Irish Sagas at UCC University College Cork

CDI
CELT

 

Buile Shuibhne

Sections in the text

§1

§2

§3

§4

§5

§6

§7

§8

§9

§10

§11

§12

§13

§14

§15

§16

§17

§18

§19

§20

§21

§22

§23

§24

§25

§26

§27

§28

§29

§30

§31

§32

§33

§34

§35

§36

§37

§38

§39

§40

§41

§42

§43

§44

§45

§46

§47

§48

§49

§50

§51

§52

§53

§54

§55

§56

§57

§58

§59

§60

§61

§62

§63

§64

§65

§66

§67

§68

§69

§70

§71

§72

§73

§74

§75

§76

§77

§78

§79

§80

§81

§82

§83

§84

§85

§86

§87

 

 

 

Complete file (PDF)

 

Note to the reader

The edition of the Medieval Irish text used in this presentation is the 1931 edition, rather than the original 1913 edition. Among the differences between the two editions is the insertion or omission of length marks over vowels.

 

Section 1

Dála Shuibhne mhic Colmáin Chuair,

Dála Shuibhne Mhic Colmáin Chuair,

As to Suibhne, son of Colman Cuar,

rígh Dál Araidhe,

rí Dhál Araidhe,

king of Dal Araidhe,

roaisnéidhsem remhainn do dhul ar fáinneal ocus ar folúamain a cath,

thráchtamar cheana ar an tslí ar chuaigh sé ar fáinneáil agus ar foluain as an gcath.

we have already told how he went wandering and flying out of battle.

ba hedh ann fochann ocus tucaitt

Cuirfear síos anseo ar chúis agus ar ócáid

Here are set forth the cause and occasion

tresa ttángattar na hairrdhena ocus na habarta fúalaing ocus folúaimhnighe sin fáoi-siumh

na n-airíonna agus na ráigeanna buile agus eitilte sin a tháinig air

whereby these symptoms and fits of frenzy and flightiness came upon him

tar chách a ccoitchinne

*thar chách i gcoitinne*

beyond all others,

ocus febh tecómhnaccair dhó iaromh.

agus ar an méid a tharla dó dá éis sin.

likewise what befell him thereafter.

Back to top

 

Section 2

Báoi aroile naoimh-erlumh uasal oirdnidhe hi tír nÉrenn

Bhí an tráth sin duine uasal naofa in Éirinn, eadhon,

There was a certain noble, distinguished holy patron in Ireland,

.i. Rónán Fionn, mac Beraigh,

Rónán Fionn Mac Bearaigh,

even Ronan Finn, son of Bearach,

mic Criodáin, mic Earclogha,

*mhic Chriodáin, mhic Earclogha,

son of Criodhan, son of Earclugh,

mic Érnainne, mic Urene,

mhic Érnainne, mhic Urene,

son of Ernainne, son of Urene,

mic Seachnusaigh, mic Coluim Chúile,

mhic Sheachnusaigh, mhic Choluim Chúile,

son of Seachnusach, son of Colum Cúile,

mic Muiredhaigh, mic Laogaire,

mhic Mhuiredhaigh, mhic Laoghaire,

son of Mureadhach, son of Laoghaire,

mic Néill,

mhic Néill;*

son of Niall;

.i. fer comhailte tiomna Dé

fear a chomhlíon aitheanta Dé

a man who fulfilled God’s command

ocus congmála cuinge crábuidh

agus a choimeád é féin faoi chuing chrábhaidh

and bore the yoke of piety,

ocus fuilngthe ingreama ar sgáth an Choimdedh an fer sin.

agus a d’fhulaing pian agus sciúirse ar son an Tiarna.

and endured persecutions for the Lord’s sake.

Ba mogh-sén díles diongmála do Dhia,

B’é searbhónta dílis *diongbháilte* Dé é

He was God’s own worthy servant,

ar nobhíodh ag crochadh a chuirp

óir ba ghnách leis a chorp a chéasadh

for it was his wont to crucify his body

ar grádh Dé ocus do tuilledh fochraicciu dia anmain.

ar son grá Dé agus mar luach saothair dá anam.

for love of God and to win a reward for his soul.

Ba sgíath dhídin fri drochaimsibh diabhail ocus doáilc[h]ibh

Sciath chosanta in aghaidh ionsaithe an diabhail agus drochbhéasa eile

A sheltering shield against evil attacks of the devil and against vices

an fer mín muinterrdha mórmhonarach sin.

ab ea an fear mín muinteartha mórbheartach sin.

was that gentle, friendly, active man.

Back to top

 

Section 3

Robaoi-sidhe fecht ann ag tórainn chille i nDál Araidhe .i. Ceall Luinni a comhainm.

Lá amháin bhí Rónán ag tomhas amach ionad cille dó féin i nDál Araidhe. Cill Luinne ab ainm don áit.

On one occasion he was marking out a church named Cell Luinne in Dal Araidhe.

As é robadh rígh ar Dhál Araidhe an ionbaidh sin .i. an Suibhne, mac Colmáin, adru[b]rumar.

B’é a bhí ina rí ar Dhál Araidhe an tráth sin, Suibhne Mac Colmáin a luamar cheana.

(At that time Suibhne, son of Colman, of whom we have spoken, was king of Dal Araidhe.)

Rocuala ’diu Suibhne airm a raibhi gut[h] chluig Rónáin

Chuala sé, mar a raibh sé, torann chlog Rónáin

Now, in the place where he was, Suibhne heard the sound of Ronan’s bell

ag tórainn na cille,

agus eisean ag tochailt láithreach cille dó féin.

as he was marking out the church,

go rofhíarfacht dia muintir cidh adchualadar.

“Cad é sin a chloisim?” cheistigh sé a mhuintir a bhí fairis.

and he asked his people what it was they heard.

“Rónán Fionn mac Bearaigh,” ar síad,

“Sin é Rónán Fionn Mac Bearaigh”, arsa siadsan.

“It is Ronan Finn, son of Bearach,” said they,

“atá ag tórainn chille it chrích-si ocus it fheronn

“Tá sé ag tomhas amach láithreach cille i do chuid talúnsa

“who is marking out a church in your territory and land,

ocus as é guth a chluig itchluini-si anosa.”

agus is é torann a chloig a chloiseann tú *anois*.”

and it is the sound of his bell you now hear.”

Rolonnaigedh ocus rofergaigedh go mór antí Suibhne

Tháinig taom fíochmhar buile agus mórshuaitheadh ar Shuibhne ar chloisint an méid sin.

Suibhne was greatly angered and enraged,

ocus roéirigh go dian deinmneadhach do dhíochar an chléirigh ón chill.

Amach leis de ruathar do ruaigeadh an chléirigh ón láthair.

and he set out with the utmost haste to drive the cleric from the church.

Tarraidh a bhainchéile .i. Eorann ingen Chuinn Chiannachta eiti an bhrait chortharaigh chorcra robhúi ime dia fhosdudh,

Thriail a bhean, Eorann, iníon Choinn Chiannachta, stop a chur leis. Rug sí ar bhinn den chlóca *cortharach* corcra a bhí thart air

His wife Eorann, daughter of Conn of Ciannacht, in order to hold him, seized the wing of the fringed, crimson cloak which was around him,

go rosging fón teach

 

 

an sioball airgid aeinghil co míneagur óir

ach an biorán íonairgid foróraithe

so that the fibula of pure white silver, neatly inlaid with gold,

robhaoi san brat ós a bruinne.

a dhún an clóca *thar a ucht*,

which was on his cloak over his breast,

 

phreab sé ar fúd an urláir

sprang through the house.

Lasodhain fágbaidh a bhrat ag an ríogain

agus fágadh an clóca go hiomlán i lámh na banríona.

Therewith, leaving his cloak with the queen,

ocus dothaod roimhi lomnocht ina réim roiretha

As go brách le Suibhne áfach lomnocht

he set out stark-naked in his swift career

do dhíochar an chléirigh ón chill

i dtreo an chléirigh lena dhíchur as an láthair.

to expel the cleric from the church,

co riacht áit ina raibhe Rónán.

Nuair a bhain Suibhne amach an áit *ina raibh Rónán,*

until he reached the place where Ronan was.

Back to top

 

Section 4

As amhlaidh robhúi an cléirech ar cionn Suibhne an ionbaidh sin,

is amhlaidh a fuair sé an cléireach roimhe *ag an am sin*

He found the cleric at the time

ag moladh rígh nimhe [ocus] talman

ag moladh rí neimhe is talún,

glorifying the King of heaven and earth

.i. ag solusghabáil a pshalm

is é sin, ag léamh a chuid salm go háthasach

by blithely chanting his psalms

ocus a pshaltair líneach lánáluinn ina fhiadhnuisi.

as a shaltair líneach lánálainn os a chomhair.

with his lined, right-beautiful psalter in front of him.

Dosfuairgaibh Suibhne an pshaltair

Sciob Suibhne an tsaltair uaidh

Suibhne took up the psalter

go rotheilg a bfudhomhuin an locha lionnfuair robhaoi ’na fharradh

agus theilg isteach in uisce doimhin *fuar* an locha í

and cast it into the depths of the cold-water lake which was near him,

go robáidedh ann í.

*gur bádh ann í*.

so that it was drowned therein.

Rogabh Suibhne lámh Rónáin iarsin

Rug ar láimh ansin ar Rónán

Then he seized Ronan’s hand

co rotharraing ina dhiaigh é tar an ccill amach

agus tharraing amach ina dhiaidh é as an gcill.

and dragged him out through the church after him,

ocus níor léicc láimh an chlérigh úaidh fós no go ccúala an éighemh.

Choinnigh sé a ghreim air go dtí gur chuala sé scréach ghuaiseach gar dó.

nor did he let go the cleric’s hand until he heard a cry of alarm.

As é dorinne an éighemh sin .i. giolla Congail Chlaoin mic Sgannláin,

B’é duine a lig an scréach sin seirbhíseach Chongail Chlaoin Mhic Scanláin.

It was a serving-man of Congal Claon, son of Scannlan, who uttered that cry;

arna thecht ar cenn Shuibhne ó Chongal fé[i]n

Theastaigh ó Chongal go rachadh Suibhne

he had come from Congal himself to Suibhne

do chur chatha Mhuighe Rat[h].

ar aghaidh go Maigh Rath chun páirt a ghlacadh sa chath mór a bheadh ann ar ball.

in order that he (Suibhne) might engage in battle at Magh Rath.

Ó ráinic an giolla co háit n-iomagallmha fri Suibhne

*Tháinig an tseirbhíseach chuig an áit chun caint le Suibhne.*

When the serving-man reached the place of parley with Suibhne,

adféd sgéla dhó ó thús go deredh.

D’inis an seirbhíseach a scéal do Shuibhne ó thús go deireadh.

he related the news to him from beginning to end.

Téit trá Suibhne lasan ngiolla

Téann Suibhne *leis an tseirbhíseach* iar sin as an láthair

Suibhne then went with the serving-man

ocus fágbaidh an clérech go dubhach dobrónach ar mbádudh a pshaltrach

agus fágann an cléireach go dubhach dobrónach ar chailliúint a shaltrach

and left the cleric sad and sorrowful over the loss of his psalter

ocus iar ndénamh a dhímigni ocus a esonóra.

agus ar mhasla a bheith tugtha dá dhínit agus dá onóir.

and the contempt and dishonour which had been inflicted on him.

Back to top

 

Section 5

Diuidh laoi co n-oidhche iarsin

Ag deireadh lae is oíche

Thereafter, at the end of a day and a night,

doriacht dobarchú robúi isin loch dochum Rónáin

tháinig dobharchú a bhí sa loch chun Rónáin

an otter that was in the lake came to Ronan

ocus a pshaltair leis gan milledh líne ná litri inte.

agus a shaltair ina bhéal aige gan milleadh líne ná litreach inti.

with the psalter, and neither line nor letter of it was injured.

Dobert Ronán altugudh buidi do Dia trésan mirbuile sin

Ghaibh Rónán buíochas le Dia as an míorúilt sin

Ronan gave thanks to God for that miracle,

ocus mallachais Suibhne iaromh, conadh edh roráidh:

agus *iar sin* chuir a mhallacht ar Shuibhne mar seo:

and then cursed Suibhne, saying:

“Mo ched-sa fri ced an Choimdedh chumachdaigh,” ar sæ,

“Gurb é mo thoilse mar aon le toil an Choimhdhe chumhachtaigh,” ar sé,

“Be it my will, together with the will of the mighty Lord,

“amail táinic-siomh dom dhíochur-sa ocus é lomnocht,

“amhail mar a tháinig seisean do m’ionnarbadhsa agus é lomnocht

that even as he came stark-naked to expel me,

gurab amhlaidh sin bhías do ghrés lomnocht

gurb amhaidh dó go brách lomnocht

may it be thus that he will ever be, naked,

ar faoinnel ocus ar folúamhain sechnóin an domhain,

ar fáinneáil agus ar foluain ar fud an domhain

wandering and flying throughout the world;

gurab bás do rinn nosbéra.

agus gurb é críoch a bhéarfaidh air bás d’fháil de rinn sleá.

may it be death from a spear-point that will carry him off.

Mo mallacht-sa for Suibhne bheós

Mo mhallachtsa ar Shuibhne fós

My curse once more on Suibhne,

ocus mo bhennacht for Eorainn rothriall a fhostudh

agus mo bheannacht ar Eorann a thriail é a stopadh;

and my blessing on Eorann who strove to hold him;

ocus fós fágbhaim-si do chloinn Cholmáin

anuas ar sin fágaim ag síol Cholmáin

and furthermore, I bequeath to the race of Colman

an lá atchífit an psaltair si [robáidedh] la Suibhne

 

 

gurab díth ocus dílghenn dóibh”;

gur díothú agus milleadh a bheidh i ndán dóibh

that destruction and extinction may be their lot

 

an lá a dhearcfaidh siad an tsaltair seo a theilg Suibhne isteach san uisce,”

the day they shall behold this psalter which was cast into the water by Suibhne”;

ocus a[t]bert in láid:

agus dúirt an laoi seo:

and he uttered this lay:

Back to top

 

Section 6

“Suibniu mac Colmáin romchráidh,

“Suibhne Mac Colmáin a chráigh mé

“Suibhne, son of Colman, has outraged me,

romt[h]arraing leis ar leathláimh,

tharraing mé leis ar leathláimh,

he has dragged me with him by the hand,

d’ fhágbháil Chille Luinne lais

d’fhágáil Chill Luinne leis

to leave Cell Luinne with him,

dom beith athaigh ’na hégmais.

chun bheith scaitheamh ’na héagmais.

that I should be for a time absent from it.

 

 

 

Táinig chugum ’na rith rod

Tháinig chugam ina rith grod

He came to me in his swift course

amail rochóala mo chlog,

amhail do chuala mo chlog,

on hearing my bell;

tug leis feirg n-adhbhal n-anba

thug leis fearg ábhal anba

he brought with him vast, awful wrath

dom athchar, dom ionnarba.

do m’athchur, do m’ionnarbadh.

to drive me out, to banish me.

 

 

 

Leasg lem-sa mh’athchar abhus

Leasc liomsa m’athchur abhus

Loth was I to be banished here

ón bhaile céda rabhus,

ón mbaile ina rabhas,

from the place where I first settled;

gérbo lium-sa robadh lesg

cé gur liomsa ba leasc

though loth was I,

do Dhía táinic a thoirmesg.

do Dhia tháinig a thoirmeasc.

God has been able to prevent it.

 

 

 

Níor léig mo lámh as a láimh

Níor lig mo lámh as a láimh

He let not my hand out of his

co ccóalaidh an éighemh n-áin,

gur chuala an éamh án,

until he heard the loud cry

go n-ébreadh ris: ‘tair don chath,

go ndúradh leis: ‘tair don chath,

which said to him: ‘Come to the battle,

doriacht Domhnall Magh ránRath.’

tá Dónall cheana i Maigh Rath.’

Domnall has reached famous Magh Rath.’

 

 

 

Dodheachaidh maith dhamh-sa dhe,

Tháinig maith domsa de,

Good has come to me therefrom,

ní ris rugus a bhuidhe,

ní leis-sean a rugas buíochas,

not to him did I give thanks for it

ó doriacht fios an chatha

ó tháinig fios an chatha

when tidings of the battle came

do shoighidh an ardflat[h]a.

dá bhrostú chun an ardfhlatha.

for him to join the high prince.

 

 

 

Ro-ionnsaigh an cath go cían

D’ionsaigh an cath go cian

From afar he approached the battle

dár chláon a chonn [i]s a chíall,

inar chlaon a chonn is a chiall,

whereby were deranged his sense and reason,

sirfidh Éirinn ’na gheilt ghlas

sirfidh Éirinn ’na gheilt ghlas

he will roam through Erin as a stark madman,

agus bidh do rinn raghas.

agus bás de rinn thiocfas.

and it shall be by a spear-point he will die.

 

 

 

Mo pshaltair doghabh ’na láimh

Mo shaltair ghabh ina láimh

He seized my psalter in his hand,

dusfarlaic fón linn láin,

is theilg fán loch lán,

he cast it into the full lake,

dorad Críst chugum gan chair

thug Críost chugam í gan char

Christ brought it to me without a blemish,

conár bhó misdi an pshaltair.

’s níor mheasa-de an tsaltair.

so that no worse was the psalter.

 

 

 

Lá co n-oidhche fán loch lán

Lá go n-oíche fán loch lán

A day and a night in the full lake,

is nír mhisdi an breac bán

is níor mheasa-de an breac bán,

nor was the speckled-white [book] the worse;

dobhrán do dheóin Mic Dé dhe

dobharán dár dheonaigh Mac Dé

through the will of God’s Son

doroidhnacht damh dorisse.

thug ar ais dom arís é.

an otter gave it to me again.

 

 

 

An pshaltair doghabh ’na láimh

An tsaltair do ghlac ’na láimh

As for the psalter that he seized in his hand,

fágbuim-[se] do chloinn Cholmháin,

fágaim sin ag clann Cholmáin

I bequeath to the race of Colman

bídh [olc] do chloinn Cholmáin chain

gurb olc a rachaidh dá chlann

that it will be bad for the race of fair Colman

an lá dochífed an pshaltair.

an tráth chífid an tsaltair.

the day they shall behold the psalter.

 

 

 

Lomnocht dodheachaidh sé sonn

Lomnocht do tháinig anso

Stark-naked he has come here

dom thochrádh is dom thafonn,

dom’ thochrádh is dom’ thafann,

to wring my heart, to chase me;

as edh doghéna Día dhe,

is é dhéanfaidh Dia dhe,

on that account God will cause

bídh lomnocht dogrés Suibhne.

bheith lomnocht, mar Shuibhne.

that Suibhne shall ever naked be.

 

 

 

Rogabh gá astadh a brat

Iarracht breith ar a bhrat

Eorann, daughter of Conn of Ciannacht,

Eorann, ingen Chuinn Chiannacht,

dhein Eorann, iníon Choinn Chiannacht,

strove to hold him by his cloak;

mo bhennacht ar Eorainn de

mo bheannacht ar Eorann de,

my blessing on Eorann therefor,

is mo mallacht ar Suibhne.”

is mo mhallacht ar Shuibhne.”

and my curse on Suibhne.”

S.

 

 

Back to top

 

Section 7

Dodheachaidh Rónán iarsin go Magh Rath

D’imigh Rónán iar sin to Maigh Rath

Thereupon Ronan came to Magh Rath

do dénamh síodha eitir Dhomhnall mac Aodha

chun síocháin a dhéanamh idir Dónall Mac Aodha

to make peace between Domnall son of Aodh,

ocus Congal Claon mac Sgannláin

agus Congal Claon Mac Scanláin.

and Congal Claon son of Scannlan,

ocus níor fhéd a síodhugudh.

Ach theip glan air.

but he did not succeed.

Doberthaoi immorro an cléreach i ccomairci eaturra gach laoi

Is amhlaidh go dtugtaí an cléireach eatarthu gach lá mar ráthaíocht

Howbeit, the cleric used to be taken each day as a guarantee between them

go nach marbhtha neach and

nach marófai aon duine

that nobody would be slain

ón uair rotoirmisgthi an cathugudh

ó thráth stopadh na troda

from the time the fighting was stopped

go cceadaighthi dóibh doridhisi.

go dtí go gceadófaí athuair í.

until it would be again permitted.

Nomhilledh trá Suibhne cumairce an chléirigh,

Ach mhilleadh Suibhne ráthaíocht an chléirigh

Suibhne, however, used to violate cleric’s guarantee of protection

uair gach sídh ocus gach osadh fogníodh Rónán

mar gach síth agus sos a dhéanadh Rónán

inasmuch as every peace and truce which Ronan would make

robrisedh Suibhne,

bhriseadh Suibhne arís é

Suibhne would break,

ar nomharbadh fer ré tráth an chomhlainn gach laoi

óir mharaíodh sé fear roimh uair cheadaithe an chatha gach lá

for he used to slay a man before the hour fixed for combat each day,

ocus fer eile ré sgur an chomhlainn gacha nóna.

agus fear eile gach tráthnóna tráth a n-éirítí as an gcomhrac.

and another each evening when the combat ceased.

An lá dono rocinnedh an cath mór do thabairt

Ansin, an lá a cinneadh an cath mór a thabhairt

Then on the day fixed for the great battle

táinic Suibhne ria gcách dochum an chatha.

tháinig Suibhne roimh chách chun láthair an chatha.

Suibhne came to battle before the rest.

Back to top

 

Section 8

As amhlaidh robaoi

Is mar seo a bhí sé gléasta an lá úd:

In this wise did he appear.

ocus léine sreabhnaidhe síodae i cusdul frí gheilchnes dó

bhí léine thanaí síoda in aice a chnis ghil air

A filmy shirt of silk was next his white skin,

ocus fúathróig do shról rígh uime

agus crios de shról ríoga;

around him was a girdle of royal satin,

ocus an t-ionar tuc Congal dó

agus an t-ionar a thug Congal dó

likewise the tunic which Congal had given him

an lá romarbh Oilill Cédach rí Úa bFaoláin for Magh Rath,

an lá a mharaigh sé Oilill Céadach, rí Uibh Fhaoláin, ar Mhaigh Rath,

the day he slew Oilill Cedach, king of the Ui Faolain, at Magh Rath;

 

bhí sé á chaitheamh anois aige.

 

ionar corcra comhdatha esein

Ionar corcra aondathach ab ea é

a crimson tunic of one colour was it

co cciumhius dlúith deghfhighthi d’ór áluinn órloisghthi ris,

ar a raibh ciumhais dhlúthfhite d’íon-ór álainn

with a close, well-woven border of beautiful, refined gold

co sreithegar gem ccaomh ccarrmhogail ón chionn gór araill don chiumhais sin,

le sraitheanna seodmhogall *caomh* ó thaobh taobh na ciumhaise

set with rows of fair gems of carbuncle from one end to the other of the border,

go stúaghlúbaibh síoda dar cnaipidhibh caoiméttrochta

maille le lúba síoda do na cnaipí áille lonracha

having in it silken loops over beautiful, shining buttons

re hiadhadh ocus re hosgladh and,

chun a oscailte agus a dhúnta

for fastening and opening it,

go bfoirbreachtadh airgid áoingil

a d’fhág go raibh claochlú íonairgid le feiscint

with variegation of pure white silver

gacha cáoi ocus gacha conaire imthéighedh,

gach casadh agus cor dá dtugadh sé.

each way and each path he would go;

crúaidhrinn chaoilshnáithaide don ionar sin.

Bhí fáithim chrua dhlúthfhuaite ar an ionar sin.

there was a slender-threaded hard fringe to that tunic.

Dhá shleigh shithfhoda slinnleathna ina lámhaibh,

Ina láimh aige bhí dhá shleá le lanna leathana lánfhada,

In his hands were two spears very long and (shod) with broad iron,

sgíath breacbhuidhe bhúabhallda for a mhuin,

sciath bhreachbhuí *bhuabhallda* ar a dhroim

a yellow-speckled, horny shield was on his back,

claideamh órdhoirn for a chlíu.

agus claíomh lámh-óraithe lena chliathán clé.

a gold-hilted sword at his left side.

Back to top

 

Section 9

Táinic roimhe fón toichim sin

Mháirseáil sé ar aghaidh ar an gcuma sin

He marched on thus

co ttarla Rónán dó

gur casadh Rónán air

until he encountered Ronan

ocus ochtar psa[l]mchetlaidh dá muintir ina fharradh

agus ochtar salmchantóirí dá mhuintir fairis.

with eight psalmists of his community

ocus íad ag crothadh uisge coisreagtha dar na slúaghuibh

Bhíodar ag croitheadh uisce coisricthe ar na sluaite

sprinkling holy water on the hosts,

ocus roscroithset ar Shuibhne hi ccuma cháich.

agus chroitheadar ar Shuibhne é i gcuma cháich.

and they sprinkled it on Suibhne as they did on the others.

Agus andar leis-siomh bá dá fhochuidmedh

Cheap seisean gur ag fonóid faoi

Thinking it was to mock him

rocroithedh an t-uisge fair,

a dheineadar amhlaidh.

that the water was sprinkled on him,

ocus dorad a mhér a suainemh na sleighe seimnidhe robhúi ina láimh

Rug sé ar stropa na sleá seamnaí *a bhí ina láimh*

he placed his finger on the string of the riveted spear that was in his hand,

ocus rosdiubhraic do pshalmc[h]eadlaidh do muintir Rónáin

agus scaoil d’urchar í i dtreo *salmchantóir de* mhuintir Rónáin

and hurling it at one of Ronan’s psalmists

go romarbh don oenorchar sin é.

gur mharaigh duine acu d’aon bhuille.

slew him with that single cast.

Dorad andara hurchar don fhogha faobrach uillenngér

Scaoil sé an dara hurchar *den fhogha fhaobhrach uillinnghéar*

He made another cast with the edged, sharp-angled dart

dochum an chlérigh budhdhén

i dtreo an chléirigh féin

at the cleric himself,

go rosben isin chlog robháoi for a ucht,

gur bhuail an clog a bhí ar a ucht

so that it pierced the bell which was on his breast

go rosging a crann as a n-airde isin aer,

ag cur crann na sleá in airde san aer.

and the shaft sprang off it up in the air,

co n-ébairt an cléireach:

Iar sin labhair an cléireach amach go hard:

whereupon the cleric said:

“Guidhim-si an Coimde cumachtach,” ar sé,

“Guímse an Coimdhe cumhachtach,” ar sé,

“I pray the mighty Lord

 

“go dtéirse mar éan spéire

 

“an ccomhairde dochúaidh crann an fhogha isin aer ocus a néllaibh nimhe

chomh hard sna néalta agus a chuaigh an crann sin

that high as went the spear-shaft into the air and among the clouds of Heaven

co ndeachair-si amail gach n-ethaid

 

may you go likewise even as any bird,

ocus an bás roimris-si for mo dhalta-sa, gurab eadh notbéra

agus go bhfaighir bás mar a d’imir tú ar mo dhaltasa

and may the death which you have inflicted on my foster-child be that which will carry you off,

.i. bás do rinn,

— de rinn sleá.”

to wit, death from a spear-point;

ocus mo mhallacht-sa fort

“Mo mhallachtsa ort,” ar seisean,

and my curse on you,

ocus mo bhennacht for Eorainn,

“agus mo bheannacht ar Eorann

and my blessing on Eorann;

Uradhrán ocus Telli uaim

agus impím cúnamh Uradhain agus Teille

(I invoke) Uradhran and Telle on my behalf

i n-aghaidh do shíl ocus chloinne Colmáin Chuair,”

in aghaidh do shíl agus chlainne Cholmáin Chuair,”

against your seed and the descendants of Colman Cuar”;

ocus itbert:

agus d’aithris an laoi:

and he said:

Back to top

 

Section 10

“Mo mallacht for Shuibhne,

“Mo mhallacht ar Shuibhne,

“My curse on Suibhne,

rium is mór a chionaidh,

liomsa is mór a chionta,

great is his guilt against me,

a fhogha bláith builidh

a fhogha breá buile

his smooth, vigorous dart

dosháith trém c[h]log creadhail.

do sháigh trím’ chlog creille.

he thrust through my holy bell.

 

 

 

An clog sin roghonais

An clog sin do ghoinis

That bell which thou hast wounded

notchurfi-si ar cráobhaibh

cuirfidh tú ar chraobhaibh

will send thee among branches,

gurbat aon ré hénaibh,

mar aon leis na héanaibh

so that thou shalt be one with the birds —

an clog náomh ré náomhaibh.

an clog naofa le naomhaibh.

the bell of saints before saints.

 

 

 

Mar dochuaidh i cédóir

Mar a chuaigh i gcéaduair

Even as in an instant went

crann an fhogha a n-airde

crann an fhogha in airde

the spear-shaft on high,

co ndeachair-si, a Shuibhne,

go dtéirse, a Shuibhne,

mayst thou go, O Suibhne,

re gealtacht gan chairde.

le gealtacht gan chairde.

in madness, without respite.

 

 

 

Roghonais mo dhalta,

Go ghoinis mo dhalta,

Thou hast slain my foster-child,

rodergais as t’fhogha,

do dheargaís ann d’fhogha,

thou hast reddened thy spear in him,

bíaidh dhuit ann do chomha

bíodh agat anois mar chóir

thou shalt have in return for it

gurab do rinn ragha.

gur bás rinne a gheobhair.

that with a spear-point thou shalt die.

 

 

 

Madh dá ttísat riom-sa

Má thagaid im’ choinnibh

If there should oppose me

síol nEoghain go tteinne,

sliocht Eoghain na gaile,

the progeny of Eoghan with stoutness

noscuirfet a ccran[n]acht

’s iad Uradhan is Teille

Uradhran and Telle

Uradhrán is Teille.

a scriosfaidh iad uile.

will send them into decay.

 

 

 

Uradhrán is Teille

Ar Uradhan is Teille

Uradhran and Telle

roscursiod i ccran[n]acht,

a chuir iad i laige

have sent them into decay,

an ced-sa, tré chorracht,

mo ghuí go foirceann ama,

this is my wish for all time:

as let-sa mo mhallacht.

ach ortsa mo mhallacht.

my curse with thee.

 

 

 

Bennacht uaim for Eorainn,

Beannacht uaim ar Eorann,

My blessing on Eorann,

Eorann chaemh gan crannacht,

Eorann chaomh gan chrandacht,

Eorann fair without decay:

tré dhuilghe gan domacht

trí dhoilíos gan briseadh

through suffering without stint

for Shuibhne mo mhallacht.”  

mo mhallacht ar Shuibhne.”

my curse on Suibhne.”

Mallacht.

 

 

Back to top

 

Section 11

Ó rochomhracsiot iarom na catha cechtarrdha

Dá éis sin, tráth ar bhuail an dá shlua lena chéile,

Thereafter, when both battle-hosts had met,

robhúirset an damhradh dermháir adíu ocus anall amail dámha damhghoire

bhéic agus liúigh an dá arm *mhóra leith ar leith* mar thréad fiastoc

the vast army on both sides roared in the manner of a herd of stags

co ttuargaibhset trí tromghaire ós aird.

sa tslí gur ligeadar *trí* trombhéiceacha móra astu.

so that they raised on high three mighty shouts.

Ó’dchúala thrá Suibhne na gáire móra sin

Anois ar chloisint na gcomhghártha fíochmhara do Shuibhne

Now, when Suibhne heard these great cries

ocus a fhuamanna ocus a freagartha i néllaibh nimhe

agus an macalla a bhaineadar as néalta neimhe

together with their sounds and reverberations in the clouds of Heaven

ocus i fraightibh na firmaminnte

agus íor na firmiminte

and in the vault of the firmament,

rofhéch Suibhne suas iarum

d’fhéach sé suas

he looked up,

co rolíon

 

 

nemhain

agus láithreach tháinig mórshuaitheadh intinne air

whereupon turbulence (?),

ocus dobhar

sa tslí gur bhraith sé an lá ag dorchú mórthimpeall air;

and darkness,

 

líon sé

 

ocus dásacht ocus fáoinnel

de dhásacht agus de mhearbhall,

and fury, and giddiness,

ocus fúalang ocus folúamain

de riastradh, agus de mhórfhonn teite;

and frenzy, and flight,

ocus udmhaille, anbsaidhe

*líon sé d'udmhaille, d'anbhuain,

unsteadiness, restlessness,

ocus anfhoistine,

agus d'anfhoistine;*

and unquiet

 

 

filled him,

miosgais gach ionaid ina mbíodh

b’fhuath leis gach áit ina raibh sé

likewise disgust with every place in which he used to be

ocus serc gach ionaidh noco roichedh;

agus ba mhór a fhonn a bheith gach áit nár shroich fós.

and desire for every place which he had not reached.

romheirbhlighset a meóir,

Dhreoigh a mhéara,

His fingers were palsied,

rocriothnaighsiot a chosa,

chrith a chosa

his feet trembled,

roluathadh a chroidhe,

agus luathaigh a chroí,

his heart beat quick,

roclódhadh a chédfadha,

chlaochlaigh a chéadfaí;

his senses were overcome,

rosaobadh a radharc,

saobhadh a radharc

his sight was distorted,

rotuitset a airm urnocht asa lámhuibh

agus thit na hairm go faonlag as a lámha

his weapons fell naked from his hands,

co ndeachaidh la bréithir Rónáin

go ndeachaigh de bhriathra Rónáin

so that through Ronan’s curse he went,

ar gealtacht ocus ar geinidecht amail gach n-ethaid n-æerdha.

le gealtacht agus le neamh-mheabhair amail aon neach aerga.

like any bird of the air, in madness and imbecility.

Back to top

 

Section 12

An tan immorro doriacht asin ccath amach

Tar éis dó teitheadh ón gcath, áfách,

Now, however, when he arrived out of the battle,

ba hainminic nothaidhledh a chossa lár

ba ar éigean a dhéanadh a chosa teagmháil leis an talamh

it was seldom that his feet would touch the ground

ar lúas a réime

*ar luas a réime*

because of the swiftness of his course,

ocus an tan nothaidhledh

agus dá ndéanfadh féin

and when he did touch it

ní bhenfadh a drúcht do bharrúachtar an fheóir

ní bhainfeadh sé an drúcht féin den bhféar,

he would not shake the dew from the top of the grass

ar éttroma ocus ar aerrdhacht an chéme nochingedh.

bhí a choiscéim chomh héadrom aerga sin.

for the lightness and the nimbleness of his step.

Ní roan don réim roiretha sin

Níor tháinig stad ná staonadh air

He halted not from that headlong course

co nár fág magh ná machairi ná maolshliabh,

sa tslí nach raibh má ná machaire ná maolchnoc,

until he left neither plain, nor field, nor bare mountain,

móin ná muine ná mothar,

móinteán ná muine ná mothar,

nor bog, nor thicket, nor marsh,

cnoc ná cabhán, ná coill chlithardhlúith a nÉirinn

cnoc ná cabhán ná coill chluthar dhlúth in Éirinn

nor hill, nor hollow, nor dense-sheltering wood in Ireland

gan taisdeal an lá sin,

nár thaistil sé an lá sin.

that he did not travel that day,

go ráinig co Ros Beraigh i nGlenn Earcáin

Ráinig ar deireadh gur bhain sé amach Ros Bearaigh i nGleann Earcáin

until he reached Ros Bearaigh, in Glenn Earcain,

co ndeachaidh isin iobhar robhaoi isin glinn.

go ndeachaigh isteach sa chrann iúir a bhí sa ghleann.

where he went into the yew-tree that was in the glen.

Back to top

 

Section 13

Romheabhaidh an cath re nDomhnall mac Aodha an lá sin

Bhuaigh Dónall Mac Aodha an cath an lá úd

Domnall, son of Aedh, won the battle that day,

amail adru[bru]mar ocus rohaisnéidhsem remhainn.

mar a dúramar cheana.

as we have already narrated.

Robhaoi éimh clíamuin do Suibhne isin chath

Bhí cliamhain de Shuibhne páirteach sa chath

Suibhne had a kinsman in the battle,

.i. Aonghus Remhar

— Aonghas ramhar

to wit, Aongus the Stout,

mac Ardghail mic Macníadh

*Mac Ardghail, mhic Mhacníadh,

son of Ardgal, son of Macnia,

mic Ninnedha do thoathaibh Úa Ninnedha do Dhál Aruidhe.

mhic Ninnedha, de thuatha Úa Ninnedha de Dhál Araidhe*;

son of Ninnidh, of the tribes of Ui Ninnedha of Dal Araidhe;

Táinic sidhe a ráon madhma asin ccath go mbuidhin dia muintir imalle fris

theith seisean *i raon maidhme* agus roinnt dá dhíorma *leis* ón gcath

he came in flight with a number of his people out of the battle,

ocus as í conair táinic a nGlionn [E]arcáin.

agus b’é bóthar a ghabh sé ná trí Ghleann Earcáin.

and the route he took was through Glenn Earcain.

Baoi siumh trá cona muintir ag iomrádh ar Suibhne

Bhíodar ag cur síos ar Shuibhne

Now he and his people were conversing about Suibhne

ara iongantaoi leó gan a bheó nó a mharbh d’fhaicsin

agus gurbh ait an rud nach bhfaca aon duine acu é beo ná marbh

(saying) how strange it was that they had not seen him alive or dead

ó rochomraicset na catha,

tar éis an chatha.

after the battle-hosts had met.

acht chena bá derbh leó gurab tré esgcáoine Rónáin fodrúair

Bhí a fhios acu, áfach, gurbh é mallacht Rónáin faoi deara

Howbeit, they felt certain it was because of Ronan’s curse

gan fios a oidhedha.

nach raibh aon scéala ina thaobh.

that there were no tidings of his fate.

Rochualaidh éimh Suibhne ar chansat ocus é isin iobar osa ccionn,

Chuala Suibhne, a bhí sa chrann os a gcionn, ag caint iad

Suibhne in the yew-tree above them heard what they spoke,

ocus itbert:

agus dúirt:

and he said:

Back to top

 

Section 14

“A óga, tigidh a lle,

“A óga, tagaigí i leith,

“O warriors, come hither,

a fhiora Dhál Araidhe,

a fheara Dhál Araidhe,

O men of Dal Araidhe,

foghébhthaoi isin bhile a bfuil

gheobhaidh sibh sa bhile,

you will find in the tree in which he is

an fer forsa táoi iarraidh.

an fhear atá sibh d’iarraidh.

the man whom you seek.

 

 

 

Dodheónaidh Dia dhamh-sa sunn

Dheonaigh Dia dhomhsa anseo

God has vouchsafed me here

betha iomnocht iomchumhang,

saol an-lom, an-chúng,

life very bare, very narrow,

gan ceól is gan codladh sáim,

gan ceol gan codladh sámh,

without music and without restful sleep,

gan banchuire, cen bandáil.

gan banchairde ná bandáil.

without womenfolk, without a woman-tryst.

 

 

 

Misi sunn ag Ros mBearaigh,

Mise anseo ag Ros Bearaigh

Here at Ros Bearaigh am I,

domrad Rónán fo mheabhail,

fé náire ag Rónán feasta,

Ronan has put me under disgrace,

romsgar Dia rém dheilbh nád ró,

do scar Dia óm’ dhealbh mé,

God has severed me from my form,

sgaraidh ré mh’eól, a ógó.”    

ní heol daoibh mé, a fheara.”

know me no more, O warriors.”

A óga.

 

 

Back to top

 

Section 15

Ó’dchualadar na fir Suibhne ag gabáil na rann

Nuair a chuala na fir Suibhne ag gabháil na rann sin

When the men heard Suibhne reciting the verses,

tugsat aithne fair ocus roráidhset fris taobh do thabairt friú.

d’aithníodar é agus dúradar leis muinín a bheith aige astu.

they recognized him, and urged him to trust them.

Adbert-som nach ttiubradh tré bhith síor.

Dúirt nach mbeadh anois ná go brách.

He said that he would never do so.

Ó robhádar-somh iarumh ag iadhad im an mbile

Ansin agus iad ag teannadh suas leis an gcrann

Then, as they were closing round the tree,

rotógaibh Suibhne uime co háithétrom æerda óthá sin

thóg Suibhne é féin go héadrom aerga lúfar

Suibhne rose out of it very lightly and nimbly

co Cill Ríagain i tTír Chonuill

gur bhain amach Cill Réagáin i dTír Chonaill

(and went) to Cell Riagain in Tir Conaill

ocus rothoirinn iarumh a mbile na cille.

mar ar thuirling sé ar chrann in aice na cille.

where he perched on the old tree of the church.

As ag an mbile sin dorala do Dhomhnall mac Aodha cona shluagaibh do ueith a haithle an chatha

Is ag an gcrann sin a ráinig do Dhónall Mac Aodha a bheith lena shluaite tar éis an chatha.

