bhí sé ag sníomh laincise dá chapall, Grib.

At the time, he was weaving a spancel for his horse, Grip.

“Beir lat in(d) n-idh-sea do Shenchán.”

“Beir leat an iodh seo go Seanchán,” a deir sé.

He says: “Bring this spancel-ring to Senchán.”

Luid-side síar ocus nirbo buideach.

D’imigh an giolla siar agus ní buíoch a bhí sé.

The servant went west and he wasn’t pleased.

“Asso, a bachlaich”, orse, “id (id) n-irchomail duit i ndúais t’airchetail.”

“Seo dhuit, a bhachlaigh,” ar sé, “an laincis i nduais do dháin.”

“Here you are, churl,” he said, “ a spancel-ring as payment for your poem.”

“Óna[ib] rígaib ferr id adlaic a gillai”, orseiseam.

“A ghiolla,” ar seisean, “ó rithe is fearr laincis ná do mhian féin.”

“Servant,” he said, “from kings, a spancel-ring is better than a demand.”

“Airg, a gilla”, … di[a] blíadnae, “co n-airc[h]edul do ríg Érenn.”

Ansin deir sé arís *, bliain ón lá sin*: “Téigh, a ghiolla, leis an dán seo go rí Éireann.”

On that day exactly a year afterwards, he says to the servant: “Servant, go with this poem to the king of Ireland.”

Gaibid in gilla a n-airchetal.

Gabhann an giolla an dán.

The servant recites the poem.

“Maith”, or Díarmaid, “ber lat in gablaig-se do Senchán.”

“Go maith,” ar Diarmaid, “beir leat an tsleá seo go Seanchán.”

“Good,” said Diarmait, “ bring this forked stick to Senchán.”

“Asso, a antocaid”, or in gilla,

“Seo duit, a ainniseoir bhocht,” ar an giolla,

“Here, you misfortunate one,” said the servant,

“gaiscead duit dot chuitmed ó(r) Díarmait.”

“arm ó Dhiarmaid mar mhagadh fút.”

“a suit of armour sent from Diarmait to mock you.”

“Airg, a gilla, co n-airchetul do Díarmait”.

“Téigh, a ghiolla le dán go Diarmaid.

“Servant, go with this poem to Diarmait.

(Is maith a n-archetal.)

Is maith an dán é.”

The poem is good.”

Gaibid in gilla fair.

Tógann an giolla é.

The servant takes it.

“Cade Díarmaid?”

“Cá háit a bhfuil Diarmaid?”

“Where is Diarmait?”

“Atá i n-arucol ic tomus óir ocus argaid.

“Tá sé ina aireagal féin ag cuntas óir is airgid.

“He is in his chamber weighing gold and silver.  

Ba maith duit teacht c(h)uici.”

Ba chóir duit dul chuige.”

You should go to him there.”

“Oslaic!” ol in gilla.

“Oscail!” ar an giolla.

“Open!” said the servant.

“Cía so?” or Díarmaid.

“Cé tá ann?” ar Diarmaid.

“Who’s there?” said Diarmait.

“Gilla Seancháin.”

“Giolla Sheancháin.”

“Senchán’s servant.”

Gaibid in gilla a n-airchetal.

Gabhann sé an dán ansin.

He recites the poem.

“Is maith”, or Díarmait,

“Is maith é,” ar Diarmaid.

The poem is good,” said Diarmait.

“beir lat so do Seanchán .i. cét unga do dergór

“Beir leat go Seanchán céad uinge de dhearg-ór

“Bring Senchán one hundred ounces of red gold,

ocus trí .xx. do argat duid fén.”

agus trí fichid d’airgead duit féin.”

and take sixty ounces of silver for yourself.”

“Maith, a gillai”, or Senchán, “cid do-t-gní fáilid don chur-sa?”

“Anois, a ghiolla,” ar Seanchán, “caidé an rud a chuireann lúcháir ort don chor seo?”

“Well now, servant,” said Senchán, “why are you joyful on this occasion?”

“Atá maith sund dait”, or in gilla(i),

“Tá rud maith anseo duit,” ar an giolla,

“Here is something good for you,” said the servant,

“.i. cét unga do dergór.”

“mar atá, céad uinge de dhearg-ór.”

“namely, one hundred ounces of red gold.”

“Is ferr, a gillai, oldás a olcugud.”

“Is fearr sin ná bheith ag cur oilc air *, a ghiolla*.

“That is better than offending, servant.”

“Airg, a gillai, co n-airchetul do Díarmait.”

Téigh anois, a ghiolla, le dán go Diarmaid.”

“Servant, go with this poem to Diarmait.”

“Regthair”, orse.

“Raghad,” ar sé.

“I will go,” said he.

“Cade Díarmait?”

“Cá háit a bhfuil Diarmaid?”

“Where is Diarmait?”

“Do-c(h)oid do thafand.”

“Tá sé imithe ag seilg.”

“He has gone hunting.”

Luid ’na dia(i)d isa slíab.

Chuaigh an giolla ina dhiaidh sa tsliabh.

The servant followed him up a hill.

Teca(i)d ind fhir (n)a n-dia(i)d ind aigi isin gleann.

D’imigh na fir sa tóir ar an fhia sa ghleann

The men went after the deer in the glen.

Fácaba(i)r Díarmait iter a echaib.

agus d’fhan Diarmaid siar i measc a chuid each.

Diarmait stayed behind surrounded by his horses.

At-géoin in gilla.

D’aithin an giolla é

The servant recognised him,

Adroich in gilla iter na h-eachaib.

agus tháinig fhaid leis idir na heich.

and came to him between the horses.

Slaindid in gilla ind n-airchedal dó.

Ghabh sé an dán dó ansin.

The servant recited the poem to him.

“Maith, a gillai,

“Go maith, *a ghiolla*,” a deir Diarmaid.

“Good, servant,” said Diarmait.

ber lat so do Sheanchán .i. trícha each ina sríanaib ocus ina muincib.”

