Irish Sagas at UCC University College Cork

CDI
CELT

 

Tromdámh Guaire

Sections in the text

§1

§2

§3

§4

§5

§6

§7

§8

§9

§10

§11

§12

§13

§14

§15

§16

§17

§18

§19

§20

§21

§22

§23

§24

§25

§26

§27

§28

§29

§30

§31

§32

§33

§34

§35

§36

§37

§38

§39

§40

§41

§42

§43

§44

§45

§46

§47

§48

§49

§50

§51

§52

§53

§54

§55

§56

§57

§58

§59

§60

§61

§62

§63

§64

§65

§66

§67

§68

§69

 

Complete file (PDF)

 

Note to the reader
Joynt’s edition is based in the main on the version of the saga in the Book of Lismore, in Chatsworth House, Derbyshire, although she worked on the transcript in the Royal Irish Academy (MS 23 H 6). Where the Lismore text is defective, she has filled up gaps from the version in the manuscript MS 24 M 31 [M] in the Royal Irish Academy, these being indicated by square brackets [ ]. In her footnotes, she also gives variant readings from [M] and the manuscripts MS 23 O 16 [O1] and MS 23 O 34 [O2], also in the Royal Irish Academy. In this presentation, these variant readings are incorporated into the Medieval Irish text. In her Notes, Joynt gives suggested translations for parts of the text. In this presentation, these translations replace Connellan’s translations of these parts of the text and the Modern Irish version is adjusted accordingly.

Section 1

BAI ri uasal oirdnighe for Airghiallaibh feac[h]t n-aill

Bhí rí uasal oirní ar Oirghialla tráth

A noble, worthy, king ruled Oirghiall at one time

.i. Aedh mac Duach Dhuibh.

*agus* Aodh mac Duach Dhuibh *ab ainm dó*.

whose name was Aodh son of Duach Dubh.

Ein-aimser do sein ocus d’Aedh Fhinn

I gcomhaimsir leis sin, bhí Aodh Fionn

Contemporaneous with him was Aodh Fionn,

mac Fergna meic Fearghusa

mac Fheargna mhic Fhearghasa

son of Feargna, son of Fearghas,

meic Muireadaigh Mail ri Brefne

mhic Mhuireadhaigh Mhaoil, rí *ar* Bhréifne,

son of Muireadach Maol, king of Bréifne,

et do bhatar in dias sin co himrisnach.

agus do bhí imreasán *idir* an dís *acu* sin.

and those two were at strife.

Gach ni maith dognidh fear dhibh,

Gach ní maith do dhéanadh fear díobh,

In every good act performed by one,

rob ail don fhir ele a imurcaid [imurca M] do dhenum do fein.

b’áil leis an bhfear eile a shárú a dhéanamh leis féin.

the other would endeavour to excel him;

Et ni hinann do bhatar aroen,

Agus ní hionann a bhí siad araon,

yet both were not equally circumstanced;

or bui fear cétach comhrumach [domhruinnech M] conaigh acu

óir b’fhear saibhir comhramhach acmhainneach duine acu

for one was a hundred fold more (wealthy), just, and prosperous,

.i. Aedh Finn

.i. Aodh Fionn,

namely Aodh Fionn;

ocus fear crodha cosantach

agus fear cróga cosantach

whilst the other was valiant and warlike,

.i. Aedh mac Duach Duibh ri Oirgiall.

ab ea Aodh mac Duach Dhuibh, rí Oirghiall.

namely Aodh the son of Duach Dubh, king of Oirghiall.

Is do tra ba cora beth crodu dib,

Is dó, trá, ba chóra a bheith cróga díobh

It was, indeed, far easier for him to be the more warlike of the two,

or robui sciath aigi

óir do bhí sciath aige,

for he had a shield,

ocus ba he ainm in sceith [na scéithe M] sin Duibhghilla,

agus ba é ainm na scéithe sin Duibhghiolla,

and the name of the shield was Dubhghiolla (the Black Attendant),

ocus ba da buadhuib

agus ba dá bhuanna

and one of its properties was this,

gach [aen] do chidh a lathair catha hi da bidhbadhuib,

gach [éinne] dá naimhde do chíodh i láthair catha í,

that whosoever was opposed to it in the field of battle

ni bhidh nert mna seólta [or siuil ?; séolta M; náoidhe O] ann,

ní bhíodh neart mná seolta ann,

had not *even* the strength of a woman in labour,

ocus ba maidm roimpi gach conair a teighed [gach cathair i téighedh M]

agus ba mhaidhm *a bheadh* roimpi i ngach aon chonair ina dtéadh sí

and all fled before it in every conflict it entered into,

gin gu beth acht si ocus fear a himcair.

dá mba nach mbeadh ann ach í *féin amháin* agus fear a hiompair.

though only (the shield) itself and its bearer might be there.

Is ann i mbui

Is ann a bhí

It was at that very period and time

Eochaidh [Rí-éiceas

Eochaidh Ríghéigeas,

that Eochaidh Rígéigeas (the chief Professor)

i bfharradh] [Eochaidh meic |     |  fcs.] righ Brefne

i bhfarradh Rí Bhréifne,

was staying with the king of Bréifne,

ocus ba heisein Dallán Forguil.

agus ba heisean Dallán Forgaill.

and this was Dallán Forgaill.

Bui tromdham mor aig[e ann] doib,

Bhí tromdhámh mhór d’fhilí aige ann,

He was accompanied by a numerous professional body,

et as i in Brefne inad ba ferr leis,

agus is i mBréifne an t-ionad ba fearr leis,

and the quarter he liked best was Bréifne,

or ba himdha a cruigh ocus a cethracha.

óir b’iomdha ba a caoraíocht agus a táinte bó.

for numerous were its flocks and cattle herds.

Tarla aenn-oighthi i mBrefne a tigh n-ola

Thárla *don Rí agus don Ríghéigeas* bheith oíche i dteach óil *i mBréifne*

 It happened that the king of Bréifne was one night in his drinking-house,

ocus atbert ra Dallan:

agus dúirt *an rí* le Dallán.

and he said to Dallán:—

“Mor h’oirdni ocus do chadhus uaim, a Dhallain,” ar se.

“Is mór d’onóir agus do cháil a fhaigheann tú uaimse, a Dhalláin,” ar sé.

“You have great honour and privilege from me.”

“Ni hingnadh sin,” ar Dallan,

“Ní haon ionadh sin,” arsa Dallán,

“That is not to be wondered at,” said Dallán,

“ar is mor m’anoir a nAlbain

“mar is mór í m’onóir in Albain

“for great is my honour in Alban (Scotland),

ocus a Saxain

agus i Sasana

in Saxan (England),

ocus a mBretnaibh [a nBreatuinn M]

agus i mBreatain

in Britain, (perhaps Wales)

ocus a Frang [Frainne M; isan bFhraing O].

agus san Fhrainc,

and in France,

Or ata ollamnacht gach crich dibh sin agam.”

mar tá ollúnacht gach críche díobhsan agam.”

because I hold the chief professorship of all those countries.”

“Gidh edh,” ar Aedh,

“Más ea féin,” arsa Aodh,

“Notwithwstanding all that,” said Aodh Fionn,

“doberim-si d’imurcaid (?) gach rig dib sin duit.

“tugaimse breis gach rí díobhsan *d’onóir* duit;

“I give you more than all those kings and noble chiefs together,

Or in tan tede-si ar cuairt ollamnachta i crich ciana comaithigh,

óir, nuair a théann tú ar cuairt ollúnachta i gcríocha imigéiniúla coimhthíocha,

for whenever you go on a professional visit into distant foreign countries,

in tan tesd[as] bo uait cuirim-si bo ’na hinat,

an tan a theastaíonn bó uait, cuirimse bó ina hionad,

and if you should lose a cow I send you a cow in its place,

ocus in tan teasdus each no cru no pinginn cuirim-si ina innad gach neth dibh,

agus an tan a theastaíonn each nó táinte nó airgead uait, cuirimse gach ní díobhsan ina ionad

and if you should lose goods, I send you goods instead of them; and if you lose a penny, I put a penny in its place,

co fagha tusa do cruidh ocus h’innmusa imlán.”

*i dtreo is* go bhfaighe tú do tháinte bó agus d’ionnús-sa iomlán *eile slán romhat nuair a thagann tú abhaile.*”

in order that you may find your cattle, goods, and wealth whole on your return.”

“A [rí], cidh na [leg. ma ?] n-abrai na briatra sin?”

“A Rí,” arsa Dallán, “cad chuige go ndeir tú na briathra sin?”

“Why say you this, O king?” said Dallán.

“Aderim,” ar Aed,

“Deirim,” arsa Aodh,

“For this reason,” said the king,

“curub coir duit-si, in te ata fa chom-[nós friomsa] .i. ri Oirgiall, gach [ní dá] n-iarfair air d’fagbail uadha.”

“*mar* gur cóir duitse gach ní dá n-iarrann tú ar an té ar aon cháil liomsa, .i. Rí Oirghiall, d’fháil uaidh.”

“that you should obtain whatever you would ask from that person whom you honour as much as me, and that is the king of Oirghiall.”

“Ni fuil aigi,” ar Dallán, “a n-ecmuis a fhlaithiusa ni nach tibredh damsa.”

“Níl aige,” arsa Dallán, “in éagmais a fhlaithis-se ní ná tabharfadh domsa.”

“He has nothing,” says Dallán, “excepting his sovereignty, that he would not give me.”

“Ata imorro” ar Aedh Finn.

“Tá, iomorra,” arsa Aodh Fionn.

“He has, surely,” says Aodh Fionn.

“Cid esein?” ar Dallán.

“Cad é sin?” arsa Dallán.

“What is that?” asked Dallán.

“Sciath fhuil aigi; Duibhgilla a ainm,

“Sciath atá aige, Duibhghiolla a ainm,

“A shield which he has; its name is Dubhghiolla,

ocus is leis ro gabh-somh nert riam ocus is leis gabus fos

agus is léi a ghabh sé neart riamh agus is léi gabhfaidh sé fós,

and by it he has hitherto gained sway and will ever gain it,

ocus do chosain crích nOirgiall cona himlib;

agus chosain sé críoch Oirghiall agus a himill;

and by it he has defended the territory of Oirghiall and its borders,

ni thibre duit-si hi.”

agus ní thabharfaidh sé duitse í.”

and he would not give it to you.”

“Ni hathcuingi fhireicis sin,” ar Dallán,

“Ní hachainí fhír-éigis sin,” arsa Dallán,

 “That is not the request of a truly learned man,” said Dallán:,

“ocus damad ead, do iarfaind-si hi.”

“agus dá mb’ea d’iarrfainnse í.”

and if it were, I would ask it.”

“Dobér-sa logh duit-si ar dhul da hiarraid,” ar Aed Finn,

“Tabharfaidh mise luach duitse ar dhul dá hiarraidh,” arsa Aodh Fionn,

“I will reward you for going to ask it,” said Aodh Fionn,

“.i. céd da gach crudh.”

sé sin, céad de gach saghas crodh.”

“viz., one hundred of each kind of cattle.”

“Ragat-sa [d’a] hiarraid,” ar Dallán,

“Rachaidh mise dá hiarraidh,” arsa Dallán,

“I will go to ask it,” said Dallán,

“ocus muna faghar hi,

“agus mura bhfaighidh mé í,

“and if I shall not obtain it,

aerfad ri Oirgiall.”

aorfaidh mé Rí Oirghiall.”

I will satirize the king of Oirghiall.”

 

Back to top

 

Section 2

Rucsat as in agaid sin.

Chuireadar an oíche sin díobh.

They passed over that night.