It chanced that it was at that tree Domnall, son of Aedh, and his army were after the battle,

ocus ó’dchonncadar an gheilt ag dol isin mbile

Ar fheiceáil na geilte dóibh ag dul isteach sa chrann

and when they saw the madman going into the tree,

tángadar drong dona slóghaibh go roiadhsat ina iomthacmhang ima ccuairt;

tháinig díorma den arm agus chruinníodar timpeall air.

a portion of the army came and closed in all round it.

gabhaid iarumh ag tabairt túarusgbála na geilti ós aird,

Tosaíonn siad ansin ag cur síos ar an ngealt os ard:

Thereupon they began describing aloud the madman;

adberedh fer ann bá ben,

duine amháin ag rá gur bean é,

one man would say that it was a woman,

adberedh fer eile bá fer robhúi ann,

duine eile gur fear.

another that it was a man,

go ttarad Domhnall fé[i]n aithne fair,

Ach d’aithin Dónall féin é

until Domnall himself recognized him,

conadh ann adbert:

agus dúirt láithreach:

whereupon he said:

“As é Suibhne fil ann,” ar sé, “.i. rígh Dál Araidhe,

“Is é Suibhne atá ann. Rí Dhál Araidhe

“It is Suibhne, king of Dal Araidhe,

roesgcáoin Rón[án] an lá tugadh an cath.

an té ar chuir Rónán mallacht air lá an chatha.

whom Ronan cursed the day the battle was fought.

Maith éimh an fer fil ann,” ar sé,

Fear maith atá againn anseo go deimhin,” ar seisean.

Good in sooth is the man who is there,” said he,

“ocus dá madh áil leis seóide ocus máoini d’fhagbáil

“Agus dá mb’áil leis seoda agus maoin d’fháil

“and if he wished for treasures and wealth

fogébadh úainne da ttugadh taobh frinn.

gheobhadh sé a leithéid uainne ach muinín a bheith aige asainn.

he would obtain them from us if only he would trust us.

Truag lem,” ar sé,

Is trua liom,” ar sé,

Sad is it to me,” said he,

“iarsma muintire Congail amlaidh sin,

“go mbeadh iarsma mhuintir Chongail ar an gcuma sin

“that the remnant of Congal’s people are thus,

ar robtar maith ocus robtar móra

mar ba mhór agus ba thréan iad

for both good and great

mo chomhada-sa do Chongal,” ar sé,

na ceangail idir mise agus Congal

were the ties that bound me to Congal

“re ccur an chatha,

sular troideadh an cath

before undertaking the battle,

et robadh maith dono comairle Choluim Chille don ghille úd fé[i]n

agus ba mhaith an chomhairle a thug Colm Cille don ógánach úd féin

and good moreover was the counsel of Colum Cille to that youth himself

dá ndeachaidh lé Congal

tráth ar chuaigh sé *le Congal*

when he went with Congal

do chuingidh sochraidhe co rígh Alban im aghaidh-si”;

go hAlbain d’iarraidh arm im’ choinne-se”;

to ask an army from the king of Alba against me”;

conadh ann adbert Domhnall an láid:

Leis sin dúirt Dónall an laoi seo:

whereupon Domnall uttered the lay:

Back to top

 

Section 16

“Cionnus sin, a Shuibhne sheing?

“Conas sin a Shuibhne sheang?

“How is that, O slender Suibhne?

robadh tóiseuch mór ndíreim

tusa taoiseach ar mhór-shluaite,

thou wert leader of many hosts;

an lá tugadh an cath clóen,

an lá a tugadh an cath claon

the day the iniquitous battle was fought

ar Macc Rath robadh rochóemh.

ar Mhaigh Rath is tú fíorchaomh.

at Magh Rath thou wert most comely.

 

 

 

Cosmhuil do ghnúis érgna iar n-ól

Do ghnúis mhaorga iar n-ól

Like crimson or like beautiful gold

re corcair no re coemhór,

ba chosúil le corcair nó caomh-ór,

was thy noble countenance after feasting,

cosmhuil do chúl gan chaire

folt do chinn gan cháim

like down or like shavings

re clúimh nó re casnaidhe.

mar chlúmh nó mar chasnaí.

was the faultless hair of thy head.

 

 

 

Cosmhuil gné do chuirp choidche

Gach gné ded’ chorp choíche

Like cold snow of a single night

re sneachta n-úar n-ænoidhche,

nós sneachta fuar aon oíche,

was the aspect of thy body ever;

do rosg rogormadh mar ghloin,

do rosc ró-ghorm mar ghloine,

blue-hued was thine eye, like crystal,

mar oighreadh séimh snúadhamail.

mar oighear séimh snuaúil.

like smooth, beautiful ice.

 

 

 

Áluinn cuma do dá chos,

Álainn cruth do dhá chos,

Delightful the shape of thy feet,

dar liom ní trén th’urradhus,

níor thréan dar liom d’urrús,

not powerful methinks was thy chieftainship;

t’airm rathmara, ruicthis fuil,

d’airm rafara dhoirtfeadh fuil,

thy fortunate weapons — they could draw blood —

robsat athlumha i n-iomghuin.

b’iad ba thapaidh um ilghoin.

were swift in wounding.

 

 

 

Targaidh Colaim Cille dheit

Thairg Colm Cille dhuit,

Colum Cille offered thee

nemh agus righe, a romheic,

neamh agus flaitheas, a mhic,

Heaven and kingship, O splendid youth,

díogháir tángais isin Magh

le díogras thángais ins an Mhaigh

eagerly (?) thou hast come into the plain

ó príomh[fh]áidh nimhe is talmhan.

ó phríomhfháidh neimhe is talmhan.

from the chief prophet of Heaven and earth.

 

 

 

Adubairt Colum Cille,

Dúirt Colm Cille,

Said Colum Cille,

fáidh fosaidh na fírinne,

fáidh fosaidh na fírinne,

steadfast prophet of truth,

‘líon ticcthi tar tuile theinn

‘a dtagann agaibh tar tuile teann

‘as many of you as come over the strong flood

ní riccthi uile a hÉirinn.’

ní fhillfidh sibh uile as Éirinn.’

will not all return from Erin.’

 

 

 

Targus-sa do Chongal Chlaon

Thairgeas do Chongal Claon

I offered Congal Claon

tan robámar imaráon

nuair bhíomar ann araon,

when we were together

bennacht fer nÉrenn uile,

beannacht fear Éireann uile,

the blessing of all the men of Erin;

ba mór an t-ioc énuige.

mór an díol ar aon ubh.

great was the mulct for one egg.

 

 

 

‘Muna gabha uaim-si sin,

‘Muna nglacfair uaimse sin,

‘If thou wilt not accept that from me,

a Chonghail chaoimh mic Sgannail,

a Chongail chaoimh mhic Scanaill,

O fair Congal, son of Scannal,

ga breith bhéire, mór an modh,

cén bhreith bhéarfair — mór an modh —

what judgment then — deed of great moment —

orm-sa, más eadh, it aonor?’

ormsa, más ea, id’ aonar?’

wilt thou pass upon me?’

 

 

 

[C.]

Congal:

Congal:

‘Gébhad-sa úait madh maith lat,

‘Glacfad uait, más maith leat,

‘(These) will I accept from thee if thou deemest it well:

tabhair dhamh-sa do dhá mac,

tabhair dhomhsa do dhá mhac,

give me thy two sons,

do lámh dhiot is do bhen mhas,

do lámh dhíot is do bhean mhaorga

thy hand from thee, likewise thy stately wife,

t’ingen is do rosg rinnglas.’

d’iníon is do rosc rinnghlas.’

thy daughter and thy eye blue-starred.’

 

 

 

[D.]

Dónall:

Domnall:

‘Nocha béra acht rinn fri rind,

‘Ní bheidh agat ach faobhar le faobhar,

‘Thou shalt not have but spear to spear,

béd-sa choidche in bhar n-oirchill,

bead gach ré ag faire le m’uain;

I shall be evermore lying in wait for you,

as é ar ccomhrádh iman ccacht,

seo ár n-agallamh faoin daoirse:

this is our speech about the bondage;

beir-si lomnán mo mallacht.

iomlán mo mhallacht ortsa choíche.

take thou the full of my curse.

 

 

 

Bidh cuid do chuifir do chorp,

Féasta ag éin creiche do chorp,

Thy body will be a feast for birds of prey,

beittid fiaich ar do thromthocht,

fiacha dubha is tú i mórthost,

ravens will be on thy heavy silence,

nodgonfa ga dremhan dubh

ghoinfidh ga thú, fíochmhar dubh,

a fierce, black spear shall wound thee,

agus beir-si faon folumh.

agus beirse faon folamh.

and thou shalt be laid on thy back, destitute.

 

 

 

Atáoi it áonar seach gach rígh

Taoi id’ aonar seach gach rí,

My bane from land to land

gum aimhles ó thír do thír,

do m’aimhleas ó thír go tír,

art thou alone beyond each king,

rodlesaighes thairis sin

sheas mise leat thairis sin

yet I have befriended thee

ón ló rondug do mháthair.’

ón lá rugadh tú ód’ mháthair.’

since the day thy mother brought thee forth.’

 

 

 

As ann fós tugadh an cath

Is ann fós tugadh an cath

’Tis there the battle was fought —

ar an maighin a Muigh Rath,

ar an maigh i Maigh Rath,

at the stead in Magh Rath —

robhúi bráon dar claideamh nglas,

do bhí braon ar chlaíomh ghlas —

there was a drop on a gleaming sword;

torchair Congal Cláon cionnus.”

d’fhág sin Congal Claon ar lár.”

so fell Congal Claon.”

Cionnus.

 

 

Back to top

 

Section 17

Ó’dchuala trá Suibhne sésdan na sochaidhe

Anois nuair a chuala Suibhne an ghlam ón slua

Now when Suibhne heard the shout of the multitude

ocus muirn an mórshlúaigh

agus búireach an airm mhóir

and the tumult of the great army,

nostógbaidh uime asin mbile re fraisnéllaibh na firmaiminti

thóg sé féin ón gcrann i dtreo scamaill na spéire go hard

he ascended from the tree towards the rain-clouds of the firmament,

ós mullaighibh gacha maighni

os cionn mullach gach maighne

over the summits of every place

ocus ós fhéigi gacha ferainn.

agus féith gach fearainn.

and over the ridge-pole of every land.

Baoi fri ré chéin iarsin seachnóin Érenn

Chaith sé tamall mór dá éis sin ar fán ar fud Éireann,

For a long time thereafter he was (faring) throughout Ireland,

ag tadhall ocus ag turrag a sgalpaibh cruadhcharrag

ag siúl ar scailpeanna crua-charraige

visiting and searching in hard, rocky clefts

ocus a ndosaibh crann urard eidhneach

agus ar dhosanna crann *ard* eidhneáin,

and in bushy branches of tall ivy-trees,

ocus i ccuasaibh caolchumhguibh cloch

ar chuasaibh cúnga cloch

in narrow cavities of stones,

ó inber do inber

agus é ag imeacht ó inbhear go hinbhear,

from estuary to estuary,

ocus ó binn do binnd

ó bhinn go binn,

from peak to peak,

ocus ó glinn do glionn

ó ghleann go gleann

and from glen to glen,

go ráinic Glenn mbitháluinn mBolcáin.

gur shroich sé Gleann álainn Bolcáin.

till he reached ever-delightful Glen Bolcain.

Ann nó thathaigtis (?) gealta Éirenn

Is go dtí an áit seo a théadh gealta Éireann

It is there the madmen of Ireland used to go

ó robadh slán a mbliadhain ar gealtacht,

nuair a bhí a mbliain gealtachta curtha isteach acu

when their year in madness was complete,

ar as ionadh aoibhnesa móir an glenn sin do gheltaibh do grés.

mar gurbh áit mhór aoibhnis dóibh *i gcónaí* an gleann céanna.

that glen being ever a place of great delight for madmen.

Uair as amlaidh atá Glenn mBolcáin

Mar is amhlaidh atá Gleann Bolcáin

For it is thus Glen Bolcain is:

ocus ceithre doirsi ag an ngaoith ann

agus ceithre doirse ag an ngaoith ann

it has four gaps to the wind,

ocus roschoill roáluinn rocháoin ann bheós

agus coill ró-álainn rí-thaitneamhach

likewise a wood very beautiful, very pleasant,

ocus tiobrada táobhghlana ocus uarána ionnfhuara

agus toibreacha *taobh*ghlana agus fuaráin fhionnuara.

and clean-banked wells and cool springs,

ocus glaisi gainmidhe glanuisgidhe

Tá, leis, srutháin ghléineacha gainimhe ann

and sandy, clear-water streams,

ocus biorar barrghlas ocus fothlocht fann foda for a lár.

agus biolar barrghlas agus fochlacht fada crochta os cionn uisce.

and green-topped watercress and brooklime bent and long on their surface.

Iomda fhós a shamha

Tá chomh maith mórchuid samhaidh,

Many likewise are its sorrels,

ocus a shiomsáin ocus a lus-bían ocus a biorragáin,

siomsán agus lusbhian ann i dteannta biorragán,

its wood-sorrels, its lus-bian and its biorragan,

a chaora ocus a chreamh,

caora, *creamh,

its berries, and its wild garlic,

a mhelle ocus a miodhbhun

melle, miodhbhun,*

its melle, and its miodhbhun,

ocus áirnidhe dubha ocus a dercain donna.

airne dubha agus dearcáin dhonna.

its black sloes and its brown acorns.

Nobídh dono gach æ dona gealtaibh ag tuargain a chéile

Bhíodh fós na gealta ag tuargain a chéile

The madmen moreover used to smite each other

im thogha biorair an ghlenna sin

féachaint cé gheobhadh an biolar is fearr

for the pick of watercress of that glen

ocus im roignibh a leptach.

agus rogha na leapacha sa ghleann sin.

and for the choice of its couches.

Back to top

 

Section 18

Robúi dono Suibne athaigh fhoda isin ghlenn sin

D’fhan Suibhne tamall mór sa ghleann sin.

Suibhne also remained for a long time in that glen

conustarla aen na n-oidhche ann a mullach sgíach urairde eidhnidhe

Tharla dó oíche amháin a bheith ar a leaba ar bharr crainn droighin lán d’eidhneán

until he happened one night to be on the top of a tall ivy-clad hawthorn tree

robhaoi isin glinn.

*a bhí sa ghleann*.

which was in the glen.

Robá deacair dó-sumh iumfhulang na leaptha sin,

Bhí sé deachair air cur suas leis mar leaba,

It was hard for him to endure that bed,

uair gach cor ocus gach iompódh nochuiredh dhe

óir gach cor agus casadh dá dtugadh sé

for at every twist and turn he would give,

nothegmadh frais do dhealgaibh sgiach ann,

théadh cith de dhealga na sceithe ann

a shower of thorns off the hawthorn would stick in him,

co mbíttís ag tolladh ocus ag treaghdadh a thaoibh ocus ag comhghuin a chnis.

agus bhíodar ag tolladh agus ag treá a thaoibh agus a chnis.

so that they were piercing and rending his side and wounding his skin.

Roaitherraigh Suibne iarum asin leabaidh sin dochum ionaidh ele.

D’athraigh sé iar sin go hionad eile.

Suibhne thereupon changed from that bed to another place,

As amhlaidh éimh robhúi an t-ionadh sin

 

 

ocus motharmhuine móirdreasa míndeilgneach ann

Anseo sea bhí mothar-mhuine mhórdhriseach mhíndeilgneach

where there was a dense thicket of great briars with fine thorns

ocus áonchraobh dhíoghainn droighin

agus géag shingil droighin

and a single protruding branch of blackthorn

ar na hionfhás na hénur trésan muine suas.

ag fás *ina haonar* aníos tríd.

growing alone up through the thicket.

Tairisedh Suibhne for barr na craoibhe sin,

Shocraigh Suibhne é féin ar bharr an chrainn

Suibhne settled on the top of that tree,

sdúaghais ocus lúbais an craobh chomhcháol robháoi faoi

ach bhí an ghéag chomh géar sin *gur shléacht agus gur lúb sí* faoi

but so slender was it that it bowed and bent under him,

go ttarla béim n-asglainn de trésan muine go ttorchair go lár talman,

gur thit go tubaisteach tríd an muine go talamh.

so that he fell heavily through the thicket to the ground,

co nach raibhe méd n-orlaigh ann

Níor fágadh orlach de,

and there was not as much as an inch

ó a bhonn go a bhathais

ó bhaithis a chinn go bonn a chos,

from his sole to the crown of his head

gan fhuiliúgudh, gan forrdergudh fair.

gan gearradh gan stolladh.

that was not wounded and reddened.

Adráigh iaromh go héneirt anfann

D’éirigh sé ansin agus go cromtha faonlag

He then rose up, strengthless and feeble,

ocus dothoed trésan muine amach,

chuaigh tríd an muine amach

and came out through the thicket,

co n-ébairt:

agus dúirt:

whereupon he said:

“Mo chubhais éimh,” ar sé,

“Ar mo choinsias,

“My conscience,” said he,

“as deacair an bheatha so d’fhulang tar éis deghbhethad

is deachair an bheatha seo a fhulaingt tar éis mo shéimhbheatha.

“it is hard to endure this life after a pleasant one,

ocus bliadhain gus aréir damh-sa forsan mbethaidh-si”;

Bliain is aréir sea thosaíos ar an saghas seo saoil,”

and a year to last night I have been leading this life,”

conadh ann adbert an laoi[dh]:

agus d’aithris sé an laoi seo síos:

whereupon he uttered the lay:

Back to top

 

Section 19

“Bliadhain gus aréir

“Bliain gus aréir

“A year to last night

dhamh fó chiamhair chraobh

dhomh faoi chiamhair-chraobh

have I been among the gloom of branches,

eitir tuile is tráigh

idir tuile is trá

between flood and ebb,

gan tuighe fom tháobh.

gan tuí faoim’ thaobh.

without covering around me.

 

 

 

Gan cerchaill fóm chionn

Gan adhairt faoim’ chionn

Without a pillow beneath my head,

eitir ferchloinn fhinn,

idir fearchlainn fhinn,

among the fair children of men;

baeghal, a Dhé, dhúinn,

i mbaol, a Dhé, dhúinn

there is peril to us, O God,

gan fhaobar, gan rinn.

gan faobhar, gan rinn.

without sword, without spear.

 

 

 

Gan comhthocht fri mnáibh,

Gan comhtheacht le mná

Without the company of women;

acht madh fothlacht fían,

ach le fochlacht fhiain,

save brooklime of warrior-bands —

as cuid iodhan óg,

mo chuid gach tráth,

a pure fresh meal —

biolar, as é ar mían.

biolar is é ár mian.

watercress is our desire.

 

 

 

Gan rúathar co rígh

Gan ruathar go ríghe

Without a foray with a king,

am úathadh im eól,

im’ aonar gan teach,

I am alone in my home,

gan airgni go hán.

gan oirirceas go hán,

without glorious reavings,

gan chairde, gan cheól.

gan chairde, gan cheol.

without friends, without music.

 

 

 

Gan chodladh, monúar,

Gan chodladh, monuar,

Without sleep, alas,

go n-abrar a fhíor,

dá n-abrainn a fhíor,

let the truth be told,

gan chobhair co cían,

gan chabhair go cian

without aid for a long time,

as doraidh mo dhíol.

is doiligh mo dhíol.

hard is my lot.

 

 

 

Gan tegh lomnán lán,

Gan tigh lom ná lán,

Without a house right full,

gan comhrádh bfher bfhíal,

gan comhrá fear fial,

without the converse of generous men,

gan rígh riom da rádh,

gan rí liom dá rá,

without the title of king,

gan lionn is gan bíadh.

gan lionn is gan bhia.

without drink, without food.

 

 

 

Trúagh romt[h]earbadh sunn

Trua m’ionnarbadh anseo

Alas that I have been parted here

rem shlúagh trealmach trom,

roim shlua trealmhach trom,

from my mighty, armed host,

im geilt gé[i]r tar gleann

im’ gheilt ghéar thar gleann

a bitter madman in the glen,

gan chéill is gan chonn.

gan chéill is gan mheabhair.

bereft of sense and reason.

 

 

 

Gan bheth ar cuairt rígh

Gan bheith ar cuairt rí

Without being on a kingly circuit

acht rúaig ar gach ráon

ach ruaig ar gach raon,

but rushing along every path;

as í an mhire mhór,

is í an mhire mhór,

that is the great madness,

a rí nimhe naomh.

a rí neime naomh.

O King of Heaven of saints.

 

 

 

Gan áos comhlán ciúil,

Gan aos comhlán ceoil,

Without accomplished musicians,

gan comhrádh fri mnáibh,

gan comhrá le mnáibh,

without the converse of women,

gan tiodhnacal séd,

gan tíolacadh séad,

without bestowing treasures;

tuc mh’ég, a Chríst cháidh.

thug m’éag, a Chríost cháidh.

it has caused my death, O revered Christ.

 

 

 

Robádhus-sa feacht,

Bhíos-sa feacht —

Though I be as I am to-night,

ge béo mar ’tú anocht,

ní hamhlaidh dom anocht —

there was a time

ba neamhfhann mo nert

ba neamhfhann mo neart

when my strength was not feeble

ar ferann nárbh olc.

ar fearann nárbh olc.

over a land that was not bad.

 

 

 

Ar eachaibh co hán

Ar eachaibh go hán,

On splendid steeds,

i mbeathaid can bhrón,

i mbeathaidh gan bhrón,

in life without sorrow,

ar mo ríghe raith

ar mo ríocht fé rath

in my auspicious kingship

robsam rígh maith mór.

bhíos im’ rí maith mór.

I was a good, great king.

 

 

 

Beith mar ’tú ’na dhíaid

Bheith mar táim ina dhiaidh

After that, to be as I am

dot chreic, a Chríst cáidh,

dod’ reic, a Chríost cháidh,

through selling Thee, O revered Christ,

im bhochtán gan brígh

im’ bhochtán gan bhrí

poor wretch am I, without power,

a nGlionn Bolcáin báin.

i nGleann Bolcáin bán.

in the Glen of bright Bolcan.

 

 

 

An scé nach máoth barr

An sceach nach maoth barr

The hawthorn that is not soft-topped

romthraoth is romtholl,

do thraoch mé, do tholl,

has subdued me, has pierced me;

súaill nach ttuc mh’ oididh,

is beag nár thug m’oidhe,

the brown thorn-bush

an craobh droighin dhonn.

an chraobh droighin dhonn.

has nigh caused my death.

 

 

 

Cath Congail co cclú,

Cath Chongail go gclú,

The battle of Congal with fame,

ba liach dhún fo dhí,

ba thrua sin faoi dhó,

to us it was doubly piteous;

ba día mairt an maidhm,

ba Dé Máirt an mhaidhm,

on Tuesday was the rout;

lía ar mairbh ’náid ar mbí.

lia ár mairbh ná ár mbeo.

more numerous were our dead than our living.

 

 

 

Ar fæinnel go fíor

Ar fáinneáil go fíor

A-wandering in truth,

gerbham sæirfher séimh,

cé im’ shaor-fhear ba séimh,

though I was noble and gentle,

isam triamhain trógh

is mé im’ dhíol trua,

I have been sad and wretched

bliadhain gus aréir.”

bliain gus aréir.”

a year to last night.”

Bliadhain.

 

 

Back to top

 

Section 20

Robháoi-siumh amlaidh sin a nGlinn Bolcáin

D’fhan sé amhlaidh i nGleann Bolcáin.

In that wise he remained in Glen Bolcain

go rostógaibh uime feacht ann

Ag tráth áirithe thóg sé é féin in airde san aer

until at a certain time he raised himself up (into the air)

co ráinic Clúain Cilli

agus thug aghaidh ar Chluain Cille

and went to Cluain Cille

a ccoiccrích Thíre Chonaill ocus Thíre Bóghain[e].

ar theorainn Thír Chonaill is Thír Eoghain.

on the border of Tir Conaill and Tir Boghaine.

Dochuaidh iarumh for sraith na tiopraidi

Chuaigh sé ansin go himeall an tobair

He went then to the brink of the well

gur chaith biorar ocus uisge ann an oidhche sin.

mar a bhfuair sé biolar agus uisce dó féin * an oíche sin*.

where he had for food that night watercress and water.

Téit iarumh a mbile na cilli.

Ina dhiaidh sin, chuaigh sé isteach i seanchrann na cille.

Thereafter he went into the old tree of the church.

As é ba hoirchinneach isin chill sin Fáibhlen

B’é b’airchinneach ar an gcill sin, Fáibhlean,

The erenach of the church was Faibhlen

do muintir Brughaigh mic Deaghaidh

de mhuintir Bhrú Mhic Deá.

of the family of Brughach, son of Deaghadh.

ocus táinic doinenn mór dermháir ann an oidhche sin

Tháinig stoirm *ábhal*mhór an oíche sin,

That night there came an exceeding great storm

gur rochuir ar Suibhne go mór méd anshóidh na hoidhchi sin

rud a chuir isteach go mór ar Shuibhne

so that the extent of the night’s misery affected Suibhne greatly,

ocus adbert-somh:

go ndúirt:

and he said:

“Trúagh ámh,” ar sé, “nach air Muigh Rath rommharbadh-sa

“Is trua go deimhin nár maraíodh mé ar Mhaigh Rath

“Sad indeed is it that I was not slain at Magh Rath

resíu nobheinn isin deacair-si”;

mar nár ghá dom an cruatan mór seo a fhulaingt,”

rather than that I should encounter this hardship”;

go n-ébairt an laoi[dh] annso síosana go léig:

agus dúirt an laoi seo síos:

whereupon he uttered this lay:

Back to top

 

Section 21

“Anocht is fúar an snechta,

“Anocht is fuar an sneachta,

“Cold is the snow to-night,

fodeachta is búan mo bhochta,

feasta is buanbhocht mé

lasting now is my poverty,

nídom neirt isin deabuidh

níl neart troda ionam

there is no strength in me for fight,

im geilt romgeóghuin gorta.

im’ gheilt ghonta ghortach.

famine has wounded me, madman as I am.

 

 

 

Atchíd cách nídom chuchtach,

Chíonn cách nach bhfuilim cumtha,

All men see that I am not shapely,

as lom i snáth mo cheirteach,

is lom snáth mo cheirte,

bare of thread is my tattered garment,

Suibhne mh’ainm ó Ros Ercáin,

Suibhne m’ainm ó Ros Earcáin,

Suibhne of Ros Earcain is my name,

as misi an gealtán gealtach.

mise an gealtán gealtach.

the crazy madman am I.

 

 

 

Nídom fois ó thíg aghaidh,

Níl sos agam ó thig oíche

I rest not when night comes,

ní thaidlenn mo chois conair,

ní thadhlann mo chois conair,

my foot frequents no trodden way,

nocha bíu sonna a ccíana,

ní hanseo i bhfad mé,

I bide not here for long,

domeccad ialla omhain.

tig chugam ál an uamhain.

the bonds of terror come upon me.

 

 

 

Mo bháire tar muir mbarcláin

Mo bháire thar mhuir bharclán

My goal lies beyond the teeming main,

ar ndol tar sáile soclán,

ar ndul thar sáile soclán,

voyaging the prow-abounding sea;

rogab time mo nertán,

d’imigh uaim mo neart iomlán,

fear has laid hold of my poor strength,

as mé gealtán Ghlinne Bolcáin.

is mé gealtán Ghlinne Bolcáin.

I am the crazy one of Glen Bolcain.

 

 

 

Gaoth an reóidh ag mo rébadh,

Gaoth an reo ag mo réabadh,

Frosty wind tearing me,

sneachta romleón go léige,

sneachta dom’ leonadh go laige,

already snow has wounded me,

an tsíon dom breith a n-éccuibh

an tsíon dom’ breith go héagaibh

the storm bearing me to death

do géccuibh gacha géicce.

ó ghéaga gacha géige.

from the branches of each tree.

 

 

 

Romgonsat géga glasa

Ghoin géaga glasa mé

Grey branches have wounded me,

co rorébsat mo bossa,

gur réab siad mo bhosa,

they have torn my hands;

ní fargaibhset na dreasa

níor fhág na dreasa

the briars have not left

damna creasa dom chossa.

damhna creasa dem’ chosa.

the making of a girdle for my feet.

 

 

 

Atá crioth ar mo lámha

Atá crith ar mo lámha,

There is a palsy on my hands,

tar gach mbioth fátha mbúaidre,

tar gach bith fátha buartha,

everywhere there is cause of confusion,

do Shlíabh Mis ar Sliabh Cuillenn,

ó Shliabh Mis go Sliabh Cuillinn

from Sliabh Mis to Sliabh Cuillenn,

do Shléibh Cuillenn co Cuailgne.

ó Shliabh Cuillinn go Cuailgne.

from Sliabh Cuillenn to Cuailgne.

 

 

 

As trúagh mo nuallán choidhche

Is trua m’uaill choíche

Sad forever is my cry

i mullach Cruachán Oighle,

i mullach Chruachán Aighle

on the summit of Cruachan Aighle,

do Ghlinn Bolcáin for Íle,

ó Ghleann Bolcáin go hÍle

from Glen Bolcain to Islay,

do Chinn Tíre for Boirche.

ó Cheann Tíre go Boirche.

from Cenn Tire to Boirche.

 

 

 

Beg mo chuid ó thig laa,

Beag mo chuid ó thig lá

Small is my portion when day comes,

ní thæt ar scáth lá noa,

ní théann ar scáth lá nua,

it comes not as a new day’s right (?),

barr biorair Chluana Cille

barr biolair Chluana Cille

a tuft of watercress of Cluain CiIle

la gleorán Chille Cua.

le gleorán Chille Cua.

with Cell Cua’s cuckoo flower.

 

 

 

An gen fil ag Ros Earcach

An ghin ag Ros Earcach,

He who is at Ros Earcach,

ní thair imnedh ná olcach,

ní thig air imní ná olcas,

neither trouble nor evil shall come to him;

as edh dombeir gan nerta

’sé thug mé gan neartán

that which makes me strengthless

beith re sneachta go nochtach.”

bheith le sneachta go nochtach.”

is being in snow in nakedness.”

Anocht.

 

 

Back to top

 

Section 22

Táinic Suibhne roimhe iarumh

Chuaigh Suibhne roimis ansin

So Suibhne fared forth

co riacht an chill ag Snámh dhá Én for Sionainn,

go dtáinig go dtí an chill ag Snámh-dhá-Éan ar an tSionainn

until he reached the church at Snamh dha En on the Shannon,

dían comainm Cluain Boirenn an tan sa;

dá ngairtear Cluain Boireann inniu.

which is now called Cluain Boirenn;

día na haoine dídine an tsainridh ráinic-siumh annsin.

B’shin é an Aoine go beacht *nuair a tháinig sé ann*.

he arrived there on a Friday, to speak precisely.

As ann iarumh bádar cléirigh na cille ag dénamh an uird nóna

Bhí cléirigh na cille an uair sin ag déanamh an oird nóna;

The clerics of the church were then fulfilling the office of nones;

ocus mná ag túargain lín

bhí mná ag tuargain lín

women were beating flax,

ocus ben ag breth leinb.

agus bean ag breith linbh.

and one was giving birth to a child.

“Nior bhó cóir éimh,”

“Níor chóir

“It is not meet, in sooth,”

ar Suibhne,

 

said Suibhne,

“don mhnáoi aoine an Choimdedh do mhilledh.

don mhnaoi Aoine an Choimhde a mhilleadh,”

“for the women to violate the Lord’s fast-day;

 

arsa Suibhne.

 

Feibh thúairges an ben an líon,” ar sé,

“Mar a thuairgeas an bhean an líon,” ar sé,

even as the woman beats the flax,” said he,

“as amhlaidh sin rotúairgeadh mo muinter-sa isin chath a Maigh Rath.”

“is amhlaidh sin a tuairgeadh mo mhuintirse sa chath i Maigh Rath.”

“so were my folk beaten in the battle of Magh Rath.”

Rochúalaidh-sion iarum clog an esparta aga bhúain, conadh ann adbert:

Chuala sé ansin clog na heaspartan á bhualadh agus dúirt:

He heard then the vesper-bell pealing, whereupon he said:

“Ba binne lem-sa éimh,” ar sé,

“Ba bhinne liomsa go deimhin

“Sweeter indeed were it to me

“guth na ccúach do chloinsin

guth na gcuach a chlos

to hear the voices of the cuckoos

ar bruach na Banna do gach leith

ar bhruach na Banna do gach leith

on the banks of the Bann from every side

inás grig-gráig an chluig si atchluinim anocht,”

ná gric-gráic an chloig seo a chloisim anocht,”

than the grig-graig of this bell which I hear tonight”;

co n-ébert an laoidh:

agus dúirt an laoi seo:

and he uttered the lay:

Back to top

 

Section 23

“Binne lem im na tonna

“Binne liom um na tonna —

“Sweeter to me about the waves —

mh’ ingne anocht cidh it cranna

m’ingne anocht cé id’ chranna —

though my talons to-night are feeble —

ná gricc-gráicc chlogáin chille

ná gric-gráic chlogáin chille

than the grig-graig of the church-bell,

an chú do[ní] cúi Banna.

an chuach ar bhruach na Banna.

is the cooing of the cuckoo of the Bann.

 

 

 

A bhen, ná tairbhir do mac

A bhean, ná toirbhir do mhac

O woman, do not bring forth thy son

día na háoine dídine,

dia na hAoine deireanaí,

on a Friday,

lá nach luingenn Suibhne Geilt

lá nach n-itheann Suibhne Geilt

the day whereon Suibhne Geilt eats not

ar seirc rígh na fírinne.

ar ghrá Rí na Fírinne.

out of love for the King of righteousness.

 

 

 

Amail tuairgitt na mná an líon,

Amhail tuairgid na mná an líon,

As the women scutch the flax —

is fíor gé nomchluinter-sa,

is fíor seo agus cluintear mé,

’tis true though ’tis I be heard —

amlaidh rothuairgit ’san chath

amhlaidh tuairgeadh sa chath

even so were beaten my folk

for Maigh Rath mo mhuinter-sa.

ar Mhaigh Rath mo mhuintir-se.

in the battle of Magh Rath.

 

 

 

Ó Loch Diolair an aille

Ó Loch Diolair na faille

From Loch Diolair of the cliff

go Doire Coluim Chille

go Doire Choilm Cille,

to Derry Coluim Cille

nocha deabaidh rochúala

ní hachrann a chuala

it was not strife that I heard

ó ealaib búadha binne.

ó ealaí buacha binne.

from splendid, melodious swans.

 

 

 

Dord daimh dhíthreibhe ós aille

Dord daimh díthreibhe os aillte

The belling of the stag of the desert above the cliffs

bíos a Síodhmhuine Glinne,

bhíos i Síthmhuine Glinne,

in Siodhmuine Glinne —

nochan fuil ceól ar talmain

níl ceol ar thalamh

there is no music on earth

im anmuin acht a bhinne.

dom’ anam ach a bhinne.

in my soul but its sweetness.

 

 

 

A Chríost, a Chríost romchluine,

A Chríost, a Chríost, cluin mé,

O Christ, O Christ, hear me,

a Chríost, a Chríost gan bine,

A Chríost, a Chríost gan smál,

O Christ, O Christ, without sin,

a Chríost, a Chríost romchara,

A Chríost, a Chríost bí id’ chara ’gam

O Christ, O Christ, love me,

ná romscara réd binne.”         

Is ná scar mé ód’ bhinne.”

sever me not from thy sweetness.”

Binne.

 

 

Back to top

 

Section 24

Roshiecht immorro Suibhne arnabhárach go [Cill] Derfile

Lá arna mhárach shroich Suibhne Cill Deirbhile.

On the morrow Suibhne went to Cell Derfile

gur chaith biorar na tiobraidi

Chaith sé cuid de bhiolar an tobair

where he fared on watercress of the well

ocus an t-uisge robhúi isin chill

agus den uisce a bhí sa chill.

and the water which was in the church;

ocus táinic doinenn dermháir isin oidchi

Tháinig doineann mhór an oíche sin.

there came a great storm in the night,

go rosgab athtuirsi adhbhalmór ocus snímhche Suibhne

Ghabh tuirse mhór agus buairt Suibhne

and exceeding sorrow and grief took hold of Suibhne

tria olcus a beathad

de dheasca olcas a bheatha

because of the wretchedness of his life;

ocus bheós rob imshníomhach athtuirseach leis

agus ba chúis bróin agus imní dó

and moreover it was a cause of grief and sorrow to him

bheith a n-égmuis Dhál Araidhe;

bheith i bhfad ó Dhál Araidhe.

to be absent from Dal Araidhe,

conadh ann adbert na randa sae:

D’aithris an laoi seo:

whereupon he uttered these staves:

Back to top

 

Section 25

“Mh’aghaidh a cCill Der ffile

“M’oíche i gCill Deirbhile

“My night in Cell Derfile

as í robris mo chroidhe,

is í do bhris mo chroí,

’tis it has broken my heart;

dursan damh, a mic mo Dhé,

tubaist dom, a mhic mo Dhé,

sad for me, O Son of my God,

sgaradh ré Dál nAraidhé.

scaradh le Dál nAraidhe.

is parting from Dal Araidhe.

 

 

 

Deichneamhar is deich cét laoch

Deichniúr is deich gcéad laoch

Ten hundred and ten warriors,

rob é mo shlúagh ag Druim Fraoch,

dob é mo shlua ag Droim Fraoch,

that was my host at Druim Fraoch,

ge beó gan treisi, a mic Dé,

cé beo gan treise, a mhic Dé,

though I am without strength, O Son of God,

ba misi a ccenn comairlé.

ba mise a gceann comhairle.

’twas I who was their leader in counsel.

 

 

 

Múichnidhe mh’aghaidh anocht

Gruama m’oíche anocht

Gloomy is my night to-night

gan giolla is gan longphort,

gan giolla is gan longfort,

without serving-man, without camp;

níorbh í mh’aghaidh ag Druim Damh,

níorbh ionann m’oíche ag Droim Damh,

not so was my night at Druim Damh,

meisi is Faolchú is Conghal.

mise is Faolchú is Congal.

I and Faolchu and Congal.

 

 

 

Mairg ro[m]fuirgedh risin dáil,

Mairg gur fhanas don dáil,

Alas, that I was detained for the tryst,

a mo ruire an ríchid ráin,

a ruire an rícheada ráin,

O my Prince of the glorious Kingdom,

gen go bfhaghainn-si d’ulc dhe

cé go bhfaighinnse d’olc dhe,

though I should not get any harm therefrom

go bráth acht an oidhchi-se.”

go brách ach an oíche seo.”

forever except this night.”

M’aghaidh.

 

 

Back to top

 

Section 26

Seacht mbliadhna comhlána

Seacht mbliana go hiomlán

For seven whole years

do Suibhne ar fud Érenn as gach aird go aroile

a chaith Suibhne ag taisteal ar fud Éireann *as gach aird go haraile*

Suibhne wandered over Ireland from one point to another

go ttoiracht aon na oidhche ann co Glenn Bolcáin,

gur shroich ar deireadh Gleann Bolcáin *oíche áirithe*.

until one night he arrived at Glen Bolcain;

fobith is ann robhaoi a dhaingen ocus a dhúnárus comhnaidhe-siumh

Is ansiúd a bhí a dhaingean agus a áit chónaithe aige.

for it is there stood his fortress and his dwelling-place,

ocus ba haoibhne leis oirisiumh ocus aittreabadh ann

B’aoibhne leis an áit sin *chun fanacht agus cónaí ann*

and more delightful was it to him to tarry and abide there

inás i ngach ionadh a nÉrinn ina égmuis,

ná áit ar bith eile in Éirinn.

than in any other place in Ireland;

úair doshoichedh chuige as gach aird d’Éirinn

Is air a thugadh sé a aghaidh ó gach cearn d’Éirinn

for thither would he go from every part of Ireland,

ocus ní théighadh úadh acht re huaman ocus re huiregla mhóir.

agus ní fhágadh sé an áit chéanna ach le huamhan agus le heagla.

nor would he leave it except through fear and terror.

Roairbhir bhith Suibhne ann an aghaidh sin

D’fhan Suibhne ann an óiche sin

Suibhne dwelt there that night,

co ttoirracht Loingseachán fora iarraidh isin maidin arnamhárach.

agus an mhaidin dár gcionn tháinig Loingseachán á lorg.

and on the morrow morning Loingseachan came seeking him.

Adberat furenn ann gurbho mac máthar dhó-sumh Loingseachán,

Deir daoine áirithe gur mac máthar dó ab ea Loingseachán,

Some say that Loingseachan was Suibhne’s mother’s son,

adberat furenn eile ba comhalta,

daoine eile a déarfadh gurbh é a leasdeartháir é

others that he was a foster-brother,

acht cena cibé dhíbh sin é

ach ba chuma cé acu

but, whichever he was,

roba mór a dheithidin uimesiumh,

óir ba mhór é a imní i dtaobh Shuibhne

his concern for Suibhne was great,

 

mar gurb é Loingseachán a thug thar n-ais é

 

uair dochuaidh-siumh fo thrí for gealtacht

na trí huaire a chuaigh sé le gealtacht.

for he (Suibhne) went off three times in madness

ocus dusfug-sumh fo thrí for ccúlaibh.

 

and thrice he brought him back.