“Beir leat go Seanchán tríocha each fána sriain agus a muincí.”

“Bring this to Senchán, that is, thirty horses with their bridles and horse-collars.”*

Back to top

 

Section 14

Maith íarum in fer intí Senchán.

Ba mhaith an fear é Seanchán *, go deimhin*.

*Senchán was indeed a great man.

Iarna idnocol-som ó feraib Muman, … co mbuí for slé[i]b Eachtge co Gúaire,

Ó Chúige Mumhan a tugadh é fhaid le Sliabh Eachtgha go Guaire,

He was escorted from Munster as far as Sliab Echtge on his way to Gúaire,

ocus ni rogab

ach níor thoiligh sé dul

but he would accept nothing short

acht óentech do dénam imme, imon filid ocus imon sligid

ach ar an choinníoll go dtógfaí teach amháin uime féin agus um an slí ar fad

of a covered way being constructed for him the whole way

ó Echtge co Derlus,

ó Eachtgha go Durlas,

from Sliab Echtge to Derlus,

.l. fer dó ocus .l. ban ocus .l. con ocus .l. gilla,

go mbeadh caoga fear, caoga ban, caoga con agus caoga giollaí aige,

that he would have fifty men, fifty women, fifty dogs and fifty servants,

ocus b[u]ith fó muiriur ó Shamain co Belltaine;

agus go ndéanfaí freastal air ó Shamhain go Bealtaine.

and that he would be be maintained from Hallow-tide until May-day.

ocus luid íarsint slighidh.

Ansin chuaigh sé ar an bhealach.

Then he went on his way.

Do-n-áraill bainne flechaid ina étan.

Le linn an turais thit braon báistí ar a éadan.

A drop of rain touched his forehead.

“Fé amaí,” arse, “ní coir dí a(n)ní-siu im??, is gaimlóchad.”

“Fairíor,” ar sé, “ ní chóir é sin. Sin anfa *, áfach,* agus tintreach geimhridh.”

“Alas,” he said, “this is not right, however, it is winter lightning.”

Ocus do-rónai allse ina étan,

Thóg sé abscóid ar a éadan,

He got an abcess on his forehead,

conid ed ro-n-uc

agus mar éiric *is é seo a rug sé leis:*

and this is what he carried off [in compensation for the blemish]:

ocus rob écen .uii. cumala dó cach achaid ó sin co Derlus.

b’éigean seacht gcumhala a thabhairt dó i gcomhair gach páirce ó sin go Durlas.

it was necessary to give him seven slave-girls for every field between there and Derlus.*

Back to top

 

Section 15

“Maith trá, a Gúaire”, or Senchán, “is romór turcbais-[s]eo fort.

“Maith go leor, *a Ghuaire,*” ar Seanchán, “ach dar liom is iomarcach ar thóg tú ort féin.

“Well now, Gúaire,” Senchán said, “you have taken too much on youself.

Ba leór do Chondachtaib beith foar muirer ar ndís

Ba leor do Chonnachta an bheirt againne bheith d’ualach orthu,

It was enough for the Connaughtmen to support the two of us

cenco tabartha[e] nech aile c(h)ucond;

gan duine a thabhairt chugainn.

without anyone else

.i. in gilla ansa”, arse, “mac Gartnáin,

An giolla trioblóideach sin, mac Ghartnáin,

— namely that troublesome fellow, the son of Gartnán.

no-t(h)éisead amach fon túaith ocus na coin maithi leo,

d’fhéadfadh sé féin agus a chomhrádaithe dul amach fán tír lena gcoin bhreátha

Let him come out among the people with the splendid hounds

ocus dénat ánius eturru.”

agus spórt a dhéanamh dóibh féin ansin.”

and let them have their sport.”

Rob ed ón ó medón laí co medón laí ara bárach:

Sin mar a tharla ó mheán lae amháin go meán lae arna bhárach.

And so it was from noon until noon of the following day.

íar lécon a c(h)on dóib ni c(h)omránic fer díb fri araile.

Ón uair a scaoil siad na coin níor casadh aon bheirt acu le chéile.

Having unleased the hounds not a man of the hunting party met with another.

Batar tuirsich oc suidiu;

D’éirigh siad tuirseach de sin

They were dismayed at this.

celebrai(dh)sed do Gúaire.

agus ba é a dheireadh gur fhág siad slán ag Guaire.

They took their leave of Gúaire.

“Fír”, or Gúairi, “ro-fhetar-sa a na-tathai”.

“Ceart go leor,” ar Guaire, “tuigim cé an fáth a bhfuil sibh feargach liom.”

“In truth,” said Gúaire, “I know what ails you.”

“Ni taam ní”, or Cano,

“Nílimid,” ar Cano,

“Nothing ails us,” replied Cano,

“acht maith lind ánius

“ach is mian linn tamall a chaitheamh le pléisiúr,

“but we desire amusement,

.i. cúaird Érend do chur

cuairt na hÉireann a dhéanamh

that is, to make a circuit of Ireland

co n-acamar a ndin[d]gnu ocus a ndúne

go bhfeicimid a diongnaí is a dúnta,

to view its strongholds and forts,

ocus a cella ocus a cóemu.

a cealla is a caomha.

its churches and noblemen.

Cucot-so do-regam ocus is úaid regmai.

Is chugatsa a fhillimid agus uaitse a imeoimid arís.

We shall take our leave and we shall return to you. 

Ad-fíadar dún atá gilla án andess la firu Muman,

Deirtear linn go bhfuil fear iontach sa deisceart le fir Mhumhan,

We are told there is a noble youth in the South, among the men of Munster,

.i. Illand mac Scannláin do Chorco Loíge;

mar atá, Iollann mac Scanláin de Chorca Laighe,

by name Illand son of Scanlán, of the Corco Loígde.

maith lend dul dia acallaim.”

agus ba mhaith linn dul chun cainte leis.”

