Irish Sagas at UCC University College Cork

CDI
CELT

 

Forbuis Droma Damhghaire

Sections in the text

§1

§2

§3

§4

§5

§6

§7

§8

§9

§10

§11

§12

§13

§14

§15

§16

§17

§18

§19

§20

§21

§22

§23

§24

§25

§26

§27

§28

§29

§30

§31

§32

§33

§34

§35

§36

§37

§38

§39

§40

§41

§42

§43

§44

§45

§46

§47

§48

§49

§50

§51

§52

§53

§54

§55

§56

§57

§58

§59

§60

§61

§62

§63

§64

§65

§66

§67

§68

§69

§70

§71

§72

§73

§74

§75

§76

§77

§78

§79

§80

§81

§82

§83

§84

§85

§86

§87

§88

§89

§90

§91

§92

§93

§94

§95

§96

§97

§98

§99

§100

§101

§102

§103

§104

§105

§106

§107

§108

§109

§110

§111

§112

§113

§114

§115

§116

§117

§118

§119

§120

§121

§122

§123

§124

§125

 

 

 

Complete file (PDF)

 

Note to the reader
In her edition, Sjoestedt notes that the last four sentences of the text in Section 42 in her edition should logically appear at the end of Section 39.  In this presentation, this material is rearranged accordingly. While Sjoestedt places the rhetorics in an Appendix, in this presentation they are incorporated into the text.

Section 1

Dá shaorclaind socheneoil batar ind
Erinn;

Bhí beirt fhear in Éirinn agus b’uasal sochineálach iad;

Two freemen there were in Ireland; of noble stock were they

as iat luatter o sunn amach

is orthu siúd a bheimid ag trácht as seo amach.

and it is of these two our tale will tell.

.i. Fiacha Muilleathan mac Eoguin dalta Moga Ruith

Is ionann iad agus Fiacha Moilleathan mac Eoin, dalta Mhogh Roith

They were none other than Fiacha Moilleathan mac Eoin who was a pupil of Mogh Roith,

ocus Cormac mac Airt mheic Cuinn.

agus Cormac mac Airt mhic Choinn.

and Cormac mac Airt, son of Conn.

Ocus in oenlo ro marbait a dha n-athair i cath Mucraimhe;

Maraíodh aithreacha na beirte an lá céanna i gCath Mhucraimhe,

It was on the same day that their fathers were killed at the Battle of Mucraimhe.

ind oenlo amh doronuit

Gineadh an bheirt an lá céanna, *áfach,*

It was on the same day also that they were conceived

.i. in Mhairt re ndul a cath Muighi Mucraimhe;

— ’sé sin le rá ar an Máirt roimh dhul go Cath Mhá Mhucraimhe.

— on the Tuesday before their fathers went off to fight in the Battle of Mucraimhe.

ind oenló aili rucait .i. in Mhairt i cind secht mis on Mairt sin ocus dano da shechtmhisaigh iat diblinaibh.

Rugadh iad an lá céanna — ’sé sin le rá ar an Máirt seacht mí i ndiaidh na Máirt sin. Dá bhrí sin, rugadh an bheirt acu taobh istigh de sheacht mí.

Therefore, they were born on the same Tuesday — seven months after the Tuesday of their conception — a space of seven months.

Ro ghabh Cormac righi nEirenn fria ré fhoda;

Ghabh Cormac ríghe Éireann ar feadh i bhfad,

Cormac became King of Ireland and reigned for a long period.

i cinn treill iarum ro ghabh Fiacha righi Mhuman fria linn Cormaic.

agus mar an gcéanna, ghlac Fiacha seilbh ar ríocht na Mumhan *le linn ríghe  Chormaic*.

Fiacha, too, became king of Munster *during Cormac’s reign*.

Back to top

 

Section 2

No bidh cach oc tuaruscbail tighi Oenghusa mac ind oicc do Chormac. 

Bhíodh fonn ar gach duine cur síos a dhéanamh ar Theach Aonghusa an Mac Óg do Chormac.

Everybody was bent on describing to Cormac the house of Aonghus an Mac Óg.

“Nu con fhir ei der [leg. eider] sin” ar Cormac.

“Ní fíor pioc de seo,” a dúirt Cormac.

“Nothing of this is true,” said Cormac.

“Cidh on?” ar siatt.

“Cén fáth nach fíor?” ar siadsan.

“Why not?” said they.

“Damad fhir” arse

“Má b’fhíor é,” a dúirt Cormac,

“If it were true,” said Cormac,

“na chu bheinn-si i tigh scrutain ghaeisi m’aonar, amal bim,

“ní bheinn anseo i mo theach i m’aonar ag scrúdú gaoise faoi mar a bhím

“I would not be here all alone in my house of Wisdom-Studies as I usually am

gan tiachtain uadha-som dom fhis-sa

gan duine éigin a theacht uaidh chugamsa,

without a visit from somebody from Aonghus’ house

no gan a thiachtain fein”.

nó, fiú amháin, Aonghus féin.

or indeed from Aonghus himself.”

Or is amluid no bid Cormac i tighibh ruin a aonar ag breith breithe,

Óir is amhlaidh a bhíodh Cormac i dtithe rúin ina aonar ag tabhairt breitheanna,

For Cormac was accustomed to be in his secret chamber giving judgments,

ar ba he fein fa britheamh dho;

mar breitheamh chomh maith le rí ba ea é.

for he himself was judge as well as king.

sesiumh iommorro ocus Cairbre Liffieachair ocus Fithil

Ba iad Cormac féin agus Cairbre Lifeachair agus Fithil *, áfach,*

It was Cormac himself and Cairbre Lifeachair and Fithil *, however,*

ro chuirset fírbretha ocus senchus artus.

na daoine a chuir cúrsai dlí agus seanchais ar bhonn daingean i dtús báire.

who were the first to draw up the correct procedures in matters of law and tradition.

Ro hindised d’Aonghus sin

D’insíodh é seo go léir d’Aonghus

All of this became known to Aonghus

ocus ro ghab tus a fesa ocus a eoluis

agus bhailigh sé a chuid eolais agus feasa le chéile

and he collected all his knowledge and wisdom together

ar forfidir as d’fhiafraighidh neith de bai in fer amlaid sud ica eileaghadh, ocus ro faillsiged d’Aonghus sin.

toisc gur foilsíodh dó gur mhian le Cormac ceisteanna a chur air faoin ábhar sin.

for it was revealed to him that it was of this that Cormac wished to question him.

Ocus tainic la n-oen isin tech i raibi Cormac

Lá áirithe tháinig sé go teach Chormaic,

On a certain day he appeared in Cormac’s house

ocus nir forbonn [leg. forlonn] do in cruth ocus int ecasc i tainic

agus gan dada ina chruth a thaispeánfadh

but nothing *in his appearance* indicated

mar bud amhus do amhsaibh Cormaic thised ann

nár dhuine de ghnáthamhais Chormaic é.

that he was other than one of Cormac’s ordinary mercenaries

ocus do shuidh ishin leith ba sia o Chormac don tigh.

Shuigh sé síos sa chuid sin den teach ba shia ó Chormac.

and he sat in the part of the house furthest removed from Cormac.

Back to top

 

Section 3

Faidh immorro gach flaith ocus ro fiarfaigh [Co]rmac:

Is fáidh gach flaith, áfach, agus dá bhrí sin d’fhiafraigh Cormac:

However, as every prince is a prophet, Cormac enquired of him:

“ln bhad tú in fer do bimis d’eileagadh?”

“An tusa an fear atá á lorg againn?”

“Are you the man we are seeking?”

— “As me amh”, ar Aengus

“Is mé do deimhin,” arsa Aonghus,

“I am indeed,” said Aonghus,

“agus cidh uma ndernais mh’eileagadh?”

“agus cén fáth gur dhein tú mé a lorg?”

“and why were you seeking me?”

— “Air badhus duit do fhiafraigid dhiod mh’imthusa

“Chun ceist a chur ort faoi mo chinniúint,

“Because I wanted to ask you about my future,

ma ro fhetrais”.

má tá an t-eolas sin agat.”

that is, if you have knowledge of it.”

— “Ra fhetur” or se.

“Tá an t-eolas sin agam,” arsa Aonghus.

“I have knowledge of it,” said Aonghus.

— “In mbia turbhrod oram-sa?” ar Cormac.

“An mbainfidh tubaiste dom?” arsa Cormac.

“Will disaster overtake me?” said Cormac.

— “Biaidh amh”, ar Aenghas

“Bainfidh, *go deimhin,*” arsa Aonghus,

“It will, *indeed,*” said Aonghus,

“ocus tucadh do ragha dhuid;

“ach tá rogha agat.

“but you have been given a choice.

 

Cé acu is fearr leat

Which do you prefer

in a tús no a medon no in fa dheoigh ragus fort in turbrod soin?”

— tubaiste a bheith ort i dtús nó i meán nó i ndeireadh do ríghe?”

— the disaster to occur at the beginning, in the middle or at the end of your reign?”

— “Tabar maith ar tus ocus fa deoigh dhamh” ar Cormac,

“Cuir an rath orm i dtús agus i ndeireadh mo ríghe

“Give me prosperity at the beginning and end of my reign

“ocus intan bus fearr mu righi, a medhon mh’aeisi, tabhar claochlódh ar mu rathaibh;

agus bíodh an mí-ádh orm agus mé i mbarr mo réime um meán aoise.

and when I am at the high point of my career at middle age let misfortune fall.

ocus cia ret eiter?” ar Cormac.

Ach, ar aon chuma, cén saghas tubaiste a bheidh ann?”

What is it anyway?”

“Tria funirbthe | . . . . |” ar Aengus:

 

 

“Boidhith do thiachtain red linn

“Galar bó a bheidh ann le do linn

“A cattle disease will occur in your time

cu mba hiaraidh en bho i Finnib ocus Luaidnib

agus obair in aisce duit bó a fháil i bhFinnibh nó i gCúige Laighean

and you will search in vain for a cow throughout Finn and Leinster

ocus i seacht colamnuib na Temhrach ocus it portaibh-si fadesin”.

nó i measc seacht dtreibh na Teamhrach nó i do cheantracha féin.”

and the seven tribes of Tara and throughout your own territories.”

— “Cia ret as-a tic damh-sa sin?” ar Cormac.

“Cén fáth go mbeidh a leithéid de mhí-ádh orm-sa?” arsa Cormac.

“Why will this happen to me?” said Cormac.

“Ni atber-sa frit-sa sin”, ar Aengus,

“Ní inseoidh mé é sin duit,” arsa Aonghus,

“I will not tell you that,” said Aonghus,

“acht aenní aderim rit:

“ach aon ní a deirim leat:

“but I will tell you this one thing;

do mhaicne fein do tabhuirt dot reir

déan do chomhairle féin

be guided by your own decision

ocus gan comairli do mna na do mogad na do rechtaire do dhenamh”.

gan comhairle mná ná mogh ná reachtaire a dhéanamh.”

and do not accept the advice of a woman, or a slave, or a steward.”

Ocus ro ceileabuir iarsin do Cormac ocus ro imthigh don Brugh.

Leis sin, d’fhág Aonghus slán *do Chormac* agus d’imigh abhaile go Brú na Bóinne.

With that, Aonghus said goodbye to Cormac and returned to Brú na Bóinne.

Back to top

 

Section 4

Ocus do chan Cormac in laid ag tabuirt tuaruscbala an oglaigh da mhuinntir:

Agus chan Cormac laoi ag tabhairt tuarascála ar an óglach dá mhuintir féin i dTeamhair:

Cormac recited this poem in which he described the young man to his people:

 

 

 

“Tarfas damh ar bru Temrach·

“Taibhsíodh dom i mbrú na Teamhrach,

“There appeared to me on the mound of

oclac aluinn ildeallbach.

óglach álainn ildealbhach.

Tara a beautiful, colourful young man.

Caeime ina gach caem a cruth·

Níos caoimhe ná gach caomh a chruth,

Surpassing his beauty, handsome in

timthugach oir na edguth.

imeall óir ar a éadach.

appearance, his garments embroidered with gold.

 

 

 

Timpan aircit an-a laimh·

Tiompáin airgid ina láimh aige,

In his hand he held a silver tympan,

fa h-or derg teta an timpain.

ba d’ór dearg téada an tiompáin.

its strings of red gold:

Binne ina gach ceol fo nimh·

Níos binne ná gach ceol faoi neamh

sweeter than any music under heaven

foghur tet an timpain sin.

foghar théada an tiompáin sin.

the sound of those strings.

 

 

 

Fleasc gu cairche ced-ceol cain.

Fleasc le cairche céad ceol caoin.

A bow of hide, making a hundred

uasa chinn fo dha n-enaib.

Os a chionn bhí dhá éan,

sounds of sweet melody, over it were

ocus na h-eoin (nír mhodh mer)·

agus na héin sin (agus ní i módh mear)

two birds. And these birds were able to

bitis oc a airpheitedh.

bhídís á sheinm.

play the tympan (and not incompetently either).

 

 

 

Do shuidh acum eraim ngrinn·

Shuigh sé síos in aice liom go grinn

He sat close to me in friendly fashion

sethfaind dam in ceol caeinbhinn.

agus sheinn sé ceol caoinbhinn.

as he played the tympan

Tarfaidh co raithrenn iarsoin·

 

 

ba hedh medhrád dom menmoin.

Ba é mearadh do mo mheanma é.

to inebriate my spirit.

 

 

 

Doním-si faitsine bhfhis·

Déanam fáistine fhíor

I make a true and upright prophecy

coir gin gur ba coir eisdeacht fris;

agus ba chóir éisteacht léi.

so that it is right to listen to it.

Gidh olc maith libh a n-atbert·

Cé olc nó maith libh a ndúirt sé,

Whether you like it or not, everything

ticfa gach ni ro tharngert.

titfidh gach rud amach de réir mar a thairngir sé.

he has prophesied will come to pass.

 

 

 

Domgní doghrach fiad gach drong·

Is é seo a rinne doghrach mé le gach

This is what has made me impatient

a ghairdi ro an acom;

dream eile. Ró-ghairid a chuairt;

with every other type of company;

Bronach oram ga dhul as·

mó bhrón a imeacht uaim.

so brief his visit, sorrowful for me his

failid lim in trath tarfas.”

Bhí áthas orm fad a bhí sé anseo liom.”

leaving. Joyful for me the period of his appearance.”

Tarfas.

 

 

Back to top

 

Section 5

Gabus Cormac in-a righi osin amach cu tainic in bodhith;

Lean Cormac ar aghaidh lena ríghe ón tráth sin amach go dtí gur tharla an bhódhíth.

Cormac continued to govern his kingdom until the cattle disease struck.

ger amnus didiu Cormac,

Cé go raibh Cormac glic *, ámh,*

Cunning as he was, *however,*

ni ro rathaigh in bodhith no gu tainic,

níor thug sé an bhódhíth faoi deara go dtí go raibh sí tagtha i láthair.

he failed to heed its advance until it had arrived.

ar is de ro bhui i cinniud soudh a fhlaithiusa fair.

Ba é seo cor na cinniúna dó i gcúrsaí a fhlaithis.

Fate had decreed that this would be the turning point in his reign.

Tucadh tra a chana dligid do Cormac in bliagain-sin

Tugadh, áfach, a chánacha dleathacha do Chormac an bhliain sin.

*At all events,* Cormac received the rents due to him that year

as gach cuicedh do cuig cuigeduibh Eirenn,

Tháinig siad ó gach cúige de chúig cúigí na hÉireann,

from every province of the five provinces of Ireland,

.i. nai fichit bo as gach cuicedh;

’sé sin le rá — 180 bó as gach cúige.

and this amounted to 180 cows from each of the provinces.

ro fhoghuil Cormac in cain-sin fo seacht primhtuathaibh na Teamhrach,

Roinn Cormac an cháin sin i measc seacht bpríomhthuatha na Teamhrach

Cormac divided these among the seven chief districts of Tara

ar dochoidh dith for a mbuaibh

óir bhí díth ar a gcuid bó

as the cattle disease had decimated their herds

ocus nir fhacaibh laim ar cula aigi cen fogail.

agus níor fágadh ar chúl oiread is bó amháin.

and Cormac was not one to withhold generosity.

Back to top

 

Section 6

Intan tairnic la Cormac foghuil na mbo

Agus roinnt na mbó críochnaithe ag Cormac,

When Cormac had completed his distribution of the cows

is ann tainic a reachtaire .i. Maine Mibriarach mac Miduaith.

seo chuige a reachtaire Maine Míbhriathrach mac Mídhua.

his steward Maine Míbhriathrach, son of Mídhua, arrived.

— “A Cormaic, ar fhoghluis na bu?”, ar se.

“A Chormaic,” ar seisean, “an bhfuil na ba roinnte amach agat?”

“O Cormac,” said he, “have you distributed the cows?”

— “Ro fhoghlus”, ar Cormac.

“Tá,” arsa Cormac.

“I have,” said Cormac.

— “Nu chon fhetur-sa eim”, or in reachtaire,

“Níl a fhios agam cad a dhéanfaidh mé, mar sin,” arsan reachtaire,

“I don’t know what to do then,” said the steward,

“ni notimfuilngedh-sa re enoidhche oc imacallaimh a tigh Themhrach mad re hais mbo doberur toeb duit.

“mar níl oiread is lón aon oíche fágtha agam do theaghlach na Teamhrach.

“I haven’t sufficient provisions for one night’s entertainment in Tara.

Ocus iss ed fodera son ar ro dithiged h’airgadha-sa uili”.

Díothú na mbeithíoch *uile* is cúis leis sin.”

And the reason for this is that all the herds have died.”

Ro chuir socht ar Chormac in ni-sin ocus ro raidh.

Chuir an ní sin buairt ar Chormac agus dúirt:

This news upset Cormac and he said:

— “Cidh ron bai-siu, a reachtaire?

“Cad tá ort, a reachtaire?

“What were you thinking of, steward?

nach intan ro bui ni am laim do chuimnighis damh, in uair domroacht mu dlechtinus,

Cén fáth nár inis tú an méid sin dom fad a bhí mo chánacha i mo sheilbh,

Why didn’t you tell me this while I had something to give, while I still had my rents,

ar ni fhuil agum ni duit ocus ni h-al [leg. ni h-ail] damh inndliged d’imirt ar nech;

*mar* níl ní agam duit anois agus ní maith liom aon éagóir a imirt ar aon duine.

for now I have nothing to give you and I do not wish to inflict injustice on anyone.

o domroacht mu chain bliadna

Ós rud é go bhfuil mó cháin *bhliana* faighte agam cheana féin

As I have already received my tribute for this year

ni fhuil agam foedal gu ceand mbliadhna”.

ní bheidh faic eile le fáil go ceann bliana eile.”

I will have nothing until next year’s tribute is due.”

Dochoidh Cormac iar-sin na thech ngaeisi

Chuaigh Cormac ar ais go dtí a theach gaoise iarsin

After this exchange Cormac retired to his study

ocus bui ann oc scrudain gaeisi

agus lean sé ar aghaidh ag scrúdú gaoise

and pursued wisdom

gan nech dia timtereacht

agus gan aon neach ag tabhairt cuairt air

all alone without visitors

acht muna tisda le biadh dho,

ach amháin iadsan a thugadh an bia isteach dó.

except for those who brought him food.

tri la ocus tri hoigthe.

D’fhan sé ansiúd ar feadh trí lá agus trí oíche.

And he remained there for three days and three nights.

Back to top

 

Section 7

Do ghabh in reachtaire iarsin ag iaraidh fhoaedala don righ

Ghabh an reactaire iarsin ar bheith ag iarraidh teacht isteach breise don rí

The steward then set about obtaining revenue for the king

gen imirt inndligid ar neach.

ar shlí nach mbeadh éagórach *do neach*.

in such a way that no injustice would accrue to anybody.

Ocus tainic cu torad a scruduidh leis.

Agus tháinig sé go Chormac agus toradh a scrúdaithe leis.

And his endeavours bore fruit.

— “A Chormaic,” ar se,

“A Chormaic,” ar sé,

“Cormac,” said he,

“in eadh dotbeir i socht a n-ebert-sa frit?”

“an é an méid a duirt mise leat fáth do bhuartha?”

“is what I have said to you is the cause of your gloom?”

“Iss eadh”, ar Cormac.

“Is é, go deimhin,” arsa Cormac.

“It is,” said Cormac.

— “Fuarus-sa duit foedala”, ar se,

“Fuair mise bealach chun teacht isteach breise a fháil,” ar sé,

“I have found a means of revenue for you,” said he,

“ocus is doigh lim foicela fein condligi edalais”.

“agus is dóigh liom go bhfeicfidh tú féin go bhfuil sé de réir dlí.”

“and in my opinion, you yourself will recognise the legitimacy of it.”

“Caidhe sidhe?”, ar Cormac.

“Cad é, más ea?” arsa Cormac.

“What is it, then?” said Cormac.

“In ndechadhuis ar tur ronna na h-Eirenn?” ar Maine.

“An bhfuil staidéar déanta agatsa ar rannta na hÉireann?” arsa Maine.

“Have you made a study of the divisions of Ireland?” said Maine.

— “Ni dhechadus” ar Cormac.

“Níl,” arsa Cormac.

“I have not,” said Cormac.

—  “Dochuadhus-sa”, ar Maine,

“Tá sé déanta agamsa,” arsa Maine,

“Well, I have,” said Maine,

“ocus fuarus cuig coicidh a nEirinn

“agus fuair mé cúig cúigí in Éirinn

“and I have discovered that there are five provinces in Ireland

ocus atait a do dib-sein i Mumain

agus tá dhá cheann díobhsan i Mumhain

and that two of these provinces are in Munster.

ocus ni tucuis-si o ra gabais righi acht cain aenchoicidh aisdi.

agus níor bhailigh tusa cáin ach ó cheann amháin díobh ón am a ghabh tú an ríghe.

Now, since you took over the kingship you have drawn taxes from only one of these provinces.

Ocus dano is dibh in fer ro marbh h’athair i cath Muighi Mucraimhe

Agus chomh maith leis sin, is díobhsan an fear a mharaigh d’athair i gCath Mhá Mhucraimhe,

*And* moreover, it was one of these same Munstermen that killed your father in the Battle of Má Mucraimhe

.i. Mac Con mac Maicniad meic Luigdeach

’sé sin le rá — Mac Con mac Maicnia mhic Luigdeach

— Mac Con mac Maicnia mhic Luigdeach

ocus ni forail duit-se cumal inn o Fhiachaigh

agus is ceart duit éiric a fháil ó Fhiacha

— and you must get compensation from Fiacha

or is e is brathair do

— mar is deartháir Fiacha don duine a mharaigh d’athair

— for Fiacha is this man’s brother

ocus is e ro ghab righi Muman iarum”.

agus ghabh Fiacha ríghe na Mumhan iarsin.”

and it is he who has *now* succeeded to the throne of Munster.”

— “Dothraei bennacht” ar Cormac

“Mo bheannacht ort,” arsa Cormac,

“My sincere thanks,” said Cormac,

“as fir dh[l]eged sin”.

“is fíordhleathach é sin.”

“that is certainly lawful.”

Ro gabustar-som uaill ocus forbhfhailtius de-sin

Bhí an-áthas *agus uaill* ar Chormac de bharr an chasadh na taoide seo.

Cormac was overjoyed at this turn of events and full of pride.

.i. mar do soisedh dho a innarba a hEirinn ocus a lecud inte doridisi;

Bhí sé cosúil le fear a bheadh curtha ar ionnarbadh as Éirinn agus a bhí glaoite ar ais arís.

It was as if he had been banished from Ireland and again recalled,

ba he sin met in forbfhailtis tainic dho.

Ba é sin an méid áthais a tháinig air.

such was the extent of the joy that overcame him.

Back to top

 

Section 8

Docuas uadh iar-sin

Chuaigh timirí amach ó Chormac ansin

Cormac *then* summoned

do thinol ocus do thoghairm maithe ocus urramaidhi Lethi Cuinn

chun maithe agus móruaisle Leath Choinn (leath thuaisceartach na hÉireann) a bhailiú le chéile i mórthionól

the chiefs and princes of Leath Choinn (the northern part of Ireland) to assemble in council

ocus ro innis doibh

agus d’inis sé a scéal dóibh.

and he informed them of the steward’s plan.

ocus tucsat uili bennachtain don rechtaire.

Thug siad uile a mbeannacht don reachtaire.

They expressed their gratitude to the steward for this stratagem.

Iar n-agallaimh a shlóig do Cormac atbert

Iar n-agallamh a shlua do Chormac dúirt sé leo

Having consulted his troops Cormac informed them

co na budh toltanach leis airisium

nach mbeadh sé sásta

that he would not rest content

no gu tised do sháthud a phubla i Mumain.

go dtí go mbeadh a phuball suite aige sa Mhumhain féin.

until he had pitched his tent in Munster.

— “Na dena ider”, ar siat,

“Ná dean faic,” ar siadsan,

“Do nothing,” said they,

“acht ergat techta uait-si

“ach amháin timirí a chur chuig na Muimhnigh

“except to send messengers to Munster

do chuingidh na cumaile-sin

chun an cháin a bhailiú uathu

to ask for the tribute and payment for damages

.i. cóica bo gu mbennuib airgit

— 50 bó agus beanna airgid

— 50 cows and silver drinking horns

ocus cana cuigid

agus cáin chúige

and the provincial tax

ocus as dliged in ní-sin

agus is dleathach é sin

and all this is quite legal

ocus ni h-indliged

agus ní i gcoinne an dlí.

and not illegal

ocus ní était-sium gabail uime”.

Ní thabharfaidh siad an t-eiteach duit.”

and they will not reject the claim.”

Do chuir Cormac a echlacha

Chuir Cormac a eachlaigh

Cormac sent his horsemen

budh dhes da cuingidh sin co Fiachaigh .i. Tairec Turusach ocus Berraidhi Inasdair.

Taireach Turasach agus Bearra an Aistir *ó dheas* chuig Fiacha leis an iarratas sin.

— Taireach Turasach and Bearra an Aistir south to Fiacha *with this request*.

Ocus atbert Cormac: “Dia nderntar freasabhra frib

Agus dúirt Cormac: “ Má tá freasúra ann,

And Cormac told the messengers: “If they oppose you

abraidh friu

abair leo

tell them

gen go n-agair ri riamh in cain

 

that even though no king has ever demanded the tax from them

ni fhuicebh-sa ni don cain

nach maithfidh mise dóibh pioc den cháin

I will remit nothing from what they owe me

ro dligius o ro gabus ríghi

atá le teacht chugam ó ghabh mé an ríghe,

since I took up the office of kingship.”

di neoch na toracht damh cose”

cé go nglacaim leis nár bhailigh aon rí eile í go dtí seo.”

 

Back to top

 

Section 9

Dothaegat fodes iarum cu tech Fiachach

Thaistil siad ó dheas ansin *go teach Fhiacha*

They journeyed southwards then *to the house of Fiacha*

co tulaigh na righraidi frisan abar Cnoc Raphann inniu.

go dtí gur shroich siad an Rí Ráth ar a dtugtar Cnoc Rafann inniu.

until they reached the royal fort which today bears the name of Cnoc Rafann.

Ro fearad fáilte re h-eclachaibh righ Eirenn ann sin.

Cuireadh fáilte roimh eachlaigh rí Éireann

The king of Ireland’s ambassadors received a welcome

Ocus ro shlonnsat a n-aithiusc.

agus chuir siadsan éileamh an Ard Rí in iúl d’Fhir Mhumhan.

and they proceeded to deliver their message.

— “Cormac”, ar siat,

“Cormac,” ar siad,

“Cormac,” said they,

“ror cuir-ne [leg. roncuir-ne] cucaibh-si do chuinghidh a dhligenais foruib”.

“a chuir sinne chugaibhse chun a dhleachtanna a bhailiú uaibhse.”

“has sent us *to you* to collect what is due from you to him.”

— “Caidhe sidhe?” ar fir Muman.

“Cad iad siúd, go díreach?” ar Fir Mhumhan.

“What is that?” said the Munstermen.

“Nói fichit bo fa dhó uaibh-si,

“Naoi bhfichead bó faoi dhó (360) uaibhse,

“Twice nine twenties of cows (360) *from you*

intan no berth aaeinfhect
[leg. a aeinfect] as gac cuiced

le tabhairt dó uair amháin as gach Cúige

from each province is the tribute to be paid once

ocus ni ruc acht a leth-sin uaibh-si o ro gabh righi.

agus níor thug sibhse ach leath den mhéid sin ó ghabh sé ríghe.

and you have paid only half this amount since he became king.

Ocus dano is eicen fadera do a cuingidh, eder,

Agus caithfidh sé an cháin a bhailiú, dáiríre fíre,

And indeed, it is essential to him to collect it

.i. bodhith do thiachtain a seacht colamhnaibh

toisc gur bhuail galar bó seacht dtuatha treibheacha

as a cattle disease has hit the seven tribal territories

ocus i primhphortaibh na Temhrach.

agus príomhphoirt na Teamhrach.

and the chief strongholds of Tara.

Ocus dano is sibh-si ro mharbh a athair

I dteannta sin, is sibhse a mharaigh a athair

Moreover, it was you, Munstermen, that killed his father

ocus is dligid cumhal do inn”.

agus is dleacht éiric a thabairt dó dá bharr.”

and for this you owe him compensation.”

Ro innis Fiacha dh’fheraibh Muman sin.

D’inis Fiacha sin d’Fir Mhumhan.

Fiacha informed the Men of Munster of this matter.

Atbertsat fir Muman na tibritis in dedha sin.

Dúirt Fir Mhumhan nach d’íocfaidís an cíos sin.

The Men of Munster said that they would not pay the tribute.

— “Acht chena”, ar iat,

“Ach cheana,” ar siad,

“However,” they said,

“uair is ra h-eicin tancus uadha-sum

“ós rud é go dtagann sé chugainn toisc é a bheith in éigean,

“as it is through necessity that he has come,

doberam-ne boin cech lis i Mumain do dia fhoiridhin.

tabharfaimid deontas dó. Bó ó gach lios i Mumhan chun cabhrú leis ina chruachás.

we will make a donation of a cow from every farm *in Munster* to assist him in his need.

Ocus uair nár fharcaibhset againn ar n-aithre, ni ba dín a tabairt do-som na tucsat;

Ach ós rud é nár leag ár n-aithreacha aon dualgas orainne an cháin sin a íoc

But as our own fathers have never imposed such an obligation on us,

ni fuicfium a cind ár mac in ni-sin”

nílimid chun a leithéid d’ualach a chur ar ár micne féin.

we in our turn, have no intention of imposing any obligation to pay tribute to Cormac on our sons.

Ocus dano asbertsat fria Fiachaidh:

 

 

“Tiaghar uait-si dh’agallamh Cormaic,

Cuir teachtairí chuig Cormac féin

Enquire of Cormac

ar is doigh nach úaid ro cuinged in cuatraime [leg. cutraime] ud orainn”.

mar ní dóigh linn gurbh eisean a chuir an t-iarratas trom sin chugainn in aon chor.”

if it is he himself who has demanded such a heavy tribute from us.”

Back to top

 

Section 10

Tiaghuit tra echlacha Fiachach fris-sin,

Iarsin, chuir teachtairí Fhiacha

After that, Fiacha’s messengers

.i. Cuilleand, Cosluath ocus Leithrinde Leabar.

— Cuilleann, Cosluath agus Leithrinne Leabhar

— Cuilleann, Cosluath and Leathrinne Leabhar

Ra siachtatar bud thuaidh cu Cormac

— chun bothair ó thuaidh agus tar éis bualadh le Cormac dóibh

— set out on their journey northwards and having arrived at Cormac’s house

ocus do raidset:

chuir siad ceist air:

they asked him:

“In uait

“An uaitse, dáiríre,

“Is it really from you

rucadh in techtairacht ro chansat do techta?”.

atá na timirí seo ag teacht?”

that the messengers purporting to carry your instructions come?”

— “Is uaim”, ar se.

“Is uaimse,” arsa Cormac.

“It is from me,” Cormac said.

— “Mas uait”, ar siat,

“Más uait,” ar siadsan,

“If it be from you, then,” said they,

“do berthar boin cech lis a Mumain duit dar ceann do bennachta,

“tabharfar bó ó gach lios sa Mhumhain duit chun cabhrú leat in am an ghátair

“a cow from each farm in Munster will be donated to you to oblige you

acht na derntar bes de”.

ach gan béas a dhéanamh de.”

but this must not serve as a precedent.”

— “As ferr lim”, ar se

“Is fearr liomsa,” ar Cormac,

“I much prefer,” said Cormac,

“cu mair mu dhliged do gres

“mo dhleacht a fháil go rialta

“that my rights be *constantly* upheld

inas in comha mor sin aeinfhecht”.

ná deontas mór aon uair amháin.”

than receive a single large donation.”

Ocus ro chuir a thechta ar culu fodes

Ansin chuir Cormac a thimirí ó dheas arís

Cormac sent his messengers back southwards to Munster

ocus ro chuinigset in cain.

ag iarraidh na cánach.

to demand the tribute.

Ro tinolait fir Muman o Fiachaigh

Tionóladh Fir Mhumhan arís le Fiacha

The Men of Munster were again summoned to council by Fiacha

ocus do raidh:

agus dúirt leo:

who said to them:

“Denaid bar comairli fris suit”, ar se.

“Déan bhur comhairle féin faoin gceist seo.”

“Take a decision on this matter,”

Docoidh uathaibh Fiacha iarsin.

Agus é sin ráite aige d’imigh sé uathu.

and having said this he retired leaving them to their deliberations.

Back to top

 

Section 11

Doronad comairli eneachda aca-som dar a eisi

Tháinig siad ar shocrú ónorach ansin.

They then proceeded to arrive at an honourable decision:

.i. dia roised da gach urramach dhibh

Fiú amháin agus gach duine den uaisle

If it should happen that each of the nobles among them

beith cin nach n-irdalta acht bleagan enbo

agus gan ach bainne aon bhó aige

were reduced to the condition of having only the milk of a single cow

ocus cu roised co a marbad

agus a bheith air an t-aon bhó sin a mharú

and having had to kill her

ocus a mbeith cin biudh iardain is cach eicen didiu di araili

agus a bheith fágtha gan bia dá bharr gan trácht ar chruatan eile

and so be left without food and then having to endure all kinds of privations

ocus co mad ed nousfuasluiced docum sochair in cain út do thoidhitin [leg. fhoiditin],

— fiú amháin, ina leithéid sin de chás

and if the payment of the tribute would suffice to procure peace

no con fhoighitnigfitis.

ní ghéillfidís d’iarratas Chormaic.

even then they would not submit.

Tancatar iarsin ait i mbui Fiacha.

Tháinig siad ansin go dtí an áit ina raibh Fiacha ag feitheamh leo.

They came then to the place where Fiacha awaited them.

— “Cadhi bar comairle?” ar se.

“Cad é bhur gcinneadh?” ar sé.

“What is your decision?” he asked.

“As i so.” ar siat.

“Is mar seo atá sé,” ar siadsan.

“It is this,” said they.

— “Beiridh beannacthain”, ar se,

“Mo bheannacht oraibh,” arsa Fiacha,

“Bless you,” said he,

“ar da mad ead no beith agaibh a foiditin

“mar dá gcinnfeadh sibh géilleadh do Chormac

“if you had submitted

no raghuinn-si uaibh,

rachainnse uaibh

I would have distanced myself from you

ait na cluinfind a foraithmet cu brath”.

go dtí áit éigin nach mbeadh orm caint faoin rud go brách arís.”

and further discussion of the matter.”

— “Ocus nocha n-acmaing a gabala de fil acainn”,

 

 

ol siat, “acht a shlan fon cuiced

 

 

ocus ni dhene sealbh sarugad

 

 

ocus ni toircenn iubail inndliged”.

 

 

Do cuatar a thechta do shaighidh Cormaic iarum.

D’imigh a theachtairí ansin chun bualadh le Cormac.

His messengers departed then for their meeting with Cormac.

Imtusa bhfher Muman,

Maidir le Fir Mhumhan áfach,

As for the Men of Munster,

ro scailset a mna ocus a lenbha

chuir siad a mbantracht agus a leanaí,

they sent off their womenfolk and children,

ocus a n-almha ocus a n-indile

chomh maith lena gcuid eallaí

their herds and their belongings

a n-indsibh ocus a n-ailenaibh ocus a n-eicendinaibh in cuicid

go dtí na hoileáin agus na tearmainn taobh istigh den chúige

to the islands and places of refuge within the province

ocus tancatar lucht a n-einig ocus a n-engnuma

agus thionól an uaisle agus iad siúd a bhí in ann airm a iompar

and the nobles and those capable of bearing arms assembled

ait i mbui Fiacha cu Cenn Claire.

mórthimpeall ar Fhiacha ag Ceann Cláire.

around Fiacha at Ceann Chláire.

Back to top

 

Section 12

O ro siactatar a echlacha gu Cormac, ro raidhset:

Nuair a bhuail eachlaigh Fhiacha le Cormac dúirt siad leis:

When the horsemen reached Cormac they informed him:

“Ni h-ansud”, ar siat, “foemthair do chain-si,

“Ní anseo atá do cháin le fáil agat,” ar siad,

“No tax for you here;

dene in ni bus maith lat cena”.

“déan do rogha rud.”

Do as you wish in this matter.”

Ba h-irgrain la Cormac in ni-sin

Ba ghráin le Cormac an ní sin

Cormac was incensed at this response

ocus ro omhnuigh cu mor,

agus bhí uamhan *mór* air

and indeed greatly horrified,

ar forfidir ro ba mana adha moir tiachtain ris uma dhligid,

toisc gur léir dó gur mana oidhe a ríghe é

as it occurred to him that this was an omen of a great calamity to his reign,

uair nach inndliged ro cuinned ocus se in airdrigi Erenn.

go mór mór ó nár ghabh sé seilbh ar ard-ríghe Éireann go mídhleathach.

since he had made no illegal claim in his role as high king of Ireland.

Tugait ann-sin a primdraithi gu Cormac

Tugadh a phríomhdhraoithe go Cormac ansin:

His chief druids were then summoned to Cormac.

.i. Citach Cithmor, Cect, Crota, Cithruad,

Ceathach, Cith Mór, Céacht, Crotha agus Cith Rua.

These were: Ceathach, Cith Mór, Céacht, Crotha, Cith Rua,

oir batar sidhe fria re Cuind ocus Airt ocus Chormaic ac faistine

Bhíodh fáistine ar siúl acu siúd le linn Conn agus Art agus Cormac a bheith i réim

and all of them had exercised their function of predicting the future under Conn, Art and Cormac

ocus ní frith a n-eiliugad.

agus ní fuarthas locht orthu riamh anall.

and they had never been found to be at fault.

— “Deinidh co h-ullamh faitsine dham-sa”, ar Cormac:

“Ullmhaigh fáistine dom,” arsa Cormac leo,

“Prepare a prediction for me,” said Cormac,

“Cidh bias damh don turus-sa teidhim?”.  

“féachaint conas a éireoidh leis an turas seo go Cúige Mumhan.”

“find out what will be the outcome of this expedition.”

— “Forfhinnfom-ne duit-si sin”, ar siat

“Déanfaimid é sin duit,” ar siad,

“We will let you know that,” said they,

“acht co tuga ré dún ra tur ar ar bfhaitsine”.

“ach beidh seal ag teastáil uainn chun na tuartha a mheas i gcomhair na fáistine.”

“provided we are given the necessary time to examine the omens.”

— “Doberthar”, ar se.

“Tabharfar an seal sin daoibh,” arsa Cormac.

The necessary time will be given you,” said Cormac.

Dothaetsom i formnai i fesa ocus i n-eolusa

D’imigh na draoithe ansin i mbun feasa agus eolais

They embarked then on their secret arts of knowledge and sorcery

ocus do faillsigedh daibh cu mad de no ragad olc do Cormac a tiachtain i Mumain.

agus foilsíodh dóibh go dtiocfadh olc as turas Chormaic go Cúige Mumhan.

and it was revealed to them that Cormac’s expedition to Munster would prove disastrous to him.

Ocus tancatar do shaichtin Cormaic.

Tháinig siad ar ais ansin go Cormac.

*They came back and approached Cormac.*

— “Cidh ro faillsiged daibh?” ar Cormac.

“Cad a foilsíodh daoibh?” ar sé.

“What was revealed to you?” asked Cormac.

— “As i an ni ro faillsiged dun”, ar siad, “gidh sain ind aisneis.

“Is sainiúil an ní a foilsíodh dúinn,” ar siad,

“This is what has been revealed to us,” said they.

Ocus is sarugud dun do dula-sa i Mumain.

“cuirimid in aghaidh do dhul go Cúige Mumhan.

“We disapprove of your expedition to Munster.

Ocus mad dia n dighea [leg. ndighea]

Má théann tú ann, bíodh a fhios agat

Take note that *if you go,*

in fortamlus fil uait-si fortha-san,

 

the domination you are seeking to impose on them

biaidh uaidhibh-sium fort-sa”.

go bhuil muintir na Mumhan ag iarraidh cos ar bolg a imirt ortsa

they are seeking to impose on you.”

 

díreach faoi mar atá tusa ag iarraidh é a imirt orthusan.”

 

Back to top

 

Section 13

“Apair, a Cithruaidh”, ar Cormac, “cidh ro foillsiged duit?”

“Inis dom, a Chith Rua,” arsa Cormac, “cad a foilsíodh duitse?

“Tell me, O Cith Rua,” said Cormac, “what has been revealed to you?”

— “Inni ra faillsiged”, ar Cithruadh:

 

 

“Ni edaim a ghabhail duit-se a dula,

“Ní féidir liomsa tú a chosc ó dhul ar an turas seo

“I cannot prevent you from going,

ar fogebhu fort cheile neartfas for a dula.

mar tá bean chéile agat a spreagfaidh tú chun tabhairt faoi,

for you have a wife who will encourage you to go;

Acht cena is de tic h’olcugud”;

ach tóg aire, mar, tiocfaidh olc as.

but beware, for evil will result from this trip of yours.

 

Is é seo an rud a foilsíodh domsa,” arsa Cith Rua,

This is what has been revealed,” said Cith Rua,

ocus do raidh in rethorec-sa:

agus dúirt an reitric seo:

and he proceeded to recite a poem:

 

 

 

“A Chormaic, choir chostadaigh.

“A Chormaic, dean an rud atá ceart agus cóir ….”

“O Cormac, preserve justice and right …”

costaidh do ceill com ndlighidh. na hinnsaigh buair mborblachais. ar briathraibh raid rechtaire. a mheic Airt forfhetur-sa. formna cechat imthusa don turus-so triallmait-ne. ar claind Maeili Miscaidhe ar claind Chicuil coinbleachtaigh. na morairde annfhlatha. innsaigh cert is coir, a Cormaic”.

Back to top

 

Section 14

“Cidh dano ra faillsiged duit-si, a Crota?” ar Cormac

“Cad a foilsíodh duitse, *ámh,* a Chrotha?” arsa Cormac.

“What has been revealed to you, *then,* O Crotha?” asked Cormac.

— “Inní ro faillsiged dam indisfet duit-si” ar Crota,

“Inseoidh mé duitse cad é a foilsíodh domsa,” arsa Crotha,

“I will tell you what has been revealed to me,” said Crotha,

ocus do raidh in rethorec so:

agus dúirt an reitric seo:

and he recited the following rhetoric:

 

 

 

“Daimh coir, a Chormaic,

“Déan an chóir, a Chormaic,

“Act with justice, O Cormac;

geibh coir, a Cormaic,

glac leis an gcóir, a Chormaic,

receive justice, O Cormac;

ni coir sar ar saeirferuibh.

níl sé ceart an éagóir a dhéanamh ar shaorfhir.”

it is not right to act unjustly against freemen.”

ra fiallachaibh coimceineoil. mairg cus tic drong Dairine. dirmann dighlach Dergthine. a Dun Cuirc gu curadaibh. coisentar Cliu cladhfairsing. cach doib ar do dhaimh”. daimh.

Back to top

 

Section 15

“Cidh ra faillsiged duit, a Checht?”, ar Cormac?

“Cad a foilsíodh duitse, a Chéacht?” arsa Cormac.

“What was revealed to you, O Céacht?” asked Cormac.

— “Inni ra foillsiged dham”, ar Cecht, “docluinfea-sa”,

“Cloisfidh tú an rud a foilsíodh domsa,” arsa Céacht

“You shall hear what was revealed to me,” said Céacht,

ocus do raidh in rethorec-so:

agus dúirt an reitric seo:

and he recited the following rhetoric:

 

 

 

“Crich Mogha.

“Críoch Mhogha

“The territory of Mogh,

Mairg gu ricfa

— mairg duit má shroicheann tú í.”

misfortune on your reaching it.”

ruad a cuil glas a beoil. bruchtfaidh badhbh brisc Be Neit. nert a neas. clodh for Conn. Conn fo chain. nach fo crich”. Crich.

Back to top

 

Section 16

“Cidh ro foillsiged duit, a Chithaigh?”
ar Cormac.

“Cad a foilsíodh duitse, a Cheathaigh?” arsa Cormac.

“What was revealed to you, O Ceathach?” asked Cormac.

— “Inní ro faillsiged dhamh” ar Cithach “forfinnfa-sa, .i.

“An ní a foilsíodh dom inseoidh mé duit é,” arsa Ceathach.

“I will tell you about it,” said Ceathach.

 

 

 

“Scel leam duit, a meic Airt.

“Scéal agam duit, a mhic Airt ….

 

gabe oirbert bud beg bailc. ratbia ach. giabe ar crich. oniu amach. cu ti brath. munbhat gaeth. ni bat gnath. ni bha atri. adclo cach. bia gin ni. sgan chuid ngairt.

mairg tic ort, a meic Airt.

Is mairg duit

“… misfortune will descend on you,

truadh in sen.

agus is trua an séan”

O Son of Art, evil the omens ….”

Maine mín. mortais scel”. Scel.

 

 

Back to top

 

Section 17

“Cid ra foillsiged duit, a Cith Mhoir?” ar Cormac

“Cad a foilsíodh duitse, a Chith Mhór?” arsa Cormac.

“What was revealed to you, O Cith Mhór?” asked Cormac.

— “Ro cluinfi-sa he”, ar Cith Mhor .i.

“Cloisfidh tú é,” arsa Cith Mór,

“You will hear of it,” said Cith Mhór.

 

 

 

“Cluinidh uaim, a clainn Chuinn.

“éist leis seo, a Chlann Chuinn …”

“Hear from me O descendant of Conn …”

gu mbia fuaim. bar creach cam. thuaidh fon tuind. tait fodhes. indre uirc. imrit olc. indlit airc. i crich Chuilt. coirgid lib. cuircer nglan. traethfait trogh. faenfait fer. maelfait magh. mairg dab din, Lurga lom. Colpta cael. or mis ta nach focul fir. acht seol soebh. a clann Chuinn. a Cormaic cain. costaidh cluin. cluinidh uaim”.

Back to top

 

Section 18

Tuc-san fuath dona draithibh ar a tarmiusc uime ocus ro raidh:

Thug Cormac fuath do na draoithe ansin toisc gur ghabh siad ina choinne agus dúirt:

Cormac hated the druids on account of their opposition to him and he said:

“Ni sibsi nertfas orum-sa an turus-sa do dhula.

“Níl aon spreagadh le fáil agam uaibhse tabhairt faoin turas seo

“I am getting no encouragement from you to undertake this expedition

Acht cena dia faghbuinn-si bar n-eiliughadh-si

ach má thiteann sé amach go bhfuil dul amú oraibh

but in the event of your being proved wrong,

nonindecfainn oraibh”

ní imreofar díoltas oraibh.”

I won’t hold it against you.”

— “Nu chan uaruis ocus nu con fhuighbhea”, ar siat.

“Ní rabhamar mícheart go dtí seo agus ní bheimid mícheart anois,” a dúirt siad.

“You have never found us wrong and you never will,” they replied.

Conid he ni ar-a tarla a menma-seom beith oc iarraidh a n-eilighti fo Eirinn

Dáiríre fíre, bhí Cormac ag iarraidh fianaise ar fud Éireann chun locht a chur orthu

Cormac was making enquiries  throughout Ireland seeking evidence of their incompetence

ocus ni fhuair.

ach ní raibh faic le fáil ina gcoinne.

but no evidence was forthcoming.

Back to top

 

Section 19

Conas tarla la n-ann do sheilg

Tharla lá amháin go raibh Cormac amuigh ag fiach

It happened one day that Cormac was out hunting

ocus foram mil maige o Shidh
Cleitig sour tuaid.

agus d’éirigh giorria as a phluais ón taobh thoir thuaidh de Shí Chleitigh.

and a hare started up from the north-east of Sí Chleitigh.

Is annsidhe ro gluaisit a coin-siumh in fiagh-sin

B’ansiúd a thosaigh na cúnna ar lorg an ghiorria

It was here that his hounds began to chase the hare

ocus dorala a muinnter-som uile a ndiaigh na con

agus lean a mhuintir uile na cúnna

and all Cormac’s companions followed on behind *the hounds*,

ocus ro facbad-som a aenur ansin,

agus fágadh Cormac ina aonar *ansin*.

leaving Cormac alone *there*.

cor fas ceo mor fair

D’fhás ceo mór

A dense fog descended

ocus co tainic toirrthim codalta fair isin tulaigh.

agus tháinig toirchim chodlata air ar an tulach.

and sleep overcame him at the fairy hill.

Ocus ba he doirchecht bui isin ciaich-sin

Bhí an ceo dorcha chomh tiubh sin

So thick was the dark fog

cur bo doigh leo-som ba aghaidh

gur cheap sé gurbh í an oíche a bhí ann

that he thought night had fallen

ocus gia no canta ceoil ocus cuislinna do-som,

agus dá seinntí ceol an bpíob *dósan*

and if the music of the pipes had been played to him

ni ferr do choideladh inas amail ro chodail

ní chodlódh sé níos sáimhe ná mar a chodail sé

he would have slept no sounder than he did,

fria fogurcheol na gcon imon cnoc im-a  cuairt.

agus glór na gcon ar na cnoic mórthimpeall air ina chluasa.

lulled as he was by the baying of the hounds in the surrounding hills.

Conad annsin atcuala in guth uasa

B’ansin a chuala sé guth os a chionn

It was then that he heard a voice above him

ocus is eadh ro raidh sidhe .i.

á rá:

and this is what it said:

 

 

 

“Ardotrae, a Chormaic, caeim codultaig Cleitigh.

“Éirigh, a Chormaic chaoimh chodlataigh Chleitigh …..”

“Arise, O Cormac, gentle sleeper of Cleitheach.”

Cid ni fuil fort’naimhdiu. buan t’ainm os Eirinn. Eirig sunn soei toei frium ocus rom call. Cia cad on duisigh deogha suain saigsius suidsium dinn dorcha dechet concudus. cia cat abhai-siu a ben. Barrfhinn Blaith Bairche be chaemh do chomhaeise cuigi nodcudnad cuairt coimgi, a Cormaic. cuir dhid do shuan. ardotraei, a Chormaic”.

Back to top

 

Section 20

Adracht Cormac iarsin ocus ro chuir a mertin de

D’éirigh Cormac iarsin agus chuir a mheirtne de

Cormac rose up then and his tiredness vanished

co n-acca da laim deis oca ingen lucair laimgheal

agus chonaic sé ar a láimh dheas cailín luacháireach láimhgheal.

as he saw at his right hand a radiant white-armed woman.

ba caeime do mhnaibh betha

Ba chaoimhe í ná mná an domhain

Of all the women of the world she was the most fair.

ocus faiteran firaluinn uimpe ocus lene orshnaith fria cnes

agus gúna fíorálainn uirthi agus léine óir shnátha lena cneas.