Robhaoi Loingseachán aga iarraidh-siomh don dul sin isin ghlionn,

Bhí Loingseachán á lorg an turas sin sa ghleann

This time Loingseachan was seeking him in the glen,

co bfuair sliocht bharr a throighedh a mbruach na glaisi

agus thug faoi deara lorg a choise in aice an tsrutháin

and he found the track of his feet by the brink of the stream

isa biorar noithedh

mar ar ghnách leis biolar a chaitheamh.

of which he was wont to eat the watercress.

ocus fós fuair na craobha

Fuair sé ann freisin na tuigí

He found also the branches

nomheabhtaís fó a chosaibh

a bhriseadh faoina chosa

that used to break under his feet

ag aitherrach do bharr an chroind for aroile.

agus é ag athrú ó bharr crainn go ceann eile.

as he changed from the top of one tree to another.

Ní bfuair-siumh dono an gheilt an lá sin

Níor tháinig sé suas leis an ngealt an lá úd, áfach.

That day, however, he did not find the madman,

co ndeachaidh a faisteach folamh isin glinn

Chuaigh sé isteach i dteach folamh sa ghleann

so he went into a deserted house in the glen,

gur tuit a shúan toirrchim codalta fair ann

agus thit a chodhladh air

and there he fell into deep sleep

iar mórshaothar luirg Suibhni forsa raibhe iarair.

tar éis an anró ar fad a rug air ar thóir Shuibhne *a bhí á lorg aige*.

after the great labour of the pursuit of Suibhne whom he was seeking.

Doluidh iaromh Suibhne fora shliocht-somh

Ansin tháinig Suibhne ar lorg a choise

Then Suibhne came upon his track

go mbúi forsan teach

agus bhain an teach amach;

so that he reached the house,

co ccúalaidh iarum srainn Loingseacháin ann;

chuala sé Loingseachán ag sranntarnach

and there he heard Loingseachan’s snore;

conadh iarsin adbert an láoidh-si:

agus d’aithris an laoi seo:

whereupon he uttered this lay:

Back to top

 

Section 27

“An fer ag froig focherd srainn,

“Fear an bhalla thall lig srann,

“The man by the wall snores,

súan mar soin nocha lámhaim,

suan mar sin ní leomhfainn

slumber like that I dare not;

seacht mbliadhna ón mhairt a Muigh Rath

seacht mbliana ón marú i Maigh Rath

for seven years from the Tuesday at Magh Rath

nochar chotlus tinneabradh.

níor chodlas néal amháin.

I have not slept a wink.

 

 

 

Do chath rod,

A Dhia neimhe, mo léan,

O God of heaven, would that I had not gone

a Dhé [nimhe], ní ma lott!

mé do dhul chun an chatha thréin!

to the fierce battle!

bá Suibhne Geilt m’ainm iar sin,

Suibhne Geilt m’ainm iar sin

thereafter Suibhne Geilt was my name,

mh’aonar dhamh a mbarr eidhin.

im’ aonar dom i mbarr eidhinn.

alone in the top of the ivy.

 

 

 

Biorar thiobrad Drorma Cirb,

Biolar thiobraid Droma Cirb,

Watercress of the well of Druim Cirb

as é mo shásadh im theirt,

is é mo shásamh um theirt,

is my meal at terce;

as aithnidh orm gnúis a ghné,

is aithnid orm gnúis a ghné,

on my face may be recognized its hue,

as fíor is mé Suibhne Geilt.

is fíor is mé Suibhne Geilt.

’tis true I am Suibhne Geilt.

 

 

 

Dearbh as misi Suibhne Geilt

Dearbh gur mise Suibhne Geilt,

For certain am I Suibhne Geilt,

fer contuil fo choemhna ceirt,

chodlaíos faoi chaomhnadh ceirt,

one who sleeps under shelter of a rag,

im Shlíabh Líag má do cló

um Shliabh Liag gan sos

about Sliabh Liag if   .    .    .

domseannad na fiora so.

ó sna fearaibh seo abhus.

these men pursue me.

 

 

 

An tan ba-sum Suibhne sruith

Nuair ba mé Suibhne an saoi

When I was Suibhne the sage,

arbhirinn bith a n-úarbhuith

mhairinn im’ aonar i mboth,

I used to dwell in a lonely shieling,

i seisg, a sesgonn, i sléibh:

i seisc, i seisceann, i sliabh:

on sedgy land, on a morass, on a mountain-side;

rorer m’eól ar eidirchéin.

thugas mo theach ar thalamh cian.

I have bartered my home for a far-off land.

 

 

 

Atlochar don rígh-si thúas

Beirim buíochas don rí seo thuas

I give thanks to the King above

las nach gnáth an t-iomarchrúas,

nach gnách leis cruas rómhór

with whom great harshness is not usual;

as edh romucc as mo riocht

is é chuir mise as mo riocht

’tis the extent of my injustice

a mhéd robhá for écciort.

a mhéid a bhíos san éigeart.

that has changed my guise.

 

 

 

As fuit, fuit damh ó nach mair

Is fuar fuar mé ó nach maireann

Cold, cold for me is it

mo chollan i n-eidhnechaibh,

mo cholainn in eidhneachaibh,

since my body lives not in the ivy-bushes,

feraidh mór do shíonaibh air

fearann mórán de shíona air

much rain comes upon it

agus mór do thoirneachaibh.

is mórán de thoirneachaibh.

and much thunder.

 

 

 

Gidh im beó ó gach dinn do dhinn

Cé beo mé ó chnoc go cnoc

Though I live from hill to hill

isin slíobh ós iubairghlinn,

ins an sliabh thar an iúrghleann,

in the mountain above the yew glen;

áit i fargbadh Congal Cláon

san áit ar fágadh Congal Claon

in the place where Congal Claon was left

monúar ná romfar[g]badh faon.

monuar nár fágadh mé féin.

alas that I was not left there on my back.

 

 

 

Meinic m’ong

Minic m’osna

Frequent is my groan,

cían óm relic mo theach toll,

cian óm’ reilig mo theach toll,

far from my churchyard is my gaping house;

nídom nía acht im geilt ghann,

ní gaiscíoch mé ach geilt ghannchodach,

I am no champion but a needy madman,

Dia romchlann i cceirt gan chonn.

Dia a chuir mé i gceirt gan chiall.

God has thrust me in rags, without sense.

 

 

 

As mór báos

Ba mhór an bhaois

’Tis great folly

a Glinn Bolcáin acht cé tæs,

Gleann Bolcáin d’fhágáil thíos —

for me to come out of Glen Bolcain,

fil mór do abhlaibh a nGlinn

tá mórán de úlla sa Ghleann —

there are many apple-trees in Glen Bolcain

Bolcáin do éimhedh (?) mo chinn.

cneasú intinne sea fuaireas ann.

for  .  .  .  of my head.

 

 

 

Biorar glas

Biolar glas

Green watercress

agus deogh d’uisge glain,

agus deoch d’uisce glan,

and a draft of pure water,

nosibhim, ní thibim gen,

mairim orthu, gan mhagadh,

I fare on them, I smile not,

ní hionann sa[n] fer ag froigh.

ní hionann is fear an bhalla.

not so the man by the wall.

 

 

 

Eidir corraibh Cúailghne saimh,

Idir corra Chuailgne sa samhradh

In summer amid the herons of Cuailgne,

eitir chúanaibh ó thig gaimh,

idir chúnna ó thig an Geimhreadh,

among packs of wolves when winter comes,

fó chéibh chaille gach re seal,

faoi chiabh choille gach re seal —

at other times under the crown of a wood;

ní hionann sa[n] fer ag fraigh.

ní hionann is fear an bhalla.

not so the man by the wall.

 

 

 

Glenn mBolcáin mbil bél re gáoith

Gleann Bolcáin, béal le gaoith,

Happy Glen Bolcain, fronting the wind,

ima ngairid geilte glinne,

mar a nglaonn na gealta glinne,

around which madmen of the glen call,

ní chodlaim ann, monuar dhamh,

ní chodlaim ann, monuar dom,

woe is me, I sleep not there;

am trúaighe ná an fer a[g] fraigh.”

mó is truaighe mé ná fear an bhalla.”

more wretched am I than the man by the wall.”

An fer.

 

 

Back to top

 

Section 28

A haithle na láidhe sin

Tar éis an laoi sin a chur de

After that lay

doluidh-siumh isin oidhche ar ccionn co muilenn Loingseacháin;

tháinig sé an oíche dár gcionn go muileann Loingseacháin.

he came the next night to Loingseachan’s mill

aonchailleach ag a choimhéd-sidhi .i. Lonnóg

Bhí seanbhean ag coiméad súil ar an áit sin. B’í sin Lonnóg,

which was being watched over by one old woman, Lonnog,

inghen Duibh Dhithribh máthair mhná Loingseacháin.

iníon Duibh Dhithribh, máthair mhná Loingseacháin.

daughter of Dubh Dithribh, mother of Loingseachan’s wife.

Táinic Suibhne isin teach cuice

Tháinig Suibhne isteach chuici

Suibhne went into the house to her

ocus tuc sí mírenna beca dhó

agus thug sí míreanna beaga bia dó.

and she gave him small morsels,

ocus robhúi fri ré chían ag aithighidh an mhuilinn amhlaidh sin.

Thagadh sé go minic ar an gcuma sin ina dhiaidh sin chun an mhuilinn.

and for a long time in that manner he kept visiting the mill.

Luid Loingseachán for a shliocht-somh lá n-ann

Lá amháin chuaigh Loingseachán sa tóir air

One day Loingseachan set out after him,

conusfaca for taidhin an mhuilinn é

nuair a chonaic sé in aice an mhuilinn é.

when he saw him by the mill-stream,

ocus téit d’agallamh na caillighi .i. co Lonnóig máthair a mhná.

Labhair sé *leis an gcailleach,* le Lonnóg, máthair a mhná.

and he went to speak to the old woman, that is, his wife’s mother, Lonnog.

“An ttáinic Suibhne ’san muilenn, a chaillech?” ar Loingseachán.

“Ar tháinig Suibhne chun an mhuilinn, a bhean?” arsa Loingseachán.

“Has Suibhne come to the mill, woman?” said Loingseachan.

“Robúi aréir co déidhenach sunn,” ar an chaillech.

“Bhí sé anseo go déanach aréir,” ar sise.

“He was here last night,” said the woman.

Rogabh iarum Loingseachán ceirt na caillighe uime

Ar chlos sin dó, chuir Loingseacháin uime éadach na mná

Loingseachan then put on the woman’s garment

ocus roan isin muilenn tar éis na caillighe

agus d’fhan sa mhuileann ina diaidh.

and remained in the mill after her;

ocus táinic Suibhne an oidhche sin don mhuilinn

Tháinig Suibhne an oíche sin go dtí an muileann

that night Suibhne came to the mill

co ttug aithne ar Loingseachán.

agus d’aithin sé Loingseachán.

and he recognised Loingseachan.

Ó’dchonnarc a shúile

Ach a bhfuair Suibhne radharc ar a shúile

When he saw his eyes

co ling úadha focédóir

thug sé sciuird obann uaidh

he sprang away from him at once

dar forlés an tighe amach ocus adbert:

agus léim amach trí fhuinneog dhíon an tí agus dúirt:

out through the skylight of the house, saying:

“A Loingseacháin,” ar sé, “as trúagh th’amus orm-sa

“A Loingseacháin, is trua mar atá tú im’ dhiaidh,

“Pitiful is your pursuit of me, Loingseachan,

arim thafann as mh’ionadh

im’ ruaigeadh óm áit

chasing me from my place

ocus as gach ionadh is diliu lium i nÉrinn

agus ó gach ionad a thaitníonn liom in Éirinn;

and from each spot dearest to me in Ireland;

ocus ó nach léig Rón[án] damh-sa taobh do thabhairt friot

agus ó nach ligeann Rónán dom muinín a bheith agam asat

and as Ronan does not allow me to trust you,

as liosda lenamhnach dhuit ueith dom lenmhuin”;

is liosta leanúnach duit bheith dom leanúint.”

it is tiresome and importunate of you to be following me”;

ocus dorinne an laoidh so ann:

Agus do rinne an laoi seo ann:

and he made this lay:

Back to top

 

Section 29

“A Loingseacháin, liosda sin,

“A Loingseacháin, liosta sin,

“O Loingseachan, thou art irksome,

nochan úain damh t’agalloimh,

níl uain agam labhairt leat,

I have not leisure to speak with thee,

ní léig dhamh Rónán taobh friot,

ní cheadaíonn Rónán muinín asat

Ronan does not let me trust thee;

as é domrad a n-ainriocht.

is é chuir mé in ainriocht.

’tis he who has put me in a sorry plight.

 

 

 

Doradus urchar gan ágh

Scaoileas urchar gan ágh

I made the luckless cast

a lár an chatha ar Rónán,

i lár an chatha ar Rónán

from the midst of the battle at Ronan;

co robhen isin chlog chain

gur bhuail an clog caoin

it pierced the precious bell

robhaoi for ucht an chléirigh.

a bhí ar ucht an chléirigh.

which was on the cleric’s breast.

 

 

 

Mar dotheilgius urchar n-án

Mar theilgeas-sa an t-urchar án

As I hurled the splendid cast

do lár an chatha ar Rónán,

do lár an chatha ar Rónán

from the midst of the battle at Ronan,

‘ced duit,’ ar an cléireach cain,

‘cead duit,’ arsan cléireach caoin,

said the fair cleric: ‘Thou hast leave

‘dul aræn risna hénaibh.’

‘dul araon leis na héanaibh.’

to go with the birds.’

 

 

 

Iarsin rolinges-sa súas

Iar sin lingeas-sa suas

Thereafter I sprang up

isin æér eadarbhúas,

ins an aer lastuas

into the air above;

ní rolinges ó ’tú beó

riamh im’ shaol níor thugas

in life I have never leaped

æinléim badh héttromó.

aon léim ab éadroime.

a single leap that was lighter.

 

 

 

Dá madh isin maidin múaidh,

Dá mba ar mhaidin ghlórmhar,

Were it in the glorious morning,

isin Mairt a haithle an Lúain,

ar an Máirt a haithle an Luain,

on the Tuesday following the Monday,

nochar úallcha neach anú

níl fear is uaibhrí ná mise

none would be prouder than I am

a leith re hóglách m’aosú.

taobh le hóglach mo láimhe deise.

by the side of a warrior of my folk.

 

 

 

As iongnadh lem inní atchiú,

Is ionadh liom an ní a chím,

A marvel to me is that which I see,

a fhir rodhealbh an lá aniú,

a Fhir a dhealbhaigh an lá inniu,

O Thou that hast shaped this day;

ceirt na caillighi ar an clár,

ceirt na caillí ar an gclár

the woman’s garment on the floor,

dá shúil lúatha Loingsecháin.”

dhá shúil ghéara Loingseacháin.”

two piercing eyes of Loingseachan.”

A.

 

 

Back to top

 

Section 30

“As trúagh an mheabail

“Is trua an mheabhail

“Sad is the disgrace

rob áil duit do dhénamh orm-sa, a Loingsecháin,” ar sé,

ab áil leat a dhéanamh ormsa, a Loingseacháin,” ar seisean,

you would fain put upon me, Loingseachan,” said he;

“ocus ná bí ag mo thochrádh ní as sía,

“agus ná bí do mo chrá níos sia;

“and do not continue annoying me further,

acht eirg dot thoigh

téirigh go dtí do thig féin

but go to your house

ocus raghat-sa róm gonige an baile itá Eorann.”

agus rachadsa romham go dtí an baile mar a bhfuil Eorann.”

and I will go on to where Eorann is.”

Back to top

 

Section 31

As amhlaidh éimh robhúi Eorann

Is amhlaidh a bhí Eorann,

Now, Eorann

 

bean Shuibhne,

 

an tan sin ar ffeis le Guaire

ina cónaí an uair sin le Guaire,

at the time was dwelling with Guaire,

mac Congail mic Sgannláin,

mac Congail mhic Scannláin,

son of Congal, son of Scannlan,

ar rob í Eorann fa ben do Suibhne,

 

for it was Eorann who was Suibhne’s wife,

uair robháttar dá bhráthair isin tír

óir bhí beirt *ghaolta* sa dúthaigh sin

for there were two kinsmen in the country,

ocus ba comhdhúthaigh dhóibh an ríghe

agus comhtheideal acu ar an bhflaitheas

and they had equal title to the sovereignty

rofagaibh Suibhne

a d’fhág Suibhe ina dhiaidh.

which Suibhne had abandoned,

.i. Guaire mac Congail, mic Sgannláin,

B’iad san Guaire Mac Congail mic Scannláin

viz.: Guaire, son of Congal, son of Scannlan,

ocus Eochaidh mac Condlo, mic Sgannláin.

agus Eochaidh mac Condlo mic Scannláin.

and Eochaidh, son of Condlo, son of Scannlan.

Rosiacht trá Suibne gonige an baile ina raibhe Eorann.

Ghluais Suibhne roimhe go dtí an baile mar a raibh Eorann.

Suibhne proceeded to the place in which Eorann was.

Dodheachaidh Gúaire do sheilg an lá sin

Bhí Guaire amuigh ag seilg an lá sin.

Guaire had gone to the chase that day,

ocus ba sí conair dochúaidh co muinchinn Sléibe Fuaid

Ba é treo a ghabh sé ná ó thuaidh go dtí an bhearna i Sliabh Fuaid

and the route he took was to the pass of Sliabh Fuaid

ocus im Sgirig Chinn Ghlinne ocus im Éttan Tairb.

agus thart ar Sgirig Chinn Ghlinne agus thart ar Éadan Tairbh.

and by Sgirig Cinn Glinne and Ettan Tairbh.

As ann robaoi a longport im Glenn Bolcáin

Bhí a longfort thart ar Ghleann Bolgáin

His camp was beside Glen Bolcain

risa ráiter Glenn Chíach aniú

— a nglaoitear Gleann Chiach air inniu —

— which is called Glenn Chiach to-day —

i machaire Chineoil Ainmirech.

i machaire Chinéil Ainmireach.

in the plain of Cinel Ainmirech.

Deisidh iarumh an gheilt for fordhorus na boithe i raibhe Eorann,

Ansin shuigh an gealt síos ar fhardoras an bhotha ina raibh Eorann

Then the madman sat down upon the lintel of the hut in which Eorann was,

conadh ann itbert:

agus dúirt:

whereupon he said:

“An cumhain let a ingen,” ar sé,

“An cuimhin leat, a iníon,” ar sé,

“Do you remember, lady,

“an grádh romór dorad cach uainn dá chéle

“an grá mór a thugamar dá chéile

the great love we gave to each other

an ionbaidh robhámar imaráon?

nuair a bhí an bheirt againn le chéile?

what time we were together?

Agus is suanach sádail duit-si,” ar sé,

Agus is sona compordach duitse,” ar sé,

Easy and pleasant it is for you now,

“ocus ní headh dhamh-sa”;

“agus ní hea domsa”;

but not so for me”;

conadh an adbert Suibhne

agus dúirt Suibhne,

whereupon Suibhne said,

ocus rofhregair Eorann é:

agus Eorann á fhreagairt, an laoi seo:

and Eorann answered him (as follows):

Back to top

 

Section 32

[S.]

Suibhne:

Suibhne:

“Súanach sin, a Eorann án,

“Suanach sin, a Eorann án,

“At ease art thou, bright Eorann,

i leith leaptha red lennán,

i leith leapa led leannán

at the bedside with thy lover;

ní hionann is misi ibhus,

ní hionann is mise abhus,

not so with me here,

cian ó atú-sa ar anbfhorus.

is fada mé faoi phéin is strus.

long have I been restless.

 

 

 

Roráidhis, a Eorann oll,

Dúirt tú, a Eorann oll,

Once thou didst utter, O great Eorann,

aithesg álainn iméttrom

aitheasc álainn éadrom,

a saying pleasing and light,

co ná beitheá it bheathaidh dhe

ná beifeá id’ bheatha

that thou wouldst not survive

sgaradh énlá ré Suibhne.

scartha aon lá le Suibhne.

parted one day from Suibhne.

 

 

 

Aniú is suaithnidh co prab,

Inniu is léir go pras,

To-day, it is readily manifest,

beg let brígh do shencharad,

beag leat brí do sheancharad,

thou thinkest little of thy old friend;

te duit ar chlúimh cholcaidh cain,

te duit ar chlúmh cuilce caoin,

warm for thee on the down of a pleasant bed,

úar damh-sa amuigh co madain.”

fuar domhsa amuigh go maidin.”

cold for me abroad till morn.”

 

 

 

[E.]

Eorann:

Eorann:

“As mochen duit, a gheilt ghlan,

“Mo chean duit, a gheilt ghlan,

“Welcome to thee, thou guileless mad one,

tú is tocha d’ feruibh talman,

tú is ansa d’fhearaibh talmhan,

thou art most welcome of the men of the earth;

gidh súanach is suaill mo chlí

cé suanach, tá mo chorp gan bhrí

though at ease am I, my body is wasted

ón lá itcuala tú ar neimhní.”

ón lá a chuala tú bheith ar neamhní.”

since the day I heard of thy ruin.”

 

 

 

[S.]

Suibhne:

Suibhne:

“As tocha let mac in rígh,

“Is ansa leat mac an rí

“More welcome to thee is the king’s son

berius tú d’ól gan imshníomh,

a bheir tú ag ól gan imní,

who takes thee to feast without sorrow;

as é do thochmarc togha,

is é do rogha chun suirí

he is thy chosen wooer;

ní íarr sibh bhar senchara.”

ní iarrann sibh bhur seanchara.”

you seek not your old friend.”

 

 

 

[E.]

Eorann:

Eorann:

“Ce nombéredh mac an rígh

“Bíodh go mbéarfadh mac an rí

“Though the king’s son were to lead me

do thoigibh óil gan imshníomh,

go tithe óil mé gan imní

to blithe banqueting-halls,

ferr liom feis i ccuas cháol chroinn

fearr liom feis i gcuas caol crainn

I had liefer sleep in a tree’s narrow hollow

let, a fhir, día notcaomhsoinn.

leat, a fhir taobh lem’ chroí.

beside thee, my husband, could I do so.

 

 

 

Dá ttuctha mo rogha dhamh

Dá dtabharfaí mo rogha dhom

If my choice were given me

d’ feruibh Éirenn is Alban,

d’fhearaibh Éireann is Alban,

of the men of Erin and Alba,

ferr lem it chomair gan chol

fearr liom id’ chomhair gan chol

I had liefer bide sinless with thee

ar uisge agus ar bhiorar.”

ar uisce agus ar bhiolar.”

on water and on watercress.”

 

 

 

[S.]

Suibhne:

Suibhne:

“Ní conair do deghmhnáoi dhil,

“Ní conair do dhea-mhnaoi dhil

“No path for a beloved lady

Suibhne sunn ar sliocht imnidh

Suibhne anseo ar sliocht imní,

is that of Suibhne here on the track of care;

fuar mo leaptha ag Ard Abhla,

fuar mo leaba ag Ard Abhla

cold are my beds at Ard Abhla,

nídot terca m’ fhúaradhbha.

ní tearc mo leapacha fuara.

my cold dwellings are not few.

 

 

 

Córa duit serc agus grádh

Córa dhuit searc agus grá,

More meet for thee to bestow love and affection

don fhior ’gá táoi th’ænarán

don fhear gur tú a aonghrá

on the man with whom thou art alone

iná do gheilt ghairbh ghortaigh

ná go gheilt gharbh ghortach,

than on an uncouth and famished madman,

uathaigh, omhnaigh, urnochtaigh.”

uathach, uamhnach, urnochtach.”

horrible, fearful, stark-naked.”

 

 

 

[E.]

Eorann:

Eorann:

“Monúar ámh, a gheilt ghníomhach,

“Monuar, ámh, a gheilt ghníomhach,

“O toiling madman, ’tis my grief

do ueth éittigh imshníomhach,

do bheith gan teach imníoch,

that thou art uncomely and dejected;

saoth lem do chnes rochlói dath,

saoth liom do chneas aondatha,

I sorrow that thy skin has lost its colour,

dreasa is droighin gut rébadh.”

dreasa is draighin do do réabadh.”

briars and thorns rending thee.”

 

 

 

[S.]

Suibhne:

Suibhne:

“Ní dá chairiughadh dhamh ort,

“Ní dá choiriú dhom ort

“I blame thee not for it,

a mháothainder mháothéttrocht,

a mhaoth-ainnir, is geal lem’ chroí,

thou gentle, radiant woman;

Críst mac Muire, mór da cacht,

Críost mac Muire, mo dhíth,

Christ, Son of Mary — great bondage —

é domrad a n-éccomhnart.”

is é d’fhág mise gan neart.”

He has caused my feebleness.”

 

 

 

[E.]

Eorann:

Eorann:

“Robadh maith lem ar mbeth aræn

“Ba mhaith liom sinn araon

“I would fain that we were together,

co ttigeadh clúmh ar ar ttaobh,

go dtigeadh clúmh ar ár dtaobh,

and that feathers might grow on our bodies;

co sirfinn soirchi is doirchi

go siúlfainn gile is doircheacht

in light and darkness I would wander

let gach lá is gach énoidhche.”

leat gach lá is gach aon oíche.”

with thee each day and night.”

 

 

 

[S.]

Suibhne:

Suibhne:

“Adaigh dhamh-sa a mBoirchi bhinn,

“Oíche dhomhsa i mBoirche bhinn,

“One night I was in pleasant Boirche,

ránac Túath Inbhir áloinn,

ráinig mé Tuath Inbhir álainn,

I have reached lovely Tuath Inbhir,

rosirius Magh Fáil co fraigh,

thaistealaíos Magh Fáil ar fad,

I have wandered throughout Magh Fail,

tairlius do Cill Uí Súanaigh.”

tharla dom i gCill Uí Shuanaigh.”

I have happened on Cell Ui Suanaigh.”

S.

 

 

Back to top

 

Section 33

Ní thairnic dhó acht sin do rádh

Ní raibh ach an méid sin ráite aige

No sooner had he finished

an uair rolíon an slúagh an longphort as gach aird.

nuair a bhrúigh an slua isteach sa longfort ó gach taobh.

than the army swarmed into the camp from every quarter,

Téidsiumh iarumh ina réim romhadhma for teichedh amail ba minic leis.

Seo leis siúd, áfach, i raon reatha ar teitheadh amhail ba mhinic leis.

whereupon he set off in his headlong flight, as he had often done.

Ní roan-somh don réim sin

Nior staon sé den réim sin

He halted not in his career

co ráinic ría n-oidhchi co Ros mBeraigh

gur shroich sé Ros Bearaigh roimh oíche

until before the fall of night he arrived at Ros Bearaigh

.i. an cét-cill ag ar oiris a haithle catha Muighe Rath

— an céad chill inar mhoilligh sé tar éis cath Maighe Rath.

— the first church at which he tarried after the battle of Magh Rath —

ocus dochóidh isin iobar robhúidh isin chill.

Isteach leis sa chrann iúir a bhí sa chill.

and he went into the yew-tree which was in the church.

Muireadach mac Earca dano, as é ba hairchinneach isin cill an tan sin.

Muireadach Mac Earca a bhí ina airchinneach ar an gcill an uair sin.

Muireadach mac Earca was erenach of the church at the time,

Dorala iarum ben an oirchinnigh ag gabáil secha an iubhar

Tharla go raibh a bhean siúd ag dul thar an iúr

and his wife happened to be going past the yew

co bfaca an gheilt ann

go bhfaca sí an gealt ann

when she saw the madman in it;

ocus tuc aithne fair guruó é Suibhne robhúi ann,

agus d’aithin sí gurbh é Suibhne a bhí ann

she recognized that it was Suibhne was there

co n-ébert sí fris:

agus dúirt:

and said to him:

“Táir asin iubhar, a rí Dhál Araidhe,” ar sí,

“Tar anuas den chrann, a rí Dhal Araidhe,

“Come out of the yew, king of Dal Araidhe;

“atá baeghal áonmhná sunna agad.”

ní baol duit an t-aon bhean amháin atá anseo.”

there is but one woman before you here.”

 

 

She said so

Do ghabáil na geilti

Chun breith ar an ngealt

in order to seize the madman,

ocus dá brégadh ocus cealgadh

agus le cleas a imirt air

and to deceive and beguile him.

atrubhairt sí ind sin.

a dúirt sí sin.

 

“Nocha ragha éimh,” ar Suibhne,

“Ní thiocfad go deimhin,” arsa Suibhne,

“I will not go indeed,” said Suibhne,

“ar nachamtáir Loingseachán ocus a bhen,

“mar gheobhadh Loingseachán agus a bhean chugam;

“lest Loingseachan and his wife come to me,

ar robhúi tan

bhí tráth ann

for there was a time

ba husa dhuit aithni form-sa inás aniú”;

ab fhusa duit mé a aithint ná inniu”.

when it would have been easier for you to recognize me than it is to-day”;

conadh ann atbert na runna sa síos ann:

Agus dúirt sé na ranna seo:

whereupon he uttered these staves:

Back to top

 

Section 34

“A bhen dobheir aithne form

“A bhean do bheir aithne orm

“O woman, who dost recognize me

do rennuibh do rosg roghorm,

de reannaibh do rosc róghorm,

with the points of thy blue eyes,

robhúi tan ba ferr mo gné

bhí am nuair ab fhearr mo ghné

there was a time when my aspect was better

i n-airecht Dál Araidhé.

in oireachtas Dhál Araidhe.

in the assembly of Dal Araidhe.

 

 

 

Rochláochaighes dealbh is dath

Do chlaochlaíos dealbh is dath,

I have changed in shape and hue

ón úair tánag asin chath,

ón uair thánag as an chath,

since the hour I came out of the battle;

robo misi an Suibhne seng

ba mhise an Suibhne seang

I was the slender Suibhne

atchúaladar fir Éreand.

do chualadar fir Éireann.

of whom the men of Erin had heard.

 

 

 

Bí-si gut fhior is gut thoigh,

Bí-se ag d’fhear is ag do thigh,

Bide thou with thy husband and in thy house,

nocha biu-sa a Ros mBeraigh,

ní bheadsa i Ros Bearaigh,

I shall not tarry in Ros Bearaigh;

ní chomhracfem go bráth mbán,

ní chomhracfam go bráth bán

until holy Judgment we shall not foregather,

misi agus tusa, a bhenaccán.”   

mise is tusa, a bheanagáin.”

I and thou, O woman.”

A bhen.

 

 

Back to top

 

Section 35

Doluidh-siomh iarumh asin iubhar co héttrom æerdha

D’éirigh sé den chrann ansin go lúfar éadrom

He emerged then from the tree lightly and nimbly,

ocus tóet roimhe co ráinic isin mbile ag Ros Earcáin,

agus chuaigh roimhe go ráinig sa seanchrann ag Ros Earcáin,

and went on his way until he reached the old tree at Ros Earcain.

úair dobhádar trí dúnáruis aigi-siumh ina cclechtadh comnaidhe do dhénamh ina thír feisin

óir bhí trí dhúnáras aige ina thír féin inar ghnách leis cónaí,

(For he had three dwellings in his own country in which he was wont to reside,

.i. Teach mic Ninnedha ocus Cluain Creamha ocus Ros Earcáin.

mar atá, Teach mic Ninnedha, Cluain Creamha agus Ros Earcáin.

viz.: Teach mic Ninnedha, Cluain Creamha, and Ros Earcain).

Robháoi-siumh iarum co cenn cáocáoisi ar mhís isin iubhar sin gan airiughudh,

D’fhan sé sa chrann iúir sin ar feadh sé seachtaine gan aon duine á thabhairt faoi deara.

Thereafter for a fortnight and a month he tarried in the yew-tree without being perceived;

co frith ann a ionadh ocus a adhbha fo dheóidh,

Ach ar deireadh fuarthas amach an áit chónaithe

but at length his place and dwelling were discovered,

co ndernadh comairle ag maithibh Dhál Araidhe

agus chuaigh maithe agus móruaisle Dhál Araidhe i gcomhairle

and the nobles of Dal Araidhe took counsel

cia dorachadh da gabáil

féachaint cé ba chóir a chur á ghabháil.

as to who should go to seize him.

co nderbertatar uili ba hé Loingseachán robadh cóir do chur ann.

Dúirt cách gurbh é Loingseachán ba chóir a chur ann.

Everyone said that it was Loingseachan who should be sent.

Rogab Loingseachán immorro do láimh teacht frisin toisg sin

Ghlac Loingseachán an cúram air féin

Loingseachan undertook the task,

ocus luidh roimhe co ttáinic dochum an iubhair ina mbáoi Suibhne,

agus chuaigh sé roimhe gur bhain amach an crann iúir ina raibh Suibhne.

and he went along until he came to the yew in which Suibhne was,

conusfacaidh an gheilt ar an ccráoibh úasa.

Chonaic sé an gheilt ar an gcraobh os a chionn.

whereupon he beheld the madman on the branch above him.

“Truagh sin, a Suibhne,” ar sé,

“Trua sin, a Shuibhne,” ar sé,

“Sad is it, Suibhne,” said he,

“conadh é th’íerdraighe bheith amhlaidh sin

“gurb olc an chríoch atá ort,

“that your last plight should be thus,

gan bhíadh, gan digh,

gan bhia, gan deoch,

without food, without drink,

gan édach amail gach n-ethaid n-æerdha,

gan éadach ar nós éanlaithe an aeir,

without raiment, like any bird of the air,

ier mbeith a n-éttaighibh sróldae síregdha

tusa a bhí tráth gléasta in éadai sróil,

after having been in garments of silk and satin

ar eachaibh ána allmurdha co sríanaibh soinemhla dhuit,

ar mhuin eachaibh ón gcoigcríoch gona srianta sainiúla.

on splendid steeds from foreign lands with matchless bridles;

ocus mná málla maisecha let

Agus bhíodh farat mná mánla maiseacha

with you were women gentle and comely,

ocus iomad macaomh ocus míolchon

agus iomad macaomh agus cúnna

likewise many youths and hounds

ocus degháos gacha dána, iomad slúagh,

agus dea-aos gach dána, iomad slua,

and goodly folk of every art; many hosts,

iomdha iolarrdha d’urradhuibh ocus do tháoisechuibh

iomad de mhaithe is de mhóruaisle eile,

many and diverse nobles and chiefs,

ocus d’óigthighernaidhibh, do brughadhuibh

de thiarnaí óga, de thaoisigh óga,

and young lords, and landholders

ocus do bhiatachaibh dot réir.

de bhiataigh eile a bhíodh ag freastal ort.

and hospitallers were at your command.

Iomad cúach ocus copán

Is iomaí cuach agus cupán

Many cups and goblets

ocus benn mbreacegair mbúabhaill

agus buabhall *snoite*

and carved buffalo horns

im lennuibh somblasda so-óla let bhéos.

lán de leann sobhlasta a d’óltá.

for pleasant-flavoured and enjoyable liquors were yours also.

Dursan duit bheith fon ionnus sin

Is mairg tú a bheith *mar sin*

Sad is it for you to be in that wise

amail gach n-én ttruag ttarimtheachtach ó dhíthribh do dhíthribh.”

ar chuma gach éin id’ dhíol trua ag dul ó dhíthreabh go díthreabh.”

like unto any miserable bird going from wilderness to wilderness.”

“Leig as a le, a Loingseacháin,” ar Suibhne,

“Éirigh as anois, a Loingseacháin,” arsa Suibhne,

“Cease now, Loingseachan,” said Suibhne;

“as edh sin robhúi i ttoici dhúinn,

“sin é a bhí i ndán dúinn.

“that is what was destined for us;

ocus in bfhuilid sgéla mo thíri leat-sa dhamh?”

Ach abair, an bhfuil aon scéala agat dom óm dhúthaigh féin?”

but have you tidings for me of my country?”

“Atád éimh,” ar Loingseachan,

“Tá go deimhin,” arsa Loingseachán,

“I have in sooth,” said Loingseachan,

“uair roég th’athair.”

“óir d’éag d’athair.”

“for your father is dead.”

“Domgaibh dom fhormadh ón,” ar sé.

“Bhain sin croitheadh asam,” ar sé.

“That has seized me  .  .  .”, said he.

“Do mháthair dono dh’ ég,” ar an giolla.

“Do mháthair leis, d’éag sí,” arsa an fear óg.

“Your mother is also dead,” said the young man.

“Rohanadh dom oirchisecht a ufecht sa,” ar sé.

“Anois tá deireadh le haon trua dhom,” ar sé.

“Now all pity for me is at an end,” said he.

“Marbh do bráthair,” ar Loingseachán.

“Marbh do bhráthair,” arsa Loingseachán.

“Dead is your brother,” said Loingseachan.

“Toll mo thaobh don leith sin,” ar Suibhne.

“Sin poll im’ chliathán,” arsa Suibhne.

“Gaping is my side on that account,” said Suibhne.

“Marbh th’ingen,” ar Loingseachán.

“Marbh d’iníon,” arsa Loingseachán.

“Dead is your daughter,” said Loingseachan.

“Snáthad chroidhe dano éiningen,” ar Suibhne.

“Snáthaid chroí bás aon iníne,” arsa Suibhne.

“The heart’s needle is an only daughter,” said Suibhne.

“Marbh do mac atbeiredh ‘a phopa’ friot,” ar Loingseachán.

“Agus marbh do mhac, a thugadh ‘a phopa’ ort,” arsa Loingseachán.

“Dead is your son who used to call you ‘daddy’,” said Loingseachan.

“Fíor ón,” ar sé, “as é sin an banna dobheir an fer co lár”;

“Ó, Sin é an buille a leagann an duine ar lár,” ar seisean

“True,” said he, “that is the drop (?) which brings a man to the ground;”

conadh ann atbertsat an laoidh etarra .i. Loingseachán ocus Suibhne:

agus dúirt Loingseachán agus Suibhne an laoi seo eatarthu:

whereupon they, even Loingseachan and Suibhne, uttered this lay between them:

Back to top

 

Section 36

[L.]

Loingseachán:

Loingseachan:

“A Suibhne a Sléibh na nEach n-ard,

“A Shuibhne ó Shliabh na nEach n-ard,

“O Suibhne from lofty Sliabh na nEach,

robsat fuileach faobharghargc,

tusa led lann faobhargharg,

thou of the rough blade wert given to wounding;

ar Chríost rodchuir a ccarcra

ar son Chríost a chuir i gcarcair tú

for Christ’s sake, who hath put thee in bondage,

dámh comhrádh red chomhalta.

déan comhrá led chomh-dhalta.

grant converse with thy foster-brother.

 

 

 

Eist rium-sa má romchluini,

Éist liomsa má chluinir mé

Hearken to me if thou hearest me,

a rí rán, a ríghruire,

a rí uasail, a ardtiarna,

O splendid king, O great prince,

co n-innisinn tré mhíne

go n-inse mé go mín

so that I may relate gently

sgéla dhuit do dheighthíre.

duit scéala do dhea-thíre.

to thee tidings of thy good land.

 

 

 

Ní marthain at thír tar th’éis,

Ní beo do thír de do éis,

There is life for none in thy land after thee;

as dó tánag dá aisnéis,

an fáth gur tháing dá fhaisnéis,

it is to tell of it that I have come;

marbh do bhráthair ann co mblaidh,

marbh do bhráthair clúiteach,

dead is thy renowned brother there,

marbh th’athair is do mháthair.”

marbh d’athair is do mháthair.”

dead thy father and thy mother.”

 

 

 

[S.]

Suibhne:

Suibhne:

“Mása mharbh mo mháthair mhín

“Más marbh mo mháthair mhín

“If my gentle mother be dead,

deacraidi damh dol dom thír,

is deacraide dom dul dom’ thír,

harder is it for me to go to my land;

cían ó rochair sí mo chorp

cian ó char sí mo chorp,

’tis long since she has loved my body;

roscair sí friom oirchisecht.

scair sí uaim a comhbhá.

she has ceased to pity me.

 

 

 

Baoth comairle gach mic mhir

Baoth comhairle gach mic mhir

Foolish the counsel of each wild youth

ag nach mairid a shinnsir,

nach maireann a shinsir aige,

whose elders live not;

amail as crom craobh fo chnoibh,

amhail is crom craobh fé chnónna

like unto a branch bowed under nuts;

toll taobh ó bheith gan bhráthair.”

toll taobh ó bheith gan bhráthair.”

whoso is brotherless has a gaping side.”

 

 

 

[L.]

Loingseachán:

Loingseachan:

“Atá urbaidh oile ann

“Tá tubaiste eile ann

“There is another calamity there

cáointer ag feruibh Éireann

a chaointear ag fearaibh Éireann,

which is bewailed by the men of Erin,

cidh garbh do thaobh is do throigh,

cé garbh do thaobh is do throigh,

though uncouth be thy side and thy foot,

marbh do bhen chaomh dot chumaidh.”

marbh do bhean chaomh ded chumha.”

dead is thy fair wife of grief for thee.”

 

 

 

[S.]

Suibhne:

Suibhne:

“Tigedhus do bheith gan mnáoi,

“Teach do bheith gan mnaoi,

“For a household to be without a wife

as iomramh luinge gan láoi,

is iomramh loinge gan stiúir,

is rowing a rudderless boat,

as cadúdh (?) clúimhe re cnes,

is teolaíocht clúimhe le cneas,

’tis a garb of feathers to the skin,

as adúdh re hénoires.”

nó adú gan teannáil.”

’tis kindling a single fire.”

 

 

 

[L.]