Eirghius Dallán gu moch

D’éirigh Dallán go moch

Dallán arose early,

ocus gabthar a eich do

agus gabhadh a eich dó

and his steeds were got ready for him,

ocus ruc leis a tri naenbur ollaman co dunad righ Oirgiall.

agus rug sé leis a thrí naonúr ollúna go dún Rí Oirghiall.

and he took along with him his thrice nine Professors to the fort of the king of Oirghiall.

O’tcuala in ri Dallán do beth forsin faichthi,

Nuair a chuala an Rí Dallán do bheith ar an bhfaiche,

When the king was informed that Dallán was on the lawn,

tanic chuigi ocus tuc teora póga do

tháinig sé chuige agus do thug trí póga dó

he came forth to meet him and gave him three kisses,

ocus do chuir failte [rian]a ollamnuibh

agus chuir fáilte roimh a ollúna

and, in like manner he welcomed his accompanying professors,

ocus ro himairchuireadh Dallán [gus an ndún].

agus iompraíodh Dallán isteach sa dún.

and Dallán was borne into the fortress.

“Ni airisiub,” ar Dallán,

“Ní fhanfaidh mé agat,” arsa Dallán,

“I will not stay,” says Dallán,

“co fesom in fuighbead m’athchuingid [fuighbea amath. fecs.].”

“gur feasach dom an bhfaighidh mé m’achainí.”

“till I know whether I shall obtain my request.”

“Cret in athchuingid?” ol in ri.

“Cad i an achainí?” arsa an Rí.

“What is the request?” asked the king.

“Do sciath-sa” ar Dallán, “.i. Duibgilla.”

“Do sciathsa, Duibhghiolla,” arsa Dallán.

“Your shield,” replied Dallán, “namely Dubhghiolla.”

“Ni hathchuingid fhireicis sin” ol in ri,

“Ní hachainí fhír-éigis sin,” arsa an Rí,

“That is not the request of a truly learned man,” said the king,

“ocus damad ead doghebhtho-sa.”

“agus dá mb’ea, gheofása í.”

“and if it were, you should obtain it.”

“Tucus-sa duan cugat-sa da cinn,” ar Dallán.

“Thug mise duan chugatsa thar a ceann,” arsa Dallán.

“I have brought you a poem for it,” said Dallán.

“Maith leam-sa do dhuan d’eisteacht,” ol in ri.

“Ba mhaith liomsa do dhuan d’éisteacht,” arsa an Rí.

“I would like to hear your poem,” said the king.

Ro gab Dallán in duan-so:

Ghabh Dallán an duan seo:

He then recited the poem as follows:—

 

 

 

“A err ada, a Aedh,

“A laoich oinigh, a Aoidh,

“A hero of fortune (are you), O Aodh,

a dhaig dana dúr,

a dhaigh dána dúr,

You daring, determined foe (or venom),

[a mhaith mur mhuir mhoir,]

a mhaitheas mar mhuir mhór,

Your goodness as the great ocean;

maith cuirfe for cul.

is maith a thiománfaidhdo naimhde ar gcúl.

It is well that you shall drive back your enemies.

 

 

 

Concuirfe for cul,

Tiománfaidh tú ar gcúl iad,

You shall drive them back,

A Aed meic [Duach Duibh]

a Aoidh mac Duach Dhuibh.

O Aodh, son of Duach Dubh.

is maith mor do maein,

Is maith *agus is* mór do mhaoin,

Good and great is your substance,

gan aeir is gan [oil].

gan aor is gan oil.

Without censure, and without reproach,

 

 

 

A grian d’aithle a renn,

A ghrian tar éis a réalta,

You sun after leaving its stars

isad uat[h]mar [leam,

is uathmhar liom.

Which is awful to me,

a chláir fith-]cheall finn,

A chláir fichille fionn,

You white chess-board

conthuilfeam [a err].”

go bhfillfimid, a laoich.”

We will return, O hero.”

[M gives another poem here; the gaps in fcs. are taken from O; contilfeam a ear O; leg. co [d]tuilfeam ?]

 

 

 

Back to top

 

Section 3

“[Is maith] in duan,” ol in ri,

“Is maith an duan é,” arsa an Rí,

“That is a good poem,” says the king,

“gibe do tuicfedh hi.”

“an té a thuigfeadh é.”

“whoever could understand it.”

“Fir duid,” or Dallán,

“Is fíor duit,” arsa Dallán,

“That is true for you,” says Dallán,

“ocus gidh cia dogena [in fordheargadh file,

“agus an té a dhéanann an duan fordheargadh file

“and whosoever composes a poetic remonstrance,

is dó] fein is coir a minugad:

is dó féin is cóir a mhíniú.

it is he himself who ought to explain it;

[is meisi dorinne an duan]

Is mise a rinne an duan

and as it was I that composed it,

ocus is me mhineochus hi.

agus is mé a mhíneoidh é.

it is I that will interpret it.

‘A err ada a Æd’ [adubart] frit-sa

‘A laoich adha, a Aoidh’, dúirt mé leat,  

‘A hero of fortune are you, O Aodh,’ I have addressed to you,

.i. mar err einigh ocus gaiscidh [Eirenn tusa].

mar is laoch oinigh agus gaisce na hÉireann tusa;

that is, you are the hero of honour and feats of arms of (the men of) Ireland.

‘A dhaig dana dhur’

‘A dhaigh dána dúr,’ a thug mé ort,

You venom, daring and firm,’ I addressed to you,

.i. a dhaig [is ainm do neimh

mar daigh is ainm do nimh,

that is daigh is a name for poison,

ocus is] neim dana tu isna cathaib.

agus is nimh dána thú sna cathanna;

and you are a daring venom in battles.

‘[A mhaith mur mhuir] mor’

‘A mhaitheas mar mhuir mhór,’

Your goodness as the great ocean,’

.i. damad lat maín ocus [maitheas na mara,

mar dá mba leat maoin agus maitheas na mara,

that is to say that if the wealth of the ocean belonged to you

do] dailfea he do aes eicsi ocus ealadhan.

dháilfeá é ar lucht éigse agus ealaíon.

you would distribute it amongst the people of knowledge and arts.

‘A grian d’aithle a renn’

‘A ghrian tar éis a réalta,’

‘You sun after (leaving) its stars,’

.i. in grian tar eis a renn d’facbail, as i sin uar is ferr a dealb

ciallaíonn sin, an ghrian tar éis a réalt a fhágáil, as í sin an uair is fearr a dealbh

that is, the sun after leaving its stars is the time its figure appears best,

ocus ni ferr a dealb ina do dhealbh-sa.

agus nárbh fhearr a dealbh ná do dhealbhsa féin;

and its figure is not better than your figure.

‘A clar fithc[h]eall finn’

‘A chláir fhichille fionn,’

‘You white chess-board,’

.i. da mbedis secht foirne fithc[h]le oc aen-duini,

mar dá mbeidís seacht bhfóirne fichille ag an aon duine,

that is, if any person should have seven sets of chess-men

ni budh ferdi do he ocus gan clar aigi;

nárbh aon tairbhe dó agus gan clár aige;

they would be of no use to him without having a board;

is tusa clar cothaigthi ocus conmhala bhfer nEirenn.”

is tusa an clár cothaithe agus coimeádta fear nÉireann.”

you are the board for the support and protection of the men of Ireland.”

 

Back to top

 

Section 4

“Is maith sin,” ar ri Oirghiall, “ocus dobér-sa cruidh ocus cethra da cinn.”

“Is maith é sin,” arsa Rí Oirghiall, “agus tabharfaidh mise ba agus beithígh ar a ceann.”

“That is good,” said the king of Oirghiall, “and I will give money and cattle for it.”

“Tabair, da ngabtur uait,” ar Dallán;

“Tabhair má gabhtar uait iad,” arsa Dallán,

“Give it if it be taken from you,” says Dallán,

“et doronus-sa duan eli molta don sciath .i.”

“agus rinne mise duan eile molta don sciath, sé sin:”

“and I have composed another poem for the shield as follows:”—

     

“A Aed suidhcern seig

“A Aoidh, so-thiarna agus seabhac, 

“O Aodh, noble lord, oh hawk,

conselga do sciath,

d’imigh (?) do sciath,

Your shield hath departed (?);

reb tonn a renn [tonna reann M] [reab] [reabh thon arean reab O],

cleas tonn a reann [tonnta reann M] [reabh] [reabh thonn ar an reabh O],

As the sport of waves is the play of its spear-points (?),

cenn ar treab ’s ar triath [sairtriath MS].

ceann ár dtreabh is ár dtriath.

head of our tribes and our chiefs.

 

 

 

Beram-ne a cruth den

Beirimis a cruth dian

Let us bear its strong frame

tar gach finnsruth fial,

thar gach sruth geal fial;

Across each fair and copious stream,

modh cin tnuth ’con triath,

*sin* éacht gan tnúth ón triath,

A feat that excites not the chieftain’s (i.e. Aodh’s) jealousy,

mo sciath sceo a sciath [mo cean trúth guin triath O].

*mar is í araon* mo sciath is a sciath.

[For it is at once] my shield and his.

Sciath breac biatta bran [bhuartha bhraon O],

Sciath bhreac a bheathaíonn brain [bhuartha bhraon O],

A variegated shield that feeds the ravens,

gesidh Badhbh dia bruach;

géiseann Badhbh dá bruach;

From its rim screams the Badhbh,

sciath comadbul caem

sciath ollmhór chaomh

A big and beauteous shield

ata ag Aedh mac Duach.

atá ag Aodh mac Duach.

Is that which Aodh son of Duach has.

 

 

 

Bérmait o mac Dhuach,

Béarfaimid ó mhac Duach,

We will carry off from Duach’s son,

rem’ dula for caí [cain fcs.; fór chaoi O],

roimh m’imtheacht ag caoi;

Before I go on my way

sciath comadbhul caem

sciath ollmhór chaomh

That big, beautiful shield

dam o Aedh ar mh’ai [dam air mh’aogh [o] Aodh O].”

damh (mar fhéirín) dom ó Aodh ar mo dhuan.”

An ox to me from Aodh (as a gift) for my poem.”

Aedh.

 

 

 

Back to top

 

Section 5

“Is maith in duan soin, a Dhalláin,” ar Aedh,

“Is maith an duan sin, a Dhalláin,” arsa Aodh,

“That is a good poem, O Dallán,” said Aodh,

“ocus in ni is cubaidh ria .i. or ocus airget, seoit ocus maine,

“agus an ní is cuí a thabhairt air, ór agus airgead, seoid agus maoine,

“and whatever is meet, viz., gold, silver, jewels and substance,

dogebtur uaimsi iat.”

gheofar uaimse iad.”

you shall have them from me.”

“Ni gheb-sa sin,” ar Dallán,

“Ní bhfaighidh mise sin,” arsa Dallán,

“I will not have them,” said Dallán,

“or is don sciath doronus mu dhuan;

“óir is don sciath a rinne mé mo dhuan;

“because it was for the shield I composed my poem,

ocus doronus fos duan eli don sciath .i.”

agus rinne mé fós duan eile don sciath.”

and I have composed another poem, also for the shield, viz.:”—

 

 

 

“Duibhghilla dub a mhaisi, rl.”

“Duibhghiolla dubh a mhaise, is araile.”

“Dark Dubhghiolla, its fineness”, etc.”

 

Back to top

 

Section 6

“Is maith in duan soin, a Dhalláin,” ar Aedh,

“Is maith an duan é sin, a Dhalláin,” arsa Aodh,

“That is a good poem, O Dallán,” said Aodh,

“ocus cenneoc[h]at-sa co maith hi dh’our ocus d’airget;

“agus ceannóidh mise go maith é ar ór agus ar airgead;

“and I will give good payment for it of gold and silver;

dobér fos cét da gach crudh da cind.”

agus béarfaidh mé fós céad de gach saghas eallaigh duit thar a cheann.”