She wore a beautiful tunic and next to her skin a dress of golden thread.

ocus do chuir-si failti re Cormac.

Chuir sí fáilte roimh Chormac.

She proceeded to make Cormac welcome.

— “Cia cuires m’ fhailti?” ar Cormac.

“Cé hí a chuireann fáilte romham?” arsa Cormac.

“Who is it that welcomes me?” asked Cormac.

— “Bairrfhinn Blaith Bairche,

“Is mise,” ar sí, “Báirinn Bhláith Bhairche,

“I am Báirinn Bhláith Bhairche,

.i. ingen righ Sidha Buirche a crich Laigean

iníon rí Shí Bhairche i gCríoch Laighean.

daughter of the King of Sí Bhairche in the province of Leinster.

ocus tucus-sa gradh dait-si, ocus nuchan uarus h’agallamh cus anosa.”

Thug mé grá duitse cé nár bhfuair mé caoi labhairt leat go dtí anois.”

I have fallen in love with you, but until this moment I had no opportunity of speaking to you.”

— “Rabhása eimh am’codladh,” ar se,

“Dáiríre, bhí me i mo chodladh,” arsa Cormac,

“Actually, I was asleep,” said Cormac,

“ra fogurcheol na con intan rom duiscis.”

“chuir ceol na gcon chun suain mé go dtí gur dhúisigh tú mé.”

“until you woke me up. The baying of the hounds made me doze off.”

— “Mo cubus amh,” ar an ingen,

“Dar mo bhriathar, *go deimhin,*” arsan cailín,

“Upon my word, *indeed,*” said the girl,

“is olc in t-ord fir do leithédi-si sealg mil maige do denam,

“is olc an mhaise do d’leithéidse seilg ghiorria a dhéanamh.

“it is not becoming for a man of your standing to be hunting hares at all.

ar nir fhurail duit sealg mhuice no aighi amal dognitis airdrigh romud,

Ba cheart duit a bheith ag seilg muice fiáine nó fia faoi mar a dhéanadh ard-ríthe romhat.

You should be hunting wild boar, or deer, as high kings before you have been wont to do.

or is d’aes ocbaid is du sin;

Níl an rud seo oiriúnach ach don aos óg

Hare hunting is only for youths

is é cradh crotha ocus dealbha doghni dhoibh

agus is crá crutha dóibh é. Milleann sé a gcruth is a ndealramh

*and it destroys their appearance*

ocus iss eadh in serg samh he.

agus is é an searg sámh é.

and it saps their energy.”

Back to top

 

Section 21

Is ann atbert an ingen: “tar lim-sa, a Chormaic, isin sith-sa innonn Cleitich

“Tar liomsa isteach i Sí Chleitigh, a Chormaic,” arsan cailín ansin.

And then the girl said: “Come with me, O Cormac inside the (fairy palace) of Cleitheach

in baile i ta mo aide .i. Ulcan mac Blair ocus mo muime .i. Maol Mhiscadach,

“Is ann atá Ulcán mac Bláir, m’oide agus Maol Mhisceadach mo mhuime ina gcónaí

where my tutor Ulcán mac Bláir lives and my nurse Maol Mhisceadach,

cu ro fhaier-sa lat in-a bhfhiadhnuisi er laimh ocus ar leabaidh.”

chun go bhfaighe mé thú mar fhear agus mar chéile leapan *ina bhfianaise*.”

so that I may obtain you as my husband and companion of my bed with their blessing.”

— “Nucha ragh-sa eim,” ar se, “no gu tuctar a logh dhamh”.

“Ní rachaidh mé leat, *áfach,*” arsa Cormac, “go dtí go dtugtar logha dom.”

“I will not go, *however,*” said Cormac, “unless I receive a reward.”

— “A Chormaic,” ar si “ro fheatar-sa in ni iarai ocus na bhfhuil fot menmain,

“A Chormaic,” ar sise, “tá a fhios agam cad tá le rá agat agus cad tá i d’aigne.

“O Cormac,” said she, “I know what you are about to ask and I know what is on your mind.

.i. sochraiti shloigh d’iaradh

Tá tú chun cabhair a iarraidh chun tú a thionlacan ar do thuras.

You are going to ask for reinforcements to accompany you on your expedition.

ocus dober-sa dhuit int sochraiti druadh as ferr fuair ri romad

Tabharfaidh mise buíon draoithe duit a bheidh níos fearr ná iadsan de do shinsear

I will give you a company of druids surpassing those of any of your predecessors

ocus da ná coemsait ectrainn ni

agus ní bheidh aon eachtrannach in ann iad a sharú.

and whom no stranger can resist.

.i. tri h-ingena Maeil Miscaidhe,

Is ionann iad agus trí hiníonacha Mhaol Mhisceadaigh

These are the three daughters of Maol Mhisceadach

.i. Errgi ocus Eang ocus Eangain.

— Eirge, Eang agus Eangain.

— Eirge, Eang and Eangain.

Ocus tiagat sidhe i ndeilb tri caerach lachtna

Beidh siadsan i riocht trí chaora lachtna

And they will assume the form of three brown sheep

co ceannuibh cnama ocus gun-gobaib [leg. gu ngobaib] iarainn

le cinn chnámha agus goba iarainn orthu.

with heads of bone and beaks of iron:

ocus cet a comlunn.

Is inchurtha iad le céad óglach.

they are equal in prowess to a hundred warriors.

Ocus ni tic nach dhibh i mbethad uaidhibh

Ní féidir le haon duine éalú uathu *ina bheatha*

No one can escape from them alive

ar is amlaid itat co luas ainnle [= fainnle] ocus gu n-athlaimhe iarainne

mar tá luas na fáinleoige acu agus tá siad chomh lúsáilte le heasóg.

for they have the speed of the swallow and the agility of the weasel,

ocus claidim ocus tuatha in domain do ghabail doib

Dá mbeadh claimhte agus tuanna an domhain ina gcoinne

and if the swords and axes of the world were to be directed against them

ni dipaigfea ar lou nach ar finda dhoibh.

ní scarfaí alt ná ribe díobh.

not a hair or joint of theirs would be severed.

Ocus dano atat dá fherdrai ann

Chomh maith leo siúd tá beirt dhraoi fir againn

As well as these, we have two male druids

ocus raguit duit-si beos

agus rachaidh siadsan in éineacht leat freisin,

who will accompany you also.

.i. Colptha ocus Lurga, dá mac Cichuil Coinblichtaigh

eadhon, Colpa agus Lorga dhá mhac Chíochúil Choinbhlictigh.

These are Colpa and Lorga, the two sons of Cíochúil Choinbhleachtach.

ocus lucht in cuicidh uili cusa ricfat muirbhfit-seom uili iat i bhfhir aeinfhir

Maróidh siad i gcomhrach aonair gach óglach a thabharfaidh aghaidh orthu as gach cúige,

They will kill in single combat all the warriors of which ever province they enter,

munus imgabut,

nó, ar a laghad, iadsan nach dteitheann rompu,

at least all those who do not flee before them

ar is amlaidh itat cu nach gebet renna na foebra.

mar ní ghoinfidh sleá ná claíomh iad.

for they are such that no one can injure them with spear or sword-thrust.

Ocus cian gar beit ar aen friut

Chomh fada agus a bheidh siadsan i do chuideachta,

And as long as they are with you

na dena comairle neich aili acht a comairle.

ná glac comhairle ó aon duine eile ach uathusan amháin.”

accept nobody’s advice but theirs.”

Back to top

 

Section 22

Ba failid la Cormac inni-sin,

Bhí áthas ar Chormac nuair a chuala sé é sin

Cormac was elated at hearing this

ocus do chuir a bron de

ocus tháinig deireadh lena bhuairt.

and his sadness left him.

ocus tainic lasin rigin isin sid in agaidh-sin

Lean sé an ríon isteach sa sí *an oíche sin*

He followed the fairy queen into the *that night*

ocus ro fhai ar laimh ocus ar leabaid le

agus chodail siad araon in aon leaba

and slept with her in one bed

ocus do bui insin gu ceann tria la ocus tria aidhche

agus d’fhan ann ar feadh trí lá agus trí oíche.

and he remained there for three days and three nights,

ocus tucadh in tsocraidi sin do

Fuair sé an chuideachta a gealladh

and he was given the promised reinforcements.

ocus tainic roime có Temhraigh

agus d’fhill ar Theamhair na Rí.

He then returned to Tara.

ocus ni tuc da oidh a draithi fein

Ón tráth seo amach níor bhac sé lena dhraoithe féin

From this on he paid no further attention to his own druids,

ocus ni dhenad a comairli

ná níor ghlac sé lena gcomhairle

nor did he take their advice

acht adhradh don luct ut ocus a comairli do dhenumh.

ach thug omós don lucht eile agus rinne rud orthu.

but paid honour to the strangers and accepted their counsel.

Docuas uadha-sum iarum ar cenn a muindteri ocus do roachtatar chuigi

Thionóil Cormac a mhuintir ansin *agus bhailíodar uime*

Cormac then summoned a meeting of his people *and they gathered around him*

ocus do innis doibh in tsochrute fuair

agus d’inis a scéal dóibh *faoin gcabhair a fuair sé*.

and when he informed them of the help he had received

ocus bat failid uili de sin.

Bí áthas orthu *go léir* mar gheall ar an gcasadh na taoide seo.

all were overjoyed *by this*.

Back to top

 

Section 23

Ro coimheirigh Cormac roime imach iarsin

Chuir Cormac agus a shlua chun bóthair iarsin

After this, Cormac set out on his march

ocus tainic in agaidh sin cu Comar na Cuan

agus san oíche chéanna sin tháinig siad chomh fada le Comar na gCuan

and arrived that night at Cumar na gCuan,

risin abar Comar Cluana hlraird aniu

ar a dtugtar Cumar Cluana hIoraird inniu.

the place that is known today as Comar Cluana hIoraird.

ocus gnisit ann-sin botha ocus belscala

Rinne siad *ansin* bothanna agus foscaí

The army *then* set up huts and shelters

ocus ron suidhighidhedh longphort fon innus-sin acu.

agus longfort san áit seo.

and established headquarters on this spot.

Ra coimheirigh tra Cith Ruadh asin longport siardhes

D’éirigh Cith Rua ansin as an longfort agus ghabh siar ó dheas

*Then* Cith Rua rose up out of the camp and proceeded to the south-west

cu rainic or in tsrotha.

go dtí gur shroich sé bruach an tsrutha.

until he reached the stream.

Con faca araile laech forusda finnliath don leith aili don tsrut,

Chonaic sé ansiúd ar an taobh eile den sruth laoch ard foltliath.

Here he saw a grey-haired warrior of imposing stature, on the other side.

.i. Fis mac Aithfis mac Fíreoluis [leg. meic Fíreoluis] a crich Laigean

Fios mac Athfhis mhic Fhíoreolais ó chríocha Laighean a bhí ann

This was Fios mac Athfhis mhic Fhíoreolais from the territory of Leinster

primdrai na criche

agus b’shin é príomhdhraoi na dúiche sin.

and he was chief druid of this region.

ocus bai cach dibh og acalluim a chele

Thosaigh an bheirt ag caint lena chéile

They began to converse with each other

ocus ro fhiaraigh Fis do Cith Ruadh c’ait i mbui Cormac cona sloguibh.

agus d’fhiafraigh Fios de Chith Rua cá raibh longfort Chormaic suite.

and Fios asked Cith Rua where Cormac and his troops were encamped.

Do frecair Cith Ruadh ocus doronsat in laidh etorra.

D’fhreagair Cith Rua é agus rinne siad an laoi seo eatarthu:

Cith Rua answered him and between them they made up this lay:

Back to top

 

Section 24

[C].

Cith Rua:

Cith Rua:

“A Comur na Cuan anocht·

“I gCumar na gCuan anocht,

“At Cumar na gCuan

ata in sluagh a n-a longport.

tá an slua ina longfort

the army is encamped tonight

Ar na ngreassadh tar linn lé·

ar chomhairle

at the instigation of the children

do clainn Mhaeili Miscaidhche”,

clainne Mhaol Mhisceadaigh.”

of Maol Mhisceadach.”

 

 

 

[F].

Fios:

Fios:

“Abair frium, a Chithruaidh chain·

 “Abair liom, a Chith Rua dhil, cad

“Tell me, O gentle Cith Rua, why has

cid tic Cormac a Temraigh?

chuige gur fhág Cormac Teamhair na

Cormac left Tara? Until tonight he was

Airdri na fath cus anocht·

Rí? Go dtí anocht ard-rí agus fáidh ba

a high king renowned as a sage — it is

nir ghnath a beith a longport”.

ea é — ní gnách leis a bheith i longfort.”

not a normal thing for him to be in a military camp.”

 

 

 

[C].

Cith Rua:

Cith Rua:

“D’iaraidh chumail Airt meic Cuinn·

“Ag iarraidh éirice Airt mhic Choinn

“He has come to demand recompense

ar ua nOilella Oluim.

atá sé ó Oileall Óloim.

for the killing of Art mac Coinn from

Is cana cuicidh gan brath·

Chomh maith leis sin, tá an cháin chúige

the descendant of Oileall Ólom. As well as this, he wants the legitimate

nar chuinnigh Conn Cetchathach”.

nár bhailigh Conn Céadchathach ag teastáil uaidh.”

provincial tax which Conn Céadchathach never actually collected.”

 

 

 

[F].

Fios:

Fios:

“Doberat Cormac gin cain·

(“Beidh Cormac gan cháin;

(“Cormac will receive no tribute.

clann Cichail; rus bia comghair

tá clú ar Chlann Chíochúil.

The children of Cíochúil

Millfit macdhacta gu clé·

Millfidh siad óglaigh

will be acclaimed; they will

na sillitiu siabhairthe”.

le neart siabhránachta” ?)

destroy the youthful warriors.”)

 

 

 

[C].

Cith Rua:

Cith Rua:

“In a [leg. Ina] tacra budh fa sruth fis·

(“Is sruth feasa do chuid cainte,

(“In your speech is a stream of

a mic Aithfhis mic eoluis

a Athfhios mhic Eolais.

knowledge, O Athfhis mac Eolais.

Beit co mis dergfait tonna·

Ar feadh míosa beidh tonnta dearga

For a month the waves

os laechrad lerg liatroma [leg. Liatroma]”

os cionn na laochra ar learg liathdhroma” ?)

will be red over the warriors” ?)

 

 

 

[F].

Fios:

Fios:

“Mairg theit a Mumain na marc·

(“Mairg don té a théann isteach i

(“Woe to him who enters Munster of

a meic fhir Crodha Caecat.

Mumhain na n-each, a fhíor-mhic Chró

the horses, O True Son of Cró

Bidh treadh linn in chonghair cain·

Caogad.”)

Caogad.”)

bias duibh tre comdhail comainm”

 

 

 

 

 

[C.]

Cith Rua:

Cith Rua:

“Ni ba damh-sa nach ba holc·

“Ní tharlóidh aon olc domsa

“Nothing evil will happen to me for a

mis is raithi is bliagain o anocht.

go ceann mí is ráithe is bliain ó anocht;

month and a quarter and a year from

O bhias sai na suadh amne·

go dtí go mbeidh saoi na suadh

tonight, until the sage of sages, Mogh

Mogh Ruith ria ngasrad Claire”.

— Mogh Roith — tagtha chuig gasra Chláire.”

Roith arrives before the youthful troops of Cláire.”

 

 

 

[F].

Fios:

Fios:

“As mairg ara tibri a treas·

(“Mairg don té a ionsaíonn

(“Woe to him who attacks

Donn Dairine deallbh dileas

Donn Dáirine na dea-dheilbhe

Donn Dáirine of the noble looks

ocus Failbhe fer eichrinn·

agus Faíbhe cróga

and Faílbhe the man of valour

re techt a n-iath n-ecomlainn”.

i bpairc an Áir.”)

when they enter the battlefield.”)

 

 

 

[C].

Cith Rua:

Cith Rua:

“Ni ba ferr nal [leg. dáil] Mogha Corb·

“Ní go maith a thiocfaidh siad as, na

“No better will fare those who oppose

na Fiachach in la bus lorg.

daoine a ionsaíonn Mogh Corb nó

Mogh Corb or Fiacha in the day of

Bud gnimh uaile don dis dil·

Fiacha. Gníomhartha uaille a

pursuit. Great exploits will these two

budh leo cís Cuaine Comair”.

dhéanfaidh an dís sin. Is leo a bheidh cíos Chuan Comair.”

perform, the tribute of Cuan Comar will be theirs.”

A comar.

 

 

Back to top

 

Section 25

O thairnic dona draithibh a n-imacallaim,

Chuir na draoithe críoch lena gcuid cainte

The druids concluded their conversation

ocus rop olc a bhfaitsine don tsluagh,

agus dáiríre fire ba olc an fháistine í don slua.

and indeed it boded evil for Cormac’s people.

atcualatar graigbertaigh ocus tarbhchoin turusa ocus gille echraide

Tharla gur chuala seirbhísigh agus giollaí eachra agallamh na ndraoithe

The servants and horse-boys had, however, overheard the conversation

ocus ro aisneset do Chormac, ocus asbert Cormac:

agus d’inis siad an scéal do Chormac.

and had reported it to Cormac.

“Imthigidh,” ar se, “ocus marbhthar in dara drai libh

“Imígí,” arsa Cormac, “agus maraigh an dara draoi

“Go,” said Cormac, “and kill one of the druids

ocus bualtar araile cu ná rabh acht innarsan dia anmain and.”

agus greasáil an duine eile go dtí nach mbeidh ach an dé ann.”

and beat up the other to within an inch of his life.”

Ro faillsiged dona draithibh inni-sin

Foilsíodh é seo do na draoithe

This was revealed to the druids

ocus imscail cach dibh o araili.

agus scar siad ó na chéile.

and they separated one from another.

Imsoi Cith Ruadh isin longpurt ar cula fo ecasc nduaithnidh

D’fhill Cith Rua ar an longfort agus bréagriocht air

Cith Rua returned to the camp in a disguised form

ar daigh na tardta aithne fair;

i dtreo, nach n-aithneofaí é.

so that he would not be recognised.

imsoi iarum in drai aili roime fodhes

Thaistil an draoi eile ó dheas *, áfach,*

The other druid proceeded southwards *, however,*

ocus impaidh a agaidh fo tri ar na sloghuibh

agus d’iompaigh a ghnuís ar an slua faoi thrí.

and three times he directed his face to the army.

ocus cuiridh anal druidechta fuithibh tre dian draidhechta

Lena chumhacht draíochta shéid sé anáil siabhráin ina dtreo

Through his occult power, he turned on them a magic breath

cu ro láastar in sluagh uili fó énecasc ocus encruth ris-sium fein

agus de phreab tháinig riocht an draoi féin ar gach duine díobh.

and as a result every man in the crowd took on the appearance of the druid himself.

.i. ite forusta findliatha uili amail bai-sium.

Deineadh fear foltliath ard — cosúil leis an draoi féin — de gach fear a bhí ann.

Each man became a grey-haired imposing figure such as the druid himself was.

Ocus o ticedh cach dibh dar in sruth a ndegaid in druadh

Bhí siad i ndiaidh dul trasna an tsrutha ar lorg an draoi um an dtaca seo,

They had crossed the stream in pursuit of the druid

gabdais for imescargain [leg. imesargain] a cheli

ach ansin, chas siad ar a chéile agus thosaigh an choscairt.

and now they turned on each other and the massacre began.

ic malairt mong ocus ic cirtlam ocus ic atlugadh tuaithbil

Bhí tarraingt gruaige ar siúl, coimheascar géibheannach,

There was pulling out of hair, struggling, giving blow for blow

ocus do gabudh cach dibh na mealldurna mogaide dar tulphairt aighthi araili,

gach buille fíochmhar ag freagairt do gach buille fíochmhar eile ar ghnúis agus ar bhrollach

and each one delivering mighty savage strokes on the breast and face of the other

ar ba doigh la gach fear dibh ba he in drai in te [leg. inte] itceth.

toisc gur chreid gach duine gurbh é an draoi féin a bhí á ionsaí aige.

for each one believed that it was the druid himself that he was attacking.

Back to top

 

Section 26

O ro rathaig in sluagh inni-sin,

Faoi dheireadh thug an slua faoi deara an rud a bhí ar siúl

When at last the army perceived this,

rop ingnath leo in imthuarcain bai etarra

agus b’ ionadh leo an raic go léir a tharla eatarthu.

they wondered at the fracas that had taken place among them.

ocus ro raidset: “Ata slogh comuigheach oc cathugud frinn

“Tá dream éigin eachtrannach ag troid inár gcoinne,” a dúirt siad,

“An alien throng is fighting against us,” they said,

no ra hímreadh diandraidhechta orruind.”

“nó tá siabhrán dian á chur orainn.”

“or some powerful magic has been used.”

Imsoe uadhaibh in drai iarum iar facbail in tsloigh fon n-innus-sin.

Agus an siabhrán seo orthu, d’imigh an draoi uatha *ansin* ar a bhealach féin.

The druid turned aside from them then, leaving the army in this state of confusion.

Ro faillsiged immorro do Chormac

Cuireadh in iúl do Chormac *, áfach,*

It was made known to Cormac, however,

gur bo diandraidhechta ro himreadh forro

gur cuireadh an slua faoi dhraíocht thréan

that they had been the victims of powerful magic

ocus asbert a muintir do thabairt cuigi isin longpurt ar cul

agus d’ordaigh dóibh teacht ina láthair go rúnda.

and he ordered his prople to be brought to him privately in the camp

ocus dorat tromachmhusan dona draithibh frisi tart taebh .i. Colptha et reliqua.

Rinne sé gearán géar faoina dhraoithe. ’Sé sin le rá Colpa agus a chomhghuaillithe mar bhí muinín aige astu.

where he made a savage complaint against the druids in whom he had placed his trust, that is Colpa and his companions.

Ocus atbertsat sidhe nar bat cintuigh

Dúirt siadsan, áfach, nárbh iad féin a bhí ciontach

They said, however, that it was not their fault,

uair nach riu ro comairleiced na sloig do chur immach.

toisc nárbh iad a chomharlaigh an slua imeacht ar an eachtra seo.

as it was not they who had given the order to attack.

Ar ai sin ro eirghetar

Iarsin, d’éirigh na draoithe

After this, they rose up

ocus tucsat anal druadh fon sluagh

agus thug anáil draíochta faoin slua.

and directed a magic breath at the army

ocus ro imriset dian draidhechta forro

D’imir í seo diansiabhrán orthu

and worked intense magic.

ocus ro soidhedh in sluagh in a n-ecusg féin iarum.

agus d’aistríodh gach duine den slua ar ais go dtí an riocht féin *iarsin*.

As a result of this, each one recovered his own form.

Back to top

 

Section 27

Batar in slúag annsin co dubac drochmenmach

Iar sin, bhí an slua do dubhach drochmheanmnach,

After this, the company was depressed and in low spirits.

moircnedach fo coir leighis ocus othrusa

mórchneách agus cor leighis ag teastáil uathu,

The men were covered with wounds requiring medical treatment *and sick-maintenance*,

gin gu raibhi dianbas no marbh daine eturra.

cé nár maraíodh aon duine díobh sa raic.

but there were no *sudden deaths or* fatal casualties among them.

Tancatar rompu arnamarach siar

Lá arna mhárach ar aghaidh leo arís siar

Next day, they set out westwards

i mBec Magh ocus i Coill medoin ocus tar iarthar deiscirt Midhe

go Beagmhá agus go Coill Mheáin agus thar iardheisceart na Mí

to Beagmhá and Coill Mheáin and over the south-west of Mí

co rancatar cu h-Ath in tsloig, risin abar Ath na n-irlann aniu.

go dtí gur shroich siad Áth an tSlua, eadhon Áth na nIarlann inniu.

until they reached Áth an tSlua which today is known as Áth na nIarlann.

Doghniset botha ocus belscala annsin, ocus ro saidhset a pupla.

Rinne siad bothanna agus foscaí *ansin* agus chuir suas a bpubaill.

Here they set up huts and shelters and erected their tents.

Ocus gabsat a luch [leg. luch[t]] fesa ocus eoluis for fegad nel firmaminnti uaisdibh.

Agus ghabh a lucht feasa agus eolais ag féachaint ar néalta na firmiminte os a gcionn.

Their seers set about examining the clouds in the firmament above them.

Dochuaidh dano Crota dar in ath siar sechtair

Chuaigh Crotha *, áfach,* siar thar an áth

Crotha, however, crossed over the ford to the west

con faca cuigi drui na criche ba coimhnesa dho.

agus chonaic chuige draoi na críche ba chóngaraí dó.

and there he saw coming towards him the druid of the neighbouring territory.

Fer Fátha a comhainm sidhe.

Fear Fátha b’ ainm dó siúd.

Fear Fátha was his name.

Ro fhiarfuigh sidhe do Crota cia doroine in muirnd ocus in tsesilbh, fria h-ath atuaidh

D’fhiafraigh sé de Chrotha an chúis a bhí leis an ngleo agus an raic ag an áth aduaidh.

He enquired of Crotha the cause of the tumult and disturbance to the north of the ford

ocus dorindi in laidh ocus do freacair Crota.

Rinne sé laoi agus d’fhreagair Crotha é:

and he recited a lay to which Crotha replied:

Back to top

 

Section 28

[F.F.].

Fear Fátha:

Fear Fátha:

“Ga muirnd sut ra h-ath atuaidh·

“Maidir leis an raic seo

“As regards that disturbance to the

sloinn, a Crota, masat uain

ag an áth aduaidh, a Chrotha,

north, at the ford, O Crotha tell us, if

Innis duin-ne gin gnímh ngrod·

má tá an t-am agat agus más toil leat é,

you have the time, and without turning

cia le ndentar in longport?”

inis dúinn cé atá sa longfort?”

it into a disagreeable task — tell us who has set up camp there?”

 

 

 

[Cr.]

Crotha:

Crotha:

“Mar ra Cormac ad gnatha·

“Is é Cormac atá ann,

“It is Cormac who is there,

a fil sunn, a fhir Fhatha

a Fhir Fhátha.

O Fear Fátha:

Is lais dognither anocht·

Is eisean agus a shluaite

it is he and his troops

guna shluaghuibh in longport”.

a rinne an longfort.”

who have set up camp there.”

 

 

 

[F. F.]

Fear Fátha:

Fear Fátha:

“Cidh dia tancatar na sloigh?·

“Cad chuige teacht na sluaite?

“Why have the troops come?

sloinn, a Crota, masa choir

inis dom é sin , a Chrotha, más cóir;

Tell me this, O Crotha,

Ga crich a tiaghat gen chair·

cá bhfuil siad ag dul

if you consider it right.

is ga toisc gatat iaroidh?”

agus cén fáth?”

Where are they going and why?”

 

 

 

[Cr.]

Crotha:

Crotha:

“Clann Cichuil dosfuc atuaidh·

“Thug Clann Chíochúil ón tuaisceart

“The family of Cíochúil have brought

ocus mac meabluch Midhuaith

iad, chomh maith le mac meabhlach

them from the North as well as the

D’iaraidh cumail Airt meic Cuind;

Mhídhua, chun éiric bhás Airt mhic

deceitful son of Mídhua to get

ar ua nOililla Ouluimm”

Choinn a fháil ó ua Oilealla Óloim.”

compensation for the killing of Art mac Coinn from the grandson of Oileall Ólom.”

 

 

 

[F.F.].

Fear Fátha:

Fear Fátha:

“Is mairg teit ra h-imad sloigh·

“Is mairg don té a théann le hiomad

“Woe to him who travels with an

d’iaraidh cumul minab coir

slua ag iarraidh éirice go héagórach

overlarge company to claim

Cu ro iarad Fiacha fair·

nó go n-iarrfaidh Fiacha

compensation that may not be justified

cumul Eogain a athair”.

éiric bhás Eoghain, a athair féin”

until Fiacha claims compensation from Cormac for the death of his father.”

 

 

 

[Cr.]

Crotha:

Crotha:

“Da cló slúagh Muighi Ratha·

“Má chloiseann sluaite Mhá Rátha thú,

“If the army of Má Rátha hears you,

in a tacra, a Fhir Fhatha.

a Fhir Fhátha,

O Fear Fátha,

Nít ain sluagh Múman na mbenn·

ní shábhálfaidh slua Mhumhan na

the army of hilly Munster

conat ria beim it’ leithcenn”

mBeann tú ó chlabht sa leiceann.”

will not save you from a blow.”

 

 

 

[F.F.]

Fear Fátha:

Fear Fátha:

“Gidh iat-san no beith a lín·

“Agus a líon a bheith go mór, fiú

“Great their numbers,

ni mo do berdais a snímh

ní laghdóidh sé sin ar an gcreach. Beidh

no less their destruction.

Immar atat budh gnim nduird·

gníomhartha fraochmhara ar siúl.

Violent action;

mairg theit chucu tria comurn”.

Mairg don té a théann ina gcoinne ….”

Woe to him who approaches them ….”

Back to top

 

Section 29

A h-aithle na himacallmha-sin dona draithibh

Tháinig agallamh na ndraoithe chun críche ansin

The druids’ conversation came to an end

atcualatar gille thurusa ocus graigbertaigh ocus daescarsluagh gnena [leg. gne na] h-imarbhadha a n-imagallaim na ndruadh

agus bhí giollaí eachra agus daoscarshlua i ndiaidh a gcuid cainte a chloisteáil.

but the horse attendants and the menials had overheard them

ocus dochuatar tar in sruth a ndegaidh in druadh ba h-anaithintiu dhoibh

D’imigh siadsan trasna an tsrutha ar thóir an draoi anaithnid

and they crossed over the stream in pursuit of the druid who was unknown to them

ocus rucsat leo run bais ocus oigedha dho.

agsu rún daingean acu é a chur chun báis agus oidhe.

and they fully intended to put him to death.

O ro rathaigh in drai sin ro impo for in sruth

Agus a fhios sin a bheith ag an draoi, d’iompaigh sé thart *don sruth*

When the druid became aware of this he turned to the stream

ocus tuc tri builli don fhleisc draidhechta do bui n-a laim don tsruth

agsu thug trí bhuille den fhleasc dhraíocha a bhí ina láimh aige don sruth

and gave it three blows of the magic wand which he held in his hand

gur eirigh ocus gur fhorbair frisin sluagh.

agus lom láithreach d’éirigh sé ina thuile os comhair an tslua.

so that it rose up in a deluge in front of the crowd.

Ocus is amhlaidh ro bhai in slogh,

*Agus is mar seo a bhí an slua.*

*And the crowd was like this.*

ocus drong mhor dhibh ar ndul dar in sruth siar i ndeghuidh in druadh

Bhí dream mór daoine ar an taobh thiar den sruth *ar thóir an draoi*

A large number had already gone over to the western side of the stream *in pursuit of the druid*

ocus drong mor ele isin sruth

agus dream mór eile istigh sa sruth féin

while another large group was actually in the river

ocus ro gabhudh ic a bhfhoirach sidhe o ro fhorbair in sruth

*agus níorbh féidir leo dul ar aghaidh leis an tuile sa sruth*.

*and the deluge in the river stopped their advance*.

ocus imsoei in slogh aniar ocus anair

Bhí an slua ag iompú aniar agus anoir

The others pushed back and forth

dia furtacht

ag iarraidh iad siúd a bhí san uisce a thabhairt slán.

in an effort to rescue them.

ocus dochuaidh in drai as fai-sin.

Leis sin, d’éalaigh an draoi ar shiúl uathu.

While all this was going on, the druid slipped away.

Batar immorro in slog co dubach drochmenmnach imon sruth on trath-sin cusin trath cetna arnamharach

Bhí an slua go dubhach drochmheanmnach mórthimpeall ar an sruth *, áfach,* ón tráth sin go dtí an tráth céanna lá arna mhárach.

From that time on until the same time next day, the crowd stayed around the stream in low spirits *, however*.

conid annsin rossoiset na druidh fria n-ealaduin druidhechta gur cuirseat in sruth n-a inat fein feibh ro bui roime.

Ansin, chuir na draoithe an sruth ar ais ina riocht ceart arís trína n-ealaín *draíochta*.

Then the druids resorted to their magic arts and replaced the stream in its original place.

Back to top

 

Section 30

Iarsin dano dochoidh Cormac cona shloghuibh dar in sruth

Iarsin, chuaigh Cormac agus a shluaite trasna an tsrutha

After this, Cormac and his army passed over the stream

ocus ro gabsat rompa dar Dubhchaill frisin apur Fidh dammaiche inniu,

agus ghabh rompu thar Dubhchoill, eadhon Fiodh Dhamhaiche inniu

and proceeded past Dubhchoill which is known as Fiodh Damhaiche today.

cur gabsat i Magh Leathaird frisin abar Magh Tuaiscirt

agus go Má Leathaird, ’sé sin le rá Má Thuaiscirt

From this on to Má Leathaird now called Má Tuaiscirt;

ocus i Crund-Mhagh frisin abar Magh Gabra inniu

agus go Cruinnmhá ar a nglaotar Má Ghabhra inniu

then on to Crunn-Mhá which is now known as Má Ghabhra;

ocus i Mag nUachtair frisin abar Magh Raidhne

agus go Má nUachtair, ’sé sin le rá Má Roighne.

then to Má nUachtair known now as Má Roighne.

ocus i bhfhorfhairsing na slighiudh fon n-innus-sin

San áit a d’éirigh an tslí níos fairsinge

Then, as the way opened up,

gur ghabsat is na bocaighibh Báinfhliucha frisin abar Sliab Eblinne

gabh siad isteach sna Bocaí Báinfhliucha, eadhon Sliabh Eibhlinne

they made their way into the Bocaí Báinfhliucha now called Sliabh Eibhlinne

cur gabsat ic Formaeil na
bhF-hian ra dubachuibh deridh lai.

agus shroich siad Formhaol na bhFiann le dúchan dheireadh lae.

and from thence to Formhaol na bhFiann which they reached at sundown at the end of the day.

Is annsin ro gab Cect for fegad aoir ocus fhirmaminnti uas na
sluaghuibh

B’ ansin a thosaigh Céacht ag féachaint ar an aer agus ar an bhfirmimint os cionn na sluaite

It was here that Céacht began to look at the sky and the firmament above the troops

ocus dodhechaid siar gu Duibh-Gleand risin abar Gleand Salach aniu.

agus d’imigh siar go Dubhghleann, ’sé sin le rá — Gleann Salach inniu.

and he proceeded westwards to Dubhghleann which is called Gleann Salach today.

Co nfeca cuigi araili laech forusta finnliath

Chonaic sé chuige laoch maorga foltliath eile.

There he saw coming towards him another grey-haired, distinguished-looking warrior.

dar bu comainm Art an drai

Draoi ba ea é siúd agus Art an t-ainm a bhí air.

This was the druid Art.

ocus ro gab cach dib oc imagallaimh ra a cheli ocus occ fiafraigid scel d’aroili

Thosaigh siad ag agallamh a chéile agus ag lorg scéala

They both began to converse *and each asked the other for news*.

ocus ro fhas as-sidhe cur bo ron [leg. roen] imurbhadha etorra

go dtí gur éirigh iomarbha eatarthu

A discussion developed between them

ocus doronsat in laidh:

agus rinne siad an laoi seo.

and they made a lay:

Back to top

 

Section 31

[A].

Art:

Art:

“Cidh dia tancubar, a Cect·

“Cad chuige go bhfuil tú ag teacht

“Why have you come, O Céacht

atuaidh a tir Mhuighi slecht? (?)

aduaidh, a Chéacht, ó thír Mhá Sléacht?

southwards from Má Sléacht?

Cidh ro gluais ind seiscuse [leg. seis cuse].

Cad chuige gur ghluais an dream tormánach seo

Why has this noisy throng

for leis co Crich Fhormaeile?”

chomh fada le Críoch Fhormáile?”

arrived here in Críoch Fhormáile?”

 

 

 

[C].

Céacht:

Céacht:

“Bodhith tainic gu Temhraigh.

“Bódhíth a tháinig go Teamhair.

“A cattle disease has broken out in

Farir, is mor rosmedhraich

Faraoir, is mór an dí-chéille a leanann í.

Tara. Alas, it has given rise to great

D’iarraidh bóin cech boin dibh soin·

Is ag iarraidh bó in áit gach bó

folly. Seeking a cow to replace every

isé ar turus o Temraigh”

a cailleadh atáimid ag teacht.”

cow that died is the purpose of our journey from Tara.”

 

 

 

[A].

Art:

Art:

“Gin gurub sinne ruc bar mbu.

“Cé nárbh é sinne a rug bhur mba,

“While it was not we who took your

A clanna Cuinn gu caemhchlu,

a Chlann Choinn go caomhchlú,

cows, O Family of Conn of noble fame,

Tarcamuir duibh boin cech lis·

d’ofrálamar bó ó gach lios

we did offer you a cow from every lios

a bhferunn Fhiachach fidhlis”.

i bhfearann Fhiacha Fidhlis daoibh.”

(farmstead) in the territory of Fiacha Fidhlis.”

 

 

 

[C].

Céacht:

Céacht:

“Is fearr linn ár cain cu brath·

“Is fearr linn ár gcáin go brách

“We prefer our continuous tax system

ocus cumhal n-ar curaidh

agus éiric ár gcuraidh (Art mac Coinn)

and compensation for our hero

Ina in sruaimh-sin, cia mad mó·

ná an deontas fial sin

(Art mac Coinn, Cormac’s father)

is a thabuirt ind aenló”.

ach é a thabhairt in aon lá.”

to a single donation.”

 

 

 

[A].

Art:

Art:

“Nucha beruit boin cu brath·

“Ní bhfaighidh siad bó go brách

“They will never get a cow from the

o feruibh Muman seoch cach

ó Fhir Mhumhan….”

Munstermen ….”

A cumhail na a cain gan acht.

 

 

dar bur laim-sin, madh mallacht”.

 

 

 

 

 

[C].

Céacht:

Céacht:

“Mad da cloisedh Cairbre in clair.

“Dá gcloisfeadh Cairbre an Chláir

“If Cairbre an Chláir were to hear what

int aithiusc raidi, a Artain

an méid atá á rá agat, a Artáin,

you said, O Artán, or if Cormac

ocus Cormac in tuir thenn·

nó Cormac an laoch teann

the stout champion were to hear, you

no bethea gen do chaeimhchenn”

bheifeá gan do chaomhcheann.”

would be minus your handsome head.”

 

 

 

[A].

Art:

Art:

“Ni mó lim Cairbri is Cormac·

“Ní mó liom Cairbre agus Cormac

“I care no more for Cairbre or Cormac

na in da araid nous fognath

ná an dá ara atá ag freastail orthu

than I do for the two charioteers that

A m-bethaidh Mogha Corb cain·

fad a bheidh Mogh Corb caoin

serve them while noble Mogh Corb

ocus Fhiachach Muillethain”

agus Fiacha Moilleathan ann.”

and Fiacha Moilleathan are alive.”

 

 

 

[C].

Céacht:

Céacht:

“Da clo Artchorb is a clann·

“Dá gcloisfeadh Art Corb agus a chlann

“If Art Corb and his children were to

bidh brisc bruar gu luath i nglenn

thú bheadh raic gan mhoill sa ghleann.

hear you, there would be a savage

Nochu ragha it’ bethaid de·

Ní rachfá as i do bheatha.

outburst at once in the glen and you

bidh buan doit a n-ecraite”.

Mhairfeadh a bhfuath duit go deo.”

would not come out of it alive. Their hatred of you would last forever.”

 

 

 

[A.]

Art:

Art:

“Ni mó lim Artchorb, a fhir·

“Ní mó liom Art Corb, a fhir, ná a

“Art Corb is no more to me, Man, than

na a fil d’aindribh tuaidh n-a thigh

bhfuil d’ainnireacha aige thuaidh ina

his houseful of women up in the north

In cein bes is tir amne·

theach chomh fada is atáim sa tír seo

while I am in this area

agam dhín Dond Dairine”

agus Donn Dáirine agam do mo dhíonadh.”

and Donn Dáirine my protector.”

 

 

 

[C.]

Céacht:

Céacht:

“Dá clo Ceallach mac Cormaic·

“Dá gcloisfeadh Ceallach mac Cormaic

“If Ceallach mac Cormaic were to hear

is Artur feta foirneirt

agus Artúr cróga an fhornirt thú

you or indeed valiant Artúr of the

Bidh duit bus diamair in dal·

bheadh bás diamhair i ndán duit agus ní

mighty strength, your fate would be in

nocut ain do diabhuldan”.

shábhálfadh do bhriochtaí go léir thú.”

doubt and your spells would not save you.”

 

 

 

[A.]

Art:

Art:

“Nochu mó lim Artur ard·

“Ní mó liom Artúr ard

“Great Artúr means no more to me

ina a gilla glan gle-gharg

ná a ghiolla glan glégharg

than his clean, bright, rough servant

In cein bias i n-a bethaidh·

fad a bheidh Caoraí Creacha

while the red hand of Caoraí Creacha

croibhderg Caeiridhe Crechaidh”.

ina bheatha.

is there.”

 

 

 

[C.]

Céacht:

Céacht:

“Da cloisedh cuan na curad·

“Dá gcloisfeadh Cuan na gCuradh thú,

“If Cuan na Curad were to hear you

in tsamail doibh fher Muman

agus comórtas á dhéanamh agat

comparing them to the men of Munster

No bertha meall dar do dét·

idir Fir Mhumhan agus iad, gheofá

you would get a blow in the teeth

ocus no bertha cruaidhchrecht”.

clabht sna déada agus goin dhian.”

and a severe injury.”

 

 

 

[A.]

Art:

Art:

“Ma da cloised Muma min·

“Dá gcloisfeadh Mumha mhín

“If gentle Mumhan were to hear of a

slógh mar iat-san i n-a tir

go raibh slua mar iadsan ina tír

crowd like this inside her territory

no bhetis beoil bana dhe·

bheadh béil agus iad bán le heagla ann,

there would be faces white with fear,

cin almhai, cin indile”.

daoine gan tréada, gan innile.”

without herds, without cattle.”

 

 

 

[C.]

Céacht:

Céacht:

“Bi i tost is tairnic do dhail·

“Bí i do thost agus cuirimis deireadh

“Be quite and let us conclude this

is obur mhir imarbhaidh.

leis an dáil amaideach seo. Ní féidir leis

meeting. It is a foolish matter for

Ni thic don tshuagh tacras tu·

an slua a dtugann tusa tacaíocht dó an

discussion. The army that you support

freacra na tri coicead friu”

fód a sheasamh in aghaidh na dtrí Chúige.”

cannot stand against three provinces.”

 

 

 

[A.]

Art:

Art:

“It fir-aithesc ni ba brec·

“I do chuid cainte

“In your genuine response

slonn tall dod’ sluagaibh, a Checht

ná bíodh bréag.

there will be no lie,

Itbera cach dibh nachtan·

Abair leis an slua, a Chéacht:

O Céacht go and tell your armies:

‘olc in turas tancamar’ ”

‘Is olc an turas ar a dtángamar’.”

‘It is an evil journey we have undertaken’.”

Back to top

 

Section 32

O atcualatar na sloig ocus na sochaide

Nuair a chuala na sluaite agus na sochaithe sin

When the army and the company heard this

ro fergaigit cu mor

tháinig fearg mhór orthu

they were enraged.

ocus dorala imach cu dian ocus gu dreamhan

agus ar aghaidh leo do dian agus go dreamhan

Fiercely and violently they went off

a ndeghaidh in druadh dar glenn siar

i ndiaidh an draoi siar thar an ngleann

in pursuit of the druid westwards over the glen,

ocus atbereadh cach re cheli dibh:

agus bhí gach duine díobh á rá lena chéile:

saying to each other:

“Faghbhadh in drai bas ocus aidhedh libh.”

“Bás agus oidhe don draoi.”

“Death and destruction to the druid.”

Imsoi in drai a aigid forro

D’iompaigh an draoi a aghaidh orthu

The druid, however, turned his face to them

ocus teit i muinicin a dhea

agus chuaigh i muinín a dhé

and placing his confidence in his gods

 

 

 

ocus cuirid anal druadh ind aier ocus i firmimint

agus chuir anáil draíochta san aer agus san fhirmimint

he directed a druidic breath into the sky and the firmament.

con derna neul ciach os cinn in tsloigh

gur deineadh néal ceo os cionn an tslua.

This formed a dark cloud over the crowd.

gur thuit forro ocus gur cuirestar i loeibricht meraighthi

Thit sé orthu agus cuireadh siabhrán agus mire orthu dá bharr.

Then the cloud descended on them making them dazed and bewildered,

 

Agus iad a bheith sa tsáinn sin

so that in the confusion,

cu ro ela in drai uaidhibh.

d’éalaigh an draoi uathu agus d’imigh leis.

the druid slipped away from them.

Iarsin dano

 

After this, *however,*

 

Ba mhéala leo na draoithe go léir a bheith ag éalú

they were aggrieved that all the druids had escaped

as i comairle doronsat

agus rinne siad comhairle

and they decided

o ro bu mela leo na draithi uli do elad uaithibh:

 

 

slechtaire ocus lorgaire rompa ar slicht in druadh

lorgairí a chur rompu ar shliocht an draoi

to send a scout and a searcher before them on the trail of the druid

ocus beith in a mbuidhnibh ocus ina ndrechtaibh na dhiaigh.

agus iad féin a bheith ina mbuíonta agus ina ngrupaí ina ndiaidh.

while they themselves would follow on *after them in groups*.

Ocus dobatar seacht lá cona n-oighthibh isin longpurt soin

Seacht lá agus seacht n-oíche a bhí siad sa longfort sin

They spent seven days and seven nights in this camp

ocus dronga mora dhibh for lurg

agus dreamanna mór díobh ar lorg

while large numbers of them searched for the druid.

ocus ní ro fhetsat tect dia tigh ar mhet an breachta ro imir in drai forro.

agus níor éirigh leo teacht ar ais chuig an teach ar mhéid na mbriochtaí a d’imir an draoi orthu.

They were unable to return to their house because of the powerful spell the druid had put on them.

Ocus dano ba mebal leo gia ro fhettais

Agus chomh maith leis sin, ba mheabhal leo mar a chuir an draoi amú iad.

And, moreover, they were led astray still further,

ar no taispenad an drai a lorg doibh cecha maidne

Lean siad an lorg a d’fhág sé gach maidin

for each morning the druid showed them traces of his whereabouts,

for beilgibh ocus berntaibh ocus athaibh

thar altáin agus bearnaí agus áthanna

leading them up cliffs and through ravines and over fords

ar daigh a mbuaidherthi ocus a n-imscarta ria a muindtir.

ar dhóigh a chuir buairt orthu agus a scar óna muintir iad.

to afflict them and to separate them from their companies.

Back to top

 

Section 33

Ro ghabh omhon mor Cormac annsin,

Ghabh uamhan mór Cormac ansin

Cormac became very fearful, then,

ar ba doigh lais gur ba turbrodh dia sloghadh

mar ba dhóigh leis gur treascraíodh a shlua

as he considered that his army had been overthrown

ocus na toirsitis a muinter chuigi.

agus nach bhfillfheadh a mhuintir chuige arís.

and that they would never again return to him.

Ocus do ghabh oc eiliugad na ndruadh batar aigi fein ocus atbert friu:

Agus thosaigh sé ag cáineadh a ndraoithe féin iarsin á rá leo:

And he began to berate his own druids saying:

“Caidhe bar tarbha-si damh-sa,” ar se,

“Cén tairbhe sibhse dom.

“What use are you to me

“madh ro marbad mo muindter

Maraíodh mo mhuintir

since my own people have been killed

cin fhis cin forcloisin damh ocus gin fortacht uaibh-si dhoibh?”

agus níor thug sibhse aon fholáireamh dom roimh ré agus níor thug sibh aon chabhair dóibh?”

without previous warning from you and without your coming to their assistance?”

— “Ni ramarbhu iat idir,” ol siat,

“Níor maraíodh in aon chor iad,” ar siadsan,

“They have not been killed, at all,” said they,

“acht suainbrect seachtmaine dorat in drai forro

“ach chuir an draoi suanbhriocht seachtaine orthu

“a sleep-spell has been placed on them by the druid. This will last a week.

ocus doberam-ne doridisiu ar culai”.

agus bainfimidne é sin díobh.”

*We will remove it from them.*”

Is ann-sin docuatar-san i forbha a bhfhesa ocus an-eolusa [leg. a n-eolusa]

D’imigh siad leo ansin i mbun feasa agus eolais

Off they went then, to practise their occult arts and secret knowledge

ocus ro cursat a suainbrict dona sluagaibh

agus chuir siad an suanbhriocht ar ceal.

and they counteracted the sleep-spell

ocus do roachtsad chuca i bhforba na seachtmaine.

D’fhill na sluaite ar an longfort ansin ag deireadh na seachtaine.

so that they returned to the camp at the end of the week.

Back to top

 

Section 34

O ra siachtadar a muindter gu Cormac

Nuair a tháinig a mhuintir chomh fada le Cormac

When his people had returned to Cormac

ro coimerigh roime i cenn sheta ocus imthechta

chuir sé chun bóthair arís agus ar aghaidh leis go dtí

he set out once again on his path and expedition.

co riacht co h-Ath Cuili Fedha risan abar Ath Croi iniu,

gur shroich sé Áth Cúile Feá, ’sé sin le rá, Áth Croí an lae inniu

He reached Áth Cúile Feá which today is known as Áth Croí

ocus ro shuidigset longport annsin.

*agus shuigh sé longfort ann*.

and set up camp there.

Dorala do Chíthach dula amach

Tharla ansin gur imigh Ceathach amach

It transpired, then, that Ceathach, went out

d’fegad aieoir ocus fhirmiminti

chun scrúdú a dhéanamh ar an aer agus ar an bhfirmimint

to examine the sky and the firmament

ocus dorala fer a comaeisi fein dó .i. Dubhfhis mac Dofhis

agus bhuail sé le fear a chomhaoise féin —  Dubhfhios mac Dofhis

and there he met a man of his own age — Dubhfhios mac Dofhis

ocus do fhiarfuigh cach dibh scela d’aroili,

agus d’iarr scéala air.

and each of them asked news of the other.

ocus do raidh Dofhis ocus do fhreagair Cithach ocus doronsat in laidh eturra:

Labhair Dubhfhios agus d’fhreagair Ceathach é agus rinne siad laoi eatarthu:

Dubhfhios spoke and Ceathach answered him and between them they made a poem:

Back to top

 

Section 35

[D.]

Dubhfhios:

Dubhfhios:

“A Chithaigh, canas tanac·

“A Cheathaigh, conas a tháinig tú

“O Ceathach, how have you come

slounn, i tiribh do namhat?

anseo go tír do naimhde?

to the territories of your enemies?

I tir do namhat amne·

Go tír do naimhde dáiríre fíre.

How did you come?

ca tanac? ca rot teidhe?”

Cad as a dtáinig tú?”

Where are you going?”

 

 

 

[C.]

Ceathach:

Ceathach:

“O Mhúr Té thanac ille·

“Ó Theamhair a tháinig mé anseo go

“From Tara I have come

gu Cuil Feaga Formaeile

Cúil Fheaga Formáile, agus rachaidh

to Cúil Fheá Formáile.

A Mumain teidhim cin gheis·

mé isteach i gCúige Mumhan gan

I go to Munster without hindrance,

A Dhuibhfhis, a meic Dhofhis”.

freasúra, a Dhubhfhis mhic Dhofhis.”