Loingseachán:

Loingseachan:

“Atchúala sgél n-uathmar n-ard

“Do chúala scéal uafar ard

“I have heard a fearful and loud tale

ima raibhe gul glégharg,

a raibh uime gol glégharg,

around which was a clear, fierce wail,

as dorn im dhíaidh cia bé dhe

is dorn um dheatach duit é

’tis a fist round smoke, however,

atáoi gan tshíair, a Suibhne.”

táir gan siúr, a Shuibhne.”

thou art without sister, O Suibhne.”

 

 

 

[S.]

Suibhne:

Suibhne:

“Seinbhríathar so, serb an snomh,

“Seanbhriathar seo, cé searbh,

“A proverb this, bitter the  .  .  .  —

nocha lium-sa as airfidiudh,

ní ceol im’ chluasa sin,

it has no delight for me —

anaidh grían chiúin in gach cladh,

fanann grian chiúin ar gach claí,

the mild sun rests on every ditch,

caraidh siúr cen co ccarthar.”

gránn siúr d’éagmais ceana.”

a sister loves though she be not loved.”

 

 

 

[L.]

Loingseachán:

Loingseachan:

“Nocha legar laoigh co búaibh

“Ní ligtear laoi le buaibh

“Calves are not let to cows

agoinn i nAruidhe uair,

againne in Araidhe fuar,

amongst us in cold Araidhe

ós marbh th’ingen chaomh rodchar

ós marbh d’iníon chaomh an cheana

since thy gentle daughter, who has loved thee died,

maráon is mac do sheathar.”

mar aon le mac do dheirféarach.”

likewise thy sister’s son.”

 

 

 

[S.]

Suibhne:

Suibhne:

“Mac mo shethar is mo chú,

“Mac mo shiúir is mo chú

“My sister’s son and my hound,

nocham ttréigfittís ar bhú,

ní thréigfeadh mé ar ór ná clú,

they would not forsake me for wealth,

as táthad uilc re himnedh,

is táthú oilc le himní,

’tis adding loss to sorrow;

snáthad chroidhe éninghen.”

snáthaid chroí aon iníon.”

the heart’s needle is an only daughter.”

 

 

 

[L.]

Loingseachán:

Loingseachan:

“Atá sgél eile co mbloidh,

“Tá scéal mór eile fós,

“There is another famous story —

as leasg lem a innisin,

is leasc liom a insint,

loth am I to tell it —

fir Aradh go ngaoineimh nglic

fir Araidhe, go huile

meetly are the men of the Arada

atád ag cáoineadh th’énmhic.”

atáid ag caoineadh d’aonmhic.”

bewailing thy only son.”

 

 

 

[S.]

Suibhne:

Suibhne:

“As é sin an banna co mbloidh

“Is é sin an titim mhór

“That is the renowned drop (?)

dobheir an fer co talmain,

a bheir an fear go talamh

which brings a man to the ground,

mac beg adberedh ‘popa’

mac beag a deireadh ‘popa’

that his little son who used to say ‘daddy’

do ueith oga gan anmain.

do bheith anois gan anam.

should be without life.

 

 

 

Romfritháil chugad don chraoibh,

Thug sin chugat mé den chraoibh,

It has called me to thee from the tree,

súaill nacha nderna anmáoin,

beag a ndearna mé de mhísc,

scarce have I caused enmity,

nocha nfuil[n]ghim thúas don beirt

ní fhéadaim fulaingt thuas den bheart

I cannot bear up against the blow

ó rochuala tásg mh’éinmhic.”

ó chuala uait tásc m’aonmhic.”

since I heard the tidings of my only son.”

 

 

 

[L.]

Loingseachán:

Loingseachan:

“Ó doriachtais, a laoich láin,

“Ó do shroichis, a laoich láin,

“Since thou hast come, O splendid warrior,

eidir dí láimh Loingseacháin

idir dhá láimh Loingseacháin,

within Loingseachan’s hands,

mairidh do mhuintir uile

maireann do mhuintir uile,

all thy folk are alive,

a ua Eachach Sálbhuidhe.

a ua Eachach Sálbhuidhe.

O scion of Eochu Salbuidhe.

 

 

 

Bí it tocht, tigeadh do chiall,

Bí id’ thost, tagadh do chiall

Be still, let thy sense come,

thoir atá do theach is ní thiar,

thoir atá do theach is ní thiar,

in the east is thy house, not in the west,

fada ód thír tángais a lle,

fada ód’ thír thángais i leith,

far from thy land thou hast come hither,

as é so a fhíor, a Suibhne.

ráiteas fíor, a Shuibhne.

this is the truth, O Suibhne.

 

 

 

Aoibhne leat eitir dhamaibh

Aoibhne leat idir dhamha

More delightful deemest thou to be amongst deer

i feadhuibh i fidbhadhaibh,

i gcrainnte i bhfeánna,

in woods and forests

iná codladh it dhún thoir,

ná codladh id’ dhún thoir,

than sleeping in thy stronghold in the east

ar chlúimh agus ar cholcaidh.

ar chlúmh agus ar chuilcí.

on a bed of down.

 

 

 

Ferr let bheth ar chraoibh chuilinn  

Fearr leat bheith ar chraobh chuilinn

Better deemest thou to be on a holly-branch

i ttaoibh linni an lúathmhuilinn

le taobh linne an luathmhuilinn

beside the swift mill’s pond,

iná bheith a ngrinne ghlan,

ná bheith i gcomhluadar glan,

than to be in choice company

is gille óga it fharradh.

is giollaí óga id’ fharradh.

with young fellows about thee.

 

 

 

Da ccodailteá i ccígibh cnoc

Dá gcodailteá i gcíocha cnoc

If thou wert to sleep in the bosom of hills

re tédaibh míne mennchrot,

le téadaibh míne meannchrot,

to the soft strings of lutes,

binni leat fo bharr doiri

binne leat fá bharr doire

more sweet wouldst thou deem under the oak-wood

cronán dhaimh dhuinn dhamh-ghoiri.

cronán daimh dhoinn dhamhghaire.

the belling of the brown stag of the herd.

 

 

 

At lúaithe ná gaoth tar glenn,

Luaithe tú ná gaoth thar gleann,

Thou art fleeter than the wind across the valley,

as tú éingheilt na hÉirenn,

is tú aongheilt na hÉireann,

thou art the famous madman of Erin,

glédonn th’ aobh, tasci a lle,

glédonn do aoibh, tairse i leith,

brilliant in thy beauty, come hither,

bat ségonn saor, a Suibhne.”

b’uasal saor tú, a Shuibhne.”

O Suibhne, thou wast a noble champion.”

A.S.

 

 

Back to top

 

Section 37

Atróchair éimh Suibhni asin iubhar

 

 

ó rochuala tásg a éinmhic,

Ach ar chuala Suibhne scéal a aon mhic

When Suibhne heard tidings of his only son,

 

thit sé anuas den iúir.

he fell from the yew,

gur ro-iadh Loingseachán a dhá láimh thairis

D’iaigh Loingseachán a dhá láimh timpeall air

whereupon Loingseachan closed his arms around him

ocus rochuir cuibhreach fora lámhaibh.

agus chuir cuibhreacha ar a lámha.

and put manacles on him.

Ro-innis dó iaromh a muinter do mharthain uile

Dúirt sé leis ansin go raibh a mhuintir go léir beo

He then told him that all his people lived;

ocus rug leis é gusin ionadh i rabhadar maithe Dhál Araidhe.

agus thug leis é go dtí an áit mar a raibh maithe Dhál Araidhe.

and he took him to the place in which the nobles of Dal Araidhe were.

Tucaid dono glais ocus gébhenna eaturra aca-somh faoi Suibhne

Thugadar siúd glais agus géibheanna leo le cur ar Shuibhne,

They brought with them locks and fetters to put on Suibhne,

ocus roherbadh do Loingseachán a breith leis

agus thugadar ar láimh do Loingseachán é

and he was entrusted to Loingseachan to take him with him

co cenn caocaoisi ar mhís.

ar feadh sé seachtaine.

for a fortnight and a month.

Ruc-sumh iarum Suibhne leis

Thug seisean Suibhne leis

He took Suibhne away,

ocus robhádar maithe an chúigedh

agus bhíodh maithe agus móruaisle an chúige

and the nobles of the province

chuigi ocus úadha frisin ré sin.

ag teacht agus ag imeacht i rith an ama.

were coming and going during that time;

Táinic trá a chiall ocus a chuimhne dhó

 

 

a ffoircenn na rée sin.

Ag deireadh na tréimhse sin

and at the end of it

 

tháinig a chiall agus a chuimhne chuige

his sense and memory came to him,

Táinic bheós a chruth ocus a dhealbh budhdhéin dó.

agus fiú a chruth agus a dhealbh féin.

likewise his own shape and guise.

Robhenaid a chuibhrighe de

Baineadh na cuibhreacha de ansin

They took his bonds off him,

ocus rosamhlaidhedh [a ríghe] fris.

agus léiríodh a dhealramh Ríoga.

and his kingship was manifest.

Táinic ionbaidh fhoghamhair ann fáoi sin

Bhí aimsir an fhómhair tagtha anois

Harvest-time came then,

ocus luidh Loingseachán cona muinter [do bhuain] lá n-ann.

agus lá amháin chuaigh Loingseachán lena mhuintir dá bhaint.

and one day Loingseachan went with his people to reap.

Rocuiredh eision a ttuilg Loingseacháin

Fágadh Suibhne i seomra codlata Loingseacháin

Suibhne was put in Loingseachan’s bed-room

iar mbéin a glais de

tar éis na glais a bheith bainte de

after his bonds were taken off him,

ocus ar ttecht a chéille dhó.

agus a chiall a bheith tagtha dó.

and his sense had come back to him.

Rohíadhadh an tuilg fair

Iadh an seomra *air*

The bed-room was shut on him

ocus níor fágbadh neach ina fharradh acht an chailleach namá .i. cailleach an mhuilinn

agus níor fágadh aon duine fairis ach cailleach an mhuilinn

and nobody was left with him but the mill-hag,

ocus rohaithnidhedh dhí gan comhrádh do shoighin ar Suibhne.

agus ordaíodh di gan aon comhrá a bheith aici leis.

and she was enjoined not to attempt to speak to him.

Ara áoi sin roshoigh sí cóir chomhráidh air-siomh co rofhiafraigh

Ach ina dhiaidh sin labhair sí leis agus d’iarr air

Nevertheless she spoke to him, asking him

ní día imthechtuibh dhe oiread robhaoi ar gealtacht.

chuid eachtraí le linn a ghealtachta a insint di.

to tell some of his adventures while he was in a state of madness.

“Mallacht for do bhél, a chailleach,” ar Suibhne,

“Mallacht ar do bhéal, *a chailleach,*” arsa Suibhne

“A curse on your mouth, hag,” said Suibhne;

“as olc a n-abra,

“is olc a ndeir tú;

“ill is what you say;

ní léigfi Día mo bheith-si for gealtacht doridhisi.”

ní ligfidh Dia dom imeacht ar gealtacht arís.”

God will not suffer me to go mad again.”

“Maith a fios agum-sa,” ar an chailleach,

“Is maith atá a fhios agamsa,” arsa an chailleach,

“I know well,” said the hag,

“gurab é sárugudh Rónáin

“gurb é sarú Rónáin

“that it was the outrage done to Ronan

fodera duit dul for gealtacht.”

faoi deara duit dul ar gealtacht.”

that drove you to madness.”

“A bhen,” ar sé, “is gránna duit beth gom brath ocus gom bíathadh.”

“A bhean,” ar sé, “is olc an mhaise duit é bheith im’ bhrath agus im’ bhiathadh.”

“O woman,” said he, “it is hateful that you should be betraying and luring me.”

“Nocha brath edir,” ar sí, “acht fírinne”;

“Ní brath é,” ar sise, “ach an fhírinne.”

“It is not betrayal at all but truth”;

ocus adúbairt Suibhne:

Agus dúirt Suibhne:

and Suibhne said:

Back to top

 

Section 38

[S.]

Suibhne:

Suibhne:

“A chailleach an mhuilinn thall,

“A chailleach an mhuilinn thall

“O hag of yonder mill,

cid duit mo chor ar imrall?

tuige mo chur ar iomrall?

why shouldst thou set me astray?

nach meabhail deit tré bháigh mban

nách meabhail duit trí bhá ban

is it not deceitful of thee that, through women,

mo brath agus mo biathadh?”

mé bhrath agus mé mhealladh?”

I should be betrayed and lured?”

 

 

 

[A.]

An Chailleach:

The hag:

“Nocha misi dobhraith thú,

“Ní mise a bhraith tú,

“Tis not I who betrayed thee,

a Shuiune, cidh caomh do chlú,

a Shuibhne, cé caomh do chlú,

O Suibhne, though fair thy fame,

acht ferta Rónáin do nimh

acht fearta Rónáin ó Neamh

but the miracles of Ronan from Heaven

rolá it gheilt eidir ghealtuibh.”

a chuir tú id’ ghealt le gealtaibh.”

which drove thee to madness among madmen.”

 

 

 

[S.]

Suibhne:

Suibhne:

“Dá madh misi is go madh mé

“Dá mba mise, is go mba mé

“Were it myself, and would it were I,

badh rígh ar Dhál Araidhé,

ba rí ar Dhál Araidhe,

that were king of Dal Araidhe

robudh mana duirn tar smech,

ba chomartha sin ar dhorn sa smig;

it were a reason for a blow across a chin;

nochatfia cuirm, a chaillech.”

ní chaithfeá coirm, a chailleach.”

thou shalt not have a feast, O hag.”

A chaillech.

 

 

Back to top

 

Section 39

“A chailleach,” ar sé,

“A chailleach,” ar sé,

“O hag,” said he,

“is mór do dheacraibh fuarus-sa dá ufestá-sa é,

“is mór iad na deachrachtaí a bhuail liomsa dá mbeadh a fhios agat.

“great are the hardships I have encountered if you but knew;

mór léim ndoiligh rolinges-sa

Is iomaí léim fíochmhar a thugas-sa

many a dreadful leap have I leaped

ó gach diongna ocus ó gach dionn,

ó chnoc go cnoc, ó dhún go dún,

from hill to hill, from fortress to fortress,

ó gach fuithir ocus ó gach fáinghlenn di aroile.”

*ó fhearann go fearann,* ó ghleann go gleann.”

from land to land, from valley to valley.”

“Ar Día friot,” ar an chaillech,

“Ar son Dé,” arsa an chailleach,

“For God’s sake,” said the hag,

“ling dúinn léim dona léimennuibh sin anois

“tóg ceann de léimeanna sin anois

“leap for us now one of the leaps

rolingtheá it ghealtacht.”

a thóg tú is tú id’ ghealt.”

you used to leap when you were mad.”

Rolincc-siomh iarumh léim tar colbha na tuilgi

Iar sin léim sé thar ráille na leapan

Thereupon he bounded over the bed-rail

co ráinic cenn na hairidhni síos.

gur shroich deireadh an bhínse.

so that he reached the end of the bench.

“Mo chubhuis éimh,” ar an chaillech,

“Ar mo choinsias,” arsa an chailleach,

“My conscience,” said the hag,

“rolingfinn-si féin an léim sin.”

“d’fhéadfainn an léim sin a thabhairt mé fhéin.”

“I could leap that myself,”

Roling sí ón fón ccuma cédna.

Agus rinne sí amhlaidh.

and in the same manner she did so.

Roling-siomh léim eile dar forlés na bruighniu amach.

Thóg Suibhne léim eile amach trí fhuinneog dhíon na bruíne.

He took another leap out through the skylight of the hostel.

“Rolin[g]finn-si dono sin,” ar an chaillech,

“D’fhéadfainnse é sin a dhéanamh chomh maith,” arsa an chailleach,

“I could leap that too,” said the hag,

ocus roling fo cédóir.

rud a dhein sí ar an bpointe.

and straightway she leaped.

Acht chena ba sedh a chumair.

Ach níl anseo ach achroimre.

This, however, is a summary of it:

Roshir Suibhne cúig tríocha chéd Dhál Araidhe roimpe an lá sin

An lá úd thaistil Shuibhne cúig tríocha céad Dhál Araidhe

Suibhne travelled through five cantreds of Dal Araidhe that day

co ráinic Glenn na nEachtach i Fidh Gaibhle

go ráinig go Gleann na nEachtach i bhFiodh Gaibhle

until he arrived at Glenn na nEachtach in Fiodh Gaibhle,

ocus rolen sí é frisin ré sin.

agus lean an chailleach é an t-am ar fad.

and she followed him all that time.

Ó rothairis Suibhne ar barr craoibhe urairde eidhnighe annsin,

Nuair a thuirling Suibhne ar bharr craoibhe airde eidhneáin

When Suibhne rested there on the summit of a tall ivy-branch,

rothairis an chaillech ar crann eile ina fharradh;

thuirling an chailleach ar chrann eile in aice leis.

the hag rested on another tree beside him.

a nderedh an fhóghamhair do sunnradh ind sin,

Bhí deireadh an fhómhair go cruinn tagtha an tráth sin.

It was then the end of harvest-time precisely.

conadh ann atchuala Suibhne gáir shealga na sochaidhe ind-imeal an fheadha.

Go tobann chuala Suibhne gáir sheilge an tslua ar imeall na coille.

Thereupon Suibhne heard a hunting-call of a multitude in the verge of the wood.

“Gáir mórshluaig so,” ar sé,

“Sin gáir mhórshlua,” ar seisean,

“This,” said he, “is the cry of a great host,

“ocus as iad Úi Faeláin failet ann ag techt dom mharbadh-sa

“sin iad muintir Uibh Fhaoláin ag teacht chun mé a mharú,

and they are the Ui Faelain coming to kill me

a ndíoghail Oiliolla Cédaigh

ag baint díoltais amach as Oilill Céadach,

to avenge Oilill Cedach,

.i. rígh Ua bFæláin romharbhus-sa i ccath Muighe Rath.”

rí Uibh Fhaoláin, a mharaíos i gcath Maighe Rath.”

king of the Ui Faelain, whom I slew in the battle of Magh Rath.”

Atchúalaidhsiomh búiriudh an doimh alla,

Chuala sé búirtheach an daimh alla

He heard the bellowing of the stag,

ocus dorinni an laoidh ocus tuc testmolta crann Éirenn ós aird innte

agus rinne sé an laoi seo síos ag moladh go hard crainn na hÉireann

and he made a lay wherein he eulogized aloud the trees of Ireland,

ocus ag foraithmheadh araill dia dheacruibh ocus dia imshníomh budhdhéin;

agus ag meabhrú a chuid cruatain agus anró féin

and, recalling some of his own hardships and sorrows,

go ndébairt annso:

*go ndúirt*:

he said:

Back to top

 

Section 40

“A bhennáin, a bhúiredháin,

“A bheannáin ag búireach,

“O little stag, thou little bleating one,

a bhéiceadháin bintt,

a bhéiceacháin bhinn,

O melodious little clamourer,

is binn linn an cúicherán

is binn linn an chuachaireacht

sweet to us is the music

do[g]ní tú ’san ghlintt.

do-ní tú sa ghlinn.

thou makest in the glen.

 

 

 

Eólchaire mo mhendatáin

Ag tnúth lem’ thigín beag

Longing for my little home

dorala ar mo chéill,

tá ag cur ar mo chéill,

has come on my senses —

na lois isin machaire,

na tréada sa mhachaire

the flocks in the plain,

na hois isin tshléibh.

na fianna sa tsléibh.

the deer on the mountain.

 

 

 

A dhair dhosach dhuilledhach,

A dhair dhosach dhuilleach,

Thou oak, bushy, leafy,

at ard ós cionn croinn;

is ard os cionn crainn;

thou art high beyond trees;

a cholláin, a chraobhacháin,

a choll-chrainn, a chraobhacháin,

O hazlet, little branching one,

a chomhra cnó cuill.

a chomhra cnó coill.

O fragrance of hazel-nuts.

 

 

 

A fhern, nídot náimhdidhe,

A chrainn fearna, ní namhaid tú

O alder, thou art not hostile,

as áloinn do lí,

is álainn do líth,

delightful is thy hue,

nídat cuma sceó sceanbaidhi

ní sceo deilgneach do chuma

thou art not rending and prickling

ar an mbeirn a mbí.

ar an mbearna a mbí.

in the gap wherein thou art.

 

 

 

A dhroighnéin, a dhealgnacháin,

A dhraighneáin tá deilgneach,

O little blackthorn, little thorny one;

a áirneacháin duibh,

a chrainn airne dhuibh,

O little black sloe-tree;

a bhiorair, a bharrghlasáin,

a bhiolair, a bharrghlasáin,

O watercress, little green-topped one,

do bhrú thobair luin.

do bhrú thobair loin.

from the brink of the ousel (?) spring.

 

 

 

A mhínén na conaire

A mhionáin na conaire

O minen of the pathway,

at millsi gach luibh,

is milse thar gach luibh,

thou art sweet beyond herbs,

a ghlasáin, a adhghlasáin,

a ghlas-phlanda adhghlas,

O little green one, very green one,

a lus forsa mbí in t-shuibh.

a lus mar a mbí an tsuibh.

O herb on which grows the strawberry.

 

 

 

A abhall, a abhlachóg,

A chrainn úll, a úll-chrainn,

O apple-tree, little apple-tree,

trén rotchraithenn cách,

tréan a chroitheann cách;

much art thou shaken;

a chaerthainn, a chaeirecháin,

a chaorthainn lán caora,

O quicken, little berried one,

as áloinn do bhláth.

is álainn do bhláth.

delightful is thy bloom.

 

 

 

A dhriseóg, a dhruimnechóg,

A dhriseog tá droimneach,

O briar, little arched one,

ní damha cert cuir,

ní thugair ceart dom,

thou grantest no fair terms,

ní ana gum leadradh-sa

ní stadair dom leadradhsa

thou ceasest not to tear me,

gursat lomlán d’fuil.

go mbím lomlán d’fuil.

till thou hast thy fill of blood.

 

 

 

A iubhair, a iubhracháin,

A iúir, a iúir mo chroí,

O yew-tree, little yew-tree,

i rei[l]gibh bat réil,

i reiligí táir geal,

in churchyards thou art conspicuous;

a eidhinn, a eidhneacháin,

a eidhneáin, a eidhinn, a chuid

O ivy, little ivy,

at gnáth a ccoill chéir.

is gnáth i gcoill chiar.

thou art familiar in the dusky wood.

 

 

 

A chuilinn, a chlithmharáin,

A chuilinn, a chrainn chluthair

O holly, little sheltering one,

a chomhla re gáoith,

a chomhla ar an ngaoith;

thou door against the wind;

a uinnes, a urbhadach,

a fhuinseog, a scriostóir,

O ash-tree, thou baleful one,

a arm lámha láoich.

a arm lámha laoich.

hand-weapon of a warrior.

 

 

 

A bheithi bláith bennachtach,

A bheith mhín bheannachtach,

O birch, smooth and blessed,

a bhorrfadaigh bhinn,

ag borradh go binn,

thou melodious, proud one,

áluinn gach craobh cengailteach

álainn gach craobh cheangailteach

delightful each entwining branch

i mullach do chinn.

i mullach do chinn.

in the top of thy crown.

 

 

 

Crithach ara criothugudh,

Crann creathach ar crith,

The aspen a-trembling;

atchluinim ma seach

cluinim gach re seal,

by turns I hear

a duille for riothugudh,

a duille ag tréan-rith,

its leaves a-racing —

dar leam as í an chreach.

dar liom is í an chreach.

meseems ’tis the foray.

 

 

 

Mo mhioscais i fidhbadhuibh,

Mo mhioscais i gcoillte,

My aversion in woods —

ní cheilim ar chách,

ní cheilim ar chách,

I conceal it not from anyone —

gamhnach dharach duilleadhach

buinneán de dhair dhuilleach

is the leafy stirk of an oak

ar siubhal go gnáth.

ar suaitheadh go gnáth.

swaying evermore. (?)

 

 

 

As olc sén ar mhilles-sa

Is olc séan ar mhilleas-sa

Ill-hap by which I outraged

oineach Rónáin Fhinn,

oineach Rónáin Fhinn,

the honour of Ronan Finn,

a fherta rombúaidhretar,

a fherta do bhuair mé

his miracles have troubled me,

a chlogáin ón chill.

a chlogáin ón chill.

his little bells from the church.

 

 

 

As olc sén a fúarus-sa

Is olc séan a fuaireas-sa

Ill-omened I found

earradh Conghail chóir,

airm Chonghail chóir,

the armour of upright Congal,

a ionar caomh cumhdachtghlan

a ionar caomh cumhdach-ghlan

his sheltering, bright tunic

co ccortharaibh óir.

lena chiumhaiseanna óir.

with selvages of gold.

 

 

 

Rob é guth gach aenduine

Dob é guth gach aon duine

It was a saying of each one

don t-shlóg dhédla daith,

den slua cróga mear:

of the valiant, active host:

‘na tegh uaibh fán ccaelmhuine

‘ná téadh uaibh fán gcaolmhuine

‘Let not escape from you through the narrow copse

fer an ionair mhaith.’

fear an ionair mhaith.’

the man of the goodly tunic.’

 

 

 

‘Gonaidh, marbaidh, airligidh,

‘Gonaíg’, maraíg’, déanaíg’ ár air

‘Wound, kill, slaughter,

gabhaid uile a eill,

gabhadh an uile dhuine a sheans,

let all of you take advantage of him;

cuiridh é, cidh lór do chion,

cuiríg’ é cé mór do chion,

put him, though it is great guilt,

ar bior is ar beinn.’

ar bior is ar beann.’

on spit and on spike.’

 

 

 

Na marcaigh dom tharrachtain

Na marcaigh ag teacht suas liom

The horsemen pursuing me

dar Magh Cobha cruinn,

thar Maigh Cobha cruinn,

across round Magh Cobha,

ní roich úaidhibh aenurchar

ní shroicheann urchar uathu

no cast from them reaches

dhamh-sa dar mo dhruim.

mise i mo dhroim.

me through my back.

 

 

 

Ag dula dar eidhneachuibh,

Ag dul thar eidhneachaibh,

Going through the ivy-trees —

ní cheilim, a láoich,

ní cheilim, a laoich,

I conceal it not, O warrior —

degurchar na gothnaide

dea-urchar an ghaithín

like good cast of a spear

dhamh-sa résan ngáoith.

dhomhsa leis an ngaoith.

I went with the wind.

 

 

 

A ellteóg, a luirgnechóg,

A eilit óg, a loirgneachóg,

O little fawn, O little long-legged one,

fuarus-sa do ghreim,

fuaireas-sa do ghreim,

I was able to catch thee

misi ort ag marcaighecht

mise ort ag marcaíocht

riding upon thee

as gach beinn a mbeinn.

as gach beinn a mbeinn.

from one peak to another.

 

 

 

Ó Charn Cornáin comhramhach

Ó Charn Cornáin caithréimeach

From Carn Cornan of the contests

co beinn Slébhe Níadh,

go beann Sléibhe Niadh,

to the summit of Sliabh Niadh,

o bheinn Slébhi Uillinne

ó bheann Sléibhe Uillinne

from the summit of Sliabh Uillinne

rigim Crota Clíach.

sroichim Crota Cliach.

I reach Crota Cliach.

 

 

 

Ó Chrotaibh Clíach comhdhála

Ó Chrotaibh Cliach comhdhála

From Crota Cliach of assemblies

co Carn Lifthi Luirc

co Carn Life Luirc,

to Carn Liffi of Leinster,

rigim ré tráth iarnóna

sroichim roimh tráth iarnóna

I arrive before eventide

co Beinn Ghulbain ghuirt.

go Beinn Ghulbain ghoirt.

in bitter Benn Gulbain.

 

 

 

M’adhaigh ría ccath Conghaile,

M’oíche roimh chath Conghaile,

My night before the battle of Congal,

roba síorsan lem,

bhí an t-ádh liom ann,

I deemed it fortunate,

síu nobheinn for udmhaille

sula mbeinn go míshocair

before I restlessly

ag siredh na mbenn.

ag taisteal na mbeann.

wandered over the mountain-peaks.

 

 

 

Glenn mBolcáin mo bhithárus,

Gleann Bolcáin mo bhitháras,

Glen Bolcain, my constant abode,

fíor fuarus a greim,

fíor fuarus a greim;

’twas a boon to me,

mór n-oidhchi rofriothálus

is iomaí oíche thugas ann

many a night have I attempted

rioth roithrén re beinn.

ag rith ó bheann go beann.

a stern race against the peak.

 

 

 

Dá sirinn am aonaidhe

Dá siúlfainn im’ aonar

If I were to wander alone

sléibhti domhain duinn,

sléibhte domhain doinn,

the mountains of the brown world,

ferr liom ionadh aonboithe

fearr liom ionad aon-bhoithe

better would I deem the site of a single hut

i nGlionn Bolcáin buirr.

i nGleann Bolcáin rómhór.

in the Glen of mighty Bolcan.

 

 

 

Maith a uisci iodhanghlas,

Maith a uisce íonghlas,

Good its water pure-green,

maith a ghaoth ghlan gharg,

maith a ghaoth ghlan gharg,

good its clean, fierce wind,

maith a bhiorar biorurglass,

maith a bhiolar biolarghlas,

good its cress-green watercress,

ferr a fhothlacht ard.

fearr a fhochlacht ard.

best its tall brooklime.

 

 

 

Maith a eidhnech iodhnaidhe,

Maith a eidhneann fadsaolach,

Good its enduring ivy-trees,

maith a shoil ghlan grinn,

maith a shail ghlan ghrinn,

good its bright, cheerful sallow,

maith a iubhar iubraidhe,

maith a iúr tá iúrach,

good its yewy yews,

ferr a bheithe binnd.

fearr a bheithe binn.

best its melodious birch.

 

 

 

Dá ttíosta-sa, a Loingseacháin,

Dá dtiocfása, a Loingseacháin,

If thou shouldst come, O Loingseachan,

chugum in gach riocht,

chugam i ngach riocht,

to me in every guise,

gach n-oidhche dom agallaimh

gach oíche ag labhairt liom

each night to talk to me,

bés ní anfainn friot.

fós ní fhanfainn leat.

perchance I would not tarry for thee.

 

 

 

Ní anfainn re t’ agallaimh

Ní fhanfainn le d’agallamh

I would not have tarried to speak to thee

munbadh sgél romgétt,

murach an scéal do ghoin mé,

were it not for the tale which has wounded me —

athair, máthair, ingen, mhac,

athair, máthair, iníon, mac,

father, mother, daughter, son,

bráthair, ben balc d’écc.

bráthair, tréan-bhean d’éag.

brother, strong wife dead.

 

 

 

Dá ttisteá dom agallaimh

Dá dtiocfá ag labhairt liom

If thou shouldst come to speak to me,

ní budh fer[r]de leam,

níorbh fhearrde liomsa sin

no better would I deem it;

rosirfinn ria madanraidh

do shiúlfainn roimh an maidneachan

I would wander before morn

sléibhti Boirchi benn.

sléibhte Boirche beinn.

the mountains of Boirche of peaks.

 

 

 

Do mhuilenn an mheanmaráin

Do mhuileann min-mheilteach

By the mill of the little floury one (?)

domheilte do thúaith,

domheilte do thuaith,

thy folk has been ground, (?)

a thrúagháin, a thuirseacháin,

a thruáin, a thuirseacháin,

O wretched one, O weary one,

a Luingseacháin lúaith.

a Loingseacháin luaith.

O swift Loingseachan.

 

 

 

A chailleach an mhuilinn-si,

A chailleach an mhuilinn seo

O hag of this mill,

cidh ’mongeibhe mh’eill?

cé go bhfaighir mé ar faill?

why dost thou take advantage of me?

mh’ égnach duit itchluinim-si,

ag magadh fúm a chluinim tú,

I hear thee revile me,

is tú amuigh ar an mbeinn.

is tú amuigh ar an mbeinn.

even when thou art out on the mountain.

 

 

 

A chailleach, a chuirrchennach,

A chailleach, a chorrcheannach,

O hag, O round-headed one, (?)

an ragha for each?”

an rachfá ar each?”

wilt thou go on a steed?”

[A.]

An Chailleach:

The hag:

“Noraghainn, a thuirrchennach,

“Do rachfainn, a ghliogarcheann,

“I would go, O fool-head (?)

munam faicinn neach.

mura bhfeicfí mé ag neach.

if no one were to see me.

 

 

 

Dá ndeachar, a Shuibhneacháin,

Dá rachfainn, a Shuibhneacháin,

O Suibhne, if I go,

rob soraidh mo léim.”

ba shona mo léim.”

may my leap be successful.”

[S.]

Suibhne:

Suibhne:

“Dá ttóra-sa, a chaillcheacháin,

“Má théann tú, a chailleacháin

“If thou shouldst come, O hag,

ní ris sís slán céill.”

nára slán agat do chéill.”

mayst thou not dismount full of sense.”(?)

 

 

 

[A.]

An Chailleach:

The hag:

“Ní cóir éimh a n-abraidh-si,

“Ní cóir ámh a n-abrairse,

“In sooth, not just is what thou sayest,

a mhic Colmáin Chais,

a mhic Colmáin Chais,

thou son of Colman Cas;

nach ferrdi mo mharcachus

nach fearr de mharcach mise

is not my riding better

gan tuitim tar mh’ais?”

gan titim thar m’ais?”

without falling back?”

 

 

 

[S.]

Suibhne:

Suibhne:

“As cóir éimh a n-abraim-si,

“Is cóir ámh a n-abraimse,

“Just, in sooth, is what I say,

a chailleach gan chéill,

a chailleach gan chéill,

O hag without sense;

demhan agat th’aidhmilliudh,

deamhan do d’adhmhilleadh,

a demon is ruining thee,

romillis fadhéin.”

do mhillis tú féin.”

thou hast ruined thyself.”

 

 

 

[A.]

An Chailleach:

The hag:

“Nach ferrde let mh’ealadhain,

“Nach fearrde leat m’ealaín,

“Dost thou not deem my arts better,

a ghelt shaerrdha sheng,

a gheilt shaorga sheang,

thou noble, slender madman,

mo beth agat lenamain

mé bheith ag do leanúint

that I should be following thee

a mullaighibh na mbenn?”

i mullaí na mbeann?”

from the tops of the mountains?”

 

 

 

[S.]

Suibhne:

Suibhne:

“Dosán eidhinn iomúallach

“Dosán eidhinn im-uallach

“A proud ivy-bush

fásas tré chrann chas,

fhásas trí chrann cas,

which grows through a twisted tree —

dá mbeinn-si ’na certmhullach

dá mbeinnse ’na cheartmhullach,

if I were right on its summit,

noághsainn techt ass.

ní leomhfainn teacht as.

I would fear to come out.

 

 

 

Teichim riasna huiseóga,

Teithim roimh na fuiseoga,

I flee before the skylarks —

as é an trénrioth tenn,

sin é an tréanrith teann,

’tis a stern, great race —

lingim tar na guiseóga

lingim thar na gasanna

I leap over the stumps

a mullaighibh benn.

a mullaí na mbeann.

on the tops of the mountains.

 

 

 

Fer[a]n eidhinn iomuallach

Fear eidhinn im-uallach

When the proud turtle-dove

an tan éirghius duinn,

an t-am éiríonn dúinn,

rises for us,

goirid bhím da ttarrachtain

gairid dom teacht suas leis

quickly do I overtake it

ó rofás mo chlúimh.

ó d’fhás orm mo chlúmh.

since my feathers have grown.

 

 

 

Creabhar osccar antuiccseach

Creabhar aineolach antuigseach

The silly, foolish woodcock

an tan éirghius damh,

an t-am éiríonn dom,

when it rises for me

indar liom as dergnámha

dar liom is deargnamhaid

methinks ’tis a bitter foe,

an lon do[g]ní an sgal.

an lon do-ní an scol.

the blackbird (too) that gives the cry of alarm.

 

 

 

Gach áonúair rolinginn-si

Gach aon uair a linginnse

Every time I would bound

co mbinn ar an lár,

go mbínnse ar an lár,

till I was on the ground

co fhaicinn an creamhthannán

go bhfeicfinn an sionnach

so that I might see the little fox

thíos ag creim na gcnámh.

thíos ag creim na gcnámh.

below a-gnawing the bones.

 

 

 

Seach gach coin a n-aidhnechuibh

Thar gach cú in eidhneachaibh

Beyond every wolf (?) among the ivy-trees

luath nogheibhedh m’eill,

luath d’fhaighinn m’fhaill,

swiftly would he get the advantage of me,

as é luas nolinginn-si

is é luas a linginnse

so nimbly would I leap

co mbinn ar an mbeinn.

go mbínn ar an mbeinn.

till I was on the mountain-peak.

 

 

 

Sionnaigh beca ag brégairecht

Sionnaigh bheaga ag bréagairecht

Little foxes yelping

chugum agus úaim,

chugam agus uaim,

to me and from me,

mic thíri ara lédairecht (?),

mic thíre ar a léadairecht,

wolves at their rending,

teichim-si ré a ffúaim.

teithimse roimh a bhfuaim.

I flee at their sound.

 

 

 

Rothriallsat mo tharrachtain

Thrialladar chun teacht suas liom

They have striven to reach me,

ag tocht ’na rioth thenn,

ag teacht ’na rith teann,

coming in their swift course,

gur teiches-sa reampa-somh

gur theitheas-sa rompusan

so that I fled before them

a mullaighibh beann.

a mullaí na mbeann.

to the tops of the mountains.

 

 

 

Táinic friom mo thairmthechta

Tagann liom mo chion

My transgression has come against me

gibé conair théis,

cibé conair a théim;

whatsoever way I flee;

as léir dhamh ar mh’a[i]rchisecht

is léir mé i mo dhíol trua —

’tis manifest to me from the pity shown me

am caora gan léis.

is caora mé gan léis.

that I am a sheep without a fold.

 

 

 

Bile Chille Lughaidhe

Bile Chille Lughaidhe

The old tree of Cell Lughaidhe

i tuilim súan sáimh,

ina ndéanaim suan sámh;

wherein I sleep a sound sleep;

ba haoibne i ré Chongaile

ba aoibhne i ré Chongaile

more delightful in the time of Congal

aenach Line láin.

aonach Líne láin.

was the fair of plenteous Line.

 

 

 

Doraghae an reódh realtánach

Tiocfaidh an reo réaltánach

There will come the starry frost

ferfas ar gach linn,

fhearfas ar gach linn;

which will fall on every pool;

asam suairreach, seachránach,

is suarach, seachránach,

I am wretched, straying,

misi fáoi ar an mbinn.

mise faon ar an mbinn.

exposed to it on the mountain-peak.

 

 

 

Na corra go ccorrghaire

Na corra lena gcorrghaire

The herons a-calling

i nGlionn Aighle úair,

i nGleann Aighle fuar,

in chilly Glenn Aighle,

ealta d’énuibh iomlúatha

ealta d’éanaibh imluatha

swift flocks of birds

chugum agus úaim.

chugam agus uaim.

coming and going.

 

 

 

Ní charaim an sibheanradh

Ní charaim an mheidhréis

I love not the merry prattle

do[g]niad fir is mná,

do níd fir is mná,

that men and women make:

binne liom a ceileabradh

binne liom ag ceiliúradh

sweeter to me is the warbling

luin ’san aird ittá.

loin san aird atá.

of the blackbird in the quarter in which it is.

 

 

 

Ní charaim in stocairecht

Ní charaim an stocairecht

I love not the trumpeting

atcluinim go moch,

a chluinim go moch,

I hear at early morn:

binne lium a crocairecht

binne liom ag glaoch

sweeter to me the squeal

bruic a mBennuibh Broc.

na broic i mBeanna Broc.

of the badgers in Benna Broc.

 

 

 

Ní charuim an chornairecht

Ní maith liom an chornairecht

I love not the horn-blowing

atchluinim go tenn,

a chluinim go teann,

so boldly I hear:

binni lium ag damhghairecht

binne liom ag búireach

sweeter to me the belling of a stag

damh dá fhiched benn.

damh dá fhichead beann.

of twice twenty peaks.

 

 

 

Atá adhbur seisrighe

Atá ábhar seisrí

There is the material of a plough-team

as gach glionn i nglenn,

as gach gleann go gleann,

from glen to glen:

gach damh ina freislighe

gach damh ina fhreasluí

each stag at rest

a mullach na mbenn.

i mullach na mbeann.

on the summit of the peaks.

 

 

 

Cidh iomdha dom dhamraidh-si

Cé flúirseach mo chuid damh

Though many are my stags

as gach glinn i nglenn,

ó ghleann go gleann,

from glen to glen,

ní minic lámh oiremhan

ní minic lámh treabhdóra

not often is a ploughman’s hand

ag dúnadh a mbenn.

ag dúnadh a mbeann.

closing round their horns. (?)

 

 

 

Damh Sléibhi aird Eibhlinne,

Damh Sléibhe aird Eibhlinne,

The stag of lofty Sliabh Eibhlinne,

damh Sléibhe Fúaid féigh,

damh sléibhe Fuaid ghéir,

the stag of sharp Sliabh Fuaid,

damh Ella, damh Orbhraidhe,

damh Ella, damh Orbhraidhe

the stag of Ealla, the stag of Orrery,

damh lonn Locha Léin.

damh fíochmhar Locha Léin.

the fierce stag of Loch Lein.