We intend to talk with him.”

“Teit dí”, ar Gúairi, “co tormola[i]d feis na haidchi lim-sa”.

“Taraigí, mar sin,” ar Guaire, “go gcaithfidh sibh fleadh na hoíche liomsa.”

“Then come,” said Gúaire, “and partake of a feast with me tonight.”

Lotar ón íarum, ocus do-llotar maithi Condacht do chelebrad dóib.

Chuaigh siad chuige ansin, agus tháinig maithe Chonnacht ann le slán a chur leo.

So they did and the nobles of Connaught arrived to bid them farewell.

Do-lluid dí Créd ocus Marcán ocus Colco don irgnam.

Tháinig Créadh agus Marcán agus Colgain chuig an fhéasta

Now Créd, Marcán and Colcu came to the feast.

Ba hécen im ceathrar ó Marcán do choimét Chréidi.

agus ba ghá ceathrar d’fhir Mharcáin le Créadh a choimeád.

Marcán needed four men to guard her.

Conatictis co Gúaire

D’achainigh sí ar Ghuaire

Créd besought Guaire

combad sí bad dáilem do fheraib Alban ocus do Chondachtaib ind aidchi-sin,

go mba ise a dhéanfadh an dáiliú ar fhir Alban agus Chonnacht an oíche sin.

that she might serve the men of *Scotland and* Connaught that night

co tard-si bricht súain forin slúag

Ansin chuir sí briocht suain ar an tslua

and she cast a sleeping spell upon the host

co torchradar ina codlud acht sisi ocus Cana,

ionas gur thit siad uilig ina gcodladh ach amháin ise agus Cano.

so that all fell into a slumber except for Cano and herself.

co tuidchid co … co m-baí forsin dérgud ocai-sseom oca thimgaire;

Tháinig sí chuige agus luigh ar an tolg taobh leis agus bhí ag tathant air í a thabhairt leis.

She came to Cano and began to disrobe him and solicit him

con(a)ná hétas úad-som airet no-beth i n(n)amsa[i];

Níor thoiligh seisean ar sin a dhéanamh di fhaid a bheadh sé ina amhas thar lear,

but he would not agree so long as he remained in service.

(mad) dia ngabad rígi im,

ach gheall sé dá bhfaigheadh sé ríghe Alban *, áfach,*

If he should win the kingship, however,

do-regtha[e] ara cend-si,

go gcuirfeadh sé fios uirthi

he would return to her

ocus is [s]í bean no-biad aicce c’aidche.

agus gurbh ise a d’fhanfadh mar mhnaoi aige choíche.

and she would be his wife always.

Co farcbad lee-si a lia-som i n-airius dála.

Ag imeacht dó d’fhág sé aici a liag ina urrús lena philleadh,

As a token of a tryst between them Cano left a stone with Créd

Ar ad-ruba(i)rt-seom is isind liic ro-buí a anim.

mar dúirt sé gur sa liag sin a bhí a anam.

for, he said, his life was contained in the stone.

A mátha[i]r ro-buí i séola[i]; ro-c(h)otail-side

A mháthair a bhí i luí seolta tráth. Bhí sí ina codladh

His mother had fallen asleep in her childbed

co n(f)aca in dí mnaí sída ina dochum,

agus chonaic sí an bheirt bhan sí ag teacht chuici

and she had seen two fairy women come towards her:

co tolaid a anmain as fora béolu i richt lici,

agus a anam ag dul as a béal féin i riocht líge.

the life of Cano emerged before her in the form of a stone.

co tall(sath) a máthair a lláim indala n-aí.

Sciob sí as láimh duine de na mná sí í.

His mother seized it from the hand of one of the fairy women.

“Anim do meic, a ben”, orsi, “ro-n-ucais.”

“A bhean,” ar sise, “is é anam do mhic a thóg tú leat.”

“It is your son’s life that you hold, woman,” one of them said.

“Rocomet mo máthair corba(m) tualaing-se a chomét.”

“Choinnigh mo mháthair í go raibh mé féin in ann a coinneáil.”

“My mother has looked after it until I was able to,” said Cano.

“Faicibthar lim-sa”, orsi, “i n-airius dála.”

“Fág agamsa í mar gheall lenár gcoinne,” ar Créadh.

“It may be left with me,” said Créd, “in token of a tryst.”

Ba fír són:

Mar sin a rinneadh.

That fell so.

rofacbad lee-si in lie,

Fagadh an liag aicise,

The stone was left with Créd

ocus do-berthe asin chriol cach dia; as-bered-si íarum:

agus chuile lá thógadh sí as an mhála í is deireadh:

and every day it would be taken from the pouch and she would say:

 

 

 

“A lia

“A liag

“O stone

ó dodechur cach dia

a fhéachaim gach lá,

I gaze on every day,

acht lochrad i nimnadmaim

b’fhearr liom mo bhás ná do mhionú

but for the harm to my wedding oath,

ni géb m’anmain dot’ madmaim.”

dá dteipfeadh sé féin fánar gheall dom.”

I do not value my life above breaking you.”

 

 

 

Tuideacht Chano in sin i nÉirinn ocus co Gúaire.

*Teacht Chano ansin i nÉirinn agus go Guaire.*

That is the story of how Cano came to Ireland *and to Guaire*.

Back to top

 

Section 16

Luid Cano co hIlland mac Scanláin co ránic Dún mBaíthi.

Chuaigh Cano ar aghaidh go hIollann mac Scanláin ag Dún Baithe.

Cano journeyed to Illand son of Scanlán and he arrived at Dún mBaíthe.

Ad-fíadar dó íarum a mb[u]ith forind faithchi.

Dúradh leis ansin go raibh siad amuigh ar an fhaiche:

News was brought to Illand as he was on the green.

“Fochen dúib,” or Illann.

“Fáilte romhat,” ar Iollann.

“Welcome,” he said.