O Dubhfhios, Son of Dofhis.”

 

 

 

[D.]

Dubhfhios:

Dubhfhios:

“Cidh dia teidhe-si i Mumain?·

“Cad chuige go bhfuil tú ag teacht go

“Why are you going to Munster? Tell

slonn gin cairdi, mas chubaid

Cúige Mumhan? Inis é sin dom

me truly if this suits you; discuss the

Tagair do dail, cia do sét?

más mian leat; cá bhfuil tú thriall?

situation; what route are you taking

ga slógh ga dtai forchoimhet?”

cé hé an slua atá agat?”

with the company which you supervise?”

 

 

 

[C.]

Ceathach:

Ceathach:

“Do dhingbáil druadh in tire.

“Is chun draoithe na tíre seo a

“It is to ward off the druids of the

teidhim marom coimhdhíne

dhiongbháil a tháinig mé féin agus mo

region that I have come along with my

Coiscidh Cormac bhidh cumhan·

chomhdhaoine.”

companions ….”

righa mora na Muman”

 

 

 

 

 

[D.]

Dubhfhios:

Dubhfhios:

“Gach toisc fa tancuis ille·

“Ní chomhlíonfar

“The purpose for which you have come

cu brath nocha comaillfe

do bhearta go brách.

will never be fulfilled. There will be a

Biaidh nel áir uasaibh a moigh·

Beidh scamall os bhur gcionn ar an má.

cloud of slaughter above your heads on

bhidh beg bar ngrain, a Cithaigh”.

Is beag is fiú bhur ngráin.”

the plain; your hatred is of little consequence, O Ceathach.”

A Cithaigh.

 

 

Back to top

 

Section 36

A h-aithle na laidhi-sin ra hinnised do Chormac

I dhiaidh na laoi sin insíodh do Chormac

After this lay, Cormac was informed

gur bá olc faitsine na ndruadh dhó.

gurbh olc fáistine na ndraoithe *dó*.

that the druids’ predictions boded ill for him.

“Ní fhetaim-si,” ar Cormac “a didhuil forro

“Ní féidir liom díoltas a imirt orthu,” arsa Cormac,

“I cannot wreak vengence on them,” said Cormac,

ár gid in lucht ro thriall a marbadh ni ro fhetsat

“mar níor éirigh, leis an lucht a bhain triail as iad a mharú

“for those, who attempted to kill them were unable to do so

ocus is forro ra imerset mela”.  

agus is orthu féin a imríodh méala.”

and it was on them that punishment was inflicted.”

Cu nad annsin ro aithin Cormac gan a luadh ider intan ticfatuis.

Thug Cormac ordú dóibh *ansin* gan caint faoin rud sin a thuilleadh *nuair a d’fhillfeadh siad*.

Cormac *then* gave orders that the affair was not to be talked about when they returned.

Arna mharach immorro gabsat rompa

Lá arna mhárach *, áfach,* ghabh siad ar aghaidh arís

Next day, however, they set out

i bhfhairsiung slighedh i cenn Mairtine Muman

agus an tslí ag fairsingiú rompu amach i dtreo Mhairtine Mumhan,

on an open path heading for Mairtine Mumhan.

gu rangatar co Druim Medhoin Mairtine

go dtí gur shroich siad Druim Meáin Mairtine.

They reached Druim Meáin Mairtine

dar bha comhainm Ardcluain na Fene ocus Mucfhalach mhuc Daire Cerbe

Ardchluain na Féne agus Mucfhalach mac Dáire Ceirbe ba chomhainmneacha don áit.

which is also known as Ardchluain na Féne and Mucfhalach mac Dáire Ceirbe.

righ Medhoin Mairtine,

Rí Mheáin Martine ba ea Ceirbe.

This Ceirbe was king of Meáin Mairtine.

frisin apar Imliuch Ibhair aníu

Imleach Iúir a thugtar ar an áit sa lá atá inniu ann

The area is called Emly today,

ocus ro shuidhighset longport isin du-sin.

*agus shuigh siad longfort san áit sin*.

and it was here that they encamped.

Teit Cithmor asin longport siar dhes,

D’imigh Cith Mór amach as an longfort siar ó dheas ansin

Cith Mór emerged from the camp and proceeded towards the south-west

d’fhegad nel ocus aoir

ag féachaint ar na néalta agus ar an aer

examining the clouds and the sky

co bfesadh ord in tsloigh.

chun an tslí ar aghaidh don slua a dhéanamh amach.

to discern a way forward for the army.

Is and dorala dhó araili laech finnchas forbhfailid

Is ansiúd a bhuail sé le laoch foltfhionn taitneamhach.

It happened that here he met another warrior with blond hair and a most pleasant appearance.

.i. drai Medhoin Mhairtine dar bhu comhainm Medhran drai

Draoi Mheán Mairtine ba ea é agus Meadhrán b’ ainm dó.

This was the druid of Meán Mairtine, and his name was Meadhrán.

ocus ro gabh cach dhibh ar acalduim a chele ocus ic fiafraigid scel

Thosaigh an bheirt ag agallamh a chéile agus ag lorg scéala.

They began to converse with each other and each asked the other for news.

ocus do raidh Medhran in laidh ocus do freagair Cithmor:

D’aithris Meadhrán laoi agus d’fhreagair Cith Mór é:

Meadhrán recited a lay and Cith Mór replied:

Back to top

 

Section 37

[M.]

Meadhrán:

Meadhrán:

“A Chithmoir, gu fir freagair·

“A Chith Mhór, freagair mé go fíor,

“O Cith Mór, tell me the truth,

gá lá thanac ó Themhair?

cén lá a d’fhág tú Teamhair?

on what day did you leave Tara?

Caidhi hord o sin ille·

Cén bealach a thaistil tú ó shin i leith

What happened since then? It is only

borb nech muna fiafraighe?”.

mura miste leat m’ fhiafraí?”

a surly person that wouldn’t enquire.”

 

 

 

[C.]

Cith Mór:

Cith Mór:

“Día luain duin gu Comar cruaidh·

“De Luain shroicheamar Cumar crua,

“On Monday we came to hard Comar

is Dia Mairt co h-Ath in tSluaig

agus Dé Máirt bhaineamar Áth an tSlua

and on Tuesday we arrived in Áth an

Dia cedain (conar cain gle)·

amach; conair chaoin ghlé a bhí againn

tSlua. On Wednesday — a bright

co mullach fain Formaeile”.

Dé Céadaoin go Mullach leargnach Fhormáile.”

pleasant path — we came to the summit of the slope of Formhaol.”

 

 

 

[M.]

Meadhrán:

Meadhrán:

“Caidhi bar n-ord dia Dardain?·

“Cén clár a bhí agaibh Déardaoin?

“What was your situation on Thursday?

innis duinn a Cithmhoir chaeim.

Inis é sin dúinn, a Chith Mhór chaoimh.

tell us that, O gentle Cith Mór, what

Cidh ro bar roeg in seul soin?

Cén treo a ghabh sibh? Cén fáth go

was your choice of direction? How is it

Cidh ro bar soebh re seachtmhoin?”

raibh sibh ar seachrán ar feadh seachtaine?”

that you were wandering around astray for a week?”

 

 

 

[M.]

*Meadhrán:*

*Meadhrán:*

“Ord na h-Aeine, in meabair lat·

“An gcuimhin leat cad a tharla Dé

“Do you recall your programme for

a Chith Mhoir cuicid Connacht?

hAoine, a Chith Mhór ó Chúige

Friday, O Cith Mór of the Province of

Cia leith raghthair dia bar ngairm·

Chonnacht? Cen treo a d’imigh sibh

Connacht? Which direction did you

isin maidin dia Sathairn?”

maidin, Dé Sathairn?”

take on Saturday morning?”

 

 

 

[C.]

Cith Mór:

Cith Mór:

“O chuil Fegha dhuin alle·

“Ó Chúil Fheaga

“From Cuil Fheá

co Druim Medhoin Mairtine

go Droim Mheán Mairtine

to Druim Meáin Mairtine

Ord na h-Aeine duid gin dailbh·

— b’ shin é ord na hAoine

— on Friday and on to

gu Cnoc na Cenn dia Sathairn”

agus go Cnoc na gCeann Dé Sathairn.”

Cnoc na gCeann on Saturday.”

 

 

 

[M.]

Meadhrán:

Meadhrán:

“Caidhi bur n-ord o-so amach·

“Cén clár atá agaibh as seo amach?

“What is your programme from this on,

innis duin masat eolach

Inis é sin dom le fírinne,

tell us if you know it

Má roetar slonn co tai·

a Chith Mhór,

and if you can declare it

a Chith Moir, cin imargai”.

má tá an t-eolas sin agat.”

without deceit, O Cith Mór.”

 

 

 

[C.]

Cith Mór:

Cith Mór:

“Bemit annsin co triamain·

“Beimid anseo go triamhnach

“We will remain here in a state of

mí ocus raithi ocus bliadain

mí agus ráithe agus bliain.

weariness for a month and a quarter

Bid duaidh do Leith Mogha ar mbaigh·

Is mairg do Leath Mhogha ár dteacht;

and a year. Our presence will be

bidh cruaidh ar modh, a Mhedrain”

Beidh ár módh go crua, a Mheadhráin.”

unfortunate for Leath Mhogha; our methods will be tough, O Meadhrán.”

 

 

 

[M].

Meadhrán:

Meadhrán:

“Gach a ndingne dh’ulc d’ar ro·

“Go dtite an t-olc sin go léir

“All the evil you have predicted

tárruster ort ind oenlo

a luaigh tú

you will do to us,

Madh lais tall budh terc a treoir·

ar do cheann féin

may it fall on yourself

bid fann do cert a Cithmoir”.

in aon lá …. a Chith Mhór.”

on one day …. O Cith Mór.”

A Cithmoir

 

 

Back to top

 

Section 38

Imsoei cach dhibh o cheli dh ’aithle na laidhi-sin

D’iompaigh gach duine díobh óna chéile i ndiaidh na laoi sin

They both turned away from each other at the conclusion of this lay

ocus teit Cithmor ar amus in longphuirt

agus d’imigh Cith Mór ar ais go dtí an longfort

and Cith Mór went off in the direction of the camp.

ocus do bhi in slógh annsin cu mucha lai ara bharuch.

agus bhí an slua ansiúd go dtí mochdháil na maidine.

The company remained encamped until early next morning.

O thainic an maitean ro coimeirigh Cormac cona shloghuibh

Nuair a tháinig an mhaidin d’éirigh Cormac lena shluaite

When morning came, Cormac and his company arose

ocus tancatar rompa gu Cnoc na Cenn gur gabsat longport ann.

agus ar aghaidh leo go Cnoc na gCeann agus shuigh siad longfort ann.

and came to Cnoc na gCeann and set up camp there.

Is ann-sin atbert Cormac ra Cithruadh fern a pupla do shadhud.

Is ansin a dúirt Cormac le Cith Rua fearn a phubaill a shá.

It was here that Cormac told Cith Rua to insert the stake for his tent.

Ocus arai ni ro eirigh Cithruadh,

Níor éirigh Cith Rua as an áit ina raibh sé *, áfach,*

Cith Rua, however, did not arise

ár forfitir nach fétfadh in puball do shadhudh.  

mar chonacthas dó roimh ré nach mbeadh sé in ann an fearn a shá sa talamh.

as he perceived that it was impossible to erect the tent.

Do dhechatar dano slóig in choicid ar deisibh ocus ar triaruibh

Chuaigh laochra an chúige amach ámh ina mbeirteanna agus ina dtriúir

The warriors of the province went, then, in two’s and three’s

for cnocaibh ocus for tulchuibh impuibh dia bhfegad.

ar chnoic agus ar thulacha máguaird chun radharc a fháil ar an dúiche.

to climb the hills and heights surrounding them to get a better view of the area.

Ocus atbert cach re chele dhibh:

Agus dúirt gach duine díobh lena chéile:

They said to one another:

“Atat daimh dil ann [leg. dilann]

“Tá dámh dhil ann

“There is a pleasant company here,

ocus cliath bernadha ced iníu i Cnuc na Cenn

agus slua a sháródh céad fear inniu ar Chnoc na gCeann

a battalion fit to take on a hundred men is gathered here *today* in Cnoc na gCeann.

ocus ita damghaire shochaide ocus forngaire slogh.

agus tá ann dámhgháire sochaí agus forgháire slua.

There is the clamour of the company and the loud yells of the crowd.

Ocus bid he a ainm o aniu cu brath: Druim Damhghaire”.

Agus beidh an t-ainm Droim Dámhgháire air ó inniu go bráth.”

Let the hill be known as Droim Dámhgháire (the Ridge of the Assembly Calls) from today to eternity.”

Is ann ro raidh Cormac: “Fadectsa, a Chithruaidh”, ar se,

Is ansin a dúirt Cormac: “Anois, a Chith Rua,” ar sé,

It was there that Cormac said: “Now, Cith Rua,

“sáidh mu pupaill mar no shaidhtea pupaill mh’ athar ocus mu shenathar,

“sáigh mo phuball mar a sháiteá puball m’ athar agus mo sheanathair,

erect my tent as you were wont to erect the tents of my father and my grandfather,

ar ní as so raghat no gu tardthar mu chain damh no cu rom eitichter uimpe”.

óir ní rachaidh mé as seo go dtí go dtabharfar mo cháin dom nó go dtí go ndiúltófar dom í.”

for I will not leave here until my taxes are either paid or withheld.”

Back to top

 

Section 39

Gabhus Cithruadh iarsin ar a sádhud ocus ic gabhail férne na pupla don talmain

Thosaigh Cith Rua ar an obair ansin, ag iarraidh cuaille an phubaill a shá isteach sa chnoc

Cith Rua then tried to drive an alder post into the ground for the erection of the tent

ocus ni ro dhipad ar fér nach ar fonn uadh fern na pupla

ach ní ghlacfadh an féar na an fonn leis an bhfearn *uaidh*.

but neither grass nor earth would receive the tent pole from him.

ocus do scithiged in drai ocus ro raid:

Tháinig tuirse ar an draoi agus dúirt:

The druid became weary of this and he said:

“atci so, a Chormaic,

“Féach ar seo, a Chormaic,” ar sé,

“You see this, O Cormac;

ocus gin gur ghabhuis aithne uaim-si

“cé nár luaigh mé é seo,

even though I didn’t warn you about it beforehand

as reil dait ar in cleith-si in ro raidhsem-ne friut ria tiachtuin a Temhraigh”;

is léir duit ón gcuaille seo gur fíor an méid a dúirt mé leat roimh Teamhair a fhágáil”,

this pole proves the truth of what I told you before leaving Tara.”

ocus do raidh in retorec.

agus rinne sé reitric a aithris:

And he proceeded to recite a rhetoric:

 

 

 

“Adchi in cleith sin, a Chormaic.

“Féach ar an gcuaille seo, a Chormaic …”

“Look at this pole, O Cormac …”

Cid attuais-si taidbit. ni cor ra Conn nordhairc. fhaithius Temra thairnic. Na tep fer na fonn. forbuis for mac nEoguin. ni ba duibh bus deolaidh. slicht sidhuighi seolaidh. Sidha Cleitich ceolaigh. coiscfiter thall treoraibh. taoth in cath for Chonn. Comluis mac meic cachta. Mogh Ruith remgarb garta. d’foiridhin a dhalta. tuasluicfidh na tarta. tairrngeridh don tsluagh. seolfaidh rá gail nguinig. co mba duibhsi a dhuiligh. gebhuidh Fodla fuiligh. ocus Albuin uidhigh. Fiacha fuinigh fuan. fodh fhearr feis i Temhraigh. a chur Codhuil cernaigh ag torruma in teghlaigh. an da arann dar meanmain. ro hor Tragha Lí. olc in damh fadera. biaidh crua is na bera. biat colla cin cenna. scérthair righ fria reabha. sernfaidit slóigh sleagha. Don choir chena adchi”. adchi.

 

 

 

Foreimdhig tra Cithruadh in pupall do shádhudh

Theip ar Chith Rua an cuaille a shá isteach sa chnoc *, áfach,*

*However,* Cith Rua was defeated in his efforts to drive the pole into the earth

cu ro raidh Cormac.

agus dúirt Cormac leis:

and Cormac exclaimed:

“Cle is mana fort, a Chithruaidh,

“Brú, breo is luascadh ort, a Chith Rua;

“Woe and misfortune to you, O Cith Rua,

cid dochuaidh do nert intan na ro fhetais in phupall do shadhadh?

cad a tharla do do neart nach bhféadfá an fearn a shá isteach sa talamh?

what has become of your strength that you cannot insert the pole?

Ni ghabhudh didiu in tulach fern na pupla acht amail bidh ar cloich no saidhthea”.

Níl an cnoc ag ligean an cuaille isteach ann *áfach*, tá sé cosúil le bheith ag iarraidh carraig a pholladh.”

For the hill is not allowing the tent pole into it; it is like trying to penetrate a rock.”

“Nucon edh itú”, ar Cithruadh, “nach biath do nirt ocum a sadhudh,

“Ní hé nach bhfuil an neart agam chun é a shá isteach,” arsa Cith Rua,

“It is not that I haven’t the strength to insert it,” said Cith Rua,

acht is tria ainfhir ro trialladh”

“is de bharr an éagóir a deineadh a d’éirigh an diúltú seo.”

“it is because of the attempted injustice that this rejection has occurred.”

Back to top

 

Section 40

“Atcluine sut, a Colptha, i n-apair in sendrai,

“Éist leis an seandraoi, a Cholpa,” arsa Cormac,

“Listen to what the old druid says, O Colpa,” said Cormac,

ocus forfeimidh sádhad na pupla

“níl sé in ann an fearn a chur isteach sa talamh,

“he failed to erect the tent,

ocus said fein i”.

sáigh féin isteach é.”

now you erect it yourself.”

Ro gab Colptha fern na pupla n-a laimh

Thóg Colpa fearn an phubaill ina láimh

Colpa took the tent pole in his hand

ocus ro gab oc tathair ocus oc beim ar Cithruadh

agus thosaigh ag magadh faoi Chith Rua.

and he began to censure and revile Cith Rua.

ocus tuc forba n-ecomluinn

Chuaigh sé i mbun oibre ansin go dícheallach

He set about the work with enormous energy

ocus sinedh romor for a churp

agus síneadh chomh mór sin ina chorp

and his body was so stretched

cu taillfitis meic mhidhaeisi idir cech dá asna do

go bhféadfadh fear meánaosta dul idir dhá easna ann.

that middle-aged men could pass between every two of his ribs.

ocus ro fhuirim fria talmain an feirn-sin ocus ní ro ghab lár uadh;

Ach mar sin féin níor ghlac an talamh leis an gcuaille *nuair a sháigh sé é i gcoinne na talún*.

He drove the stake against the ground but the earth would not accept it.

ro bui dia nertmhaire chena ró sháith

Bhí iarrachtaí Cholpa chomh dian sin

So forceful were his efforts

co nderna briscbruar dhi o foréimid a sathad.

gur deineadh smidiríní den fhearn.

that the stake broke into fragments.

“Cidh dogentar andfusa?” ar Cormac.

“Cad tá le déanamh anois?” arsa Cormac.

“What is to be done now?” asked Cormac.

“Dogentar,” ar Cith Ruadh ocus ar cach arcena

“Níl le déanamh,” arsa Cith Rua agus gach duine eile leis,

“This is what must be done,” said Cith Rua, and all agreed with him,

“sloigh mhora do tabairt cucainn.”

“ach slua mór a chur chugainn anseo.”

“a large number of men must be summoned.”

Ocus tucait, ocus doronait longinata mora ann

Tháinig an slua agus rinne siad fráma mór adhmaid cosúil le creatlach loinge

This was done and they proceeded to construct great frameworks as if they were building a ship to support the tent.

ocus ro sáidhed cinn na cleath is na sailghibh-sin

agus chuir siad deirí na gcleitheanna isteach ann

*They put the ends of the posts into it.*

ocus is fon n-innus-sin doronad in longport uile.

agus sa tslí sin rinne siad puball.

It was in this way that the whole camp was erected

As de ata ‘Long Cliach’ inniu .i. don tsuidhiugud-sin.

Is ón eachtra sin atá an t-ainm ‘Long Chliach’ — Cnoc Loinge ar an áit sa lá atá inniu ann.

and this is why the site is known today as ‘Long Cliach’ — the Ship of Cliach.

Back to top

 

Section 41

Ocus ro raidh Colptha ra Cith Ruadh.

Dúirt Colpa le Cith Rua:

Colpa said to Cith Rua:

“Ro bhai deitbir dhait-si gia madh leasc lat in turus-sa,

“Ba leasc leat teacht ar an turas seo agus cúis mhaith leis,

“You had a just cause for not relishing this expedition

ar gi be dheoch gi be na deoch i mbethaid asin cuiced-sa

mar cibé duine a rachaidh as an gCúige seo beo,

for whoever goes or does not go alive out of this province

ni tusa raghas”.

ní tusa a rachaidh.”

you will not be one of the survivors.”

“Ba deitbir on,” ar Cithruadh,

“Is fíor go raibh cúis chóir agam,” arsa Cith Rua,

“I had a just reason indeed,” said Cith Rua,

“uair forfhetur-sa a mbia dhamh dhe ocus do Chormac

“óir thuig mé go hiomlán cad a bheadh i ndán dom féin agus do Chormac chomh maith.

“for I knew full well the consequences not only for myself but for Cormac also,

ocus no thairmeascfaind-si imbe tiachtain mina nertadh sibh-si fair

Bheinnse in ann stad a chur leis ach gur neartaigh sibhse Cormac i mo choinne

and I could have prevented him from setting out if you had not encouraged him.

ocus mane dernadh bhar comhairle.

agus ghlac sé le bhur gcomhairle.

*He accepted your advice.*

Ocus dano ni ba ferr dhuibh-si in cuiced thancabar

Chomh maith leis sin, ní mó an tairbhe daoibhse ná dom féin bhur dteacht *don chúige*

Moreover, your coming to this province is no better for you than for me,

uair ni ragha neach uaib i mbethaid as in cuiced-sa.

óir ní rachaidh oiread is duine amháin díbh as an gcúige seo beo.

for not a single one of you will make your way alive out of this area.

Ocus dano,” ar se, “in pubul-sin na ro fhétus-sa na ro fhétuis-si do shadhudh;

Féach freisin ar an bpuball seo. Ní raibh tusa ná mise in ann é a shuíomh anseo,

As well as that, look at this tent that neither you nor I could set up.

ni tibherthea a tigh Temrach hi, min bad sibh-se,

ní thógfaí as Teamhair in aon chor é ach amháin gur chuir tusa do ladar sa ghnó.

It would never have been brought out of house of Tara if you hadn’t intervened.

acht inní ro tarasnuigh athair ocus sen athair do, .i. asa rect ocus asa bhfirinne, is as no chuinegad a cain.

Ní iarrfadh Cormac cánacha ach amháin nuair a bheidís de réir dlí agus nósanna a athar agus a sheanathar.

Cormac would have followed his father and grandfather and would have asked for tribute only in accordance with justice and truth.

Giar ba fir tra in fhaitsine-sin

Is fíor an fháistine a rinne mise do Chormac *, go deimhin,*

The prediction which I made to Cormac about this matter is true *indeed*.

ni thuc Cormac dia oidh hí,

ach níor thug sé aon aird ar an bhfáistine

But Cormac paid no heed to it

na inte dosroine”.

ná ar an duine a rinne í.”

nor to the man who made it.”

Back to top

 

Section 42

Is amlaidh immorro boi int inad i mbai Cormac cur bo íseal leis he

Tharla sé áfach gur cheap Cormac go raibh an áit ina raibh sé féin go híseal

It happened, however, that Cormac considered the place in which he was to be low

ocus gur bo hard lais int inadh a raibhi Fiacha ocus fir Muman.

agus an áit ina raibh Fiacha agus Fir Mhumhan go hard.

and that the high ground was occupied by Fiacha and the Men of Munster.

Ocus ro gheallsat a draithe do-sum

Gheall a dhraoithe dó

His druids had promised him

ce med i latrad in baile ingebdais [leg. in gebdais] cun toicebhduis uas cach

go dtógfaidís a láthair os cionn cách.

that they would increase the height of it for him so that he could look down on everybody else.

ocus ro iar Cormac orro-som sin.

D’iarr Cormac orthu é sin a dhéanamh

Cormac asked them to do this

Ocus tucsat dó amail ro gheallsat

agus rinne *siad an méid a bhí geallta acu a dhéanamh*.

and they did *as they had promised*.

ar ro arduighset an cnoc-sin iar taibsin cóicait cubat uas cach,

D’ardaigh siad an cnoc caoga bunlámh *os cionn cách*

They raised the hill fifty cubits above the rest

gin gub fir a beit amlaid.

— níor ardaigh, dáiríre fire, cé go raibh a chuma sin air — siabhrán a bhí ann ó thús.

— this was an illusion brought about by magic.

Back to top

 

Section 43

Batar annsin teora la ocus teora oighthi ac suidhiugudh a longphuirt.

Chaith siad trí lá agus trí oíche ansin ag suíomh an longfoirt.

They spent three days and three nights there setting up the camp.

Docuas uadhaibh iardain do chuinghidh a cana ocus a chumhaile ocus ni tucait.

Idir an dá linn d’imigh teachtairí amach ó Cormac chun na cánacha a bhailiú, ach obair in aisce  a bhí ann.

Meanwhile, messengers were sent *from him* to collect the tax and the compensation but nothing was forthcoming.

Tancas o Chormac arna mharach do chuinghidh chomlainn einfhir ar fhearuibh Mumhan.

Lá arna mhárach thug Cormac cuireadh d’Fhir Mhumhan teacht i gcomhair chomhrac aonair.

The next day, Cormac sent out a summons to the Men of Munster challenging them to single combat.

Ro cuinged o fearaibh Mumhan dail teora la ocus teora aigche ar Chormac

D’iarr Fir Mhumhan trí lá agus trí oíche air

The Men of Munster requested *from Cormac* a consultation period of three days and three nights

ar daigh co bhfinndais cia no tincfeadh ocus no gebhudh do laim acu in comhlann,

chun a n-óglaigh a roghnú

in which to choose their warriors.

ar ro bu cinnte ac Cormac in cuicer no ghebhadh do láimh comhlann.

ach bhí fhios ag Cormac cheana cérbh iad na hóglaigh a roghnódh sé féin.

 

Doratadh o Chormac in dail-sin.

Dheonaigh Cormac an mhoill.

The request was granted *by Cormac*.

 

 

Cormac had already decided on the five who would take part in the challenge on his account.

Doronadh comhairli ag feraibh Mumhan frisin re sin

*Rinneadh comhairle ag Fir Mhumhan leis an ré sin.*

*During this time, the Munstermen came to a decision

ocus ro chindset gach aen dibh no gebhudh do laimh.

Roghnaigh siad cé acu a throidfeadh sa chomhrac aonair.

and selected those who would take part in single combat.*

Ocus is eadh frith oc feruibh Muman do thincsin an comhlainn: ochtar ar cethri cetaibh

As an iomlán roghnaigh Fir Mhumhan 408 bhfear *chun an cath a thabhairt*.

The Munstermen selected 408 men in all *to fight the battle*.

ocus enainm for cech fichit dibh-sein ocus taisech for cech fichit

Rinne siad iad a roinnt i ngrúpaí, fiche i ngach grúpa

They were to be divided into groups of twenty with a single name for each group — that of the taoiseach (leader).

ocus in t-ainm no bidh for an taiseach iss edh no bidh for a fichit

agus ainm thaoiseach an ghrúpa ar an mbuíon ar fad.

The name which the taoiseach bore was also that of his group of twenty.

ocus dano ba comhlunn fichit in taiseach

Bhí an taoiseach in ann fiche a throid

The taoiseach was a fighter of twenty men

ocus ba comlunn nonbur gach fer in gach fichit.

agus gach fear eile sa ghrúpa in ann naonúr a shárú.

and each man in his group was capable of fighting nine.

It é annso na h-anmanna ro batar for na fichtibh

Seo ainmneacha na mbuíonta:

Here are the names of the groups:

.i. fiche Finn ocus fiche Failbhe,

Fiche Finn, Faílbhe,

Fionn, Faílbhe,

fiche Finghen, fiche Ferghus,

Finghen, Fearghus,

Finín, Fearghus,

fiche Fiacha, fiche Finnchad,

Fiacha, Fionnchadh,

Fiacha, Fionnchú,

fiche Dond, fiche Daire,

Donn, Dáire,

Donn, Dáire,

fiche Domnall, fiche Forgarb,

Domhnall, Forgarb,

Dónall, Forgharbh,

fiche Tren, fiche Mureadhach,

Tréan, Muireadhach,

Tréan, Muireadhach,

fiche Treinfhear, fiche Feilimidh,

Tréanfhear, Feilhmidh,

Tréanfhear, Feidhlimidh,

fiche Donnchad, fiche Conall,

Donnchadh, Conall,

Donnchú, Conall,

fiche Cobthach, fiche Dubthach,

Cobhthach, Dubhthach,

Cofthach, Dufthach,

fiche Dael, fiche Dinertach,

Daol, Dineartach,

Daol, Dineartach,

fiche Diarmud, fiche Ciar,

Diarmad, Ciar,

Diarmaid, Ciar,

fiche Crimthan.

Criomhthan.

Criofthan.

Back to top

 

Section 44

Ro gabustar dano Mogh Corb, mac Cormaic Cais meic Oililla Oluim do láimh laidhiud

*Freisin,* Mogh Corb mac Cormaic Chais mhic Oileall Óloim, a bhí mar spreagaire

*Also,* Mogh Corb, son of Cormac Cas, son of Oileall Óloim undertook the office of ‘Inciter’

gach fir no raghadh o fheraibh Muman asin comlunn.

ag gach trodaire ó Chuige Mumhan agus é i mbun chomhrac aonair.

for each of the Munstermen who engaged in single combat.

Ro gabhustar didiu Cairbre Lithfacair
mac Cormaic do láimh láidhiud gach fir no ragadh o Leith Cuinn isin comhlunn.

Cairbre Lifeachair *mac Cormaic, ámh,* a bhí *mar spreagaire* ag Leath Choinn.

*However,* Cairbre Lifeachair *mac Cormaic* was inciter for combatants on the side of Leath Choinn.

Act ni ro ghaibh nach dhibh do laimh
dul isin comlunn

De na Laighnigh, áfach, níor ghlac leis an gcomhrac aonair

None undertook the task of single combat *, however,*

acht in cuicer druadh tuc Cormac as Sith Cleitigh

ach na cúig draoithe a thug Cormac leis ó Shí Chleitigh,

except for the five druids that Cormac had brought with him from Sí Chleithigh.

.i. Colptha ocus Lurga, Errgi ocus Eng ocus Engain.

’sé sin le rá: Colpa, Lorga, Eirge, Eang agus Eangain.

These were: Colpa, Lorga, Eirge, Eang and Eangain.

Back to top

 

Section 45

Tainig tra Colpa roime siar cu Raithin in Imairic

Ghluais Colpa siar ansin go Ráithín an Iomardaigh,

Colpa then proceeded westwards to Ráithín an Iomardaigh,

i lleith aniar thuaidh d’Ath na nOc, frisin apar Ath Colpa inniu.

aniar aduaidh ó Áth na nÓg. Áth Cholpa a ghlaotar ar an áit anois.

to the north-west of Áth na nÓg. This ford is now known as Áth Cholpa.

Do deochaidh Finn Fidhrinde

D’imigh Fionn Fírinne

Fionn Fírinne proceeded

do thincsin Colptha cu Raithin in Imairic ra hAth Corcomaigen aniar dheas

siar ó dheas taobh le hÁth Chorcamaighin chun bualadh le Colpa ag Ráithín an Iomardaigh.

south-west by Áth Chorcamaighin to meet Colpa at Ráithín an Iomardaigh

frisinn abar Ath Colphta [leg. Ath Colptha] beos.

 

(Áth Cholpa).

Ocus a dhá bhfhear laidhthi leo .i. Mogh Corb ocus Coirbre.

Bhí a spreagairí — Mogh Corb agus Cairbre — in éineacht leo.

They were accompanied by their inciters Mogh Corb and Cairbre.

Gabhustar cach dhibh og agallaimh araili

Thosaigh an bheirt acu ag comhrá lena chéile ar dtús

Each one of them engaged the other in conversation

ocus oc tincsin in chomhluinn. Ocus mar ráinic do chach dib isin áth

agus ansin thosaigh an troid ar shroicheadh an Átha dóibh.

and then the fight began as they reached the ford.

robtar inilldhírghi na h-urchair

Ba dhíreach na hurchair,

Straight were the casts,

ocus robtar cruaidh na crideadha

ba chrua na croíthe,

cruel the hearts,

ocus roptar bailce na beiminna;

b’ ollmhór na béimeanna,

mighty the blows,

beridh cach dibh beim ar beim dia cheili fon tuaraim-sin ocus fregra fon tacra.

 

slash for slash *in this manner*,

Ocus ro bui cach dhibh oc imesarcain a cheli

gach duine den dís ag leadradh a chéile,

each one trouncing the other

 

béim ar bhéim *sa tslí sin*,

 

gu tancatar dubhuchu deridh lai;

go dtí go dtáinig duibhe agus deireadh lae orthu.

until darkness set in at the end of the day.

No ragduis immorro eoin ar cromluamain tria chorp Find;

Bheadh éin, agus iad ag eitilit, *ámh,* in ann sleamhnú isteach agus amach trí ghonta chorp Fhinn.

Birds in flight could slip in through the wounds on Fionn’s body *, however,*

acht cena ni raibhi nach comhardha or churp Cholptha,

Maidir le Colpa áfach, ní raibh rian ar a chorp

but as for Colpa he bore no trace of hurt,

ár ní geibhtis renna ná ilfaebra he

toisc nach raibh lann ná sleá in ann é a pholladh

for spear and lance could not penetrate him

ar mhét a druidhechta.

de bharr a dhraíochta.

— so great was the power of his magic.

Acht cena ro scarad Colptha fa tri ra armaib isin lo-sin,

Baineadh a chuid arm de áfach trí huaire i rith an lae

Colpa was, nevertheless, deprived of his arms three times during the day

ocus doratait ardaínicne air a n-ecmais marbhtha.

agus cé nar maraíodh é d’fhulaing sé morán tubaiste.

and as a result sustained considerable damage without being killed.

Ocus ro dealuighset o tancatar dubacha deridh lai

Le titim na hoíche scar siad ó na cheile

When darkness fell at the end of the day they separated from each other

ocus dochoidh cach dhibh dia longport.

agus d’fhill ar a gcampaí.

and returned to their respective camps.

Back to top

 

Section 46

Ba crechtach crolinntach Finn in aigche sin

Bhí Fionn go créachtach crólinnteach an oíche sin

ocus ro gheall a briathar dhó cu mad hé no thincfedh in comlunn do arna barach;

ach mar sin féin gheall sé go dtroidfeadh sé arís lá arna mhárach.

ro thinc Finn tra in comlunn gu cenn tri lá fon tuaruim-sin

Lean sé ar aghaidh sa tslí sin ar feadh trí lá

ocus dorochair iarsin

go dtí gur maraíodh é faoi dheireadh

iar ndul do Colptha i formna a feasa ocus a eolusa a dhiabaldain ocus i muinighin a dea.

tar éis do Cholpa a neart draíochta a bhailiú le chéile agus dul i muinín a dhé.

Dorochratar tra in fiche Finn la Colptha on mud-sain.

Mar an gcéanna le fiche eile. Mharaigh Colpa iad go léir *iarsin*.

Ocus ni nar bat cruaidhi na cridhedha

Níor tharla an treascairt de bharr easpa crógachta

ocus ní nar bat bailce na beimeana

na cruabhéimeanna

ocus ní nar bat inillddirghiu na hurchair uaidhibh do Colptha,

*ná urchar díreach uathu* i gcoinne Colpa.

acht níis raba diabaldan acu do freacra dho.

Tharla an tubaiste toisc nach raibh in arm na Mumhan fear a dhiongbhála le fáil ó thaobh draíochta de.

Back to top

 

Section 47

O thairnic tra in comhlunn-sin, tainic Lurga for in ath cedna

Nuair a bhí an comhlann sin thart tháinig Lorga *ansin* go dtí an áit chéanna

When that fight had ended, Lorga *then* approached the same ford

ocus ro fhuacair comhlunn for feruibh Muman.

agus d’fhógair comhrac aonair ar Fhir Mhumhan.

and challenged the Men of Munster to single combat.

Ro tincedh o na Failbibh sin.

Seal bhuíon Fhaílbhe a bhí ann ansin

It was now the turn of Faílbhe’s group

Dodhechaid Failbhe mac Fedhuigh isin comhlunn.

agus thug Faílbhe mac Feá aghaidh ar Lorga.

and Faílbhe mac Feá himself advanced to the fight.

Ocus rob inilldirach ro freagradh an comlunn aigi ocus ba cruaidh ocus ba calma.

Ba chrua agus ba chalma an troid a rinne sé.

Stoutly and bravely he fought.

Ocus eimilt a innisi in engnamha doronadh isna comhlannuibh-sin uili ar as í a n-innisi cetna beos.

Ní bheadh ann ach meilt ama na heachtraí go léir a deineadh sa chomhlainn sin a áireamh

It would be a waste of time to recount all the glorious deeds performed during this series of single combats.

Is amlaid-sin tra ros caithit ocus ros dithaighit lucht in chomhluinn uili ó feraibh Muman.

ach i ndeireadh na dála maraíodh na Muimhnigh uile a ghlac páirt sa chomhrac aonair agus níor fágadh fear inste scéil díobh beo.

The fact is that all the Munstermen who engaged in single combat were killed without exception.

Con drochair ochtmoga ocus da céd ann d’feruibh Muman

San iomlán, thit 280 laoch d’fhir Mhumhan *ann*

In all, 280 of the Men of Munster had fallen *there*,

ocus ni thiced o Chormac isin comlunn acht Colptha ocus Lurga iar sealuibh ocus sistibh.

agus as slua Chormaic níor throid ach Colpa agus Lorga *i ndiaidh a chéile*.

and on Cormac’s side only Colpa, and Lorga who succeeded him, had actually taken part in the battle.

Cunad annsin ro dhiultsat fir Muman in comlunn aeinfhir.

I ndiaidh an ruathair sin dhiúltaigh na Muimhnigh dul ar aghaidh leis an gcomhrac aonair a thuilleadh.

So, after this, the Men of Munster refused to fight any more in single combat.

Back to top

 

Section 48

Ro cuingedh o Chormac comhlunn cét ar feruibh Mumhan.

D’fhógair Cormac comhlann céad ar Fhir Mhumhan ansin, ’sé sin le rá comhrac ina mbeadh céad fear ar gach taobh.

Cormac then called for a military combat in which a battalion of one hundred men on each side would take part.

Dodhechatar atuaidh ann-saidhe tri h-ingena Mhaoili Miscaidhche

Ba um an dtaca seo a ghabh trí iníon Mhaol Mhisceadach

It was at this point that the three daughters of Maol Mhisceadach

.i. Errgi ocus Eng ocus Engain,

— Eirge, Eang agus Eangian

— Eirge, Eang and Eangain

 

— ó dheas.

— marched southwards.

in deilbh tri caerach leachtna

Trí chaora donna — b’ shin an cruth a bhí iontu,

They had taken on the form of three brown sheep

gu cnesaibh congnai,

craiceann adhairce acu,

with impenetrable skins of horn,

gu cennuibh cnamha,

cinn chnáimhe,

heads of bone,

gu nguilbnibh iaruind,

goba iarainn acu

and beaks of iron

gu neimh dhitha ced ra h-uair comhluinn.

agus gal nimhneach ag teacht uathu a  leagfadh céad fear i bpáirc an áir.

distilling poisonous vapours capable of killing one hundred men at the hour of battle.

Ocus dano ní isgeibhdis [leg. niís geibhdis] renna na foebra in betha loe na finna dhoibh.

I dteannta sin, ní fhéadfadh lann ná sleá ribe dá lomraí a ghearradh.

All the spears and lances in the world were incapable of cutting a strand of their fleeces *, moreover*.

Ro tinced o feruibh Muman in ‘comlunn ced’

Rinne Fir Mhumhan ullmhú don ‘chomhlann céad’ seo.

The Men of Munster prepared for this ‘Comhlann Céad’.

ocus ra coraighit na cliatha cruaidhi conacalltha do ghaibh coirrbreaca cruaidh gera i llamibh leo,

Rinne siad sleánna crua géara daingeana as craobhacha *crua* agus d’iompair siad iadsan ina lámha.

From hard branches they made solid, sharp, enduring spears to carry in their hands

gu leibenn sciath retlannach i timchill in tsloigh

Bhí múr daingean de sciatha *réaltacha* timpeall ar an slua

and with a rampart of starry shields surrounding the company

ocus tri chlaidibh troma thortbhuilledha a n-intighibh dhoibh

agus trí chlaíomh réiteacha troma *ina dtruaillí acu*

and three heavy hard-striking swords in their scabbards

gu sleaghuibh sodhibraicthe leo ra hairitin aidh agus irgaili ocus ra tinnscetul deabhtha.

agus lanna a bhi éasca le díriú i gcroílár catha acu agus iad ag déanamh ar shuíomh an chomhraic.

and with lances easy to aim in the press of battle, they advanced to the fray.

Ocus o ro comhraicset

Nuair a bhuail an dá bhuíon sin ar a chéile

When the two companies met

anes ocus atuaidh

— dream amháin ag teacht aduaidh agus dream eile ag teacht aneas

— one coming from the north, the other from the south

imsou cach co a chele dhibh.

— chas siad ar a chéile agus thosaigh an treascairt.

— *they turned on each other and* the fight began.

Back to top

 

Section 49

Ro chaithset fir Mumhan forcla a n-arm in la-sin

Chaill Fir Mhumhan an chuid ba mhó dá n-arm an lá sin

The Men of Munster lost the best part of their army that day

oc ursclaighi ocus oc imditen a corp ar na caeiribh.

agus iad ag iarraidh iad féin a chosaint ó ionsaithe na gcaorach.

warding off the attacks of the sheep and defending their bodies from them.

Ocus ciar bat inilldirghi na h-urchair ocus giar bhat bailciu na beimeanna o fheraibh Mumhan do nacaeribh [leg. na caeribh]

Ba dhíreach urchair na Muimhneach *leis na caoirigh*, ba throm a mbéimeanna, ach dá ainneoin sin,

Though accurate the aim and heavy the blows which the Men of Munster directed at the sheep,

ni ro dipad ar lo nach ar finna dhoibh

níor gearradh ribe de lomraí na namhad.

not a rip of their hair was cut.

ocus dano ni ra chumhcaiset-som ní do feruibh Mumhan in la-sin, acht brudh airm ocus éidid.

Níor éirigh leo *ar an lá sin, ámh,* ach a ngléasanna catha féin a mhilleadh.

All the Munstermen succeeded in doing on this first day *, however,* was to smash their own weapons and armour.

Ocus o thancatar cricha in lai ocus urthosach na h-oighthi

Ag deireadh lae agus crónachán

At the end of the day *and the beginning of night*,

imsoe cach o chele dhibh

chas an dá bhuíon i leataobh

the two companies *separated and*

ar amus a longphort.

agus d’imigh gach dream díobh chuig a longfort féin.

went off to their respective camps.

Back to top

 

Section 50

Tancatar dano i mucha lai arna mharach fon tuaraim cedna i freacar in chatha ocus immarainic imesarcain doibh isin
ath.

Go moch ar maidin lá arna mhárach, *áfach,* dhruid an dá thaobh le chéile agus thosaigh an treascairt agus an leadradh arís *ag an áth*.

Early next morning, *however,* they came again and fell to smiting and battering each other *at the ford*.

Ocus nir bo finncloistena do cetra cuicedaibh Eirenn co a longportuib

Chuala ceithe cúigi na hÉireann agus a longfoirt torann an chatha

It was no pleasant sound the four provinces of Ireland and their camps heard

sceallghar na sciath

— briseadh sciath,

— splintering of shields,

ocus cruaidhbheimnac na claidium

béimeanna claimhte,

resounding blows of swords,

ocus briscbruar na n-arm

milleadh arm

smashing of armour

ocus imesarcain na curad fris na caeirigh.

agus fothram na laochra agus na gcaorach.

and massacre of warriors *by the sheep*.

Ocus ciar bhu cruaidh ocus ciar bu curata ro freacrait na cairigh o na sloghuibh in la-sin,

Fiú amháin agus na Muimhnigh ag troid go calma luathlámhach *leis na caoirigh ar an lá sin*,

Even though the company fought fiercely and heroically *with the sheep on that day*,

araidhe dochuatar na cairigh treothu ocus tarrsa

d’imigh na caoirigh tríothu agus tharstu

the sheep went through the ranks and over them

ocus ros dicennsat co leir

ag dícheannadh na n-óglach *go léir*.

and cut off the heads *of all* of the warriors

ocus ro facbad in drong-sain insin

D’fhág siad ansiúd iad,

and they left all the troop in that place,

bonn fria medhe ocus meidhi fri bonn ocus doit fria doit

bonn le méidhe agus méidhe le bonn, gualainn le gualainn

heel to headless neck, headless neck to heel, shoulder to shoulder

ocus doronsat na cairigh dumha da n-eduighibh ocus da n-armuibh ocus carn dia cennaibh

agus rinne na caoirigh trí charn — carn dá n-éadaí, carn dá n-airm agus carn dá gcloigne

and the sheep made heaps of their clothes and their weapons and their heads

ocus forfacuibhset fon tuaraim-sin

*agus d’fhág siad iad sa tslí sin*.

and left them there *in this manner*.

ocus imsoe cach o araili dhibh co a longportaibh.

Ansin d’fhill siad ar a gcampa.

Then they returned to camp.

Ocus beruit fir Muman faidhbh a muindteri leo.

Bhailigh Fir Mhumhan taisí a muintire.

Then, the Munstermen gathered up the remains of their people.

Conad amlaidh sin dorochuir int ochtar ar cethri cedaib d’feruibh  Mumhan.

Fuair 480 fear bás sa chath *ar an tslí seo*.

This was the way in which the 408 Men of Munster fell.

O thancatar [leg. thairncetar] immorro na comlunna-sin

 

 

ro rathaigset fir Mhuman cur bho iluch damhraidi moiri rous dith uili amhlaidh sut.

Bhí a fhios ag na Muimhnigh gurbh iad na caoirigh a ba chúis leis an slad

The Munstermen concluded that this complete disaster was due to the sheep

Ocus is edh doronsat foi-sidhe a n-ainfiallach do leacud

 

 

ocus ni ro tincset in comhlunn eitir o sin imach.

agus ní rachaidís ina gcoinne a thuilleadh.

… and they would fight no more.

Back to top

 

Section 51

Ro cuingedh in cain iarsin o Chormac ocus ni tucadh do.

D’éiligh Cormac na cánacha ar Fhir Mhumhan arís *iarsin* ach diúltaíodh iad dó.

After this, Cormac again demanded the tribute but it was refused.

Is annsin adubairt Cormac ra a druidhibh:

Labhair Cormac lena dhraoithe ansin:

Cormac then addressed the druids:

“Caidhi in ní ro gheallabhair dam-sa?”

“Nár gheall sibh rud éigin a dhéanamh dom?” ar sé.

“What is this you promised me?”

— “Ca ret do gheallsam duit?” ar siat.

“Cad a gheallamar duit?” ar siadsan.

“What did we promise you?” they asked.

— “Do gheallabar dhamh”, ar se,

“Gheall sibhse dom,” ar sé,

“You promised me,” said he,

“tart do thabairt ar lucht in chuicidh-si,

“triomach a chur ar an gcúige seo.

“to cause a drought in this province;

ocus srotha ocus uisge in cuicid do dhicleith

Gheall sibhse dom na srutháin a thriomú agus an t-uisce a chur faoi cheilt

you promised me that the streams and water would be concealed

acht na mbiath dibh ocum fhoghnamh fein ocus ac foghnam mu shloigh.

ach amháin an méid a bheadh ag teastáil uaim féin agus ó mo shlua.

except for what I need for myself and for my army.

Ar ni toebh rem nert fein doratus

Ní hé i mo neart féin *a chuir mé mo mhuinín

For it is not in my own power that I have put my trust,

na doberim

ná* a chuirim mo mhuinín

nor indeed do I put my trust now,

acht is edh ro gheallabhur-si dano,

ach *freisin* sa ghealltanas a thug sibhse dom

but *also* on the promise you made to me

gach eicendail budh ail damh do thabairt ar an cuiced

cruatan agus crá a thabhairt do mhuintir na Mumhan.

to inflict every calamity I desired on this province.

gan chath, gan chomlunn uaim-si doibh

Sa tslí sin, ní bheadh aon ghá le cath a chur

In this way the necessity of engaging them in battle will be avoided

acht an eicen doberthai-si forro

agus táim ag brath ar an dua a chuirfidh sibhse orthu

and I depend on the trouble you can cause them

no gu nam toire-sa mu riar cu h-ait a mbeinn”.

chun mo chánacha a fháil uathu.”

to have my tribute brought to me.

Back to top

 

Section 52

Ra dhichelsatair iarsin uisgi in cuicidh uili

Chuir na draoithe an t-uisce i bhfolach iarsin

The water supplies were then concealed by the druids

acht in cutraime no foghnad do Chormac ocus da sluagh,

taobh amuigh den mhéid a bheadh ag teastáil ó Chormac agus a shlua.

except for what was needed by Cormac and his troops.

ocus ni raibhi dicheilt doibh-sidhe forro.

*Níor cuireadh an t-uisce i bhfolach orthusan.*

*The water supplies were not concealed from them.*

Ocus dano tucsat tart ocus ita ar lucht in cuicid uili

Thosaigh an spalladh *ansin* agus luigh sé go trom ar an tír *go léir*,

Drought set in *then* and lay heavily on the *entire* land,

iter daine ocus almhai ocus innile.

ar na daoine agus ar na beithígh.

on the people, their herds and cattle.

Ro cuinghedh in cain iarsin o Chormac ocus ni tucadh do.

D’éiligh Cormac na cánacha arís ach dhiúltaigh na Muimhnigh géilleadh dó.

Cormac again demanded the tribute and again it was refused.

Is e ní arroimpaset fir Mumhan iarsin, uair nach scemnta nó sirthi doghnidh Cormac:

Um an dtaca seo ní raibh Cormac á n-ionsaí a thuilleadh agus ina ngátar bhí laochra na Mumhan *iarsin*

Since Cormac was making no further sudden attacks on them, the strategy resorted to *then* by the Men of Munster

loimm ocus ass ocus medg do thabairt cuca o a muindteruibh

ag fáil bainne agus meidhg óna muintir

was to obtain milk and whey from their people,

a ngach inad a mbitis.

*i ngach ionad a mbídís le fáil*.

wherever such was available.

Ro hinnised do Chormac sin ocus ro raidh fria draidhibh:

Insíodh é seo do Chormac agus dúirt lena dhraoithe:

Cormac was informed of this and he said to the druids:

“Cidh dia ndingnet fir Muman aitidiugud damh-sa

“Conas a ghéillfeadh Fir Mhumhan dom

“How can the Men of Munster be expected to submit to me

gin gu faghbhat uisge cein fogabhut ass ocus loim ocus medg?”.

agus bainne agus meadhg le fáil acu in ionad uisce?”

since they still have milk and whey in place of water?”