 

 

 

Damh Seimhne, damh Latharna,

Damh Seimhne, damh Latharna

The stag of Seimhne, Larne’s stag,

damh Line na lenn,

damh Líne na leann

the stag of Line of the mantles,

damh Cúailghni, damh Conachla,

damh Cuailgne, damh Conachla,

the stag of Cuailgne, the stag of Conachail,

damh Bairni dá bhenn.

damh Bóirne dhá bheann.

the stag of Bairenn of two peaks.

 

 

 

A máthair na groidhi-si

A mháthair na graí seo

O mother of this herd,

rolíathadh do lenn,

do liathadh do chóta

thy coat has become grey,

ní fhuil damh at dheagaidh-si

níl damh i do dhiaidh-se

there is no stag after thee

gan dá fhichead benn.

gan dá fhichead beann.

without two score antler-points.

 

 

 

Mó ná adhbhur leinníne

Mó ná ábhar mionléine

Greater than the material for a little cloak

roliathadh dot chenn,

do liathadh de d’ cheann,

thy head has turned grey;

dá mbeinn ar gach beinníne

dá mbeinn ar gach beinnín

if I were on each little point,

beinníni ar gach mbenn.

bheadh beinníní ar gach beann.

there would be a pointlet on every point.

 

 

 

A dhoimh doní an fogharán

A dhaimh do-ní an foghar

Thou stag that comest lowing

chugum tar an nglenn,

chugam tar an ngleann,

to me across the glen,

maith an t-ionadh foradhán (?)

maith an t-ionad foraidh

pleasant is the place for seats

i mullach do bhenn.

i mullach do bheann.

on the top of thy antler-points.

 

 

 

As mé Suibhni sirtheachán,

Is mé Suibhne, sirtheachán,

I am Suibhne, a poor suppliant,

luath reithim tar glenn,

luath rithim tar gleann

swiftly do I race across the glen;

nocha n-é mh’ainm dlightheachán,

ní hé sin m’ainm dleathach

that is not my lawful name,

mó is ainm damh Fer Benn.

mó is ainm dom Fear Beann.

rather is it Fer benn.

 

 

 

Tioprata is ferr fúarus-sa,

Tiobreacha is fearr fuaireas-sa:

The springs I found best:

tiopra Leithid Láin,

tobar Leithid Láin,

the well of Leithead Lan,

tiopra is áille ionnuaire,

tobar is áille fionnuaire,

the well most beautiful and cool,

úarán Dhúine Máil.

fuarán Dhúine Máil.

the fountain of Dun Mail.

 

 

 

Gidhat iomdha mh’imeirce

Cé gur mór é m’imirce,

Though many are my wanderings,

mh’édach aniú is gerr,

m’éadach inniu is gearr,

my raiment to-day is scanty;

mé féin doní m’forfaire

mé féin do-ní faire dhom

I myself keep my watch

i mullach na mbend.

i mullach na mbeann.

on the top of the mountains.

 

 

 

A raithnech, a rúadhfhada,

A raithneach, a ruafhada,

O tall, russet fern,

rorúadhadh do lenn,

do ruadh do chlóca,

thy mantle has been made red;

ní hosair fir fuagarta

níl leaba d’fhear fógartha

there is no bed for an outlaw

a ngabhlaibh do bhenn.

i ngabhalaibh do bheann.

in the branches of thy crests.

 

 

 

Bidh ann bhias mo bhithlighi

Beidh mo bhith-luí

At ever-angelic Tech Moling,

tes ag Tuidhin tenn,

theas ag Tuidhean teann,

at puissant Toidhen in the south,

ag Tegh Moling biothainglighi

ag Teach Moling bith-ainglí

’tis there my eternal resting-place will be,

thaethusa do bheind.

sea thitfead de bheann.

I shall fall by a [spear]-point.

 

 

 

Dorad misi it chumann-sa

Do chuir mise id’ chumann-sa

The curse of Ronan Finn

mallacht Rónáin Finn,

mallacht Rónáin Finn,

has thrown me in thy company,

a bhennáin, a bhúireadháin

a bheannáin ag búireach,

O little stag, little bleating one,

a bhéiceadáin binn.”

a bhéiceadáin bhinn.”

O melodious little clamourer.”

A beannáin.

 

 

Back to top

 

Section 41

A haithle na láidhe sin táinic Suibhne a Fidh Gaibhle co Beinn mBóghaine,

A haithle na laoi sin chuaigh Suibhne ó Fhiodh Gaibhle go Beann Bóghaine,

After that lay Suibhne came from Fiodh Gaibhle to Benn Boghaine,

asséin co Beind Fhaibhne,

as sin go Beann Faibhne

thence to Benn Faibhne,

aisséin co Ráith Murbuilg

agus ina dhiaidh sin go Ráth Murbhoilg

thence to Rath Murbuilg,

ocus ní ffuair a dhíon ar an ccailligh

ach níor chuir sé de an chailleach

but he found no refuge from the hag

co ráinig co Dún Sobairce i nUltaibh.

go ráinig go Dún Sobhairce in Ultaibh.

until he reached Dun Sobairce in Ulster.

Roling Suibhne iarumh do bheinn an dúine

Léim Suibhne ó mhullach an dúna

Suibhne leaped from the summit of the fort

síos cach ndíriuch riasan ccailligh.

caol díreach síos os comhair na caillí.

sheer down in front of the hag.

Roling sí co hiomhathlomh ina dheaghaidh

Léim sise go tapaidh ina dhiaidh

She leaped quickly after him,

co ttorchair do aill Dhúine Sobharci

ach thit sí ina pleist ar aill Dhún Sobhairce

but dropped on the cliff of Dun Sobairce,

co ndernadh mionbhrúar ocus minchomairt dí ann

go ndearnadh mionbhruar di

where she was broken to pieces,

co ttorchair isin bhfairrge,

agus gur thit isteach san fharraige.

and fell into the sea.

conadh amhlaidh sin fúair bás i ndedhaidh Suibhne.

Is mar sin a fuair sí bás i ndiaidh Shuibhne.

In that manner she found death in the wake of Suibhne.

Back to top

 

Section 42

Atbert Suibhne iarsin:

Dúirt Suibhne iar sin:

Thereafter Suibhne said:

“Ní bhíu-sa i nDál Araidhe fesda

“ní bheadsa i nDál Araidhe feasta,

“Henceforth I shall not be in Dal Araidhe,

úair nommhuirfedh Loingseachán i ndiogail a chaillighi mé

óir mharódh Loingseachán mé i ndíoltas na caillí

for Loingseachan, to avenge his hag, would kill me

día mbeinn ara chumus.”

dá mbeinn ar a chumas.”

if I were in his power.”

Luid Suibhne iarumh co Ros Chomáin i Connachtuibh

Thug Suibhne a aghaidh ar Ros Comáin i gConnachta dá éis sin

Suibhne then went to Ros Comain in Connacht,

ocus rothoirinn for sraith an topuir

agus thuirling sé ar imeall an tobair

and he alighted at the brink of the well,

co rochaith biorar ocus uisgi ann.

gur chaith biolar agus uisce ann.

where he fared on watercress and water.

Táinic ben a tigh an oircinnigh dochum an tobair.

Tháinig bean as teach an airchinnigh chun an tobair;

A woman came from the erenach’s house to the well;

Forbhasach mac Fordhalaigh an t-oirchinneach sin.

ba é Forbhasach mac Fordhalaigh an t-airchinneach.

Forbhasach son of Fordhalach was the erenach.

Rob í an bhean táinic ann, Finnsheng ingen Fhíndealaigh.

B’í an bhean a tháinig ann Finnsheang, iníon Fhindealaigh.

Finnsheng daughter of Findealach (?) was the name of the woman who came.

Rotheich iarumh an gheilt reimpe

Theith an ghealt roimpi

The madman fled from her

ocus tuc sisi lámh tar an mbiorar báoi for an sruth.

agus leag sise lámh ar an mbiolar a bhí sa sruth.

and she laid hold of the watercress which was in the stream.

As ann robhúi Suibhne forsan mbili ina fiadhnuisi

Bhí Suibhne sa chrann os a comhair

Suibhne on the tree in front of her

ocus robhúi ag éccáoine móir

agus é ag éagaoineadh go mór

was bemoaning greatly

fa na chuid biorair do bhreth uadha

gur tógadh uaidh a chuid biolair

that his portion of watercress was taken away.

conadh edh atbert:

agus dúirt:

Whereupon he said:

“A bhen,” ar sé, “as trúagh duit mo bhiorar do ureith úaim

“A bhean,” ar sé, “is trua duit mo chuid biolair do breith uaim

“O woman,” said he, “sad is it that you should take my watercress from me,

ocus dá festá mar atú

agus fhios a bheith agat faoin bhail ina bhfuilim,

if you but knew the plight in which I am,

úair ní dhénann fer túaithe ná fine mh’oirchisecht;

óir ní dhéanann comharsa ná gaol trua dhom;

for neither tribesman nor kinsman pities me,

ní théighim for aeidhideacht do thigh duine ar druim dhomain.

ní théim ar aíocht ar thigh duine ar dhroim an domhain.

nor do I visit as a guest the house of anyone on the ridge of the world.

As é mo búar mo bhiorar,

Is é mo bhólacht mo bhiolar,

For kine I have my watercress,

as é mo mhíodh mh’uisci,

is é mo mheá m’uisce;

my water is my mead,

as iad mo chairde mo chroinn crúadhloma cliothardhlúithe

is iad mo chairde mo chrainn chrualoma chluthairdhlútha

my trees hard and bare or close-sheltering are my friends.

ocus cén co mberthá-sa mo biorar,” ar sé,

agus fiú mura mbéarfása mo bhiolar uaim,” ar sé,

And even if you did not take away my watercress,” said he,

“as derb nocha beitheá gan ní anocht mar atú-sa

“is cinnte nach mbeifeá gan do chuid anocht mar atáimse

“certain is it that you would not be without something else to-night as I am

tar éis mo bhiorair do breith úaim”;

tar éis mo bhiolar a bhreith uaim,”

after my watercress has been taken from me”:

ocus dorinne a[n] laoidh so:

agus rinne sé an laoi seo:

and he made this lay:

Back to top

 

Section 43

 

Suibhne:

 

“A bhen bhenus an biorar

“A bhean bhaineas an biolar

“O woman who pluckest the watercress

agus bherius in uisci,

agus bheireas in t-uisce,

and takest the water,

nocha betheá gan ní anocht

ní bheifeá gan ní anocht

thou wouldst not be without something to-night

gén co mbertheá mo chuid-si.

fiú mura mbainfeá mo chuidse.

even though thou didst not take my portion.

 

 

 

Monúaran, a bhenagán,

Monuar, a bheanagán,

Alas, O woman,

nocha ragha an leth raghad,

ní raghair mar a raghad,

thou wilt not go the way that I shall go;

misi amuigh a mbarraibh crann,

mise amuigh i mbarraibh crann,

I abroad in the tree-tops,

tusa tall a tigh charad.

tusa thall i dtigh carad.

thou yonder in a friend’s house.

 

 

 

Monúarán, a bhenagán,

Monuar, a bheanagán

Alas, O woman,

as fúar an ghaeth dománuig,

is fuar an ghaoth do tháinig;

cold is the wind that has come to me;

nímoirchis máthair ná mac,

ní trua mé ag máthair ná mac,

nor mother nor son has pity on me,

ní fuil brat ar mo brághuid.

níl brat ar mo bhráid.

no cloak is on my breast.

 

 

 

Dá festá-sa, a bhenagán,

Dá mb’eol duit, a bheanagán,

If thou but knewest, O woman,

mar atá sunna Suibhne,

mar atá Suibhne anseo,

how Suibhne here is:

seach ní fhagaidh cuibhdhe neich,

mura bhfaighidh cuibheas ó neach

he does not get friendship from anyone,

ní fhagaidh nech a chuibhdhe.

ní bhfaighidh neach a chuibheas.

nor does anyone get his friendship.

 

 

 

Ní théighim a n-oirechtus

Ní théim in oireachtas

I go not to a gathering

edir óguibh mo thíre,

idir ógaibh mo thíre,

among warriors of my country,

ní déntar dam oinechtreas,

ní thugtar dom oineach,

no safeguard is granted me,

ní théit mh’aire re ríghe.

níl an ríghe ar m’aire.

my thought is not on kingship

 

 

 

Ní théighim ar aeidhidheacht

Ni théim ar aíocht

I go not as a guest

do thigh mic duine a nÉire,

go tigh mic duine in Éirinn

to the house of any man’s son in Erin,

fa meince liom bæithgeltacht

ba mhinice liom baothghealtacht

more often am I straying madly

ar bennuibh corra slébhe.

ar bheanna corra sléibhe.

on the pointed mountain-peaks.

 

 

 

Ní tégar dom airfidedh

Ní thugtar dom oirfideadh

None cometh to make music to me

athaigh ré ndul im lighi,

san oíche roimh dhul im’ luí,

for a while before going to rest,

nochan fhaghuim oirchisecht

ní bhfaighim trua

no pity do I get

ó fer túaithe ná fini.

ó chomharsa ná gaol.

from tribesman or kinsman.

 

 

 

Antan robsom Suibhni-si

An tan ba mise Suibhne

When I was Suibhne indeed

agus théighinn ar eachaibh,

agus théinn ar eachaibh,

and used to go on steeds —

antan tig im chuimh[n]i-si

an tan thig im’ chuimhne-se

when that comes to my memory

mairg romfuirgedh a mbethaidh.

mairg gur fágadh mé im’ bheathaidh.

alas that I was detained in life.

 

 

 

As mé Suibhne sæirchendaidh,

Is mé Suibhne saorcheannach,

I am Suibhne, noble leader (?),

as úar anaoibinn mh’ionadh,

is fuar anaoibinn m’ionad,

cold and joyless is my abode,

gé béo anocht ar bháithbendaibh

cé beo anocht ar bhaoth-bheanna

though I be to-night on wild peaks,

a bhen bhenus mo bhiorar.

a bhean bhaineas mo bhiolar.

O woman who pluckest my watercress.

 

 

 

As é mo mhíodh mh’uisci fúar,

Is é mo mheá m’uisce fuar

My mead is my cold water,

as é mo bhúar mo bhiorar,

is é mo bhólacht mo bhiolar,

my kine are my cresses,

as íad mo charaid mo chroinn,

is iad mo charaid mo chrainn,

my friends are my trees,

ge ’tú gan leann, gan ionar.

cé táim gan leann, gan ionar.

though I am without mantle or smock.

 

 

 

As úar anocht an adhaigh,

Is fuar anocht an oíche,

Cold is the night to-night,

gidh im bhocht ar áoi mbiorair,

cé im’ bhocht de dhíth biolair,

though I am poor as regards watercress,

atchúala guth an ghioghruinn

chuala guth an ghiúrainn

I have heard the cry of the wild-goose

ós Imligh iomluim Iobhair.

ós Imleach iomlom Iobhair.

over bare Imlech Iobhair.

 

 

 

Atú gan brat, gan ionar,

Atáim gan brat, gan ionar,

I am without mantle or smock,

fada a ulc úair romleanadh,

fada an drochuair dom’ leanacht,

the evil hour has long clung to me (?),

teichim re guth na cuirre

teithim roimh ghuth na coirre

I flee at the cry of the heron

mar budh buille rombenadh.

mar ba bhuille dom’ leagadh.

as though it were a blow that struck me.

 

 

 

Rigim co Dairbre ndaingen

Sroichim Dairbhre daingean

I reach firm Dairbre

isna láibh aidhbhlibh earraigh,

ins na laetha aoibhne earraigh,

in the wondrous days of Spring,

agus teichim ré n-oidhche

agus teithim roimh oíche

and before night I flee

síar co Boirche mbennaigh.

siar go Boirche beannach.

westward to Benn Boirche.

 

 

 

Diamsat eólach, a fionnghág,

Dá mb’eol duit, a fhionnbhean feosaí,

If thou art learned, O fair, crabbed one,

mo ghort ní treórach tenngharg,

ní láidir teanngharg é mo ghort,

my field  .  .  .

atá nech dianad sgeile

tá neach gur sceimhle dó

there is one to whom the burden thou takest

an t-eiri beri, a bhengág.

an t-eire bhainir, a bhean feosaí

is a grievous matter, O hag.

 

 

 

At úara dotachuisin

Is fuar an méid atá ann

It is cold they are

ar brú tobair ghlais greanaigh,

ar imeall tobair ghlais ghreanaigh,

at the brink of a clear, pebbly spring —

deogh ghleórdha d’uisci iodhan

deoch ghlé órga d’uisce íon

a bright quaff of pure water

agus an biorar bhenaidh.

agus an biolar a bhainir.

and the watercress you pluck.

 

 

 

Mo chuid-si an biorar bheanaidh,

Mo chuidse an biolar a bhainir,

My meal is the watercress you pluck,

cuid gheilte sáoire singi,

cuid gheilte saoire seinge,

the meal of a noble, emaciated madman;

sgingidh gæth úar mam reandaibh

scinneann gaoth fhuar lem’ leasracha

cold wind springs around my loins

do bendaibh gacha binni.

do bheanna gacha binne.

from the peaks of each mountain.

 

 

 

As úar gæth an mhadanraidh,

Is fuar gaoth na maidine —

Chilly is the wind of morn,

doicc etrom is mh’ionar,

téann idir mé is m’ionar,

It comes between me and my smock,

nacha nfhétoim t’agalloimh,

ní fhéadaim labhairt leat,

I am unable to speak to thee,

a bhen bhenus an mbiorar.”

a bhean bhaineas an biolar.”

O woman who pluckest the watercress.”

 

 

 

[A.]

An bhean:

The woman:

“Fágaibh mo chuid don Choimdhi,

“Fág mo chuid don Choimdhe —

“Leave my portion to the Lord,

rium-sa ná déna duilghe,

liomsa ná bí doiligh,

be not harsh to me;

móide foghébha cennacht,

móide gheobhaidh tú ceannacht,

the more wilt thou attain supremacy,

is beir bennacht, a Suibhne.”

is beir beannacht, a Shuibhne.”

and take a blessing, O Suibhne.”

 

 

 

[S.]

Suibhne:

Suibhne:

“Dénam cennach cert cubhaidh

“Déanaimis ceannach ceart cuibhe

“Let us make a bargain just and fitting

gé ’tú a mullach an iubhair,

cé mé i mullach an iúir,

though I am on the top of the yew;

beir mh’ionar is mo chertín,

beir m’ionar is mo cheirtín,

take thou my smock and my tatters,

fágaibh an mbertín mbiorair.

ach fág an beairtín biolair.

leave the little bunch of cress.

 

 

 

As terc nech las am ionmhuin,

Is tearc neach ler ionmhain mé,

There is scarce one by whom I am beloved,

ní fhuil mo theach ar talmain,

níl mo theach ar thalamh,

I have no house on earth;

uaim ó bhere mo bhiorar

uaim ó bheirir mo bhiolar

since thou takest from me my watercress

mo chuid chionadh ar th’anmain.

mo chuid cionta ar d’anam.

my sins to be on thy soul.

 

 

 

Ní ris a nech rocharuis,

Nára shroichir an neach a charais,

Mayest thou not reach him whom thou hast loved,

meisdi don tí rolenuis,

is measa don té sin a leanais;

the worse for him whom thou hast followed;

rofhágbhuis neach co daidbhir

d’fhágais neach go daibhir

thou hast left one in poverty

imon airbir robhenais.

de bharr an ghlac do bhainis.

because of the bunch thou hast plucked.

 

 

 

Creach na nGall ngorm dot gabháil,

Creach na nGall gorm dod’ ghabháil

May a raid of the blue-coated Norsemen take thee,

orm nocha dernais deghdháil,

ormsa ní dhearnais dea-dháil,

thine has not been a fortunate meeting for me,

co bfaghbha on Choimdhe a chionaidh

go bhfaighe tú ón Choimhde do mhilleadh

mayest thou get from the Lord the blame

mo chuid biorair do bhenáil.

as mo chuid biolair a bhaint.

for cutting my portion of watercress.

 

 

 

A bhen, chugud da ttóra

A bhean, chugat dá dtiocfadh

O woman, if there should come to thee

Loingseachan atá rún reabha,

Loingseachán a thaithíonn spórt,

Loingseachan whose delight is sport,

tabhair-si dhó trém chionaidh

tabhairse dhó trí mo chionta

do thou give him on my behalf

a leth an bhiorair bhena.”

leath an bhiolair a bhainir.”

half the watercress thou pluckest.”

A bhen.

 

 

Back to top

 

Section 44

Robáoi-siomh i Ros Chomáin an oidhche sin,

Bhí sé i Ros Comáin an oíche sin.

That night he remained in Ros Comain

luid aissein arnamhárach co Slíabh n-uráoibhinn nEachtghe,

D’imigh sé as sin lá arna mhárach go Sliabh aoibhinn Eachta,

and went thence on the morrow to delightful Sliabh Aughty,

aissein co Slíabh mínaluinn Mis,

as sin go Sliabh mín álainn Mis,

thence to smooth, beautiful Sliabh Mis,

aissein co Slíabh bennard Bladhma,

as sin go Sliabh beannard Bladhma,

thence to lofty-peaked Sliabh Bloom,

aissein co hInis Mureadhaigh;

as sin go hInis Muirígh.

thence to Inis Murray.

coecáois ar mhís do intí-sein

Sé seachtaine dó ansin

For a fortnight and a month he tarried

i n-uaimh Dhonnáin Eghæ,

in uaimh Dhonnáin Eige,

in the cave of Donnan of Eig,

aissidhein co Carraic Alustair.

as sin go Carraig Alastair

and went thence to Carrick Alastair

Gabhaidh áite ocus ionadh ainsidhe

*mar ar thóg sé a áit cónaithe*.

where he took up his abode

ocus báoi cæcaois ar mhís eile innti.

Chaith sé sé seachtaine eile ansin.

and remained another fortnight and a month.

Fagbhais í iarsin agus ceileabhraidh dhí;

D’fhág sé ansin í agus cheiliúir sé dhi;

He left it afterwards and bade it farewell,

gonadh ann adbert ag tabhairt a dhocra féin ós aird annso:

agus, ag tabhairt a dheacra féin ós ard, dúirt sé mar seo:

and, proclaiming aloud his own woes, said:

Back to top

 

Section 45

“Duairc an bhetha-sa

“Duairc an bheatha seo,

“Gloomy this life,

bheith gan maeithleaptha,

bheith gan maothleaba,

to be without a soft bed,

adhbha úairsheaca,

áitreabh fuarsheaca,

abode of cold frost,

garbha gáoithshnechta.

gairfean gaothshneachta.

roughness of wind-driven snow.

 

 

 

Gaoth uar oighreata,

Gaoth fhuar oighreata,

Cold, icy wind,

sgáth fann fainnghréine,

scáth fann fannghréine,

faint shadow of a feeble sun,

fosgadh éinbhile,

fosgadh aon bhile,

shelter of a single tree,

a mullach maighshléibhe.

i mullach maighshléibhe.

on the summit of a table-land.

 

 

 

Fulang fraissíne,

Fulaingt fras-síne,

Enduring the rain-storm,

céim dar aisseóla,

céim thar ois-rianta

stepping over deer-paths, (?)

imthecht glaismhíne,

imtheacht glaismhíne

faring through greensward

madain ghlaisreódha.

maidin ghlaisreo.

on a morn of grey frost.

 

 

 

Gáir na damhraidhe

Gáir na damhraí

The bellowing of the stags

ar fhud fidhbhuidhe,

ar fud buíchoille.

throughout the wood,

dréim re hoisbherna,

dréim le hoisbhearna,

the climb to the deer-pass,

fogar fionnmhuire.

foghar fionnmhara.

the voice of white seas.

 

 

 

Maith, a mórChoimdhe,

Maith, a mhór-Choimdhe,

Yea, O great Lord,

mór an meirbhnéll-sa,

mór an meirbhnéal seo,

great this weakness,

duilghe an duibhlén-sa,

doiligh an dubhléan seo,

more grievous this black sorrow,

Suibhne an seingbhlén-sa.

Suibhne an seang-bhléan seo.

Suibhne the slender-groined.

 

 

 

Rith dar breicbhernaibh

Rith thar breacbhearnaibh

Racing over many-hued gaps

Boirche boithleaptha,

Boirche both-leapan,

of Boirche of hut couches,

osnadh geamhoidhche,

osna geamhoíche

the sough of the winter night,

coss i ccloichshneachta.

cos i gcloichshneachta.

footing it in hailstones.

 

 

 

Luighe fliuchleapthach

Luí fliuchleabach

Lying on a wet bed

learga LoichÉirne,

learga Loch Éirne,

on the slopes of Loch Erne,

menma ar mhuichimthecht

aigne ar mhoch-imeacht

mind on early departure,

madan mhuichéirghe.

maidin mhochéirí.

morn of early rising.

 

 

 

Rith tar tuinnbeinnaibh

Rith thar tonnbheanna

Racing over the wave-tops

Dúine Sobhairce,

Dúine Sobhairce,

of Dun Sobairce,

clúas re tromthonnaibh

cluas le tromthonnta

ear to the billows

Dhúine Rodairce.

Dhúine Rodairce.

of Dun Rodairce.

 

 

 

Rith ón rathuinn-si

Rith ón mórthonn seo

Running from this great wave

co tuinn mbæithBerbha,

go tonn baoth-Bhearú

to the wave of the rushing Barrow,

feis ar crúadhcholbha

sos ar chrua-cholbha

sleeping on a hard couch

Dhúine cæimhChermna.

Dhún caomh-Chearmna.

of fair Dun Cermna.

 

 

 

O Dhún caoimhChearmna

O Dhún caomh-Chearmna

From fair Dun Cermna

co Beinn mbláthmBoirne,

go Beinn bláth-Bhoirne

to flowery Benn Boirne,

clúas re clochadhart

cluas le cloch-adhairt

ear against a stone pillow

Crúacháin ghargOighle.

Cruacháin gharg-Aighle.

of rough Cruachan Oighle.

 

 

 

Utmhall mh’imirce

Gan sos m’imirce

Restless my wandering

a muigh na Bóruime,

i maigh na Bóraimhe,

in the plain of the Boroma,

ó Bheinn Iughoine

ó Bheinn Iughaine

from Benn Iughoine

go Beinn mBóghoine.

go Beinn Bóghaine.

to Benn Boghaine.

 

 

 

Táinic chugum-sa

Tháinig chugamsa

There has come to me

neach romlámhaigh-si,

neach chuir lámh orm,

one who has laid hands on me,

ní romsíodhaigh-si

ní hé gur shíogaigh mé

she has brought no peace to me,

bean romsáraigh-si.

an bhean a sháraigh mé.

the woman who has dishonoured me.

 

 

 

Rug mo chuidigh-si

Rug léi mo chuidse

She has taken my portion

d’éis na cionadh-sa,

d’éis mo chiontasa,

on account of my sins,

truagh an monar-sa,

is trua an obair seo,

wretched the work —

adúas mo bhiorar-sa.

itheadh mo bhiolarsa.

my watercress has been eaten.

 

 

 

Biorar bhuingim-si,

An biolar bhainimse,

Watercress I pluck,

biadha fionndlochtán,

bia fionndlochtán,

food in a fair bunch,

ceithre cronnghlacáin

ceithre cruinn-ghlacáin

four round handfuls

Glinne fionnBholcáin.

Glinne fionn-Bholcáin.

of fair Glen Bolcain.

 

 

 

Sásadh saicch m-si,

Béile iarraimse,

A meal I see —

suairc an monarán,

suairc an mónarán,

pleasant the bogberry,

deoch don uisgi-si,

deoch den uisce seo

a drink of water here

thiobrad fhionnRonán.

thiobraid fhionn-Rónáin.

from the well of Ronan Finn.

 

 

 

Corra mh’ingni-si,

Corra m’ingne-se,

Bent are my nails,

maeth mo chreasa-sa,

maoth mo chreasa-sa,

feeble my loins,

toll mo chosa-sa,

toll mo chosa-sa,

pierced my feet,

lom mo leasa-sa.

lom mo leasracha.

bare my thighs.

 

 

 

Béraitt oram-sa

Béarfaid ormsa

There will overtake me

fían co talchuraibh,

fiann nach ngéilleann

a warrior-band stubbornly,

cían ó Ultachaibh,

cian ó Ulaidh

far from Ulster,

triall a nAlbanchaibh.

triall in Albain.

faring in Alba.

 

 

 

D’éis an astair-si

D’éis an astair seo

After this journey —

truagh mo shanuslaidh,

trua mo shainfhios,

sad is my secret song —

bith a ccrúadhchomaidh

bheith i gcrua-chuideachta

to be in the hard company

Chairrge Alastoir.

Charraige Alastair.

of Carraig Alastair.

 

 

 

Carraig Alastair,

Carraig Alastair,

Carraig Alastair,

adhbha d’ fáoilennaibh,

áitreabh d’fhaoileanna,

abode of sea-gulls,

truagh a Dhúilemhain,

trua, a Dhúilimh

sad, O Creator,

uar dhá háoidheadhaibh.

fuar dá haíonna.

chilly for its guests.

 

 

 

Carraig Alastair,

Carraig Alastair,

Carraig Alastair,

cloc na cruthailde,

aill chlogchruthach,

bell-shaped rock,

lór a leathairde,

mór a leathairde,

sufficient were it half the height,

srón re sruthfhairrge.

srón le sruthfharraige.

nose to the main.

 

 

 

Truagh ar ccomhraic-ne,

Trua ár gcomhrac-na

Sad our meeting;

días chorr crúadhluirgnech,

dís chorr chrua-loirgneach,

a couple of cranes hard-shanked —

misi crúaidhleadhbach,

mise crua-leadhbach

I hard and ragged,

sisi crúaidhghuilbnech.

ise crua-ghuilbneach.

she hard-beaked.

 

 

 

Fliuch na leaptha-sa

Fliuch na leapacha

Wet these beds

itá mh’áras-sa,

a bhfuil m’áras-sa,

wherein is my dwelling,

beg doshaoiles-sa

beag do shíleas-sa

little did I think

gur chreg chádhasa.

gur chreig chásach í.

it was a rock of holiness.

 

 

 

Olc do chláonChongal

Olc do chlaon-Chongal

Bad was it for Congal Claon

cath do tharrachtain,

cath do thar-rochtain,

that he arrived at the battle;

mar chuing n-imeachtair

mar chuing sheachtrach

like an outer yoke

rothuill mallachtain.

do thuill mallachtain.

he has earned a curse.

 

 

 

A cath RathMuighe

As cath Rath-Maighe

When I fled

tráth do rúachtas-sa

tráth do theitheas-sa,

from the battle of Magh Rath

re nguin mh’échta-sa,

le goin m’éachta-sa,

before my undoing,

ním dluigh dúarcusa.          D.

níor thuill an duairceas so.

I deserved not harshness.

 

 

 

Truagh an turus-sa,

Trua an turas seo

Sad this expedition;

ní ma tánag-sa,

mairg gur thánagsa,

would that I had not come,

cían óm eólus-sa,

cian ó m’eólas-sa

far from my home

críoch gusa ránag-sa.

críoch gusa ránagsa.

is the country I have reached.

 

 

 

Tiucfaidh Loingseachán,

Tiocfaidh Loingseachán,

Loingseachan will come,

truagh a thurusa,

trua a thurasa,

sad his journeys;

gé romlena-sa

cé go leanann mé

though he follow me,

ní ba hurusa.

ní dó is furasta.

it will not be easy.

 

 

 

Caille comhfhada,

Coille comhfhada,

Far-stretching woods

cladh na cúarta-sa,

claí na cuairte seo,

are the rampart of this circuit —

tír gus ránag-sa,

tír gusa ránagsa

the land to which I have come —

ní gníomh dúarcusa.          D.

ní gníomh duairceasa.

not a deed of sadness.

 

 

 

Duibhlinn dúnBhoirche,

Duibhlinn dún-Bhoirche

The black lake of fortressed Boirche

trén romfúasnaidh-si,

tréan do shuaith mé,

greatly has it perturbed me;

aidhbhle a hiochtair-si,

oibriú a híochtair-se,

the vastness of its depths,

daingne a húachtair-si.

daingne a huachtair-se.

the strength of its wave-crests.

 

 

 

As ferr fúarus-sa

Is fearr fuaireas-sa

Better found I

coillte cosmhuile,

coillte cosúla,

pleasant woods,

roighni ruisMhidhe,

righne ros-Mhidhe

choice places of wooded Meath,

aidhbhle Osraighe.

áibhle Osraighe.

the vastness of Ossory.

 

 

 

Ulaidh fhoghamhair

Ulaidh fhómhair

Ulaidh in harvest-time

im Loch Cúan critheólaigh,

um Loch Cúan creathach,

about quivering Loch Cuan,

tadhall samhrata

cuairt shamhrata

a summer visit

Cheineóil mbithEóghain.

Chineóil bith-Eoghain.

to the race of enduring Eoghan.

 

 

 

Imthecht Lughnasaidh

Imeacht Lúnasa

A journey at Lammastide

Taillten tiobraidhe,

Tailteann tiobraide

to Taillten of fountains,

iasgach earrchaidhe

iascach earraigh

fishing in springtime

Sionna siobhlaighe.

Sionainn siúlach.

the meandering Shannon.

 

 

 

Minig riccim-si

Minic shroichim-se

Often do I reach

tír conúachtus-sa,

tír a fhuaimse,

the land I have set in order,

buidhni barrchasa,

aíonna barr-chasa

curly-haired hosts,

druimni dúarcusa.”

druimní duairceasa.”

stern ridges.”

Dúairc.

 

 

Back to top

 

Section 46

Rofhágaibh Suibhne an charraicc iarsin

D’fhág Suibhne an charraig ina dhiaidh sin

Suibhne then left Carraig Alastair

ocus dochúaidh tar an muir ccráosfhairsing, ccithainbhthenaigh

agus chuaigh thar an mhuir fhairsing stoirm-cheathach

and went over the wide-mouthed, storm-swept sea

co ráinic Críoch Bhreatan.

go ráinig Críoch Bhreatan.

until he reached the land of the Britons.

Dorad a láimh ndeis re dúnadh rígh Bretan

D’fhág sé dún rí na háite sin ar thaobh na láimhe deise

He left the fortress of the king of the Britons on his right hand

co ttarla dochum feadha móir é

agus shroich coill mhór.

and came on a great wood.

ocus an chonair táinic fón fidh

Ar a shlí tríd an gcoill

As he passed along the wood

atchualaidh an uchbhadach ocus an éccaoini

chuala sé an t-éagaoineadh

he heard lamenting and wailing,

ocus an mhairgneach mór ocus an osnadhach éccalma.

agus an mhairgneach mór agus an osnaíl éagcalma.

a great moan of anguish and feeble sighing.

As edh robhúi annsin, geilt eile robhoi ar fhud an fhedha.

Is é a bhí ansin, gealt eile a bhí ar fuaid na coille.

It was another madman who was wandering through the wood.

Táinic-siomh iaromh dhá ionnsaighe.

Chuaigh Suibhne suas chuige.

Suibhne went up to him.

“Cía thú, a dhuine?” ar Suibhne.

“Cé thú, a dhuine?” arsa Suibhne.

“Who are you, my man?” said Suibhne.

“Geilt misi,” ar sé.

“Gealt mise,” ar seisean.

“I am a madman,” said he.

“Másat geilt,” ar Suibhne,

“Más gealt tú,” arsa Suibhne,

“If you are a madman,” said Suibhne,

“tair ale co n[d]ernom comann,

“tar i leith agus déanaimis cairdeas

“come hither so that we may be friends,

ar isam geilt-si bheós.”

mar is gealt mise leis.

for I too am a madman.”

“Doragainn,” ar an gheilt oili,

“Thiocfainn,” arsa an gealt eile,

“I would,” said the other,

“muna bheith egla thighe nó theglaigh an rígh dom tharrachtain

“mura mbeadh go bhfuil eagla orm roimh mhuintir agus theaghlach an rí

“were it not for fear of the king’s house or household seizing me,

ocus ní fhétar nach díobh duit-si.”

agus n’fheadar nach díobh tusa.”

and I do not know that you are not one of them.”

“Ní díobh éiccin,” ar Suibhne,

“Ní díobh go deimhin,” arsa Suibhne,

“I am not indeed,” said Suibhne,

“ocus sloinn-si t’ainm bunaidh dhamh ó nach díobh.”

“agus ón uair nach díobh, abair liom cén ainm atá ort.”

“and since I am not, tell me your family name.”

“Fer Cailli mh’ainm,” ar an gheilt;

“Fear Coille m’ainm,” arsa an ghealt.

“Fer Caille (Man of the Wood) is my name,” said the madman;

conadh ann itbert Suibhne an rann sa

Iar sin dúirt Suibhne an rann seo

whereupon Suibhne uttered this stave

ocus rofreagair Fear Caille é, mar so síos:

agus d’fhreagair Fear Coille é mar seo:

and Fer Caille answered him as follows:

Back to top

 

Section 47

[S.]

Suibhne:

Suibhne:

 “A Fhir Chaille, cidh dotharraidh?

“A Fhir Choille, cad a tharla duit?

“O Fer Cailli, what has befallen thee?

truagh do ghuth,

trua do ghuth,

sad is thy voice;

abair damh-sa cidh rodmannair

abair liomsa cad a loit tú

tell me what has marred thee

céill nó cruth?”

i gcéill is i gcruth?”

in sense or form?”

 

 

 

[F.]

Fear Coille:

Fer Caille:

“Ro-innisfinn duit mo sgéla,

“Neosfainn duit mo scéala,

“I would tell thee my story,

sceó mo ghníomh,

amhlaidh mo ghníomh,

likewise my deeds,

muna bheith eaglach inn slúagh séghdha

murach eagla an tslua

were it not for fear of the proud host

thoighe an rígh.

i dteaghlach an rí.

of the king’s household.

 

 

 

As mé Ealadhán noroichedh

Is mé Alladhan nach sroicheadh

Ealadhan am I

iolar ndreann,

iolar i dtroid,

who used to go to many combats,

as díom-sa la cách dogoirtidhi

is díomsa le cách do ghoirtí

I am known to all

lúam-gheilt ghlenn.”

luamh-gheilt ghleann.”

as the leading madman of the glens.”

 

 

 

[S.]

Suibhne:

Suibhne:

“As misi Suibhne mac Colmáin

“Is mise Suibhne Mac Colmáin

“Suibhne son of Colman am I

ó Bhúais bhil,

ó Bhuais bhil,

from the pleasant Bush;

as usaidi dhúinn ar ccomhrádh

is fusaide dhúinn ár gcomhrá

the easier for us is converse

sunn, a fhir.”

anseo, a fhir.”

here, O man.”

A fhir.

 

 

Back to top

 

Section 48

Tug cách dhíobh taobh re ’roile iersin

Iar sin, bhí níos mó iontaoibhe acu as a chéile

After that each confided in the other

gur fhiafraigheddar féin sgéla dá chéle.

agus d’fhiafraíodar scéala dá chéile.

and they asked tidings of each other.

Atbert Suibhne risin ngeilt:

Arsa Suibhne leis na ngealt:

Said Suibhne to the madman:

“Dén-sa do slondadh dhamh-sa,” ar sé.

“Tabhair cuntas ort féin domsa,” ar sé.

“Give an account of yourself.”

“Mac brughaidh mé,” ar an gheilt Breathnach,

 “Mac sealbhóra talún mé,” arsa an ghealt Bhreatnach.

“I am son of a landholder,” said the madman of Britain,

“ocus is don tír-si ittám mo bhunadhus

“Is í seo mo thír dhúcais mar a bhfuilimíd anois

“and I am a native of this country in which we are,

ocus Alladhán mh’ainm.”

agus Alladhan is ainm dom.”

and Ealladhan is my name.”

“Innis dam,” ar Suibhne, “cidh rottuc ar gealtacht thú.”

“Abair liom,” arsa Suibhne, “cad a thug ar gealtacht tú.”

“Tell me,” said Suibhne, “what caused your madness.”

“Ní hansa.

“Ní deacair a rá.

“Not difficult to say.

Dhá rígh robhádar ag imchosnamh im ríghe na críche-si fecht n-aill

Bhí tráth dhá rí ag troid a chéile féachaint cé gheobhadh flaitheas na tíre seo.

Once upon a time, two kings were contending for the sovereignty of this country,

.i. Eochaidh Aincheas mac Guaire Mathra (?) ocus Cúgúa mac Gúaire;

B’iad sin Eochaidh Aincheas, mac Guaire Mathra agus Cugua mac Guaire.

viz., Eochaidh Aincheas, son of Guaire Mathra, and Cugua, son of Guaire.

ba do muintir Eachaidh damh-sa,” ar sé,

Ba de mhuintir Eochaidh mise,” ar sé,

Of the people of Eochaidh am I,” said he,

“uair as é dobudh ferr don días sin.

“óir ba é b’fhearr den bheirt acu.

“for he was the better of the two.

Dorónadh iarumh móirthionól

Bhailigh mórthionól ansin

There was then convened a great assembly

do chur chatha fria aroile imón tír-si.

do chur catha ar a chéile i dtaobh na tíre.

to give battle to each other concerning the country.