“Cano mac Gartnáin sin dom-roacht(ain)-se

“Seo Cano mac Ghartnáin ag teacht chugam

“Cano son of Gartnán, here, has come to me

íarna m(b)rath ocus íarna reic do macaib Æda Sláne ar argad

i ndiaidh a bhrath agus a dhíol ar airgead ag mic Aodha Sláine

having being betrayed and sold *for silver* by the sons of Áed Sláine

ocus íarna mbr[e]ith do gortai la Guaire.

agus i ndiaidh a thabhairt don ghorta ag Guaire.

and left hungry by Gúaire.

Rob(ar)bia biad sunn;

Ach beidh bia anseo agaibh.

You will be find food here.

ni bia[e] for conair;

Ní bheidh oraibh dul amach ar an bhóthar

There will be no wandering.

nit-rirfider ar argad.”

ná ní díolfar ar airgead sibh.”

You will not be sold for silver.”

Con-gairt[h]er dó íarum a reachtaire.

Glaoitear an reachtaire chuige ansin:

*Thereupon,* Illand’s steward was summoned before him.

“Na seacht core trá file(d) isin lis, ná(t) gataigter do theni[d] co cend mblíadna oc berbad bi[i]d.

“Na seacht gcoirí *, trá,* atá sa lios le bia a bheiriú, ná tógtar den tine iad go ceann bliana.

“Let the seven cauldrons in the court remain over the fire *, then,* until the end of a year for the cooking of food.

Berid na firu isa teach;

Tabhair na fir sa teach

Bring men into the house.

co cend trí tráth nicon reg-sa dia n-acallaim.

go ceann dhá lá. Ní raghaidh mise chun labhairt leo lena linn sin,

I shall not go and speak with them for the space of three days. 

Fritháilter do biud ocus do lind.”

ach friotháiltear de bhia agus de lionn iad.”

Let them be entertained with food and drink.”

Con-gairter Corco Loígi dó.

Glaoitear Corca Laighe chuige:

The men of Corco Loígde were summoned before him.

“Maith trá”, orse,

“Is maith mar atá,” ar sé,

“Well now,” he said,

“dom-ánic áinius mór.

“tá cuideachta tábhachtach tar éis teacht chugam.

“a great difficulty has come my way.

Cindas for cobartha-si dam-sa?”

Caidé an cineál cabhrach a bhéarfaidh sibh dom?”

What kind of assistance can you give me?”

“Bid maith do chobair lindi”, or ind óicc.

“Gheobhaidh tú cabhair mhaith uainn,” ar na fir,

“We shall be glad to help you,” they replied.

“Dothaircgebat uaindi trí doim

“soláthróimid duit gach tráthnóna trí daimh,

“You will have three oxen,

ocus trí tindi

trí muca saillte

three sides of bacon

ocus tri dabcha cach anna,

agus trí dabhacha leanna,

and three vats every evening

ocus nico[n] raga bairgen dot dligiud-so.”

ná ní bainfear ruainne den chíos a dlitear duit de ghnáth.”

and not a loaf from your dues will be lost.”

“Mo bennacht fo[r] tuaith ocus cenél at-be[i]r,” orse.

“Mo bheannacht ar an tuaith agus an chineál a deir sin,” ar sé,

“Bless your tribe and the race that says so,” said Illand.

“Et tusa, a ben”, orse, “caidi t(h)’ impide dam-sa?

“agus tusa, a bhean, caidé iarrfaidh mé d’impí ortsa?

“And you, wife,” he asked, “what is your grant to me?

Is coir daig-impigi duit, a[i]r nida(d) díchumaing.

Is cóir rud fiúntach a iarraidh ort, óir níl tú gan mhaoin.

A generous grant would be fitting since you are not lacking in means.

Ata[a]t .uii. n-áirge lat,

Tá seacht dtréada agat,

You have seven herds

ocus .uii. fichid bó cach[a] áirgi di búaib,

agus seacht bhfichid bó i gach tréad,

with seven-score head of cattle in each one

ocus .uii. sesrecha”.

agus seacht seisreacha.”

 *, and seven ploughing teams*.”

“Athaig ocus bachlaich domeled sin uile.

“Athaigh agus bachlaigh a chaitheann sin uilig,” ar sise,

“Peasants and churls consume all that,” she replied.

Rot-ferfat cid téora airgi díb dia mbreith i ngalad.”

“ach déanfaidh trí thréad gnó le riar dóibh.”

“Even three herds will suffice to serve them with dairy food.”

“Bennacht for cách ad-be[i]r,” orse.

“Beannacht ar an té a deir sin.

“Bless the one who says so,” said Illand.

“Bid ferr de mo menma.

Is fearrde mo mheanma é.

“My mind will rest the easier for this.

Rega(it) dia n-acallaim a fecht-sa.”

Anois raghaidh mé chun cainte leis na cuairteoirí.”

*Now I will go to speak with them.”*

Téiti iarum c(h)uco.

Téann sé chucu ina dhiaidh sin

*Thereupon,* Illand went to Cano and his people

Feraid fáilti móir friu.

agus fearann fáilte mhór rompu.

and made them welcome.

“Bennacht trá”, or Cano, “for cách don-áncamar.

“Beannacht *, trá,* ar an té a dtángamar chuige,” ar Cano.

“Bless the one to whom we have come, *indeed,* ” said Cano.

Ro-íca Dia dar[ar] ceand, ór[e] nach ícfam-ne.”

“Íocfaidh Dia dár gcionn, mar ní íocfaidh sinne.”

“May God reward him *for us* since we shall not be able to do so.”

“Cid as áil dúib?” or Illand.

“Cad is áil libh a dhéanamh?” ar Iollann.

“What is your wish?” asked Illand.

“Athchuindgid ám ar cota(i)”.

“Dul *arís* ag iarraidh ár gcoda.”

“To ask our keep, once more,” Cano replied.