— “Ni duilghi lin-ni”, ar siat,

“Ní sé níos deacra dúinne,” arsna draoithe,

“It is no more difficult for us,” said the druids,

“a llacht do breith o na buaibh

“bainne a gcuid bó a bhaint díobh

“to take the milk from their cows

inat na husgedha do dhiclith ar na sloghuibh”.

ná an t-uisce a chur faoi cheilt.”

than to hide the water from them.”

Conadh ann-sin rucsat a lacht o na buaibh.

Ghabh na draoithe ansin ar bainne na mbó a chur de dhíth orthu

The druids then proceeded to deprive the cows of their milk

Ocus dano tucsat tart for echaibh ocus cairibh ocus buaibh ocus ar uilibh innilib in cuicid.

agus *, mar sin,* thit an triomach ar chaoirigh, ar bha, ar chapaill agus ar na beithígh go léir *sa chúige*

and *so* the drought fell on horses, sheep and cows and all the cattle of the province.

Ocus cia mad idir sloghaib in cuicid uili no betis ní mo do boghéimnigh ocus do shitrigh ocus do sreodhfadaigh doghendais almhai in cuicid.

go dtí nach raibh fuaim eallaigh le cloisteáil sa limistéar ar fad *in ainneoin líon na ndaoine sa chúige*.

Despite the number of people in the area, no lowing of cows was to be heard, no sound of horses or cattle throughout the whole region.

Back to top

 

Section 53

Ro cuinghedh in chain iarsin o Chormac ocus ni tucadh do.

D’éiligh Cormac na cánacha uair amháin eile agus dhiúltaigh Fir Mhumhan dó arís.

Cormac again demanded the tribute and again met with refusal.

Is e ni doronsat fir Mumhan iarsin,

Thosaigh Fir Mhumhan ar ligean fola iarsin sa chruachás ina raibh siad.

The Men of Munster now resorted to blood-letting.

fuil do lecud as a n-almhaibh ocus as a n-innilibh

Tharraing siad fuil a n-eallaí

They let the blood from their herds and cattle

ocus a tabuirt i leastraibh ocus a tabairt cuca i featanaibh.

isteach i soitheach agus d’ól siad an fhuil trí fheadán.

flow into vessels and they imbibed it through a tube.

Ocus is edh roghnitis, drucht do tinol gacha madanraidh

Bhailigh siad drúcht na maidine

What they did was: they gathered the dew each morning

ocus a chur triasin fuil

agus mheasc siad leis an bhfuil é

and mixed it with the blood

ocus a lecud amlaidh sin

*agus d’fhág siad mar sin í*

allowing it to set

no gu ndernad linnfhuil de

agus san fhoirm thanaí seo

so that it became a kind of watery blood

ocus a h-ol iarsin tria cuisleannaibh ocus tria fedanaibh.

bhí siad in ann í a ól *trí fheadán*.

to be taken through a stalk or pipe.

Cidh tra ro fannuigeadh iat-som de-sin

Ach mar sin féin, de bharr a ngéarchéime, d’éirigh siad lag

In this desperate plight, *however,* the people grew weak

ocus, ro lethnuighset a tengtha ocus ruc[oi]dh a n-urlabra uathaibh

agus d’at a dteangacha go dtí go raibh sé deacair dóibh labhairt.

and their tongues began to swell so that they were unable to speak;

act ruc a luth ocus a lathar, ruc a nert ocus a tract ocus a seitir uaidibh,

Chaill siad a neart agus a luadar agus a mbrí

they lost their agility, their energy, their strength and vigour,

conadh ar eicin do thuicedh nech dibh ní do irlabhra ó a chele.

agus is ar éigean a bhí siad in ann iad féin a thuiscint an t-am a d’éirigh leo caint ar bith a dhéanamh.

so that they could hardly understand each other when they spoke.

Back to top

 

Section 54

O ro rathaigh Fiacha a mbeith ar bru bais ocus ecca ocus oigeda fon n-innus-sin do raid friu:

Nuair a d’airigh Fiacha go raibh siad ar an dé deiridh agus i mbéal an bháis dúirt sé leo:

When Fiacha realised that they were at the brink of death in this appalling situation he said to them:

“Gach recht co h-eicin”, ar se, “dealluighter dhibh fein

“Gach reacht go h-éigean — is léir daoibh é seo

“Every law holds until necessity intervenes — this is clear to yourselves

ocus gach ni ro chuinigh Cormac ocus ima tainic o bic gu mor, tabhur do”.

mar sin, imígí chuig Cormac agus tugaigí gach rud dó, beag agus mór araon.”

so, give Cormac everything he has demanded, whether great or small.”

Do cuas uaidib iarsin do shaichtin Chormaic, ocus do raidh in tecta:

Cuireadh teachtaire *uathu* chuig Cormac ansin.

A messenger was *then* sent to Cormac *from them*.

“A Chormaic”, ar se, “gach ní uma tanacuis o bhic cu mor, doberthar duit”.

“A Chormaic,” ar seisean, “tabharfar gach rud atá ag teastáil uait duit, idir bheag agus mhór.”

“O Cormac,” said he, “everything for which you came will be given you, whether small or great.”

Do eirigh borrfad ocus diumus romor a Cormac ocus a maithibh Lethi Cuinn de-sin

Nuair a chuala Cormac agus maithe Leath Choinn an teachtaireacht sin d’éirigh borradh agus díomas iontu.

On hearing this, Cormac and the nobles of Leath Choinn swelled with overwhelming pride.

ocus do raidset fria Cormac:

Dúirt uaisle Leath Choinn le Cormac:

The nobles said to Cormac:

“Ní ra gaibter feibh na ferunn”, ar siat, “on righ ghebus in chain-sin

“*An rí a fhaigheann an cháin sin,* nár ghlaca sé le fearann ná ómós,

“Let the king who receives this tribute accept no honours or land

o nach tucadh dhó co Temhraigh hí,

mar níor tugadh an cháin go dtí Teamhair na Rí.

since the tribute was not brought to him to Tara.

no gu tardtar ní bhus ail ocus bus inbail ocus bus anduthcha ocus bus airrius ar in cuiced-sa gu brath

Ach tabharfar íde agus crá náireach don chúige seo go deo na ndeor

But let a disgraceful, humiliating punishment be meted out to the people of this province in perpetuity,

a n-inad a imluaidh o a tigh”,

toisc é a dhíbirt óna thigh.”

on account of driving him from his home.”

ar ro ba doigh leo-som nach ar ben sluagh no dligeadh in ro chuinnigh Cormac gin gu tucadh sluagad fair dia cuingid.

Cheap an uaisle nár sháraigh Cormac an dlí agus mar sin, nach raibh sé ceart brú a chur air dul i mbun slógaidh chun a chánacha dlisteanacha a fháil.

The nobles considered that Cormac did not transgress the law by his demands and thought that he should not have had to undertake an expedition to collect his taxes.

Back to top

 

Section 55

Ocus ro thogad acu-san in ail ocus in anduthcha

Rinne na maithe rogha iarsin de na pionóis náireacha

The nobles then made a selection of the following humiliating condition

dobertha ar an cuicedh ar aen risin cain úd

a chuirtí ar na Muimhnigh i dteannta na gcánach

to be imposed on the province along with the taxes

ocus a rochtain dho dia thigh.

agus as sin amach bheadh orthu na cánacha a iompar go Teamhair.

— which were required to be taken to Tara.

Ocus as í anduthcha ro togad ann:

Cuireadh na pionóis seo a leanas orthu:

*This was the penalty imposed on them.*

biadh budh ingantach ocus budh ingnathach do thabairt in gach raithe o gach righ abhus da gach righ budh thuaidh

Gach ráithe bheadh ar gach rí abhus an bia ab fhearr agus ab iontaí le fáil a thabhairt do gach rí thuaidh;

Each quarter year, each king in the south was obliged to send to each king in the north the best and rarest of foods;

ocus o gach righdamna abhus da gach rigdamna budh thuaidh,

mar an gcéanna le gach rídhamhna abhus le gach rídhamhna thuaidh

the same held for each rídhamhna (heir apparent to the kingship) in the south to each rídhamhna in the north,

ocus o gach oicthighernd abhus da gach oictigern budh thuaidh

agus gach ógthiarna abhus le gach ógthiarna thuaidh

and for each ógthiarna (sub-chieftain) in the south towards each ógthiarna in the north

ocus mac nó ingen gach fir ibhus i laimh gach fir budh thuaidh

agus mac *nó iníon ó gach fear abhus le gach fear thuaidh mar* ghiall

and a son or daughter from every man in the south to be put into the hands of every man in the north

frisin cain-sin do chomallaimh

agus mar urra go ndíolfaí an cháin.

as a guarantee of the payment of the tribute.

ocus intan nach fuighthe sin o gach fhir ibhus

In easpa cánach

Whenever that was not paid,

a mhac no a ingen do mharbad

chuirfí na gialla chun báis

the son or daughter was to be killed

ocus gial nua dara eisi ocus in biadh do ic iarum.

agus bheadh orthu gialla eile a chur ina n-ionad chomh maith leis an mbia.

and a new hostage provided and the food to be delivered after that.

Ocus dano naomhad gacha toraid no fhasfudh i crich Muman d’idhnacul budh tuaidh

Chomh maith leis sin, bheadh orthu an naoú cuid de bharra na Mumhan a chur ó thuaidh

Moreover, the ninth part of all crops grown within the Munster region was to be sent to the north

gan dul a n-airiumh chána ná smachta.

i dteannta na ndualgas eile.

*in addition to the other obligations*.

Tancatar techta Cormaic rissin.

*Thángadar teachtairí Chormaic leis sin.*

*Cormac’s messengers came with this.*

Ocus ro fhoemhadh ac feraibh Muman in cain-sin ciar forlunn

Ghlac Fir Mhumhan leis na coinníollacha troma seo

The Men of Munster accepted the *harsh* conditions

ar mhet na heicne i rabhutar.

de bharr a ngéarchéime.

*because of the predicament they were in*.

Back to top

 

Section 56

Intan tra ro bhatar Dairine ocus Dergthine isin ghabhadh-soin

Agus Dáirine agus Deargthine sa tsáinn seo, *áfach,*

Just when Dáirine and Deargthine found themselves in this predicament, *however,*

is and do riacht athair mathar Fiachach Mullethain isin mordhail cuca,

tháinig athair mháthar Fhiacha Mhoilleathain chun agallaimh leo.

the father of Fiacha Moilleathan’s mother arrived to confer with them.

.i. Dil mac Da Creca

Dil mac Da Creiche ab ainm dó siúd

His name was Dil mac Da Creiche

o ata Druim nDil isna Deisibh,

agus is ón bhfear sin a ainmnítear Droim nDil i nDéise Mumhan.

and Druim nDil in Déise Mumhan is called after him.

ocus o atat Crecraige na hEirenn

Is uaidhsean, chomh maith, a shíolraigh an treibh sin Creacraighe na hÉireann.

From him, also, the Creachraí tribe of Ireland is descended.

ocus do ghabh Fiacha ar a acallamh ocus do raidh:

Chuir Fiacha ceist air:

Fiacha asked him:

“Caidhi bar ndraidecht-si?

“Cá bhfuil do chuid draíochta go léir anois?

“Where is all your magic now?

bur ndraidecht in leithi-sea?

Cá bhfuil draíocht an deiscirt?

Where is the magic of the south?

intan na hetuidh furtacht, na foiridin, forne isin gabad i tam?”.

Cén fáth nach bhfuil sibh in ann faic a dhéanamh *dúinn sa ghéarchéim seo*?”

How is it that you cannot help us in this appalling situation?”

“Ni thic dhín,” ar Dil.

“Níor éirigh linn ….” arsa Dil.

“We haven’t succeeded ….” said Dil.

“Fort a conaingcel”, ar Fiacha,

“Níor éirigh,” arsa Fiacha,

“No,” said Fiacha,

“ar, gen gu tised dhibh acht uisge namma do thabairt duin,

“níor éirigh libh uisce a sholáthar dúinn, fiú. Ach uisce a bheith againn

“if you had provided water only,

ni aomhfamais in cain úd

ní ghéillfimis don bhóramha,

we would never have conceded the tribute

cein no beth nech i mbethaid isin cuiced;

fad is a bheadh duine amháin beo sa chúige.

— not as long as one person remained alive in the province.

ocus in bhfetrais bhós”, ar se “nech aile isin cuiced-sa dia tised ar bhfoiridhin?”

An bhfuil aithne agat ar aon duine *sa chúige* a chabhródh linn?”

Do you know of anybody in the area who could help?”

“Ni fhetar amh”, ar Dil “acht mene thised dott oidi-fein, do Mhogh Ruith,

“Níl, *go deimhin,*” arsa Dil, “ach amháin Mogh Roith, b’fhéidir, d’oide féin.

“No, *indeed,*” said Dil, “except perhaps for your own teacher Mogh Roith,

ár is ra laimh-sidhe doronus-sa h’altram-sa.

Ba le cabhair uaidhsean a d’altramaigh mise tusa.

for it is with his aid that I fostered you.

Ocus dano is é ro thairngair dait-si in la rot rucadh

Ina theannta sin, ba eisean a rinne an réamhfháistine lá do bhreithe

Moreover, it was he who made the prediction on the day of your birth

in fhorbhuis i ta Leth Cuind fort aniu

go dtitfeadh an fhorbhais seo Leath Choinn amach.

that the siege by Leath Choinn which you are under today would take place.

ocus ni thic do neach h’foiridin muna thi dhe-siumh

Mura bhfuil Mogh Ruith in ann cabhair a thabhairt duit ní éireoidh le haon duine.

If Mogh Roith cannot help you nobody can,

 

Chaith seisean an chéad sheacht mbliana dá shaol ag foghlaim draíochta agus gintlíochta

for Mogh Roith spent his first seven years occult training

ár is i Sith Cairn Breacnatan,

i Sí Charn Breachnatan

in Sí Charn Breachnatan

ic Ban Buanainn, bandrai ingen Dergdhualaigh

faoin mbandraoi Banbhuana, iníon  Deargdhualach.

under the direction of the druidess Banbhuana, the daughter of Deargdhualach.

ro fhoghluinn Mogh Ruith foghluim na seacht ceidbliadhan.

 

 

Ocus dano ni fhuil i Sidh ná gan Sidh ibhus na thall

Agus *, ina theannta sin,* níl, taobh istigh den sí ná taobh amuigh de, abhus is thall,

Neither inside nor outside of the dwelling place nor in any other place, is to be found *moreover*

draidhecht nach derna,

draíocht nach ndearna sé,

a form of magic which he has not practised,

ar ni dhechaid duine con a churp d’feruibh Eirenn d’foghluim draidhechta a sidhuibh, acht Mogh Ruith.

agus i measc Fhir Éireann níor fhoghlaim aon duine riamh draíocht i sí ach Mogh Roith amháin.

and among the Men of Ireland, Mogh Roith is the only one who ever learned the magic arts within a .

Acht cena ni dhigne gan loighideacht mor,

Mar sin féin, ní dhéanfaidh sé dada gan ardtuarastal.

However, he would do nothing without a large recompense,

ar ni ro hairichleadh do dochmus na dh’ anoir na d’fhiadhuchud anallana

Is cuma leis do dhochma is do ghradam

for he has no interest in your predicament, nor in your status,

ocus ní tucsabar dia bur n-oidh he”.

agus dáiríre fíre is beag an t-ómós a thug tusa dósan ach oiread.”

and you, for your part, have paid little attention to him.”

Back to top

 

Section 57

“Ga luaighidheacht is doich lat-sa do chuinghidh dho?” ar Fiacha.

“Can a bheidh uaidh, an dóigh leat?” arsa Fiacha.

“What price will he demand, do you think?” asked Fiacha.

“Ro ba doich lim,” ar Dil “ailgeas criche ocus feruinn dó,

“Críoch is fearann is é is mian leis, ceapaim,” arsa Dil,

“Land and territory is what he desires, that is my opinion,” said Dil,

ar is iar gcul ocus is cumang lais in baile i tá .i. Inis Dairbre”.

“mar airíonn sé go bhfuil a áit féin — Inis Dairbhre — *ró-iargúlta agus* ró-chung dó.”

“for he considers the place where he is now — Inis Dairbhre — too remote and too narrow for his taste.”

“Dá [leg. Dar] ar mbreithir”, ar siat

“Dar ár mbriathar,” ar siadsan,

“By our word,” said they,

“gidh in treas ri bhus ail dho do bheth uadh for Mumain co brath, doberthar dho,

“más mian leis duine dá shliocht a bheith ar an tríú rí i gCúige Mumhan go síoraí, tugtar dó é,

“even if he wants one of his descendants as a third king of Munster in perpetuity, let it be given him,

gin gu tucadh d’foiridin dun acht usge nama”.

muna dtabharfaidh sé ach an t-uisce ar ais dúinn.”

even if all he does is to provide us with water.”

Adubratar fir Mumhan ra Dil:

Ansin, dúirt Fir Mhumhan le Dil.

Then the Men of Munster said to Dil:

“Datraei bennacht”, ar siat,

“Gabhaimid buíochas leat

“Accept our thanks

“ocus eirg ris sin ocus fiarfhuig do Mogh Ruith ind etfa foiridin

agus anois téigh láithreach bonn agus fiafraigh de Mhogh Roith an bhféadfadh sé cabhrú linn.

and go at once to ask Mogh Roith if he can help us.

ocus da n-eta beimit-ne uili fo chís ocus chain

Más féidir, tabharfaimid cáin agus bóramha

If he can, we will all pay tax and tribute

do-fein ocus d’fir a inuidh n-a dhiaigh,

dó féin agus dá shliocht,

to him, to his successors after him,

da mac ocus da ua ocus da iarmhua

dá mhac agus dá ó agus dá gharmhac

to his son, his grandson and his great grandson

ocus a breth-fein do fair sin

agus is féidir leis a choinníollacha féin a leagadh síos.

and let him set his own conditions.

gin gu tuca dun acte inní [leg. act einní] dá bhfuil foirnd do dingbhail dín”.

Ní iarraimid faic air ach sinn a fhuascailt ón ngátar seo”.

We ask nothing from him except to get us out of this mess.”

Back to top

 

Section 58

Do chuaidh roime iarum Dil i cenn sheda ocus imthechta

D’imigh Dil ar aghaidh iarsin

Dil *then* set out on this journey

cu riact cu Dairbre

agus lean air go dtí gur shroich sé Inis Dairbhre.

and eventually arrived at Inis Dairbhre.

ocus o rainic ro bendach do Mogh Ruith

Bheannaigh sé do Mhogh Roith

He saluted Mogh Roith

ocus do fherastar Mogh Ruith failte fris ocus atbert:

agus chuir seisean fáilte roimhe, á rá:

and Mogh Roith made him welcome and asked:

“Canas tic Dil?” ar se.

“Cad as a dtáinig Dil?”

“Where has Dil come from?”

“As Sleibh Cind Claire”, ar se,

“Ó Shliabh Cheann Chláire,” arsa Dil,

“From Sliabh Cheann Chláire,” Dil replied,

“in bhaile ita cuicid Muman um Fhiachaigh”.

“an áit ina bhfuil Cúige Mumhan uile bailithe timpeall ar Fhiacha Moilleathan.”

“the place where the province of Munster is assembled around Fiacha.”

“Cinas atathar annsin?”, ar Mogh Ruith.

“Conas atá an misneach acu?” arsa Mogh Roith.

“How are you getting on?” asked Mogh Roith.

“Is olc atathar and gud dalta-sa,” ar Dil.

“Tá droch-bhail ar do dhalta ann,” arsa Dil.

“Your student is in poor condition there,” said Dil.

“Cidh ón?” ar Mogh Ruith.

“Cén fáth?” arsa Mogh Roith.

“How is that?” asked Mogh Roith.

Do innís Dil iarum na h-ildraidhechta ocus na h-ileicne roi merset [leg. ro imerest] draithe Cormaic orro,

D’inis Dil an scéal dó *ansin* mar gheall ar dhraíocht agus ar bhriochtaí dhraoithe Chormaic

Dil told him then, about all the magic and spells with which Cormac’s druids had afflicted them

ocus dano Cormac i forbuis a n-ardchnoc draidhechta osa cinn

agus *, ina theannta sin,* conas mar a d’ionsaigh sé Fir Mhumhan ó bharr cnoic draíochta

and *, moreover,* how Cormac from the summit of an enchanted hill had besieged them

ac nougudh a chisa ocus a chana fein orro.

agus bóramha á héileamh aige uathu.

and demanded tax and tribute.

“Cidh ma tancais-si fris sin?”, ar Mogh Ruith.

“Cad is cúis le do theachtsa?” arsa Mogh Roith.

“Why have you come to me, then?” said Mogh Roith.

“Ni ansa”, ar Dil,

“Ní hansa,” arsa Dil,

“It is not difficult to answer that,” said Dil,

“fir Mumam rom cuiristar dot accallaimh-si

“chuir Fir Mhumhan mise chugat chun caint leat

“the Men of Munster sent me to speak to you,

ocus da fiafraigidh dhid in etfa a bhfoiridin

agus iarraidh ort teacht i gcabhair orthu.

to ask you if you would come to their aid.

ocus da tised did sodh a ndraidhechta forsin luct úd,

Dá n-éireodh leat draíocht an namhad a shárú,

If you succeed in turning back these peoples’ magic,

cach sochar do crich ocus do thir ocus do thalmam bus ail duid rat fia.

thabharfaí duit gach a n-iarrfaí orthu maidir le críocha agus fearainn.

every request you make for land and territory will be granted.

Ocus gidh edh budh ail duit gach treas rí tre bithu betha uait for Mhumain

Ina theannta sin, más mian leat duine de do shliocht a bheith mar thríú rí sa Mhumhan *go brách*

Moreover, if you desire that every third king of Munster be one of your own descentants in perpetuity,

no raghadh duid”.

deonfar é sin duit chomh maith.”

this will also be granted *to you*.”

Back to top

 

Section 59

“Nuchun edh amein na budh dual damh righe do ghabail.

“Ní hé nach n-oirfeadh an ríghe dom,” arsa Mogh Roith,

“The kingship, *although it is due to me,*” said Mogh Roith,

Acht ni hedh ro chuineghuinn forro,

“acht ní he sin an rud a iarrfaidh mé orthu

“is not what I would ask of them

gidh doneinn a bhfurtacht

*má chabhróidh mé leo*.

if I were to assist them.

ocus is doigh nach fuil dibh sin eicean nach soidhfinn-sea dib,

Ní dóigh liom go bhfuil a gcruachás chomh dian sin nach bhféadfainn iad a fhuascailt.

I think, moreover, that they are not in such desperate straits that I am unable to extricate them.

uair ita briathar mh’oidi-se, .i. Shimoin meic Guill meic Iarguill,

Tá urra agam ó m’oide Síomón mac Goill mhic Iarghoill

I have the assurance of my teacher Síomón mac Goill mhic Iarghoill

ocus Petair ris na soeidfider orum mo dana cein bear beo”.

agus ó Pheadar féin nach dteipfidh m’ealaín draíochta orm fad a bheidh mé beo.”

and Peter, also, that my art will never fail me while I am alive.”

“Apair dano”, ar Dil,

“Inis dom mar sin,” arsa Dil,

“Tell me then,” said Dil,

“mad ghebhe do laimh foiridin forro

 

“if you were to undertake to help them,

cia loighidheacht ocus cia comha chuingi?”.

“cén tuarastal a bheadh uait

what fee would you demand?”

 

agus tú ag cabhrú leo?”

 

Back to top

 

Section 60

“Ni ansa,” ar Mogh Ruith.

“Ní hansa,” arsa Mogh Roith,

“Not difficult to say,” said Mogh Roith,

“Ced mbo mbóthana mblaithedrocht mbleaghain;

“100 bó bainne le seithí bána orthu;

“100 milch cows with shining milk-white hides,

ced muc mucclasa;

100 muc ramhar,

100 well-fattened pigs,

ced ndamh ndaimhghnímha;

céad damh gníomhach,

100 working oxen,

ced n-ech n-echerma;

100 ráschapall,

100 racehorses,

coica leann cainedroct cliatha;

50 brat caoindreach cliathach,

50 splendid cloaks of criss-cross weave;

ingen fhir no dhara fir bus ferr thoir do crud [leg. do chruthradh] cloinne damh ria,

iníon an fhir is fearr nó an dara fir is fearr sa chúige seo chun sliocht a sholáthar dom.

a daughter of the best or second-best man in the province to provide me with children,

daigh am soercland om aithribh,

Ós rud é gur de shaorchlann mé féin ó thaobh m’aithreacha de,

so that just as I am of noble birth from my fathers,

cur bat saerclanna mu clanna oa maitribh,

sa tslí chéanna is mian liom mo leanaí a bheith den tsaorchlann chomh maith ó thaobh a máithreacha de,

so I desire that my children be noble also by reason of their mothers,

gu rup rem clainn shamhailter cech ogthigernd soer ar soerclannacht;

i dtreo go measfaí uaisleacht gach ógthiarna *saor* ó mo chlannsa;

so that it may be by comparison with my family that the nobility of every free ógthiarna be judged;

taisigheacht marcshluagh [leg. marcshluaigh] rig Muman,

an chéad áit i marcshlua rí na Mumhan

the first place among the cavalry of the king of Munster

ar daigh cu rab alladh righ coicidh ar fhear mh’ inuidh do gres

i dtreo go mbeadh gradam rí chúige ag m’ionadaí de shíor.

so that my representative will always have the status of a provincial king

 

 

 

ocus ni gebhtar ris tria bhithu, act gu ra comalltar frium-sa gach ní gealltar dham;

Chaithfí na coinníollacha seo go léir a chomhlíonadh gan teip go brách.

and that these conditions shall never be infringed but that everything promised to me will be fulfilled.

fer comhairli ocus sanais uaim ag righ Muman

Ina theannta sin, d’ainmneoinn fear léinn agus feasa mar chomhairleoir do rí na Mumhan

Moreover, a man of counsel and wisdom will be appointed by me as advisor to the king of Munster

ocus dia nderntar a comairli sidhe biaidh buaidh furre;

agus dá leanfadh an rí a bhriatharsan bheadh an rath air.

and if the king follows his counsel fortune will smile on him.

a mheath, nó a éc da n-innisi do neoch aili in run ro cluin se ocon righ acht mar bhas maith lais in righ;

Bheadh an rí in ann, áfach, an comhairleoir a ísliú nó a chur chun báis dá scaoilfeadh sé nithe a bheadh faoi rún.

This counsellor, moreover, may be demoted or put to death according to the king’s judgment should he dare to reveal any of the royal secrets.

dala do thabairt dom shil

Do mo shliochtsa, chomh maith, an ceart a bheith acu dáil a thionól

For my descendants also, a right to convene meetings (?)

ocus triar i frithchetfaidh in righ ocus fer a lamha deise

agus triúr ag freastal ar an rí agus duine amháin ar a láimh dheas.

and three men in attendance on the king and one at his right hand.

ocus mu ragha do thir Mhuman do thabairt damh,

Éilím, chomh maith, mo rogha d’fhearann na Mumhan

I furthermore demand, that the territory of my choice in Munster be given me

am-ar [leg. amar] thimcillfit mu ghille ind oen ló,

— an méid a d’fhéadfadh mo ghiollaí a thimpeallú in aon lá.

— as large as my servants can encircle in one day.

gan maer, gan etarla gan urlamhus righ Muman ar an bhferann sin tria bithu,

Ní cheadófaí do rí na Mumhan údáras a chleachtadh taobh istigh den chríoch seo *go brách*,

The king of Munster never to exercise authority or representation over this area;

gan ghiall do ghabail ar fhir mh’ inaidh

ná giall a éileamh ó m’ionadaí ann,

not to demand a hostage from my representative

acht a eachlasc dara eis

ach amháin eachlasc a fhágáil ann

but only that his horsewhip be left behind

nó glac righ Muman d’iadhadh um cael a choisi.

nó dúnadh doirn Rí na Mumhan timpeall ar alt a choise. (?)

or to close the hand of the king of Munster around his ankle.

Ocus nuchon aithnim-si dom shil merbhe na metacht do dhenamh

Ní ghlacaim leis go bhfuil mo chlann ciontach i laige ná i meatacht

I do not acknowledge my race as being guilty of weakness or cowardice

acht atberim riu dul i sochraide righ Muman i cath ocus i comlunn

agus molaim dóibh taobhú le rí na Mumhan i gcath agus i gcomhlann

and I recommend them to join the company of the king of Munster in battle and skirmish

dar cenn bendachta ocus chomallta friu a loighidhechta.

i gcuimhne a gcomhcheangail.

as a reminder and acknowledgement of mutual debts.

Dia tardthar immorro dhamh-sa sin

Más inghlactha ar luaigh mé, *áfach,*

If, then, all that I have mentioned is acceptable,

toet Mogh Corb mac Cormaic Chais meic Oililla Oluim

tagadh Mogh Corb mac Cormaic Chais mhic Oilealla Óloim chugam

let Mogh Corb son of Cormac Cais, son of Oileall Óloim come, along

ocus Donn Dairine ocus maithe Muman arcena

*agus Donn Dáirine agus maithe Mhumhan chomh maith*

*and Donn Dáirine and the nobles of Munster as well*

dar cenn choicidh Muman ocus gabhat forro a comalladh-sin

chun urraí a chur ó thaobh na Mumhan de, le comhlíonadh na gcoinníollacha.

and guarantee to me on behalf of the province of Munster that these conditions will be fulfilled.

ocus ragat-sa leo fesin.

Fillfidh mise *féin* in éineacht leo

I myself will return with them,

 

agus ó mo thaobhsa féin de,

and in my turn

Ocus asbert mu briathar co ndingeb-sa in eicin-sin dibh”

tabharfaidh mé mo bhriathar go bhfuasclóidh mé iad ón ngéarchéim seo.”

I will give you my word that I will deliver you from this predicament.”

Back to top

 

Section 61

Tainicc Dil ris-sin aniar cu roacht co Claire,

Thaistil Dil aniar ansin agus shroich sé Ceann Chláire.

Dil, then, made his way eastwards and reached Chláire

ait i raibhi Fiacha cu sloghu Muman uime.

Bhí Fiacha ann roimhe agus Fir Mhumhan bailithe timpeall air.

where Fiacha and the Men of Munster were assembled.

Gabsat ann-sin fir Muman oc iafraighidh meisnigh an druadh

Chuir siad ceist ar Dhil *ansin* mar gheall ar fhreagra an draoi

They began to question him *then* about the druid’s intentions

ocus ba beg la cach a ghuth.

agus bhí guth gach duine chomh lag sin nach raibh ann ach cogar.

and each voice was reduced to a whisper.

Ra indis Dil meisneach in druadh ocus a loighidheacbt ocus a chura dhoib.

D’inis Fiacha dóibh an freagra a thug Mogh Roith air faoi thuarastal agus urraí.

Dil informed them of the druid’s intentions, his fee and the guarantees he gave them.

“Dobertar do-sum sin uili”, ar fir Muman.

“Tugtar gach rud a d’iarr sé orainn dó,” arsa Fir Mhumhan.

“Let all that he asked for be given him,” said the Men of Munster.

Ocus ro coimeirigset na cuir

D’éirigh na hurraí

The guarantors rose

ocus ro naiscset ar feruibh Mumhan imma righ a comallamh dar a cenn

agus deineadh an nascadh *ar Fhir Mhumhan chomh maith lena rí*.

and formalised the contract made by the men of Munster along with their king

ocus ro chomluidhset imtheacht ar cend an righdruadh.

D’imigh i gceann aistir ansin agus Fiacha in éineacht leo chun bualadh leis an rí-dhraoi.

and they set out to contact the king-druid.

Back to top

 

Section 62

O rancatar tra co Dairbre ro feradh failte friu

Ar shroicheadh Inis Dairbhre dóibh *áfach* fearadh fíorchaoin fáilte rompu

When they arrived at Inis Dairbhre *however* they were welcomed

ocus ro bui reir freastail ocus fritholmha ar a cinn,

*agus deineadh freastal agus friotháileamh orthu*.

and received with great hospitality.

ar ba deimhin la Mogh Ruith co ricfaitis.

Bhí Mogh Roith cinnte roimh ré go dtiocfaidís.

Mogh Roith, of course, had been certain of their arrival.

Ocus ro ghabh Mogh Ruith ar a bhfosdad

Rinne Mogh Roith iarracht moill a chur orthu

Mogh Roith sought to detain them

ocus ro gabhsat-som ga obadh ocus ro raidset:

ach dhiúltaigh siad dó, á rá:

but they refused saying:

“A fhir shochair” ar siat “ocus a chul urbhaidhi,

“A fhir shochair agus a chosainteoir ón olc,” ar siad,

“O privileged man,” said they, “ and protector against evil,

is mor in gábad i dtát fir Muman

“tá Fir Mhumhan i ngéarchéim

the Men of Munster are in dire straits

ocus recuid a leas a bhfoiridin

agus cabhair ag teastáil uathu chun iad a chur thar an ngátar.

and stand in need of your help.

ocus gach ar chuingis ataim-ne ra a aishudhudh [leg. aisughudh] ocus ra comalladh duit ocus naisc foirnd”.

Táimidne réidh sinn féin a nascadh le do choinníollacha má tá tusa sásta ó do thaobhsa margadh a dhéanamh linn.”

We are ready to meet all your demands and bind ourselves by contract to fulfil them if you on your part conclude the contract with us.”

“Naiscfet-sa”, ar se

“Glacaim leis an socrú,” arsa Mogh Roith,

“I agree to bind myself to the contract,” said Mogh Roith,

“ocus ni raghum gu muchu lai imarach”.

“ach ní fhágfaidh mise an áit seo go dtí go moch maidin amárach.”

“but I will not leave here until early tomorrow morning.”

Batar ann-sin

D’fhan siad ann, mar sin,

They remained where they were then,

ar cainfreastail ocus fritholamh

agus deineadh freastal orthu go caoin agus go haoibhinn.

and were entertained and attended to most pleasantly,

ocus gabhus Mogh Ruith occ gairdiugud forro ocus oc iafraighidh scel dibh.

Bhí Mogh Roith féin go meidhreach leo agus d’iarr scéala orthu.

and Mogh Roith himself began to make merry with them and ask them for news.

Ocus do raidh in rethoirc-sa ocus do freagair Mogh Corb.

Rinne sé reitric a reacaireacht agus d’fhreagair Mogh Corb air.

Then Mogh Roith recited a rhetoric which Mogh Corb answered.

 

 

 

“Sceul do chein, cluinntir libh. sloinnidh meid mna ocus fir. Indis duin. a Mogh Corb. berta bedg. buadhnais borb. brigh ua Cuinn. ro dan cloe. Conrosoe. ronbaidh balc. briathra mbecht. rontraigh tart. traeththa ar neart íta ar slogh. segda run. deoga dil. dichleas dluimh. dia tis linn. A Mogh Ruith. ratfia maith. uann i muich. misi ris. ris fom rath. bect mu clann. cu bann brath. bidh maith mor. medhar gnimh. triar cinn cleith. fria dreich righ. fear dia dheis. cin dailbh ndis. cech treas guth. da run ris. na ria soer sech do shil. ben chiuin caem. togha ar tir. ratfia dal. nar tigh oil. Commus mar. marcshluaigh mhoir. Misi libh. lathar nglonn. laifeat cenn. Chormac crom. claifet brict. buidhnibh guth. cu mba lir. sibhne i sruth. Soefet fir, feidm fria len. cu mba buan bias an scel”. Scel.

 

 

 

As a aithle-sin ro gab Mogh Ruith oc iafraighidh na comlunn

Thosaigh Mogh Roith *iarsin* ag cur ceisteanna orthu mar gheall ar na cathanna a cuireadh

Then Mogh Roith began to enquire about the battles fought

ocus ina torchuir isna comlunnaibh

agus an méid daoine a maraíodh iontu

and about the numbers that had fallen in them

ocus ro innis Mogh Corb dho uili:

agus d’inis Mogh Corb an scéal ar fad dó.

and Mogh Corb told him all.

“Trom amh linn sin”, ar Mogh Ruith,

“Is oth liom an gnó seo ar fad, *go deimhin,*” arsa Mogh Roith,

“We are sorry to hear of this, *indeed,*” said Mogh Roith,

“ocus da [leg. dar] ar mbreithir,” ar se,

“agus dar ár mbriathar,

“and by our word,” said he,

“dia n-edam-ne toeth dias ann cech fer dib-sin

más féidir linn, gheobhaidh beirt bás in áit gach duine a maraíodh

“if we are able, two men will die for every one of these

ocus toeth fuilled fair

agus a lán ina dteannta,

and many more will perish besides,

ocus toeth in coicer dorat in ardainicin sin ar an coiced”.

chomh maith leis an gcúigear a rinne an méid sin slada ar an gcúige.”

along with the five who wrecked such havoc on the province.”

Back to top

 

Section 63

Gabsat ann-sin co mucha lai ara barach.

D’fhan siad ansiúd go dtí mochdháil na maidine.

They remained there, then, until early next morning.

Is ann-sin do raid Mogh Ruith ra a dalta .i. ra Ceannmhar

Ansin, dúirt Mogh Roith lena dhalta — Ceann Mór

It was then that Mogh Roith called on his student Ceann Mór

a thaichim conaire do thabhairt chuigi

— a ghléasanna taistil a thabhairt dó:

to bring him his travelling equipment;

.i. a da dhamh chuana choilgdirghiu as Sleibh Mis

a dhá dhamh *uaisle* shlíoctha ó Shliabh Mis

his two noble sword-sleek oxen from Sliabh Mis:

.i. Luath Tren ocus Loth Lis

— Luath Tréan agus Luath Lis ab ainmneacha dóibh siúd;

Luath Tréan and Luath Lis were their names;

ocus a charpat caemh curata cairthind

a charbad álainn cathrach caorthainn

also, his beautiful warlike chariot of mountain ash

cona fheirtsibh findruine,

 

with its axle-trees of white bronze

 

lena thaobhanna gloine

 

con imead gheam corrmhocuil,

agus a charrmhogail lonracha

and its profusion of gleaming carbuncles

guna comleithibh glaine

 

and its two glass sides.

 

agus a chrann fearsaide fiondruine.

 

ocus ba comhsholus la ocus aghaidh don lucht no bidh ann.

Ba chomhgheal lá agus oíche do lucht taistil ann.

Day and night were equally bright in it.

Ocus a cholgdeut drumannglas

Ina theannta sin, bhí a chlaíomh cam liath aige,

There were also his grey curved sword,

ocus a ghoithne umaidi

a mhiodóg chré-umha

his bronze dagger,

ocus a dha shleig cruaidi coicrinne

dhá shleá *chrua* le cúig chraobh sa ghabhal

his two hard five-forked spears

gu cranduibh suarcaibh sodhibhraicthe;

*lena crainn so-aimsithe*

with their easy-to-aim hafts

co semannaibh fithe findruine;

agus seamanna cré-umha sa chrann.

and rivets of gleaming bronze;

con a sheichid tairb maeiluidir i bhforfairsiung a carpait

Bhí seithe a tháinig ó tharbh donn maol mar chlúdach ar an gcarbad,

then, the hide of a brown horn-less bull to cover the whole surface of the chariot

ar sesaibh ocus sliastaibh fai.

ar na suíocháin agus ar gach taobh de.

including the seats and sides.

Guna shochraite shluaghaidh lais .i. tricha ar ced,

Thaistil a shochraid in éineacht leis, céad is tríocha

His retainers accompanied him to the number of 130

amhuil asbert Cormac mac Cuilleannain:

faoi mar a dúirt Cormac mac Cuilleannáin:

— or as Cormac mac Cuilleannáin put it:

 

 

 

“Ba forneirt a theglach o theighedh for set

“Ba mhór a theaghlach agus é ag gabháil na slí,

“Great his household as he set out on a journey,

im charpat in righ druadh tricha fer ar ced”.

timpeall ar charbad an rí-dhraoi bhí 130 fear.”

surrounding the king-druid’s chariot were 130 men.”

Back to top

 

Section 64

Ro coimeirighset iarsin ocus tancatar rompa amach

Thosaigh an turas ansin agus le linn dóibh a bheith ag gluaiseacht

They started off then, and as they proceeded forward

ocus ro bhui Mogh Ruith oc miniughudh dia dhalta gach neith amhlaidh so ocus asbert:

bhí Mogh Roith ag míniú gach rud dá dhalta agus rinne sé reitric a reacaireacht.

Mogh Roith was explaining everything to his student and as they travelled he recited a rhetoric.

 

 

 

“Cingthe, a Cennmhair choscuruigh. do clodh catha Corb. cu ro soeitter sealg. senbhan-sidhe dearg. is delbh da eis anmachta. inni ga dtai gheall. cu ro dhluidhi drong. an do saighne seall. Sleacta mu roisc rindamn cia ro bot he is becht. Do bher catha Cuilt gan neimhe gan nert. Ni amhthar mu daim dhamhraighi. co lúth goeithi im ghort. do Chormac mac Airt. ernfait uath is olc. Domroichet mu shulmaire. suigtis nirtu niath. Dom roich mu colg ndeighneimhnach. frithalta mo sciath. scail ma ghoithne umhaidi. oircius occuind ath. gu foirbream feidm Fir da liach cu rob cenn uas chach. Catha diana direcra dermara na ndruing. Dairine ocus Dergthine. domnat for Leth Cuinn. coraigh mu cliabh crephnaise ceim fria hilar inn. damhna dambiat óic fo aill. ailme calma cing. cingthea, a Cennmair”.

 

 

 

Gabsat rompa iardain i cend sheda ocus imthechta

Lean siad ar aghaidh mar sin

They continued on their course *meanwhile*,

ocus dochuaidh Mogh Ruith in a charpat.

agus Mogh Roith ina charbad an t-am ar fad.

Mogh Roith all the while riding his chariot.

Ocus do raithset na maithe sin ris:

D’fhiafraigh na maithe de:

The nobles asked him:

“Cia thoghfas crich ocus ferann duit?”, ar siat.

“Cé roghnóidh *críoch agus* fearann duit?”

“who will select land and terrritory for you?”

“Ni do neoch erbabhat-sa sin eidir”, ar Mogh Ruith, “acht damh fein.

“Ní chuirfidh mé an cúram sin ar aon duine ach orm féin amháin,” arsa Mogh Roith.

“I will entrust that task to nobody at all but to myself alone,” said Mogh Roith.

Ocus tabhur úir gach tíri dara ragh dhamh

“Tabharfaidh sibhse sampla d’úir dom ó gach dúiche agus sinn ag dul tríthi

“You will bring me a sample of earth from every area we pass on the way

ocus finnubh for a boludh an crich bús fhearr dhibh ocus thoghfat in crich-sin;

agus ón mboladh aisti roghnóidh mé an talamh is fearr do m’fhearann.

and I will find out from its smell which is the best and I will choose that area for my territory.

ni thiber aithber ar neach acht oram fein gidh maith gid olc hi”.

Más maith nó saith an rogha ní chuirfidh mé an milleán ar aon duine ach orm féin amháin.”

Whether the choice be good or bad I will blame nobody but myself.”

Back to top

 

Section 65

Tancatar rompa gu Glinn Bethbhe i crich Corcoduibhne

Thaistil siad ar aghaidh mar sin go Gleann Beithbhe i ndúiche Chorca Dhuibhne

They travelled onwards to Gleann Beithbhe in the area of Corca Dhuibhne

ocus rucadh úir Bethbha chuigi

agus tugadh sampla d’úir na háite do Mhogh Roith.

and a sample of soil from Beithbhe was brought to Mogh Roith.

ocus tuc a bolud fo a shroin.

Chuir sé an sampla chun a shróine agus bholaigh é.

He put the sample to his nose and smelled it.

Ocus atbert in rethorhec ic a dichur.

Chaith sé uaidh é agus dán á rá aige:

He discarded it however and recited a poem.

 

 

 

“A Bethbhe bhinech brocach brugumach. a Bhretach bhir chairrgech. a bare uar anaibinn. a cro cael cuar cumang. bat adhbha chuan caibhdhium. bat imlearg echtrann. ni bhat adhba sochaide. ni mhetfha nach caelfa. a gleand betach Bethba”. a Bethbha.

 

 

 

“Nucan í-so crich gebut-sa dar cenn mu loighidhechta”.

“Ní hé seo an fearann a roghnóidh mé mar thuarastal,” ar sé.

“That is not the territory I will take as my fee,” said Mogh Roith.

“Nucon fhalairfeter fort eidir”, ar siat:

“Níl dualgas ar bith ort glacadh leis,” arsa uaisle Fhiacha.

“It will by no means be imposed on you,” said Fiacha’s nobles.

Tancatar rompa iarsin cu Crich Eogunachta Corcoduibhne Ciarraige.

Tháinig siad iarsin chomh fada le Críoch Eoghaineachta, Corca Dhuibhne, Ciarraí.

After this, they reached Críoch Eoghaineachta, Chorcha Dhuibhne, Kerry.

Ocus tucadh a huir dho

Tugadh sampla úire do Mhogh Roith anseo chomh maith

Here, as before, a soil-sample was brought to Mogh Roith

ocus nis ra ghaibh

*agus ní raibh sé sásta leis*

but he was not satisfied with it.

ocus do raidh in rethorec oca dichar.

ach chaith sé uaidh é agus an dán: “Conchenn cuachbel ….” á aithris aige.

He discarded it as he recited the poem: “Conchenn cuachbel ….”

 

 

 

“Concenn Cuachbel. creachfait comaighthe. coisrian ceithern. cro rinnra rind cuma ulach as ocus inn ocus ilar fian ocus ectacnom ocus ulach ferguba. ocus milled ban ocus cirred con”. Concend.

 

 

 

“Ni gebh-sa so”, ar se.

“Ní thógfaidh me an chríoch sin,” ar sé.

“I won’t take this area,” said he.

“Ni ragha fort eidir”, ar siat.

“Ní gá duit í a thógáil,” a dúirt maithe na Mumhan.

“It won’t be yours,” said they.

Tancatar rompa iarsin cu hAes Cuile ocus co hEalla

*Tháinig siad iarsin go hAes Chúile agus go hEalla,

*They then continued to Aes Cuile and to Ealla,

ocus tucad úir in da crich dhó

agus tugadh úir ón dá áit dó,

and samples of earth from the two territories was brought to him,

ocus do raidh in rethorec ic a ndichur:

ach chaith sé uaidh iad, agus an dán: “Cuile bega binacha ….” á aithris aige.*

but he discarded them as he recited the poem: “Cuile bega binacha ….” *

 

 

 

“Cuile bega binacha. ealla chuileach chorrmhiluch. comhdail geinnte is gaduiged. gleann cu n-echtuibh ilardhaibh. adhbha fhiadhmhuc nainshescair. enach fiadhmhil forodhur. cuithech lenach lanshaluch. fegha loma ilatracha learg. ainbtech ra innisi. ilar buidne benn. bebais bas da mbunadachuibh bet cin aicme noiracais. aibnib railgibh run. rotaibh rubaib riglesaib. rinnaib cathraib cul”. cula.

 

 

 

Tancatar rompa gu Crich Cairiche,

Tháinig siad iarsin go Críoch Chairiche.

They arrived then in Críoch Chairiche

risin abar Muscraidhi Fheaga aniua

Múscraí Fheá is ainm don áit sin inniu.

which today is known as Múscraí Fheá

ocus tucadh uir na crichi-sin do,

Tugadh sampla d’úir na háite dó

and again some earth was brought to him

ocus do raid aca dicur.

ach chaith sé uaidh é agus an dán: “Tír mhín, ainmhín ….” á aithris aige.

but he laid it aside and he recited the poem: “Tír mhín, ainmhín ….”

 

 

 

“Tir mhin ainmhin, tir fhliuch thirim tir aibind anaibhinn. tir fhantach thulchach. tir blaithedrocht brathar. Ní umfaemu-sa in tir”. Tir.

 

 

 

“Ni ghebh-sa on,” ar se, “ocus ni sharuighiuibh mo braitre,

“Ní thógfaidh mé é seo,” ar seisean, “ní dhíshealbhóidh mé mo bhráithre,

“I won’t take this,” said he, “ and I will not dispossess my brothers,

uair foghebhut nech aili dia sarugudh”.

mar beidh duine éigin eile ann ag iarraidh iad a dhíshealbhú.”

for they will find someone else willing to dispossess them.”

frisin abar Cenn Abhrat inniu.

Ceann Abhat a thugtar ar an áit seo sa lá atá inniu ann.

known today as Cenn Abhrat.

“Nuchan as-so ragat-sa”, ar Mogh Ruith,

“Ní rachaidh mé as an áit seo,” arsa Mogh Roith,

“I will not move out of this place,” said Mogh Roith,

“cu ra toghthar mu crich ocus m’ferand,

“go dtí go mbeidh mo chríoch *agus m’fhearann* féin roghnaithe agam,

“until I have made a choice of land and territory for myself.

ar ni ar rochtain cusan sluagh ro etfad crich na ferann do chuingidh forro”.

óir, ní féidir liom fearann agus limistéar a éileamh agus mé i láthar na dála.”

Once I have reached the Assembly I cannot demand land and territory from them.”

Tucad cuigi-sin ann-sidhe úir Cliach Mail mheic Ugaine a Min-Mairtine Muman.

Tugadh dó ansin sample d’úir ó Chlíu Máil mhic Ughaine i Mín Mhairtine Mumhan.

There was brought to him then, the soil of Clíu Máil mhic Ughaine from Mín Mhairtine Mumhan.

Conudh ann asbert oca tuarascbhail ocus oca hobadh.

Scrúdaigh sé é ach chaith sé uaidh é agus an dán: “Clíu chathach ….” á aithris aige.

He examined it but discarded it as he recited the poem: “Clíu chathach ….”

 

 

 

“Cliu chathach chonghalach. Cliu echtach urbadhach. Cliu uathmhar aicsinach, Cliu fhliuch lochanach. lir a conach. lir a husgai. lir a hantaic. ged a himaire. lir a catha. lir a haile. lir a heighmhe. aidble a huilc, ile a slada a saruighthi. sligi churad Cliu”. Cliu.

 

 

 

“Inathar galair Muman sin,” ar se,

“San úir sin,” ar sé, “tá galair na Mumhan le fáil

“In this soil,” said he, “are the diseases of Munster

“ocus belach bodhbha ocus aircne.

agus an bealach chun millte agus mí-áidh.

and the road to destruction and misfortune.

Ní gheb-sa eiter.

Ní ghlacfaidh mé léi.”

I won’t take it on any account …..”

Ocus dano bidh machuiri nachtan cin cu pedh inniu”.

 

 

Back to top

 

Section 66

Tancas uadaibh-sium iurdain [leg. iardain] ar cenn úire Chorrchaille Meic Con,

Ón áit sin ghluais siad ar aghaidh *iarsin* go dtí Corrchaille Mhic Con,

From there, they *then* proceeded to the area known as Corrchaille Mhic Con,

.i. Cailli Menne meic Erca meic Degadh

’sé sin le rá, Caille Méine mac Earca mhic Dheagha.

that is: Caille Méine mac Earca mhic Dheagha

frísín abar Firmhaighi inniu.

Firmhaighe a ghlaotar ar an áit sa lá atá inniu ann.

and which is known today as Fearmaí.

Is aire atbertar Cailli mac n-Eirc ris, ar ro bhatar a mheic ann.

’Sé an fáth go bhfuil an t-ainm Caille mac nEarca ag gabháil leis an áit ná gur mhair a mhic ann

They reason why the region is called Caille mac nEarca is because his sons lived there

.i. Menne mac Erca ocus Uatha mac Erca ocus Ailbhe mac Erca.  