I will, moreover give a hundred of each flock for it.”

“Is maith sin,” ar Dallán;

“Is maith sin,” arsa Dallán,

“That is very good,” said Dallán,

“gidhedh

“ach más ea,

“however

ni dubairt duini da bhél

ní dúirt duine as a bhéal

no person ever spoke from his mouth

d’or na dh’airget na dho séduibh in domain,

d’ór ná d’airgead ná de sheoda an domhain

of gold nor silver nor jewels of the world,

ni ghebat-sa uaid acht in sciath.”

ní bhfaighfidh mise uaidh, ach an sciath amháin.”

will I accept from you, but the shield.”

“Ni tiber-sa in sciath duit,” ar Aed.

“Ní thabharfaidh mise an sciath duit,” arsa Aodh.

“I will not give you the shield,” said Aodh.

“Aerfat-sa thusa,” ar Dallán.

“Aorfaidh mé thusa,” arsa Dallán.

“I will satirize you,” said Dallán.

“Firta ocus mirbaili Righ nime ocus talman uaim-si at’agaid dom’saerad ocus dom’ anacul ort;

“Fearta agus míorúiltí Rí neimhe agus talún uaimse i d’aghaidh dom shaoradh agus dom anacal ort;

“The powers and miracles of the King of heaven and earth be on my side to save and protect me against you,

et in cumain let, a Dhalláin,” ar Aed,

agus an gcuimhin leat, a Dhalláin,” arsa Aodh,

and do you remember, O Dallán,” said Aodh,

“in tan doronsat naeim Eirenn codach eadrainn ocus sib-si aes ealadan Eirenn,

“an uair a rinne naoimh Éireann conradh eadrainn-ne agus sibhse, lucht ealaíon Éireann,

“that when the saints of Ireland made peace between us (the kings) and you the bards of Ireland,

gibe acuibh-si doghenad aera co hecoir duinn [duiinn MS],

pé duine agaibhse a dhéanfadh aoir éagórach dúinn,

it was agreed that whosoever of you should compose a satire on us unjustly,

tri bolga aithisi dh’fas air,

trí chloig aithise a d’fhásfadh air,

three blotches of reproach should grow upon him;

ocus damad sinne do toillfed

agus, dá mba sinne do thuillfeadh an náire

and if we should deserve it

ocus sibhsi da denum gu coir,

agus sibhse á dhéanamh go cóir,

and that you should compose it justly,

in oired cédna d’fhas oirnne?

an oiread céanna a d’fhásfadh orainn-ne?

the same number should grow upon us?

Et is iat na naeim sin:

agus is iad na naoimh sin:

and the following are (the names of) those saints:—

     

Colum Cille mac Fedhlim [Fedhlime M];

Colum Cille mac Feidhlimí,

Colum Cille, son of Feidhlimí;

Ciarán Cluana;

Ciarán Cluana,

Ciarán of Cluain;

Sein-Ciaran Saigre;

Sean-Chiarán Saighre,

Old Ciarán, of Saighir;

Finden Cluana hEraird;

Finnian Cluain Ioraird,

Finnian of Cluain Ioraird;

Finden Mhuighi Bile;

Finnéan Maigh Bhile,

Finnéan of Maigh Bhile;

Seanach [Seanachán O] mac Caitin;

Seanach [Seanachán O] mac Caitin,

Seanach son of Caitin;

Ruadhan Lot[h]ra;

Ruadhán Lothra,

Ruadhán of Lothra;

Brenainn Bera;

Bréanainn Biorra,

Bréanainn of Biorra;

Brenainn mac Findloga;

Bréanainn mac Fionnlugha,

Bréanainn son of Fionnlugha;

Mu Colmoc naemtha;

Mocholmóg naofa,

the holy Mocholmóg;

Comgall;

Comhghall,

Comhghall;

Da Lua Daire;

Da Lua Doire,

Da Lua of Doire;

Caillen naemtha.”

agus Caillín naofa.”

and the holy Caillín.”

 

Back to top

 

Section 7

“Ni béruit sin uili tusa uaim-si gan t’aerad,

“Ní bhéarfaidh siadsan uile tusa uaimse gan d’aoradh,” arsa Dallán,

“All those will not bear you away from being satirized by me;

ocus ni ferdi leam h’aerad muna gabar at’ fiadnuisi ni dhibh”;

“agus ní fearrde liom d’aoradh muna ngabhfar cuid de anseo i d’fhianaise;”

and it is no satisfaction to me to satirize you except I do so in your presence” —

ocus do gab, ut dixit:

agus ghabh sé *an dán*, mar seo:

and this is what he said:—

 

 

 

“A Aedh mic Duach duibh,

“A Aoidh mac Duach Dhuibh,

“O Aodh, son of Duach Dubh,

a ruach ar nach ruib,

a slodáin nach marthanach,

You pool not permanent;

a brog na cuach cain,

a pheata na gcuach caoin,

You pet of the gentle cuckoo;

a adba luath luin [a labhra lua loin O].

a adhbha luath an loin.

You quick chafferer of a blackbird;

 

 

 

A chaer geltaigh [caor ghealta O] glais,

A chaor ghealta ghlais an *fhéaraigh*,

You sour green berry *of the pasture*;

suidfet treabh[thaig] [suidhsit treabha M; suighfid treabhtha O] luis,

súfaidh treabhdóirí lusanna,

Ploughmen will suck the herbs;

a guirt glais mar greis,

a ghoirt ghlais mar ghréas,

You green crop like fine embroidery;

caindleoir brais for buis.

coinnleoir práis gan solas.

A candlestick without light;

 

 

 

A bharc fega [fedha M; feadha O] fuair,

A bháirc adhmaid fhuair,

You cold wooden boat;

a bharc bera beim [bera braein M; beartha braoin O],

a bháirc a bhéarfaidh béim,

You bark that will bear a blow;

a airbhe in duib daeil,

a airbhe an daoil duibh,

You disgusting black beetle;

a airbire, a Aeidh.”

a aithis, a Aoidh.”

You are more disgusting, O Aodh.”

A Aed.

 

 

 

Back to top

 

Section 8

“Is cubus duinni,” ar Aedh,

Ar m’anam,” arsa Aodh,

“We must confess,” said Aodh,

“nach fedamar-ne in ferr no in mesa sin ina in ced-duan dorinnis.”

“nach bhfuil a fhios againn an fearr nó an measa sin ná an chéad duan a rinne tú.”

“that we do not know whether that is better or worse than the first poem you composed.”

“Ni hingnad fer h’aithne-si da rad sin,” ar Dallán

“Ní hionadh fear d’aithnese dá rá sin,” arsa Dallán,

“No wonder for a man of your intellect to say so,” said Dallán,

“ocus os misi dorinne na haera,

“agus ós mise a rinne na haortha,

“and as it was I that composed the satires,

as me mineochus iat.

is mé a mhíneoidh iad.

it is I that will interpret them.

‘A Aedh meic Duach Duibh, a ruach ar nach ruib:’

‘A Aoidh mac Duach Dhuibh, a shlodáin nach marthanach,’

‘O Aodh, son of Duach Dubh, you pool not permanent;’

inann sin ocus lodan [lodán M; lochán O] samraidh

ionann sin agus lochán samhraidh,

that is equivalent to a summer pool

in uair dogeibh se tart mor ocus shaltras neach ann,

nuair a ghabhann sé tart mór agus nuair a shatlaíonn duine ann,

when it experiences a great drought and that someone tramples in it;

sceinnid a lan as

scinneann a lán as

its water entirely evaporates,

ocus ni thic lan eli ann no gu tic in tuili aris;

agus ní thig lán eile ann go dtagann an tuile arís,

and it is not replenished till the flood comes again;

inann son ocus tusa,

ionann sin agus tusa,

you are similarly circumstanced,

ar ni fuil da mhéd moladh dogebha

mar dá mhéid moladh a gheobhaidh tú,

for no matter how highly you may be praised,

ara ticfa int einech cédna indut doridisi d’eis na n-aer sa.

ní thiocfaidh an t-oineach céanna ionat arís tar éis na n-aortha seo.

the same hospitality shall not possess you again in consequence of these satires.

‘A brog na cuach cain:’

‘A pheata na gcuach caoin,’

‘You captive of a gentle cuckoo;’

inann son ocus peta cuach,

ionann sin agus peata cuach,

that is equivalent to a pet of a cuckoo,

ár ni bi a tigh peta is mesa inas;

óir ní bhíonn i dteach peata is measa ná í;

for there cannot be in a house a worse pet than this,

treicidh a ceileabrudh acht beg

tréigeann sí a ceiliúradh, ach beag,

it ceases to sing except a little,

ocus ni ferr leis eisein do denumh tra [i tráth M] eli ina isin geimreadh;

agus ní fearr leis é a dhéanamh ag am eile ná sa gheimhreadh;

and he will as soon do so in winter as at any other time,

et araili ica radh co ndenann en ele banaltrannus fris,

tá daoine ann ag rá go ndéanann éan eile banaltras uirthi,

and some say that another bird nurses for it;

cobcan [cabcan, cabhcan O] a ainm,

*is* cabhchán a ainm,

its name is Cabhcán,

ocus cuiridh sein a en fein uadha

agus cuireann sé a éan féin uaidh

and he puts away his own bird

ocus bethaigidh se en na cuaiche guma hingnima he,

agus beathaíonn sé éan na cuaiche go mbíonn sé ábalta ar ghníomh a dhéanamh dó féin;

and feeds the cuckoo’s bird till it is able to provide for itself,

ocus beridh in chuach le he

agus beireann an chuach an cabhchán léi;

when the cuckoo takes it away with her,

ocus ni hannsa le in cobcan sin ina gach en eli.

agus ní hansa léi an cabhchán sin ná aon éan eile.

and she has no more regard for that Cabhcán than she has for any other bird.

Inann son ocus do dail-si

Ionann sin agus do dháilse

Such is your case

ocus aes ealadna Eirenn;

agus lucht ealaíon Éireann:

and of the learned professors of Ireland,

ni bhia cuimne aca ar mhaith da ndernuis tar eis na n-aer sa.

ní bheidh cuimhne acu ar aon mhaith a ndearna tú riamh tar éis na n-aortha seo.

for they will not remember any good you have done after these satires.

‘A adhbha luath luin:’

‘A adhbha luath an loin,’

You quick chafferer of a blackbird;’

inann sin ocus lon

ionann sin agus an lon

that is equivalent to a blackbird

d’eirghi roim duini san oighthi;

a éiríonn roimh an nduine san oíche,

which is roused by the approach of a person in the night;

leicid fed no scal as

leigeann sé fead nó scol as

he gives a whistle or cry of alarm,

ocus ni labhrann [ni gle labhrann] in oighthi sin o gabus egla he.

agus ní labhrann an oíche sin arís ó ghabhann eagla é.

and does not speak that night from the terror that seizes him.

Is amlaid sin duit-si;

Is amhlaidh sin duitse;

Similar to that is your case;

do clous h’oenech a cein,

chualathas trácht ar d’oineach i gcéin,

your hospitality has been heard of far off,

ocus o dho haerad thu,

agus ó aoradh tú,

and since you have been satirized

ni cluinfe neach he tareis na n-aer-so.

ní chloisfidh neach é tar éis na n-aortha seo.

no one will hear of it in consequence of these satires.

‘Suidfit treabhtha [suighfeadh treabhtha O] luis:’

‘Súfaidh treabhdóirí losa,’

‘Ploughmen will suck the herbs;’

inann ocus in bech,

is ionann agus an bheach,

that is equivalent to the bee,

ar da n-ibhedh oiri secht n-ech a n-aen shoighech,

mar dá n-ólfadh na beacha eire seacht n-each in aon tsoitheach,

for if seven horse-loads (of it) were put into one vessel

o chuirter for teinid é,

an túisce cuirtear an soitheach ar an tine,

upon the fire

ni dhenann acht dubad d’eis na mbech da shugad.”

ní dhéanann ach dúchan tar éis na mbeach dá shú.”

it only blackens after the bees have sucked it.”