“Dar mo chumachta-sa”, or Illand,

“Dar mo chumhachtasa,” ar sé,

“By my power,” Illand said,

“nocho rega[e] asin lis-sa frit shægal do chuindchid bi[i]d

“le do shaol ní raghaidh tú as an lios seo ar lorg bídh

“you shall not leave this enclosure to seek food as long as you live,

co ndigis i rrígi n-Alban.”

go dtéann tú i ríghe Alban.”

until you succeed to the kingdom of Scotland.”

Téora blíadna[i] dóib isin lis-sin

Trí bliana a d’fhan siad sa lios sin

For three years they remained in the enclosure

cen teacht as aidche n-oígidechta.

gan teacht as i gcomhair aíochta aon oíche.

without leaving for one night to find lodging elsewhere.

No-bídis oc imbirt fithchilli cach dia;

Bhíodh Cano agus Iollann ag imirt fichille gach lá.

Cano and Illand used to play fidchell *every day*:

bad[ar] comthrén co nónai,

Comh-thréan a bhídís go dtí an tráthnóna,

they would be evenly matched until evening

no-bered Cano cluithi na nóna for Illand.

ach ansin bhuadh Cano cluiche an tráthnóna ar Iollann.

and then Cano would win the game.

“At-águr”, or Illand, “urchra forsin caill(e).”

“Is eagal liom go dtiochfaidh ídiú ar an choill,” ar Iollann lá amháin.

“I am afraid,” said Illand, “of the destruction of the forest.”

Deithbir ón:

Níorbh ionadh sin

This was reasonable.

… na deich cúala ar .uii. fichtib matain ocus fescor isa tech.

is go dtugtaí isteach céad go leith de chuaileacha maidin agus faothain.

A hundred and fifty loads of wood used to be fetched into the house every morning and evening.

Is ann as-bert Cano:

Ba ansin a dúirt Cano:

*It was then that* Cano said:

 

 

 

“Hi forbol

“An choill sin,

“In the undergrowth,

feada fidruis ni glie:

ós leat is ionmhain,

you cannot cut wood from the slope.

in fid nochon urcraba

ní uirthese a thiocfaidh críonadh,

The forest does not face its ruin,

tusa for urchra bie.”

ach is tú féin i dtús a sínfear.”

but your destruction soon shall be.”

 

 

 

“Nocho tibar dom aire a fecht-sa”, or Illand.

“Ní thabharfaidh mé aon aird air sin, *ar an uair seo,*” ar Iollann.

“I shall take no heed, this time,” says Illand.

Back to top

 

Section 17

Tuc(h)t[h]a t(h)rá iar sin gé[i]ll fer n-Alban,

Ina dhiaidh sin tugadh ann gialla fear Alban.

Some time afterwards, hostages were brought from the men of Scotland.

nónbur gíall díb,

Naonúr acu a bhí ann,

There were nine of them

co mbátar i tig Illaind

a tháinig go teach Iollainn

*who came to Illand’s house*

fri h-inillius do Chano i rríge n-Alban,

in urrús ar cheart Chano do ríghe Alban,

as proof of protection for Cano for the kingship of Scotland

co fargobtha co hIllann.

agus fágadh ag Iollann iad.

and so Cano took his leave of Illand.

ocus co cend trí tráth ria ndul do Chano as

Ar feadh dhá lá roimh imeacht do Chano

For the space of three days before the time of Cano’s departure

nicon rabai fer fri ’roile do muintir Chano ocus Illainn re[e] ciana

ní raibh aon bheirt de mhuintir Chano is Iollainn tamall ar bith le chéile

there was not one man alongside another from the people of Cano and Illand *for any period of time*

acht ag cóe ocus ag dograe,

gan éagnach is deora

who were not tearful and gloomy,

ocus lám cháich díb dar brágaid a chéle.

agus lámh gach duine acu thar bhráid a chéile.

with the arm of each man around the neck of his comrade.

“Maith, a Chono”, or Illann,

“Bíodh mar sin, a Chano,” ar Iollann,

“Well now, Cano” Illand said,

“bam marb-sa ria cind blíadna dart(h)’ éisi.

“beidh mise marbh roimh cheann na
bliana tar éis d’imeachta.

“I shall be dead within one year of your going.

For fóesam nDé duid-seo trá ria cind blíadna.”

Maidir leat féin, ar choimirce Dé go raibh tú roimh cheann na bliana.”

May God protect you then.”

Ruc im Cano uadh-som

Thug Cano leis ó Iollann *, áfach,*

*Now* Cano brought away from Illand

.l. ech dubglas

caoga each dúghlas,

fifty dapple-grey horses,

ocus .l. coire n-umai

caoga coirí umha

fifty bronze cauldrons

ocus .l. araid merach.

agus caoga srian each.

and fifty fringed tunics.

Back to top

 

Section 18

A llá-sin a cind blíadna

Bliain ón lá sin

That day, one year later,

ro-marbsat a thuath fesin in n-Illand, .i. mac Conath ocus Cúán mac Sanaisi,

mharaigh lucht a thuaithe féin Iollann, mar bhí, mac Connaidh agus Cuan mac Sanaise,

Mac Conath and Cúán son of Sanais — men of his own county — slew *that* Illand

coná raba crand fri aroile do Dún Buíthe arna bárach.

agus níor fágadh aon dá chuaille de Dhún Buíthe le chéile arna bhárach.

and there was not one beam left standing against another *in Dún Buíthe* on the next day.

Isin ló-sin ro-baí curach fa Cuano nó Cano forsin fairrgi oc tafand

Ar an lá sin bhí Cano i gcurach ar an fharraige ag iascaireacht,

That same day Cano was out on the sea fishing from his boat,

íar ngabáil rígi (n)Alban.

agus é i ndiaidh ríghe Alban a ghabháil cheana féin.

having succeeded to the kingship of Scotland.