— Méine mac Earca, Uatha mac Earca agus Ailbhe mac Earca.

— Méine mac Earca, Uatha mac Earca and Ailbhe mac Earca.

Ainm ele do Firmuighi Méne,

Tá ainm eile ar an áit chomh maith Fir Mhaighe Méine

It has another name as well Fir Maighe Méine

ar imut a mianaigh isna sleibibh fileat imbe

ar iomad an mhianaigh atá sna sléibhte máguaird

— on account of the large quantity of mineral ores in the mountains surrounding the area,

ocus dano cloch mhein in gach ghurt ann bheos.

agus dáiríre, tá cloch mhianaigh le fáil i ngach gort ann go fóill.

and indeed, a mineral-bearing stone is still to be found in every field.

Ainm ele dho, Corr Cailli meic Con,

Gabhann ainm eile fós leis an áit — Corr Caille Mhic Con.

It has still another name: Corr Caille Mhic Con

ar rob é ruidlius Clainne Dairine,

Bhain seisean go speisialta le Clann Dáirine

for he belonged in a special way to Clann Dáirine

ocus is ann ata Rosach na righ

agus is ann atá Rosach na Rí

and it is here that Rosach na Rí is situated

ocus is ann ro bhai Mac Con no gu tucadh Cath Cinn Abhratt.

agus is ann a bhíodh Mac Con go dtí gur cuireadh Cath Cinn Abhrat.

and Mac Con lived here until the Battle of Ceann Abhrat took place.

Rucudh chuigi-sium iarum úir na crichi-sin

Tugadh *ansin* úir na críche seo do Mhogh Roith

The soil of this area was *then* brought to Mogh Roith

ocus ro raidh na briathra-sa oc a tagha ..

agus ba í seo an úir a roghnaigh sé, á rá:

and this was the earth he chose as his own saying:

 

 

 

“Sliab um fhigh.

“Sliabh timpeall ar choill.”

“Sliab um figh ….”

figh um magh. magh cu srothaihh sainemlaibh. fo midhabunn. fo sruthabunn. fo nemhleith. rasuighthe sealg. sernfaid slechtaibh. sluaghuibh sochaidibh solmhaibh. airdíbh echtghonaighaigsig anairmrinnid. iarann fou, iarunn forro. fir mhu mna fir mu maic. fir mu cliom. fir muichit. fir dianaibh togairter do neimib nathrach do chaidib dracon. co lutha lonnaidi co lainnibh langhaile. mar luisin lanadhbhuil. fo lasair lainerdha. letras fraech for cocnus figh silas sliabh”. Sliab.

Back to top

 

Section 67

Ro faem-som tra in tir-sin ocus asbert ra clannaib ag tabairt a teasta

Roghnaigh Mogh Roith an tír sin *mar seo* agus labhair sé lena chlanna ag tabhairt comhairle a leasa dóibh:

*So* Mogh Roith made his choice of this territory and addressing his people he made certain recommendations to them:

.i. coimhneimh inntibh ocus comchonnailb ocus comthuaichlius fria nathrachuibh etorra-sein,

“a nimheadas agus a gcairdeas a bheith ar aon chéim

“to be equally venomous and affectionate,

ar is amlaid bít-sein ocus nai nathracha dib oc doth isin n-aoinnit

— a bheith cosúil le naoi nathair in aon nead amháin.

and as wily as *nine* serpents living in the one nest.

ocus as i lianchaire bís etorra

 

Their nature is to have so much affection for each other

cu nach mo leasaighius gach naithir dibh in t-en berius fein ina gach en archena bis isin nit.

Ní chuireann nathair amháin a leas féin roimh leas nathrach eile

that no one of them prefers his own good to the good of the others.

 

mar bíonn siad an-cheanúil ar a chéile.

 

“Is amlaidh-sin erbaim-si dom claind a mbeth i n-aeingnim

Is mian liom mo chlann a bheith ar aon aigne

This is how I wish my family to be — to act together in harmony

ocus cein bheth amlaidh

agus fad a bheidh sé sin amhlaidh

— and while such is the case

ní béra crich impaibh a n-imarcraigh

ní chuirfidh na críocha máguaird ina coinne,

the area around them will not resist their growth ….

ocus níis lemha nech acht in ní [leg. in ti] foirgea airdri in coicidh;

 

 

ár ní ra daingnib eli doberim-si toebh dhoibh,

mar, ní le daingne eile a thugaim tacaíocht dóibh

It is not by guarantees that I give my support

acht ra a connailbhi fein eturra,

ach leis an gcairdeas eatarthu,

but only by means of their own affection,

ocus ra hemghibh mo chor

le dílseacht don chonradh

being ready to abide by the contract

ocus ra muinnteras shil Fhiachach.

agus le maireachtáil go síochánta le síol Fhiacha.

and living in friendly terms with the descendants of Fiacha.

Intan dano na comallfa cach dibh fria cheile sin,

Nuair a tharlaíonn áfach go mbíonn siad ag troid lena chéile,

When it happens, however, that they are at variance with each other,

is ann raghuid in lucht da tabhraim-si sochar aniu ar tairr mu clainne-sa,

is caoi í sin do na daoine a bhfuil mé ag cabhrú leo anois teacht agus an lámh láidir a imirt orthu

this will be the opportunity for the very people I am helping today to come and oppress my family

co mberat a bhferunn uathaibh

agus a bhfearann a bhaint díobh.

and deprive them of their land,

co mba hiaraid iat fein ar inndith [leg. ar in ndith] ragus forro ind,

Sa chás sin, rachaidh siad i léig agus imeoidh siad as amharc ar fad de bharr mí-áidh agus cruatain.

so that they will disappear from destitution

ocus con n-eipre in fer dona sleibibh impaibh

Agus déarfaidh fear an tsléibhe máguaird:

and the man from the mountains surrounding them will say:

‘nach he-sud in tír i ra butar Fir Maighi seghdha?’.

‘Nach í seo an chríoch a bhí ag Fir Mhaighe séaghainn tráth dá raibh?’

‘Wasn’t this the territory that the famous Fir Maighe once occupied?’

Is airi atberair Fir Maighi seghdha dibh

Is é seo an fáth a nglaoim Fir Mhaighe séaghainn orthu,

It is for this reason that I call them the renowned Fir Maighe

ar is eadh erbaim-si friu, ildana ocus seghdhacht acu

mar, molaim dóibh a bheith séaghainn i ngach dán, uaisleacht a bheith acu

for I recommend them to the skilled in every craft, to have a noble bearing

ocus fer imarbhadha Muman tria bithu”.

agus troid ar thaobh na Mumhan i gcónaí.”

and to be men who will always fight for Munster.”

Back to top

 

Section 68

“An hí sin crich thoghai?” ar siat

“An í seo an chríoch a roghnaigh tú duit féin?” ar siad.

“Is this the territory you have chosen for yourself?” said they.

— “As i,” ar sé.

“Is í go deimhin,” arsa Mogh Roith.

“It is indeed,” said he.

“Cia raghus dia cuma ocus dia midhemhain na criche-sin dait?” ar siat.

“Cé rachaidh amach chun í a mharcáil agus a thomhas duit?” ar siad.

“Who will go to mark it out and measure it?” said they.

“Mac caich a dhalta,” ar se,

“Is ionann dalta duine agus a mhac féin,” a dúirt Mogh Roith,

“A man’s student is the equivalent of his son,” said Mogh Roith

“ocus tiaghuid mo dhalta-sa”.

“rachaidh mo dhaltaí amach chun í a rianú.”

“my students will go,” said he.

Ocus batar ead na daltai

Ba iad seo a dhaltaí:

His students were:

.i. Muchet, dia ta Corco Muichit in Uibh Conaill

Muichead: is ón duine seo a ainmnítear Corca Mhuicheid in Uíbh Chonaill.

Muichead: and from him is named Corca Mhuicheid in Uibh Chonaill.

ocus Bent, dia tat Benntraidhi fo Eirinn

Beant: is ón duine seo seo a ainmnítear Beantraighe na hÉireann.

Beant: from him comes every Beantraí throughout Ireland.

ocus Buirech dia tat Ui Buirigh i Crich Fossaigh moir

Búireach:  is ón duine seo a thagann Uí Bhúirigh i gCríoch Fhosaigh Mhóir,

Búireach: from him comes Uí Bhúirigh in Críoch Fhosaigh Mhóir

i coiccrich Ua meic Caille ocus Ua Tassaigh,

i gcomhchríoch Ua mhic Caille agus Ua Tasaigh.

in the territory of Ua mhic Chaille and Ua Tasaigh.

ocus Dil mor mac Da Creca o ata Druim nDil ocus Crecraidhi fo Eirinn,

Dil Mór mac Da Creiche: is ón duine seo a ainmnítear Droim nDil agus Creacraighe na hÉireann:

Dil Mór mac Da Creiche: from him is named Druim nDil as well as the Creacraí throughout Ireland.

ocus Ceannmhar a Chaire Comain a Cloenloch na nDeisi.

Ceann Mór ó Chaire Comáin i gClaonloch na nDéise.

Ceann Mór: from Caire Comáin in Claonloch na nDéise.

Ro coimeirighset iarsin na gilli-sin ocus ro raidhset.

D’éirigh na giollaí seo ansin agus d’fhiafraigh siad de:

These young men arose then and asked:

“Cinus midfider in tir, a aidiu inmain?” ar siat.

“Conas a dhéanfaimid an limistéar a thomhas, a Oide Ionúin?” ar siad.

“How is the land to be measured, O Beloved Teacher?”

“A hord ar an indeoin,” ar Mogh Ruith,

“Ón ord go dtí an inneoin,” arsa Mogh Roith,

“From the hammer to the anvil,” said Mogh Roith,

“.i. o tha Figh in Uird a nOrbraidhi co hIndeoin is na Deisib.

“ ’sé sin le rá, ó Fhiodh an Oird *i nOrbhraí* go dtí Inneoin sna Déise

“that is, from Fiodh an Oird *in Orrery* to Inneoin in the Déise

Ocus in mir o tha sruthanma [leg. sruthan[n]a] na Tuadcaille frisin apar Gleann mBrighdi inniu,

agus an mhír ó shruthán Thuathchaille (Gleann Bhríde inniu)

and the area from the streams of Tuathchaille — now called Gleann Bríde

cusin rod da sileann sruth na nOithin (?)

go dtí an áit ina bhfuil sruth na nOithin (?) ag gabháil faoin ród

— to the road under which the Oithen stream (?) flows

fo nGiusaigh nglais ngablanaigh renfas a caill ar Colaem”

agus ag dul trí choill ghlas ghabhlánach Ghiúsaigh go …. Colaomh.”

through the green branching wood of Giúsach to …. Colaomh.”

Back to top

 

Section 69

Tancatar rompa siar dhes ocus Muichit i remhthus accu

Ghabh na daltaí siar ó dheas ansin agus Muichead chun tosaigh orthu.

The students started out towards the south-west with Muichead leading the way.

ocus ro gabh-side claen in tseda focetoir

Ar dtús, chuaigh sé ar bhealach claon,

At first, he took a false route

ar ro faillsiged do cu mad thiar no bhiath a aitreabh iardain.

mar, foilsíodh dó go seadódh sé san iarthar ar ball.

for it was revealed to him that his home would henceforth be in the west.

Ocus tancatar rompa do Bunraidi bud dhes

D’imigh rompu ó dheas go Bunraithe

They proceeded southwards to Bunraithe,

ocus do Cleitig ocus do Dundailche Finnlethet

agus go Cleitheach agus go Dúndailche Finnleithead,

to Cleitheach, to Dúndailche Finnleithead,

ocus do taeibh shlechta an leith sair gu direach

 

going directly

ocus do Glind Brigdi

go Gleann Bhríde

to Gleann Bríde

ocus do Carnd Tigernaigh meic Deghaid.

agus go Carn Tighearnaigh mhic Dheaghaidh.

and to Carn Tiarnaigh mhic Dheagha.

Ocus ro gabustar Buirech i remtus reampa

Ghabh Búireach rompu ansin

Búireach then acted as guide

ocus gabus cloenad in tseuda focetoir

agus d’imigh seisean sa treo mícheart ar dtús,

and he went in the wrong direction at first

ar forfidir cumad ris indes no biath clann ocus cined do.

mar, foilsíodh dósan go seadódh sé féin agus a chlann sa deisceart.

for he foresaw that it was in the South that his family and race would settle.

Ocus tancatar rompa co Gluair Fer Muighi Fene

Shroich siad Gluair Fhearmaí Féine ansin,

And they arrived at Gluair Fearmaí Féine

ocus suas do Clugh na Cruithnechta;

ar aghaidh leo go Cloch na Cruithneachta;

and up to Cloch na Cruithneachta;

do Lic Failmir;

go Leac Fhailmhir,

to Leac Fhailmhir;

do Glinn Cusaigi Croilinnche;

go Gleann Cuasaighe Crólinnche,

to Gleann Cuasaighe Crólinnche;

do Bern na nGall ind airter Tailche Aedha,

go Bearna na nGall *lastoir de Thailech Aodha*,

to Bearna na nGall *in the east of Tailech Aodha*;

do Bern Doire Cailli Monad,

go Bearna Doire Caille Móna

to Bearna Doire Caille Móna

risin abar Bern Leachta Ua Setna aniu;

— Bearna Leachta Ua Séadna is ainm don áit sin inniu

which is called Bearna Leachta Ua Séadna today;

do Charn Aedha meic Lidhne;

— go Carn Aodha mhic Líne,

to Carn Aodha mhic Líne;

do Lic Uidhir;

go Leac Uidhir,

to Leac Uidhir;

do Charn Maelglasain;

go Carn Maol Ghlasáin,

to Carn Maol Ghlasáin;

d’Ath Cille Buinden;

*go hÁth Cille Buinden,*

*to Áth Cille Buinden;*

d’Ath da abhunn.

go hÁth dá Abhann.

to Áth dá Abhann.

Back to top

 

Section 70

Ocus co Tech Forannain Find doridhisi,

I ndeireadh thiar, tháinig siad ar ais go Teach Fhorannáin Fhinn.

Finally, they arrived back at Teach Fhorannáin Fhinn

ait i ra bhatar na sloigh ocus Mogh Ruith ara cind.

Bhí an slua ann agus Mogh Roith i gceannas orthu.

where the assembly was being held with Mogh Roith presiding over it.

“In ra crich-sibh sin?” ar se.

“Ar chríochnaigh sibh bhur saothar?” arsa Mogh Roith.

“Have you completed the task?” *said he.*

“Ra crichsam,” ar siat.

“Chríochnaíomar é,” ar siadsan.

“We have,” said they.

“As doigh lim,” ar se, “ro facsabair ní dia n-ebert-sa fribh cin timcheallad,

“I mo thuairimse, lig sibh cuid den limistéar a luaigh mé ar lár,” arsa Mogh Roith,

“It appears to me,” said he, “that you have omitted some of the area I described,

ar a luas tancabar”.

“ós rud é go bhfuil sibh tagtha ar ais chomh luath seo.”

considering your hasty return.”

“Ní ro facoibh-sium,” ar siat.

“Níor fhágamar tada ar lár,” a dúirt siad.

“We have omitted nothing,” they said.

“Tuguidh bur mbunna damh”, ar se.

“Taispeáin dom boinn bhur gcos,” ar seisean.

“Show me the soles of your feet,” said he.

“Doberum”, ar siat.

*“Taispeánfaimid,” ar siad.*

“We will,” said they.

Atnaidhit iarum a mbunnu dhó, cunad ann isbert Mogh Ruith:

Thaispeáin siad a mboinn dó *ansin* agus rinne sé reitric a aithris.

They presented the soles of their feet to him *then* and Mogh Roith recited a rhetoric.

 

 

 

“Buind fria brath. brigh fria dloimh. cindmheath cath. digla doigh. o brig Uird sair ni chel. co brig mbain. Indeoin aedh. on tsruth thes. dian tuar brig. co sruth tuaidh. sluaigh nar thib. cindbhea dham. fó cach colg. re ndul amach Indeoin ord. Cindbea damh. fho bar sciath. a glinn Brighdi. co hAth Cliach. inarbaid sein. cid na conn. bed fo mblag. for mbia fonn mairg romhuidh. Dil rom ceallt. Cennmhar Muichit. Buirech Bent. or nar cumbrig fria bect. daib bus olc. fia munter. cind bhea damh. toradh tuind. ni bat gluind faenfait buinn”. Buinn.

Back to top

 

Section 71

“Cidh rom ba dhamh, a Mhuicit?” ar Mogh Ruith.

“Cén díobháil a deineadh dom, a Mhuicheid?” (?) arsa Mogh Roith.

“What have you for me (?), O Muichead?” asked Mogh Roith.

“Ro faillsiged dhamh”, ar Muichet,

“Foilsíodh domsa,” arsa Muichead,

“It was revealed to me,” said Muichead,

“comadh rium aniar no biadh mo crich ocus mh’ferann

“go mbeadh mo chríoch agus m’fhearann díreach ar aghaidh romham thiar

“that it was in front of me to the west that my land and territory would lie,

ocus nír ail dam mu dhiceall fein do dhenamh.

agus níor mhaith liom faillí a dhéanamh air.”

and I did not wish to treat it with neglect.”

“As fir,” ar Mogh Ruith,

“Is fíor,” arsa Mogh Roith,

“It is true,” said Mogh Roith,

“is and bhias ocus ni bha tusa ros mela”,

“is ann a bheidh tú agus ní bheidh rath ró-mhór ort.”

“that it is there you territory will be and you will not be over-prosperous.”

ocus asbeart.

Leis sin, rinne sé rann a aithris:

With that he recited a verse:

 

 

 

“Rae Muchet meic Muichit ní rop é ros meala.

“Críoch Mhuicheid mhic Mhulcheid ní bheidh an rath uirthi,

“The territory of Muichead mac Mulcheid, it will not be over-prosperous;

Terci thiri air ocus imat feagha”.

teirce thíre agus iomad feá”

a shortage of land and an over-supply of wood.”

 

 

 

“Cidh ram ba dhamh, a Bent?” ar se.  

“Cén díobháil a deineadh dom (?), a Bheaint?” arsa Mogh Roith.

“What have you for me (?), O Beant?” asked Mogh Roith.

“Mo shenordhacht ocus mu crine,” ar se, “ocus ní raba a n-aghuid chaich.

“Táim sean agus críonna,” ar seisean, “agus ní maith liom a bheith in aghaidh cách ….”

“I am old and weary,” said he, “I will not be against everyone ….”

Rop sen imshnimh tu go atclainn (?) do gres”

 

 

— “Cidh ram ba dam, a Bhairech?”, ar se.

“Cén díobháil a deineadh dom (?), a Bhúirigh?” arsa Mogh Roith.

“What have you for me (?), O Búireach?” asked Mogh Roith.

“Ra faillsiged dam

“Foilsíodh dom,” arsa Búireach,

“It was revealed to me,”  said Búireach,

cu mad isin crich rat caighius imad-sa do biath clann ocus cinedh dhamh.

“go mbeadh mo chlann agus mo chine seadaithe i gcríoch a bheadh cairdiúil (?) duit.”

“that it would be in an area where there was great respect for you (?) that my family and land would be.”

“Robiatha a Bhuirech . . .

“Is san áit sin a bheidh siad, a Bhúirigh,” arsa Mogh Roith,

“That is where it will be, O Búireach,” said Mogh Roith.

ni radhbiathat uille caich anis ocus anuas ort,

“ní beidh lámh gach duine aníos agus anuas ort

“Everybody’s arm will not be against you

ocus ni dech tar teinidh gu leth do shil do gres.”

agus ní rachaidh do shíol thar tine do leith (?) *go brách*”.

and your descendants will never go over a fire and a half (?)”

— “Cidh rom ba dhamh, a Cennmair?”

“Cén díobháil a deineadh dom, a Chinn Mhóir?” (?) arsa Mogh Roith.

“What have you for me (?), O Ceann Mór?” asked Mogh Roith.

“Ro faillsiged dhamh,” ar se,

“Foilsíodh dom,” arsa Ceann Mór,

“It was revealed to me,” said Ceann Mór,

“cu mad frium aniar no biath crich ocus feran damh

“go mbeadh mo chríoch agus m’fhearann san iarthar

“that my land and territory would lie to the west

ocus nir ail dam cumhcugud fair.”

agus ní raibh fonn orm é a chúngú.”

and I did not wish to confine it.”

“Rop cumhang crich ocus ferann do shil do gres,” ar se,

“Go raibh do chríoch agus d’fhearann go tearc i gcónaí,” arsa Mogh Roith,

“May the land and territory belonging to your desendants be always scanty, said Mogh Roith,

“rob slat acair do slat ocus t’fuadach do gres.”

“agus go raibh slat an fhoréigin agus an fhuadaigh anuas ort de shíor.”

“and may the rod of oppression and flight follow you always.”

“Cidh ram ba damh, a Dhil?” ar se.

“Cén díobháil a deineadh dom (?), a Dhil?” arsa Mogh Roith.

“What have you for me (?), O Dil?” asked Mogh Roith.

“Immon cedna,” ar Dil.

“An rud céanna, a bheag nó a mhór,” arsa Dil.

“The same, more or less,” said Dil.

“Ni rab tarba h’feruinn duib,” ar se,

“Ní dhéanfaidh d’fhearann aon tairbhe duit,” arsa Mogh Roith,

“You land will be of no profit to you,” said Mogh Roith,

“acht h’ainm ar ein crich nama,

“ach beidh d’ainm ar aon chríoch amháin

“but your name will be given to one area

ocus do shil fo Eirinn iarum sin .i. Creacraidhi,

agus do shíol ar fud Éireann *iarsin*, ’sé sin le rá Creacraighe

and afterwards, your descendants — the Creachraí — will spread throughout Ireland,

ocus ni rab nidh fogabhtar sin in gach inad hi cirbrech a n-aitreabu,

— agus ní bheidh rud ar bith le fáil ina n-áitribh ag sladaithe

and nothing will be found in plundering their houses

innas cach inad aili a nEirinn.

nach mbeadh le fáil acu in áit ar bith (?) eile …”

that wouldn’t be found in any other place (?) in the country ….”

Tothucht na crich moire adubartus bid ar in crich sea

 

 

ocus ni bia a n-imarcadh impaib

 

 

ocus gu mbia a longport tri la ocus tri hoigthi is na Deisibh

 

 

ni bhiad a n-imarcadh inntib acht [       ]

 

 

ocus co lann imarcadh acu-san on a Deisibh.

 

 

Ocus bid ris in bhfhonn-soin saimhealtar gach fonn maith a nEirinn”.

 

 

Is annsin ro athnaisc-sium forra a choraibh.

Ansin, nasc Mogh Roith ar an gconradh iad.

It was then that Mogh Roith bound them formally to their contracts.

Back to top

 

Section 72

Ocus ro choimheirigset rompa co sleibh Cind Claire

D’imigh siad leo ansin go sliabh Cheann Chláire

Mogh Roith led them up the mountain of Ceann Cláire

airm i mbui Fiacha co bhferuibh Muman.

áit ina raibh Fiacha agus Fir Mhumhan bailithe le chéile.

to where Fiacha and the Men of Munster were assembled.

Ro choimeirigset fir Muman um Fiachaigh d’ferthuin failte ra Mogh Ruith

D’éirigh siad uile ina seasamh roimh Mhogh Roith agus fearadh fáilte roimhe.

All arose and welcomed Mogh Roith

ocus tucsat uili cennacht ocus loighidheacht do

Ghlac siad leis an gconradh agus leis an tuarastal a bhí uaidh

and they all accorded him the command and the fee he demanded

ocus ro raidset gu comhallfatais in cennacht ocus in loighidheacht-sin

agus gheall siad dó na coinníollacha a chomhlíonadh

and they promised to fulfil these obligations

“ra a shil ocus ra sheimedh ó ar macuib-ne ocus ó ar n-uaib”.

agus “go ndéanfadh a síol agus a mic agus a n-óí mar an gcéanna.”

in the case of his descendants as well   —  “with gentleness by our own sons and grandsons”.

“Ocus caidhi do ragha tochmuirce?” ar siat.

“Cé atá ag teastáil uait mar leannán luí?” ar siad.

“And who is it you choose as your fiancée?” said they to Mogh Roith.

“Eimhne, ingen Aenghasa Tirig,” ar se “dalta Mhogha Corb.”

Roghnaím Eimhne, iníon Aonghusa Thírigh, dalta Mhogh Corb, mar leannán luí dom,” arsa Mogh Roith.

I choose Eimhne, daughter of Aonghus, Mogh Corb’s student,” said he.

Ocus is uaiti ainmniter Cul Emhne aniu.

Is uaithise a ainmnítear Cúil Eimhne sa lá atá inniu ann.

It is from her that Cúl Eimhne gets its name.

“Ocus da mad fherr le mu mac-sa .i. Buan, rofhaiedh lais.”

“Más fearr léi mo mhac Buan ná mé féin,” arsa Mogh Roith, “is féidir léi feis leisean.”

“If she prefers my son, Buan, she may sleep with him,” said Mogh Roith.

Do cuiredh a rogha na h-ingine-sin ocus as e rogha ruc sí:

Tugadh an rogha don ainnir agus is í seo an rogha a rinne sí:

A choice was given to the girl then, and her choice was this:

“In ti is tuaithi [leg. tuai[chle]]

“An duine is críonna

“The man who is the most wise

ocus riaruighit fir Muman

agus an duine a bhfuil smacht aige ar Fhir Mhumhan

and who is most capable of controlling the Men of Munster

ocus dobheir shochur do cach

agus an duine a thabharfaidh dídean do chách

and who will provide security for all

is lais fhaifet-sa”.

— sin é an fear a luífidh mise leis,” ar sí.

— that is the man I will sleep with,” said she.

Ra athnaiscset na cuir ann sin ra gach ní arcena.

Ansin, rinne siad réiteach an chonartha a chur chun críche.

With that, they bound themselves by contract to all that had been previosuly arranged.

Back to top

 

Section 73

O thairnic sin ro choimheirighset fir Muman uili

Tháinig Fir Mhumhan go léir le chéile iarsin,

After that, all the Men of Munster came together

co hait a raibi Mogh Ruith ocus na maithi-sin.

san áit ina raibh Mogh Roith agus na huaisle.

to the place where Mogh Roith and the nobles were assembled.

“Masa mithid libh-si,” ar se, “bhur foiridhin innosa

“Más anois an t-am chun cabhrú libh,” arsa Mogh Roith,

“If the time has come for me to help you,” said Mogh Roith,

abraid ga foiritin raghus foruib do na heicendaluib a taithe?”

“inis dom cad tá ag teastáil uaibh chun sibh a fhuascailt ón éigeandáil?”

“tell me what is it you want done to deliver you from your difficulties?”

“An t-uisci tra,” ar siat.

“Tabhair uisce dúinn, *go deimhin,*” ar siad.

“Give us water, *indeed,*” said they.

“Caidhi Cennmar innosa?” ar Mogh Ruith.

“Cá bhfuil Ceann Mór *anois*?” arsa Mogh Roith.

“Where is Ceann Mór *now*?” asked Mogh Roith

“Ata sunn,” ar Cennmar.  

“Táim anseo,” ar seisean.

“I am here,” said he.

“Domroicheat mu shleagha draidhechta uait.”

“Tabhair mo shleá dhraíochta dom,” arsa Mogh Roith.

“Get me my magic spear,” said Mogh Roith.

Tugadh do

Tugadh dó í.

It was brought to him.

ocus faluigset ind aier ocus ind fhirmamint

(Chaith Mogh Roith an tsleá suas sa spéir

(Mogh Roith cast the spear into the air

ocus faca neach gur toirinn ibfaired a troigeadh.

agus san áit inar thuirling sí bhrúcht tobar fíoruisce amach.)

and a well sprang up in the place where the spear fell.)

“Caide Ceannmhar?”

“Cá bhfuil Ceann Mór?” arsa Mogh Roith.

“Where is Ceann Mór?” asked Mogh Roith.

“Sunn”, ar Cennmhar.  

“Táim anseo,” arsa Ceann Mór.

“I am here,” said Ceann Mór.

“Tabuich,” ar se, “in baile . . . dtí rinn na slighi.”

“Cuardaigh an áit inar imigh rinn na sleá isteach sa talamh,” arsa Mogh Roith.

“Search for the place where the point of the spear entered the earth,” said Mogh Roith.

“Loighidhecht dam?” ar Cennmar

“Cén tairbhe dom é?” arsa Ceann Mór.

“What recompense will I get for this?” asked Ceann Mór.

“H’ainm for in sruth”, ar Mogh Ruith;

“Beidh d’ainm ar an sruthán ann,” a dúirt Mogh Roith leis.

“The stream will be named after you,” said Mogh Roith.

gabus araill oc tabuch in talman ocus oc iaraidh an uiscai

D’imigh Ceann Mór ansin chun an talamh a chuardach *agus chun an t-uisce a aimsiú*

Ceann Mór went off then to examine the earth *and to find the water*

ocus do radh Mogh Ruith in rethorec oc iaraidh ind usci bes .i.

agus fad a bhí sé ag lorg an uisce rinne Mogh Roith reitric a aithris:

and Mogh Roith recited this rhetoric while the water was being sought:

 

 

 

“Aliu srut sainemhail.

“Áilim sruth sainiúil,

“I invoke a special stream,

snaei deoga de ailibh.

sníonn deochanna ó aillte,

drops seep through rocks;

aliu sribh shomblasta.

sruth sobhlasta

a stream of pleasant taste

Siar tuaid imne.

siar ó thuaidh;

to the north-east.

aliu es fuaraidi.

áilim eas fuar,

I invoke a cool waterfall

usci treall.

 

 

na traigh na taircebhu.

 

 

co bethne blann,

 

 

blaiseat na haigme.

 

 

ra heachtuibh ord.

 

 

blaisedh an Muillethan.

blaiseadh an Moilleathan (Fiacha) é,

let (Fiacha) Moilleathan taste it,

blaisedh Mogh Corb.

blaiseadh Mogh Corb é,

let Mogh Corb taste it,

blaiseat na hechrada.

blaiseadh an t-eachra é,

let the horses taste it,

ra cairptibh clis.

 

 

blaisedh Luat tren.

blaiseadh Luath Tréan é,

let Luath Tréan taste it,

blaisedh Loth Lis.

blaiseadh Luath Lis é,

let Luath Lis taste it,

blaiseat in Mhairtine.

blaiseadh an Mhairtine é,

let the Clan Martine taste it,

blaisedh in mal.

blaiseadh an mál é,

let the prince taste it,

blaiseat in Dergthine.

blaiseadh an Deargthine é.”

let the Deargthine taste it.”

deogha dia al”.

 

 

Aliu

 

 

Back to top

 

Section 74

Intan tairnic sin is and ro mhebaidh comhdaingne talman don uisci;

Lena linn sin, bhris oscailt sa talamh agus thosaigh an t-uisce ag brúchtadh amach.

When he had completed this the solidity of the earth was fractured by the onrush of water.

robu mhor a fhuaim ocus rob opair do cac uili an imdhiten ar an uisci.

Ba mhór a fhuaim agus bhí ar gach duine é féin a chosaint ón ruathar.

The noise was great and everyone was forced to protect themselves from the eruption.

Ocus adubairt Cennmhar ac forcloistin an uisci ria siu atcuala cach a fhuaim .i.

Chuala Ceann Mór fuaim an uisce roimh an gcuid eile den slua agus rinne sé dán:

Ceann Mór had heard the sound of the water erupting ahead of the others and he recited the rhetoric:

 

 

 

“Sithal lan.

“Síothal lán

“A full vessel, (of water)

sithal shlan.

síothal slán

a health vessel,

luigsim fein

geallaim féin

I myself promise

ra cach mal.

do gach flaith.

to every prince.

sithal shuain.

Síothal suain

A vessel of rest,

sithal shamh.

síothal sáimhe

a vessel of contentment

berur uaib.

beirtear uaibh

let it be taken by you

do chinn shluaig.

chuig ceannairí an tslua,

to chiefs of the company,

d’Fiachaigh mal.

chuig Fiacha — an flaith;

to Fiacha the prince,

Sithal glain.

síothal ghlan

a pure vessel,

sithal gart.

síothal gharta

a generous vessel,

um righ mborb.

do rí borb;

for a rude king

sithal shlan.

síothal slán,

a vessel of health,

sithal shuain.

síothal suain

a vessel of rest,

berur uaibh.

beirtear uaibh

let it be taken by you

do Mhogh Corb.

do Mhogh Corb.

to Mogh Corb.

sithal aircit

Síothal airgid

A vessel of silver,

ocus oir

agus óir

and of gold,

ocus cruain.

agus cruain;

and of enamel.

Sithal shigh

síothal síthe,

A vessel of peace (?)

ocus righ

síothal rí

and of a king,

ocus ruain.

síothal laoich.

and of a champion (?)

lutar lib

Lúcháir oraibh

Joy to you,

ocus uaibh

agus uaibh

and from you

do Mhogh Ruith.

ar Mhogh Roith

to Mogh Roith

is d’Fir Chorb.

is ar Fhir Chorb

and the Men of Corb

is do Buan.

is ar Bhuan

and to Buan

ludsat fein.

is orm féin

rejoice yourself (?)

fect fo tri.

faoi thrí;

three times

ra fecht fath.

 

 

bect for righ.

 

 

baidhfe tart.

 

 

beofaid brigh.

beofaidh brí,

strength will revive,

foirfhidh cact.

 

 

soifidh sith”.

fillfidh síth.”

it will bring back peace.”

Sithal.

 

 

Back to top

 

Section 75

O thairnic dona maithibh a ol do rer tidhnacuil in druadh,

Nuair a bhí an t-uisce a sholáthair an draoi ólta ag na huaisle,

When the nobles had finished drinking the water the druid had procured for them,

is ann adubairt Mogh Ruith:

dúirt Mogh Roith leo:

Mogh Roith said to them:

“ibhidh sút”, ar se,

“Ólaigí suas é sin,” ar seisean,

“Drink up that,” said he,

“co tuca

“chun

“to get back

lúth ocus lathar

bhur neart agus bhur mbrí,

your strength and energy,

ocus lancoibledh gail ocus gach nert ocus tract

bhur ngal agus bhur ngaisce

your warlike vigour and your power

ocus enech

agus bhur maorgacht

and dignity.”

dhaibh.”

a fháil ar ais arís.”

 

Dos rala cum an uisci iarum an a mbuidhnibh ocus an a ndrechtuib

Dáileadh amach an t-uisce orthu *ansin* i ndiaidh a chéile

The water was distributed then, group by group,

ocus dos farluicset fair uile eider daine ocus eochu ocus almha gur bat daitinigh;

agus d’ól gach duine agus gach beithíoch a sháith.

until it was received by all, both by men, horses and cattle, until all were satisfied.

ro scailedh iarum int uisci-sin fo chach for amas a muinnteri

Scaoileadh amach an t-uisce ansin i measc na ndaoine go léir

The water was then distributed all about to their people

ocus ro scailedh uaidhibh-sidhe fo glenntaibh ocus aibhnibh ocus tiprataibh in cuicidh

agus isteach i ngleannta agus in aibhneacha agus i dtoibreacha an chúige.

and it was dispersed into the glens, rivers and wells of the province.

ocus ros cuiredh [leg. ro scuiredh] in scithlim draidhechta bai forro dibh

Cuireadh ar ceal ansin an mheirbhe dhraíochta a bhí orthu.

The magic exhaustion which had oppressed them was lifted

ocus ro faillsighit na h-uscadha do cach fon n-innus-sin.

Ba léir do chách *ag an am sin* go raibh an t-uisce ar ais.

and at this time the return of the water became apparent to all.

Tugait immorro almhai ocus innile in cuicidh cusna uscaibh

Tógadh eallaí go léir an chúige go dtí an t-uisce *ansin*

The herds and cattle of the province were then led to the water

ocus atibhset cur bat dáithinigh.

agus d’ól siad a sáith.

where they drank to their satisfaction.

Back to top

 

Section 76

Ro curset fir Muman iarum iluch commaidhmhe.

Thóg Fir Mhumhan gáir chatha ansin

The Men of Munster then raised a battlecry

Ocus ro clos gu longport Cormaic sin.

agus chualathas í i longfort Chormaic.

and it was heard in Cormac’s camp.

Ocua docuas o feruibh Muman da innisi do Chormac

Cuireadh teachtairí *ó Fhir na Mumhan* chuig Cormac á rá

Messengers were sent from the Munstermen to inform Cormac

ocus do neamchomall na cana

nach ndíolfaidís na cánacha

that the tax would not be paid

ocus d’fhuagra in eisidha.

agus go raibh an sos cogaidh curtha ar ceal.

and to renounce the truce.

Ro ghabh grain ocus omhon Leth Cuinn um Chormac annsin

Rug gráin agus uamhan ar shlua Leath Choinn *um Chormac* ansin

*Then* Cormac and the men of Leath Choinn were seized with hatred and horror

ocus ro crithnighset

*agus do chrith siad*

*and they trembled*

ocus ro ghabh a n-airi cur fhir a ndobratar a ndraidhe fein riu,

nuair a chuir siad san áireamh an méid a dúirt a ndraoithe féin leo

as they took into consideration what their own druids had said to them

oc tairmeasc a sloighidh impaibh.

nuair a chuir siad i gcoinne an tslógaidh i dtús báire.

when they opposed setting out on the expedition.

“Datrae bendacht, a Mhogh Ruith”, ar fir Muman,

“Beannacht ort, a Mhogh Roith,” arsa Fir Mhumhan,

“A blessing on you, O Mogh Roith,” said the Men of Munster,

“ocus in cutraime ro gealladh duit, bera uile gen gu tugtha dhuín d’foiridin,

“thabharfaí do thuarastal *a gealladh* duit de bharr an ruda seo amháin

“the recompense that was promised you would be given for this one thing alone

acht int usca nama”.

— an t-uisce a thabhairt ar ais dúinn.”

— giving us water.”

— “Nuchon air ata m’incesact eiter, ar bur foiridin.

“Ní hé go bhfuil brón orm in aon chor toisc gur chabhraigh mé libh,” arsa Mogh Roith,

“It is not that I begrudge helping you,” said Mogh Roith,

Acht is mo adaghar a neamhchomall rem clannuib ocus rem chinedh dar mh’eisi in tsochuir doratabair-si dhamh.”

“ach tá imní orm nach gcomhlíonfar an conradh le mo chlann agus le mo chine i mo dhiaidh.”

“but what I greatly fear is that after my time the contract made with me will not be fulfilled in the case of my family and race.”

Tucsat-som uili a mbennachta da gac aen do comaillfedh

Chuir Fir Mhumhan *uile* a mbeannacht ar chách a ghlacfadh leis na coinníollacha

All of them gave their blessing to everyone who would abide by the conditions.

ocus tuc Mogh Corb ocus Donn Dairine ocus na cuir ar cena.

agus rinne Mogh Corb agus Donn Dáirine agus na hurraithe an rud céanna.

Mogh Corb, Donn Dáirine and the guarantors did the same.

Back to top

 

Section 77

Ro fiafruigh Mogh Ruith arnamharach:

Maidin lá arna mhárach d’fhiafraigh Mogh Roith díobh:

Next morning, Mogh Roith asked them:

“Ga cabhuir is fearr libh raghus duibh innosa?”

“Cén chabhair is fearr libh uaim inniu?”

“What kind of help would you prefer me to give you today?”

“An cnoc do thairnium”, ar siat,

“An cnoc a ísliú,” ar siad,

“To lower the hill,” said they,

“ár is mor in muich ocus in phlaidh dhun

“mar is mór an núis agus an phlá dúinn

“for it is a great nuisance and a plague to us

ar námaid do beith uas ar cinn i n-ardcnoc druidhechta

ár naimhde a bheith os ár gcionn ar chnoc siabhránta

to have our enemies away above our heads on an enchanted hill

ocus sinn fein i bhfan,

agus sinn féin a bheith thíos anseo *le fána*

while we ourselves are down here on the slope

ocus conad [leg. conid] radarc dhun a bhfhegad uain suas ar airdi.”

ag féachaint aníos orthu.”

and we are unable to see them except by looking upwards.”

“Tabhur mh’agaidh risin cnoc,” ar Mogh Ruith;

“Iompaigh m’aghaidh i dtreo an chnoic,” arsa Mogh Roith.

“Turn my face to the hill,” said Mogh Roith.

ocus tugadh on co hinilldireac.

Deineadh é sin lom láithreach.

This was done immediately.

Ocus o thugad dochoid-sium i muinighin a dhea ocus a cumhachta

Ansin, chuaigh Mogh Roith i muinín a dhé agus a chumhachta

Then Mogh Roith concentrated on his god and his power

ocus ro aidhbligh he fein cu nar bhó nemhairdi he anas in cnoc,

agus mhéadaigh sé é féin go dtí go raibh sé chomh hard leis an gcnoc féin.

and he enlarged himself until he was no less high than the hill itself.

ocus ro mheduigh a chenn co mba meidether re hardchnoc ara mbiath daire cailli moire,

Mhéadaigh sé é féin níos mó ná sin, fiú, agus sa deireadh bhí a cheann chomh mór le cnoc ard agus crainn darach ag fás air.

He further enlarged his head until it was as big as a high hill crowned with a large oak forest.

gur ghabhustar uamon cid a muinter fein roime.

Um an dtaca seo tháinig eagla agus uamhan fiú amháin ar a mhuintir féin roimhe.

At this point even his own people became terrified of him.

Back to top

 

Section 78

Is andsin doroacht comalta dho-som cuigi

Is ansin a tháinig a chomhalta chuige

It was then that a comrade of his arrived

.i. Gadhra a Druim meic Criadhnaidhi,

— Gadhra, ó Dhroim mhic Chrianaí.

— Gadhra, from Droim mhic Chrianaí.

mac derbhshethar Ban Buanaindi, bandrai

Mac le deirfiúr Bhanbhuana *bandraoi*

He was the son of the sister of Banbhuana *the druidess*,

ingine Deirg Dualaigh;

iníon le Deargdhualach ba ea é.

the daughter of Deargdhulach.

d’furtacht ocus d’foiridin do Mogh Ruith táinic.

Tháinig seisean chun lámh chúnta a thabhairt do Mhogh Roith.

It was for the purpose of helping and assisting Mogh Roith that he had come.

Ocus ba soidhealbha i lleth ra Mogh Ruith do bhí a dhealbh in la-sin, ocus ra feruibh Muman ar cena.

An lá sin, b’álainn a chruth do Mhogh Roith agus d’Fhir Mhumhan.

On that day, his appearance was beautiful as he presented himself to Mogh Roith and the Men of Munster.

Ba heitigh aineachtac a dealbh ocus a ecosc i lleth ra Cormac cona sluagaibh

Ar an taobh eile den scéal, áfach, b’uafásach agus b’arrachtach a chruth do Chormac agus dá shlua

On the other hand, to Cormac and to his army his appearance seemed monstrous and ugly,

.i. iss é garbh giusaidhi ocus méidether righthech a chenn,

agus é chomh garbh le crann giúise agus chomh hard le teach rí.

he appeared to be as rough as a pine tree, and as tall as a king’s house.

meidether righchaire ceachtur a dha shul ria a cenn aneachtair,

Bhí an chuma sin air go raibh a shúile chomh mór le coire ríoga.

Each of his eyes appeared as large as a royal cauldron above his head.

a gluine na deagaid ocus a escudu reme.

Bhí a ghlúine taobh thiar de agus a ioscaidí chun tosaigh.

His knees were behind him and the backs of his knees in front.

Gabhullorg iarnd mhor na laim.

Bhí gabhal-lorga mhór iarainn aige ina láimh.

He carried a large iron fork in his hand.

Araid odhur ghlas imbe

Bhí brat odhar-ghlas uime

He wore grey-brown mantle around him,

guna lan do chongaib ocus do chnamaib ocus d’adharcaibh,

agus é lán d’ingne agus de chnámha agus d’adharca.

hung about with talons, bones and horns.

boc ocus reithe na leanmain

Poc agus reithe á leanúint timpeall na háite

A buck goat and a ram followed him about

gu ngabhudh crith ocus omhon gach nech atceth fon n-ecasc sin.

agus critheagla agus uamhan á gcur aige ar gach duine *a chonaic é sa riocht sin*.

and all who saw him in this guise were seized with fear and trembling.

Ocus ro fiafruigh Mogh Ruith de:  

Chuir Mogh Roith ceist air:

Mogh Roith asked him:

“Cidh ima tainic?”

“Cad is cúis le do theacht?” ar sé.

“Why have you come?”

“Tanac”, ar se, “do thabairt creath ocus uamhain for na slogaibh

“Tháinig me,” arsa Gadhra, “chun critheagla agus uamhan a chur ar an slua

“I came,” said he, “to make the troops tremble with horror

ocus do tabairt neirt mhna siuil in cech fhir dhibh re huair catha ocus comhluind.”

agus chun neart mná i leaba luí seoil a thabhairt do gach fear díobh le linn catha agus comhlainn.”

and to make sure that at the hour of battle their strength would be no greater than that of a woman in labour.”

Ocus do riacht roimhe fon ecusc-sin co Druim nDamgaire

D’imigh Gadhra ar aghaidh ansin sa riocht seo go Droim Dámhgháire

Gadhra proceeded forward in this guise to Droim Dámhgháire

ocus tainic fo tri a timcheall in chnuic

agus rinne sé an cnoc a thimpeallú trí huaire

and he made a circuit of the hill three times.

ocus a tri bodharbheicedha ass

agus lig se trí bhodharbhéic as.

Three times also, he uttered a deafening roar.

ocus ro thaispenustar doib he fon n-innus-sin

Ba uamhnach an radharc é sa riocht sin.

He was a terrifying sight *in this guise*.

gur ghabh grain ocus omhun uili iat,

*Rug gráin agus uamhan orthu uile

*They were all filled with horror and terror,

co rucastar leath luidh ocus
lanchoibhlidh o gach fhir dhibh.

agus bhain sé leath a misnigh agus lán a laochais de gach fear díobh.*

and he deprived all their warriors of
half of their courage and all of their military prowess.*

Back to top

 

Section 79

Ros facuibh fon n-innus-sin

D’fhág sé slua Chormaic ansiúd ansin agus drochbhail orthu.

He left them in this state

ocus tainic roime cu h-airm a mbai Mogh Ruith.

Tháinig sé ar ais chuig Mogh Roith

and came to where Mogh Roith was.

Ocus ro bai Mogh Ruith ica fhiafraigid dhe in nderna na tosca risi tainic,

agus d’fhiafraigh Mogh Roith de *an raibh gach rud déanta aige a bhí leagtha amach aige le déanamh

Mogh Roith asked him if he had done what he had set out to do

ocus ica fhiafhraigidh dhe beos cinnus toethsaitis na slóigh,

agus d’fhiafraigh sé fós* ar claíodh iad

and also enquired if Cormac’s men had succumbed

in a n-aenuibh

ina nduine agus ina nduine

one by one,

nó n-a ndrechtuibh

*nó i ndréachtaí*

or in groups

no n-a bhfhichtibh,

nó i ngrúpaí d’fhiche duine

or in twenties

nó n-a cedaibh.

nó i ngrúpaí de chéad duine.

or in hundreds.

Ocus adbert Mogh Ruith tosach na laidi ocus do freagair Gadhra:

Rinne Mogh Roith an chéad chuid de dhán a reacaireacht agus thug Gadhra freagra air.

Mogh Roith recited the first part of a poem and Gadhra answered him.

 

(Is é an rud atá sa dán ná an méid atá ráite cheana féin sa phrós.)

(The poem repeats what has already been said in prose.)

 

 

 

[M. R.]

 

 

“Cidh dia tanaic, a Ghadra?

 

 

In re dogra brigh mbechta?”

 

 

[G.]

 

 

“Do tabairt creatha is uamain;

 

 

sunn ar sluaghaibh na h-echtra”.

 

 

 

 

 

[M. R.]

 

 

“Innis duin do gnim gaili·

 

 

in ba gaire gnim Cormaic?”

 

 

[G.]

 

 

“Beicfid, buirfid re deogail·

 

 

beit ar seolaib slóigh Cormaic”

 

 

 

 

 

[M. R.]

 

 

“In ba i n-aenuibh no i ndeduib,

 

 

no n-a ndrechtaibh ro didbuid”

 

 

[G.]

 

 

“Bid i n-aenuib ’s a ndeduib·

 

 

taethsat siritiu siabhraid”

 

 

 

 

 

[M. R.]

 

 

“In ba i fichtibh no a cedaibh·

 

 

no n-a drechtaibh ra tuirim?”

 

 

[G.]

 

 

“I bhfichtib ced is dreachtaibh·

 

 

toethsat clann Chuinn na curad”.

 

 

 

 

 

[M. R.]

 

 

“Cidh na marbha na sluagha·

 

 

is na tuadha ro thinol?”

 

 

[G.]

 

 

“Ni leicen dano be bannba [leg. be Bannba]·

 

 

snifes a tharbha cidh on”.

 

 

Cidh.

 

 

Back to top

 

Section 80

Do bhatar annsin andis [leg. a ndis] oc furnaimh in catha

D’fhan an bheirt acu ansiúd agus ullmhú don chath á dhéanamh acu.

Both of them remained there making preparations for the battle

ocus Gadhra n-a ecosc feín.

Bhí Gadhra ina riocht féin um an dtaca seo.

and Gadhra had now assumed his own proper form.

Ocus gabhus Mogh Ruith for seidedh in cnuic,

Ghabh Mogh Roith ar análú i gcoinne an chnoic ansin.

Mogh Roith began to breathe against the hill

 

D’éirigh anfa chomh fíochmhar sin dá bharr

 

ocus ni fhetad fer do Leith Cuind bheith i n-a bhoith

nach raibh oiread agus fear amháin *ó Leath Choinn* in ann fanacht taobh istigh dá phuball

and no man of Leath Choinn was able to remain in his tent

ar mhet na h-ainbhthine

le neart na gaoithe.

due to the force of the wind that arose.

ocus ní fhetatar an draithi [leg. a ndraithi] canas tainigh dhoibh ind ainbthine.

Ní raibh a fhios ag draoithe Chormaic, áfach, cad ba chúis leis an stoirm.

Cormac’s druids, however, did not know the origin of the storm.

Gabhustar Mogh Ruith amlaid-sin for seitedh in cnuic

Lean Mogh Roith ar aghaidh leis an séideadh i gcoinne an chnoic

Mogh Roith continued to blow against the hill

ocus ro raid na briathra-so:

agus giota reitrice á reacaireacht aige.

as he recited a piece of rhetoric.

 

 

 

“Soeiim atsoeim muna soeim dluma doirche. soeim bricht. soeim brechta, soeim dechtha doilbhthe. Soeiim ard. Soeim adhbul. Soeíim gac adberaidh. Soeiím tulach do thulaigh comdar tubhaidh for traigh. traethfat-sa cnoc ceann a cenn. comben-sa fria athuinn. Soeíim gac nadbul as. soeiim gach at tar ais ibhfiche eo. ibfichi sceo danum dur. Danum danum neim im nert ua Cuinn cur. Colptha Lurga luath gun bebhat san ath. Errghi Eng is Engain no chu cengair cach. bidh cruibhleacht ar cruibh. Creaman nadan lat. bidh fidhlann ar cnoc bidh arait ar at. Cein chomhaillfet frium clanna Eogain ain. Bidh doibh in maith moir biaidh in fhlaith na laim. Da ndiultat rem cloind. Cinedh Fiachach feart biaidh a ndine an-ulc cin righe cin reacht. Cinfidh o Mogh Corb. cuaine raith fria a re. righfaid is as recht. a secht mba se. Seidim-si druim ndamh. seidis gaeis liagh gom. seidis gaba gual. seidis neimh uar omh. ni rob inann sin. Seidis banfaibh bruth. acht rob inann sodh. soéis resin onsraith. imroacht in drai. im dechad-sa. imdechad-sa uadh leacais comblicht cnoc. Simon consoeias”.