 

Back to top

 

Section 9

“Leic as, a Dalláin,” ol in ri,

“Lig as, a Dhalláin,” arsa an Rí,

“Be done, O Dallán,” said the king,

“na geibh mh’aera am’ fhiadhnusi ni is mo,

“ná gabh m’aoradh i m’fhianaise níos mó,

“do not satirize me any more in my presence,

ar leicfet as don ealaduin tu anois.”

óir ligfidh mise as an ealaín anois tú.”

for I will now excuse you from your art.”

“Budh fir” or Dallán;

“Ba fíor,” arsa Dallán.

“That will be true,” says Dallán;

“gabhur mh’echrad dam co n-imtighinn.”

“Gabhtar m’eachra dom go n-imeoinn.”

“get my steeds ready that I may depart.”

Do gabad a n-eich doibh

Gabhadh a n-eich don Tromdhámh

Their steeds were brought to them,

ocus ro imtigset asin mbaili amach Dallán cona ollamnaib.

agus d’imíodar as an mbaile amach Dallán agus a ollúna.

and Dallán and his professors left the place.

“Nert De ocus na naem uaim-si a nbur ndiaigh,”

“Neart Dé agus na naomh uaimse i bhur ndiaidh,”

“*May the strength of God and the saints overtake you*

ol Ædh, “madh [leg. má] do grisabar co hecoir mhe.”

arsa Aodh, “má ghríos sibh go héagóir me.”

if you have wrongfully satirised me,” said Aodh.

 

Back to top

 

Section 10

Nir chian rancatar on baili

Ní fada a bhíodar imithe ón mbaile

They had not come far from the township

in tan adubairt Dallán re a ollamnaib:

nuair a dúirt Dallán lena ollúna:

when Dallán said to his professors:

“As ingnadh leam,” ar se,

“Is ionadh liom,” ar sé,

“It is a wonder to me,” said he,

“in ni aderuid lucht scailti na sceladachta,

“an ní a deir lucht scaoilte na scéalaíochta

“what the tellers of tales say,

or is ed aderuit, gidh cia doni na haera co hecoir,

óir is é an ní a deir siad, an té a dhéanann na haortha go héagórach,

for they assert that whosoever composes satires wrongfully

cumad mheisdi do;

gur dó is measa;

it will be worse for himself;

ocus is doigh lim-sa nach dernad riamh aeir bhudh ecora ocus budh ainndligtighi

agus is dóigh liomsa ná dearnadh riamh aortha dob éagórach agus dob aindlítheach

and I believe that never have been made satires more unjustly or wrongfully

inait na haera dorinnus fein;

ná na haortha a rinne mé féin;

than the satires I myself have composed,

ocus is ferdi dam anois a ndenam,

agus is fearrde dom anois a ndéanamh,

and yet I am now the better for uttering them,

or do bhadhus gan ein-shuil ag techt don baili

óir bhí mé gan aon tsúil agam agus mé ag teacht don bhaile

for I was without an eye on my coming to the place,

ocus atait da súil mait[h]i acam anois.”

agus atá dhá shúil mhaithe anois agam.”

and I have two good eyes now.”

 

Back to top

 

Section 11

“A rí-ollam,” ar siat,

“A rí-ollamh,” ar siad,

“O chief professor,” said they,

“is maith in scel indisi,

“is maith an scéal a insíonn tú,

“it is good news you tell,

ocus ni hurusa a creidemh.”

agus ní furasta é a chreidiúint.”

although it is not easy to believe it.”

“As fir he,” ar Dallán.

“Is fíor é,” arsa Dallán.

“It is a fact,” said Dallán.

“Mas ed,” ar na hollamna,

“Más ea,” arsa na hollúna,

“If so,” said the professors,

“innis duinne ar nhecar [ar nuimher M; air n-eagair O] isin sligid romut ocus ad’ diaigh.”

“inis dúinn-ne ár n-eagar sa tslí romhat agus i do dhiaidh.”

“tell us our order in the way before you and after you.”

“Atait,” ar se, “da naenbur acuibh romam ocus naenbur a m’ dhiaigh.”

“Tá,” ar sé, “dhá naonúr agaibh romham agus naonúr im dhiaidh.”

“There are,” said he, “twice nine of you before me, and nine of you after me.”

“Fir duit, a righ-ollam,” ar siat.

“Is fíor duit, a rí-ollamh,” ar siad.

“True for you, O chief professor,” said they.

“Ni fhedar in maith na hairde ut,” ar Dallán.

Níl a fhios agam an maith na comharthaí iad siúd,” arsa Dallán,

“I know not if these be good signs,” said Dallán,

“Or do naiscius mo comairce ar Colum Cille mac Feilim,

“mar nasc mé mo chomairce ar Cholum Cille mac Feidhlimí

“for I had an assurance from Colum Cille, the son of Feidhlimí,

ind [im M] chomhartha ecsamail d’fhagail dam ria mbas

um chomhartha éagsúil d’fháil dom roimh bás,

that I should have an extraordinary forewarning before my death,

ocus cá fuighinn comhartha bhudh inganta dam

agus cá bhfaighinn comhartha dob iontaí dom

and what more wonderful sign could I get than,

ina mu beth dall ac teac[h]t don bhaili

ná mé bheith dall ag teacht don bhaile

being blind on my coming to the town,

ocus da shuil anois acum?

agus *radharc* mo dhá shúl anois agam?

and to have the use of my two eyes now?

ocus beridh dh’innsaigid mu thighi mhe.”

Agus beirigí d’ionsaí mo thí mé.”

and, therefore take me to my home.”

 

Back to top

 

Section 12

Rucad da thigh he iarsin

Rugadh chun a thí é ina dhiaidh sin

He was then taken to his house,

ocus do bhi ’na bethaid tri la co n-oidhchib ocus fuair bas iarumh.

agus bhí sé ina bheatha trí lá agus trí oíche agus fuair bás ansin.

and he lived three days and three nights, after which he died.

Tancatur na hollamna co haen-inad ocus ba hiat so a n-anmanna:

Thángadar na hollúna go haon ionad agus ba iad seo a n-ainmneacha:

The professors assembled together, and these were their names:—

 Maol Gedic mac Fir Goboc, ollam Alban;

Maol Gedic mac Fir Goboc, ollamh Alban;

Maol Geidhic, son of Fear Goboc, professor of Alba;

Arrachtan mac Onsclainn, ollam Bretan;

Arrachtán mac Onsclainn, ollamh Breataine;

Arrachtán, son of Onsclann, Bard of Britain;

Srubchaille mac Sreabchaille, ollam Saxan;

Srubhchaille mac Sreabhchaille, ollamh Sasana;

Srubhchaille, son of Sreabhchaille, Bard of England;

Niamchaemh ollam Uladh;

Niamhchaomh, ollamh Uladh;

Niamhchaomh, Bard of Ulster;

Dæl Duileadh [ollam] Laighin [sic. fcs., leg. Laighen];

Dael Duileadh, ollamh Laighean;

Daol Duileadh, professor of Leinster;

[Ollmhór árdeigis ollamh Dheasmhúmhan];

Ollmhór árd-éigeas, ollamh Dheasmhumhan;

Ollmhór, the arch sage of the professors of Deasmumhan;

Oircne Aitemain ollam Tuadhmhuman;

Oircne Aiteamhain, ollamh Thuadhmhumhan;

Oircne Aiteamhain, professor of Thomond;

Senchan eices, file ocus primh-ollam Connacht.

Seanchán éigeas, file agus príomh-ollamh Chonnacht.

(and) Seanchán, the learned poet and chief Bard of Connacht.

Tangatar na hollamna co haein-inad

Thángadar na hollúna go haon ionad

These bards came together

ocus ro fiafraiged acu

agus fiafraíodh eatarthu

they debated amongst themselves

cia da ndingentai ollam a n-inad Dhalláin.

cé hé go ndéanfaí ollamh de in ionad Dalláin.

as to whom they should appoint arch Bard in the place of Dallán.

“Tabhur muime na cleri cucainn,” ar siat,

“Tugtar buime na cléire chugainn,” ar siad,

“Let the foster-mother of the literati be brought to us,” said they,

“.i. Muirenn ingen Cuain Chuilledi ben Dalláin,

(dob í sin Muireann iníon Chúáin Chuillí, bean Dalláin),

“namely, Muireann, daughter of Cúáin Chuillí, the wife of Dallán,

ocus ín chliar caillech .i. Grucc ocus Gracc ocus Grangait.”

“agus an chliar chailleach, Grug agus Grág agus Grangaid.”

together with the learned aged females, namely, Grug, Grág, and Grangaid.”

Tucad on

Tugadh amhlaidh

They were convened accordingly,

ocus ro fhiafraigset dibh cia dar coir ollam do denamh.

agus d’fhiafríodar díobh cé hé gur chóir ollamh a dhéanamh de.

and they enquired of them who ought to be appointed chief Bard.

Adubairt Muirenn: “Dochuaidh sibh-si fec[h]t riamh ar cuairt ollamnachta a nAlbain.

Dúirt Muireann: “Cuaigh sibhse uair ar cuairt ollúnachta in Albain,

Muireann said:— “You formerly went on a professional visit to Alba,

ocus ro fhiafraigi[u]s-sa do Dallán ann sin, gibe tan fogebhudh se fein bas,

agus d’fiafraigh mise de Dhallán an uair sin, pé am go gheobhadh sé bás,

and I then asked Dallán that whensoever he himself would die,

cia da ndingentai ollam ’na inad.

cé hé go ndéanfaí ollamh de ina ionad.

who should be appointed chief professor in his place.

Atbert soin, da cuiredh neach ar doman rann a n-inadh an roinn

Agus dúirt sé sin, dá gcuireadh neach ar domhan rann in ionad an rainn

And he said that if any person in this world could substitute a stanza for a stanza

ocus focul a n-inad in focuil do fein,

agus focal in ionad an fhocail dó féin,

and a word for a word of his own (composition),

as e Senchan seinfhile do chuirfed.”

gurab é Seanchán sean-fhile a chuirfeadh.”

it is Seanchán, the aged poet, that can do so.”

“Maas ed,” arna hollamna,

“Más ea,” arsa na hollúna,

“Well, then,” said the professors,

“dentar ollam-thairngertaid do Senchán aguinn,” ar siat.

“déantar ollamh tairngire de Sheanchán,” ar siad.

“let Seanchán be elected our prophetic chief professor.”

Rohollamhnaiged Senchán acu ann sin

Ceapadh Seanchán ina ollamh leo ansin

Whereupon Seanchán was then inaugurated chief Bard by them;

et adubradur ris dul os cinn Dalláin ocus marbhnaidh do dhenamh dho.

agus dúirt siad leis dul ós cionn Dalláin agus marbhna a dhéanamh dó.

and they desired him to go over Dallán and compose an Elegy for him.

Dochuaidh Senchán ocus doroine in marbhnaidh sin

Chuaigh Seanchán agus rinne sé an marbhna sin,

Seanchán went and made this Elegy,

ocus do ghab os cinn Dallain i:

agus ghabh sé ós cionn Dalláin é:

and recited it over Dallán:—

 

 

 

“Inmhain corp adrocair sunn;

“Is ionúin an corp atá ar lár anseo.

“Beloved is the body that has fallen here,

ger fer trom, ba fer etrum;

Cé gurbh fear trom féin é, b’fhear éadrom é.