Cél tuindi lais íarum .i. fis tuindi:

Fuair sé tuar toinne, is é sin fís toinne,

He had an omen in the form of a wave:

co n-aca in tuind dergruaid c(h)uici isin c(h)urach, .i. fuil Illaind.

ionas go bhfaca an tonn dearg-rua sa churach isteach chuige, fuil Iollainn.

he saw a dark red wave wash into the boat towards him — the blood of Illand.

At-racht íarum

D’éirigh sé ansin

*Then* Cano rose up

ocus ro-gab a boiss diaraili(u) co mbátar a sreba fola eistib,

agus ghread a dhá bhois ar a chéile go raibh srutha fola astu,

and wrung his hands *together* until a stream of blood flowed from them

ocus dixit:

agus labhair sé:

and he said:

 

 

 

“A mu Búach

“A Bhuach

“O Buach Strand,

aiges in tond frisin mbrúach,

ar a gcaitear an tonn le bruach,

against whose shore the wave drives,

Illann mac Scanláin do guin

Iollann mac Scanláin do ghoin,

the death of Scanlán’s son, Illand,

nibo célmaine inmain.

ní hé is comhartha ionmhain.

was not a welcome omen.

 

 

 

A mu Búach

A Bhuach

O Buach Strand,

feras in tond frisin mbrúach,

ar a scaiptear an tonn le bruach,

against whose shore the wave pours,

in mend ad-fét, ciaso scíth:

is léir domsa i bhfad i gcéin

it is clearly told, though it is sad,

Illand mac Scannláin ro-bíth.

Iollann mac Scanláin tá faon.

Illand has been slain.

 

 

 

A mo Búach

A Bhuach

O Buach Strand,

do-t(ho)ét in tond frisin mbrúach,

ar a dtig an tonn le bruach,

against whose shore the wave lands,

dursan dúindi in scél garb:

brónach dúinne an scéal garbh,

sad to us the bitter news,

Illann mac Scanláin is marb.

Iollann mac Scanláin is marbh.

Illand is now dead.

 

 

 

Ard a núall

Ard an nuall

Loud is the din

aiges im Choire dá Rúad;

a éiríonn as Coire Dhá Rua,

that drives around the Coire da Rúad,

dirsann, a rí ruides gréin,

dubhach, a Rí, a ghluaiseann grian,

O King who wields the sun, it is sad:

manab i cé[i]n basu uadh.

ní sámh domsa uaidh i gcéin.

not long have I been from him.

 

 

 

Coire dá Rúad in roglas,

Coire Dhá Rua an ró-ghlas,

Coire da Rúad, dark, grey cauldron,

aicde sruthaidi senbras,

soitheach sruthach sean-bhras,

a streaming, ancient, violent work,

is mór bruitheas a chuithe

is mór a bhruitheas a chlais

the great whirlpool that boils

genco bruithi aní berbas.

cé nach bruite an ní a bheirbheas.

though it does not boil what it cooks.

 

 

 

Ma con-measaind a muir múadh

Dá mba liomsa tiarnas na dtonn

If I had power over the mighty sea

aiges im Choire dá Rúad,

a scaipeann fán choire anonn,

that drives about Coire da Rúad,

ricfad mo churchán, is (n)glé,

bhéarfadh mo churachán, is glé,

my boat would reach — it is clear to me —

co tír Corco Loíge.

go tír Chorca Laighe ó dheas mé.

the land of Corco Loígde.

 

 

 

A Chúán maic Sanaisi,

A Chuain mhic Shanaise,

Cúán son of Sanais,

abair[t?] seo is tairise

feasta bí socair de,

here is speech that you can trust:

basam dóig guin do chnis

is rún dom goin do chnis

it is likely I shall pierce your breast

dá(i)g ind échta do-righnis.

toisc an éachta a rinnis.

for the crime that you have done.

 

 

 

A meic Condaid íar mBernas,

A mhic Connaidh na sleá glas,

Conath’s son, from west Bernas,

gním do-rignis robo bras;

do ghníomh rinnis go ró-phras,

a savage deed you have done.

foichli ócu al(l)a-don

má chonaic tusa Iollann á ghoin

Foreign warriors beware

ma ’tc(h)onnarc guin Illadon.

fainic díoltas a chairde-sean.

who, at Illand’s death, were there.

 

 

 

Fir Érend ó thráig co tráig

Fir Éireann ó thrá go trá,

Irishmen from shore to shore,

ro-scáig díb a n-imarbáig;

tá deireadh lena n-iomarbhá;

their warlike spirirt has fled.

ni fil and bas líach don dáil

ní bheidh caill is mó dá ndáil

Who could grieve the assembly more,

i n-dia(i)d Illaind maic Scannláin.

i ndiaidh Iollainn mhic Scanláin.

now Illand’s son is dead.

 

 

 

Eass nGabra

Eas Ghabhra

Ess nGabra,

ima-rédhed mór n-amra

fána siúladh slua amhra,

a great marvel coursed there.

sescach Illaind ara-thá

a eallach seasc cé go maireann,

Illand is under dry earth,

Eas nGabra ni imrega.

Eas Ghabhra ní fheicfidh Iollann.

where the waterfall cannot reach.

 

 

 

Dún mBaíthe,

Dún Baíthe

Dún mBaíthe,

in tan ro-trebad Illand,

faoi stiúrú Iollainn,

where Illand once resided,

ba tinech, ba tilcobach,

ba saibhir i bhfeoil is i lionn,

was a seat of bright nobles

ocus ba forad finddond.

ba áitreabh laoch agus maighdean.

with wine and food well provided.

 

 

 

A shneac[h]ta huaraidhi,

A shneachta na fuaire,

O freezing snow,

i nDún Baíti nib[sa] sám;

i nDún Baithe níor shámh duit,

you disliked Dún mBaíthe:

nibsa(d) adbul, a fhir báin,

níor mhór do thábhacht, a fhir bháin,

you had no strength, man of white,

for taíb thaigi maic Scandláin.

ar thaobh tí mhic Scanláin.  .  .  .”

beside the house of Illand.”

 

 

 

Fri bui mo chairdeas do ar bru(i)

*.  .  .