Back to top

 

Section 81

Do cuaidh tra an cnoc ar neicfni

D’imigh an cnoc as amharc ansin.

The hill *then* disappeared from view,

n-a dlumuibh dubhai ocus n-a choire chiach

Bhí sé cludaithe le néal dorcha agus coire guairneáin chiaigh.

covered in a dark cloud and a misty whirlpool.

gumba lor dh’uathbhas d’oes-midhbadh

Ghabh eagla agus uamhan sluaite an namhad

The enemy ranks were filled with fear

gair in tsloigh

ar chloisteáil gártha shlua Fhiacha dóibh,

at the cries of Fiacha’s troops,

ocus tairmgrith na n-ech ocus na carpat

torann na n-each agus na gcarbad

the tumult of horses and chariots

ocus briscbruar na n-arm oc beim in cnuic ra a bunad.

agus clonscairt chlaimhte ar bhun an chnoic.

and the clashing of arms against the foundations of the hill.

Sochaide tra don tshluagh ro fhacuib i croilighi mbais

Bhí saigheada an bháis á bhfulaingt *ansin* ag cuid d’arm Chormaic

A part of Cormac’s army were *then* suffering the pangs of death

ocus ra facbhuit uile fa choir dubhaighi ocus droichmenman.

agus chuir casadh na taoide seo drochmheanma agus scéin iontu.

and the onslaught left them all in a state bordering on despair.

Ro ba maidhium la fira Muman sin

Chuir an cor seo sa saol, áfach, gliondar ar Fhir Mhumhan

This turn of events delighted the Men of Munster

ocus ro cuirset ilaich commaidme ocus ro bo buadhugad mor leo.

agus thóg siad gáir chatha chun a meidhir a chur in iúl.

and they gave a great shout of exultation to express their joy.

Cidh tra in forbhfailtius ocus in t-aineas

Ghlac an bhrí agus an ghal

The enthusiasm and delight

ro fhuair in sluag thuaidh roime-sin,

a bhí in arm Leath Choinn *roimhe sin*

that once possessed the army of the north

tainic ar in sluag fo dhes.

seilbh ar shlua na Mumhan *ansin*

now possessed the army of the south.

An bron immorro ocus in dogaillsi

agus thit *an brón agus* an drochmheanma

The sorrow and despair

ro bui ar in sluag thes roime-sin

a bhí i slua an deiscirt *roimhe sin*

that had afflicted the company of the south

do dechaid ar in sluag budh thuaid.

ar shlua an tuaiscirt *ansin*.

now afflicted the company of the north.

Batar amhlaidh-sin co madain.

B’shin é mar a d’fhan cúrsaí go maidin.

That is how matters remained until morning.

Back to top

 

Section 82

Ro rathaigh Leth Chuind annsaidhe sodh a dana forro.

D’airigh slua Leath Choinn *ansin* gur casadh a ndraíocht agus a ngintlíocht orthu féin

The men of Leath Choinn now felt that their magic arts had been turned against them

Ocus ro ghabh Cormac occ eiliugud n
andruagh [leg. na ndruagh] ro bhatar aigi fein.

agus thosaigh Cormac ar an milleán a chur ar a dhraoithe féin.

and Cormac began to put the blame on his own druids.

Is annsin ro eirigh Colptha ra h-imnaire an chairighthi thuc Cormac fair

Leis sin, d’éirigh Colpa ina sheasamh agus náire air mar gheall ar achasáin Chormaic.

*Thereupon* Colpa got up, full of shame at the accusations Cormac had levelled at him.

ocus ro ghabhustar a sciath dubh duaibhseach

Thóg sé a sciath dhubh dhuaibhseach

He took his black gloomy shield

for a cliu i ra bhutar se fichit fertraigh cona bile iaruind n-a timcheal

ina láimh chlé. Sheas an sciath sin caoga troigh ar airde agus bhí imeall iarainn aici.

which stood fifty feet high, with a rim of iron about it, on his left arm.

ocus a claidebh trom tortbhuilleach

Thóg sé ina láimh a chlaíomh trom tortbhuilleach

He took in his hands his heavy, hard-smiting sword

a ndecaid tricha caor comdlutta

ina raibh tríocha caor *comhdhlútha* miotail,

in which there were embossed thirty *compact* metal balls,

ocus a dha shleigh dhubha dhethaighi dhuaibhsecha n-a laimh.

chomh maith lena dhá shleá *dhubha* uamhnacha.

as well as his two *black* straight fearsome spears.

Ocus do chuaidh fein a ndeilb bhuirb brogdha bachlachdha

Chuaigh sé féin i ndeilbh bhorb bhroghach, bhachallach,

He then assumed a rude, horrible, grotesque shape,

i ra butar da fhichit dec traighedh ar airdi

240 troigh ar airde

standing 240 feet tall

gan imtoicheall airium na etuigh acht sin.

gan a chuid éadaigh a chur san áireamh.

irrespective of his clothing.

Tainic tra Cairpre Lifacair dia laidhiud

D’imigh Cairbre Lifeachair in éineacht leis *ansin* mar spreagaire

Cairbre Lifeachair came with him *then* as his inciter

ocus tancatar rompa siardes as an longphort i freacar in comlaind.

agus thiomáin siad leo siar ó dheas chun an chatha.

and they made their way south-west out of the camp to join in battle.

Back to top

 

Section 83

O atcondcadar fir Muman sin ro raidset ra Mogh Ruith:

Nuair a chonaic Fir Mhumhan an méid sin dúirt siad le Mogh Roith:

When the Men of Munster saw this they said to Mogh Roith:

“A fhir shochair ocus shochraite [leg. shochraide],

“A Fhir shochair,” ar siad,

“O Venerable Man and Ally,

ata sunn Colptha i freacur in comluinn

“seo chugainn Colpa agus é réidh chun catha

here is Colpa all ready to give battle

feibh as duaibhseaca thainic riam”.

agus cruth chomh harrachtach sin air nár fhacamar a leithéid riamh.”

and he comes in as horrible a shape as has ever been seen.”

“Cia thic lais?” ar Mogh Ruith.  

“Cé atá in éineacht leis?” arsa Mogh Roith.

“Who is accompanying him?” asked Mogh Roith.

“Cairpre Liffacair,” ar siat.

“Cairpre Lifeachair,” a dúirt siad.

“Cairbre Lifeachair,” they answered.

“Caidhi Cennmhar inosa?” ar Mogh Ruith.  

“Cá bhfuil Ceann Mór *anois*?” arsa Mogh Roith.

“Where is Ceann Mór now?” asked Mogh Roith.

“Sunn”, ar Cennmhar.

“Táim anseo,” arsa Ceann Mór.

“Here,” said Ceann Mór.

“Eirigh”, ar se,

“Éirigh, mar sin,” arsa Mogh Roith,

“Get up,” said Mogh Roith,

“ocus freitche frithailimh in aithigh ud.”

“agus téigh ar ghala aonair leis an mbodach seo.”

“and give battle to this boor.”

“A aide inmhain,” ar Cennmhar,  

“A oide ionúin,” arsa Ceann Mór,

“O beloved teacher,” said Ceann Mór,

“ra shires-sa in domun tair ocus siu immaille frit-sa

“Tá an domhan thoir siúlta agam leat

“I have travelled in the eastern world and stayed there with you

ocus ni ro raidhis-si frim-sa cath na comlunn riamh.

agus níor iarr tú orm riamh anall dul i gcath ná i gcomhlann.

and you have never before asked me to engage in battle or conflict.

Ocus dano ci peadh a ndernus ni dernus in comhlunn aeinfhir,

*Cibé rud a rinne mé, áfach, ní dhearna mé comhrac aonair riamh.*

And whatever I may have done *, however,* I have never fought in single combat.

ci peadh do thincsin do berainn a raen ra cach a freacor áid nó irghoili.”  

Pé scéal é, déanfaidh mé mar is gá *i gcúrsaí cogaidh agus coimhlinte*.”

However, in matters of war and conflict I will undertake whatever offers.”

“Coiméirigh, arai-sin,” ar Mogh Ruith, “ocus ragat-sa fein lat.”

“Ar aghaidh linn, mar sin,” arsa Mogh Roith, “rachaidh mise in éineacht leat.”

“Come along then,” said Mogh Roith, “I myself will accompany you.”

Back to top

 

Section 84

Comlais Mogh Ruith co Ráithin animairic ra h-ath aniar-dhes ocus Cenmhar mailleris (?) [leg. maille ris]

D’imigh Mogh Roith ansin go Ráithín an Iomardaigh ag an áth thiar theas *agus Ceann Mór maille leis*.

Mogh Roith then proceeded to Ráithín an Iomardaigh and the ford at the south-western side *and Ceann Mór along with him*.

Ocus is amlaidh thainic Mogh Ruith mar bhud he fein tísed isin comhlunn,

Bhí an chuma sin ar Mhogh Roith go gceapfaí go raibh sé féin réidh chun páirt a ghlacadh sa chomhrac.

It appeared as if Mogh Roith himself intended to fight.

feibh is ferr thicedh riam

*Bhí cruth chomh maith air agus a bhí riamh.*

*His appearance was as good as he had ever been.*

cona sciath ilbreac reltanac fair,

Bhí a sciath bhreac réaltach aige

He carried his speckled starry shield

cona bhile findargait uime

lena imeall airgid.

with its rim of white silver,

ocus claidebh curata i n-ardghabhail for a cliu

Bhí a chlaíomh curata *go hard* ar a chliathán *clé* aige

his warlike sword hung high on his thigh at his left side

ocus a dha shleig niamdha neimhnaca i lamhuib leis.

agus ina lámha bhí a dhá shleá niamhracha nimhneacha.

and in his hands he held his two gleaming venomous spears.

Ocus tainic fon tuaruim-sin cona armghaisced

Ba sa riocht míleata sin

It was in this manner, equipped with his military weapons

con eisidh [leg. co n[d]eisidh] i Ráithín ind imairic re h-áth aniardhes.

a shroich sé Ráithín an Iomardaigh *agus an t-áth thiar theas*.

that he reached <his military weapons that he reached> Ráithín an Iomardaigh, and the ford at the south-west.

Cidh tra mar do thocbhadh Cairbre Lithfacair atuaidh ar aen ra Colptha,

Ag an tráth céanna, tháinig Colpa agus Cairbre Lifeachair an tslí aduaidh.

At the same moment Cairbre Lifeachair accompanied by Colpa, arrived from the north.

ro thocbad Mog Corb ar aen ra Cennmhar.

*Tháinig Mogh Corb araon le Ceann Mór.*

*Mogh Corb arrived accompanied by Ceann Mór.*

Or rob iat-sin a bhfhiadhnuise ider thosach ocus dered cein ro batar oc ferthain a comluinn

Bhí an bheirt seo — Cairbre agus Mogh Corb — i láthair an t-am ar fad *nuair a bhí an comhrac ar siúl*

It was those two — Cairbre and Mogh Corb — who were in the presence of the combatants from first to last,

ocus is acu ro bhui fir ocus derb

agus is acu siúd atá eolas cruinn cneasta

and it is they who have true and accurate knowledge

na moireicenn ro imir cach for a cheli dhibh.

ar na béimeanna fíochmhara cathacha a thug na laochra agus iad ag leadradh a chéile.

of the savage blows which the warriors rained on each other.

Do ráid Mogh Ruith ra Cennmhar:

Ansin, dúirt Mogh Roith le Ceann Mór:

Then Mogh Roith said to Ceann Mór:

“Domroiched mo chloch neme ocus mu lia laime

“Tabhair dom mo chloch nimhe, mo lia láimhe,

“Bring me my poison-stone, my hand-stone,

ocus mo comlunn cet ocus mo dhithdergad ar mo naimdiu”;

mo chomhlann céad agus mo dhíthdheargadh ar mo naimhde.”

my hundred fighter, my destruction of my enemies.”

ocus tucad do ocus ro boi ica molad

Tugadh an lia láimhe dó agus thosaigh sé ar é a mholadh

This was brought to him and he began to praise it,

ocus ic cor breachta neme inti

agus chuir sé briocht nimhneach air

and he proceeded to put a venomous spell on it,

ocus doraidh in rethoirec-so:

agus rinne sé an reitric seo a reacaireacht:

and he recited the following rhetoric:

 

 

 

“Ailim mo lic laime.

“Áilim mo lia láimhe,

“I beseech my Hand-Stone —

narub thaidbhsi thaidhi.

nára taibhse é ach breo

That it be not a flying shadow;

Bidh breo brisfes bairi.

a bhrisfidh báire

Be it a brand to rout the foes

re cath crodha Clairi.

le cath cróga.

In brave battle.

mu cloch thein tac then.

Mo lia crua tine,

My fiery hard stone —

bidh nathair derg dhobhair.

bíodh sé ina nathairdhearg dhobhair.

Be it a red water-snake —

mairg cus bhfillfe a foruim.

Má chrioslaíonn sí duine — is mairg dó.

Woe to him around whom it coils,

Bidh murescang mholach.

Bíodh sé ina eascann mhara

Betwixt the swelling waves.

fod secht cong ndec rodhaim.

 

 

ider thonnaibh treall.

idir thonnta na farraige.

Be it a sea eel —

Bidh badhbh ider bhadhbhuibh.

Bíodh sé ina bhadhbh idir bhadhbha

Be it a vulture among vultures,

Scerus corp re hanmuin;

a scarfaidh corp le hanam.

Which shall separate body from soul.

bid naither noisnadmuibh

Bíodh sé ina nathair naoi-snaidhmeach

Be it an adder of nine coils,

um corp Colptha allmhair.

timpeall ar mhórchorp Cholpa

Around the body of gigantic Colpa,

o thalmain co a chenn.

ón talamh go dtí a cheann.

from the ground to his head.

anbhoic sleamhan bhirchenn.

Bíodh sé ina nathair shleamhain cheannbhiorach;

The smooth spear-headed reptile.

in rot ruibhnech rightenn.

ina roth ruibheanta ríoga.

The spear-armed, royal, stout wheel

Bidh dris agarbh imtenn.

Bíodh sé ina dhris gharbh dheilgneach.

Shall be as a galling, strong, thorny briar;

mairg aticfa timceall.

Má chrioslaíonn sí duine — is mairg dó.

Woe is he around whom it shall come,

mo draic thairptech thenn.

Mo dhraig thairpeach theann.

My fiery, stout, powerful dragon.

Canfait uais is ugdair.

Beidh uaisle agus údair ag cur síos

Nobles and warriors shall relate

mairg coa sinfe

ar an mairg a cuireadh ar dhaoine nuair a chas sí leo.

The woe of those whom it shall reach;

asurdghail do Colptha sdo Lurga.

Brisfidh sí gal Cholpa agus Lorga

The high valour of Colpa and of Lorga;

laifider fo all.

i gcoinne aille.

It shall dash against the rock.

in trascradh nos trascrann.

 

 

is fasdar no fastann.

 

 

is nascad nos nascann.

Fostóidh sí duine

The bonds which it binds on,

Mar bhís feith im crann.

mar a fhostaíonn féithleann crann.

Are like the honey-suckle round the tree.

Coiscfider a bhfhoghuil,

Cuirfear cosc lena dtreascairt,

Their ravages shall be checked;

methfaider a monair.

teipfidh ar a ngaisce;

Their deeds shall be made to fail;

beit a cuirp fa conuibh.

íosfaidh an mac tíre a gcoirp

Their bodies shall be food for wolves;

Ar ath olair air.  

ag áth mór an áir.

At the great ford of slaughter.

Co mberdais leo leanaibh

Beidh leanaí in ann

So that children might bear away,

cin troit is cin deabaidh.

 

 

a coscar re a cennaibh.

a gcinn agus a gcreach a bhreith leo.”

Their trophies and their heads.”

ce madh eadh budh ail”.

 

 

Ailim.

 

 

Back to top

 

Section 85

O tairnic sin

Ar theacht chun deireadh na reitrice dó,

When he had come to an end,

dos fuc i láimh Cennmair ocus ro raidh fris.

thug Mogh Roith an lia láimhe do Cheann Mór, agus dúirt *leis*:

Mogh Roith placed the stone in the hand of Ceann Mór and said to him:

“Intan ticfa Colptha san ath cugat

“Nuair a thiocfaidh Colpa chomh fada leis an áth

“When Colpa comes to you at the ford,

teilc-si in cloch isin ath ocus dom breitir”, ar se,

caith an chloch isteach san uisce agus dar mo bhriathar,

throw the stone in, and believe me,

“as derb leam-sa

*mar táim cinnte*

for I am certain if it,

con dinge[b]a gnimha gaili Colptha dit.”

go gcasfaidh sí gníomhartha gaile Cholpa i leataobh uait.”

that it will divert Colpa’s feats of valour from you.”

Do roacht iar sin Colptha co Raithin ind imairic re h-ath,

Ghluais Colpa ar aghaidh go dtí *an t-áth ag* Ráithín na Iomardaigh iarsin

After this, Colpa set out for the ford at Ráithín an Iomardaigh

ocus cein ro bui Colptha oc tiachtuin on longport conice sin,

agus fad a bhí sé ar an tslí *ón longfort*

and while he was on the way from the camp

do chuir Mogh Ruith anal draidhechta n-a adhaigh fo thuaidh,

rinne Mogh Roith anáil druadh a dhíriú ó thuaidh ina choinne.

Mogh Roith dispatched a magic breath northwards against him

con derna sin cor bhat foithe fergacha feoghghoirte clocha ocus gaineam in talman

D’éirigh clocha agus gaineamh na talún in aghaidh Cholpa dá bharr, mar a bheadh caora feargacha tine á loscadh agus á chiapadh

so that the stones and sand of the earth became furious devastating balls of fire

o tha in longport cusan ath.

an turas ar fad ón longfort go dtí an t-áth.

all the way *from the camp* to the ford.

Co mba meiditer la Colptha na tairneth cos for talmain do

Is ar éigean a bhí sé in ann a chosa a chur ar an dtalamh

Only with difficulty could Colpa put his foot on the ground

ar a mhét no letraitis ocus no loiscdis na foithe,

*mar bhí sé barrloiscthe agus ruadhóite* de bharr an teasa,

as the fire singed and scorched him

ocus cor bhaat saghalerlabra letratacha maighseisc ocus murain na mona

agus toir na maighe *agus muiríneach na móna* ina madraí allta

and the sedges of the plain *and the bent-grass of the marsh* turned into raging dogs

ac dlomad ocus acc eicet air.

ag amhastrach agus ag screadaíl *air*,

barking and screaming at him.

Ocus cor bat tuirc trotacha trebliadhnaigh tulfhoit ocus morbai in mhaighe ar énghair ocus ar airmgrith cuigi.

*agus bhí mar a bheadh toirc fhíochmhara (agus trí bliana slánaithe acu) agus seangáin na maighe ag screadaíl agus ag fothramáil ina threo*

*It was as if fierce, three-year-old, wild boars and ants of the plain were all screaming together and making ​​a great noise at him.*

Ocus cor bhat daimh dedla dimora agarbha iar reamur muinetha moirsciach in muighi

agus bhí mar a bheadh na sceacha aistrithe go daimh fhíochmhara *ollmhóra* ramhra gharbha

And it was as if the bushes of the plain were savage, immense, rough, fat-necked oxen

oc beicidhaigh ocus oc buirfedaigh oc a roachtain.

agus iad *ag béiceadh agus* ag búireach go huamhnach ina choinne.

who roared and screamed at his approach.

Ocus ro ghabh grain ocus omun fon n-innus-sin Colptha.

Maidir le Colpa sceimhligh siad ina bheatha é.

Seeing all this, Colpa was filled with dread.

Back to top

 

Section 86

Mogh Ruith immorro, teit-sein i ndeilbh n-aineactha ndimhoir fó a shamhuil-sium.

Mhéadaigh Mogh Roith é féin iarsin go dtí go raibh sé i riocht fathaigh.

Mogh Roith, however, assumed a shape that was immense and imposing.

Sillis Colptha dar ath fo dhes fair-sium

Chonaic Colpa é *ó dheas den áth*

Colpa *saw him to the south of the ford

ocus forfidir ba se doroine na h-anrechta ut

agus bhí sé cinnte ansin gurbh eisean a rinne an siabhrán

and* came to the conclusion that it was he who had produced the strange phenomena

batar forsin muigh.

a chiap é agus é ag taisteal na maighe.

he had encountered on the plain.

Ocus dano ba hingnad lais Mogh Ruith do bheith fo armghaisced ocus se dall

Chuir sé iontas air, áfach, go raibh Mogh Roith faoi arm, mar bhí sé dall.

He was amazed, however, to find Mogh Roith bearing arms, as Mogh Roith was blind,

ocus do raidh in retoric-sa:

Rinne Colpa reitric a reacaireacht

and he recited a rhetoric

 

 

 

“Gas atu atuarat cind. et rel.”

 

 

 

 

 

Do freagair Mogh Ruith co feigh ocus co feochair ocus do raidh an retoric .i.

agus rinne Mogh Roith freagairt air go dian dásachtach.

to which Mogh Roith responded with keenness and severity.

 

 

 

“Fearta druadh dolbaim-si et rel”.

 

 

Back to top

 

Section 87

O thairnic dona draithibh an imacallamh-sin,

Nuair a chríochnaigh na draoithe an t-agallamh sin,

When the druids had completed this exchange,

gabsat oc gnó.

bhí sé in am tosú ar an obair i gceart.

the time had come for military action.

Ocus dochuaidh Cennmhar for amus in atha

D’imigh Ceann Mór i dtreo an átha

Ceann Mór went off towards the ford

ocus nis faca Colptha con eisidh [leg. con [d]eisidh] ar ur in atha

agus ní fhaca Colpa é go dtí go raibh a shuíomh tofa aige ar an mbruach.

and Colpa did not see him until he took up his position on the bank.

ocus cureas in cloich roime san áth

Chuir Ceann Mór an lia láimhe isteach san áth roimhe

Ceann Mór now threw the hand-stone into the water *before him*

ocus doghni murescang shith-remair dhi,

agus deineadh eascann mhara ramhar de go lom láithreach

where it was immediately transformed into a fat sea-eel,

feibh atcuadhamur romuinn.

*mar adúramar cheana féin*.

as we have already described.

Ocus atnaidh Cennmhar fein a ndeilbh
cloiche, for an ath.

Ansin, chuaigh Ceann Mór i riocht cloiche *ag an áth*

Ceann Mór stationed himself on the ford in the form of a stone,

Cloch mor immorro bai isin ath soighter iside i richd Cennmhair.

agus díreach ag an am céanna tháinig athrú mór ar chloch mhór a bhí i lár an átha i dtreo go raibh sé i riocht Chinn Mhóir.

moreover, a large stone which already stood at the ford, took on the appearance of Ceann Mór.

Gabhaidh iarsin anfadh for an ath, amal tonna dileand

Lena linn sin, thosaigh anfa agus gaoth mhór ag séideadh a chuir an abhainn ina tuile thar an áth

At this moment, a storm arose over the ford and the river rose up in flooding waves

i llo cruadhghaeithi earraig fo anfad in mhor-mara.

mar thonn mhara lá *crua-ghaoithe* earraigh.

as a storm at sea on a spring day *with a strong wind*.

Ocus ba dethbir do ceachtar n-ai inni-sin,

Bhí an dá ghrúpa cinnte dearfa de bhunús an tarlaithe seo.

Both parties were convinced of the origin of this:

or ba doig la clannaibh Cuind um Cormac

Cheap Clann Choinn um Chormac

Clann Choinn, as they surrounded Cormac, believed

ba druidhecht ocus diabaldan Moga Ruith ro comlaisetar na tonna-sin,

gurbh é Mogh Roith a ba chúis leis na tonnta de bharr a chuid draíochta agus gintlíochta.

that it was Mogh Roith who had caused the waves by means of his magic and devilry,

ocus ba doigh la Fiacha ocus la fira Muman

Ar an taobh eile den scéal, cheap *Fiacha agus* Fir Mhumhan

while Fiacha and the Men of Munster believed

ba druidhecht ocus diabaldan Cholptha no chomhlai in moranfad-sin

gurbh é Colpa *, de bharr a chuid draíochta agus gintlíochta,* a ba chúis leis an tuile

that it was the magic and devilry of Colpa that had caused this huge tempest

for lar in mor-muighi n-a bhfhiadhnuisi,

ar an maigh rompu.

in the midst of the great plain before them.

curgabh uromon ceathra coiged Eirenn fon samail-sin.

Pé scéal é, *leis an radharc sin,* tháinig eagla agus uamhan ar cheithre cúigí na hÉireann an lá sin.

The four provinces of Ireland were filled with horror at the sight.

Back to top

 

Section 88

Ni h-indister tra comlunn na coimeascar do dhenam do Cennmar ocus do Colptha annsin

Ní instear anseo scéal an chomhraic idir Ceann Mór agus Colpa *, áfach*.

The story of the encounter between Ceann Mór and Colpa is not related here *, however.

ocus ni he Colptha na taircedh,

Níorbh é Colpa a shéan an comhlann in aon chor,

It was not Colptha who refused combat*.

or, intan atconnaic ecasc Cennmhair isin ath,

mar, nuair a chonaic sé riocht Chinn Mhóir ag an áth,

When Colpa got a glimpse of the likeness of Ceann Mór at the ford,

sceindis cuigi

léim sé os a chomhair

he sprang at him

ocus imselais tri beiminda dho don claidem mor mhilita bui n-a laim

agus thug trí bhéim dá chlaíomh mór cathach a bhí ina láimh aige dó.

and dealt him three blows of the mighty warlike sword he held in his hand.

co taillfedh mac midaeisi i fuillshlicht gac beime dhib isin cloich.

Bheadh spás d’fhear meánaosta san eitre fhuilteach a d’fhág sé ar an gcloch ó gach buille díobhsan.

A middle-aged man would fit into the track of blood left in the stone from each blow.

Sceindis an escang cuigi-sium ann saide

Leis sin, thug an eascann fogha faoi Cholpa

With that, the eel sprang at Colpa

ocus gabus tulpart a édain ocus a aighthi fair

agus fuair greim ar a cheann agus ar a éadan.

and grasped him by the head and forehead

ocus gabsat seachnon ind atha co tancatar fecht fo tri n-a thimcheall

Roll siad timpeall an átha faoi thrí.

so that they rolled around the ford three times,

ocus Colptha a n-uachtar gach re fecht ocus in eascong in fecht aili.

Uair amháin, bhíodh an eascann in uachtar agus Colpa in uachtar uair eile.

Colpa on top at one time and the eel at another.

Ro scarad Colpha ra armaibh ann sin ocus ro bruighmhinaigit im a lamhaib.

Lena linn sin, deineadh bruscar d’airm Cholpa *agus bhí sé scartha óna airm dá bharr sin*.

At this point Colpa was deprived of his weapons for they were crushed into fragments.

Ro fortamlaigh tra in escong for Colptha,

D’éirigh leis an eascann ansin an lámh uachtair a fháil ar Cholpa.

The eel then succeeded in getting the upper hand of Colpa,

ocus benais fria chnes, ocus tig timcheall a neirt

Thosaigh sí ag alpadh a chraicinn fad a bhí a neart ag teip air.

biting into his skin and overcoming his strength.

ocus doni noi snadma dhi im-a churp fria a dhoitibh anechtair

Rinne sí naoi snaidhm di féin timpeall chorp Cholpa ó bhaithis go bonn.

The eel formed itself into nine knots around Colpa’s body from the shoulders down

ocus tic traigh dhi fai ocus traigh uasa

Choinnigh sí cos amháin Cholpa ardaithe *agus an chos eile íslithe*

and holding one foot up and the other foot down,

ocus intan no triallad coisceim do breith

agus gach uair a rinne sé iarracht céim ar aghaidh a thabhairt

and every time that Colpa endeavoured to take a step forward

do beired sí builli da herr dar an cois nous tocbhadh

thug an eascann buille dá heireaball dó *don chos ardaithe*

the eel gave a blow of her tail to the leg he tried to raise

ocus do beredh beim dhe fria talmain

a leag é de phlimp *ar an talamh*.

so that he hit the ground with a bang.

ocus intan no thocbad a cheann

Gach uair a d’ardaigh sé a cheann

Whenever he raised his head

no gheibhedh an escong ider a dha carpat in blagh ba sia uaithi don cinn,

fuair sí greim níos daingne *ar bhaithis a chinn* air *idir a dá chorrán*

the eel used to get a grip *of the top of his head between her two jaws*

ocus imseladh beim dhe frisin sruth.

agus theilg sí i gcoinne an tsrutha é.

and fling him against the current of the stream.

Back to top

 

Section 89

O atconnuic Mogh Corb gur fortamluigh an eascang for Cholptha,

Nuair a chonaic Mogh Corb go bhfuair an eascann an lámh uachtair ar Cholpa,

When Mogh Corb saw that the eel had got the upper hand of Colpa

atbert ra Cennmhár:

dúirt sé le Ceann Mór:

he said to Ceann Mór:

“Fort do colaingcel”, ar se,

“Brú is breo ort,

“Bad luck to you,

“is olc dhuid gan ní do maisi an ecta ocus clu marbhtha an aithigh do beith fort”.

is mór an trua é gan tairbhe agus clú a bhaint as marú an bhodaigh seo.”

it is a pity not to profit from this affair and to forego the fame of killing this boor.”

Is ann sin ro gabh Cennmhar slegh draidhechta Mogha Ruith n-a laim,

Leis sin, thóg Ceann Mór sleá dhraíochta Mhogh Roith *ina láimh*

At this, Ceann Mor took the magic spear of Mogh Roith in his hand

ocus saidhis hi a Colptha os a chinn co fortren feramail

agus chuir sá di go dian dásachtach thar cheann Cholpa.

and thrust it with force and manliness at Colpa over his head.

ocus aithnes Mogh Corb dhe a imdhiten fair.

Thug Mogh Corb foláireamh dó aire a thabhairt.

Mogh Corb warned him to be on his guard.

Sceindis Cennmhar chuigi iarum

Léim Ceann Mór ansin i dtreo Cholpa

Ceann Mór then sprang at Colpa

co claidem mor mileta Mogha Ruith, con selustar beim dho,

agus thug buille dó le claíomh *mór* cathach Mhogh Roith

with the great warlike sword of Mogh Roith and gave him a blow

con tobacht a cenn de.

agus bhain sé an ceann dá chorp.

which struck off his head.

ocus facbus in cend ann sin

D’fhág Ceann Mór cloigeann Cholpa san áit inar thit sé.

Leaving the head where it had fallen,

ocus tic for tir

*Tháinig sé suas ar an mbruach.*

Ceann Mór came up on the bank

ocus toitid a taem-laem gen aidechta [leg. genaidechta] air ocus a thaisi marbhtha ocus mele.

Tháinig babhta meirtne agus bróin air.

and he was seized with a blazing attack of mortal weakness and depression.

Sceindis Mogh Corb isin ath

Chuaigh Mogh Corb go dtí an t-áth, áfach,

Mogh Corb, however, advanced to the ford,

ocus gabhus in cenn

fuair sé greim ar an gcloigeann,

grasped the head

ocus tic lais.

d’imigh leis agus cloigeann Cholpa á iompar aige.

and made off with it.

Back to top

 

Section 90

Imsoei Coirbri Litfacair dia longport;

D’iompaigh Cairbre Lifeachair thart agus d’imigh leis go dtí an longfort.

Cairbre Lifeachair turned about and went off to the encampment

ocus ro cuirset fir Mhuman ulach commaidme in comhluinn-sin;

Thóg Fir Mhumhan gáir chatha chun maidhm na Laighneach a cheiliúradh.

while the Men of Munster raised a great shout of battle-triumph

ocus doronsat nualghubha fo chuitbhidh obloire, ocus eisdrecht fer Muman ac
commaidim Cholptha:

Mar an gcéanna, thóg abhlóirí na Mumhan olagón magaidh os cionn Cholpa.

and the jesters for their part set up a cry of mock-lamentation for the death of Colpa as a counterpart to the Munstermen’s shout of triumph.

“In libh in maidium?” ar Mogh Ruith.

“An libhsa an gháir chatha?” arsa Mogh Roith.

“Is the victory-cry yours?” asked Mogh Roith.

“As linn

“Is linne, go deimhin,” arsa Fir Mhumhan,

“It is indeed,” said the Munstermen,

ocus ita sunn Mogh Corb ocus an cenn aigi”.

“agus seo chugainn Mogh Corb agus cloigeann Cholpa aige.”

“and here comes Mogh Corb with the head.”

“Caidhi Cennmar?” ar Mogh Ruith.

“Cá bhfuil Ceann Mór?” arsa Mogh Roith.

“Where is Ceann Mór?” asked Mogh Roith.

“Dorochair taisi midbad fair”, ar siat.

“Ghlac meirtne greim air,” arsa Fir Mhumhan.

“A weakness has overtaken him,” said they.

“Truadh sin”, ar se.

“Is trua é sin,” arsa Mogh Roith,

“That is a pity,” said Mogh Roith,

“Da mad he thised lasin cenn,

“mar dá mba rud é gurbh é Ceann Mór a bheadh ag iompar an chloiginn

“for if it had been he who came carrying the head,

ni gebhtha fior n-aeinfhir rá fer dia shil co brach,

ní theipfeadh ar aon duine dá shliocht i gcomhrac aonair go deo

no man among his descendants would ever fall in single combat

acht cu mad arm neich dom shil-sa do biath aigi”.

ach arm duine de mo shíol féin a bheith á iompar aige.”

provided only that he was using the arms of one of my descendants.”

“Tabair frim-sa in mbreithir-sin”, ar Mogh Corb,

“Tabhair domsa an bua sin a luaigh tú,” arsa Mogh Corb,

“Let me have the privilege you have described,” said Mogh Corb,

“or as me thuc in cenn leam

“mar is mise an duine a thug an cloigeann ar ais

“for it is I who have brought back the head

ocus is me fhuil re comalladh do shochair

agus is mise a chomhlíonfaidh an conradh.

and it is I who am to fulfil your contract,

ocus as í m’ingen ro thoghais

Chomh maith leis sin, is m’iníonsa a roghnaigh tú mar leannán luí duit féin,

moreover, it is my daughter you have chosen for yourself,

ocus ni mesa mhe fein oldas Cennmhar”·

agus, ar aon chuma, níl mise pioc níos measa ná Ceann Mór.”

and, anyway, I am no worse than Ceann Mór.”

“Dober-sa ón”, ar Mogh Ruith,

“Tugaim an bua sin duit, mar sin,” arsa Mogh Roith,

“*Yes,* I will bestow this privilege on you,” said Mogh Roith,

“cein chomalla do coracais frium-sa,

“a fhad is a chomhlíonfaidh tú na coinníollacha.

“as long as you fulfil the conditions.

acht gu rub arm fir dom shil-sa lais nach fer dod shil-sa”.

Ach caithfidh gach duine de do shíolsa arm duine de mo shíolsa a iompar.”

But every man descended from you must bear the arms of a man descended from me.”

Ocus atbert an rand.

*Agus rinne sé an rann:*

*And he said the verse:*

 

 

 

“Mad arm fir do shil Mogha

 

 

Cusan cathghail re a cura

 

 

Taethsat leo ocus fosraegat

 

 

acht nar shaebhat a cura”

 

 

 

 

 

“Ni saebobhthar fort-sa sin co brath”, ar Mogh Corb.

“Ní chuirfear do chonradh ar ceal go deo,” arsa Mogh Corb,

“Your conditions will never be set aside,” said Mogh Corb,

“Ocus dod’chubhus, dena faitsine dhun

“agus anois, ós agatsa atá bua na réamhfhaisnéise,

“and now, in view of your precognition,

ocus forfindam uait in mbia maith d’ar sil eider nó aitheirge oruinn fein.”

déan fáistine faoin ádh nó mí-ádh a bheidh orainn féin agus ar ár sliocht.”

make a prediction for us, to find out if fortune will smile *on us and* on all our descendants.”

“Biaidh,” ar Mogh Ruith,

“Beidh an t-ádh leat,” arsa Mogh Roith,

“Fortune will smile on you,” said Mogh Roith,

“ocus geba fein rigi Muman

“agus gabhfaidh tú féin ríocht na Mumhan

“and you yourself will occupy the throne of Munster.

ocus geinfidh uaidh sochaide ghebus”.

agus beidh an rath ar shliocht do shleachta.”

*Your children’s children will be prosperous.*”

Ocus do raidh an rethoric:  

*Agus rinne sé reitric a reacaireacht:

*And he recited a rhetoric:

 

 

 

“La Mogh Corb cathuigim, et reliqua”.

“La Mogh Corb cathuigim, et reliqua.”*

“La Mogh Corb cathuigim, et reliqua.”*

 

 

 

Aidhed Cholptha ar’ Ath na n-óc in-sin

Seo, mar sin, oidhe Cholpa ag Áth na nÓg

This then, is the tragic death-tale of Colpa at Ath na nÓg,

ocus is o Cholptha ainmnighther o sin ille.

agus tugtar ‘Áth Cholpa’ ar an áit ó shin i leith.

and ever since, the place is known by his name — ‘Áth Cholpa’.

Back to top

 

Section 91

Badar annsin co mucha lai ara bharach,

D’fhan siad ansiúd go dtí mochdháil na maidine lá arna mhárach

They remained there until early next day

ocus ro coiméirigh Lurga maiden mhoch ar in ath cedna i freacar in comlain ocus Cairbre Lithfacair leis,

agus d’éirigh Lorga go luath *ar maidin* agus ghluais *chun an átha chéanna* chun an chatha *agus Cairbre Lifeachair leis*.

and Lorga arose early in the morning and proceeded to the *same* ford to continue the battle *, accompanied by Cairbre Lifeachair*.

ocus do freagair Ceannmhár o
feruibh Muman sin

Tháinig Ceann Mór chomh maith ar son Fhir Mhumhan.

Ceann Mór, too, arrived on behalf of the Munstermen.

ocus Mogh Corb leis

Bhí Mogh Corb in éineacht leis

He was accompanied by Mogh Corb

ocus a lia laime ocus sleagh
draidechta Mogha Ruith n-a laim.

agus bhí an lia láimhe agus sleá *dhraíochta* Mhogh Roith *ina láimh* aige.

and he carried the Lia Láimhe and the magic spear of Mogh Roith in his hand.

Ocus is eimhilt cena tuaruscbail
airm ocus eidigh gac enn duine thic isin comlainn d’indisi;

Ní gá cur síos a dhéanamh anseo ar arm *agus cathéide* na laochra agus iad ag dul i ngleic lena chéile.

It is unnecessary, to describe the arms and armour of each one taking part in the combat.

is airi-sin fhacabhair cein innisi.

*Mar sin, fágfar gan insint é.*

*Consequently, it will not be described.*

Back to top

 

Section 92

O do riacht Ceannmar co Raithin ind Imairic ra h-ath aniar-dhes

Nuair a shroich Ceann Mór Ráithín an Iomardaigh ar an taobh thiar theas den áth,

When Ceann Mór reached Ráithín an Iomardaigh, to the south-west of the ford,

gabustar Lurga ga fhegad ocus ga agallaimh

ghabh Lorga ar fhéachaint air agus ar chomhrá leis.

Lorga began to look him over and to question him.

ocus ba tren ocus ba tairptec in treinfer sin

Ba thréan agus ba thairpeach an laoch seo, Lorga,

The warrior was strong and violent

ocus ba mor a omhun ar Cheannmhar in la-sin

agus bhí Ceann Mór ar critheagla roimhe *ar an lá sin*.

and on that day Ceann Mór was terrified of him.

ocus ro geallustar a aidi dho co mbherad coscar ocus commaidim Cennmhair lais i ndigail Colptha.

Ina theannta sin, gheall a oide do Lorga go maródh sé Ceann Mór mar dhíoltas ar mharú Cholpa.

Moreover, his tutor had promised Lorga that he would slay and slaughter Ceann Mór in revenge for Colpa.

Is amlaidh bui Ceannmar in la-sin co nar bo mesa lais bas ocus aidhedh d’fhaghail

Maidir le Ceann Mór áfach, b’fhearr leis, an lá sin, bás a fháil

As for Ceann Mór, on that day he would have preferred death and destruction

 

 

at the hands of Lorga

 

go honórach agus é ag troid go calma cróga

provided he could confront him honourably

min badh fosaidh a traig

agus a chosa go seasmhach,

with his feet steady,

ocus min bhadh cruaidh a cride

a chroí go crua,

his heart hard,

ocus min bhadh badbdha a beim

a bhéimeanna go millteach,

his blows destructive,

ocus min badh innilldirech a urchar

*a aimsiú go cruinn,

his aim accurate,

ra frithailimh Lurga

ag troid le Lorga,*

 

a n-inad na meraighechta

ná é a bheith siabhránach

rather than be subjected to the bewildering enchantment

dorala do in la roimhe

faoi mar a bhí an lá roimhe sin

he had endured on the previous day

oc frithailimh Colptha;

agus é i ngleic le Colpa.

in his encounter with Colpa.

ocus gabsat for acallaimh araili

Bhí agallamh ar siúl acu ar dtús

They engaged each other in conversation

ocus tug cach dib freacra fon cas da chele ann-sin.

agus rinne siad an cheist a phlé.

and discussed the case between them.

Gabus Cennmar for amus ind atha ocus a lia cloichi n-a laimh

Ghluais Ceann Mór ar aghaidh ansin go dtí an t-áth agus an lia láimhe ina ghlac aige.

Ceann Mór then advanced to the ford, his handstone in his hand,

ocus gabus ica molad ocus ica h-etarghuigi ocus ic faitsine ind air doghenad,

Thosaigh ar é a mholadh  agus d’iarr sé air an slad a dhéanfadh sé a chur in iúl dó.

and he began to praise it and beseech it and to predict the slaughter it would cause.

ocus teit i muinigin a dhea ocus primhdruadh in domuin .i. Mogh Ruith

Chuaigh sé i muinín a dhé agus i rídhraoi an domhain, is é sin le rá — Mogh Roith,

He put his confidence in his god and in the chief-druid of the world — Mogh Roith

ocus do raid:

agus rinne sé rann a aithris:

and he recited the rann:

 

 

 

“Lia cloiche,

“Lia cloiche;

“A flat stone,

cloch cena gun beba

 

 

lia chael tiugh thana

lia caol tiubh tana;

A narrow dense, thin stone.

arm togha ros maela.

 

 

Lia shillfes darsealla gun alla

 

 

lia lingfes. tar tonna.

lia a léimfidh thar tonnta

A stone that will spring over waves,

gun croma gun cama.

gan chromadh, gan chamadh.

Without stooping or curving.

Mar do thraethais in argain

Faoi mar a sháraigh

As you overpowered in the contest,

tria shurdgail cruaidh Colphtha

tú Colpa trí ghal chrua,

by hardy valour, Colpa,

isin arguin tria cuirdib

sa tslí chéanna,

 

eirg co tolchair tri borrfaidh

imigh go tairpeach chun

Go forth strongly in fierce action,

gnim conchair dith Lurga.

go dtitfidh Lorga leat.

Until by you shall Lorga fall.

Lia logha,

Lia logha,

A valuable stone,

lia chomha lia luagha.

 

 

lia briga.

lia brí,

a powerful stone,

lia bechta.

 

 

lia buadha,

lia bua;

a victorious stone,

lia Aeitheoir.

Lia Eitheoir,

Ethor’s stone,

lia Dhaineoil.

lia Dhaineoil,

Daniel’s stone,

lia caileoir.

 

 

lia catha.

Lia catha,

A battle stone;

lia Mogha.

lia Mhogha,

Mogh [Roith]’s stone,

lia Simoin.

Lia Shimeoin,

Simon’s stone,

lia dimhor.

 

 

lia data. lia fhoirfes baidh muimnech gan aslach. lia cuingim. lia tuirmhim mlia [leg. tuirmhimm lia] tastach. lia línfus na hatha in deilbhfhuatha lia rainfes na bracha dar bruacha. lia traethfus in eaclach. romtriall-sa. lia shraeinfes. lia maidhfes,

mo lia-sa.”

mo lia.”

my stone.”

Back to top

 

Section 93

O tairnic an imcallam-sin,

Nuair a bhí an dán seo críochnaithe

When this poem had been completed,

tainic Lurga isin ath

ghluais Lorga ar aghaidh go dtí an t-áth

Lorga came to the ford

ocus do fhregair Cennmhar co cruaidh,

agus thug fogha fíochmhar faoi Cheann Mór.

and attacked Ceann Mór furiously.

ocus imselustar cach dhibh builli ar builli da cheli

D’ionsaigh siad a chéile béim ar bhéim,

They wielded blow after blow at each other

ocus freagra fon tacra.

cosaint agus ionsaí gach re seal.

and defence succeeded attack.

Acht chena ger calma in comlunn-sin,

D’ainneoin straidhn an chomhraic, áfach,

Despite the ferocity of the fight, however,

ni ro dipaid arm chechtar de ar loe nach ar finda do curp na edghadh cechtar n-ae.

theip ar gach duine den bheirt corp nó éadach an duine eile a straidhpeáil.

the arms of either of the warriors failed to cut a bristle or hair of the other’s body or even his clothing.

Ni na dingnedis tra na loeich-sin gu cruaidh ocus gu curata in comlann-sin;

Níorbh é nach raibh an bheirt laochra ag tabhairt aghaidh ar a chéile go cróga calma, *áfach,*

This was not because the heroes were not engaging in the fight savagely and heroically, *however,*

 

ach go raibh siad scartha óna chéile,

 

acht dodechaid etarra in ‘neirt-lia chatha’ ocus ‘in comlunn ced’ ocus ‘in forrach sochaidi’

mar, bhí an ‘lia catha’, ‘an comhlann céad, ‘cloíteoir na míllte’

but because of the fact that the ‘Energy-Stone of Battle’, ‘the hundred-fighter’, ‘the Vanquisher of Multitudes’

.i. in muirescang mhor mileta dar bo comainm Mongac Mhaeithremur,

— an eascann *mhór mhíleata* mhara Mongach Maoth Ramhar

— the great valorous sea-eel called Mongach Maoth Ramhar (hairy, wet, fat)

ocus imsceinn side co Lurga feib ro sceind gu Colptha

— tar éis Lorga a ionsaí díreach faoi mar d’ionsaigh sí Colpa.

— had sprung at Lorga just as she had sprung at Colpa,

ocus dodechaid discail do na laechaibh trit-sin,

 

*and so the two warriors were separated from each other by this*

ocus dodechaid forrach do Lurga.

I ndeireadh na dála, fuair sí an lámh uachtair air.

and eventually Lorga was defeated.

Ocus ba deitbir on,

Níorbh aon iontas é sin,

And this was only to be expected

or is ann teighedh a neim draidechta da gac aen frisi mbeanadh in eascang, ó no benadh fris.

mar, gach uair a bhain sí alp as, d’imigh a nimh dhraíochta isteach ina chorp.

as the eel’s magic poison entered the body of whoever she bit.

Ocus ní fada ro anustar Cendmhar ra leacadh comluinn eaturra

Níor dhein Ceann Mór aon mhoill, ámh, *gan leanúint leis an gcomhrac eatarthu*

Ceann Mór, however, did not delay overlong in allowing this engagement between them to continue.

cin a riachtain fein cuca gun selustar beim don sduagh loinn [leg. sduaghloinn] tinn teindtighe bui n-a laimh

ach léim de phreab ar Lorga agus le buille tairpeach uamhnach feargach dá thua bhreoga

He approached them and with a savage blow of his terrible, angry, steady, flaming axe

cu tall a cenn de

bhain sé an ceann de Lorga.

he swept the head off Lorga.

co ndechaid a n-aier

Scinn an ceann suas san aer le brí an bhuille laochta sin

It flew up into the air

ocus ni roacht lar,

 

 

intan ro ghabh Ceannmar co hathlum ocus co hiarannta.

ach le léim luathbheartach luaineach, fuair Ceann Mór greim air agus é ag teacht anuas

but with a leap of great agility Ceann Mór caught it

 

sular bhuail sé leis an talamh.

before it touched the ground.

Conadh amhlaidh-sin dorochair Lurga.

Ba sa mhodh sin a d’éag Lorga.

It was in this manner that Lorga died.

Back to top

 

Section 94

Cid tra cein ro bas oc denamh an comluinn

 

 

 

Bhí na sluaite tagtha le chéile ó gach aird chun an comhlann ag an áth a fheiceáil

The crowds had gathered from every quarter around the ford to watch the fight.

is amlaidh batar díderctha

ach bhí deacrachtaí acu radharc maith a fháil ar an méid a bhí ag tarlú.

 

do na sloghaibh boi oc faircsi in comluinn da gac aird imon áth

 

 

ocus bai cach dib ga radh.

Bhí gach duine díobh á rá:

Every man of them was saying:

“A dhe da n-adhram”, ar siat,

“A Dhia, a adhraimid,

“O  god, whom we adore,

“do mheallaid dun med in anfaidh ocus imat an uiscai isin ath

maolaigh dúinn an stoirm agus laghdaigh an méid uisce san áth

reduce for us the strength of the storm and the amount of water in the ford,

confacmis an draic theindtighi doní in comlunn úd,

i dtreo go mbeimid in ann an draig thintrí atá ag déanamh na slaiseála a fheiceáil

so that we may see the fiery dragon (the eel) who is doing the fighting

ocus gu mbeth ní dia tuaruscbail againd.”

agus tuarascáil a thabhairt uirthi.”

and be able to give an account of it later.”

Back to top

 

Section 95

Is ann-sin ro ghabh in beisd dring sin ath fo thuaidh

Is ansin a ghabh an phéist ó thuaidh san áth

After that, the dragon bounced to the north of the ford

i slichtlorg Cairbre Lithfacair,

ar lorg Chairbre Lifeachair

in pursuit of Cairbre Lifeachair

fo seisilbh sloigh Cormaic,

fad a bhí an clampar go léir ar siúl i measc bhuíon Chormaic.

amidst the noisy tumult of Cormac’s army.

ocus gabhustar Ceannmhar n-a deghuid ic a fasdud ocus oc a hacaldaimh

D’imigh Ceann Mór ina diaidh ag iarraidh srian a chur ar an draig

Ceann Mór went off in pursuit of the dragon in an effort to hold her back,

ocus gá rádh fria nar dligh-si Cairbre Lithfacair do leanmain,

agus á rá léi nach raibh sé ceadaithe dul i ngleic le Cairbre *Lifeachair*.

telling her that it was not lawful to pursue Cairbre Lifeachair

ocus gur bha bron la firu Muman a dul ar <ar> amus in tsloigh, cu mad iat fhein doberad ind aineicein budh ail doibh forru.

Dúirt sé léi go raibh Fir Mhumhan chun a ndíoltas féin a bhaint amach ar mhuintir Chormaic agus go mbeidís míshásta dá ndéanfadh sise é.

and that the Men of Munster would be annoyed if she turned on the crowd as the Munstermen themselves wanted to inflict their own revenge on Cormac’s forces.

 

Ghlac an draig leis an argóint sin

 

Ar da mad tusca risad-si

agus cé gur shroich sí Cairbre Lifeachair i dtosach ar gach duine eile

Even though she was the first to reach Cairbre,

ni tharaiste guin na forgamh na comaidhium aici.

níor dhein sí aon dochar dó.

she did not harm him or inflict any wound on him.