Although a weighty man, he was a light man;

etrom cuirp ba trom fedma;

B’éadrom corp é, ba throm feidhme.

Light in body, he was weighty in mind,

mor cliar dar bu tigerna.

Ba mhór an cléir ar a raibh sé tiarna.

Great was the company over whom he was chief.

 

 

 

Tri caegaid dhun ar aen ris,

Trí caogaid againn a bhíodh mar aon leis,

Thrice fifty of us were along with him,

d’eicsib fedba forbhad fis;

d’éigise in éagmais fheasa foirfe.

Of poets deprived of the perfection of knowledge;

mad da mbeimis lín budh lia,

Dá mbeimis líon ba lia

If our numbers had been greater

fodhluim nua uaidh dhuinn gach dia.

gheobhaimis foghlaim nua uaidh gach aon lá.

We would have new instruction from him each day.

 

 

 

Uaim dhileann nach soichit sloigh,

Ba é sin an uaimh dhíleann nach sroicheann sluaite

The cave of the Deluge which hosts cannot reach,

buinne Esa Ruaidh romhoir,

buinne Easa Ruaidh rómhór,

The mighty rushing flow of Eas Rua,

tuili mara romair raín,

tuile Mara Rua riathar,

The overwhelming flood of the Red Sea,

samail inntlechta Dallain.

samhail intleachta Dalláin.

To these may be compared the intellect of Dallán.

 

 

 

Gu roister tar in ngrein ngil

Go dtéitear thar an ngrian gheal,

Until men reach beyond the sun

do dealbh Dia os na duilib,

an ghrian úd a dheilbhigh Dia ós na dúile go léir,

Which God created above the elements,

ni roich fili thuaidh na thes

ní sháróidh file thuaidh ná theas

No poet north or south will surpass

tar Eochaid reid Ri-eiceas.

Eochaidh réidh Rí-éigeas.

The fluent Eochaidh, chief of learned men.

 

 

 

Ba hegnaid, a Dhe nime!

B’eagnaí an duine é, a Dhé neimhe!

He was a philosopher, O God of Heaven!

ba huasal, ba haird-fili,

B’uasal, b’ard-fhile é.

He was illustrious, he was chief poet;

cu tarra[i]d tonn do bhas bhil,

Go rug tonn an bháis ábhail air,

Until the wave of evil death overtook him,

uch ba haluinn, ba hinmain!”

uch, b’álainn agus b’ionúin é!”

Oh, he was splendid, he was beloved!

Inmain.

 

 

 

Back to top

 

Section 13

Adubratar in tromdham uili

Dúradar an Tromdhámh uile

The entire of the Bardic Association declared

cu roibhi a saith fein d’ollam isin te dorinni in marbnaidh sin.

go raibh a sáith féin d’ollamh sa té a rinne an marbhna san.

that they had a sufficiently competent professor in the person who composed that Elegy.

Is ann sin ro fiafraigset

Is ansin d’fhiafraíodar

It was then they deliberated

ga cuiged a nEirinn a rachdais ar tus ar cuairt ollamnachta,

cá cúige in Éirinn a rachaidís ar dtús ar cuairt ollúnachta,

as to what province in Ireland they should first proceed on a professional visit;

ocus bui gach ollam dhibh ag iaraid dhula da cuiged fein.

agus bhí gach ollamh díobh ag iarraidh dul chun a chúige féin.

and each one of them was desirous to go to his own province.

Adubairt Senchán ba cora dhula ar amus in te

Dúirt Seanchán gur chóra dul ar cuairt chuig an té

Seanchán said it would be more meet to visit the person

nar haerad ocus nar himdergad um or na um ilmainib riam.

nár aoradh agus nár imdheargadh um ór ná um oll-mhaoine riamh.

who was never satirized or reproached about (his liberality of) gold or abundance of valuable goods.

“Cia esein?” ar cach.

“Cé hé sin?” arsa cách.

“Who is he?” said each of them.

“Guaire mac Colmain

“Guaire mac Cholmáin

“Guaire, son of Colmán,

meic Cobthaig meic Goibnenn

mhic Chobhthaigh mhic Ghoibhneann

son of Cobhthach, son of Goibhneann,

meic Conuill meic Eogain

mhic Chonaill mhic Eoghain

son of Conall, son of Eoghan,

meic Echach Bric meic nDathi

mhic Eachach Bhric mhic Dhaithí

son of Eochaidh Breac, son of Daithí,

meic Fiachra.”

mhic Fhiachra.”

son of Fiachra.

 

Back to top

 

Section 14

Adubratar in tromdhamh uili

Dúradar an Tromdhámh uile

The entire of the great Bardic Association declared

ba coir dhoibh dul ann sin o bhudh maith le Senchán he.

gur chóir dóibh dul ansin ó ba mhaith le Seanchán é.

it would be proper to go there since Seanchán desired it.

“Faiter fesa uainn go Guaire.”

Cuirtear scéala uainn go Guaire.”

“Let messengers be despatched from us to Guaire” (said they).

Tiaghuit ocus innisit do

Imíodh agus insíodh do Ghuaire

They (the messengers) went and informed him (Guaire)

Senchán cona ollamhnaib ocus cona fhiledaib da innsaigid.

go raibh Seanchán agus a hollúna agus a fhilí chuige.

that Seanchán along with his professors and poets were coming to him.

“Mu chean-sa dhoibh,” ar Guaire.

“Mo chionsa dóibh,” arsa Guaire.

“My respect for them,” said Guaire.

“Mu cen da maithibh ocus da n-olcaib.

“Mo chion dá maithe agus dá n-olca.

“My respect for their good and for their bad;

Mu cen da n-uaislib ocus da n-islibh.

Mo chion dá n-uaisle agus dá n-ísle.

my respect for their nobles and their ignobles;

Mu cen da mnaib ocus da feruib.”

Mo chion dá mná agus dá bhfir.”

my respect for their women and for their men.”

 

Back to top

 

Section 15

Dorinne Guaire iarum bruigin doibh ocus oc[h]t sleasa uirri

Rinne Guaire bruíon dóibh ansin agus ocht sleasa uirthi

Guaire, after that, made a mansion for them, which had eight sides to it,

ocus dorus idir gach da slis dib

agus doras idir gach dá shlios díobh

and a door between every two sides (or divisions);

ocus ocht primhleaptha idir gach da dhorus

agus ocht bpríomh-leaba idir gach dá dhoras

and there were eight first class beds between every two doors,

ocus foileabaid a fiadnuisi gach primleptha.

agus fo-leaba i bhfianaise gach príomh-leaba.

and a low bed (or truckle bed) beside every chief bed.

Is airi ro ordaigh-sium sin:

Is é cúis gur órduigh sé sin ná

The reason he made that arrangement was,

gibe do luc[h]t na himdaighi

pé duine de lucht an tí chodlata

that whosoever of those that occupied the beds,

dogenad troit no imrisan ocus do eireochad aisdi,

a dhéanfadh troid nó imreasán agus d’éireodh amach as an leaba,

in case they should have a quarrel or strife and get out of them,

co faghadh se in foileabhaidh urlam ar a chinn tis.

go bhfaigheadh sé an fho-leaba ullamh ar a cheann thíos.

he might find the lower bed ready for him below.

Agus dorinne se oc[h]t tobair da bhferuib

Agus rinne sé ocht dtoibreacha dá bhfir

And he constructed eight fountains (or lavatories) for their men

ocus oc[h]t tobair da mnaib,

agus ocht dtoibreacha dá mná,

and eight fountains for their women;

ár nír ail do uisci lamh na n-ollaman do dul tar lamhuibh na mban

óir níorbh áil leis uisce lámh na n-ollúna do dhul thar lámha na mban

for he did not wish that the water used in washing the hands of the professors should touch the hands of the women,

na usce lamh na mban do dhul tar lamuib na n-ollam;

ná uisce lámh na mban do dhul thar lámha na n-ollúna.

nor the water of the hands of the women should be used in washing the hands of the professors;

ocus doronad flegha ocus fuireca aigi fo a comair;

Ullmhaíodh fleánna agus córacha bia aige ina gcóir.

and feasts and banquets were ordered by him for their entertainment,

ocus do chuir techta ar a cenn iarum.

agus chuir sé teachtaire ar a gceann ansin.

and he then sent messengers to invite them.

Atbert Senchán: “Gidh maith einech Guaire,

Dúirt Seanchán: “Cé gur maith é oineach Ghuaire,

Seanchán said:— “Though excellent the hospitality of Guaire may be,

ni ber-sa a bhfuil ann so chuice do lot Connacht,

ní bhéarfaidh mise a bhfuil anseo chuige ag lot Connacht,

I will not take all that are here to him to spoil Connacht,

ár ni beg lim a da trian do breith cuigi

óir ní beag linn a dhá dtrian a bhreith chuige

for I consider it enough to take the two-thirds of them to him,

ocus trian d’facbhail”:

agus trian a fhágáil:

and to let one-third remain,”

ocus doroine samlaid;

agus rinne sé amhlaid;

and he acted accordingly.

ni ruc co Guaire acht tri caegaid eces

ní rug sé go Guaire ach trí caogaid éigeas

He did not take to Guaire but thrice fifty of the professors;

ocus tri caegaid eicsín

agus trí caogaid éigsín

thrice fifty students (or second class of professors);

ocus tri caegaid con

agus trí caogaid con

thrice fifty hounds;

ocus tri caegaid gilla

agus trí caogaid giollaí

thrice fifty male attendants;

ocus tri caegaid ban muinnteri

agus trí caogaid ban muintire

thrice fifty female relatives;

ocus tri nonbhur d’aes gacha cerdi;

agus trí naonúr de lucht gach ceirde,

and thrice nine of each class of artificers;

ocus rangatar co Durlus in lin sin.

agus thángadar go Durlas an líon sin.

and that number arrived at Durlas.

 

Back to top

 

Section 16

Do eirigh Guaire ’na gcoinne

D’éirigh Guaire ina gcoinne

Guaire went forth to meet them,

ocus do thairbir do phoguibh a maithi

agus thoirbhir sé póga dá maithe

and he bestowed kisses on their chiefs,

ocus do fer fáilte rena sait[h]ibh.

agus d’fhear sé fáilte roimh a saoithe.

and gave welcome to their learned men.

“Mo cen-sa dhaibh,” ar Guaire.

“Mo chionsa daoibh,” arsa Guaire.

“My regards to you,” said Guaire;

“Mo cen da bar n-uaislib ocus da bhar n-islib.

Mo chion do bhur n-uaisle agus do bhur n-ísle.

“my regards to your nobles and ignobles;

Morfhailte uaim daib uili

Mór-fháilte uaim daoibh uile

I have great welcome for you all,

itir ollam ocus anrad,

idir ollamh agus ánradh,

both professors and poets;

itir eces ocus adbur,

idir éigeas agus ábhar,

both learned men and students;

itir macuibh ocus mnaib,

idir mhaic agus mná,

both sons and women;

itir coin ocus gilla.

idir chúnna agus giollaí.

both hounds and servants;

Ac[h]t ata da bar n-imed,

Ach atá an oiread sin agaibh ann

but so great is your number,

ni da bur n-aidhbligud,

ní hamhlaidh ba mhaith liom beagní a dhéanamh d’aoinne agaibh

not deeming you too many,

ni roich uaim-si fáilte fo leth da gach aen aguibh:

ní féidir liom fáilte faoi leith a chur roimh gach aoinne agaibh;

that I cannot welcome you individually;

acht mu cen romhuib uili dh’ aen-taeib.”

acht mo chion daoibh uile d’aon taoibh.”

however, my respects to you all on every side.”