*.  .  .

nib in(in)main na fonanu

Ní hionúin ná … a bheidh

Not dear nor … shall be the spot

fotan forsa n-dorchair dáib

an áit ar thorchair dámh

on which fell a band of followers

i tæb Illaind maic Scanláin.

taobh le hIollann mac Scanláin.

beside Illand son of Scanlán.*

 

 

 

Fo-dilfe gulban indiu

Leanfaidh gol na mban inniu,

The cries of women will endure today,

is ed im aimercliu

scréach idir na fiacha,

a screech among the ravens,

i ndún timchell[t]a na cúach

sa dún ina mbíodh na cuacha

in the fort where drinking bowls

as and ro-baí, a m[o] Búach.”

ag gabháil timpeall, a Bhuach.*

were passed around, O Buach Strand.”

A.

 

 

Back to top

 

Section 19

Do-llotar leis trá íar sin Saxain ocus Bretain ocus fir Alban

Ina dhiaidh sin chuaigh Saxain is Breatanaigh is fir Alban in éineacht leis

Then Saxons and Britons and Scots went with Cano

co tarad láim dar Corco Loígi,

gur ionsaigh sé Corca Laighe.

and conquered Corco Loígde.

co romarbad leis mac Condaid ocus Cúán mac Sanaise cona fineochus.

Maraíodh leis mac Connaidh agus Cuan mac Sanaise fána lucht fineachais,

Cano put the son of Conath, Cúán son of Sanais and their kindred to death.

Ocus ni t(h)ánic a c(h)rích Corco Loígi

agus ní tháinig sé as crích Chorca Laighe

Cano did not depart from Corco Loígde

cor fháca(i)b mac Illaind i n(d)-airdrígi[u] Corco Laígi,

gur chuir sé mac Iollainn in ardríghe ann

until he had established the son of Illand as its over-king

ocus cor fháca(i)b Dún mBaíthi fo shláne amail fon-ráca(i)b i mbethaid Illaind

agus gur fhág Dún Baithe cóirithe mar a bhí le linn beatha Iollainn,

and until he left Dún mBaíthe restored to its former state during the lifetime of Illand

iter bú ocus damu ocus eocho ocus aitreb,

idir bha is dhaimh is eich is áitreabh.

as regards cattle, *oxen,* horses and dwellings.

ocus co ruc gíallu do Corco Loígi leis for inillius do mac Illaind sund.

Thairis sin thug sé leis gialla de Chorca Laighe mar urrús do mhac Iollainn ann.

He took hostages *from Corco Loígde* for the safety of the son of Illand.

Back to top

 

Section 20

Baí-seom i rígi[u] Alban íar sin.

Bhí sé i ríghe Alban as sin amach,

Cano then ruled over the kingdom of Scotland

Is and asbertad-som forcomhad:

agus is san am sin a ba ghnáthach leis a rá.  .  .  .

and it is then that he sang these verses:

 

 

 

“Cid dech do lindaib flatha?

*“Cé acu rogha na leannta flatha?

“Where is the best of regal drinks?

ebthair flaith lindai fualang;

ibhtear coirm ann, buile leanna.

where beer is drunk, madness of liquor.

niba rí aran Érind

Ní bheidh sé ina rí rán ar Éirinn

Ireland will have no true king,

mani toro coirm Chúaland.

muna n-ólann sé coirm Chúalann.

unless he drink the ale of Cúalu.

 

 

 

Cormand Comuir Trí n-Usqi

Coirmeacha Chumair na dTrí nUisce

*The ales of Comur Trí n-Uisci

san can im Inber Fernai;

anseo is ansiúd timpeall Inbher Fernai;

here and there around Inber Fernai;

nicon eisbius súg tairis(?)

níor ibheas sú níos fearr ná é

I have drunk no juice transcending it

berta do chormu[i]m Cearnai.

 … do choirm Chearna.

… to the ale of Cernae.*

 

 

 

Cormand Cell Tíri Éle

Coirmeacha ceall Thíre nÉile,

The ales of the churches of Tír nÉle

it é la Mumain merda,

is iad a chuireann Muimhnigh ar meisce;

make the men of Munster merry:

cormand Irlóchra arddad,

coirmeacha Irlóchra airde,

the ales of lofty Irlóchair,

cormand dorindi [Dairine, MS B] derga.

coirmeacha dearga Dáirine.

the red ales of Dáirine.

 

 

 

Coirm Chailli Gartan co llí

Coirm gheal Coille Gartan,

The sparkling ale of Caill Gartnan

dáltir for ríg Cíarraigi,

dáiltear í do rí Chiarraí;

is poured for the king of Ciarraige:

is ed lind ind Érind áin

is é leann na hÉireann áin

it is the ale of noble Ireland

a fera(i)t Goeidel arbáig.

mar a théann na Gaeil i gcath.

where the Gael make their battles.

 

 

 

Hi Cúil Tola do-foscai

I gCúl Tola, riarann

In Cúil Tola a broad backed beaker

escra druimlethan daglaith,

eascra druim-leathan dea-laith;

pours forth with fine ale:

dáltir fledól for Luignib

dáiltear carbhas i Luíne

it is poured for the men of Leinster

diamba folt crín samraid.

nuair atá duilleoga Shamhraidh críonta.

When Summer leaves grow pale.

 

 

 

Hibeas cormand hi Cúlaib

D’ibheas coirmeacha i gCúla,

I have drunk ales in Cúala,

ní torm teglaig domeso

ní tuarascáil teaghlaigh é ar a bhfuil drochmheas.

a household which should be famed.

for Findia robo sesta

Ar Findia, ba bhuan iad,

On Findia it was long-lasting,

cormann Murthemne mesca.

coirmeacha meisciúla Muirtheimhne.

Muirthemne’s exhilarating ale.