Ocus gabustar Cennmhar oc a fasdud amlaid-sin

Lean Ceann Mór ar aghaidh ag iarraidh í a shrianadh *mar sin* agus a gal chatha a mhaolú.

And Ceann Mór continued to hold her back in this way,

ocus oc tabairt a tuaruscbala ocus atbert:

Lean sé leis á rá léi:

explaining the position to her, and saying:

 

 

 

“Fos, a muinceach Mhaeithremur.

“Tóg go bog é a Mhaoth Ramhar na muine fada ….

“Easy, Easy, O long-necked Maoth Ramhar …..

A peisd a cael a ruadh a lath breac. a aitenn ruad iarremhar a malach ruadh mhidhremhar. a cran shuileach coilgremur. a tenga derg teindtighi. gun a craes ar comlasad. a anal dian duibhnelach. Amar ceo tar garbcnocaibh. leic ar gcul in caemmacamh o nach comlunn comadais. na tuc sár ar saerclannuibh. um Fhiachaigh Mor Muillethan. dalta in druadh dodronasdar. eirg cu coir at cetaicnedh.

loigh ar laimh min mor Mhogha,

luigh síos anois i nglac mhín Mhogh Roith

lie down now in the gentle hand of the great Mogh Roith,

ra fet is ra fos.

ar do sháimhín só.”

calmly and quietly.”

Fos”.

 

 

 

 

 

Imsoi sí iar sin n-a richt ocus n-a cruth fein

Tháinig a riocht *agus a cruth* féin inti iarsin,

After this, she returned to her own shape and form

 

’sé sin le rá gur deineadh lia láimhe di arís

(as a handstone),

ocus do dechaid cach fo thuaidh ocus fo des

agus d’imigh an dá shlua ar ais ó thuaidh agus ó dheas

and the two armies went off north and south

da arus ocus da longport iarsin co maiduin.

go dtí a longfoirt féin *iarsin* chun feitheamh leis an maidin.

to their respective camps *after this* to await the morning.

Back to top

 

Section 96

Iarsin tra ro coimeirighset na cairigh madan mhoch ara barach

Ar maidin mhoch lá arna mhárach *, áfach,* d’éirigh na trí chaora

Early next morning, *however,* the sheep set out for battle,

ocus as amlaidh badar sein

— seo an chuma a bhí orthu:

and this is what they looked like:

con dath lachtna forra

bhí dath lachtna orthu;

they were drab-brown in colour,

gu cruaidh-cennuibh cnamha,

bhí a gcinn go crua cnámhach;

their heads were hard and bony,

gu cnesaibh codhnaidhi,

ábhar adhairce ina gcraicne;

their skins were of horn,

gu nguilbnibh iaraind,

goba iarainn acu;

they had iron beaks,

gu luas ainnle [= fainnle]

luas fáinleoige acu;

speed of swallow,

gu n-athluime iaraindi

lúfaireacht easóige acu;

agility of weasel,

gu n-athluime, en [leg. n-athluime en,]

luaineacht éan eitilte acu.

mobility of bird on the wing.

gu taircsin chet ra huair comhluinn ocus irghaili.

Bhí acmhainn acu céad fear a mhilleadh i bpáirc an áir.

They had the power to destroy one hundred men in the press of battle.

Back to top

 

Section 97

“A fhir shochair tra”, ar fir Muman,

“A Fhir Chosanta,” arsa Fir Mhumhan,

“O Man, our Protector,” said the Men of Munster,

“atat sunna cetna i richt tri caerech lachtna

“seo chugainn arís iad i riocht caorach lachtna

“here they are, back again, in the form of three drab-looking sheep

ocus cetfer n-armach bhis i croilghi ocus i mbas uathaibh”.  

agus acmhainn acu céad fear a chur i gcróilí an bháis.”

and they are capable of bringing one hundred men to a bloody death.”

“Dingebhut-sa dhibh iat”, ar Mogh Ruith. “Ocus na bidh a n-egla foruibh”.

“Ná bíodh aon eagla oraibh,” arsa Mogh Roith, “cuirfidh mise smacht orthu.”

“I will tame them for you, have no fear,” said Mogh Roith.

Ocus ro fhiafraigh do Cennmhár:

Labhair sé le Ceann Mór ansin:

He then said to Ceann Mór:

“Caidhet na haidme druidhechta thucus-sa it laimh ra frithailimh
an lochta ut?”

“Cá bhfuil an trealamh draíochta a thug mé duit chun déileáil leis an dream seo?”

“Where are the magic instruments I gave you to deal with this crowd?”

“Itat agum”, ar Cennmhar.

“Tá na nithe sin go léir anseo agam,” arsa Ceann Mór.

“I have them here,” said Ceann Mór.

Ocus rob iat sein .i.

Ba iad siúd:

These were:

tallann teined Shimoin

tallann thine Shimeoin,

the tinder box of Simon,

ocus clocha gaine Daineoil

breochlocha Dhaineoil,

the flint of Daniel,

ocus sponga Etheoir Ilcrothaig,

sponcán Eitheoir Ilchruthaigh.

the kindling wood of Eitheoir Ilchruthaigh.

ocus tugadh i laim Mogha Ruith

Tugadh do Mhogh Roith iad

These were given to Mogh Roith

ocus is aire robdar é sin na hadbair:

*agus is é seo an chúis a bhí leis na hábhair sin:*

*and the reason for these instruments*

ar dig [leg. ar d[á]ig] co mbeath cruas cloiche a cridhibh ocus a cennuibh doibh

i dtreo go mbeadh cruas cloiche i gcroíthe agus i gcinn Fhir Mhumhan

and their purpose was to produce the hardness of stone in the hearts and heads of the Munstermen

ra huair comlainn.

*i bpáirc an áir*

at the hour of battle

Ocus loiscthigi teined ocus aentaigi datha frisna caeiribh.

agus loscadh timpeall orthu ar aon dath leis na caoirigh féin.

and a scorching flame of the same colour as the sheep.

Back to top

 

Section 98

Imselustar Mogh Ruith tri beimenna don tallann ar na clocha

Bhuail Mogh Roith trí béimeanna den tallann ar na clocha

Mogh Roith struck three blows of the flint against the stone;

cu ro ghabh gu hathlum ocus co hait na tri dlaithe spuingc

agus thóg go héadrom agus go héasca trí dlaoithe an sponcáin

quickly and easily he procured the three sprigs of touch-wood

ocus dosfuc i forfhairsing a etaigh

agus chuir isteach i bhfilleadh a chuid éadaigh iad

which he transferred to the fold of his garment

ocus ro chan in rethoirec-sa:

agus rinne sé reitric a aithris:

and he recited this rhetoric:

 

 

 

“Fo cuan chain coimeirghid et reliqua”.

“Faoi chuan caoin, éirigí ….”

“Under a gentle harbour, arise ….” etc.

 

 

 

Atbert Mogh Ruith iarum ra Cennmhar.

Ansin, dúirt Mogh Roith le Ceann Mór:

Then Mogh Roith said to Ceann Mór:

“Feg lat na habhrasa-so in at aicde irlamha beos?”.

“Féach ar an rudaí seo, an bhfuil siad ullamh fós?”

“Take a look at these materials. Are they fully ready yet?”

Do fheg Cennmhar ocus do raidh.

D’fhéach Ceann Mór orthu agus dúirt:

Ceann Mór looked at them and said:

“As maith”, ar se “doroine da shaigh ocus fhercoin”,

“Tá dhá choileán baineanna déanta agat agus aon choileán fireann amháin.”

“You have manufactured two bitches and a male pup.”

ocus dusfuc ar a laimh chuice dia dheimhniugad

Thóg sé ina lámha iad *chun bheith deimhnithe díobh*

He took them in his hands to make sure *of them*

ocus rous leicc uadh ar lar doridisi,

agus chuir ar an talamh arís iad

and set them down on the ground again,

ocus ro choraig a n-aighthe fo thuaidh fris na cairibh.

agus d’iompaigh sé a gcinn i dtreo an tuaiscirt san áit ina raibh na caoirigh.

turning their heads towards the north in the direction of the sheep.

Batar immorro co hanmunn ar tus amar cuileana.

Ar dtús áfach, bhí siad chomh lag le haon choileán eile

At first, however, they were as weak as any ordinary pups,

Ocus gac ficsi [leg. foicsi] thicdis na cairigh doib

ach faoi mar a bhí na caoirigh ag druidim i ngiorracht dóibh

but as the sheep approached steadily nearer,

no fhoirbreadh nert na gcon ocus meidigeacht ocus sainnt gnima.

bhí na madraí ag dul i méid agus i bhfíochmhaire agus fonn catha ag teacht orthu.

the dogs began to grow in strength and size, becoming ravenous for action.

Back to top

 

Section 99

Ocus ro fhiafraigh Mogh Ruith do Cennmar:

D’fhiafraigh Mogh Roith de Cheann Mór ansin:

Mogh Roith said to Ceann Mór:

“Na caerigh cinnus docengadar?”.

“Conas tá na caoirigh ag máirseáil?”

“How are the sheep marching?”

“As cugainn-ne thiaguit [leg. tecuit]” ar Ceannmhar

“Is inár dtreo-na atá siad ag teacht,” arsa Ceann Mór,

“It is towards us they are marching,” said Ceann Mór,

“ocus in cura as sine dhibh i remthus ocus in as so fa deredh”.

“agus tá an laoch is sine i dtosach agus na daoine óga ar gcúl.”

“and the oldest warrior among them is leading the way and the younger ones at the rear.”

“Ocus na coin fa dechta cinnus do fhegadar?”.

“Cad mar gheall ar na madraí — conas atá siad anois?” arsa Mogh Roith.

“What about the dogs — what do they look like *now*?”

“Itat”, ar se < ar se  >, “mar bít cuilena,

“Tá cuma na gcoileán orthu,” arsa Ceann Mór,

“They look like all pups,” said Ceann Mór,

ic osculud a sul ocus as iat na cairigh fhegad”.

“tá siad ag oscailt a súl ach is ar na caoirigh atá siad ag amharc.”

“they are opening their eyes but it is the sheep they are looking at.”

“Ocus na cairigh, cinnus docengait?”

“Cad mar gheall ar na caoirigh anois — conas atá siad ag máirseáil?”

“The sheep — how are they marching now?”

“Dá chairigh dibh taebh ra taebh ocus cura fa deoig,

“Tá dhá chaora le chéile agus ceann amháin ar gcúl

“Two sheep are side by side and one following

ocus is luath thiaguit”.

agus iad ag dul ar aghaidh go mear,”.

and they are advancing rapidy.”

“Ocus na coin cinnus dofhegadar?”

*“Cad mar gheall ar na madraí — conas atá siad?”

*“And the dogs, what do they look like?”

“Itat ic bertnugad a sul ocus a cluas ocus as iat na cairigh fhegat bheos”.

“Tá siad ag nochtadh a súl agus a gcluas agus is ar na caoirigh atá siad ag amharc fós.”

“They roll their eyes and shake
their ears, and it is still the sheep they watch.”

“Ocus na cairigh, cinnus focengat?”

“Conas tá na caoirigh ag dul ar aghaidh?”

 “And the sheep, how do they walk?”

“Itat mar bit tri rodhaim riadhta fo aen chuing cruaidh cudrama

“Tá siad cosúil le trí daimh riata faoin gcuing chrua chothrom chéanna;

“They are like three oxen yoked to the same yoke, hard and well-proportioned;

ocus ni theit aen dib sach [leg. s[e]ach] araili

agus ní bhíonn aon cheann acu ag gobadh amach thar a chéile,

no one of them juts out in front of another,

ocus as dian ocus as dreamun

agus is go dian agus go díocasach

and it’s with vehemence, passion

ocus as dasachtach ocus as comluath ocus as comurlamh thiaguit ind-airius in comluinn”.

agus go dásachtach a théann siad sa chomhlann ag an luas céanna agus leis an rúndaingne chéanna.”*

and violence that they advance to battle at the same pace, and with the same resolution.”*

“Ocus na coin cinnus do fhegatar?”

“Na madraí — conas atá siad anois?”

“The dogs — what do they look like now?”

“Ro bertnaighistar a cluasa

“Tá siad tar éis a gcluasa a chroitheadh

“They have shaken their ears

ocus ro thocuibset a seirthi

agus tá a n-eireabaill in airde acu.

and put up their tails

ocus gabsat oc imlighi a mbel

Tá siad ag lí a mbéal

and have begun to lick their mouths,

ocus a cindu for a righthibh ocus a mbeoil duinti”.

agus tá a gcinn ina lapaí acu agus a mbéil dúnta.”

and their heads are on their paws and they have their mouths shut.”

“As iat sein uili na buagha”, ar Mogh Ruith,

“Sin barr a mbua,” arsa Mogh Roith,

“That is the completion of their victorious qualities,” said Mogh Roith,

“ar dia mbeitis a mbeoil osluigthi ic dul isin comhlunn

“mar dá mbeadh a mbéil oscailte acu agus iad ag dul sa chomhlann

“for if their mouths were open as they advanced to the fray,

no biath demuin merclig oc gait a n-aithesa forru;

thiocfadh deamhan fánach chun a ngéire a ghoid uathu,

there would come a wandering demon to steal away their sharpness,

uair isat duinti immorro

ach má choimeádann siad a mbéil dúnta *, áfach,*

and it is by keeping their mouths shut *, however,*

doghenat áithius,

béarfaidh siad bua anois i láthair na huaire

that they will be victorious

as fon innus-sin doghena a sil ocus a semad [leg. semed] aithus do gres”.

agus *sa tslí chéanna* béarfaidh a síol bua ar a naimhde ina ndiaidh go deo na ndeor.”

and it is by this same means that their seed and their descendants after them will at all times be triumphant.”

Back to top

 

Section 100

As ann adubairt Mogh Ruith ra Cennmhar na coin d’idhnacal co Ráitin ind Imairic.

Dúirt Mogh Roith le Ceann Mór ansin na cúnna a threorú go Ráithín an Iomardaigh.

It was then that Mogh Roith told Ceann Mór to direct the hounds to Ráithín an Iomardaigh.

Ocus ro boi Mogh Ruith ga aithne do na conuib

Bhí Mogh Roith féin ag gríosú na gcon

And Mogh Roith himself continued to exhort the hounds,

cu mad túsca bas ocus aidheadh dhoibh inat na cairigh do dul uathaibh.

á rá leo go mbeadh sé níos fearr dóibh bás a fháil ná na caoirigh a ligean éalú uathu.

telling them that it were better to suffer death than to let the sheep get away from them.

As ann-sin ro siachtadar na coin co Raithin ind Imairicc;

Tháinig na cúnna ansin go Ráithín an Iomardaigh

The hounds now reached Ráithín an Iomardaigh

ocus do roachtadar na cairigh cus-an raith ba coimrecarthach dhi

agus bhí na caoirigh os a gcomhair amach.

and the sheep came to the corresponding area on their side.

ocus gabhus cach dib oc fegad a cheli.

Thosaigh an dá dhream ag iniúchadh a chéile go grinn.

They both began to take stock of each other.

As amlaidh badar na cairigh ocus tri corrtaire teined ar derglasad am braigdibh dhoibh,

Bhí trí chrios tine timpeall mhuiníl na gcaorach

The sheep had three fringes of blazing fire around their necks

co nar farcsat sop na dlaieachda gan lóscad a n-urphortaibh in atha idiu ocus anall,

i dtreo go raibh an féar agus an fásra timpeall an átha dóite acu.

so that not a blade of grass nor a bush was left unburnt.

ocus gabus cach dib oc imesarcain a cele ann-sin

Thosaigh siad ag ionsaí a chéile ansin,

Both sides then began to attack each other,

do clochaibh ocus do shithfoitib in talman a cosaib ocus hingnib doib

ag tochailt *cloch agus* fód ón talamh lena gcrúba agus lena n-ingne

digging up stones and sods from the ground with their hooves and nails

tar ath, fo thuaidh ocus fo deas.

agus ag crústach a chéile trasna an átha ó thuaidh agus ó dheas.

and flinging them at each other across the ford, north and south.

Back to top

 

Section 101

Scibhid na coin ceim n-imarran cuca-san,

Scinn na cúnna ar aghaidh ansin chun an chatha

The hounds leaped to the attack

ocus in ferchu i remthus rompa, ar as cian o ta in sen-fhocal:

agus an cú fireann i dtosach de réir an tseanfhocail:

with the male hound at the head — as the old saying puts it:

‘con dulá [leg. condála] gac fer dhul [leg. fer-dhul] fortamlus’,

‘Is ceart do gach fear dul ar thosach na buíne’.

‘It is fitting for each man to led the way’.

ocus insceinn side cusan cairigh fa mo ocus fa hairegda atconnuic do na cairibh,

Léim sé ar an gcaora ba mhó *agus ba iomráití* a bhí ann

He sprang at the largest *and most notable* sheep

ocus ro ghabh cach dib fon tuaruim-sin da cheili

*agus d’ionsaigh siad a chéile sa tslí sin*

*and they attacked each other in this manner*.

ocus ba mor ocus ba cruaidh ind imesarcain

agus ba mhór agus b’uafásach an treascairt sin

Great and hard was the carnage

ocus ba fada ro bas oca denum

*agus lean sé ar aghaidh ar feadh i bhfad*.

*and it continued for a long time*

ocus as eimilt a indisi feibh doronsat a comlunn.

Ní gá áfach a thuilleadh a rá fúithi.

but it is unneccessary to describe it further.

Araidhe, as amlaidh ro batar na coin, ocus tri corrthaire theined ar derglasad a craesaib doib.

Maidir leis na cúnna — bhrúcht sruthanna tine as a mbéil

As for the hounds — spouts of fire came from their gullets,

Ocus mar rancatar ocus na cairigh a ceili imscibhesdar in lasair fo na cairibh cu na fharcoib loe na finna forru gan loscad.

a loisc gach ribe de lomraí na gcaorach *nuair a tháinig siadsan agus na caoirigh le chéile*.

which burned every rib of the sheeps’ fleeces *when they and the sheep encountered each other*.

Ni raibhi immorro loiscthighi na neime draidechta forsan teinid ro bhoi i mbraigdib na caerach, gia no comhraicdis ra nech.

Ní raibh an tine ó mhuiníl na gcaorach in ann mórán díobháil a dhéanamh *lena nimh dhraíochta* áfach

The fire which surrounded the necks of the sheep, however, lacked the scorching power of its magic poison.

Ocus iss eadh fodera shon .i. intan ro suidheasdar Mogh Ruith i Cinn Claire iar torachtuin co feruibh Muman, anal druadh do chur a firmimint

mar bhí Mogh Roith tar éis anáil lán de dhraíocht a shéideadh suas san fhirmimint nuair a bhuail sé le Fir Mhumhan ag Ceann Chláire.

When Mogh Roith joined the Men of Munster *at Ceann Chláire*, he exhaled a magic breath into the firmament.

cor thuit ar longport na ndruadh i n-a neul ciach cu nad eadh-sin ruc a neim druidechta da gac draidh ro bhui i farrad Cormaic,

Thit an anáil sin mar cheo draíochta ar *longfort* dhraoithe Chormaic agus bhain sé an nimh *dhraíochta* díobh

This fell, in the form of a black cloud, on Cormac’s druids’ camp, *and it took the magic poison from them,*

ut dixit Daniel fili

— faoi mar a dúirt Daineoil file:

as Daniel, the File, expressed it:

 

 

 

“Condailset draithi dhail Cuind

 

 

os urd comar min

 

 

Soidhis Mogh Ruith da anail ain

“Chas Mogh Roith a ndraíocht

“…. Mogh Roith with his breath

an draidhechta dhib”.

i leataobh lena anáil”.

turned aside their magic”.

Back to top

 

Section 102

O ro rathaigh sat [leg. rathaigset] tra na cairigh

Nuair a bhraith na caoirigh *ansin*

When the sheep felt *then*

gur fortamhla do na conuib a nert ocus a ndraidhecht inas doib fein,

go raibh a gcuid draíochta féin ag géilleadh do dhraíocht na gcon

that their strength and their magic was surpassed by that of the hounds

gabsat a cosa don talmain oc aslach theithid for na conaibh

bhí siad ag iarraidh rith as an áit *roimh na cúnna,

they took to their heels, attempting to flee *from the hounds,

amail as bes do cairibh

amhail ba bhéas do chaoirigh,*

as is the habit with sheep*,

ocus nir foemudh uathaib-sium ón.

ach ní ligfeadh na cúnna dóibh imeacht.

but the hounds would not allow this.

Conud ann-sin doratsat na cairigh a ndruim forra ocus dorala i rrot madma ocus teithid

Faoi dheireadh agus faoi dheoidh áfach, *chas na caoirigh a ndromanna leo agus* d’éirigh leo sciorradh amach ón áth de ruathar

Eventually, however, the sheep *turned their backs on them and* set off in a wild dash.

ocus ni ro irisetar don rith-sin cu rancatar co Dubhcaire,

agus níor stad siad den rith nó go dtáinig siad go Dubhchaire.

They never stopped running until they reached Dubhchaire

conad ann-sin do chuadar i fudhomain ocus i fonngrian in talman ar teithed na gcon,

Ba ansiúd a d’imigh siad as radharc isteach i bpluais na talún *chun éalú ó na cúnna*.

and there they disappeared into the underground recesses of the earth *to escape the hounds*.

ocus dosrala na coin n-a ndiaigh conus ro ghaibh dhoibh tis

Fuair na cúnna greim orthu faoin talamh ámh,

The hounds seized them down below

 

 

 

ocus ro fortamlaigset na coin for na cairibh, conus duadar do cnamhaibh.

agus shrac siad as a chéile iad, d’alp síos iad agus níor fhág ach na cnámha.

and devoured them, leaving only the bones.

Ocus dodeacadar imach iarsin ocus dusrala siar i Mumain

D’imigh na cúnna siar trí Chúige Mumhan ansin

The dogs then emerged and made off towards west Munster,

ocus tarbhchoin turusa ocus graigbertuigh ocus gille echraidi ocus formna aesa ocbadh Lethi Chuinn n-a ndiaig,

agus tarbhchúnna, giollaí eich agus mórán d’óige Leath Choinn ina ndiaidh.

pursued by bulldogs, grooms and horse-boys and a large number of young men from Leath Choinn.

con dechadar dib ar eicin

Is ar éigean a bhí siad in ann éalú uathu

It was with difficulty that they escaped from their pursuers

idir da sheiscenn.

trí dhá phortach.

by tracing a path between two bogs.

Or is amhlaidh do batar ocus formna in da shluag ider atuaidh ocus anes

Bhí cuid mhaith den dá shlua *, idir aduaidh agus aneas,*

A large part of both armies *, both from the north and from the south,* was

ar cnocaib ocus ar tulcuibh

thuas ar chnoic agus ar thulacha

up in the hills and mounds

oc faircsi in comluinn ocus retha na caerach.

ag féachaint anuas ar an troid agus ar ruathar na gcaorach.

watching the fight and the sheeps’ race.

Ni faca immorro Cormac na Fiacha

Ní fhaca Cormac ná Fiacha an comhlann áfach

Neither Cormac nor Fiacha witnessed the scene *, however,*

or as amlaidh ro bhatar ocus uathad bec impaibh n-a longportaib,

— d’fhan an bheirt sin ina longfoirt le buíonta beaga in éineacht leo

as they remained in their camps surrounded by a small group of retainers

gan toidhecht amach.

agus níor tháinig siad amach in aon chor.

and did not come out.

Back to top

 

Section 103

As amlaidh-sin ro forbadh an ‘comhlunn-sin na gcon ocus caerach’.

Seo mar a tháinig ‘comhlann na gcon agus na gcaorach’ chun críche.

That is how the ‘Battle of the Hounds and Sheep’ ended.

Ocus is ó na cairib-sin atat ‘Cluithre Caerach’ inniu

Is ó na caoirigh sin a thagann an logainm ‘Cluthair Chaorach’

It is from these sheep that ‘Cluthair Chaorach’ (the sheep-covert) gets its name.

i crich Mairtine Muman o Druim Damhghaire fo thuaidh,

i gCríoch Mhairtine Mumhan ar an taobh thuaidh de Dhroim Dámhgháire.

The place is in the territory of Mairtine Mumhan, north of Droim Dámhgháire.

re n-abar Long Cliach inniu.

Tugtar Long Chliach (Cnoc Loinge) ar Dhroim Dámhgháire sa lá atá inniu ann.

Droim Dámhgháire is known today as Long Chliach (the ship of Clíu).

Ocus dono is do shil na gcon soin na coin confaidh fo Eirinn inniu

Is ó na cúnna sin a shíolraigh na madraí allta atá againn in Éirinn inniu *áfach*

Moreover, the mad dogs throughout Ireland at present are descended from these

ocus a ra mbiat co mbrach.

agus is mar sin a bheidh go brách.

and this will be the case for ever.

Ro chuirset fir Muman ann-sin uluich comaidme in choscair-sin

Thóg Fir Mhumhan gáir bhua ansin

The Men of Munster then raised a mighty shout of victory

gu closs fon cuiced uili.

agus chualathas í ar fud an chúige uile.

and this was heard throughout the entire province.

Back to top

 

Section 104

Atconnaic dono Cithruadh aidhead na caerach;

Chonaic Cith Rua oidhe na gcaorach *, más ea*.

*Now* Cith Rua was a witness to the tragic death of the sheep.

tainic i remthus in tsloigh anonn co hait a mbai Cormac.

Tháinig sé i láthair Chormaic roimh na daoine eile

He came to the place where Cormac was *before the others got there*.

Do fiafruigh Cormac do Chithruadh:

agus chuir Cormac ceist air:

Cormac asked him:

“Cidh uma tat na gairthe-sea, ocus cia doni?”

“Cé thóg na gártha sin agus cén fáth?”

“What is the purpose of these shouts, and who is making them?”

— “Fir Muman,” ar Cithruadh, “ac comaidhium in lochta as ro muinighis-si ocus frisi tartais taebh,

“Tá Fir Mhumhan ag ceiliúradh a mbua ar do ghrúpa féin,” arsa Cith Rua,

“The Men of Munster,” said Cith Rua, “are celebrating their victory over your group.

ar na marbadh do conuibh draidhechta doroine Mogh Ruith”.

“chuir cúnna draíochta Mhogh Roith chun báis iad.”

Mogh Roith’s *magic* hounds killed them.”

Cidh tra ba dubac drochmenmac ro bui sluagh Cormaic de-sin

Bhí slua Chormaic go drochmheanmnach dubhach de bharr chasadh na cinniúna

Cormac’s followers were sad and dispirited at the turn of events

ocus ba subac ro badar fir Muman

agus ar an taobh eile den scéal bhí meidhir agus gliondar croí ar mhuintir na Mumhan.

while the Men of Munster were in a state of exultation

ocus ro chan Cithruadh in laid:

Thosaigh Cith Rua ar dhán a chanadh:

and then Cith Rua sang:

 

 

 

“It subhuig na sluaigh-si thes, et rel”.  

“Is sona an slua seo theas ….”

“Happy is this crowd in the south …”

 

 

 

“Ma as fír a n-abrai-si”, ar Cormac, “as deithbir doib subhachas do dheanamh”.

“Más fíor an rud atá á rá agat,” arsa Cormac, “tá fleá ar siúl acu.”

“If that is true,” said Cormac, “they are celebrating.”

“As fir”, ar Cithruadh,

“Is fíor go dearfa go bhfuil,” arsa Cith Rua,

“It is true,” said Cith Rua,

“ocus moghenar is do Leth Moga anocht ocus mairg as do Leth Cuind

“is subhach Leath Mhogha anocht agus is dubhach Leath Choinn

“Leath Mogha is happy tonight and Leath Choinn is sad,

ocus ro budh ferr leam-sa mu tech do beith ic Seich na Sogh inocht,

agus b’fhearr liomsa a bheith i mo theach féin i Seich na Só anocht

and I would prefer to be in my own house at Seich na Só tonight,

gid fasach,

cé go bhfuil an áit sin cúlánta go leor

isolated as the place is,

inas a beith ic Rubaib Ratha Ronan,

ná a bheith i Rubha Rátha Rónáin

than to be at Rubha Rátha Rónáin

ge at imdha treabhu uimpi.

agus na sluaite ann.

even though it is surrounded by many inhabitants.

Ocus as oraibh-si raeinfes an cath don cur-sa

Is sibhse a chloífear sa chath seo

You will be the ones to suffer defeat in this battle,

ocus muirbfider sloigh ocus sochaide ann,

agus marófar buíonta *ann*.

and battalions and companies will be killed in it.

ocus ni ba ferr duin-ne ar triar brathar,

Maidir linne féin — triúr bráthar — ní bheidh ár gcás-na níos fearr ná cás aon duine eile,

Nor will we three brothers fare any better than anyone else,

or doghena Mogh Ruith tri clocha dhin, re tiachtain don turus-so”;

mar, nuair a thiocfaidh Mogh Roith an tslí seo, déanfaidh sé trí clocha dínn.

for Mogh Roith will turn us into three stones when he comes this way.”

ocus atbert:

 

And then Cith Rua recited the lay:

 

 

 

“Mairg innocht is do Leith Cuinn, et rel.”

Mairg anocht do Leath Choinn ….”

“Sad it is for Leath Choinn tonight ….”

Back to top

 

Section 105

Iarsin tra atbert Cormac ra Cithhruadh:

Dúirt Cormac le Cith Rua ansin:

After this, Cormac said to Cith Rua:

“Dena”, ar se, “ni d’faitsine dhun bheos,

“Déan fáistine de shaghas éigin dúinn *fós*,

“Make some kind of prediction for us *again*,

or as amhlaidh itai gu rub tu primh-drai agum athair

mar, ba phríomhdhraoi do m’athair tusa

for you have been chief druid to my father,

ocus agum shen-athair ocus agum fein,

agus do mo sheanathair agus dom féin mar an gcéanna

to my grandfather and to myself

ocus ni aburta breic,

agus níor inis tú bréag riamh

and you have never told a lie

ocus ni mo ro raidhis don cur-sa,

agus ní chanfaidh tú bréag anois.

and neither will you now

acht nach did ro adhraimis-ne

 

 

ocus ní fuil againn budhecht acht impod friut

Níl a mhalairt le déanamh againn anois ach teacht chugat

*and now we can only turn to you*

ocus is aithrec linn a tartsam do tarcasal fort”.

agus is méala linn an masla a tugadh duit.”

and we regret the insult offered you.”

“Ni fhuil acum-sa”, ar Cithruadh, “faitsine geallus maith duit,

“Níl aon dea-fháistine agamsa duit,” arsa Cith Rua,

“I have no favourable prediction for you,” said Cith Rua,

acht as fort meabhus don cur-sa

“mar, cloífear tusa *anois*

“for *you will be defeated now

ocus gac ni ima tat fir Muman bud leo a bhuaid”.

agus beidh an lá le Fir Mhumhan.”

and* the Men of Munster will be victorious.”

Ro ghabustar Cormac beos ic acallaimh Cith Ruaidh, ocus ica radh ris

Lean Cormac ar aghaidh áfach ag áitiú ar Chith Rua *agus á rá leis*

Cormac *however* continued to confer with Cith Rua, telling him

dul d’acalduim Mogha Ruith,

dul chuig Mogh Roith

to go and talk to Mogh Roith

ocus a mbrathairsi bhunaidh do tabairt ar aird do

agus a chur in iúl dó go raibh bráithreachas eatarthu dáiríre fíre

and to bring to his attention the fact of their fundamental brotherhood

 

— gur shíolraigh a athair agus a sheanathair ó uaisle Leath Choinn

— reminding him that his father and grandfather were descended from the nobility of Leath Choinn

ocus a radh ris gan tortromad ar Leith Cuind

agus dá bhrí sin nár cheart dó an tuaisceart a mhilleadh.

and on that account to refrain from crushing the north;

ocus gur bho do mhaithib Leithi Cuind athair ocus sen-athair dho;

 

 

“ocus tairg na comhtha-sa dho re thaeibh-sin”, ar Cormac

“Agus chomh maith leis sin,” arsa Cormac, “tairg rud éigin dó

“and, as well as this,” said Cormac, “make him an offer:

“ .i. flaithius Ulad ocus cumhul mac nUislenn

— Flaitheas Uladh, cúiteamh ar mhic Uisleann,

the kingdom of Uladh; the compensation due to the Sons of Uisliu;

ocus bo gac lis o Themhraidh co Carraic mBracuidi

bó ó gach lios idir Teamhair agus Carraig mBrachaí,

a cow from every lios between Tara and Carraig mBrachaí;

ocus tri cet each ocus tri cet corn,

trí chéad each, trí chéad adharc,

three hundred horses; three hundred horns;

ocus tri ced faluch ocus mu lamh dheas oc ol”.

trí chéad brat agus suí ar mo láimh dheas ag fleá óil.”

three hundred cloaks and a place at my right hand at a drinking session.”

Back to top

 

Section 106

Gluaisius Cith Ruadh frisin techtairacht-sin co Mogh Ruith,

Ghluais Cith Rua ar aghaidh leis an teachtaireacht seo chuig Mogh Roith.

Cith Rua set off with this message to Mogh Roith

ait i raibhi ar lai imthechta co Sith Cairn Breacnatan bu dhes.

Bhí Mogh Roith ag dul ó dheas an lá sin go dtí Sí Charn Breachnatan

*who was going* southwards *on that day* to Sí Charn Breachnatan.

Ro siacht Cith Ruath chuigi ann-sin

agus bhuail Cith Rua leis ansiúd.

Cith Rua met him there

ocus atbert ris ainmne do dhenum

D’iarr Cith Rua air *foighne a dhéanamh

and asked him *to have patience

co tagradh fris an techtaireacht frisa tainic o Chormac,

chun go dtabharfadh sé an teachaireacht dó ó Chormac

so that he could tell him the message with which he had come from Cormac

ocus a mbrathairsi bunaidh do chuimhniugad

agus* smaoineamh ar a mbunbhráithreachas

and* to remember their basic brotherhood

ocus gan Leith Cuind do cur fa dhochar ocus fa dhaeire.

agus gan díobháil ná dochar a dhéanamh do Leath Choinn.

and not to bring evil on Leath Choinn.

“Ro ba commain dam-sa tortromadh forro”, ar Mogh Ruith,

“Is dual dom iad a chur faoi chois,” arsa Mogh Roith,

“It is my duty to oppress them,” said Mogh Roith,

“or tucsat Ferghas ar loingius

“mar, chuir siad iallach ar Fheargus (mac Róich) imirce a dhéanamh

“for they sent Fearghus into exile

ocus ro bensat righi nUlad de

agus bhain siad ríocht Uladh de

and deprived him of the kingdom of Uladh

ocus tucsat gan fherunn gan aenech he

agus d’fhág siad é gan talamh gan eineach.

and left him without land or honour

ocus as briathar dam-sa co scer iat-som fria hard-flaithius

Bainfidh mise an ardríogacht díobh *, dar mo bhriathar,*

and I have sworn that I will deprive them of the high-kingship

ocus co mbiat a saerclanna ambroid [leg. a mbroid] i tighibh echtran n-a eraicc”.

i dtreo go mbeidh a saorchlanna i mbroid i dtithe eachtrannacha mar éiric.”

so that their freemen will be slaves in the houses of foreigners as a reprisal.”

“As uathad do Leth Cuind”, ar Cith Ruadh, “do chogar in sarughudh-sin

“Ba mhionlach i Leath Choinn a d’imir an éagóir sin air,” arsa Cith Rua,

“It was only a minority of Leath Choinn that conspired to bring about that injustice;

ocus in ngebhe na comhadha-sa o Cormac?”

mar sin, an nglacfaidh tú le tairiscint Chormaic?”

So will you accept these offers from Cormac?” asked Cith Rua.

ocus ro shlonn do uili na comtha.

*Agus léirigh sé na tairiscintí uile dó.*

*And he explained all the offers to him.*

“Na habair”, ar Mogh Ruith,

“Ná habair faic eile,” arsa Mogh Roith,

“Don’t say any more,” said Mogh Roith,

“doigh ni treicfinn-si mu dhalta ar a fil d’or ar an talmain.

“mar ní thréigfinn mo dhalta ar ór na cruinne

“for I would not abandon my pupil for all the gold on earth.

Ocus innis-si do Cormac,

agus inis do Chormac

Tell Cormac

gen gu beth neach aili isin Mumain acht Mogh Corb, nac treicfinn-si mo tiughbhaidh”

nach stadfainn ón treascairt (?)dá mba rud é nach mbeadh fágtha sa Mhumhain ach Mogh Corb amháin.”

that even if nobody else in Munster survived except Mogh Corb alone, I would not set aside my concentrated warfare.”

Back to top

 

Section 107

Ro dhealuigset na draithe ann-sin

D’imigh na draoithe iarsin

The druids parted then,

ocus nir aem Mogh Ruith o Chith Ruadh inni im a toracht.

agus níor ghlac Mogh Roith le tairiscintí Chormaic *a thug Cith Rua leis*.

and Mogh Roith did not accept the proposals brought by Cith Rua.

Ocus ro siacht Cith Ruadh gu Cormac

Ghluais Cith Rua ar ais chuig Cormac ansin

Cith Rua went back to Cormac

ocus ro innis nar aemh Mogh Ruith fortacht na foiridin forro.

agus d’inis sé an scéal dó.

and told him that Mogh Roith would not agree.

Ocus do batar clann Cuind ann-sin co dubac dobronac a n-a longport.

Nuair a chuala siad an méid sin d’fhan Clann Choinn ina longfort agus iad faoi bhrón agus faoi mhairg.

*Then* Clann Choinn continued to remain in camp sad and depressed.

Back to top

 

Section 108

Ord Mogha Ruith immorro, teit side co teach Banbuanainne bandrai

D’imigh Mogh Roith áfach go teach Bhanbhuanainne bandraoi,

As for Mogh Roith, *however,* he went off on a visit to the house of the druidess Banbhuana

co Sidh Cairn Breachnatan,

’sé sin le rá go dtí Sí Charn Breachnatan

*at Sí Charn Breachnatan*

do chuingid foirithne forre, da fhiafraigid cinnus ticfidis fir Muman isin cath.

chun cabhair agus comhairle a fháil uaithi i dtaobh an chatha.

to seek her help and to enquire of her as to how the Men of Munster would fare in the battle.

Ocus o ro siacht ro ferud caein-fhailte fris ocus ro boi aghaidh ann,

Fearadh fíorchaoin fáilte roimhe agus d’fhan sé ann thar oíche

When he arrived he was given a warm welcome and he stayed there overnight

ocus ro fiafraigh ord o thus co deredh um dhala in catha.

agus rinne siad an cheist a phlé ó thús go deireadh.

inquiring about all the details of the encounter from beginning to end.

Ocus asbert Bannbuana fris-sium. “Eirg-si mochtrath amarach,” ar si

“Éirigh go moch ar maidin amárach,” a dúirt Banbhuan leis,

“Get up early tomorrow morning,” Banbhuana told him,

“ocus budh lat buaid in catha, ocus la firu Muman”

“agus is leatsa agus le Fir Mhumhan a bheidh an bua,”

“and it is you and the Men of Munster who will be victors,”

Ocus atbert in rethoirecc-sa.

agus rinne sí reitric a aithris:

and she recited a rhetoric:

 

 

 

“Saigh-siu immach moch-eirghi, et rel.”

“Éirigh go moch agus gluais amach ….”

“Set out early ….”

 

 

 

Eirgeas Mogh Ruith maiten mhoch

Dá bhrí sin, d’éirigh Mogh Roith le mochthráth na maidine,

Mogh Roith rose early next morning,

ocus doni timna celeaburta ocus gabuidh lamha ar imthecht.

d’fhág slán aici agus d’imigh leis.

said goodbye and took his leave.

Conad ann asbert Buan, .i. mac Mogha Ruith.

Labhair Buan, a mhac, ansin:

Then Buan, his son, spoke:

“Atconnac fis”, ar se, “ocus ber-si breith forre, a Mhogh Ruith”.

“Chonaic mé fís,” ar seisean, “agus tabhairse breith uirthi, a Mhogh Roith.”

“I had a vision,” said he, “and I want you Mogh Roith to make a judgment on it.”

“Abair,” ar Mogh Ruith.

“Abair,” arsa Mogh Roith.

“Speak,” said Mogh Roith.

 

 

 

Is ann tuc Buan in segdai sen-fhocail for ard oca hindisi ocus atbert:

Bhain Buan úsáid as seanfhocail shéaghainn ansin, agus dúirt os ard:

It was then that Buan had recourse to the venerable ancient speech as he described his vision aloud.

 

 

 

“Tadhbas dom adbassa.

“Taibhsíodh domsa ….”

 

fir annfeach aislingi. Eirn hi ocus indisfet. dia n-eisdi frim. Damh cuana coilgdirech. gu mbeannuibh banarcait. muc allaid uruathmur bo oderc fhind. an triar, no thuirin-ssa. bo ocus muc moir fhegha. damh dreaman dassachtach ra delmad drong. Cucaind ro comluidset. co ar leabaidh lanaidhi. adar lium rolighesdar ado inn co bonn. Berat breit mbunatai forfis feigh forchanai. asna fethuib faitsine forbrit gail gluind. Ase an torc trebliadhnach. traethar feirg fortamlais. flaith cathach congalach. Cormac hui Chuind. croda in damh drechleathan. dagh-mac fial finn-Eogain Fiachu Mor Muillethan. muires cat cro. Eimhne fhial ilcrothac ingen mhaith Mhor-Mhogha mhin buile blaithetrocht mu bhean-sa an bho. bid fuinne faeifider. Cath Claire claeidfider. Bid romuind raeinfider. ricfit meic mna. Bid curda in comaigtes Cormac Cuilt conaigfes. Bid dinn a domainches ir im a toctad”

Back to top

 

Section 109

As a haithle-sin, dodechaid Mogh Ruith

Ghluais Mogh Roith ar aghaidh iarsin

After that, Mogh Roith set out

airm i ra butar fir Muman um Fiachaig co Cenn Claire.

agus bhuail sé le Fiacha agus Fir Mhumhan ag Ceann Chláire

for Ceann Chláire where the Men of Munster were assembled around Fiacha.

Ocus gabhustar Fiacha ac fiafraigid scel de.

agus ghabh Fiacha ag fiafraí scéala de.

And Fiacha began to question him.

Ocus atbert Mogh Ruith: “Gebut-sa tra umad chis, ocus toibgighfet neithi eli duit”,

“Gheobhaidh mise iomad cíosa duit agus tabharfaidh mé rudaí eile ar ais duit,” arsa Mogh Roith

“I will make good your taxes and recover other things for you,” said he

ocus tuc in retoiric ar aird, .i.

agus rinne sé reitric a aithris *os ard*.

and he proceeded to recite a rhetoric *aloud*.

 

 

 

“Cis coduil cothaighfet, et rel

 

 

Back to top

 

Section 110

Ord Cormaic immorro gabhustar for agallaimh Cith Ruaídh,

Maidir le Cormac, áfach, thosaigh sé ar agallamh Cith Rua

As regards Cormac, however, he began to consult Cith Rua

ocus ga fhiafraighidh dhe in rai bhi aigi fortacht ar na sloghuibh.

agus ag fiafraí de cén chaoi a gcabhródh sé leis na sluaite.

and to enquire of him if anything could be done to help the troops.

“Ni fhil”, ar Cith Ruadh, “ni not cobra, acht tene druadh do dhenamh”.

“Níl dada le déanamh,” arsa Cith Rua, “ach amháin tine dhruadh a dhéanamh.”

“There is not,” said Cith Rua, “except to make a druidic fire.”

“Cinnus dogniter saidhe?”, ar Cormac, “ocus ga tarbha a dhenamh?”.

“Conas a dhéantar í sin?” arsa Cormac, “agus cén mhaitheas a dhéanfaidh sí?”

“How is that done?” asked Cormac, “and what purpose will it serve?”

“Mar so,” ar Cith Ruadh:

“Seo mar a dhéantar í,” arsa Cith Rua,

“This is how is made,” said Cith Rua,

“Eirgit na sloigh fon caill

“lig do na buíonta dul amach go dtí an choill

“let the troops go out to the forest

ocus tabhrat cairthenn leo

agus caorthann a bhailiú agus é a thabhairt ar ais anseo

and collect rowan wood

ár is ann saidhe ata formna ar ndala-ne.

mar is é seo an saghas adhmaid is fearr inár ndála-na.

for that is best in our circumstances,

Ocus as doigh freicerthar anes sin

Is dócha go mbeidh tine den saghas céanna acu theas ag freagairt dár dtine

and presumably, this fire will be responded to by one in the south

ocus o thairset na teindti d’fatud

agus *nuair a lastar na tinte,*

and when the fires are lighted

bidh cach oc forchoimet a theined.

beidh gach dream ag tabhairt aire
dá thine féin.

each party will attend to his own.

Ocus, da mad edh no bhiath ann cu mad fo dhes no impuigdis na teinnti

Má iompaíonn na tinte ó dheas

Now, if it should occur that the fires turn southwards

(ocus ni saeilim),” ar Cith Ruadh,

(agus ní dóigh liomsa go dtarlóidh a leithéid),

(and I don’t think this is going to happen),

“rob maith in leanmain for firu Muman uaib-si.

is ceart daoibhse dul ar thóir Fhir Mhumhan.

then it would be well for you to go in pursuit of the Men of Munster.

Ocus mad anes impuit, beridh-si sibh fein as,

Ach má thagann a dtinte siúd aneas imígí libh as an áit

But if it is to the north that the fires turn, take yourselves off,

ar bid oruib meabhus gid airi-sium doghnithe”.

mar cloífear sibh má fhanann sibh anseo.”

for you will be defeated even if you persist in staying.”

Tiagat iarum na sloigh fon caill acht mad suail bec im Cormac,

Seachas Cormac agus dream beag timpeall air d’imigh gach duine go dtí an choill

Except for Cormac and a small group who surrounded him all went out to the forest

ocus tucsat connadh caerthainn leo.

agus tháinig siúd ar ais níos déanaí agus na crainn chaorthainn á n-iompar acu.

to secure the rowan wood and they returned later carrying the trees.

Back to top

 

Section 111

Ro rathaighsit fir Muman sin ocus ro raidhset ra Mogh Ruith.

Thug Fir Mhumha faoi deara an rud a bhí ar siúl agus labhair siad le Mogh Roith:

The Men of Munster took note of what was going on and they said to Mogh Roith:

“A fir shochuir”, ar siat, “ga ret sut doni Leth Cuind?”

“A Fhir Shochair,” ar siad, “cad tá á dhéanamh ag Leath Choinn?”

“O Man, our Protector,” said they, “what are Leath Choinn doing?”

“Ga ret doghniat?” ar Mogh Ruith.

“Cad tá ar siúl acu?” arsa Mogh Roith.

“What are they doing?” said Mogh Roith.

“Fedmunna ramhora do thinol i n-ait n-aenbhaili

“Tá siad ag bailiú carn brosna *le chéile in aon áit amháin*,” ar siad,

“They are gathering large bundles of firewood together in one place,” said they,

cu nach lugha inas in cnoc ro thurnais-si in dumha chonnaid fil aca”.

“agus ní bheidh sé níos lú ná an tulach a d’ísligh tú féin.”

“so that the stack of firewood will not be less high than the hill you lowered.”

“Is fir”, ar Mogh Ruith ra fira Muman,

“Is fíor é sin,” arsa Mogh Roith le Fir Mhumhan,

“That is true,” said Mogh Roith to the Men of Munster,

“a fhreacra-sin as coir;

“agus caithfimidne an dúshlán a fhreagairt.

“*we must repond to the challenge.*

ra a dhruidhibh-fein ro impa Cormac

Bhí ar Chormac dul i muinín a dhraoithe

Cormac had recourse to his own druids

ocus tene draidhichta ro gnithir acu-sin”.

agus tá tine dhraíochta á hullmhú acu.”

and they are making a magic fire.”

Ocus ro raidh Mogh Ruith ra feruibh Mumhan:

Dúirt Mogh Roith arís le Fir Mhumhan:

Mogh Roith then said to the Men of Munster:

“Imtigidh”, ar se, “fo chaill Lethaird fo dhes

“Imígí ó dheas,” ar seisean, “go dtí Coill Leathaird

“Go south,” said he, “ to the wood of Leathaird

ocus na rub luga bhar lamhac eisdi

agus ná ligigí do bhur lámha a bheith ag sileadh leo.

and don’t let your hands be idle;

ocus tabhraid brosna braei laime gac ein fir libh, acht mad Fiacha a oenar

Lig do gach fear, seachas Fiacha amháin, gabháil adhmaid a iompar ar ais.

let every man of you bring an armful of firewood except for Fiacha alone.

ocus tabhradh-sein asglann gualunn leis

Lig dósan iompar ar a ghuaillí ualach

Let him bring a load on his shoulders

do chrunn cruaidh dagcacait eoín earraig

de chrann crua ar a mbíonn éin an earraigh ina seasamh (?).

of a hard tree where the birds of spring rest (?)

a taeibh uir-shleibhi frisi mbenait na tri foscaidh

Tógadh sé an crann ó thaobh an tsléibhe ina mbíonn trí fhoscadh ag teacht le chéile

from a mountainside where the three shelters meet

.i. foscadh gaeithi marta,

— foscadh ó ghaoithe Márta,

— shelter from the March wind,

ocus foscadh gaeithe mara

ó ghaoithe mara

from the wind from the sea,

ocus foscadh gaeithi luisin,

agus ó ghaoithe luisin (?)

from the wind of flame (?)

ar daig gu rub lasomain ra cetatudh fon teined.

i dtreo gur lasair lonn a bheidh ann *nuair a lastar an tine*.

so that once it is kindled it will be an inferno.

Ocus ni benfaider ar nech daar bhur n-eis an deda sin do thabairt libh

Ní bheidh an dá rud sin in easnamh ar bhur síol go deo

And none of your descendants will be deprived of these two things

.i. braei laime ocus asclann ghualann.

— gabháil adhmaid ina lámha acu ná ualach de ar a nguaillí.

— an armful or a shoulder-load

Ocus na tabhraid cuala ider na rub fotha aiscthi duibh da bar n-eisi,

Agus ná tugaigí cuail ar ais ar eagla go náireodh sé bhur síol

and do not carry faggots lest it be a reproach to your descendants

ocus nach abartar ‘cualuighi’ ribh”

agus go dtabharfaí ‘cualaithe’ orthu.”

and lest you be called ‘fuel-gatherers’.”

Back to top

 

Section 112

Tiagat iarsin fo chaill Lethaird

D’imigh siad leo ansin go Coill Leathaird

They then went to the wood of Leathaird.

frisin abar Caill Fhian aniu.

— Coill Fhiann is ainm don áit sin inniu

This is called Coill Fhiann today,

Ocus is o na fiannuibh-sin Fiachach Muillethain meic Eogain ainmnighther in caill o sin ile.

agus is ó fhianna Fhiacha Mhoilleathain mhic Eoghain an t-ainm sin ó shin i leith.

for it is from the warriors (Fianna) of Fiacha Muilleathain, son of Eoghan, that the wood is named ever since.

Doroacht leo iarum in forgnamh ocus in tinol ro haithnid dibh

Bhailigh siad le chéile *ansin* an méid a d’ullmhaigh

They brought together *then* what they had been ordered to prepare and collect

cu fosadlar in longphuirt.

agus d’fhág i lár an longfoirt é.

and deposited it at the centre of the camp.