Rocuires-sa gesa ar gach aon do muintir mo thigherna

Chuireas-sa geasa ar *gach aon de* mhuintir mo thiarna

I put geasa on each one of my lord’s people

coná tigsedh neach dhíobh gan édach sróil uime dochum an chatha

chun nach dtiocfadh aon duine díobh chun catha gan éadach sróil air

that none of them should come to the battle except they were clothed in silk,

ar go mbudh suaithenta seach cách íat la huaill ocus díumus.

le go léireofaí don tsaol a gcuid poimp agus díomais.

so that they might be conspicuous beyond all for pomp and pride.

Tucsat immorro na slúaigh trí gáirthi mallacht form-sa,

Thug an slua trí gártha mallachta ormsa

The hosts gave three shouts of malediction on me,

co ttucsat-sidhe misi ar fáoineal ocus ar folúamhuin amail atchíthi-si.”

a chuir orm dul ar foluain ar teitheadh mar a fheiceann tú.”

which sent me wandering and fleeing as you see.”

Back to top

 

Section 49

Rofhiarfaidh-siomh mar an cétna do Suibhne cidh dusfug for gealtacht.

Ar an gcuma chéanna d’fhiafraigh seisean de Shuibhne cad a chuir ar gealtacht é.

In the same way he asked Suibhne what drove him to madness.

“Briathra Rónáin,” ar Suibhne,

“Briathra Rónáin,” arsa Suibhne,

“The words of Ronan,” said Suibhne,

“uair roesccáoin-siomh misi re hucht catha Muighe Rath,

“mar chuir sé mallacht orm le linn cath Maighe Rath

“for he cursed me in front of the battle of Magh Rath,

co roéirghes a n-airde asin ccath sin

sa tslí gur éiríos in airde as an gcath sin

so that I rose on high out of the battle,

cou fuilim ar faoinneal ocus ar folúamain ó sin ale.”

go bhfuilim ar fáinneáil agus ar foluain ó shin i leith.”

and I have been wandering and fleeing ever since.”

“A Shuiune,” ar Alladhán, “coimhédadh cach uainn a chéile co maith

“A Shuibhne,” arsa Alladhan, “tugaimis aire mhaith dá chéile

“O Suibhne,” said Ealladhan, “let each of us keep good watch over the other

ó doratsom taobh fria aroile

ón uair go bhfuil muinín againn as a chéile.

since we have placed trust in each other;

.i. antí úain as luaithe chluinfes

Anois, an té sin againn is túisce a chloisfidh

that is, he who shall soonest hear

glædh cuirre do loch linnghlas linnúaine

glaoch coirre ó loch linnghlas linnuaine,

the cry of a heron from a blue-watered, green-watered lough

nó guth gléghlan gaircce,

nó guth gléghlan fiaigh mhara,

or the clear note of a cormorant,

nó léim creabhair do chraoibh,

nó léim creabhair de chraobh,

or the flight of a woodcock from a branch,

fedghaire nó guth feadóige ar na fiórdhúsgadh

fead nó guth feadóige arna dhúiseacht,

the whistle or sound of a plover on being woke from its sleep,

nó fuaim críonaigh aga choimhbrisedh,

nó briseadh brainsí feoite,

or the sound of withered branches being broken,

nó fosgadh eóin ós fiodhbaidh,

a fheicfidh scáth éin os cionn na coille,

or shall see the shadow of a bird above the wood,

erfhúagradh ocus innisedh antí atchluinfe é ar tús don fior oile,

cuireadh sé é in iúl don bhfear eile.

let him who shall first hear warn and tell the other;

bíodh ead dhá crann eatrainn

Bíodh achar dhá chrann eadrainn

let there be the distance of two trees between us;

ocus dá ráthaighedh neach uainn

agus má chloiseann aon duine againn

and if one of us should hear

ní dona neithibh réimráitiu sin

aon ní díobh sin a luamar

any of the before-mentioned things

nó a n-ionnsamail oile

nó aon ní cosúil leis,

or anything resembling them,

déntar teichedh maith linn iaromh.”

teithimis go tapaidh as an áit.”

let us fly quickly away thereafter.”

Back to top

 

Section 50

Dogniat samhlaidh ocus bádar bliadhain lán i ufarradh aroili.

Rinneadar amhlaidh agus chaitheadar bliain iomlán i bhfochair a chéile.

They do so, and they were a whole year together.

Hi cinn na bliadhna sin adbert Alladhán fri Suibhne:

Ag deireadh na bliana sin arsa Alladhan le Suibhne:

At the end of the year Ealladhan said to Suibhne:

“As mithidh dúinn sgaradh aniú,” ar sé,

“is mithid dúinn scaradh inniu

“It is time that we part to-day,

“uair táinic forcheann mo shoeghail-si,

mar go bhfuil deireadh mo shaoil tagtha

for the end of my life has come,

ocus nocha nfhéduim gan dul gusin ionadh

agus tá orm dul go dtí an t-ionad

and I must go to the place

in rocinnedh dhamh ég d’fhagháil.”

a bhfuil sé i ndán dom éag ann.”

where it has been destined for me to die.”

“Cidh ón, gá bás fogébha?” ar Suibhne.

“Cén saghas bás a gheobhaidh tú?” arsa Suibhne.

“What death shall you die?” said Suibhne.

“Ní hansa,” ar Alladhán,

“Ní deachair a rá,” arsa Alladhan,

“Not difficult to say,” said Ealladhan;

“.i. rachad anois go hEs nDubhthaigh

“rachaidh mé anois go hEas Dubhthaigh

“I go now to Eas Dubhthaigh,

ocus cuirfidhther athach gaeithe fúm ann

agus tógfaidh cóch gaoithe mé

and a blast of wind will get under me

ocus romc[h]uirther ’san es mé

agus teilgfear mé isteach san eas

and cast me into the waterfall

go rombáiter ann

sa tslí go mbáfar mé.

so that I shall be drowned,

ocus nomadhnaicther iarsin i relic fhíreóin

Adhlacfar mé ina dhiaidh sin i reilig firéan

and I shall be buried afterwards in a churchyard of a saint,

ocus foghébh nemh,

agus bainfidh mé neamh amach:

and I shall obtain Heaven;

conadh í sin críoch mo bheathadhsa,

sin é deireadh a bheidh ar mo shaolsa.

 and that is the end of my life.

ocus a Shuiune,” ar Alladhán,

Anois, a Shuibhne,” agus Alladhan,

And, O Suibhne,” said Ealladhan,

“innis damh-sa cia haidhedh notbéra fadhéin?”

“inis domsa cad tá i ndán duit féin?”

“tell me what your own fate will be?”

Ro-innis Suibhne dhó iarum febh atféd an sgél síosana.

D’inis Suibhne dó ansin faoi mar tá ráite anseo síos.

Suibhne then told him as the story relates below.

Rosgarsat lasodhain

Iar sin scaradar.

At that they parted

ocus rotriall an Breathnach go hEs nDubhthaigh

D’imigh an Breatnach go hEas Dubhthaigh

and the Briton set out for Eas Dubhthaigh,

ocus ó ráinic an t-es

agus ó ráinig an t-eas

and when he reached the waterfall

robáidedh ann é.

bádh ann é.

he was drowned in it.

Back to top

 

Section 51

Táinic iarumh Suibhne reimhe dochum nÉrenn

Tháinig Suibhne roimhe go hÉirinn ansin.

Suibhne then came to Ireland,

co ttarla i ndíuidh laoi é go Magh Line i nUltaibh

Tráthnóna thiar shroich sé Maigh Líne in Ultaibh.

and at the close of day he arrived at Magh Line in Ulster.

ocus ó tuc aithne ar an magh atbert:

Ar aithint na maighe dó, dúirt sé:

When he recognized the plain he said:

“Maith éimh cách aga rabhadus-sa ar an magh sa,” ar sé,

“Go deimhin ba mhaith eisean a rabhas ina fhochair ar an maigh,” ar sé,

“Good in sooth was he with whom I sojourned on the plain,

“.i. Congal Cláon mac Sgannláin

“is é sin Congal Claon mac Scannláin

even Congal Claon, son of Scannlan,

ocus fós,” ar sé, “ropudh maith an magh sa ina rabhamar ann.

agus ba mhaith fós an mhaigh ina rabhamar.

and good moreover was the plain on which we were.

Robhádhus-sa ocus Congal lá forsan magh sa: co n-ébart-sa fris:

Bhíos-sa agus Congal lá ar an maigh seo agus dúirt mé leis:

One day Congal and I were there and I said to him:

‘Rob áil damh dol dochum tigerna eile,’

‘Ba mhaith liom dul go tiarna eile,’

‘I would fain go to another master,’

ar laghad mo thuarastail aigi-siomh,

— mar gheall ar a laghad tuarastail a bhí á fháil agam uaidh.

because of the meagre recompense I received from him.

conadh annsin dorad-som dhamh-sa ar oirisiumh aicci

Ansin, le go bhfanfainn aige, thug sé dom

Whereat, in order that I might stay with him, he gave me

trí choega each n-áluinn n-allmhardha

trí chaoga each álainn ón gcoigríoch

thrice fifty beautiful, foreign steeds

imon each donn robhói aigi budhdhéin

mar aon lena each donn féin,

together with his own brown steed,

ocus trí chaoga calg ndéd ndreachsholus,

maille le trí chaoga claíomh *lámh-eabhartha* deaslámhaithe,

and thrice fifty gleaming, tusk-hilted swords,

caoca fermhogh

caoga fearmhogh

fifty bondsmen,

ocus caoca banmhogh

agus caoga banmhogh

and fifty bondsmaids,

ocus ionar go n-ór

chomh maith le hionar órga

a tunic with gold

ocus fúathróg bhuilidh bhreacshróil.”

agus crios soilseach de bhreachshról.”

and a splendid girdle of chequered silk.”

Conadh ann atbert Suibhne an dán so ann go léig:

Ansin, d’aithris Suibhne an dán seo:

Thereupon Suibhne recited this poem:

Back to top

 

Section 52

“I Muigh Line itú-sa anocht,

“I Maigh Line atáimse anocht,

“In Magh Line I am to-night,

atgeóghuinn mo chroidhe taobhnocht,

is eol sin dom chroí taobhnocht,

my bare breast knows it;

is atgeóin misi an magh

is eol dom ró-mhaith an mhaigh

I know too the plain

i mbídh mo sheisi Conghal.

ina mbíonn mo chara Congal.

wherein dwelt my mate Congal.

 

 

 

Feacht rombá-sa is Congal Claon

Tráth bhíos-sa is Congal Claon

Once upon a time Congal Claon and I

sunn ar an muigh-si maráon,

anseo ar an maigh mar aon,

were here in the plain together;

ag dul a nDruim Lorgan láin

ag dul go Droim Lorgan láin

as we were going to plenteous Druim Lurgain,

dorónsamar síst chomhráidh.

thosaíomar dís ag comhrá.

we made converse for a while.

 

 

 

Adubhart-sa ris an rígh,

Adúrt-sa leis an rí

Said I to the king —

ba talach (?) ar thairisi,

ba tálach ar thairise,

.       .       .                   —

‘as áil damh dul ar astar,

‘is áil damh dul ar astar,

‘I am fain to depart

as beg lem mo thúarastal.’

is beag liom mo thuarastal.’

too little do I deem my recompense.’

 

 

 

Rugus-sa úadh mar asgaidh

Rugas-sa uaidh mar aisce

I got from him as a gift

trí cháoga each n-adhastair,

trí chaoga each adhastair,

thrice fifty bridled steeds,

trí chaoga claideamh trén tailc,

trí chaoga claíomh tréan tailc

thrice fifty strong swords,

caoga gall, caoga ionnailt

caoga fearmhogh, caoga banmhogh.

fifty foreigners and fifty handmaidens.

 

 

 

Rugus-sa úadh an t-each donn

Rugas-sa uaidh an t-each donn

I got from him the brown steed,

as ferr dosir fér is fonn,

is fearr a shiúil féar is talamh,

the best that sped over meadow and sward;

rucus a ionar go n-ór

rugas a ionar óir,

I got his golden tunic

is a fuathróg do breacsról.

a chrios álainn breacshróil.

and his girdle of chequered silk.

 

 

 

Ga magh is fiú Magh Lini

Cá maigh is fiú Maigh Line

What plain is a match for Magh Line,

acht in magh atá i Midhe,

acht in mhaigh atá i Midhe,

unless it be the plain that is in Meath,

nó Magh Femhin co líon cros,

nó Maigh Feimhin go líon cros,

or Magh Femin of many crosses,

nó an mag itá i nAirgeadros?

nó an mhaigh atá in Airgeadros?

or the plain that is in Airgeadros?

 

 

 

Nó Magh Feadha, nó Magh Luirg,

Nó Maigh Feadha nó Maigh Luirg

Or Magh Feadha, or Magh Luirg,

nó Magh nAoi co n-áille uird,

nó Maigh nAoi go n-áille oird,

or Magh Aei with beauty of rank,

nó Magh Life, nó Magh Lí,

nó Maigh Life, nó Maigh Lí

or Magh Life, or Magh Li,

nó an magh itá i Muirtheimhní?

nó an mhaigh atá i Muirtheimhne?

or the plain that is in Murthemne?

 

 

 

Do neoch atchonnarc-sa ríamh

Ach a bhfaca mé riamh

Of all that I have ever seen

edir thúaidh, thes is thíar,

idir thuaidh, theas is thiar,

both north and south and west,

nocha nfaca-sa go se

n’fhaca mé go nuige seo

I have not yet beheld

a macsamhla an muigi-se.”

macasamhail na maighe seo.”

the peer of this plain.”

A magh.

 

 

Back to top

 

Section 53

A haithle na laoidhi sin táinic Suibhne roime co Glenn mBolcáin

Tar éis an laoi sin tháinig Suibhne roimis go Gleann Bolcáin

After that lay Suibhne came on to Glen Bolcain,

ocus robhúi aga chúartugudh

agus bhí sé ag gabháil timpeall ann

and he was wandering through it

co ttarla bengheilt dó ann.

gur bhuail bangheilt leis.

when he encountered a mad woman.

Teichidh-siumh roimpi

Theith sé uaithi

He fled before her

ocus ara áoi sin tuigedh gurab ar gealtacht robháoi an bhen

ach tuigeadh dó gur ar gealtacht a bhí an bhean

and yet he divined that she was in a state of madness,

ocus iompaighis ría.

agus d’iompaigh sé ina treo.

and he turned towards her.

Teichidh sisi reimhi-sium ainnsein.

Iar sin theith sise uaidhsean.

At that she fled before him.

“Uchán a Dhé,” ar Suibhne, “as trúagh an bhetha sa

“Ochón, a Dhia,” arsa Suibhne, “is trua an bheatha é seo;

“Alas, O God,” said Suibhne, “wretched is this life;

.i. misi ag teichedh ríasan ngealtóig

mise ag teitheadh ón mbangheilt

here am I fleeing from the crazy woman

ocus sisi ag teichedh róm-sa ar lár Ghlinne Bolcáin;

agus ise ag teitheadh romhamsa i lár Ghleann Bolcáin.

and she fleeing from me in the midst of Glen Bolcain;

is ionmuin éim an t-ionad eisidhen”;

Is ionúin an gleann é seo go deimhin.”

dear in sooth is that place”;

co n-ébairt:

Iar sin dúirt sé:

whereupon he said:

Back to top

 

Section 54

“Misgais, mairg duine dobheir,

“Mioscais, mairg duine a bheir,

“Woe to him who bears enmity,

ní má cin ’s ní má roghein,

ina sruth is na foinse,

would that he had not been born or brought forth,

cidh ben dobéra, cidh fer,

más bean a bhéarfaidh nó más fear

whether it be a woman or a man that bear it,

ní roiset a ndís naoimhneamh.

ní shroichfidh a ndís naomh-neamh.

may the two not reach holy Heaven.

 

 

 

Ní minic bhíos cumann trír

Ní minic bhíonn cumann trír

Seldom is there a league of three

gan duine fo fhodhord díbh,

gan duine acu ag gearán de shíor,

without one of them murmuring;

droigni is drisi romc[h]oirb

draighní, driseacha dom lot,

blackthorns and briars have torn me

conadh misi an fer fodhoird.

mise an gearánaí bocht.

so that I am the murmurer.

 

 

 

Gealtóg ar teichedh a fir,

Gealtóg ar teitheadh óna fear

A crazy woman fleeing from her man —

gidhedh as sgél n-anaithnidh,

cé gur sceal an-ait,

however, it is a strange tale —

fer gan meither is gan bhróig

fear gan éadach is gan bhróig

a man without clothes, without shoes,

ag teichedh ríasan ngealtóig.

ag teitheadh roimh an ngealtóig.

fleeing before the woman.

 

 

 

Ar mían ó thigid cadhain

Ar mian ó thigid cadhain

Our desire when the wild ducks come

gusan mBealltine ar Samhuin,

suas ó Bhealtaine go Samhain

at Samhuin, up to May-day,

in gach coill chéir gan tacha

i ngach coill chiar gan ghanntan

in each brown wood without scarcity

bheith i ccrannuibh eidhneacha.

bheith i gcrannaibh eidhneacha.

to be in ivy-branches.

 

 

 

Uisge Ghlinne Bolcáin báin,

Uisce Ghlinne Bolcáin báin,

Water of bright Glen Bolcain,

éisteacht re a énlaith n-iomláin,

éisteacht lena héanlaith iomlán,

listening to its many birds;

a shrotha millsi nach mall,

a shrutha milse nach mall,

its melodious, rushing streams,

a innsi agus a abhann.

a insí agus a abhann.

its islands and its rivers.

 

 

 

A chuilenn cliuthar ’s a choill,

A chuileann cluthar is a choill,

Its sheltering holly and its hazels,

a duille, a dreasa, a dercoinn,

a duille, a dreasa, a dearcáin,

its leaves, its brambles, its acorns,

a sméra áille uagha,

a sméara áille úra

its delicious, fresh berries,

a chna, a áirne ionnúara.

a chnónna, a airní fionnuara.

its nuts, its refreshing sloes.

 

 

 

Iomad a chúan fo chrannuibh,

Iomad a chuan fé chrannaibh,

The number of its packs of hounds in woods,

búiredhach a dhamh n-allaidh,

búireach a dhamh allta,

the bellowing of its stags,

a uisci iodhan gan gheis,

a uiscí íon gan gheis

its pure water without prohibition;

ní liom-sa robá miosgais.”

ní liomsa ba mhioscais.”

’tis not I that hated it.”

M.

 

 

Back to top

 

Section 55

Luidh iarum Suibhne gusin bhail ina raibhi Eorann

Dá éis sin ghluais Suibhne i dtreo na háite ina raibh Eorann ag cur fúithi.

Thereafter Suibhne went to the place where Eorann was

co rothoiris ar fordhorus in tighe

Sheas sé ag fordhoras an tí

and stood at the outer door of the house

i mbói an ríogan cona banntracht,

mar a raibh an bhanríon gona bantracht thart uirthi

wherein were the queen and her womenfolk,

conadh ann adbert:

agus *ansin* dúirt:

and then he said:

“Sádhal sin, a Eorann,” ar sé,

“Is suaimhneasach ataoi, a Eorann,” ar sé,

“At ease art thou, Eorann,

“cidh anshádhal damh-sa.”

“ní mar sin domsa.”

though ease is not for me.”

“As fíor,” ar Eorann, “ocus táir-si asteach,” ar sí.

“Is fíor,” arsa Eorann, “ach tair isteach,” ar sise.

“True,” said Eorann, “but come in,” said she.

“Ní raghatt éimh,” ar Suibhne,

“Ní raghad go deimhin,” arsa Suibhne,

“In sooth I will not,” said Suibhne,

“ar nach gabat in sluagh imchumhang an toighi form.”

“ar eagla go ngreamódh an t-arm sa tigh mé.”

“lest the army pen me in the house.”

“Dar liom,” ar an inghen, “nocha nferr do chiall ar gach ló dá ttig dhuit

“Dár liom,” arsa an iníon, “nach bhfuil feabhas ar do chiall ó lá go lá

“Methinks,” said the woman, “no better is your reason from day to day,

ocus ó nach áil duit anadh aguinn,” ar sí,

agus ón uair nach mian fanacht linne anseo,” ar sí,

and since you do not wish to stay with us,” said she,

“déna imtecht ocus ná háitigh chugainn idir,

“imigh agus ná háitigh linn in aon tslí

“go away and do not visit us at all,

dóigh is nár linn

mar gur chúis náire dúinn é

for we are ashamed

t’fhaicsin fón deilbh sin

dá bhfeicfeadh daoine tú sa chló ina bhfuilir,

that you should be seen in that guise

dona dáoinibh atchonncatar thú fód dheilbh fé[i]n.”

go háirithe daoine a chonaic tú id’ chló ceart féin.”

by people who have seen you in your true guise.”

“Truagh éimh sin,” air Suibhne,

“Trua sin,” arsa Suibhne,

“Wretched in sooth is that,” said Suibhne,

“as mairg dobheir taobh re mnáoi tar éis na mbriathar sin.

“is mairg a chuirfeadh a iontaoibh i mnaoi tar éis na mbriathra sin.

“woe to him who trusts a woman after these words.

Uair ba maith mo chummaoin-si ar an mnáoi

Óir ba mhór é mo chomaoin ar an mnaoi

For great was my kindness to the woman

romfúagrann samhlaidh,

a ruaigeann uaithi amhlaidh anois mé.

who dismisses me thus,

dóigh tucus inn-aonló dhí trí chaoga bó ocus caoga each,

Féach gur thugas in aon lá amháin di trí chaoga bó agus caoga each.

seeing that on one day I gave her thrice fifty cows and fifty steeds;

ocus dá madh é an lá romharbhus Oilill Cédach, rí Ua fFhaoláin,

Dá mba é an la é a mharaíos Oilill Céadach, Rí Uí bhFaoláin,

and if it were the day I slew Oilill Cedach, king of the Ui Faolain,

robadh maith lé mh’fhaicsin-si”;

go mba mhaith léi mé a fheiscint.”

she would have been glad to see me;”

gonadh ann adbert annso síos:

Agus dúirt an laoi seo:

whereupon he said:

Back to top

 

Section 56

“Mairg fa ttabhraid mná menma

“Mairg a gcuirfidh mná dúil iontu,

“Woe to those who strike women’s fancy,

cia bheith d’feabhus a ndealbha,

is cuma chomh dathúil iad féin,

however excellent their form,

an tan as é Suibne Geilt

nuair is é Suibne Geilt

since Suibhne Geilt

na fuair cuibhdhe dá chéidsheirc.

ná fuair bá óna chéad searc.

has got no sympathy from his first love.

 

 

 

As mairg dobheir taobh re mnáibh

Is mairg do bheir iontaoibh le mná

And woe to him who trusts in women

cidh a n-oidhchibh, cidh i lláibh,

bíodh sin san oíche nó sa lá;

whether by night or by day,

cidh bed bhes ina n-inne

pé rud bheas ina n-intinn

whatever be in their minds,

d’aithle meabhla Eorainne.

tar éis mídhílseacht Eorainne.

after the treachery of Eorann.

 

 

 

Maith mo chummáoin ar an mnáoi,

Maith mo chomaoin ar an mnaoi

Good was my kindness to the woman —

gan fordal, gan iomargháoi,

gan earráid, gan chalaois,

without guile, without deceit —

tarraidh díom trí cháoga bó

thugas di trí chaoga bó

she got from me thrice fifty cows

la cáoga each a n-áonló.

is caoga each in aon ló.

and fifty steeds in one day.

 

 

 

An tan dobhínn isin bfeidhm

An t-am a bhínnse ins an gcath

When I was in the conflict

nocha n-iomghabhainn ceitheirn,

ní theithinn ón gceithirn,

I would not avoid an armed band;

áit ina mbíodh treas nó troid

áit ina mbíodh treas nó troid

where there was a fight or a tussle

robsam comhlann do thríochaid.

ba chomhlann mé do thríocha.

I was a match for thirty.

 

 

 

Rofhíarfaidh Congal, céim nglan,

D’fhiafraigh Congal glan amach

Rightly did Congal ask

din inar n-óccaibh Uladh,

dínne ógaibh Uladh,

of us Ulster warriors:

‘cúich úaibh dhiongbhus isin chath

‘cé agaibh chloífidh ins an chath

‘which of you will repel in battle

Oilill Cédach comhromhach?’

Oilill Céadach caithréimeach?’

Oilill Cedach the combative?’

 

 

 

Allata, fergach an fer,

Allta, feargach an fear,

Wild and angry the man,

adhbhal a sgíath is a shleagh,

ábhal a sgiath is a shleá,

huge his shield and his spear,

dorat i socht seal an slógh,

chuir i dtost seal an slua,

he stilled for a time the host,

an fer dífreagra, dímhór.

an fear mórfheargach rímhór.

the matchless, huge man.

 

 

 

Adubhart-sa ar láimh Chongail,

Adúrtsa taobh le Congal

Said I at Congal’s side —

noc[h]arbh áithesg fir omhnaigh,

caint nár chaint eaglach í,

it was not the response of a timid man —

‘dingébhad-sa Oilill oll

‘coinneod-sa Oilill oll

‘I will ward off mighty Oilill,

gidh trén tar chách a chomhlonn.’

cé tréan thar cách a chomlann.’

though hard beyond all is it to encounter him.’

 

 

 

Rofhágbhus Oilill gan chenn

D’fhágas Oilill gan cheann

Headless I left Oilill,

agus robudh lánmhaith leam,

agus ba lánmhaith liom an gníomh,

and right glad was I thereat;

torchradar leam imalle

liomsa leis do thit

by me also there fell

cúig mic rígh Muige Mairge.” 

cúig mic rí Muige Mairge.”

five sons of the king of Magh Mairge.”

Mairg.

 

 

Back to top

 

Section 57

Rothógaibh Suibhne uimi lasodhain co hétrom imísiol æerdha

Iar sin d’éirigh Suibhne go héadrom, *go fáilí,* aerga

Thereupon Suibhne rose lightly, stealthily, airily,

do ind gach aird

ó gach ard-phointe

from the point of every height

ocus do tulmhoing gacha tulchi for araill

agus ó mhullach gach cnoic *go haraile*

and from the summit of one hill to another

co riacht Benna Boirche fodhes.

gur shroich sé Beanna Boirche ó dheas.

until he reached Benn Boirche in the south.

Roghabh fós isin maighin sin, co n-ébairt:

Lig sé scíth san áit sin agus dúirt:

In that place he rested saying:

“Maith in t-ionadh geilte so,” ar sé,

“Maith an t-ionad geilte seo cinnte

“This is a spot for a madman,

“acht namá ní hionadh eatha, blechta nó bídh é,

ach ní hionad arbhair, bleachta ná bia é, áfach.

but yet no place is it for corn or milk or food;

acht is ionadh anforusta anshocair

Tá sé mí-chompordach, neamhshocair anseo,

it is an uncomfortable, unquiet place,

ocus ní díon ar dhoininn ná ar dherthan bheith ann,

agus ní díon é ar dhoineann ná ar fhearthainn

nor has it shelter against storm or shower,

gidh ionadh urartt aoibhinn é”;

cé gur ionad an-ard aoibhinn é.”

though it is a lofty, beautiful place,”

gonadh and adbert na briathra so síos cco léig:

Agus dúirt sé na ranna seo:

whereupon he uttered these words:

Back to top

 

Section 58

“Fuar anocht Benna Boirche,

“Fuar anocht Beanna Boirche,

“Cold to-night is Benn Boirche,

as ionadh fhir anfhoirfe,

is ionad fir neamhfhoirfe

’tis the abode of a blighted man;

ni hionadh bídh ná blechta,

ní hionad bia ná bleachta

no place is it for food or milk,

re sín is re sírshnechta.

sa síon is sa síorshnechta.

nor in storm and endless snow.

 

 

 

As fuar mo leabaidh oidche

Is fuar mo leaba oíche

Cold is my bed at night

a mullach Bheinne Boirche,

i mullach Bheinne Boirche,

on the summit of Benn Boirche;

am fann, nímfulaing édach

fann gan foscadh gan éadach

I am weak, no raiment covers me

ar chrann chuilinn crúaidhghégach.

ar chrann cuilinn cruaghéagach.

on a sharp-branching holly-tree.

 

 

 

Ó romgeibh fúacht isind aigh

Ó ghabh fuacht mé ins an oighear

When cold has gripped me in the ice

tigim go háith ’na aghaidh,

tigim go géar ina aghaidh,

I move sharply against it,

beirim daiger don gháoith ghlé

bheirim daighear don ghaoth ghlé

I give fire to the glinting wind

dar leirg Laigen Laogha[i]re.

ó leirg Laighean Laoghaire.

blowing over the plain of Laoghaire’s Leinster.

 

 

 

Glenn Bolcáin an tobair gloin,

Gleann Bolcáin an tobair ghlain

Glen Bolcain of the clear spring,

as é mh’árus re hanmoin,

is é m’áras anama,

it is my dwelling to abide in;

ó thicc lá Samhna, ó téid sam,

ó thig lá Samhna, d’éis an tsamhraidh

when Samhuin comes, when summer goes,

as é mh’árus re hanadh.

is é m’áras fanachta.

it is my dwelling where I abide.

 

 

 

Gacha sirinn thíar is toir

Gach áit a théinn thiar is thoir

Wheresoever I might wander west and east

seachnóin ghlenntadh Glanamhraigh,

ar fud ghleannta Ghlanamhraigh

throughout Glanamhrach’s glens

bídh síon cruaidhshnechta im cheann,

bíonn síon cruashneachta im’ cheann

the biting snowstorm is in my face,

i ndíon úairghealta Éirenn.

i ndíon fuarghealta Éireann.

for shelter of the chilly madman of Erin.

 

 

 

As é sin mo ghlenn grádha,

Is é sin mo ghleann grá,

That is my beloved glen,

as é m’ferann comhdhála,

is é m’fhearann comhdhála,

my land of foregathering,

as é mo dún ríogh re roinn,

is é mo dhún rí le roinn,

my royal fortress that has fallen to my share,

as é mo díon ar dhoininn.

is é mo dhíon ar dhoineann.

my shelter against storm.

 

 

 

As é sin m’fulang oidhche:

Is é sin mo thacaíocht oíche

For my sustenance at night

cnúasach mo dá chrobh choidhche,

cnuasach mo dhá chrobh choíche,

I have all that my hands glean

benoim a ndoiribh doirchibh

bainim i ndoirí dorcha

in dark oak-woods

do luibibh, do lántoirthibh.

do luibheanna, do lántorthaí.

of herbs and plenteous fruit.

 

 

 

Mian lium na mó[n]ainn co mbloidh,

Mian liom na mónainn,

I love the precious bog-berries,

at millsi ná maothnatoin

milse iad ná maothnatóin,

they are sweeter than  .  .  .

fothlacht, femar, as mían damh,

fothlach, femar, is mian liom

brooklime, sea-weed, they are my desire,

an lus bían is an biorar.

an lus bian is an biolar.

the lus bian and the watercress.

 

 

 

Ubhla, caora, cna cuill chain,

Úlla, caora, collchnónna caoine

Apples, berries, beautiful hazel-nuts,

sméra, dercain do dharaigh,

sméara is dearcáin darach,

blackberries, acorns from the oak-tree,

subha craobh, is fíach féile,

subha craobh is fiach féile,

raspberries, they are the due of generosity,

sgeachóra scíach scenbhgére.

sceachóra sceach scianghéara.

haws of the prickly-sharp hawthorn.

 

 

 

Siomsán, samhadh, creamhlus cain

Seamsán, samhadh, creamhlus caoin

wood-sorrels, goodly wild garlic,

agus bior[o]ráin bharrghlain,

agus biororáin bharrghlain,

and clean-topped cress,

benuidh dhíom géire malle,

bainid díom géire malle,

together they drive hunger from me,

dercain sléibhe, bun melle.

dearcáin sléibhe, bun melle.

mountain acorns, melle root.

 

 

 

Meisi i ferann ghlas nach glenn,

Mise i bhfearann glas nach gleann,

I in a green land that is not a glen,

a Chríst, ní rochomhraceam!

a Chríost nára shroichead!

O Christ, may I never reach it!

ní fhuil mo dual-sa re a dul,

ní dual dom a bheith ann —

it is not my due to be there;

acht gidhim fúar-sa, is fúar-sum.”

acht cé fuar mise, is fuar san.”

but though I am cold, it also is cold.”

Fuar anocht.

 

 

Back to top

 

Section 59

Táinic-siumh roimhe isin maidin arnamhárach co Magh Feimhin,

Tháinig roimhe an mhaidin dár gcionn go Maigh Feimhin;

On the morning of the morrow Suibhne came on to Magh Femhin,

luid aisséin co Sionainn sruthghlain sriobhúaine,

chuaigh as sin go Sionainn sruthghlan sreabhuaine;

thence he fared to the limpid, green-streamed Shannon,

asséin co hEchtge n-aird n-uraoibhinn,

as sin go hEachta ard aoibhinn;

thence to lofty, beautiful Aughty,

aisséin co feronn míonghlas móirédrocht Maenmhuighe,

ansin go fearann mínghlas *mórghlan* Meán Mhaí;

thence to the smooth-green, bright land of Maenmagh,

aisséin co sruth sáoraluinn Suca,

as sin go sruth saorálainn Suca

thence to the noble and delightful river Suck,

aisséin go himlibh Locha soileathain Ríbh.

agus as sin arís go himeallaibh sruthleathan Locha Ríbh.

thence to the shores of spreading Lough Ree.

 

An oíche sin fós,

That night

Gabhaidh iaromh fós ocus comhnaidhe i nglaic Bhile Tiobradáin

chuir sé faoi i ngabhlóg Bhile Thiobradáin

he made his resting-place in the fork of Bile Tiobradain

i cCrích Gháille i n-oirther Connacht

i gCríoch Gháille in oirthear Chonnacht.

in Crich Gaille in the east of Connaught.

in oidhche sin.

 

 

Dá mhennataibh dísli-siom i nÉrinn an t-ionadh sin.

B’in ceann de na hionaid ab fhearr leis in Éirinn.

That was one of his beloved places in Ireland.

Rogabh tuirsi mór ocus múichneachus é, conadh ann adbert:

Ghabh tuirse mór agus laige coirp é go ndúirt:

Great sorrow and misery came upon him, whereupon he said:

“As mór éimh,” ar sé, “do imnedh ocus do dhocomhul rochésus conuige so,

“Is ró-mhór an trioblóid agus an t-imní atá dom chéasadh go dtí seo.

“Great in sooth is the trouble and anxiety I have suffered hitherto;

ba fúar mh’ionadh aréir .i. i mullach Bheinne Boirche

B’fhuar m’ionad aréir i mullach Bheinne Boirche

cold was my dwelling-place last night on the summit of Benn Boirche,

ocus ní nemhfhúaire mh’ionadh anocht a nglaic Bhile Tiobradáin.”

agus ní lú ná sin an fuacht im’ ionad anocht i ngabhal Bhile Thiobradáin.”

no less cold is my dwelling-place to-night in the fork of Bile Tiobradain.”

Back to top

 

Section 60

Úair is amhlaidh robhói an oidhchi sin, ag cur shnechta

Óir is amhlaidh a bhí sé an oíche sin ag cur sneachta,

For it was snowing that night

ocus an mhéd nocuredh

agus an méid a chuireadh

and as fast as the snow fell

noreódadh fachétóir a haithli a chuir,

do reodh sé láithreach a haithle a chuir,

it was frozen,

conadh ann adbert-somh: “Mo chubhais éimh,” ar sé,

sa tslí go ndúirt Suibhne: “Ar mo choinsias,

whereupon he said: “My conscience,

“as mór do dhocruibh rofhuilnges-sa,

is mór de dheacra atá fulaingthe agam

great is the suffering I have endured

ó rofhás mo chlúimh gus anocht.

ón uair a d’fhás mo chlúmh orm go dtí anocht.”

from the time my feathers have grown until to-night.

Rofheadar,” ar sé, “cidh bás foghébhainn de,

“N’fheadar,” ar sé, “cé gur bás a gheobhainn dá dheasca,

I know,” said he, “that though I might meet my death therefrom,

robadh ferr dhamh taobh do thabhairt re dáoinibh

nárbh fhearr dom muinín a chur i ndaoine

it were better that I should trust people

iná na docra-sa do fhulang do ghrés;”

ná na deacra seo a fhulaingt de shíor.”

than suffer these woes forever.”

gonadh ann adbert an laoidh ag tabairt a dhocra ós áird:

Agus d’aithris sé an laoi ag cur a dheacra in úil:

Thereupon he recited the poem proclaiming aloud his woes:

Back to top

 

Section 61

“Mór múich a ttú-sa anocht,

“Is mór mo bhrón anocht,

“I am in great grief to-night,

rotreaghd mo chorp an gháoth ghlan,

threaghd mo chorp an ghaoth ghlan,

the pure wind has pierced my body;

toll mo throighthiu, glas mo ghrúadh,

toll mo throighe, glas mo ghrua,

wounded are my feet, my cheek is wan,

a Dhé mhóir, atá a dhúal damh.

a Dhia mhóir, is é a dual dom.

O great God, it is my due.

 

 

 

I mBeinn Bhoirche dhamh aréir,

I mBinn Bhoirche dom aréir,

Last night I was in Benn Boirche,

romt[h]uairg bráoin in Echtga úair,

thuargain orm an braon in Eachta fuar,

the rain of chilly Aughty beat on me;

anocht robhretait mo bhoill

anocht creathann mo bhaill

to-night my limbs are racked

i nglaic chroinn i nGáille ghlúair.

i ngabhal crainn i nGáille ghluair.

in the fork of a tree in pleasant Gaille.

 

 

 

Rofhuilnges mór ttreas gan tlás

D’fhulaingíos treas mór gan tlás

I have borne many a fight without cowardice

ó rofhás clúmh ar mo chorp,

ó d’fhás clúmh ar mo chorp;

since feathers have grown on my body;

ar gach n-oidhche is ar gach ló

ar gach oíche is ar gach lá

each night and each day

as mó sa mhó fhuilghim d’olc.

is mó dá réir fhulaingím d’olc.

more and more do I endure ill.

 

 

 

Romc[h]ráidh sioc, síon nach súairc,

Do chráigh sioc mé, is síon nach suairc,

Frost and foul storm have wrung my heart,

romt[h]uairg snechta ar Sléibh mhic Sin,

Thuargain sneachta ar Sléibh mhic Sin,

snow has beaten on me on Sliabh mic Sin;

anocht romgeóghain an ghæth

anocht do ghoin an ghaoth mé

to-night the wind has wounded me,

gan fraech Ghlenna Bolcáin bil.

gan fraoch Ghleanna Bolcáin maith.

without the heather of happy Glen Bolcain.

 

 

 

Utmhall mh’imirce in gach íath,

Suaite m’imirce i ngach iath,

Unsettled is my faring through each land,

domríacht bheith gan chéill gan chonn,

bhain dom bheith gan chéill gan chonn,

it has befallen me that I am without sense or reason,

do Muigh Line for Muigh Lí,

ó Mhaigh Líne go Maigh Lí

from Magh Line to Magh Li,

do Muigh Lí for Life lonn.

ó Mhaigh Lí go Life lonn.

from Magh Li to the impetuous Liffey.

 

 

 

Saighim dar seghais Sléibhi Fúaid,

Téim thar ghrua Shléibhe Fuaid,

I pass over the wooded brow of Sliabh Fuaid,

rigim im rúaig co Ráith Móir,

sroichim im’ ruaig go Ráth Mór,

in my flight I reach Rathmor,

dar Magh nAoi, dar Magh Luirg luinn

thar Mhaigh nAoi, thar Mhaigh Luirc

across Magh Aoi, across bright Magh Luirg,

rigim co cuirr Chruacháin chóir.

sroichim go himeall Chruachain chóir.

I reach the border of fair Cruachan.

 

 

 

Ó Sliabh Cúa, ní turus tais,

Ó Shliabh gCua, ní turus tais,

From Sliabh Cua — no easy expedition —

riccim go Glais Gháille ghrinn,

sroichim Glais Gháille ghrinn,

I reach pleasant Glais Gaille;

ó Ghlais Gháille, gidh céim cían,

ó Ghlais Gháille, cé céim chian

from Glais Gaille, though a long step,

riccim soir go Slíabh mBreagh mbinn.

sroichim soir go Sliabh Breagh binn.

I arrive at sweet Sliabh Breagh to the east.

 

 

 

Dúairc an bhetha bheith gan teach,

Duairc an bheatha bheith gan teach,

Wretched is the life of one homeless,

as truagh an bhetha, a Chríosd chain,

is trua an bheatha, a Chríost chaoin,

sad is the life, O fair Christ,

sásadh biorair bairrghlais búain,

béile biolair barrghlais buain,

a meal of fresh, green-tufted watercress,

deogh uisge fhúair a glais ghlain.

deoch uisge fhuair as glais ghlain.

a drink of cold water from a clear stream.

 

 

 

Tuisledh do bharraibh chraobh ccríon,

Tuisleadh do bharraibh chraobh críon,

Stumbling from withered tree-tops,

imthecht aitin, gníom gan gháoi,

imeacht trí aiteann, gníomh gan ghaoi,

faring through furze — deed without falsehood —

seachna daoine, cumann cúan,

seachnadh daoine, cumann cuan,

shunning mankind, keeping company with wolves,

coimhrith re damh rúadh dar ræi.

comhrith le damh rua thar claí.

racing with the red stag over the field.