Agus do cuired isin mbruigin moir iat

Agus cuireadh sa bhruíon mhór iad

And they were led into the large mansion,

ocus do forscailed biadh ar a mbelaib,

agus forscaoileadh bia ar a mbéalaibh

and food was laid out before them,

ocus adubairt Guaire riu gach ni do beth ’na n-esbaidh d’iaraidh

agus dúirt Guaire leo gach ní a bheadh in easnamh ortha a iarraidh

and Guaire told them that whatever they would desire they might ask for it

ocus gu bhfhuigdis.

agus go bhfaighidís.

and they should have it.

 

Back to top

 

Section 17

Ba mor tra in decair sin uili d’fagail doib-sium,

Ba mhór, trá, an deacair sin uile na nithe sin go léir a fhágáil dóibhsin,

It was, however, a great difficulty to procure all things for them,

or ba eicen cuid ’na aenar ocus leabaid ar leth da gach neach dib,

mar b’éigean a chuid a thabhairt do gach duine faoi leith acu ina aonar agus leaba faoi leith a sholáthar do gach neach díobh,

for it was requisite to give to each of them his meals apart and a separate bed;

ocus ni leigdis en-agaid gan tor[mas ocus] [ní luighidís in aighthe gan toruili M; gan torrmas orra O2] ni eirgitis en-agaid

agus ní ligidís oíche tharstu gan tormas ortha agus ní éirídís aon mhaidin

and they went not to bed any night without wanting something, and they arose not a day

gan mian ecsamail doirb dofagbala do thecmhail do nech eicin acu;

gan teacht méine éagsúla deacra dofhaighte do neach éigin acu;

without a desire for something that was peculiar, difficult to satisfy, and scarce coming upon one of them;

[ocus do badh éigion sin d’fághuil do,

agus b’éigean sin a fháil dó

and that desire had to be satisfied,

no an rí do áera ocus do chaine].

nó dhéanfaí an Rí d’aoradh agus do cháineadh.

or the king would be satirised and criticised.

 

Back to top

 

Section 18

Dorala mian ecsamail

Tháinig mian éagsúil

An extraordinary wish occurred

[do neoch

do neach,

to someone

a tigh] na tromdaime

i dteach na Tromdháimhe,

in the mansion of the Learned Association;

.i. do Muirinn

do Mhuirinn,

namely, to Muireann,

muime na cleire,

buime na cléire,

foster-mother of the company,

ben Dalláin,

bean Dalláin,

the wife of Dallán,

[ocus do léic mhairg] moir aisdi.

agus lig sí scréach mhór aisti.

and she let out a great shriek.

“Crét do frit   .   .   .  ?”

“Cad é sin ort?”

“What is the matter with you?”

ar siad.

arsa an Tromdhámh.

said the company.

“Mian dorala dam” [ar sí,

“Mian a tháinig dom,” ar sí,

“A desire that has seized me,” said she,

“ocus muna faghar] an mian soin, [ní baam beo.”

“agus mura bhfaighidh mé an mhian sin, ní bheidh mé beo.”

“and unless it be procured for me I will not live.”

“Crét an mian?” ar Senchán].

“Cad í an mhian í?” arsa Seanchán.

“What is that wish?” asked Seanchán.

 

Back to top

 

Section 19

“Sgala do linn leamhnachta

“Scála de leann leamhnachta

“A bowl of the ale of sweet milk

le smir mughdhorn mhuc n-allaid;

le smior murnáin mhuc n-alla;

with the marrow of the ankle-bone of a wild hog;

peta cuach do beth ar crand eiginn am fhiadnuisi”

peata cuaiche a bheith ar chrann eidhinn i m’fhianaise

a pet cuckoo on an ivy tree in my presence

— idir dha Nodlaig in tan sin —

— idir dhá Nollaig an uair sin —

between the two Christmases (Christmas-day and Twelfth-day or Epiphany) at that time;

“ocus a tenn-[eiri for a mhuin

“agus a teann-ualach ar a muin

and her full load on her back,

ocus] crislach ’na timcheall do ruadhan [bloingi toirc] gleghil,

agus crioslach ina timpeall de bhlonag thoirc ghléigil,

with a girdle of yellow lard of an exceeding white boar about her;

ocus ech mongach riabach do beth [fúithi ocus m]ong corcra fuirre

agus each mongach riabhach a bheith fúithi, agus mong chorcra ar an each,

and to be mounted on a dusky, long-maned steed; and a purple mane upon her, *and her four legs exceedingly white*;

ocus bert do lín in damain alla uimpi

agus beart de líon an damháin alla a bheith uimpi féin,

and a garment of the spider’s web around her,

ocus si ac cronan roimpi co Durlus.”

agus í ag crónán roimpi go Durlas.”

and she humming a tune as she proceeds to Durlas.”

 

Back to top

 

Section 20

“Is decair in mian sin d’fagail,” ar Senchán.

“Is deacair an mhian sin a fháil,” arsa Seanchán.

“It is difficult to procure that wish,” said Seanchán;

“Ni haein-mhian sin

“Ní haon mhian sin

“that is not one

acht greas do mianaib ingantacha nach urusa d’fhagail.”

ach greas de mhianta iontacha nach furasta a fháil.”

but a handful of strange wishes which are not easily gratified.”

 

Back to top

 

Section 21

Rucatar as in agaid sin co tainic maidiun;

Rugadar as an oíche sin go dtáinig maidin;

They bore away that night until morning came;

ocus ticed Guaire d’innsaighid na bruidne gach lai

agus thagadh Guaire chun na bruíne gach lá

Guaire was in the habit of visiting the mansion every day,

ocus do fiafraighedh cinnus do bidh acu,

agus d’fhiafraíodh sé conas a bhí acu;

and used to enquire how they fared;

ocus tainic in la sin ocus d’fiafraig:

agus tháinig sé an lá sin agus d’fhiafraigh:

and he came on that day and he enquired:

“Cinnus atathar ’con muinntir mhoir maith so aniugh?”

“Conas táthar ag an muintir mhór mhaith seo inniu?”

“How are things with these great and good people today?”

“Ni rabhamar riam,” ar siat, “uar is mesa do bethi aguinn.”

“Ní rabhamar riamh,” ar siad, “uair is measa a bheifí againn.”

“We were never a time,” said they, “*that it was worse with us.”

“Crét sin?” ar Guaire.

“Conas sin?” arsa Guaire.

“How is that?” asked Guaire.

“Mian dorala do neoch acainn,” ar Senchán.

“Mian a thárla do neach againn,” arsa Seanchán.

“A longing that has happened to one of us,” said Seanchán.

“Cia da tarla in mian soin?” ar Guaire.

“Cé dó go dtáinig an mian sin?” arsa Guaire.

“To whom did that occur?” asked Guaire.

“Do Muirinn ingin Cuain Cuilledi,” ar Senchán,

“Do Mhuirinn, iníon Chúáin Chuillí,” arsa Seanchán,

“To Muireann, daughter of Cúán Chuillí,” replied Seanchán,

“.i. ben Dalláin, muime na cleire.”

“bean Dalláin, buime na cléire.”

“namely the wife of Dallán, the foster-mother of the literati.”

“Cred in mian?” ar Guaire.

“Cad í an mian í?” arsa Guaire.

“What is the wish?” said Guaire.

Do innis Senchán [sin dó.

D’inis Seanchán sin dó.

Seanchán told him.

“Ní hein-mhiann amháin sin,” air Guaire, “acht ainmhianna imdha,]

“Ní haon mhian amháin sin,” arsa Guaire, “ach ainmhianta iomaí,

“That is not one wish but a variety of bad wishes,

ocus gibe dib is usa d’fhagáil, is decair he.”

agus cibé ceann díobh is fusa d’fháil is deacair é.”

and whichever of them is easiest, it is still difficult to obtain;”

Agus imtigis Guaire co dubach dobrónach;

Agus d’imigh Guaire go dubhach dobrónach;

and Guaire departed sad and sorrowful.

[M omits the meeting with the “gilla”] ocus ni tharla da muinntir ’na farrad in uair sin acht aein-gilla

agus níor  thárla dá mhuintir ina fharradh an uair sin ach aon ghiolla amháin

None of his people accompanied him at that time but one attending servant,

ocus do fiafraig Guaire don ghilla:

agus d’fhiafraigh Guaire den ghiolla:

and Guaire asked him,

“In maith e do run, a ghilla?’ ar se.

“An maith é do rún, a ghiolla?” ar sé.

“are you a good secret keeper?”

“Créd imma bfiafraige?” ol in gilla.

“Cad uime go bhfiafraíonn tú?” arsa an giolla.

“For what purpose do you ask?” said the servant.

“Dob ail leam dul [go Seasgan [Seasg- O]] Uarbeoil” ar Guaire,

“B’áil liom dul go Seascann Uarbheoil,” arsa Guaire,

“I would wish to go to Seascann Uarbheoil,” said Guaire,

“airm i fuil Fulachtach mac Eogain,

“airm a bhfuil Fulachtach mac Eoghain,

“where dwells Fulachtach the son of Eoghan;

doig as misi do marb a athair ocus a chethre meic ocus a trí derbráit[h]ra

dóigh is mise a mharaigh a athair agus a cheathrar mac agus a thriúr deartháir,

for it was I that slew his father, his four sons, and his three brothers;

ocus is ferr lem he dom marbad

agus is fearr liom eisean dom mharú

and I would rather he should kill me

[ocus m’oineach] ar mh’eis

agus m’oineach tar m’éis

in order that my hospitality may endure after me,

ina mu beth fein tar eis [m’oinighe];

ná mé féin a bheith tar éis m’oinigh;

than that I should survive my liberality,

or ni fuighter na miana ut cu brath.”

óir ní bhfaighfear na mianta úd go bráth.”

for those wishes can never be obtained.”

“Is maith mu run,” ar in gilla,

“Is maith é mo rún,” arsa an giolla,

“My secrecy is good,” said the servant,

“ocus da bfaicer [thu] ag imtecht [da bfaicthear ag imchigheacht thu O],

“agus má fheictear tusa ag imeacht,

“and should you be seen leaving,

ni fuil isin teac[h] sa duine nac[h] bia imat.”

níl sa teach seo duine nach mbeidh umat.”

there is not a person in this house that would not be around you.”

Ba holc le Guaire sin,

B’olc le Guaire sin,

That was displeasing to Guaire,

ocus tainic roime co Finnaragal na Feli,

agus tháinig sé roimhe go Fionnaireagal na Féile;

and he proceeded to Fionnaireagal of the Hospitality,

or in [uair badh teanta] do-som o luc[h]t eicsi ocus ealadhan,

óir, nuair ba chrua air sin ó lucht éigse agus ealaíon,

for when he was burdened by the professors of arts and sciences,

ticedh co Findaracal na Féle

thagadh sé go Fionnaireagal na Féile

he used to go to Fionnaireagal of the Hospitality,

ocus donith slechtain ocus urnaighthi ocus etarguighe co hIsa Crist ann; [ocus dogheabhadh] o Dia

agus rinne sé sléachtadh agus urnaithe agus idirguíonna go hÍosa Críost ann, agus fuarthas ó Dhia

and he used to kneel, pray and supplicate Jesus Christ there, and he used to obtain from God

gach ni da n-iaradh tre fertuib féle;

gach ní dá n-iarradh trí fhearta fhéile,

every thing he desired through the efficacies of his bounteous liberality,

ocus is aire sin do garthi Aracal na Feili dhe.

agus is mar gheall air sin a d’ainmnítí Aireagal na Féile é..

and it was on that account that it was called Aireagal of Hospitality.