Ocus do raidh Mogh Ruith ra Cennmhar:

Dúirt Mogh Roith le Ceann Mór ansin:

Then Mogh Roith said to Ceann Mór:

“Atto ocus innil ramhthus na teined”.

“Ullmhaigh an brosna agus las an tine”.

“Light and prepare the kindling for the fire.”

Ro eirigh Cennmhar ocus as e suidiugud tuc furre amal bis coichin

D’éirigh Ceann Mór ansin agus thóg sé an t-ábhar i riocht cuiginne

Ceann Mór arose and built up the firewood like a churn

tre-eochair ocus tri huilli fair acht batar seacht ndorais forri

le trí thaobh agus trí chúinne agus seacht ndoras.

but having three sides and three corners and seven doors,

ocus ni ra butar acht tri doirrsi ar in teinid thuaidh.

Ní raibh ach trí dhoras ag an tine thuaidh

while the northern fire had only three doors.

Ocus dano ni raibi suidiugud na corugud forre,

agus ní raibh sí suite ná cóirithe i gceart ….

Moreover, it was not properly sited or arranged ….

acht a chur n-a cheann cheana in connid.

 

 

Back to top

 

Section 113

Ocus ro raidh Cennmhar: “As urlumh so, acht gan tene ann”.

“Tá sé ullamh,” arsa Ceann Mór, “ach é a adhaint.”

Ceann Mór said: “this is ready except to set it alight.”

Benaidh Mogh Ruith ann sin a thallann teined;

Bhuail Mogh Roith a thallann tine ansin

Mogh Roith struck his fire-flint then.

ocus rob urlamh an tene thuaidh annsin.

agus um an dtaca seo bhí an tine thuaidh ullamh mar an gcéanna.

At this stage the northern fire was ready.

Ro ghabhadar som uili grasacht ocus omun ocus tinnius annsin.

Bhí imní agus dithneas ar gach duine ansin.

All were seized with fear and haste then,

Ocus ro raidh Mogh Ruith ra feruibh Muman: “Beanaid uili co tinnisneach taebh-snas do crannuibh bur slegh”.

“Brostaigh oraibh,” arsa Mogh Roith *le Fir Mhumhan*, “agus gearraigí *uile* slisíní as crainn bhur sleánna.”

and Mogh Roith said to the Men of Munster: “Be quick, all of you cut off the shavings from the shafts of your spears.”

Ocus ro bensat ocus tucsat do.

Rinne siad amhlaidh agus thug dó iad.

They cut off the shavings and gave them to him.

Doroine-sium cuimmscin mor de-sin

Mheasc sé le chéile iad in aon bheart mór amháin

He mixed them together in a large bundle 

ocus do cuir in tene inn ocus ro shuaitheasdar iarsin ocus ro raidh.

agus las sé suas le splanc *ansin* fad a bhí Mogh Roith á rá:

and set fire to it. It burst into flames *then* as he chanted a spell:

 

 

 

“Suathuim tene trethnach tren.

“Suaithim tine threathnach thréan,

“I knead a fire, powerful, strong;

reidhfidh figh, feoighfidh fer.

réiteoidh fiodh, feofaidh féar,

it will level the wood, it will dry up

lasair lonn, lor a luas.

lasair lonn, leor a luas,

grass; an angry flame, great its speed

ro sia snas sruith neamh suas.

sroichfidh snas sruith neamh suas,

it will rush up, to the heavens above;

cnaifid fech fegha fuinn.

cnaífidh fíoch, fíocha foinn,

it will destroy forests, the forests of the

claifid cath ar Clann Cuinn” et cetera.

cloídifh cath ar chlann Choinn.”

earth, it will subdue in battle the people of Conn.”

 

 

 

Do chuir-sium in tene fon so-dheithbir-sin

Chuir sé an tine mhór ar lasadh ansin faoi dheifir

Hastily, then, he set the firewood alight

ocus ro ba lan lasomain ro las ocus ro bo lanmhor a fuaim.

agus bhrúcht an lasair suas le fuaim lánmhór.

and it burst into flames with a mighty roar,

Ocus do raidh an rethoric .i.

Leis sin, rinne Mogh Roith reitric:

as he chanted a rhetoric:

 

 

 

“De druadh,

“Dia na ndraoithe,

“God of druids,

mu dhe tar gac nde.

mo dhia thar gach dia,

my god above every god,

de sendruadh so.

dia an tseandruadh seo.

he is god of the ancient druids.

Seitfair. seitfai.

séidfear, séidtear,

it will blow (the wind), may it blow

foluib luis la hurach.

luisne íseal don úrach,

a low flame (to burn) the young vegetation,

fiadluib luis la crinach.

luisne ard don chríonach,

a high flame for the old (vegetation),

luath crithrach crine

luathloscadh críonaigh,

a quick burning of the old,

fasda critre ure.

mearloscadh úraigh

a quick burning of the new,

cirb ceo caerthainn.

géarcheo caorthainn,

sharp smoke of the rowan-tree,

cain ceo caerthainn.

caoincheo caorthainn,

gentle smoke of the rowan-tree,

Cerda druadh dolbhaim.

cleachtaim ceirdne draoi,

I practise druidic arts,

nert Cormaic. cloíim.

cloím neart Chormaic,

I subdue Cormac’s power,

Cect. Crota Cithruadh.

déanaim clocha

Céacht, Crotha, Cith Rua —

Clocha dhibh dolbaim.

de Chéacht, Chrotha, Chithrua.”

I turn them into stones.”

diuc gaeth do beind cathrach clichre. coir gaeth aness tren gaeth anes. Ocht foghaetha, ceathra primhgaetha. Condich gaeth os gaethaibh do muinter Dainel. accallaim Etheor. dogairiur Simon. Sruthmor mac Guill. cainfider faidh fis. forcha cath cath Fiachach. for faen cath cath Cormaic. cain bebais bliathain maidin. be teine treathnuighfes. circale catha Cormaic. o nómaidim claechmabaidh gne. ni ba ruirech righport. rerais cloich cain a cathraigh. Patricio dofhuil. Patricio do icfa. Patricio deodha berit (?) buaidh n-apstal. aincidh bracha. breitem n-Eorpa. enradh acu. uili uili. amen amen. Signum Signum crucis crucis. crumthir. crumthir Crisd Crisd De do fuil Crisd De”. De druadh.

Back to top

 

Section 114

“Gabtar mo dhaimh dam-sa i bhfhecht sa”, ar Mogh Ruith,

“Anois” arsa Mogh Roith, “tugtar mo dhaimh chugam

“Now,” said Mogh Roith, “let my oxen be brought

“ocus coraighther mo carpat forro

agus cuirtear faoi mo charbad iad

and tackled to my chariot

ocus dano geibid-si baa [leg. bar] n-eocha bid i lamhaib libh,

agus bíodh bhur n-eacha féin ullamh agaibh *chomh maith*.

and have your own horses ready at hand *as well*.

ocus mad budh thuaidh soidhit nr [leg. na] teindti

Má chasann an tine ó thuaidh,

If the fires turn northwards

rob maith in leanmain uaib-si forro-sum

caithfidh sibh dul sa tóir ar shlua Chormaic

you must set off northwards in pursuit of Cormac’s men

ocus mad amlaidh-sin bhias,

agus má tharlaíonn a leithéid

and if this proves to be the case

na hanaidh-si dib

ná cuirigí srian oraibh féin

don’t hold back

cu ro anar-sa.

agus ní chuirfidh mise srian orm féin ach oiread.

and neither will I.

Ocus mad a tuaidh thisat

Ar an taobh eile den scéal, má tharlaíonn go dtagann an tine aduaidh,

If, however, the fires move southwards,

denaid-si bar n-imdhitean forro

cosnaígí sibh féin uaithi

defend yourselves against them

ocus tabhraid deabhtha doib

agus troidigí Leath Choinn

and engage them in battle

i mbeilghibh ocus a n-imcuimgibh ocus a n-eicindinaibh in cuicid.

i mbearnaí caola agus in áiteanna contúirteacha ar fud an chúige.

in defiles and narrow passes and in dangerous parts of the province.

Ocus as doigh nach bha heicen duibh

Ní dóigh liom go dtarlóidh a leithéid

It is unlikely that you will have to do this,

Ocus (is amlaidh ro can-sam sin) ro chuir anal druadh ind aieor ocus i firmimint

Leis sin, theilg Mogh Roith anáil dhraíochta suas san aer agus san fhirmimint

Mogh Roith then shot a druidic breath into the air and the firmament

co nderna mothar ocus duibh-nel os Cinn Claire,

go ndearna mothar dlúth ceo agus dubhnéal os Ceann Chláire

so that an obscuring thicket and a dark cloud arose over Ceann Cláire

ocus braen fola as-side.

agus ón néal sin, thuirling braonta fola anuas

and from it descended a shower of blood,

Ocus do raidh Mogh Ruith in rethoiric.

agus rinne Mogh Roith reitric:

and Mogh Roith chanted the rhetoric:

 

 

 

“Ferim brict

 

“I cast a spell,

a nirt nel,

 

on the power of cloud,

cu ma braen

 

may there be a rain

fola ar fer.

 

of blood on grass,

bid fo an bith.

 

let it be throughout the land,

bruitter druing.

 

a burning of the crowd,

cu mba crith,

 

may there be a trembling

ar cuain Cuind.

 

on the warriors of Conn.”

cu mba anes. gac nert niath. bidh flaith fuach. Fer da liach. co luidh brach. buaidhnibh slogh. biaidh os cach. Eogan mor. Mogh Corb cas. claitte selgh bidh rait rod. flaith na fer”. Ferim brict.

Back to top

 

Section 115

O thairnic in rethoiric-sin

Agus an reitric seo críochnaithe ag Mogh Roith,

On the completion of this rhetoric

ros geibh an cith co raibhi os Cinn Claire,

ghabh an néal ar aghaidh go dtí go raibh sé os cionn Ceann Chláire

the cloud moved on until it was above Ceann Chláire;

ros geibh as-sidhe co mbai os cind longphuirt Chormaic

agus ar aghaidh leis arís os longfort Chormaic

from there it moved on again until it was above Cormac’s camp

ocus ros geibh as-side co Temraigh.

agus as sin go Teamhair na Rí.

and then proceeded to Tara.

Do raidh Cormac ra Cith Ruadh: “Ga fuaim-so rocluineam?”

Dúirt Cormac le Cith Rua: “Cad í an fhuaim sin a chloisim?”

Cormac said to Cith Rua: “What sound is that I hear?”

“Braen fola”, ar Cith Ruadh, “doronad tre dian draidechta,

“Cith fola,” arsa Cith Rua, “draíocht láidir is cúis leis

“A shower of blood,” said Cith Rua, “brought on by powerful magic

ocus as rinne ticfa a uillida”.

agus is orainne a thitfidh a dhroch-thorthaí.”

and it is we who will feel its ill effects.”

Ba holc la Leth Cuind sin

Ba holc le Leath Choinn an méid sin

Leath Choinn were distressed at hearing this

ocus doronsat glor ocus seisilb moir uime.

agus ba mhór an gleo a bhí ar siúl acu.

and it was the cause of much noise and commotion among them.

Ocus atbert Cith Ruadh in laid.  “Atciu-sa cith do Claire et rel.”.

Ansin dúirt Cith Rua an laoi: “Feicim cith os Cláire ….”

Cith Rua then uttered the lay: “I see a cloud above Ceann Chláire …..”

Do batar tra coillte ocus fegha mora ar clarmhedhon Muman intan-sin,

Bhí coillte móra agus foraoisí ar chlármheán na Mumhan an tráth sin:

At that period, there were great woods and forests covering the central plain of Munster:

.i. an Ghiusach o tha Druim nEogubuil sair co bealuch Chaille Tochail,

an Ghiúsach ó Dhroim Eoghabhail soir go Bealach Chaille Tochaill;

An Ghiúsach — extending from Droim Eoghabhail eastwards to Bealach Chaille Tochail;

ocus Colltanan o Druim Eogubhail suas co Claire

Colltanan ó Dhroim Eoghabhail suas go Cláire;

Colltanan — extending southwards from Droim Eoghabhail to Cláire;

ocus Ros Cno o Druim Eogobail siar co hEsmaige,

Ros Cnó ó Dhroim Eoghabhail siar go hEas Má;

Ros Cnó — extending westwards from Droim Eoghabhail to Eas Má;

ocus Glenn mBebhthach ider dha rot

agus Gleann Beabhthach idir dhá ród

and Gleann Beabhthach — extending  northwards between two great roads

o Druim Eogobail sis gu hAine,

ó Dhroim Eoghabhail síos go (Cnoc) hÁine

from Droim Eoghabhail to (Cnoc) Áine

ocus gu carn Feradhaigh.

agus go Carn Fhearadhaigh.

and to Carn Fhearadhaigh.

Back to top

 

Section 116

Ro fiafraig Mogh Ruith: “Cinnus atait na teinnti?”

D’fhiafraigh Mogh Roith: “Conas atá na tinte?”

Mogh Roith asked: “How are the fires behaving?”

“Atat”, ar siat, “cach dibh ag falmaisiu a cheili re hor sleibhi siar

“Tá siad ag bagairt ar ionsaí a chéile ag imeall an tsléibhe, ag dul siar

“Each one of them is threatening to attack the other at the border of the mountain to the west

ocus sis iarsin co Druim nAsail ocus co Sinainn,

agus ansin ag iompú ó thuaidh go Droim nAsail agus go Sionainn

and then turning northwards to Tory Hill and the Shannon

ocus iarsin cusinn ait chetna”.

agus ag casadh ar ais go dtí an áit chéanna arís.”

and then returning *to the same place*.”

Ro fhiafraigh Mogh Ruith: “Cinnus atat na teinnti?”

D’fhiafraigh Mogh Roith: “Conas atá na tinte?”

Mogh Roith asked: “How are the fires behaving?”

“Atat fon tuaruim cetna”, ar iat,

“Tá siad sa riocht céanna fós,” ar siad,

“They are still in the same condition,” said they,

“ocus ni fharcaibset figh na fer

“ach níl ribe féir ná crann

“and they have not left a tree nor a blade of grass

ar clarmhedhon Muman gan loscad”.

i má lárnach na Mumhan nach bhfuil loiscthe acu.”

on the central plain of Munster that they haven’t burnt up.”

Ocus as machaire o sin ille.

Is machaire an áit sin ó shin i leith.

This area is cleared land ever since.

Ro fhiarfaigh Mogh Ruith: “Cinnus atat na teinnti?”

D’fhiafraigh Mogh Roith: “Conas atá na tinte?”

Mogh Roith asked: “How are the fires behaving?”

“Adhrachtadur,” ar siat “co firmimint ocus co neolu nime,

“Tá siad imithe suas go dtí an fhirmimint agus go dtí néalta neimhe,” a dúirt siad,

“They have flown up to the firmament and to the clouds of heaven,” said they,

ocus atat mar bít da laech lonna luthmura

“agus tá siad cosúil le laochra lonna lúfara

“and they are like two ferociously agile warriors,

no da leoinn letarthaca, cach dhibh oc folmaisi a cheili”.

nó le dhá leon alpacha ag leanúint a chéile.”

or like two devouring lions attacking each other.”

Back to top

 

Section 117

Tucad tra a sheche thairb maeil uidhir co Mogh Ruith,

Tugadh ansin a sheithe thairbh mhaoil odhair go Mogh Roith

The bull-hide from a horn-less brown bull belonging to Mogh Roith was now brought to him

ocus a encennach alath brec con-a foluamain ethaidi,

chomh maith lena éanchealtair alabhreac lena heití foluaineacha

along with his speckled bird-mask with its billowing wings

ocus a aidme draidhechta ar cena.

agus an chuid eile dá threalamh draíochta.

and the rest of his druidic gear.

Ocus dosrala suas a comuidecht na teined ind aeor ocus i firmimint

D’imigh sé leis suas san aer agus san fhirmimint ansin in éineacht leis an tine

He proceeded to fly up into the sky and the firmament along with the fire,

ocus gabustar ac sodh ocus ag bualadh na teined budh thuaidh,

agus bhí sé ag casadh agus ag bualadh na tine *ó thuaidh* ar a dhícheall

and he continued to turn and beat the fire towards the north

ocus ro chan in rethoric-so:  

agus reitric á reacaireacht aige:

as he chanted the rhetoric:

 

 

 

“Saigti druadh dolbaim-si, et rel.”.

“Deilbhím saigheada druadh ….”

“I fashion druids’s arrows ….”

 

 

 

Gabus Mogh Ruith ag bualadh na teined budh tuaidh iarum.

Lean Mogh Roith ar aghaidh mar sin ag iarraidh an tine a thiomáint ó thuaidh

Mogh Roith thus continued to beat the fire northwards

Ocus gabhus Cith Ruadh fon cuma cedna atuaidh.

agus mar an gcéanna bhí Cith Rua ag iarraidh í a thiomáint ó dheas.

while Cith Rua in the same way tried to turn it southwards.

Arai-sin, ro impo Mogh Ruith na teinnti

Dá ainneoin sin, áfach, d’éirigh le Mogh Roith an tine a chasadh

In spite of this, however, Mogh Roith succeeded in turning the fires

fo túaidh, ocus dousrala i ceann longphuirt Cormaic

ó thuaidh i dtreo longfort Chormaic.

in the direction of the north to Cormac’s camp.

ocus nir leic Mogh Ruith cenn do thocbhail doibh o rous turn einfhecht.

As sin amach níor lig sé don tine bogadh ón mball sin.

Once he had succeded in doing this Mogh Roith did not permit the fires to move away from there.

Dorochair Cith Ruadh ann sidhe co n-a shlogh druadh in alla this [leg. malle ris] ocus co n-a shlógh sidhe.

Ba anseo a cloíodh Cith Rua maille lena shlua draoithe agus lena shlua sí.

It was here that Cith Rua suffered defeat along with the company of druids and his slua sí.

Ocus ro coirghit acu-san na catha crodha commora conacaillti,

Chuir lucht leanúna Chormaic ord agus eagar orthu féin ansin ina mbuíonta catha *móra* cróga

Cormac’s followers then arranged themselves in large stalwart battalions,

ocus ro coirged lorg ocus tosach forro,

agus lorg agus tosach orthu

with an advance guard and a rear guard

ocus tugad leibinn sciath impa da gac leth

agus sciatha timpeall orthu ar gach taobh.

and a wall of shields surrounding them on every side.

ocus gabsat rompa i remthus tseda
ocus imdheachta,

Thosaigh siad ar an máirseáil imeachta lom láithreach

They began the march of evacuation at once,

or nír leicset a ndraithi doibh fosugud ra tabairt catha na comhlainn

agus níor thug na draoithe cead dóibh stad chun cath ná comhlann a throid,

for the druids would not allow them to stop for fight or pitch-battle

ocus do aithnedar dhibh maith do dhenamh intan bud eicen.

ach thug siad ordú dóibh a ndualgas a chomhlíonadh aon uair a bheadh gá leis.

but they ordered them to do their duty whenever it proved to be necessary.

Back to top

 

Section 118

Tainic dono Mogh Ruith anuas iarsin,

Tháinig Mogh Roith anuas ón spéir ansin *, más ea,*

*So* Mogh Roith then descended from the sky

ocus dodechaid a n-a charpat caemh cumdachta for damaibh dreamhna dasachtaca

agus chuaigh isteach ina charbad caomh cumtha lena dhaimh dhreimhneacha dhásachtacha

and got into his beautifully ornamented chariot drawn by fast and furious oxen

cu luas gaeithi Marta, con athlaime ethaiti

a raibh luas ghaoth Mhárta acu agus lúfaireacht éan.

having the speed of the wind of March and the agility of birds.

ocus seche thairbh maeil uidhir lais ocus tainic i remtus rompa,

Bhí a sheithe thairbh mhaoil odhair aige agus é ag gabháil ar thosach an tslua.

He had with him his bull-hide from a horn-less bull and he advanced to the head of the troops.

ocus do chuir Cennmhar uatha do gresacht fer Muman

Chuir sé Ceann Mór ar aghaidh chun Fir Mhumhan a ghríosú

He sent Ceann Mór to incite the Men of Munster to action

ocus tancatar co hescad i lenmain in druadh.

agus lean siad an draoi le díograis.

and they followed the druid enthusiastically.

O ro siachtadar co hArd Cluain na Feinne,

Nuair a shroich siad Ard Chluain na Féinne

When they reached Ard Chluain na Féinne

 

 

 

is ann-sin rugad ar deiredh in tsloigh,

bhuail siad le cúl mhuintir Chormaic *ansin*

they caught up with the rear portion of Cormac’s army *there*

ocus nir imposit friu in lucht aile.

agus níor thiontaigh an chuid eile d’arm Chormaic thart chun cabhrú leo.

and the rest did not turn back to aid them

Gabsat fir Muman annside anoir ocus aniar futhaibh

D’ionsaigh Fir Mhumhan *ansin* iad anoir is aniar

as the Men of Munster attacked them *there* from the east and from the west,

amar tiagait coin fa min-chetraib,

mar chúnna ag tabhairt ruathair ar ainmhithe beaga.

coming at them like hounds attacking small animals.

.i. treotha ocus tarrsa ic a ndicennad ocus ica n-airsecar ider anes ocus a tuaidh, ag cur na n-ar forro

Chuaigh siad tríothu agus tharstu á ndícheannadh agus á dtreascairt aduaidh agus aneas

Through them and around them they advanced decapitating and massacring them from north and south

cu rancatar co Magh nUachtar i crich Ur-Muman,

go dtí gur shroich siad Má Uachtar i gcríoch Urmhumhan

until they reached Má Uachtar in Ormond.

frisin abar Magh Raidne aniu.

— Má Roighne a ghlaotar ar an áit sin sa lá atá inniu ann.

This area is known as Má Roighne today.

Ocht cet immorro, ba he esbaith in tsloigh conice sin.

Chaill Cormac ocht gcéad fear an babhta seo *, áfach*.

On this occasion Cormac’s army lost eight hundred men *, however*.

Back to top

 

Section 119

Cunad annsin ro fhiarfaigh Mogh Ruith is se i ramtus rompa:

Óna áit féin ar thosach an tslua, d’fhiafraigh Mogh Roith díobh *ansin*:

It was then that Mogh Roith enquired from his place out in front:

“Cia is nesa dun annso?”

“Cé is cóngaraí dúinn anseo?”

“Who is nearest to us here?”

ocus forfidir gia ro fiarfaigh.

ach bhí a fhios aige féin cheana agus an cheist á cur aige.

and he knew even though he put the question.

“Ata triar forusta finnliath ann”, ar siat,

“Tá trí laochra forasta liatha anseo,” ar siad,

“There are three grey-headed stalwarts here,” said they,

“Cecht, Crota, Cith Ruadh sín”.

“Céacht, Crotha agus Cith Rua.”

“Céacht, Crotha and Cith Rua.”

“Ro geallustar mu dee dam-sa

“Geall mo dhéithe domsa,” arsa Mogh Roith,

“My gods promised me

co ndingnitis clocha dhib intan no bherainn-si forro,

“go ndéanfaidís clocha den triúr sin nuair a bhuailfinn leo

that they would make stones of these three as soon as I caught them,” said Mogh Roith,

acht cu tarduinn-si mo anal futhaib.”

ach m’anáil a theilgean orthu.”

“provided that I cast my breath at them.”

Ocus tuc som anal druagh futhaibh co nderna clocha dibh,

Leis sin, theilg sé anáil dhraíochta orthu agus deineadh trí clocha díobh lom láithreach.

With that, he cast a druidic breath and they were turned into stones

ocus is do na clochaibh-sin gairther ‘Leaca Raighne’ aniu.

Is iadsan ‘Leaca Roighne’ an lae inniu.

and these stones are known as ‘Leaca Roighne’ today.

Antan tra no trialldais fir Muman airisium,

Gach tráth a rinne Fir Mhumhan iarracht sos a thógáil

Whenever the Men of Munster tried to stop,

is ann-sin ba daithe ocus ba treisi no bidh Mogh Ruith ic maidim cucca,

*is ansin a* ghríosaigh Mogh Roith iad brú ar aghaidh gan stad gan staonadh

*it was then that* Mogh Roith became most insistent that they carry on

ocus nir leic dhoibh anad co rancatar co Sliabh Fuait in la-sin.

agus dá bhrí sin níor dhein siad aon mhoill go dtí gur shroich siad Sliabh Fuait an lá sin.

and he did not allow them to delay until they reached Sliabh Fuait that day.

Ro saidhed pupall Fiachach annsin

Sháigh Fiacha a phuball sa talamh ansiúd

It was there that Fiacha set up his tent

ocus as e ainm an inaidh sin, ‘Inad pupla Fiachach’ o sin ille.

agus tá an t-ainm ‘Ionad Phuball Fhiacha’ ar an áit ó shin i leith.

and ever since the place is known as — ‘the place of Fiacha’s tent’.

Back to top

 

Section 120

Taircit Leth Chuinn iarum gac giall, ocus gac cain ocus gac cis bud ail d’feraibh Muman do tabairt daib forro.

Thairg Leath Choinn gach giall, gach bóramha, gach cíos a bheadh ag teastáil uathu a thabhairt d’fhir Mhumhan ansin.

Leath Choinn then offered to give every hostage, every tribute, every tax which the Men of Munster wanted from them.

O ro feidhligheastar ann

 

 

nir gabh Mogh Ruith ocus Mogh Corb ocus Fiacha ocus Fir Muman ar cena

Ní ghacfaidh Mogh Roith ná Mogh Corb ná Fiacha ná Fir Mhumhan leis an tairiscint

Mogh Roith, Mogh Corb, Fiacha and the Munstermen would not accept the offer

no gu mbeidis da mi ocus da raithi ocus da bliagain tuaidh.

go dtí go raibh siad dhá mhí agus dhá ráithe agus dhá bhliain thuaidh

until they were in the north for two months and two quarters and two years

 

*ón lá a shroicheadar an áit sin*.

*from the day they arrived there*.

Ocus adubhradar gidh annsin,

Dúirt siad, fiú amháin,

They said even then

nach gebhduis coma aili

nach nglacfaidís leis an tairiscint aon tslí eile

*that they would not accept the offer any other way but*

no gu tised Cormac fein leo co tech Fiachach,

ach Cormac féin a theacht go teach Fhiacha.

that Cormac himself should come to Fiacha’s house.

o na fetastar tra Cormac a imdhiten forra

Toisc nach raibh Cormac in ann é féin a chosaint uathu *ansin*

Since Cormac could not defend himself *then*,

ocus na rabha aca cumhang gabhala dhibh a chriche d’innrudh ocus d’argain.

ná cosc a chur orthu a chríocha a scriosadh

nor had he the power to prevent them devastating his territory,

Táinic fein ocus tuc a chain ocus a chis doibh.

tháinig sé féin go pearsanta leis an gcíos agus leis an mbóramha.

he came in person and gave them the tax and the tribute.

Ro choimeirigh Fiacha co bhferuib Muman

D’éirigh Fiacha agus Fir Mhumhan

Fiacha and the Men of Munster *arose and*

ocus tancatar rompa i ramthus tseta

agus chuir chun siúil

set out then

ocus ni hindistar a n-imthusa cu rancatar cnoc Raphund.

agus ní haithristear a n-imeachta gur shroich siad Cnoc Rafann.

and their adventures are not related until they reached Cnoc Rafann.

Tucad íarum

Tugadh *ansin*

 

Connla mac Taidg meic Cein,

Connla mac Thaidhg mhic Céin

Connla son of Tadhg, son of Cian

mac bratar athar d’Fiachaigh eisein

— ba mhac le deartháir athar Fhiacha eisean

— the son of Fiacha’s father’s brother

 

 

— was *then* given

for altram do Cormac;

— ar altram go Cormac

to Cormac to be fostered by him

ocus ro leasaiged ag Cormac in mac-sin fo chain lesaighthi.

agus ghlac Cormac lena oiliúint mar chuid dá dhualgas.

and Cormac undertook the boy’s upbringing as part of his obligations.

Ocus batar amlaidh-sin re cian ocus treimhsi fa sidh-corus etarra.

D’fhan siad mar sin ar feadh i bhfad agus conradh síochána á chothú acu.

They remained thus for a long time observing the peace treaty between them.

Back to top

 

Section 121

Gabhsat fir Muman ga fiarfaighidh do Mogh Ruith

Thosaigh Fir Mhumhan ar cheist a chur ar Mhogh Roith

The men of Munster began to question Mogh Roith

ga lin idir abhus ocus tuaidh

faoi uimhir na ndaoine a maraíodh ar gach taobh, ón Tuaisceart agus ón Deisceart

about the number of casualties on both sides — north and south

ocus cia dhe as mo ro dithiged ann.

agus cén dream díobh ba mheasa a tháinig as an ár.

— and which side had suffered the most.

As leir tra ro eirnestar dhoibh ocus tuc in laid ar aird:

Rinne Mogh Roith laoi a aithris os ard *ansin* a phléigh an cheist go cruinn:

Mogh Roith *then* gave a clear description of the situation in the following lay which he recited aloud:

 

 

 

“Ceathra cet laemh laechda a lín·

“480 laoch cróga d’fhir Mhumhan

“The lawless ones

da cethrachait ra a coimrim.

a mharaigh na hainriochtáin,

killed 480 brave warriors

D’fheruibh Muman co mbechta·

de réir mar a shuimím,”

of the Men of Munster,

ro marbsat na haindrechta.

arsa Mogh Roith.

according to my calculations.

 

 

 

Cúic druidh Chormaic dolbsat dan·

Chleacht cúigear draoi draíocht

Five druids practised sorcery against

ar Leith Mogha na mor dhal.

i gcoinne Leath Mhogha na mórdhál.

Leath Mhogha of the large assemblies;

Lin ro marbta fa gnim ghle·

Is é sin líon na ndaoine a mharaigh siad.

this was the number killed,

tre doilbhtib dealbtha draidhe.

Ba mhór an gaisce é.

an impressive deed.

 

 

 

Dolbsat tri cona cora·

Fuair mé féin trí chú

I formed three hounds

do dhith na caerec crodha.

chun na caoirigh chróga a threascairt

to destroy the brave sheep.

Dolbsat murescong fo muir·

agus dheilbhigh mé eascann chun

I formed an underwater sea-eel

ra dith Colptha ocus Lurguin.

Colpa agus Lorga a chur faoi chois.

to destroy Colpa and Lorga.

 

 

 

Ro sos na teindti bhu tuaidh·

D’iompaigh mé na tinte ó thuaidh

I turned the fires northwards to Leath

ar Leth Chuinn na claidem cruaidh

go dtí Leath Choinn na gclaimhte crua.

Choinn of the hard swords. I left only

Tucus nert mna siulta sair·

Níor fhág mé ach neart mná seoil

the strength of a woman in labour to the

a clannuib Chuinn Cetcathaigh

i síol Chonn Chéadchathaigh thoir.

descendants of Conn Céadchathaigh in the east.

 

 

 

Ro claenad in cath ar Conn·

Briseadh an cath ar Chonn

Warlike Munster defeated Conn.

la Mumain miadaigh, met nglonn

le Fir Mhumhan na loinne.

Once their Aos Dána

Ar ndith a n-aesa dana·

Nuair a theip ar a nAos Dána thit

(Men of Art) had failed,

ra dirgit ra dighbala.

an lug ar an lag ag muintir Chormaic.

Cormac’s army fell into distress.

 

 

 

Ceatra cet ruirech is righ·

Maraíodh ceithre chéad tiarna agus rí de

Four hundred lords and kings of

do slógh Cormaic ra a coimhrimh

bhuíon Chormaic ar an tslí go Formhaol

Cormac’s band are calculated to have

Co Formaeil ba gres os graigh·

de réir mar a shuimím. Ba thubaiste í

been killed on the way to Formhaol. It

do clannaib Cuind Cetcathaig

sin do shíol Chonn Chéadchathaigh.

was an injury beyond repair for the descendants of Conn Céadchathaigh.

 

 

 

Ceatra cet gilla nglomhair·

Maraíodh 400 giolla eich

Exactly 400 horse-boys

do slogh Cormaic ar conuir

 

belonging to Cormac’s army

Ro marbtha fa coimlin gle·

ar an ród

were killed on the road

ider Formaeil is Raidne.

idir Formhaol agus Roighne.

between Formhaol and Roighne.

 

 

 

Crota, Cect, Cithruadh don muigh·

Maidir le Crotha, Céacht agus Cith Rua

Crotha, Céacht and Cith Rua from the

draithi sil Cuinn Cetcathaig

ón má  — draoithe de shíol Chonn

plain  — druids of the race of Conn

I Maigh Raidne do ruadh graigh·

Chéadchathaigh — rinne mé

Céadchathaigh — at Má Roighne of

ro sodhus i cruadhclochaibh.

cruachlocha díobh i Má Roighne rua.

the red rocks I turned them into solid stones.

 

 

 

Clocha coimhetuit ferta·

Beidh na leaca sin ann go brách mar

These stones will commemorate the

beit an co brachuib bechta

chuimhne ar an eachtra — cúis náire

deed, they will remain there for ever,

Bidh ail do Leth Cuinn a n-ainm.

do Leath Choinn. Beidh an t-ainm

a cause of shame for Leath Choinn;

‘Leaca Raidhne’ re roghairm.

‘Leaca Roighne’ orthu go deo na ndeor.

they will be known as ‘Leaca Roighne’.

 

 

 

Cúic morseisir batar ann·

Bhí cúig bhuíon ann

There were five groups of seven men

gan ainm orro acht cuic anmann

agus seacht bhfear i ngach buíon díobh

each there, having only five names.

Tucsat ceim cuire for cul·

ach gan ach cúig ainm orthu.

Everyone was forced to a retreat

ga neoch uili acht mad eintriur.

Seachas triúr bhí orthu teitheadh.

except for three.

 

 

 

Seacht Cecht, secht Crota gu coir·

Bhí seachtar i ngach buíon

There were seven men in each of the

seacht Cithaigh is seacht Cithmoir

le Céacht, Crotha, Ceathach,

groups belonging to Céacht, Crotha,

Seacht Cithruaidh co ngnim ngarbh ngle·

Cith Mór agus Cith Rua.

Ceathach, Cith Mór and Cith Rua.

gu ndanuibh doilbthe draithe.

Ba ghléigeal a n-eachtraí agus a n-upaí.

Their feats were brilliant as was their composition of druidic spells.

 

 

 

. . . . Ath an tsluaigh·

Ag Áth an tSlua

At Áth an tSlua,

sist o Maigh Raidne budh thuaid

ar an taobh thuaidh de Mhá Roighne

north of Má Roighne,

Sluagh seacht fichit ro gaet ann·

maraíodh seacht bhfichead

a group of seven twenties was killed

do sluagh Cormaic ni chelam

— sin rud nach gceilim.

— that I do not conceal.

 

 

 

Da fichit ocus dá cet·

Thit dhá chéad agus dhá fhichead ag

Two twenties and two hundred fell

on ath-sin sair no chu brec

dul siar ón áth sin ar gach conair a

from that ford eastwards — that is no

Os gach conuir do Leth Cuind·

ghabh Leath Choinn — ní bréag í sin.

lie, on every path that Leath Choinn

doibh nír comuidh a liattruin [leg. Liatruim]

Ní raibh aon dídean le fáil acu i Liathroim (Teamhair).

took. They were not given protection in Liathruim (Tara).

 

 

 

Deic cét ocus da fichit·

Maraíodh 1048 bhfear

There were 1048 men killed

dias ar seiser ro saighet

— b’shin é an t-ár

— this was the destruction

Ba si esbaidh Leithi Cuinn·

a rinneadh ar Leath Choinn

wrought on Leath Choinn

ra ua nAililla oluim.

le hó Oilealla Óloim.

by the grandson of Oileall Ólom.

 

 

 

O Druim Damhghaire duanaigh·

Ó Dhroim Dámhgháire aoibhinn

From pleasant Druim Dámhgháire

co sligid moir Midhuallaigh [= Mid[l]ua[ch]air ?]

go Slí Mhór Mhíluachra

to the great highway of Slí Mhíluachra

Mor in gnimh, ro cloenad cro·

mór agus fuilteach an gníomh

a great and bloody deed

is a dhenamh a n-aenlo

a rinneadh in aon lá.

took place in one day.

 

 

 

As e uidhi is mo ruc fian·

Ba í sin an eachtra ba mhó a rinne

It is the greatest march that a warrior

ar gnimuib glé [leg. gaile] ocus gliagh

laochra riamh agus í lán de

ever undertook among brilliant feats of

O Chinn Clairi ba cuairt gle·

ghníomhartha glé agus gleo. Ó Cheann

valour. From Ceann Chláire it was a

bud thuaidh gu Glenn Righ Righe.

Chláire ba chuairt ghlé í ó thuaidh go Gleann Rí Ríghe.

splendid journey northwards to Gleann Rí Righe.

 

 

 

Ro cind Fiacha fictib sluagh·

Chinn Fiacha na Slua

Fiacha of the numerous companies

ro cind Mogh Corb Claideb ruadh

agus Mogh Corb an Chlaímh Rua

and Mogh Corb of the red sword

Nac biad a riar da gac alt·

nach mbeidís lánsásta go dtí

decided that they would not be fully

no go mad e a ngiall Cormac.

go mbeadh Cormac féin ina ghiall acu.”

satisfied until Cormac became their hostage ….”

 

 

 

O ro eimdhigh Cormac cain·

 

 

imgabad Fiacha fum[         ].

 

 

Nir gabhudh uadh acht a dhail·

 

 

ge thairgid mor focetair”.

 

 

 

 

 

Ro scailseat fir Mhuman iarsin o chnucc Raphann,

D’fhág Fir Mhumhan Cnoc Rafann ansin

The Men of Munster left Cnoc Rafann then,

ocus docoidh cach dib da thigh ocus da dhún-aras fadhesin.

agus chuir gach duine chun siúil go dtí a theach agus a dhún fein.

and each one set out for his own house and fort

Ocus dochoidh Cormac co Temraigh.

D’imigh Cormac ar ais go Teamhair.

while Cormac returned to Tara.

Back to top

 

Section 122

Ro leasaiged tra Connla ag Cormac, amal adubhrumur,

Bhí Connla mar dhalta ag Cormac *ansin*, mar a dúramar cheana féin,

*Then* Connla was brought up by Cormac, as we have said,

cur bo inghnima ocus cur bo urramad [leg. urramach]

agus ba oilte agus ba urramach an duine é

so that he became accomplished and noble-minded

ocus gur samluigh Ere fris ar a mhaitius.

agus ní raibh fear a dhiongbhála ar fud Éireann.

and his excellence was without compare in Ireland.

Cur ghabh leannanacht re araili mnai a Sidh Locha Gabar

Thit sé i ngrá áfach le bean áirithe ó Shí Locha Gabhar

He fell in love with a certain woman of the of Loch Gabhar

ocus gur saruigh hi gan deoin di.

agus sháraigh sé í i gcoinne a tola.

and forced her to have sex with him.

Ocus ro chuinnigh si ascaid fair, .i. dul le isin sith,

D’iarr sí air dul léi isteach sa sí

She made a request to him — that he should go with her into the (fairy palace),

ocus ní dhechaid.

ach dhiúltaigh sé é sin a dhéanamh.

but he refused to go.

“Tar”, ar si, “co tuca h’adhaidh ar an ndun anunn

“Tar,” ar sise leis, “agus ar a laghad, tabhair aghaidh ar an dún anonn,

“Come,” said she, “and at least turn your face in the direction of the fort here,

co n-aicet in tsluaigh, o nach teighi fein inn”.

i dtreo go bhfeicfidh an Slua Sí thú ós rud é nach rachaidh tú isteach.”

so that the residents of the may see you *since you will not go in*.”

Teit-sium co tard a adhadh ar an sidh.

Rinne sé amhlaidh *agus chas sé a aghaidh i dtreo an tsí*

He came then, and turned his face toward the .

Ro indis in ben focetoir thall in gnimh doronad fria.

agus d’inis an bhean sí dá muintir *fá chéadóir* an éagóir a deineadh uirthi.

The woman *at once* informed the -people of the injustice done to her.

Batar-som oc iaruidh chora fair. Ocus ni thuc.

Bhí siadsan ag iarraidh éiric a bhaint as ach ní thabharfadh sé aon éiric dóibh.

They were seeking reparation from him but he would not make any.

“Ro mhillis ar n-einech”, ar siat.

“Mhill tusa ár n-eineach,” arsan slua sí.

“You have violated our honour,” said they.

“Adeirthi-si”, ar se, “do mhillius”.

“Is féidir a rá gur mhill,” ar sé.

“You could say that I have,” said he.

“Millfimit-ne h’einech-sa inn”, ar iat-som.

“Millfimidne d’eineachsa, mar sin,” a dúirt siad.

“Then we will violate your honour,” said they.

Ocus tucsat a n-anala uili fai

Leis sin, bhailigh siad le chéile agus theilg siad a n-anáil air in éineacht

With that, they all together cast their breath at him

cu ro fhas bruth maeili claime o mhulluch cu bonn trid

agus dá bharr sin d’fhás bruth maol *claimh* ar a chorp ó mhullach go bonn

and, as a result, a bare scabby eruption covered him from head to foot,

ocus ba himurcach dano an bruth-sin for a chinn ocus for a aidhidh

agus ar a cheann agus ar a ghnúis ach go háirithe.

especially the head and face.

ocus rob aithreac in turus-sin.

Ba aithríoch é ansin.

After that, he had a change of heart.

Back to top

 

Section 123

Ocus ro impo ar cula gu brocach brocumac co hairm i mbai Cormac.

D’fhill Connla ar an áit ina raibh Cormac agus é brocach máchaileach.

Thus disfigured, Connla returned to the place where Cormac was.

Sillis Cormac ar Connla ocus mebhais a chai fair.

D’fhéach Cormac air agus thosaigh sé ag caí mar gheall ar an rud.

Cormac looked at him and began to lament over what had befallen him.

“Cidh ima tai, a mu poba, a Cormaic?”

“Cad é seo, a Phopa, a Chormaic?” ar sé.

“What is this, O my Master, Cormac?” said he.

“A truma leam”, ar Cormac, “do beith-si amlaidh-sin ocus met do gradha leam.

“Is trua liom tú a fheiceáil mar seo agus an méid sin grá agam duit,” arsa Cormac,

“I am sorry to see you like this, I have such affection for you,” said Cormac,

Ocus fos, as tu ro saeileas

“agus chomh maith leis sin ba é tusa a bhí ar aigne agam nuair a smaoinigh mé

“and as well as that, it was you I had in mind

do dhidhuil mu chnedh ar Fhiachaigh

ar dhíoltas a bhaint amach ó Fhiacha de bharr na drochíde a thug sé dom.

when it came to avenging myself against Fiacha for his treatment of me

ic cosnum righi Muman dhuid”.

Bhí sé ar aigne agam ríocht na Mumhan a fháil duitse.”

by gaining the kingship of Munster for you.

“Ni ro cualai”, ar Connla, “ocus ní ro fhoirfedh nech ar an ngalar-sa”.

“Ar chuala tú trácht ar aon leigheas nó aon duine a d’fhóirfeadh orm?” arsa Connla.

“You have not heard (of any cure [?]) and nobody will relieve this disease,” said Connla.

“Gia ro chuala”, ar Cormac,

“An rud a chuala mé,” arsa Cormac, “ní dhéanfadh sé aon mhaitheas duit

“What I have heard is of no consequence,” said Cormac,

“ni fhuigbea-sa idir he”.

mar ní bhfaighidh tú é.”

“as you will not get it by any means.”

“Cidh eiside?” ar Connla.

“Cad é siúd, ar aon chuma?” arsa Connla.

“What is this?” asked Connla.

“Fuil righ fhlatha”, ar Cormac, “ocus t’fothragad eisde”.

“Fuil Rí *fhlatha*,” arsa Cormac, “agus tú féin a fholcadh inti.”

“It is the blood of a royal king,” said Cormac, “to bathe themselves in it.”

“Cia eside?” ar Connla.

“Cé hé an rí?” arsa Connla.

“Who is this king?” asked Connla.

“Fiacha Muillethan”, ar Cormac, “as e in flaith

“Fiacha Moilleathan,” arsa Cormac, “is eisean an rífhlaith atá i gceist,

“Fiacha Moilleathan — that is the king,” said Cormac,

ocus ro bad fingal duit-si a marbad,

agus ba fhionaíl duitse é a mharú

“but for you to kill him would be the murder of a kinsman.

ocus as doig dia ruca fort, co ticfa th’fhoiridin de”.

ach is dócha go leigheasfadh a chuid fola thú.”

It is likely, however, that if you applied his blood to your skin you would be cured.”

“As ferr leamsa”, ar Connla, “bas carat damh inas mo beith fein amlaidh-so,

“B’fhearr liomsa bás carad ná fanacht sa riocht ina bhfuilim,” arsa Connla,

“I would prefer a friend of mine to die,” said Connla, “than for myself to remain in this condition

da mad derbh leam cena sin”.

“ach caithfidh mé a bheith dearfa go bhfuil sé seo fíor.”

if I could be sure of the result.”

“Toingim na toing mo thuath”, ar Cormac, “cu nad fior”.

“Mionnaím mar a mhionnaíonn mo thuath,” arsa Cormac, “go bhfuil sé fíor.”

“I swear by (the gods) my tribe swears by,” said Cormac, “that it is true.”

“Ragat-sa fris dano”, ar Connla.

“Rachaidh mé chuige, mar sin,” arsa Connla.

“I will go to meet him, then,” said Connla.

Back to top

 

Section 124

Teit iarum cu Cnoc Raphunn co tech Fiachach.

D’imigh sé ansin go Cnoc Rafann, go teach Fhiacha.

He went then to Cnoc Rafann, to Fiacha’s house.

Ba bron mor la Fiacha a beith-sium amhlaidh-sud,

Bhí brón mór ar Fhiacha nuair a chonaic sé Connla sa chruth sin.

Fiacha was very distressed at seeing him in this condition

ocus ro choi uime ocus ro fer failte fris.

Rinne sé comhbhrón leis faoin scéal agus chuir fáilte roimhe.

and he sympathised with him and made him welcome.

Ocus ro trialladh a leighes aigi iardain

Iarsin, rinne Fiacha iarracht leigheas a fháil dó

Afterwards, he made efforts to cure him

ocus tuc trian a chogair do

agus chuir sé Connla i gceannas ar thrian dá chúrsaí dlí.

and gave him control over a third of his judicial affairs.

ocus a leabaidh a comhairdi fria leabaidh

Bhí a leaba ar aon airde le leaba an rí féin

His bed was of the same height as the king’s own bed

ocus as e no shlonnadh aitheasc uaidh ocus cuigi

agus ba eisean a chuir impíocha chuig Fiacha agus uaidh

and it was he who delivered announcements from and to the king

ocus doberthea logh impidi dho.

agus fuair sé tuarastal de réir a ghradaim.

and he was given the fees due to a legal intercessor.

Ocus batar co cian fon innus-sin.

Lean cúrsaí ar aghaidh mar sin ar feadh i bhfad

They continued in this way for a long time

Ocus teighed amach ocus amuigh immalle ocus Fiacha co minic.

agus ba mhinic a bhídís ag dul amach agus ag filleadh i dteannta a chéile.

and often he and Fiacha went out and returned together.

Co tancatar la n-aen ra taeb na Suire

Lá amháin, áfach, tharla go raibh siad ar bhruach na Siúire

The day came, however, when they were beside the river Siúir

ocus ro thimghair Fiacha a fhothragad,

agus ba mhaith le Fiacha dul isteach san abhainn ar snámh.

and Fiacha wanted to go for a swim.

ocus benus a edach dhe

Bhain sé a chuid éadaigh de

He took off his clothes

ocus facbhais a laighin leathanglais tuas ag Connla.

agus d’fág sé a shleá leathanghlas i lámha Chonnla.

and left his grey broadsided spear with Connla.

Ro gab Connla in laighin

Ghabh Connla an tsleá

Connla grasped the spear

ocus dorat a bFiacha co ruc urrind trit.

agus rinne í a radadh trí chorp an rí.

and struck Fiacha so that the spear penetrated through his body.

“Truagh sin”, ar Fiacha “as bron ar braithre sin

“Is trua sin,” arsa Fiacha, “is fionaíl í;

“This is a pity,” said Fiacha, “it is a crime against brotherhood,

ocus as breis nn [leg. [i]nn] echta

is slad thar barr é seo

it is an excessive slaying,

ocus as tre moirindlach mbidhbad doronad”.

agus is ar chomhairle namhad *a rinneadh* é”.

and it is done at the instigation of an enemy.”

Ocus atbeart:

Ansan dúirt sé:

And he recited the verse:

 

 

 

“Indlach bidbad. bron ar braithre . . .” .

“Beartaíocht namhad, brón ar bhráithre ….”

“machinations of an enemy; sorrow on brotherhood …”

Back to top

 

Section 125

Atbert Fiacha: “Dena th’fothragad amail adubrad friut.

Dúirt Fiacha: “Déan d’fholcadh i mo chuid fola anois, *mar a dúradh leat,*

Fiacha continued: “Do your bathing in my blood, *as you were advised,*

Acht cena, gidh done, ni targha do chabair de,

ach *mar sin féin,* ní dhéanfaidh sé aon mhaitheas duit *má dhéanann tú é*

but even so, it will do you no good *if you do it*

ocus bidh failid rat naimdib sin”.

agus bainfidh do naimhde sult as sin.”

and your enemies will enjoy that.”

Conad he sin fata bais ocus aidedha Fiachach.

B’shin mar a tharla bás agus oidhe Fhiacha.

It was thus it happened — the tragic death of Fiacha.

Ass ann doronad sin ag Ath Leathan,

Tharla an eachtra seo ag Áth Leathan.

All this occurred at Áth Leathan.

re n-abar ‘Ath Isiul’ aniu .i. ‘tuisiul’.

Tugtar ‘Áth Isiul’ ar an áit inniu — ’sé sin le rá — ‘tuisiul’ (titim).

The place is known today as ‘Áth Iseal’, that is: ‘Áth Tuisil’ (the Ford of the Fall).

As de ata int ainm forsan ath o sin ille

Mar sin, ‘Ath Tuisil’ is ainm don áit sa lá atá inniu ann,

It is from what happened here that the ford is so called ever since,

amal ader in rann:

mar a deir an rann.

as the ancient verse says:

 

 

 

‘Ath Tusil’ ainm in atha·

‘Áth Tuisil’ is ainm don áth;

‘Áth Tuisil’ is the name of the ford;

do cach as fis firfhatha

tá fios fíorfhátha an scéil ag gach duine

everybody knows the true reason for

Tusil tuc Connla a Cnoc Den·

— titim Fhiacha mhaith Mhoilleathain

this — the fall which Connla from

for Fiachaigh maith Mhuillethan.

le Connla ó Chnoc Dean.

Cnoc Dean inflicted on good Fiacha Moilleathan.

 

 

 

Ni fhuair tra Connla a chabair de-sin

Níor dhein an gníomh aon mhaitheas do Chonnla *áfach*

Connla received no benefit from the deed *, however,*

ocus as gorta ocus claimhe ros marbh,

agus faoi dheireadh fuair sé bás den ghorta agus den bhruth cnis.

and he died eventually from starvation and from the skin eruption.

ar nir leic nech do clainn Eoguin n-a thech

Ní lamhálfadh aon neach de Chlann Eoghain dó teacht isteach ina theach,

No member of Eoghain’s family would allow him to enter his house

o nar fhiu leo digail aili fair.

ach taobh amuigh de sin, níor dhein siad aon rud eile chun díoltas a bhaint amach.

and they did not consider it worthwhile inflicting any other form of vengeance on him.

Back to top