 

 

 

Feis oidhche gan chlúimh a ccoill

Codladh oíche gan chlúmh i gcoill,

Sleeping of nights without covering in a wood

i mullach croinn dosaigh dhlúith,

i mullach crainn dosaigh dhlúith,

in the top of a thick, bushy tree,

gan coisteacht re guth ná glór,

gan éisteacht le guth ná glór

without hearing voice or speech;

a mhic Dé, is mór an mhúich.

a mhic Dé, is mór an brón.

O Son of God, great is the misery.

 

 

 

Reithim rúaig re beinn co báoth,

Rithim ruaig le beinn go baoth

Foolishly I race up a mountain-peak

uathadh rotráoth a los lúith,

im’ aonar, traochta ón lúth,

alone, exhausted by dint of vigour;

dosgarus rém chruth gan clódh,

scaras lem’ chruth gan chló

I have parted from my faultless shape;

a mhic Dé, is mór an mhúich.”

a mhic Dé, is mór an brón.”

O Son of God, great is the misery.”

Mór.

 

 

Back to top

 

Section 62

“Cidh fil ann atrá,” ar sé,

“Is cuma conas a bheidh,” ar seisean,

“Howbeit,” said he,

“acht cidh é Domhnall mac Aodha nommhuirfedh

“fiú má mharaíonn Dónall Mac Aodha mé,

“even if Domhnall son of Aodh were to slay me,

raghad dochum Dál Araidhe

rachaidh mé go Dál Araidhe

I will go to Dal Araidhe

ocus dobhér taobh rem dháoinibh fodhéin

agus cuirfidh mé muinín im’ dhaoine féin

and I will entrust myself to my own people,

ocus mun beith cailleach an mhuilinn d’atach Chríst frim

agus mura mbeadh cailleach an mhuillinn tar éis dul i gcion orm

and if the mill-hag had not invoked Christ against me

im shíst léimenndaigh do dhénumh dhí

d’fonn léimeanna a dhéanamh di an tráth úd,

so that I might perform leaps for her awhile,

ní rachainn ar an aithghealtacht.”

ní rachainn ar an athghealtacht.”

I would not have gone again into madness.”

Back to top

 

Section 63

Táinic taom dá chéill dó annsin

Tháinig taom dá chéill dó ansin

A gleam of reason came to him then,

ocus doluidh roime ar amus a thíre

agus thug aghaidh ar a dhuthaigh féin

and he set out towards his country

do thabairt taobha re a muintir ocus do anmhuin aca.

chun dul i muinín a mhuintire agus fanacht acu.

to entrust himself to his people and abide with them.

Rofoillsigedh do Ronán an tan sin

Fuair Rónán amach *an t-am sin*

At that time it was revealed to Ronan

a chiall do tuidhecht do Suibhne

go raibh a chiall tagtha do Shuibhne

that Suibhne had recovered his reason

ocus a bheith ag dul chum a thíre

agus go raibh sé ag filleadh ar a dhúthaigh féin

and that he was going to his country

d’anadh eiter a mhuintir,

chun cur faoi i measc a mhuintire.

to abide among his folk;

co n-ébairt Rónán:

Iar sin dúirt an naomh:

whereupon Ronan said:

“Aitchim-si an Rígh uasal uilechumhachtach

“Iarraim ar an Rí uasal uilechumhachtach

“I entreat the noble, almighty King

nár fféde se an t-ingrinntidh sin

nach bhféadfaidh an sciúrsálaí sin

that that persecutor

do ionnsaighe na heagailsi dia hingreim doridhisi

dul thar n-ais arís ag céasadh na heaglaise

may not be able to approach the church to persecute it again

amail dorighni fecht n-aill

mar a rinne tráth

as he once did,

ocus an t-inneachadh tuc Día fair

agus an díoltas a bhain Dia amach air

 

a ndíogail a dhímhiadha-somh for a mhuintir

de dheasca na heasonóra a thug sé dá mhuintir,

 

ná raibe furtacht ná fóiridhin dhó dhe

nár fhaighe sé fortacht ná fóirithint uaidh

 

co roscara a anam fri a chorp,

go scarfaidh a anam lena chorp

and, until his soul has parted from his body,

 

 

may there be no help or relief to him  

 

 

from the vengeance which God inflicted on him

 

 

in revenge for the dishonour done to His people,

ar dháigh ná tiobhra a aithghin oile do ingrinntidh dia éis

sa tslí nach dtabharfaidh a leithéid eile de thíoránach ina dhiaidh seo

so that no other like tyrant after him may inflict

sár nó dímigin for an cCoimdigh nach for a mhuintir itir.”

easonóir ná masla don Choimhde ná dá mhuintir.”

outrage or dishonour on the Lord or on His people.”

Back to top

 

Section 64

Roéisd Dia itchi Rónáin,

D’éist Dia le hachainí Rónáin,

God heard Ronan’s prayer,

uair antan tánic Suibhne co medhón Sléibhe Fúaid

óir an t-am a tháinig Suibhne go lár Sléibhe Fuaid

for when Suibhne came to the centre of Sliabh Fuaid

rochobhsaidh a chéim annsin

stad sé go hobann ann

he stopped still there,

co ttárfás taidhbhsi n-iongnadh dhó annsin a medhónoidhchi

agus in uain mharbh na hoíche chonaic sé na taibhsí aisteacha os a chomhair amach:

and a strange apparition appeared to him at midnight;

.i. méidhedha maoilderga

cabhlacha dearga *gan cinn*

even trunks, headless and red,

ocus cinn gan cholla

agus cinn gan cholainn leo

and heads without bodies,

ocus cúig cinn gaoisidecha, gairbhlíatha,

agus cúig cloigne gharbhliatha ghuaireacha

and five bristling, rough-grey heads

gan chorp, gan cholainn etarra,

gan chorp, gan cholainn eatarthu,

without body or trunk among them,

ag sianghail ocus ag léimnigh imon sligidh anond ocus anall.

agus iad ag sianaíl agus ag léimnigh anonn is anall sa tslí.

screaming and leaping this way and that about the road.

Antan rosiacht-somh eatarra

Nuair a tháinig Suibhne eatarthu

When he came among them

rochúalaidh ag comhrádh iad

chuala sé ag comhrá lena chéile iad

he heard them talking to each other,

ocus is edh adberdís:

*agus is ea a deiridís*:

and this is what they were saying:

“Geilt é,” ar an cétchenn.

“Gheilt é,” arsa an chéad cheann díobh.

“He is a madman,” said the first head;

“Gelt Ultach,” ar an dara cenn.

“Geilt Ultach,” arsa an dara ceann.

“a madman of Ulster,” said the second head;

“A lenmhain co maith,” ar an treas cenn.

“Leanaimis go dlúth é,” arsa an tríú ceann.

“follow him well,” said the third head;

“Gurab fada an lenmhain,” ar an cethramadh cenn.

“Gura fada an leanúint,” arsa an ceathrú ceann.

“may the pursuit be long,” said the fourth head;

“Nógo ría fairrge,” ar an cúigedh cenn.

“Nó go sroichfidh sé an fharraige,” arsa an cúigiú ceann.

“until he reaches the sea,” said the fifth head.

Noseirgheatt a n-áoinfeacht chuige.

 D’éiríodar in éineacht ina threo.

They rose forth together towards him.

Rostógaibh-siumh uime rempa

D’eitil sé uathu in airde *rompu*

He soared aloft in front of them

tar gach muine día aroile,

ó mhuine go muine

(passing) from thicket to thicket,

ocus geruó mór an glenn nobhíodh roimhe

agus dá mhéid fairsinge aon ghleanna roimis

and no matter how vast was the glen before him

ní thaidhledh-somh é,

ní theagmhaíodh sé leis

he would not touch it,

acht nolingedh don bhord co aroile de

ach léimeadh ó thaobh amháin go dtí an taobh eile

but would leap from one edge of it to another,

ocus do bheinn na tulchi for araill.

agus ó mhullach cnoic amháin go mullach cinn eile.

and from the summit of one hill to the summit of another.

Back to top

 

Section 65

Ba lór immorro d’úathbhás,

Ba mhór go deimhin d’uafás,

Great in sooth was the terror,

do gréc[h]ach ocus golfortach,

de scréachach agus golfartach,

the crying and wailing,

sianghal ocus síoréighemh,

sianaíl agus síoréamh,

the screaming and crying aloud,

séstán ocus séiseilbhe na ccenn ina dhiaidh-siumh

gleo agus callshaoth na gceann ina dhiaidh

the din and tumult of the heads after him

ga tharrachtain ocus ga thréntograim.

agus iad ag teannadh leis agus á thoraíocht go dian.

as they were clutching and eagerly pursuing him.

Ba hé treisi ocus tinnesnaighe na tógrama sin

Ba é fuinneamh agus luas na tóraíochta taobh thiar de

Such were the force and swiftness of that pursuit

co lingdís na cinn dá oircnibh

faoi deara go léimeadh na cinn dá cholpaí,

that the heads leaped on his calves,

ocus dá iosgadaibh ocus dá lesrach

dá ioscaidí, dá leasracha,

his houghs, his thighs,

ocus dá slinnénibh ocus do chlais a chúil,

dá shlinneáin agus de bhaic a mhuiníl.

his shoulders, and the nape of his neck,

co mba samhalta leisiumh ocus bloisgbhéim buinne dílionn do ucht airdshléibhe

 

 

seisbhéimneach gach cinn for aroile dhíobh

An turraing a dhéanadh na cinn in aghaidh a chéile

so that the impact of head against head,

ocus comhthuairgnech uile fri sleasaibh crann ocus fria cennuibh carrag

ag síor-thuargaint i gcoinne shleasa na gcrann agus éadain na gcarraig

and the clashing of all against the sides of trees and the heads of rocks,

le lar ocus re lántalmain,

agus dromchla na talún,

against the surface and the earth,

 

ba chosúil le chéile iad ina shamhlaíocht le sruth tuile trom as ucht ardsléibhe.

seemed to him like the rush of a wild torrent from the breast of a high mountain;

co nár ansat de

Níor staon siad den tóir

nor did they cease

co ndeachaidh re néllaibh urétroma æieoir uatha.

gur éalaigh sé uatha isteach i néalta éadroma na spéire.

until he escaped from them into the filmy clouds of the sky.

Back to top

 

Section 66

Roscarsat ris iarsin

Scaradar leis ansin

Then they parted from him,

edir chenn ghabhair ocus cenn chon,

idir chinn ghabhar agus chinn chon,

both goat-heads and dog-heads —

uair andar lais bádar sidhe

óir dar leis go raibh na cinn sin leis

for it seemed to him that these were

a ttréchumusc na ccenn n-oile ina lenmhuin.

ina measc siúd eile go léir a bhí sa tóir air.

all intermingled with the other heads pursuing him.

Ba neimhthni faoinneal nó folúamhuin dá raibhi fair-siumh ina haithfhéghadh riamh roimhe sin,

An fháinneáil agus an fholuain a rinne sé roimhe seo níor thada é i gcomparáid leis an méid sin,

The wandering and flying which he had ever before done were as nothing in comparison with this,

uair ní thairisedh eadh lasa n-iobhadh digh

óir níor stop sé fada go leor chun fiú deoch uisce a ól

for he would not rest long enough to take a drink

co cenn trí choicthidhisi ina dhíaidh sin,

go ceann sé seachtaine *ina dhiaidh sin*,

to the end of three fortnights after that

go ttarla aen na n-oidhche é i mullach Sléibhe Eidhneach,

go dtáinig sé oíche amháin go mullach Shliabh Eidhneach.

until he came one night to the summit of Sliabh Eidhneach;

gur ro-oiris i mbárr chroinn ann eadh na hoidhche sin co madain.

Ghlac sé sos i mbarr crainn ansin go maidin.

that night he rested there on the top of a tree until morning.

Roghabh ag éccaoine móir annsin;

Thosaigh sé ag éagaoineadh go géar arís

He then began lamenting grievously;

conadh edh roráidh:

go ndúirt:

whereupon he said:

“Olc éimh atáthar agom anocht

“Is olc an scéal agam é anocht

“Wretched indeed is it with me to-night

a haithle na caillighe ocus na ccenn ar Slíabh Fúaid,” ar sé,

tar éis na caillí agus na gceann ar Shliabh Fuaid;

after the hag and the heads on Sliabh Fuaid,

“acht chena as cóir mo ueth amail atú,

féach, áfach, go raibh sé ag teacht chugam

and yet it is right that I should be as I am,

uair sochaidhe risa ndernus fé[i]n olc;”

mar gheall ar a bhfuil de dhochar déanta riamh agam *féin* don oiread sin daoine,”

because of the many to whom I myself have done harm”;

conadh ann adbert:

agus dúirt:

whereupon he said:

Back to top

 

Section 67

“Éccáointeach atú-sa anocht,

“Is caointeach mé anocht,

“Mournful am I to-night,

am tuirseach truagh, am taobhnocht

táim tuirseach trua, taobhnocht,

I am sad and wretched, my side is naked,

dá bfesdáois form na dáoine

dá mb’eol mo chás do dhaoine,

if folk but knew me

fil damh damhna éccáoine.

is ábhar mé d’éagaoineadh.

I have cause for lament.

 

 

 

Reód, sioc, sneachta agus síon

Reo, sioc, sneachta agus síon

Frost, ice, snow and storm,

agum thúargain tré bhith síor,

im’ thuargain trí bhith síor,

forever scourging me,

mo beith gan teini, gan tech

mé bheith gan tine, gan teach

I without fire, without house,

a mullach Shléibhe Eidhneach.

i mullach Shléibhe Eidhneach.

on the summit of Sliabh Eidhneach.

 

 

 

Teach mór agum is ben mhaith,

Teach mór agam is bean mhaith,

I have a mansion and a good wife,

adeiredh cách robsum flaith,

deireadh cách go rabhas im’ fhlaith,

everyone would say that I was a prince;

as é a[s] ruire ’sas rí

is é mo Ruire is mo rí

’tis He who is Lord and King

antí domrad i neimhthní.

an té a chuir mé ar neamhní.

has wrought my downfall.

 

 

 

Cidh ’ma ttuc Dia mé asan ccath

Cé thug Dia mé as an gcath,

Wherefore did God rescue me from the battle

nach bfrith ann neach dom mharbadh,

nach bhfríth ann neach dom mharú,

that no one was found there to slay me,

suil dobheinn eing a n-eing

sula mbeinn céim ar chéim

rather than that I should go step by step

agus cailleach an mhuilinn?

agus cailleach an mhuilinn?

with the hag of the mill?

 

 

 

Cailleach an mhuilinn ’ga toigh,

Cailleach an mhuilinn ag a teach,

The hag of the mill at her house,

mallacht Críst ar a hanmoin,

mallacht Chríost ar a haman,

Christ’s curse on her soul,

mairg dorad taobh risin ccrín,

mairg do chuir muinín inti,

woe whosoever has trusted the hag,

mairg dá ttaratt a choinmhír.

mairg dá sroichfidh a choinmhír.

woe to whom she has given his dog’s portion.

 

 

 

Robhaoi Loingseachán ar m’eing

Do bhí Loingseachán ar mo lorg

Loingseachan was on my track

tré gach díthreabh a nÉirinn,

trí gach díthreabh in Éirinn

throughout every wilderness in Erin,

go romchealg chuigi don chraoibh

gur chealg chuige mé den chraobh,

until he lured me from the tree

tan adfétt ég mo macáoimh.

nuair a dúirt gur éag mo mhacaomh.

what time he related my son’s death.

 

 

 

Domrad-sa leis ’san teach mór,

Thug leis mé san teach mór

He carried me into the great house

áit a mbáoi an slúagh ac comhól,

áit a raibh an slúa ag comhól,

wherein the host was feasting,

as romc[h]engal thiar ’san tsheit

is cheangail mé insan teach,

and bound me behind in the house (?)

aghaidh d’aghaidh rém chétsheirc.

is mo chéadsearc romham amach.

face to face with my first love.

 

 

 

Sluagh an toighe gan táire

Slua an tí gan táire

The people of the house without reproach

ag cluithe is ag gáire,

ag cluiche is ag gáire,

playing games and laughing;

meisi com muintir is toigh

mise is mo mhuintir istigh

I and my folk in the house

ag surdlaigh, ag lémendoigh.

ag preabadh, ag baothléim.

leaping and jumping.

 

 

 

Munbadh caillech in tighi

Murach cailleach an tí

Were it not for the hag of the house,

ní rachainn ar aithmhire,

ní rachainn ar athmhire,

I would not have gone again into madness;

ro-ataigh rium Críst do nimh

d’áitigh orm, ar Chríost neimhe,

she besought me by Christ of Heaven

ar shíst mbig do léimeandaigh.

léim a dhéanamh d’ise.

to leap for her a little while.

 

 

 

Rolingius léim nó dhá léim

Lingeas léim nó dhá léim

I leaped a leap or two

ar an athair nemhdha féin,

ar an athair neamhga féin,

for the sake of the Heavenly Father Himself;

adbert an chaillech ’ga toigh

dúirt an chailleach sa tigh

the hag at her house said

co lingfedh fé[i]n léim amhlaidh.

go lingfeadh féin léim amhlaidh.

that even so could she herself leap.

 

 

 

Rolinges léim oile amach

Do lingeas léim eile amach

Once more I leaped out

dar fíormhullach na cathrach,

thar fhíormhullach na cathrach,

over the top of the fortress;

lúaithi iná deathach tré theach

luaithe ná deatach trí theach

swifter than smoke through a house

an teathadh rug an chailleach.

an teitheadh rug an chailleach.

was the flight of the hag.

 

 

 

Roshirsium Éire uile

Thaistil sinn Éire uile

We wandered through all Erin,

ó Thigh Duinn co Tráigh Ruire,

ó Thigh Doinn go Tráigh Ruire,

from Teach Duinn to Traigh Ruire,

ótá an Tráig co Benna mBrain,

ó Thráigh Ruire go Binn Bhrain,

from Traigh Ruire to Benna Brain,

nír chuires díom an chailleach.

níor chuireas díom an chailleach.

but the hag I did not elude.

 

 

 

Eiter mhagh is mhóin is leirg

Idir mhaigh is mhóin is leirg

Through plain and bog and hillside

dhíom nír chuires an crúaidhleidhb,

díom níor chuireas an chrualeadhb,

I escaped not from the slattern

gur lingedh lem an léim nglé

gur ling uaim an léim ghlé

until she leaped with me the famous leap

do bheinn Dúine Sobhairce.

do Bheinn Dún Sobhairce.

to the summit of Dun Sobairce.

 

 

 

Ar sin rolinges fón dún

Ar sin do lingeas den dún,

Thereafter I leaped down the dun,

agus nochar céim ar ccúl,

níor thugas céim ar gcúl,

nor did I step back,

rugus isin bfairrge amach,

rugas ins an bhfarraige amach,

I went out into the sea,

rosfágbhus thall an chailleach.

d’fhágas thall an chailleach.

yonder I left the hag.

 

 

 

Iarsin tángadar ’san tráigh

Iar sin thángadar san tráigh

There came then to the strand

muinter dhiabhail ’na comhdháil

muintir dhiabhail ina comhdháil,

the devil’s crew to meet her,

agus roluaidhset a corp,

thógadar leo an corp,

and they bore away her body;

mairg tír nÉrenn ’nar hadnocht.

mairg tír Éireann inar adhlacadh.

woe to the land of Erin in which it was buried.

 

 

 

Feacht roluighes ar Slíabh Fúaid

Uair do luíos ar Shliabh Fuaid

Once as I passed over Sliabh Fuaid

i n-oidhchi duib dhorchi dhuairc,

oíche dhubh dhorcha dhuairc,

on a dark, black, gloomy night,

co bfaca cóig cinn ’san ccnoc

go bhfaca cúig cinn san gcnoc

on the hill I beheld five heads,

arna n-oirleach inn-áonport.

bailithe ansin in aonphort.

having been cut off in one place.

 

 

 

Adubhairt cenn díbh ’na ruth,

Dúirt ceann acu ’na rith —

Said one of them of a sudden —

rium-sa roba garb an guth,

liomsa ba gharbh an guth —

harsh was the voice to me —

‘geilt Ultach, lentar libh dhe,

‘geilt Ultach, leantar libh dhe

‘a madman of Ulster, follow him

co ría romhaibh i bfairrge.’

go n-imí romhaibh i bhfarraige.’

so that you drive him before you to the sea.’

 

 

 

Rorethus rompa an ród

Ritheas rompu an ród,

I sped before them along the path

is nír fuirmhess troig ar fód,

Is níor chuireas troigh ar fhód;

and I set not foot on ground;

eiter chenn gabhair is con,

idir cheann gabhair is con

both goat-head and dog-head

ann roghabhsat malloghadh.

ann ghabhadar am mhallachtú.

then began to curse.

 

 

 

Cóir cía roghéibhinn-si olc,

Cóir cé go bhfaighinnse olc,

’Tis right that I should get harm;

mór n-oidhchi rolinges loch,

is mó oíche lingeas loch,

many a night have I leaped a lake,

mór do rosgaibh ban mbáidhe

mór do rosca ban báidhe

many eyes of fond women

doradus fo éccaoine.”

chuireas ag éagaoineadh.”

have I made weep.”

Ecc.

 

 

Back to top

 

Section 68

Aroile aimsir do Suibhne i Luachair Dheadhadh

Tráth eile bhí Suibhne i Luachair Dheaghadh

On a certain occasion, Suibhne happened to be in Luachair Deaghaidh

for a bháeithréimennaibh baoisi;

ar a bhaothréimeanna baoise;

on his wild career of folly;

luid assidhén ina réimimh roighealtachta

d’imigh sé as sin ina réimeanna gealtachta

he went thence in his course of madness

go ránic Fiodh glansrot[h]ach gégáloinn Gaible.

go ráinig Fiodh glan-sruthach géag-álainn Gabhla.

until he reached Fiodh Gaibhle of clear streams and beautiful branches.

Báoi bliadhain an dú sin

D’fhan sé bliain ansin;

In that place he remained a year

ocus as edh fa bíadh dhó frisin mbliadhoin sin

b’é bia a bhíodh aige *ar feadh na bliana sin* ná

and during that year his food consisted of

.i. caor[a] croiderga crúandatha cuilinn

caora croídhearga cróndatha cuilinn

blood-red, saffron holly-berries

ocus dercoin darach dubhdhuinne

agus dearcáin darach dubhdhoinne

and dark-brown acorns,

ocus deogh d’uisci na Gabhla,

agus deoch d’uisce na Gabhla

and a drink of water from the Gabhal,

.i. an abhann ón ainmnighthir an fiodh,

— an abhainn óna n-ainmnítear an choill.

that is, the river from which the wood is named.

 

Tharla dá éis sin

At the end of that time

conadh ann roghabh tuirsi trom ocus dobrón derbháir antí Suibhni

gur ghabh tuirse trom agus dobrón diamhair Suibhne *ann*

deep grief and heavy sorrow took hold of Suibhne there

i bforcenn na ré sin

 

 

tré olcus a bhethadh,

trí olcas a bheatha,

because of the wretchedness of his life;

conadh ann adbert an laoidh mbig si:

go ndúirt an laoi bheag seo:

whereupon he uttered this little poem:

Back to top

 

Section 69

“Ochán, as meisi Suibhne,

“Ochón, is mise Suibhne,

“I am Suibhne, alas,

mo chorpán as lór mairbhe,

mo chorpán is mór mairbhe,

my wretched body is utterly dead,

gan ceól, gan codladh choidhche,

gan ceol, gan codladh choíche,

evermore without music, without sleep,

acht osnadh ghaoit[h]e gairbe.

ach osna gaoithe gairbhe.

save the soughing of the rude gale.

 

 

 

Tánacc ó Luachair Dheaghadh

Thána ó Luachair Dheaghadh

I have come from Luachair Deaghaidh

co bruachaibh Feadha Gaibhle,

go bruacha Fiodh Gabhla,

to the border of Fiodh Gaibhle,

as í mo chuid, ní cheilim,

is í mo chuid, ní cheilim,

this is my fare — I hide it not —

caora eidhinn, mes dairbhre.

caora eidhinn, meas darach.

ivy-berries, oak-mast.

 

 

 

Bliadhain dhamh isin mbeinn-si

Bliain dom ins an mbeinn seo

A year have I been on the mountain

isin deilbh-si ina bfuilim

Ins an  deilbh seo ina bhfuilim,

in this form in which I am,

gan biadh do dhul ’san corp-sa

gan bia do dhul sa chorp so

without food going into my body

acht caora corcra cuilinn.

ach caora corcra cuilinn.

save crimson holly-berries.

 

 

 

As mé geilt Glinni Bolcáin,

Is mé gealt Glinne Bolcáin,

The madman of Glen Bolcain am I,

ní bhíu-sa ag ceilt mo dhochnáidh,

ní bhead ag ceilt mo cháis,

I shall not hide my gnawing grief;

tairnicc anocht mo láthar,

lagaigh anocht mo lúth

to-night my vigour has come to an end,

ní damh nach ádhbhar ocháin.”

ní dom nach ábhar ocháin.”

not to me is there no cause for grief.”

Ochán.

 

 

Back to top

 

Section 70

Dorala dhó-somh laithe n-áon techt co Druim Iaroinn i Connachtaibh

Tharla lá go ndeachaigh sé go Droim Iarainn i gConnachta

One day it happened that he went to Druim Iarainn in Connacht

co rochaith biorar barrghlas na cilli

agus gur chaith biolar bárrghlas na cille

where he eat green-topped watercress of the church

ar brú na tiobratta tonnghlaisi

ar fhaobhar na tiobraide tonnghlaise

by the brink of the green-flecked well

ocus ro-ibh ní dia huisge ina dheghaidh.

agus gur ól cuid den uisce ina dhiaidh sin.

and he drank some of its water after.

Ro-éirigh cléirech amach asin ecclais

D’éirigh cléireach amach as an eaglais

A cleric came out of the church

ocus roghabh tnúth ocus trénformud frisin ngeilt é

agus ghabh éad agus tréanfhormad leis an ngealt é

and he was indignant and resentful towards the madman

im thomhailt an tuara rothoimhleadh feisin

toisc an bia a d’itheadh sé féin a ithe

for eating the food which he himself used to eat,

ocus adbert gurbho socair sádal robhaoi Suibhne isin iubardhos

agus dúirt gur shocair sáil a bhí Suibhne san iúr-dhos

and he said that it was happy and contented Suibhne was in the yew-tree

íar mbuing a phroinne de budhdhéin.

tar éis a phroinn a bhaint de féin.

after taking his meal from himself.

“Truagh éimh sin a chléirigh,” ar Suibhne,

“Trua sin do deimhin, a chléirigh,” arsa Suibhne,

“Sad in sooth is that (saying), O cleric,” said Suibhne,

“uair as meisi dúil as anshádhaile ocus anshocra dogheibh a betha isin domun

nach eol duit gur mise an duine is míshuaimhneasaí agus is míshásta ar domhan

“for I am the most discontented and unhappy creature in the world,

dáigh ní thig tinenabhradh ná toirrchim ar mo shúilibh ar úaman mo mharbhtha;

agus nach bhféadfainn sos ná codladh a bheith agam as eagla mo mharfa

for neither rest nor slumber cornes on my eyes for fear of my being slain.

deithbhir són,

agus deirim leat

That is natural,

dáigh is cuma noraghainn ar gealtacht

go gcuirfeadh

because I would equally go into madness

 

eitilt dreoilín amháin

 

 

le gealtacht mé chomh tapaidh céanna

 

ría slógaib na cruinne d’fhaicsin dom fhóbairt a n-aoinfecht

le sluaite bagracha na cruinne *d’fheiscint*”.

at seeing the united hosts of the universe threatening me

ocus re folúamain an dreólláin a áonar;

 

as at the flight of a single wren;

et a Dhé neimhe, a chléirigh,” ar Suibhne,

“Agus, a Dhia na bhFlaitheas, *a chléirigh,*” arsa Suibhne,

and, O God of Heaven, cleric,” said Suibhne,

“nach bfuili-si im riocht-sa

“nach trua nach bhfuilirse im’ riochtsa

“that you are not in my place

ocus meisi isin chongaibh crábaidh i ttáoi-si,

agus mise i staid chrábhaidh mar thusa

and I in the state of devotion in which you are,

noco n-aithnicchedh th’aigneadh ocus th’inntinn

go n’aithneofá *d’aigne agus d’intinn*

so that your mind and understanding might recognise

nach gnáth dom aithghin-si nó dom ionnshamail bheith co soinmech febh adbeiri-si”;

nach gnách domsa ná dom leithéid a bheith suaimhneasach mar a deirir.”

that it is not usual for the like of me or for my counterpart to be happy as you say”;

conadh annsin roghabh an cléirech tosach na laoidhe

Iar sin ghabh an cléireach tosach na laoi

whereupon the cleric recited the beginning of the poem

ocus rofhreagair Suibhne a deiredh, mar so:

agus d’fhreagair Suibhne é mar seo:

and Suibhne responded (by reciting) the end, as follows:

Back to top

 

Section 71

[An C.]

An Cléireach:

The cleric:

“Sádha[i]l sin, a gealtagáin,

“Go socair ansin a ghealtagáin,

“Thou art at ease, madman,

a mbarr na géige iubair

i mbarr na géige iúir

on the top of the yew-branch

do leathtáobh mo mennatáin,

taobh lem’ bhothánsa

beside my little abode,

docait[h]is mo c[h]uid biolair.”

chaithis mo chuid biolair.”

thou hast eaten my watercress.”

 

 

 

[S.]

Suibhne:

Suibhne:

“Ní sádha[i]l mo bhetha-sa,

“Ní socair mo bheatha-sa,

“My life is not one of ease,

a chléirigh Droma hIaroind,

a chléirigh Droma Iarainn,

O cleric of Druim Iarainn,

atá do mhéd m’eagla-sa

atá de mhéid m’eagla-sa

such is my fear

súil dom shúilibh nach íadhaim.

súil dem’ shúilibh nach n-iaim.

that I do not close an eye.

 

 

 

Fir domhain dá bfaicinn-si

Fir an domhain dá bhfeicfinnse

If I were to see the men of the world

chugum, a fhir an cheóláin,

chugam, a fhir an cheoláin,

coming to me, O man of the bell,

is comhmór dotheithfinn-si

is chomh mór a theithfinn leo

I would flee from them as fast

ríu is re heitil an dreólláin.

is le heitilt an dreoláin.

as at the flight of a wren.

 

 

 

Truagh gan tusa im inmhe-si,

Trua gan tusa im’ inmhe-se

Alas, that thou art not in my place

is meisi im chléirech chrábaidh,

is mise im chléireach crábhaidh,

and I a devout cleric,

nó co ttuigedh th’inntinn-si

nó go dtuigeadh d’intinnse

so that thy mind might grasp

nach cerd geilte beith sáda[i]l.”

nach ceird geilte bheith sáil.”

that it is not the accomplishment of a madman to be at ease.”

Sádail.

 

 

Back to top

 

Section 72

Aroile laithe do Suibhne ag cúartugudh críche Connacht go hudmhall anbhsaidh

Lá eile le linn do Shuibhne bheith ag taisteal thart gan chuspóir i gConnachtaibh

One day as Suibhne was wandering aimlessly and restlessly through Connacht

go ttarla é fo dheóidh go hAll [Fh]arannáin

tharla é ar deireadh go hAill Fharannáin

he came at last to All Fharannain

a tTír Fhíachrach Mhúaidhe;

i dTír Fhiachrach Mhuaidhe.

in Tir Fhiachrach Mhuaide;

glenn áloinn eisidhén,

Gleann álainn é sin,

a delightful valley,

sruth áloinn sriobhúaine

sruth álainn sreabh-uaine

with a beautiful green-streamed river

ag teibersain co tinnesnach frisin all anúas

ag titim go tinneasnach an aill anuas,

dropping swiftly down the cliff

ocus bennachadh ann

áit bheannaithe

and a blessed place there

ina rabadar senadh náomh

ina raibh sionad naomh

wherein was a synod of saints

ocus fíreó[i]n co hiomdha iolarrdha,

agus líon ollmhór firéan.

and multitudes of righteous folk.

et ba hiomdha ann ámh crann caomháloinn co ttoirthibh troma tóthachtacha isin all hisin.

Ba iomaí crann caomh-álainn le torthaí troma saibhre a bhí ar an aill sin.

Numerous too on that cliff were the beautiful trees, heavy and rich with fruits;

Ba hiomda ann éimh eidheann fíorchluthmar

Ba iomaí eidheann fíorchluthar

numerous also the well-sheltered ivy-trees

ocus aball cenntrom

agus úllchrann ceanntrom

and heavy-topped apple-trees

ag cromadh co talmain le troma a toraidh,

ag cromadh go talamh le troime a gcuid torthaí.

bending to the ground with the weight of their fruit;

ba cuma nobhíttís isin allt sin ois allta ocus míola muighe ocus muca mórthroma,

Bhí ann freisin fianna allta agus giorraithe agus muca mórthroma.

wild deer and hares and great, heavy swine were there also.

ba hiomdha immorro rón roiremhar rochodladh ann

Ba iomaí rón róramhar a chodlaíodh san aill sin

likewise many fat seals that used to sleep on that cliff,

tar éis techt ó muir móir anall isin all sin.

tar éis teacht ón mhuir mhór lasmuigh.

after coming from the main beyond.

Roshanntaigh Suibhne co mór an t-ionadh sin,

Shantaigh Suibhne go mór an t-ionad sin

Suibhne greatly coveted that place

go roghabh for adhmoladh ocus ag tabhairt a thúarusgbhála ós aird;

agus ghabh á mholadh agus ag cur síos os ard,

and he began praising and describing it aloud;

go ndébairt an laoidh-si:

go ndúirt an laoi seo:

whereupon he uttered this lay:

Back to top

 

Section 73

“All [Fh]arannáin, adhbha náomh,

“Aill Fharannáin, áitreabh naomh,

“Cliff of Farannan, abode of saints,

co n-iomad call caomh is cnúas,

go n-iomad coll caomh is cnuas,

with many fair hazels and nuts,

uisge tinnesnach can tess

uisce tinneasnach gan teas

swift cold water

ag snige re a chness anúas.

ag sní lena cneas anuas.

rushing down its side.

 

 

 

As iomdha ann eidhnech ghlass

Is iomaí ann eidhneach glas

Many green ivy-trees are there

agus meass re mberar geall

agus meas a bheireann geall,

and mast such as is prized,

agus abhall chenntrom chaomh

agus úllchrann ceanntrom caomh

and fair, heavy-topped apple-trees

ag filliudh a craobh fa cheann.

ag lúbadh a chraobh go bonn.

bending their branches.

 

 

 

Imdha broc ag dol fa a dhíon,

Iomaí broc ag dul fá dhíon

Many badgers going under its shelter

ann is míol muighe nach mall,

ann is giorria nach mall,

and fleet hares too,

is édan rionntanach róin

is éadan rinntanaí róin

and  .  .  .  brows of seals

ag techt ón muir móir anall.

ag teacht ón mhuir mhór anall.

coming hither from the main.

 

 

 

Mé Suibhne mac Colmáin chóir,

Mé Suibhne mac Colmáin chóir,

I am Suibhne son of upright Colman,

mór n-oidhchi reóidh bhím co fann,

iomaí oíche reoch bhím go fann,

many a frosty night have I been feeble;

romthruaill Rónán do Druim Gess,

suaite atáim ag Rónán Droim Geis,

Ronan of Druim Gess has outraged me,

codlaim fa chraoibh ’san ess tall.”

codlaím fá chraoibh san eas tall.”

I sleep ’neath a tree at yonder waterfall.”

All.

 

 

Back to top

 

Section 74

Táinic Suibhne roime fo dheóidh conuige an baile i raibhe Moling .i. Teach Moling.

Tháinig Suibhne roimhe faoi dheoidh go dtí an baile ina raibh Moling, is é sin, Teach Moling.

At length Suibhne came along to the place where Moling was, even Teach Moling.

Ba hisin tan sin robói psaltair Chaoimhghin i ffiadnuise Moling

Bhí seisean an tráth sin agus saltair Chaoimhín os a chomhair amach aige

The psalter of Kevin was at the time in front of Moling

aga dénamh do lucht an aiceapta.

*agus é ag léamh aisti* do na mic léinn.

as he was reading it to the students.

Táinic iarumh Suibhne for sraith na tioprat i fiadhnuisi an chléirigh

Tháinig Suibhne ar shraith na tiobraide i bhfianaise an chléirigh

In the cleric’s presence Suibhne then came to the brink of the fountain

ocus rogab ag ithe biorair.

agus chuaigh ag ithe biolair.

and began to eat watercress.

“As moch-longadh sin, a ghealtagáin,” ar an cléirech;

“Is moch-ithe  sin, a ghealtagáin,” arsa an cléireach.

“O mad one, that is eating early,” said the cleric;

conadh ann adbert Moling ocus rofreagair Suibhne é:

Iar sin labhair Moling agus d’fhreagair Suibhne mar seo:

whereupon Moling spoke and Suibhne answered him:

Back to top

 

Section 75

[M.]

Moling:

Moling:

“Mochthráth sin, a ghealtagáin,

“Mochthráth sin, a ghealtagáin

“An early hour is it, thou madman,

re ceileabhradh cóir.”

le ceiliúradh cóir,”

for due celebration.”

[S.]

Suibhne:

Suibhne:

“Gidh moch leat-sa, a chlérecháin,

“Gidh moch leat-sa, a chléireacháin,

“Though to thee, cleric, it may seem early,

tánic tert ag Róimh.”

táinig teirt ag Róimh.”

terce has come in Rome.”

 

 

 

[M.]

Moling:

Moling:

“Gá fios duit-si, a ghealtagáin,

“Cá bhfios duitse, a ghealtagáin

“How dost thou know, mad one,

cuin tig tert ag Róimh?”

cathain thig teirt ag Róimh?”

when terce comes in Rome?”

[S.]

Suibhne:

Suibhne:

“Fios tig dhamh óm Thigerna

“Fios thig dhom óm Thiarna

“Knowledge comes to me from my Lord

gach madain ’s gach nóin.”

gach maidin is gach nóin.”

each morn and each eve.”

 

 

 

[M.]

Moling:

Moling:

“Innis tré rún ráitsighe

“Inis trí rún ráitis

“Relate through the mystery of speech

sgéla Fíadhat finn.”

scéala an Tiarna finn.”

tidings of the fair Lord.”

[S.]

Suibhne:

Suibhne:

“Agut-sa atá an fháitsine

“Agatsa atá an fháistine,

“With thee is the (gift of) prophecy

mása thú Moling.”

más thú Moling.”

if thou art Moling.”

 

 

 

[M.]

Moling:

Moling:

“Cidh tuc duit-si mh’aithni-si,

“Cé thug duitse m’aithne-se

“How dost thou know me,

a gheilt ghníomach ghér?”

a gheilt ghníomhach ghéir?”

thou toiling, cunning madman?”

[S.]

Suibhne:

Suibhne:

“Minic mé ar an fhaith[ch]i-si

“Minic mé ar an fhaiche seo

“Often have I been upon this green

ó rosaoi mo chéill.”

ó saobhadh mo chéill.”

since my reason was overthrown.”

 

 

 

[M.]

Moling:

Moling:

“Cidh ná tairni a n-aonbhaili,

“Nach bhfanfá in aon bhaile

“Why dost thou not settle in one place,

a mhic Colmáin Chúair?”

a mhic Cholmáin Chuair?”

thou son of Colman Cuar?”

[S.]

Suibhne:

Suibhne:

“Ferr leam bheith a n-áonshuidhe

“B’fhearr liom bheith in aon suí

“I had rather be in one seat

isin mbeathaidh bhúain.”

ins an mbeathaidh bhuain.”

in life everlasting.”

 

 

 

[M.]

Moling:

Moling:

“A thruaigh, an ría t’anam-sa

“A thruaigh, an sroichfidh t’anamsa

“Miserable one, will thy soul reach

ifrinn aidhbhle dos?”

áitreabh ifrinn dos?”

hell with vastness of slime?”

[S.]

Suibhne:

Suibhne:

“Ní thabhair Día orum-sa

“Ní thabharfaidh Dia ormsa

“God inflicts no pain on me

pían acht bheith gan fhos.”

pian ach bheith gan sos.”

save being without rest.”

 

 

 

[M.]

Moling:

Moling:

“Glúais alle go ttormalla

“Gluais i leith go n-ithir

“Move hither that thou mayest eat

cuid bhus milis lat.”

cuid bheas milis leat.”

what thou deemest sweet.”

[S.]

Suibhne:

Suibhne:

“Dá fhestá-sa, a chléirecháin,

“Dá m’eol duit, a chléireacháin,

“If you but knew, cleric,

doilghe bheith gan bhrat.”

doilí bheith gan bhrat.

more grievous is it to be without a cloak.”

 

 

 

[M.]

Moling:

Moling:

“Béra-sa mo chochlán-sa

“Tóg anois mo chochall-sa,

“Thou shalt take my cowl

nó béra mo leann.”

nó beir leat fiú mo bhrat.”

or thou shalt take my smock.”