Do bhi tra Guaire oc slec[h]tain ocus oc urnuighthi ocus oc eturghuighi De

Bhí Guaire áfach ag sléachtain agus ag urnaí agus ag idirghuí Dé

However, Guaire was kneeling and praying, and imploring God

um bas d’fhaghail do fein

go bhfaigheadh sé féin bás

that he himself  might die

suil do beth ’na bethaid ag eistecht rena aerad ocus rena aithisechad don tromdhaim.

sula mbeadh ina bheatha ag éisteacht leis an dTromdhámh á aoradh agus á aithisiú.

lest he should live and listen to the great Bardic Association satirising and defaming him.

Doigh nír hiarad air riam athchuinghe budh doilghi lais

Ar dhóigh níor iarradh air riamh achainí ba dhoilí leis

To be sure, no favours were ever asked of him more difficult to be procured

inait na miana ro chuinnigh in chaillech,

ná na mianta d’iarr an chailleach,

than the wishes desiderated by the old dame,

ocus do gab ag guighi Dhe co diacra ma foirithin on eicin sin

agus ghabh sé ag guí Dé go díograiseach umá fhóirthint ón éigean sin

and he prayed God fervently to deliver him from that strait,

ocus fa mhian gach en-nduine don cleir d’faghbhail do on Duilemh;

agus go bhfaigheadh sé mian gach duine den chléir ón Dúileamh;

and that he might obtain from the Supreme Being whatever wish any of the Bardic Institution might desire;

ocus dorine in laidh mbic co hatoirrsech a bhFhinnaracal na Féle:

agus rinne sé laoi bheag go hatuirseach i bhFionnaireagal na Féile:

and he made the following little Lay, in sadness, at Fionnaireagal of Hospitality:—

     

“Dursan dam, a meic mu Dhe,

“Mo mhairg, a Mhic mo Dhé,

“Here is my sorrow, O Son of my God,

gach dámh thainig sunn ane;

gach dámh a tháinig anseo inné;

Through all that happen’d me yesterday;

trí caegaid eices, doirbh dám,

trí caoga éigeas, is doirbh an dámh,

Thrice fifty learned men, a vexatious clan,

tainicc sunna le Senchán.

a tháinig anseo le Seanchán.

Who came to this place with Seanchán.

 

 

 

Gidh mor do dhamhuibh cruaidhi

Cé gur mó buíon chrua

Though great is the number of austere bards

tainic co Durlus Guairi,

tháinig go Durlas Ghuaire,

That came to Durlas of Guaire,

cluiche is gáiri ann gach nech

cluiche is gáire a bhí ann ag gach neach

Every one had sport and laughter

no gu tainic in chaillech.

nó go dtáinig an chailleach.

Until the old woman arrived.

 

 

 

Mor in feidhm fa tucus laim,

Is mór an fheidhm a ghabh mé idir lámha,

Great was the task to which I set my hand,

freastul cliar in bhetha bain;

freastal ar chliar an domhain mhóir;

To serve the learned of the wide world;

da ndech om’ thigh nech gan ni,

dá dtéadh ó mo theach neach acu gan ní,

Should any depart from my house unsupplied,

mh’fheidhm cus aniug is neifní.

b’shin í m’fheidhm gus inniu ar neamhní.

My achievement so far is rendered void.

 

 

 

Cidh ma tuc Ri geal grene

Cad uime go dtug Rí geal na gréine

Why has the king of the brilliant sun

a dhelbh orum budhene,

a dhealbh féin orm-sa,

Conferred on myself his likeness,

o nach tibred dham Dia dil

ó nach dtabharfadh Dia dílis dom

Should he of his bounty not grant to me

ní do [dhi]dheonad m’aighidh?

a dhéanfadh m’oineach a dhíonadh?

Means to protect my countenance?

 

 

 

Do gheallus do Mac Muire

Gheall mé do Mhac Mhuire

I have promised to the son of Mary

nach diultfainn re dreich nduine;

nach ndiúltóinn d’aoinne choíche;

Not to refuse the face of man;

da mbéana se dím mu bladh,

dá mbainfeadh Sé dhíom mo chlú oinigh,

Should any such person deprive me of my good fame.

cidh nach do féin bhudh dursan?”

cad a bhéarfadh nach Dó féin ba mhairg a leithéid do theagmháil dom?”

Even to him it will be no sorrow.”

Dursan.

 

 

 

Back to top

 

Section 22

Rucastar Guaire as in aigid sin cu tainic maidin

Rug Guaire as an oíche sin go dtáinig maidin

Guaire passed over that night till the morning came,

ocus atcuala tairm ocus treathan in aen-oclaig chuigi i mucha lai;

agus chuala sé tormán agus treathan an aon óghlaigh chuige le fáinne an lae go moch;

and he heard the bustle and paces of an individual advancing towards him in the early morn,

ocus do bhi do mhéd a dhogra ocus a dhomenman nar fhec air

agus bhí a dhólás agus a dhomheanma chomh mór sin nár fhéach sé air,

but his grief was so great that he did not look on him,

ocus do aithin he iar sin;

agus d’aithin sé é ina dhiaidh sin;

and he afterwards, however, recognised him,

ocus as e do bhi ann, Marbhan mucaid

agus is é duine bhí ann ná Marbhán muicí,

and he who happened to be there was Marbhán the swine-herd,

primhfhaid nimhe ocus talman,

príomh-fháidh neimhe agus talún,

the prime prophet of heaven and earth,

ocus fa mac mathar do Guairi he

mac máthar do Ghuaire ab ea é

he was son of Guaire’s mother,

ocus is e ba mucaid do Guaire.

agus is é ba mhuicí do Ghuaire.

and swine-herd to Guaire.

Agus is airi bui ’na mhucaidh,

Agus is é cúis gur ina mhuicí a bhí sé

And his object in this occupation was

ar comad usaidi do creidium ocus crabhadh do dhenamh

ná gurbh fhusa dó creideamh agus crábhadh do dhéanamh

that he might the more advantageously devote himself to religion and devotion

bheth ’na mhucaid

bheith ina mhuicí

in the capacity of swine-herd,

a bhfeghuibh ocus a bhfasaighibh;

i bhfeánna agus i bhfásaigh,

in woods and desert places,

ocus bennachuis do Guaire.

agus bheannuigh sé do Ghuaire.

and he saluted Guaire;

“Fon cuma cédna duit-si,

Gurab amhlaidh duit-se,

“The same compliments to you,

a primfhaidh nimhe ocus talman,” ar Guaire.

a phríomh-fháidh neimhe agus talún,” arsa Guaire.

chief prophet of heaven and earth,” said Guaire.

“Cred in bron soin ort?” ar Marbhan.

“Cad é an brón sin ort?” arsa Marbhán

“What is the cause of your sadness?” asked Marbhán.

“Mian dorala do neoch a tigh na tromdhaimhi,” ar Guaire.

“Mian do thárla do dhuine i dteach na Tromdháimhe,” arsa Guaire.

“A yearning that has seized a person in the house of the great Bardic Association.”

“Créd in mian?” ar Marbán,

“Cad í an mhian í?” arsa Marbhán,

“What is the wish?” enquired Marbhán,

“nó cia dha tarla?”

“nó cé dó go dtárla?”

“or to whom did it happen?”

“Do Muirinn ingin Chuain Chuilledhi” ar Guaire,

“Do Mhuirinn, iníon Chúáin Chuillí,” arsa Guaire,

“To Muireann, daughter of Cúán Chuillí,” replied Guaire,

“ben Dalláin ocus buime na cleire.”

“bean Dalláin agus buime na cléire.”

“the wife of Dallán, and the foster-mother of the Bards.”

“As i sin dob ail linne dh’fhaghbhail bais ar tus dib;

“Is í sin dob áil linn-ne bás a fháil ar dtús díobh.

“That is she, whom we desire to be the first of them that should die;

ocus caidhi in mian?” ar Marbán.

Cad í an mian í?” arsa Marbhán.

and what is the wish?” asked Marbhán.

“Sgala do linn lemhnachta” ar Guaire,

“Scála de lionn leamhnachta,” arsa Guaire,

“A bowl of the ale of sweet milk,” said Guaire,

“la smir mhughdhorn mhuc n-allaid.”

“le smior murnáin mhuc n-alla.”

“together with the marrow of the ankle bone of a wild hog.”

“As deca[i]r in mian soin d’fhagail,” ar Marbán,

“Is deachair an mhian san a fháil,” arsa Marbhán,

“It is difficult to procure that wish,” said Marbhán,

“ocus gidh decair, dogebthar acum-sa a nGlinn in Scail he.”

“agus, cé gur deachair, gheofar agamsa i nGleann an Scáil í.”

“and although difficult, it will be found with me in Gleann an Scáil.”

“Do iar si ni eli,” ar Guaire,

“D’iarr sí ní eile,” arsa Guaire,

“She asked for another thing,” said Guaire,

“.i. peta cuach do bheth ag ceileabrad ar crand eiginn ’na fiadhnuisi.”

“peata cuaiche a bheith ag ceiliúradh ar chrann eidhinn ina fianaise.”

“namely, a pet cuckoo cooing on an ivy tree in her presence.”

“As ingnad in trath da iarraidh sin anois,” ar Marbán,

“Is ionadh an tráth dá iarraidh sin anois,” arsa Marbhán,

“It is a strange time (of the year) to desire that now,” said Marbhán,

“ocus gidh ingnad, is ait[h]nid duinni int inad a bfhuil sin.”

“agus, cé gurab ionadh, is eol dúinn-ne an t-ionad ina bhfuil sin.”

“and although strange we know the place where that is.”

“Do shir si ni ele” ar Guaire,

“D’iarr sí ní eile,” arsa Guaire,

“She asked for another thing,” said Guaire,

“.i. ech riabhach ocus mong derg uirri ocus cethra cosa glegheala fuithi.”

“each riabhach agus mong dhearg uirthi agus ceithre cosa gléigeala fúithi.”

“namely, a bay steed, with a red mane and its four legs purely white.”

“A n-ein-tigh ata in dias sin,” ar Marbán,

“In aon teach atá an dá ní sin,” arsa Marbhán,

“In one house those two are to be had,” said Marbhán,

“in peta cuach ocus int ech riabach.”

“an peata cuaiche agus an t-each riabhach.”

“the pet cuckoo and the bay steed.”

“Cia oca bhfhuilid?” ar Guaire.

“Cé aige go bhfuilid?” arsa Guaire.

“Who has them?” asked Guaire.

“Der Dhamhma ingen Iubddain, do leannan cumachtach fein,

“Dear Damhna, iníon Iubhdáin, do leannán cumhachtach féin,

“Dear Damhna, daughter of Iubhdán, your own powerful beloved,

is aice atait.”

is aici atáid.”

it is she possesses them.”

“Mad aici, doghebh-sa,” ar Guaire.

“Más aici, gheobhaidh mise iad,” arsa Guaire.

“If she has them I will obtain them,” said Guaire.

“Do shir si ní eli,” ar Guaire,

“D’iarr sí ní eile,” arsa Guaire,

“She desired another thing,” said Guaire,

“.i. beirt ildathach impe do lin in damáin allaid.”

“brat ildathach de líon an damháin alla a bheith uimpi.”

“namely, to have about her a garment of many colours made of the spider’s silk.”

“Doghebhthar sin agum-sa a nGlinn i[n] Scail,” ar Marbán.

“Gheofar sin agamsa i nGleann an Scáil,” arsa Marbhán.

“That will be found with me in Gleann an Scáil,” said Marbhán.

“Do shir si ni eli,” ar Guaire,

“D’iarr sí ní eile,” arsa Guaire,

“She desired another thing,” said Guaire,

“.i. a tenn-eri for a muin

“a teann-ualach ar a muin

“namely, her full load on her back

ocus crislach ’na timchell do ruadhan bloingi thuirc gleghil.”

agus crioslach ina timcheall de ruán blonaige toirc ghléigil.”

and a girdle about her of the yellow lard of a purely white boar.”

“Inar shir si sin?” ar Marbán.