 

 

 

Ebt(h)air im Loch Cúan cormand

Ibhtear coirmeacha timpeall Loch Cúan,

Ales around Loch Cúan are drunk,

ibthair a cornu sirchu,

dáilter iad i nadharca corránacha;

poured into sickle-shaped horns;

a Maiginis la hUlltu

i Maighinis idir na hUltaigh,

at Maiginis among the Ulstermen,

fris(in)-gair comad ard ilchu.

freagraíonn cuaichín ard cheoil iolaigh.

lofty ale answers chants of war.

 

 

 

La Dál Ríada cain-ebar

I nDál Riata, ibhtear go líonmhar é

*In Dál Riada it is plentifully drunk

im gaítho glasa gabtha

… timpeall na ninbhear liatha,

… around the grey inlets,

lethdeog fri caindli sorcha,

leath-deoch le coinnle geala,

a half-drink by the light of bright candles,

clisit curaid dáig abtha.

déanann curaidh cleasa ar mhaithe le …

warriors perform feats for the sake of …*

 

 

 

Cormand Saxan na seirbe

Is searbh iad coirmeacha Saxan

The ales of the Saxons are bitter,

san can im Inber in Ríg,

timpeall Inbhear an Ríg;

who come from Inber in Ríg.

im crích Cruithne im Gergin

i gcríoch Chruithne timpeall Gergenn,

Among the Picts of Gergenn,

cormand derga amal fhín

tá coimeacha dearga amhail fíon.

there are red ales like wine.

 

 

 

A fhir, tidnaig a dig dó

A fheara, tabhair a deoch dó

*Men, give a drink to him,

do mac Gartnán maic Ædo;

do mhac Ghartnáin mhic Aodha;

to the son of Gartnán son of Áed

nir an do Scí combo rí,

níor thréig sé Scí go raibh ina rí,

he abandoned not Skye until he was king,

tuc dó in dig at-roilli.

tabhair dó an deoch a thuilleann sé.

give him the drink he deserves.*

 

 

 

A fhir, tidnaig mo dig dam

A fheara, tabhair mo deoch dom

Men, give my drink to me

imme roíred mo chísel;

ar a bhfuil a chíos íoctha.

for which the tribute has been paid.

ni fil, as-berad, is’ tig

Níl mo chómhaith de dhuine sa teach seo

There is no one in this house

bud comshuide dom-isig.

gur féidir dó teacht chun cainte liom.

who may approach me as an equal.

 

 

 

Ní comshude dom-ánic

Níor tháinig mo chómhaith nach ndéanaim

No equal has come forth,

nach íar nós crechta imrud

ciapadh agus creachadh air de ghnáth.

whom I do not harry with customary plundering.

ro-saig m’éolas diam thairind diruith

Síneann m’eolas féin thar eolas m’fhear

My knowledge extends before my men

ca dech do latha indimrud.”

cé acu rogha na leannta flatha.”*

as to which of the regal ales are best.”

cia.

 

 

Back to top

 

Section 21

Aas and dí no-bídh a dál-som fri Créid: oc Inbiur Colpt[h]u a cind blíadna.

Lena linn sin bhí coinne socraithe aige le Créadh ag Inbhear Colptha i gceann bliana.

Now Cano used to make his tryst with Créd at the end of each year at Inber Colpthu.

No-bíd Colcu mac Marcáin i suidi[u] cach lái céd lóech.

Gach lá áfach bhíodh Colgain mac Marcáin san áit sin le céad laoch.

Colcu son of Marcán would be there each day with a hundred warriors.

Is and as-bered-si:

Is é deireadh sise ansin:

*Then* Créd said:

 

 

 

“Andar la fer bís a céin

“Dar le fear a bíos i gcéin

“Far away it seems to him,

Inber Cind Bera is réid;

Inbhear Cinnbheara is réidh,

tranquil Inber Cinn Bera.

tacair do neoch ni sela,

don té nár bhreathnaigh cheana

He would be advised not to land;

is réid Inber Cind Beara.”

is réidh Inbhear Cinnbheara.”

Inber Cinn Bera is tranquil.”

 

 

 

Oc Loch Créda (a)tuaid im ro-dálsad fo-deo(i)d.

Ag Loch Créidhe sa tuaisceart *áfach* a rinne siad coinne fá dheireadh.

At last *, however,* Cano and Créd made their tryst at Loch Créda, in the North.

Téid-si fo thuaid ocus a llie lie;

Chuaigh sise ó thuaidh agus an liag léi.

Créd went northwards with the stone in her possession

do-t(ho)ét-som dí anair ina luing co ’mon-accai(b) dóib.

Tháinig seisean anoir ina long go dtí go raibh siad i radharc a chéile.

and Cano came from the east by boat until each had the other in sight.

Dan-airthet teora longa

Ansin, dhruid trí longa i ngar dó

Three ships overtook Cano.

conid rubatar ocus co n-érlai ar éicin a lluing.

agus thug ionsaí marfach air ionas gur ar éigin a d’éalaigh sé as an long.

He was cut down and his ship barely escaped.

Amail ad-c(h)ondairc-si a gnúis-seom,

Nuair a chonaic sise a ghnúis san fharraige

When Créd saw the face of Cano

… co nderna brúar dia cind imon carraic

chaith sí í féin le faill, agus rinneadh bruar dá ceann ar charraig

she dashed her head against a rock

ocus co rroímid in ligi foa tóeb-si.

agus scoilteadh an liag faoina corp.

and the stone shattered underneath her.

Marb-som dí i cind .ix. tráth íar tí(a)chtain sair.

Fuair seisean bás naoi lá ina dhiaidh tar éis pilleadh soir go hAlbain dó.

Cano died nine days after he had come westwards.

Scéla Cano maic Gartnáin ocus Crédi ingine Gúaire ann sin.

Scéal Chano mhic Ghartnáin agus Chréidhe iníne Ghuaire ansin.

That is the story of Cano son of Gartnán and Créd daughter of Gúaire.

Finit.

*Finit.*

*Finit.*

Back to top