[S.]

Suibhne:

Suibhne:

“Aniú gidh im crochbán-sa

“Inniu cé im’ chrochbhánsa

“Though to-day I am ghastly,

robá uair budh ferr.”

bhí mé uair níb fhearr.”

there was a time when it was better.”

 

 

 

[M.]

Moling:

Moling:

“An tú an Suibhne sgáthaighthe

“An tú an Suibhne scáthaithe

“Art thou the dreaded Suibhne

táinic a cath Roth?”

tháinig ó chath Ráth?”

who came from the battle of Rath?”

[S.]

Suibhne:

Suibhne:

“Mása mé, ní ráthaighthe

“Más mé, ní inráthaithe

“If I am, ’tis not to be guaranteed

cidh nomheilinn moch.”

bíodh go n-ithim moch.”

what I might eat at early morn.”

 

 

 

[M.]

Moling:

Moling:

“Canas tárla mh’aithni-si

“Conas thárla m’aithne-se

“Whence has come my recognition,

duit, a ghealtáin ghéir?”

duit, a ghealtáin ghéir?”

cunning madman, to thee?”

[S.]

Suibhne:

Suibhne:

“Meinic mé ar an fhaithchi-si

“Minic mé ar an fhaiche seo

“Often am I upon this green

got fheithemh do chéin.”

ag feitheamh leat ó chéin.”

watching thee from afar.”

 

 

 

[M.]

Moling:

Moling:

“Áluinn duille an liubhair-si,

“Álainn duille an iúir seo,

“Delightful is the leaf of this book,

psaltair Cháoimhghin cháidh.”

saltair Chaoimhín cháidh.”

the psalter of holy Kevin.”

[S.]

Suibhne:

Suibhne:

“Áille duille mh’iubhair-si

“Áille duille m’iúir-se

“More delightful is a leaf of my yew

i nGlinn Bolcáin báin.”

i nGleann Bolcáin báin.”

in happy Glen Bolcain.”

 

 

 

[M.]

Moling:

Moling:

“Nach suairc leat-sa an relec-sa

“Nach suairc leatsa an reilig seo

“Dost thou not deem this churchyard pleasant

ba scoil scíomhda dath?”

lena scoil ró-sciamhach dath?”

with its school of beautiful colours?”

[S.]

Suibhne:

Suibhne:

“Nírbh anshúarca mh’oirecht-sa

“Níorbh anshuarca mo thionólsa

“Not more unpleasant was my muster

madain ar Muigh Rath.”

maidin ar Maigh Rath.”

the morning at Magh Rath.”

 

 

 

[M.]

Moling:

Moling:

“Ragat-sa do cheileabhradh

“Rachadsa do cheiliúradh

“I will go for celebration

go Glais Chille Cró.”

go Glais Chille Cró.”

to Glais Cille Cro.”

[S.]

Suibhne:

Suibhne:

“Lingfet-sa crann eidhinnghlan,

“Lingfeadsa crann eidhinnghlan,

“I will leap a fresh ivy-bush

lém ard, is badh mó.”

léim ard, is níos mó.”

a high leap, and it will be a greater feat.”

 

 

 

[M.]

Moling:

Moling:

“Saothrach dhamh ’san eglais-si

“Saothrach dhom san eaglais seo

“Wearisome is it to me in this church

ar cinn trén is trúagh.”

thar ceann tréan is trua.”

waiting on the strong and weak.”

[S.]

Suibhne:

Suibhne:

“Saothraighe mo leabaidh-si

“Saothraí mo leaba-sa

“More wearisome is my couch

i mBeinn Fhaibhni fhúar.”

i mBeann Fhaibhne fuar.”

in chilly Benn Faibhni.”

 

 

 

[M.]

Moling:

Moling:

“Cáit i ttig do shaogal-sa,

“Cá háit i dtig do shaol-sa,

“Where comes thy life’s end,

in a ccill no i loch?”

an i gcill nó i loch?”

in church or lake?”

[S.]

Suibhne:

Suibhne:

“Aeghaire dot æghairibh

“Aoire ded’ aoiribh

“A herd of thine

nommharbhann go moch.”

a mharóidh mé go moch.”

will slay me at early morn.”

Muchthráth.

 

 

Back to top

 

Section 76

“As mochen éimh do thecht sonn, a Shuibhne,” ar Moling,

“Fáiltím romhat anseo, a Shuibhne,” arsa Moling,

“Welcome in sooth is your coming here, Suibhne,” said Moling,

“ar atá a ndán duit bheith annso ocus do sháogal do thecht ann,

“óir tá sé i ndán duit bheith anseo agus do shaol a chríochnú ann,

“for it is destined for you to be here and to end your life here;

do sgéla ocus th’imthechta d’ fhágbáil sunn

do scéala agus d’imeachtaí a fhágáil anseo

to leave here your history and adventures,

ocus th’ adhnacal i reilicc fíreóin,

agus tú a adhlacadh i reilig firéan.

and to be buried in a churchyard of righteous folk;

ocus naisgim-si fort,” ar Moling,

Agus ceanglaímse ort,” ar seisean,

and I bind you,” said Moling,

“gidh mór shire gach láoi d’ Érinn,

“cé mór do thaisteal gach lá in Éirinn,

“that however much of Ireland you may travel each day,

techt gacha hespurtan chugum-sa

teacht chugamsa gach tráthnóna

you will come to me each evening

go rosgríobhthar do sgéla lium.”

go scríobhfaidh mé síos do scéala.”

so that I may write your history.”

Back to top

 

Section 77

Iomthúsa na geilte iarsin; robhaoi risin mbliadhain sin ag tathaighidh Moling.

Dála na geilte ina dhiaidh sin, chaith sé an bhliain sin ag siúl ar Mholing.

Thereafter during that year the madman was visiting Moling.

Roshoighedh lá n-ann co hInnis Bó Finni i n-iarthar Chonnacht,

Lá amháin bhíodh sé in Inis Bó Finne in iarthar Chonnacht,

One day he would go to Innis Bo Finne in west Connacht,

lá oile co hEss rocháoin Rúaidh,

lá eile in Eas Rua álainn,

another day to delightful Eas Ruaidh,

lá oile co Slíabh mínáluinn Mis,

lá ar Shliabh mínálainn Mis

another day to smooth, beautiful Sliabh Mis,

lá oile go Benda biothfhúara Boirche;

agus lá eile arís gheofaí ar Bheanna bithfhuara Boirche é.

another day to ever-chilly Benn Boirche,

gidbé díobh sin doshoighedh gach láoi

Ach pé áit dá dtéadh sé *gach lá*

but go where he would each day,

nofritháiledh a n-espurtain gach n-oidhche co Teach Moling.

thugadh sé a aghaidh gach tráthnóna ar Theach Moling agus dhéanadh freastal ar easparta ansin.

he would attend at vespers each night at Teach Moling.

Ro-ordaigh Moling proinn mbig dhó frisin ré sin,

D’ordaigh Moling proinn bheag dó don tráth sin

Moling ordered a collation for him for that hour,

dóigh adubairt re bhanchoig ní do bhleaghan na mbó do thabairt dó.

óir dúirt lena bhanchócaire roinnt de bhleán na mbó a thabhairt dó. 

for he told his cook to give him some of each day’s milking.

Muirghil a hainm-sidhe,

Muirgheal ab ainm di-se,

Muirghil was her name;

as í ba ben do Mhungán do mhuicidhi Moling.

bean Mhongáin a bhí ina mhuicí ag Moling.

she was wife of Mongan, swineherd to Moling.

Ba hí méd na proinni sin dobheiredh an bhen dó

Ba é méid na proinne sin a bheireadh an bhean dó ná seo:

This was the extent of the meal the woman used to give him:

.i. nodhingedh a sáil conuige a hadhbronn isin mbualtrach fa coimhnesa dhí

dhingeadh sí a sáil go dtína rúitín sa bhualtrach bó ba ghaire di

she used to thrust her heel up to her ankle in the cowdung nearest her

ocus nofágbadh a lán lemnachta ann do Suibhne.

agus d’fhágadh sí lán an phoill de leamhnacht sa pholl do Shuibhne.

and leave the full of it of new milk there for Suibhne.

Dothigedh-somh co faiteach furechair

Thagadh Suibhne go faiteach furchaidh

He used to come cautiously and carefully

i n-eatarfhásach na búailedh do ibhe an bhainne sin.

isteach in idirfhásach na buaile chun an bainne sin a ól.

into the vacant portion of the milking yard to drink the milk.

Back to top

 

Section 78

Tarla iomcháineadh adhaigh ann

Tharla oíche go raibh achrann

One night a dispute arose

eitir Mhuirghil ocus mhnáoi oile isin mbúailidh,

sa bhuaile idir Muirgheal agus bean eile,

between Muirgil and another woman in the milking enclosure,

co n-ébert an bhen eile:

go ndúirt an bhean eile:

whereupon the latter said:

“As mesa duit-si,” ar sí,

“is measa duitse é

“the worse is it for you,” said she,

“nach tocha leat fer eile

nach fearr leat fear eile

“that another man is not more welcome to you,

ocus fós nach ferr let th’ fer féin dot ríachtain

agus fós nach fearr leat d’fhear féin dod’ riachtain

and yet that you do not prefer your own husband to come to you

iná an gheilt atá got thathighid risin mbliaduin-si anall.”

ná an gheilt atá ag siúl ort le bliain anall.”

than the madman who is visiting you for the past year.”

Atchúala siúr an bhúachalla anní sin

Chuala deirfiúr an bhuachaill aimsire an méid sin

The herd’s sister hearkened to that;

ocus gidhedh ní ro-innis ní dhe

ach ní dúirt sé faic ina thaobh

nevertheless she mentioned nothing about it

co bfacaidh Muirghil isin madain arnabhárach

go bhfaca sí Muirgheal maidin lá ar na mhárach

until she saw Muirgil on the morrow morning

ag dul d’ iodnacal an bhainne go Suibhne

ag dul d’fhágáil an bhainne do Shuibhne

going to leave the milk for Suibhne

conuige an mbúaltrach ba comhfhogus don fhál i raibhe.

sa bhualtrach ba ghaire don fhál *ina raibh sé*.

in the cowdung near the hedge at which he was.

Ó’dchonnairc siúr an bhuachalla sin táinic asteach ocus atbert re a bráthair:

Iar sin *nuair a chonaic deirfiúr an bhuachaill aimsire sin,* tháinig sí isteach go dtí a deartháir agus ar sise:

The herd’s sister seeing that, came in and said to her brother:

“Atá do bhen isin ffál sin thoir ag fer oile, a mheathaigh mhiodhlaochda,” ar sí.

“Tá do bhean sa bhfál sin thoir ag fear eile, a mheatacháin gan laochas.”

“You cowardly creature, your wife is in yonder hedge with another man,” said she.

Roghabh éd an búachaill ag a chloistecht sin,

Tháinig éad ar an mbuachaill aimsire iar sin a chloisint.

The herd hearing that became jealous,

ocus roéirigh go hobonn inníreach ocus tarraidh a láimh leathga

D’éirigh sé go hobann, agus rug le feirg ar shleá

and he rose suddenly and angrily and seized a spear

robói for alchuing astigh

a bhí ar crochadh istigh

that was within on a rack

ocus téit for amus na geilte.

gur chuaigh caol díreach i dtreo na geilte.

and made for the madman.

As amhlaidh robhúi an geilt ocus a tháobh ris

Is amhaidh a bhí an gheilt agus a thaobh leis

The madman’s side was towards him

ocus é ’na luidhe ag caithemh a phroinne asin mbúaltrach.

agus é ina luí ag caitheamh a phroinne sa bhualtrach.

as he was lying down eating his meal out of the cowdung.

Tuc dono an buachaill sadhudh don leathgha asa láimh fair,

Scaoil an buachaill amas den sleá leis as a láimh

The herd made a thrust of the spear out of his hand at Suibhne

gur rosgon a n-odhar a chíghe clé antí Suibhne,

gur ghoin sé Suibhne i sine a bhrollaigh chlé,

and wounded him in the nipple of his left breast,

gur gabh urrainn tríd

sa tslí gur ghabh pointe na sleá trína bhrollach

so that the point went through him,

ar mbrisedh a droma ar dhó ann.

agus amach trína dhroim á bhriseadh ina dhá leath.

breaking his back in two.

Adberat foirenn conadh benn chongna fíadha ro-innell an búachaill fáoi,

Deir daoine eile gur leag an muicí beann adhairc fia faoi

(Some say that it is the point of a deer’s horn the herd had placed under him

áit a n-ibhedh a dhigh asan mbúalltrach,

san áit a n-óladh sé a chuid leamhnachta as an mbualtrach,

in the spot where he used to take his drink out of the cowdung,

co tæth-somh furri,

gur thit sé anuas uirthi

that he fell on it

conadh amhlaidh fúair bás.

agus gur maraíodh amhaidh é.

and so met his death.)

Back to top

 

Section 79

As annsin robhaoi Énna mac Bracáin ag búain chluig na prímhi

An tráth sin díreach bhí Éanna Mac Breacáin ag bualadh clog na prímhe

Enna Mac Bracain was then sounding the bell for prime

i ndorus na reilge

ag geata na reilige

at the door of the churchyard

co bfaca an t-éacht dorinnedh ann;

go bhfaca sé an t-éacht a rinneadh ann:

and he saw the deed that was done there;

go n-ébairt an laoidh:

gur aithris an laoi seo:

whereupon he uttered the lay:

Back to top

 

Section 80

“Truagh sin, a mhucaidh Moling,

“Trua sin, a mhuicí Moling,

“Sad is that, O swineherd of Moling,

dorighnis gníomh talchair tinn,

rinnis gníomh ceanndána tinn,

thou hast wrought a wilful, sorry deed,

mairg domharb a los a neirt

mairg a mharaigh de bhua a nirt

woe to him who has slain by dint of his strength

an rígh, an [n]áomh, an náomhgheilt.

an rí, an naomh, an naomhgheilt.

the king, the saint, the saintly madman.

 

 

 

Bidh olc dígeann bhías duit de,

Is olc duitse a bhfuil déanta,

Evil to thee will be the outcome therefrom —

tocht fo dheóidh gan aithrighe,

teacht fé dheoidh gan aithrí,

going at last without repentance —

biaidh th’ anam ar seilbh deamhain,

beidh d’anam ar seilbh deamhain

thy soul will be in the devils keeping,

biadh do chorp inn-ethannaidh. (?)

bia do chorp ag feithidí.

thy body will be   .   .   .

 

 

 

Bidh ionann ionadh ar nimh

Is ionann ionad ar neamh

In Heaven the same will be the place

dhamh-sa is dó-somh, a fhir,

domsa is dósan, a fhir,

for me and for him, O man,

gebhthar psailm ag lucht áoine

canfar sailm ag lucht aoine

psalms will be sung by fasting folk

for anmain an fhíoraoidhe.

ar anam an fhíor-aoi.

for the soul of the true guest.

 

 

 

Robadh rígh, robadh geilt glan,

Ba rí é, ba gheilt ghlan,

He was a king, he was a madman,

rop fher oirnighe úasal,

ba fhear oirní uasal,

a man illustrious, noble, was he;

ag sin a lighe, líth ngle,

ag sin a uaigh, tuar glé,

there is his grave — bright festival —

dobhris mo chroidhe a thrúaighe.”

do bhris mo chroí a thruaighe.”

pity for him has rent my heart.”

Trúagh.

 

 

Back to top

 

Section 81

Ro-iompó Énna anonn go ro-innis do Mholing

D’iompaigh Éanna anonn gur inis do Mholing

Enna turned back and told Moling

Suibhne do mharbadh do Mhongán mucaidhe Moling.

gur mharaigh Mongán, a mhuicí, Suibhne.

that Suibhne had been slain by his swineherd Mongan.

Ro-éirigh Moling fo chétóir cona c[h]léirchibh imalle fris

Bhrostaigh Moling, agus a chléirigh fairis,

Moling at once set out accompanied by his clerics

co hairm ina raibhe Suibhne

go dtí an áit ina raibh Suibhne.

to the place where Suibhne was,

ocus ro-adaimh Suibhne a choire

D’admhaigh Suibhne a choireanna,

and Suibhne acknowledged his faults

ocus a choibhsena do Mholing

rinne a fhaoistin do Mholing,

and (made) his confession to Moling

ocus rothóchaith corp Crist

ghlac Corp Chríost

and he partook of Christ’s Body

ocus rofáiltigh fri Día a airittin

agus ghabh buíochas le Dia mar gheall ar an méid sin.

and thanked God for having received it,

ocus rohongadh iarum lasna cléirchibh.

Chuir na cléirigh an ola air ina dhiaidh sin.

and he was anointed afterwards by the clerics.

Back to top

 

Section 82

Táinic an búachaill dia shaigid.

Tháinig an muicí chuige.

The herd came up to him.

“As dúairc an gníomh dorighnis, a bhúachaill,” ar Suibhne,

“Is duairc an gníomh a rinnis, a bhuachaill,” arsa Suibhne,

“Dour is the deed you have done, O herd,” said Suibhne,

“.i. mo mharbadh-sa gan chionaidh

“mise a mharú gan chúis,

“even to slay me, guiltless,

úair ní fhédaim-si festa teichedh fon ffál

óir ní fhéadaimse feasta teitheadh tríd an bhfál

for henceforth I cannot escape through the hedge

dobhithin na gona doradais form.”

de bhíthin na gona a thugais dom.”

because of the wound you have dealt me.”

“Dá ffeasainn-si co mbadh tú nobheth ann,” ar an búachaill,

“Dá mbeadh a fhios agam gur tusa a bhí ann,” arsa an buachaill,

“If I had known that it was you were there,” said the herd,

“nítgonfuinn itir

“ní ghoinfinn in aon chor tú

“I would not have wounded you

gidh mór dom aimhles doghénta.”

dá mhéad é an gortú a dhéanfá orm.”

however much you may have injured me.”

“Dar Críosd, a dhuine,” ar sé,

“Dár Chríost, a dhuine,” ar sé,

“By Christ, man,” said he,

“ní dhernus-sa th’ aimhlessa ar áonchor ar bioth amail shaoile

“ní dhearnasa aon díobháil duit in aon chor, pé rud a cheapann tú,

“I have done you no injury whatever as you think,

iná aimhles duine eile ar druim dhomhain

ná d’aon duine eile ar droim dhomhain ach oiread

nor injury to anyone else on the ridge of the world

ó dochuir Día ar gealtacht mé

ó sheol Dia ar ghealtacht mé.

since God sent me to madness,

ocus robadh beg a dhíoghbháil duit-si

Ba bheag an díobháil duitse

and of small account should be the harm to you

mo bheth a ffál annso

mé a bheith sa bhfál anseo

through my being in the hedge here

ocus bainne beg d’ fagháil ar Dia dhamh ón mnaoi ucchat,

agus braon bainne á fháil agam ar son Dé ón mnaoi thall.

and getting a little milk for God’s sake from yonder woman.

et ní thiubhrainn taobh frit mnáoi-si

Agus ní bheadh baint agam le do mhnaoi-se

And I would not trust myself with your wife

iná fri mnáoi n-oile ar talmhain gona thoirthaibh.’

ná le haon mhnaoi eile ar thorthaí an domhain.”

nor with any other woman for the earth and its fruits.”

“Mallacht Críst ort, a bhúachaill,” ar Moling,

“Mallacht Chríost ort, a bhuachaill,” arsa Moling,

“Christ’s curse on you, O herd,” said Moling.

“as olc an gníomh dorighnis,

“is olc an gníomh a rinne tú;

“Evil is the deed you have done,

goirde shaogail duit abhus

gairide shaoil duit abhus

short be your span of life here

ocus ifrenn thall ar dhénamh an gníomha dorónais.”

agus ifreann thall ar dhéanamh an ghníomha do rinnis.”

and hell beyond, because of the deed you have done.”

“Ní bfhuil bá do shodhain damh-sa,” ar Suibhne,

“Is beag an mhaitheas a thiocfaidh domsa as an méid sin,” arsa Suibhne,

“There is no good to me therefrom,” said Suibhne,

“uair tángadar bur ccealga im thimchell

“óir tháinig bhúr gcealga im’ thimpeall.

“for your wiles have compassed me

ocus bidh im marb-sa don guin doradadh form.”

Beidh mé marbh ón ngoin a tugadh dom.”

and I shall be dead from the wound that has been dealt me.”

“Ragaidh éric duit ann,” ar Moling,

“Rachaidh éiric duit ann,” arsa Moling,

“You will get an eric for it,” said Moling,

“.i. comhaitte frium-sa for nimh dhuit,”

“go rabhair comhfhad liomsa ar neamh,”

“even that you be in Heaven as long as I shall be”;

ocus roráidhset an laoidh-si eatura ina ttriúr

agus dúradar tríur an laoi seo eatarthu,

and the three uttered this lay between them,

.i. Suibhne, Mongán ocus Moling:

Suibhne, Mongán agus Moling:

that is, Suibhne, Mongan, and Moling:

Back to top

 

Section 83

[S.]

Suibhne:

Suibhne:

“Dorignis gníom, nach súairc sin,

“Rinnis gníomh, ní suairc sin,

“Not pleasant is the deed thou hast done,

a bhúachaill Moling Lúochair,

a bhuachaill Moling Luachair,

O herd of Moling Luachair,

nocha nfédoim dul fón fhál

ní fhéadaim dul fán bhfál,

I cannot go through the hedge

don ghuin romgon do dhubhlámh.”

den ghoin ionam ód’ dhubhlámh.”

for the wound thy black hand has dealt me.”

 

 

 

[M.]

Mongán:

Mongan:

“Abair frium mád cluine, a fhir,

“Abair liom, má chluinir, a fhir,

“Speak to me if thou hearest,

cúich thú, a duine, go deimhin?”

cé thú, a dhuine, go deimhin?”

who art thou in truth, man?”

[S.]

Suibhne:

Suibhne:

“As mé Suibhne Geilt gan oil,

“Is mé Suibhne Geilt gan oil,

“Suibhne Geilt without reproach am I,

a buachaill Moling Lúachair.”

a bhuachaill Moling Luachair.”

O herd of Moling Luachair.”

 

 

 

[M.]

Mongán:

Mongan:

“Dá bfessain, a Suibhne sheing,

“Dá mbeadh fhios agam, a Shuibhne sheing,

“If I but knew, O slender Suibhne,

a dhuine, dia nadaithninn

a dhuine, dá mb’agam d’aithne,

O man, if I could have recognised thee,

nocha ttiubrainn gái red chnes

ní thabharfainn ga led’ chneas

I would not have thrust a spear against thy skin

gé atchífinn thú dom aimhleas.”

cé go bhfeicfinn tú dom’ aimhleas.”

though I had seen thee harm me.”

 

 

 

[S.]

Suibhne:

Suibhne:

“Nocha dernus thiar na thoir

“Ní dhearnas thiar ná thoir,

“East or west I have not done

aimhleas duine ar druim dhomhain

aimhleas duine ar druim dhomhain

harm to one on the world’s ridge

ó domrad Críst óm thír theinn

ó thug Críost mé óm’ thír theann

since Christ has brought me from my valiant land

ar gealtacht ar fhud Éirinn.”

ar gealtacht ar fud Éireann.”

in madness throughout Erin.”

 

 

 

[M.]

Mongán:

Mongan:

“Ro-innis, nocha b[r]eug dhamh,

“D’inis, ní nach bréag dom,

“The daughter of my father and my mother

inghean mh’athar ’smo mháthar

iníon m’athar is mo mháthar

related — ’twas no trifle to me —

th’ fághbháil isin fhál sin thoir

tú d’fháil insan fhál sin thoir

how she found thee in yonder hedge

ag mo mhnáoi féin ar madain.”

ag mo mhnaoi féin ar maidin.”

with my own wife at morn.”

 

 

 

[S.]

Suibhne:

Suibhne:

“Nír chóir dhuit a chreidemh sin

“Níor chóir duit a chreideamh sin

“It was not right of thee to credit that

co bfionnta féin a dheimhin,

go bhfionnfá féin a dheimhin,

until thou hadst learnt its certainty,

mairg táinig dom ghuin-si a-le

mairg táinig dom ghoinse i leith

alas that thou shouldst come hither to slay me

nógo bhfaictís do súile.

nó go bhfeicidís do shúile.

until thine eyes had seen.

 

 

 

Gé nobheinn a fál i ffál,

Cé go mbínn as fál i bhfál,

Though I should be from hedge to hedge,

robadh beag dhuit a dhíoghbhál

ba bheag duitse a dhíobháil,

its harm were a trifle to thee,

gé dobhéradh ben damh digh

cé go mbéarfadh bean dom deoch

though a woman should give me to drink

do bainne bhiucc a n-almsoin.”

de bhainne beag in almsaine.”

a little milk as alms.”

 

 

 

[M.]

Mongán:

Mongan:

“Dá ffesainn-si ’na bhfuil de,

“Dá mbéadh a fhios agam go fior,

“If I but knew what comes of it,

do ghuin tréd chích, trét chroidhe,

do ghoin tréd chíoch, tréd chroí,

from wounding thee through breast and heart,

go bráth nítgonfadh mo láimh,

go brách ní ghoinfeadh mo lámh tú,

till Doom my hand would not wound thee,

a Suibhne Ghleanna Bolcáin.”

a Shuibhne Ghleanna Bolcáin.”

O Suibhne of Glen Bolcain.”

 

 

 

[S.]

Suibhne:

Suibhne:

“Gé romgonais isin fhál

“Cé gur ghoinis mé sa bhfál,

“Though thou hast wounded me in the hedge,

nocha ndernus do thochrádh,

níor dheineas-sa do chrá,

I have not done thee ill;

ní thiubhrainn taobh ret mhnáoi ndil

ní thabharfainn taobh led mhnaoi dhil

I would not trust in thine own wife

ar talmain gona thorthaibh.

ar thalamh gona thorthaibh.

for the earth and its fruits.

 

 

 

Mairg táinic athaidh ó thoigh

Mairg táinig óna thigh

Alas for him who has come for a while from home

chuccatt, a Mholing Lúachair,

chugat, a Mholing Luachair,

to thee, O Moling Luachair,

nocha leicc dhamh dol fón choill

ní ligeann dom dul fán gcoill,

the wound thy herd has dealt me

an guin romgon do bhúachoill.”

an ghoin lenar ghoin do bhuachaill.”

stays me from wandering through the woods.”

 

 

 

[M.]

Moling:

Moling:

“Mallacht Críst dochum gach cloinn

“Mallacht Críost dochum gach clainn

“The curse of Christ who hath created everyone

ort,” ar Moling re a bhúachoil,

ort,” ar Moling lena bhuachaill,

on thee,” said Moling to his herd,

“tré éd i ccridhe do chnis,

“trí éad i gcroí do chnis

“sorry is the deed thou hast done

as trúagh an gníomh dorighnis.”

is trua an gníomh do rinnis.”

through envy in thine heart.”

 

 

 

“Ó dorighnis gníomh n-úathmar,”

“Ó do rinnis gníomh uafar,”

“Since thou hast done a dread deed,”

atbert Moling re a bhúachuil,

arsa Moling lena bhuachaill,

said Moling to his herd,

“raghaidh dhuit-si dar a chenn

“rachaidh duitse thar a cheann

“thou wilt get in return for it

goirde shaoghail is ifreann.”

gairide shaoil is ifreann.”

a short span of life and hell.”

 

 

 

[S.]

Suibhne:

Suibhne:

“Gé dognéi-si díoghal dhe

“Cé go mbainfidh tú díoltas amach

“Though thou mayest avenge it,

a Mholing, ní beó meisi,

a Mholing, ní beo mise,

O Moling, I shall be no more;

nochan fhuil mo chabair ann,

níl aon chabhair dom ann,

no relief for me is it,

táinig bar ccealg im thimcheall.”

tháinig bhúr gcealg im’ thimpeall.”

your treachery has compassed me.”

 

 

 

[M.]

Moling:

Moling:

“Raghaidh éruic dhuit-si ind,”

“Rachaidh éiric dhuitse ann,”

“Thou shalt get an eric for it,”

ar Moling Lúachra, “lúaidhim,

arsa Moling Luachra, “luaim

said Moling Luachair, “I avow;

comhaitte friom-sa for nimh

comhfhad domsa ar neamh

thou shalt be in Heaven as long as I shall be

dhuit-si, a Shuibhne, ón Ardchoimdidh.”

agus duitse, a Shuibhne, ón ArdChoimdhe.”

by the will of the great Lord, O Suibhne.”

 

 

 

[M.]

Mongán:

Mongan:

“Bidh maith dhuit-si, a Shuibhne sheing,

“Beidh maith dhuitse, a Shuibhne sheing,

“It will be well with thee, O slender Suibhne,

thusa ar nemh,” ar an búacheill,

thusa ar neamh,” ar an buachaill,

thou in Heaven,” said the herd,

“ní hionann as meisi sunn,

“ní hionann is mise anseo,

“not so with me here,

gan nemh, gan soeghal agum.”

gan neamh, gan saol agam.”

without Heaven, without my life’s span.”

 

 

 

[S.]

Suibhne:

Suibhne:

“Ba binne lium robháoi tan

“Ba bhinne liom, bhí am,

“There was a time when I deemed more melodious

ná comhrádh ciúin na muintear,

ná comhrá ciúin na muintir

than the quiet converse of people,

bheith icc lúthmhairecht im linn

cúchaireacht colúir eidhinn

the cooing of the turtle-dove

cúchairecht fhéráinn eidhinn.

ag eitilt thart ar linn.

flitting about a pool.

 

 

 

Ba binne lium robháoi tan

Ba bhinne liom, bhí am

There was a time when I deemed more melodious

ná guth cluigín im fharradh,

ná guth cloigín im’ fharradh,

than the sound of a little bell beside me

ceileabhradh an luin don bheinn

ceiliúradh an loin den bheinn

the warbling of the blackbird to the mountain

is dordán doimh ar doininn.

is dordán daimh sa doineann.

and the belling of the stag in a storm.

 

 

 

Ba binne lium robháoi tan

Ba bhinne liom, bhí am,

There was a time when I deemed more melodious

na guth mná áille im fharradh,

ná guth mná áille im’ fharradh,

than the voice of a beautiful woman beside me,

guth circe fráoich an tsléibhe

guth circe fraoich an tsléibhe

to hear at dawn

do cluinsin im iarmhéirghe.

do chluinstin um iarmhéirí.

the cry of the mountain-grouse.

 

 

 

Ba binne lium robháoi tan

Ba bhinne liom, bhí am,

There was a time when I deemed more melodious

donálach na gcon alla,

geoin na gcon alla,

the yelping of the wolves

iná guth cléirigh astoigh

ná guth cléirigh istigh

than the voice of a cleric within

ag méiligh is ag meigeallaigh.

ag méiligh is ag meigeallaigh.

a-baaing and a-bleating.

 

 

 

Gidh maith libh-si i ttighibh óil

Cé maith libhse, i dtithe óil,

Though goodly you deem in taverns

bhar ccuirm leanna go n-onóir,

bhur gcoirm leanna go honóir,

your ale-feasts with honour,

ferr lium-sa deogh d’uisge i ngoid

fearr liomsa deoch d’uisce i ngoid —

I had liefer drink a quaff of water in theft

d’ól dom bais asin tiopraid.

d’ól óm’ bhais as an tiobraid.

from the palm of my hand out of a well.

 

 

 

Gidh binn libh thall in bhar ccill

Cé binn libh thall in bhur gcill,

Though yonder in your church you deem melodious

comhrádh mín bar mac leighinn,

comhrá mín bhur mac léinn,

the soft converse of your students,

binne lium ceileabhradh án

binne liom ceiliúradh án

more melodious to me is the splendid chant

doghníad coin Ghlinne Bolcáin.

do-ghní coin Ghlinne Bolcáin.

of the hounds of Glen Bolcain.

 

 

 

Gidh maith libh-si an tsaill ’s an fheóil

Cé maith libhse an tsaill is an fheoil

Though goodly ye deem the salt meat and the fresh

caithter a ttighibh comhóil,

a chaitear a dtighe comhóil,

that are eaten in banqueting-houses,

ferr lium-sa gas biorair ghloin

fearr liomsa gas biolair ghlain

I had liefer eat a tuft of fresh watercress

d’ ithe i n-ionadh gan chumaidh.

d’ithe in ionad gan chumhaidh.

in some place without sorrow.

 

 

 

Romgon an cruadhmhucaidhe corr

Ghoin an cruamhuicí corr —

The herd’s sharp spear has wounded me,

go ndeachaidh trém chorp comhtrom,

go ndeachaigh trím’ chorp go cothrom,

so that it has passed clean through my body;

truag, a Chríst rolámh gach breth,

trua a Chríost thug gach breith,

alas, O Christ, who hast launched every judgment,

nach ar Mhagh Rath rommarbhadh.

nach ar Mhaigh Rath mo mharbhadh.

that I was not slain at Magh Rath.

 

 

 

Gidh maith gach leaba gan fheall

Cé maith gach leaba gan fheall

Though goodly each bed without guile

dorighnes seachnóin Éirenn,

do rinneas ar fud Éireann,

I have made throughout Erin,

ferr lem leabaidh ós an loch

fearr liom leaba os an loch

I had liefer a couch above the lake

i mBeinn Bhoirche gan fholoch.

i mBeinn Bhoirche gan fholach.

in Benn Boirche, without concealment.

 

 

 

Gidh maith gach leaba gan fheall

Cé maith gach leaba gan fheall

Though goodly each bed without guile

dorighnes sechnóin Éireand,

do rinneas ar fud Éireann,

I have made throughout Erin,

ferr [lem] leabaidh ós an ross

fearr liom an leaba os cionn ros

I had liefer the couch above the wood

i nGlenn Bolcáin dorónoss.

i nGleann Bolcáin do rinneas.

I have made in Glen Bolcain.

 

 

 

Beirim a bhuidhe friot sin

Beirim a bhuí tríd sin —

To Thee, O Christ, I give thanks

do chorp, a Chríst, do chaithimh,

do chorp, a Chríost, do chaitheamh,

for partaking of Thy Body;

aithrighe iodhan abhus

aithrí íon abhus

sincere repentance in this world

in gach olc riamh dorónus.”

in gach olc riamh do rinneas.”

for each evil I have ever done.”

Do.

 

 

Back to top

 

Section 84

Táinic iaromh táimhnéll do Suibhne

Tháinig támhnéal ar Shuibhne ansin;

A death-swoon came on Suibhne then,

ocus ro-éirigh Moling gona c[h]léirchibh mar áon fris

d’éirigh Moling, agus a chléirigh fairis

and Moling, attended by his clerics, rose,

ocus tugsat cloch gach fir i leachtt Shuibhne.

agus thug gach fear acu cloch i leacht Shuibhne.

and each man placed a stone on Suibhne’s tomb.

“Ionmhain éimh an fer isa leacht so,” ar Moling;

“Ionúin go deimhin an fear ins an leacht seo,” arsa Moling.

“Dear in sooth is he whose tomb this is,” said Moling;

“meinic bámar inar ndís slán síst ag comhrádh fri aroile seachnóin na conaire so.

“Minic a bhíomar beirt *— achar sona —* ag comhrá *le chéile* feadh an chosáin seo.

“often were we two — happy time — conversing one with the other along this pathway.

Rob aoibhinn lem faicsin Suibhne .i. antí isa leachtt so ar an tioprait úd thall

B’aoibhinn liom Suibhne a fheiscint — an té atá sa leacht seo — ar an tiobraid thall.

Delightful to me was it to behold Suibhne — he whose tomb this is — at yonder well.

.i. Tiupra na Gealta a hainm,

Tiobraid an Geilte a hainm,

The Madman’s Well is its name,

úair is meinic notoimhledh ní dia biorar ocus día huisci

óir is minic a d’itheadh sé dá bhiolar agus d’óladh an t-uisce

for often would he eat of its watercress and drink its water,

ocus úadha ainminighter an tioprat.

agus is uaidh a ainmnítear an tiobraid.

and (so) the well is named after him.

Ionmhuin bheós gach ionadh eile no-iomaithighedh antí Suibhne”;

Is ionúin gach ionad eile, leis, a thaithíodh Suibhne;

Dear, too, every other place that Suibhne used to frequent”;

conadh ann adbert Moling:

agus dúirt Moling an laoi seo:

whereupon Moling said:

Back to top

 

Section 85

“Leachtán Suibhne sunn imne,

“Leachtán Suibhne anseo umam,

“The tomb of Suibhne here,

rocráidh mo chroidhe a chuimhne,

do chráigh mo chroí a chuimhne,

remembrance of him has wrung my heart,

ionmuin lium bhós ar a sheirc

ionúin liom fós, ar a sheirc,

dear to me too, out of love for him,

gach airm i mbíodh an náoimhgheilt.

gach áit a mbíodh an naomhgheilt.

each place in which the holy madman used to be.

 

 

 

Ionmuin lium Glenn mBolcáin mbán

Ionúin liom Gleann Bolcáin bán

Dear to me is fair Glen Bolcain

ar a sherc ag Suibhne slán,

ar a shearc ag Suibhne slán,

because of perfect Suibhne’s love of it;

ionmuin gach sruth do-icc ass,

ionúin gach sruth ag rith as,

dear each stream that flows out of it,

ionmhuin [a] bhior[ar] barrghlass.

ionúin a bhiolar barrghlas.

dear its green-topped watercress.

 

 

 

Tiubra na Gealta súd thall,

Tobar na Geilte ansiúd thall,

Yonder is the Well of the Madman,

ionmuin cách dar bíadh a barr,

ionúin cách dar bia a bharr,

dear was he to whom it gave food,

ionmuin lium a gainemh glan,

ionúin liom a ghaineamh glan,

dear to me its clear sand,

ionmuin a huisge iodhan.

ionúin a uisce íonghlan.

dear its pure water.

 

 

 

Orm-sa doghnídh a haicill,

Ormsa do dhein luíochán air —

On me was imposed his preparation,

fada lium gó nosfaicinn,

fada liom go bhfeicfinn é —

it seemed long until I should see him,

rothiomghair a breith dom thigh,

d’iarr é thabhairt im’ thigh

he asked that he be taken to my house,

ba hionmhuin an eadarnaigh.

ba ionúin an eadarnaí.

dear was the lying in wait.

 

 

 

Ionmhuin gach sruth go bhfúaire

Ionúin gach sruth go bhfuaire

Dear each cool stream

fors’ mbíodh biorar barrúaine,

ar a mbíodh biolar barruaine,

wherein the green-topped watercress grew,

is gach tobar uisge ghil,

is gach tobar uisce ghil

each well of bright water too,

ar Suibhne ag a aithighidh.

a mbíodh Suibhne á thaithí.

because Suibhne used to visit it.

 

 

 

Masa chead le Rígh na reann

Más cead le Rí na reann,

If it be the will of the King of the stars,

éirigh agus imthigh leam,

éirigh agus imigh liom,

arise and come with me,

tucc dhamh, a c[h]ridhe, do lámh

tabhair dom, a chroí, do lámh

give me, O heart, thy hand

ón lighe agus ón leachtán.

ón uaigh agus ón leachtán.

from the grave and from the tomb.

 

 

 

Ba binn lium comhrádh Suibhne,

Ba bhinn liom comhrá Shuibhne,

Melodious to me was the converse of Suibhne,

cían bhérus im chlí a chuimhne:

cian bhéarfad im’ chlí a chuimhne;

long shall I keep his memory in my breast:

aitchim mo Rígh nimhe nár

iarraim mo Rí nimhe náir

I entreat my noble King of Heaven

ós a lighe is ar a leachtán.”

ar a uaigh is ar a leachtán.”

above his grave and on his tomb.”

Leachtán.

 

 

Back to top

 

Section 86

Ro éirigh Suibhne asa niull iarsin

D’éirigh Suibhne as a néal ansin

Thereafter, Suibhne rose out of his swoon

ocus roghabh Moling ar láim é,

agus ghabh Moling ar láimh é,

and Moling taking him by the hand

go rángadar rempa ina ndís co dorus na heglaisi,

go rángadar rompu ina ndís go doras na heaglaise.

the two proceeded to the door of the church.

ocus ó dorad Suibhne a ghúala risin ursoinn

Chuir Suibhne a ghuala le hursain an dorais,

When Suibhne placed his shoulders against the door-post

tug a osnadh mór ós aird

thug osna mór os ard

he breathed a loud sigh

co rofháoidh a spiorad dochum nimhe,

agus d’éalaigh a spiorad chun neimhe.

and his spirit fled to Heaven,

ocus rohadhnacht go n-onóir ag Moling é.

D’adhlaic Moling é le honóir.

and he was buried honourably by Moling.

Back to top

 

Section 87

Gonadh ní do sgélaibh ocus do imthechtuibh Suibhne mic Colmáin Chuair rígh Dhál Aruidhe gonuige sin. Finis.

Sin sin go nuige seo cuid de scéalta agus d’imeachtaí Shuibhne Mhic Cholmáin Chuair rí Dhál Araidhe. Finis.

So far, some of the tales and adventures of Suibhne son of Colman Cuar, king of Dal Araidhe. Finis.

Back to top