“Agus ar iarr sí sin?” arsa Marbhán.

“Did she request that?” asked Marbhán.

“Do shir,” ar Guaire.

“D’iarr,” arsa Guaire.

“She did request it,” replied Guaire.

“Mu mhallacht-sa ar in te do shir sin,” ar Marbán,

“Mo mhallachtsa ar an té d’iarr sin,” arsa Marbhán,

“My malediction on the person who desired that,” said Marbhán,

“ocus guighim-si Ri nimhe ocus talman nar foghna in mian sin di.

“agus guímse Rí neimhe agus talún nár fhónamh an mhian sin di.

“and I implore the King of Heaven and earth that that wish may not serve her.

Doigh is acam-sa ata in torc sin

Ar dhóigh is agamsa atá an torc sin

For it is I who have that boar

ocus is docair dhamh a mharbad,

agus is dochar domsa a mharú,

and it is a hardship for me to kill him,

or is buachail dam he ocus is liaigh ocus is techtuiri ocus is oirfidech.”

óir is buachaill dom é agus is lia agus is teachtaire agus is oirfideach.”

for he is to me a herdsman, a physician, a messenger and a musician.”

“Cinnus doni se sin duit?” ar Guaire.

“Conas a dhéanann sé sin duit?” arsa Guaire.

“How does he perform all that for you?” asked Guaire.

“Ni hannsa” ar Marbán,

“Ní deacair a insint,” arsa Marbhán,

“Not difficult to tell,” replied Marbhán:

“in uair thicim-si ona mucaib san oighthe

“nuair a thagaimse ó na muca san oíche

“When I return from the swine at night,

ocus nach facbhuit dreasla Glinne in Scail leathar ar mu chosaibh,

agus nách bhfágann driseoga Ghleanna an Scáil leathar ar mo chosa,

and that the skin is torn off my feet by the briars of Gleann an Scáil,

tic-sium cucam ocus cuirid a theanga tar mo chosaibh

tagann seisean chugam agus cuireann a theanga thar mo chosa

he comes to me and rubs his tongue over my feet,

ocus da mbedis taithlega ocus uindemeinti in domain agam,

agus, dá mbeidís táithlianna agus ungthaí an domhain agam,

and though I should have all the surgeons and healing ointments in the world

is tusca dom [sic fcs.; leg. doni ? (Bergin)] a thenga-som slainti dhamh.

is túisce a dhéanann a theangasan sláinte dom.

his tongue would cure me soonest;

As liaigh damh he amlaid sin.

Is lia dom é amhlaidh sin.

in that manner he is a physician to me.

Is buachail damh he,

Is buachaill dom é,

He is herd to me,

or in tan tiaghuit na muca ar fud Glinne in Scáil

óir an uair a théann na muca ar fud Ghleanna an Scáil

for when the swine wander through Gleann an Scáil,

ocus bís leisci oram-sa,

agus nuair bhíonn leisce ormsa,

and that I am wearied,

doberim builli dom’ chois ann san

tugaim buille de mo chos ansin

I give him a blow with my foot,

ocus teit a ndiaigh na muc;

agus téann sé i ndiaidh na muc;

and he goes after the swine.

ocus atat nai ndoirsi ar Glinn in Scáil,

agus tá naoi ndóirse ar Ghleann an Scáil,

There are nine passes leading into Gleann an Scáil,

ocus ni hecal do mhuc dibh

agus ní heagal do mhuc díobh

and there is no danger of any hog of them (being carried off)

gaduigi na caibhdhen na faelchu a figbuid [figluid fsc., leg. fidbaid; faolchu fiodhbha M; fiodhbuighe O]

gadaí ná ceithearnach ná faolchú coille

by a thief, vagrant, or wolf of the forest,

gu cuireann se in muic ndereadhaigh dib istech.

go gcuireann sé an mhuc dheireanach díobh isteach.

until he drives in the very last hog of them.

Is oirfitech dhamh he,

Is oirfideach dom é

He is a musician to me,

or in tan bis saint codalta orm-sa,

óir, an uair bhíonn saint chodlata ormsa,

for when I am anxious to sleep

doberim builli dom chois ann sin

tugaim buille dem chos annsan,

I give him a blow with my foot

ocus cuirid a druim fai ocus a thair a n-airdi

agus chuireann sé a dhroim faoi agus a tharr in airde

and he lies on his back with his belly uppermost

ocus canaidh cronan damh,

agus canann crónán dom,

and sings me a crónán (humming tune),

ocus is bindithir lim

agus is chomh binn, dar liom,

and as sweet to me

fria tétuib mendcrot il-lamhuib suadh ica saeirsheinm

le téada meannchruite i lámha saoi á shaor-sheinm,

as a sweet toned harp in the hands of an accomplished minstrel,

in ceol canus damh;

an ceol a chanann sé dom,

is the music which he sings to me,

ocus as i in smolach bethadach is lia aisdi cheileabraidh ar bith,

agus is é an smólach beithíoch is lia aiste ceiliúrtha ar bith,

and the blackbird is the most variable in his notes of all birds,

ocus is lia aitherrach cronain aigi-seom.

agus is lia athrach crónáin aige sin.

yet he (the boar) is still more varied.

As decair damsa in bethadach sin do marbhadh,” ar Marbán,

Is deacair domsa an beithíoch sin do mharú,” arsa Marbhán,

It is hard for me to kill that animal,” said Marbhán,

“ocus cuir-si fein techta ara cheann, or ni fhétuim-si a mharbad;

“cuirse féin teachta ar a cheann, óir ní fhéadaimse é mharú;

“and do you yourself send messengers for him, for I cannot kill him,

ocus doberim-si mu briathar duit-si,” ar Marbán,

agus tugaimse mo bhriathar duitse,” arsa Marbhán,

and I pledge my word to you,” said Marbhán,

“gu tibér-sa cuairt en-lai co bruighin na tromdhaime

“go dtabharfaidh mise cuairt aon lae go bruíon na Tromdháimhe

“that I will pay a visit some day to the mansion of the great bardic body

do dhighail in tuirc fhinn orra,

ag díoghail an toirc fhionn orthu

to be avenged of them for the white boar,

ocus gumba meisdi beit siad co brath i.”

agus gur miste a bheidh siad go bráth é.”

and may they never be the better for it.”

 

Back to top

 

Section 23

Fritha imorro na miana sin uili tre bithin Marbain.

Fuarthas na mianta sin uile trí bhíthin Mharbháin, áfach.

Howbeit, all those objects of desire were procured through the instrumentality of Marbhán.

Do marbadh iarum in torc finn

Marbhadh an torc fionn ina dhiaidh sin

The white boar was afterwards killed,

ocus do cuired a blonac ar muin na cailligi

agus cuireadh a bhlonag ar mhuin na caillí

his lard was put on the old dame’s back,

ocus dochuaid ar a heoch ocus do bi ag cronan roimpe co Durlus;

agus chuaigh sí ar a heach agus do bhí sí ag crónán roimpi go Durlas,

and she rode on her horse and she hummed her tune as she proceeded on her way to Durlas,

agus tarla for clochan chorrach hi ac dul don bhaili,

agus thárla ar chlochán chorrach í agus í ag dul sa bhaile isteach,

and, while passing over an unsettled causeway that led to the place

cor thuit a hech ocus cu tarla hi fein fuithi,

i dtreo gur thuit a heach agus go dtárla sí féin fúithi,

her steed fell and she happened to be under it,

cor bris cnaimh a lairgi ocus a righedh ocus a muinil,

gur bhris sí cnámh a lorgan agus a rí agus a muiníl,

by which her thigh bone, fore arm, and neck were broken,

co bhfhuair bas amlaid.

agus go bhfuair bás amhlaidh.

and she died after that manner;

Conadh de sin ata ‘eire na cailligi don blonaic.’

Agus is de sin atá an focal úd: ‘eire na caillí den bhlonag.’

and thence originated (the adage,) ‘The Hag’s load of lard.’

 

Back to top

 

Section 24

[D]orala mian ele do neoch a tigh na tromdaime

Tháinig mian eile do dhuine i dtigh na Tromdháimhe,

Another longing desire seized a person in the mansion of the great Bardic Association,

.i. Medb Neidigh ingen Shencháin,

do Mheidhbh Néidigh, iníon Sheancháin,

namely Meadhbh Néidigh, the daughter of Seanchán,

ocus do leic mhairg moir eisdi.

agus leig sí scréach mhór aisti.

and she let out a great shriek.

Do fhregair a hathair hi:

D’fhreagair a hathair í.

Her father responded to her:

“Créd thicc riot, a ingen?” ar se.

“Cad atá ort, a iníon?” ar sé.

“What ails you, my daughter?” said he.

“Mian domrala,” ar si,

“Mian a tháinig dom,” ar sí,

“A yearning wish that has possessed me,” answered she,

“ocus muna faghar in mian sin, ni baam beo.”

“agus, mura bhfaighidh mé an mhian sin, ní bheidh mé beo.”

“and unless I shall get it, I will not live.”

“Crét in mian?’ ar Senchán.

“Cad í an mhian í?” arsa Seanchán.

“What is the wish?” asked Seanchán.

“Lan beinne mo broit acum do smeruibh corra cirdhubha,”

“Lán binne mo bhrait agam de sméara corra ciardhubha,”

That I might have the full of the skirt of my mantle of large blackberries;”

— isin fhailledh ro chuinnidh sisi sin —

— is san fhaoilleach d’iarr sise sin —

it was at the end of winter that she asked for it —

“ocus co mbeinn ag dul romam co Durlus

“agus go mbeinn ag dul romham go Durlas

“and that I might be on my way to Durlas,

ocus comadh amlaid foghabuind muinnter Guairi i saeth ocus i ngalar.”

agus gur i dtinneas agus i ngalar a gheobhainn muintir Ghuaire.”

and that on my arrival there I might find the people of Guaire in sickness and distemper.”

“Cidh uma n-abrai sin, a ingen?” ar Senchán,

“Cad uime go ndeir sin, a iníon?” arsa Seanchán,

“Why do you say that, my daughter?” said Seanchán,

“ocus Guaire ’gár ngoiri-ne ocus ’gar lesugad.”

“agus Guaire ár gcoimeád agus ár gcothú.”

“since Guaire is our consoler and comforter.”

“In bhfeturis-si, a athair,” ar Medb, “mar atú-sa a cosuined ocus in fidat .i. in neanntog; 

“An bhfuil a fhios agat, a athair,” arsa Meadhbh, “gurab ionann mise agus an fidat, sin an neantóg;

“Do you know, father, how I am like unto the Fidat, that is the nettle,

an te doni teach uimpi,

mar, an té a dhéanann teach uimpi sin,

for he who would construct a house about it

ni ferr le nech da loiscenn inas.

ní fearr le neach dá loisceann ná é.

would as soon be stung by it as any other person.

Is amlaid sin dam-sa;

Is amhlaidh sin domsa;

Similar is my case,

ni ferr lim nech ele d’fagail bais ar tus

ní fearr liom neach eile a fháil bás ar dtús

for I do not desire that any other should die sooner

ina in te dober main ocus mor-mait[h]ius dam.”

ná an té a thugann maoin agus mórmhaitheas dom.”

than he who gives me wealth and great substance.”

 

Back to top

 

Section 25

Rucsat as in agaid sin.

Rugadar as an oíche sin.

They wore away that night.

Tainic Guaire roime co bruigin na tromdhaime arna marrach ocus do fiafraig

Tháinig Guaire roimhe go bruíon na Tromdáimhe arna mhárach agus d’fhiafraigh:

Guaire came to the mansion of the bards on the morrow, and he asked:

“Cinnus atathar ’con muinntir mhoir mhaith so aniugh?” ar se.

“Conas atá ag an muintir mhór mhaith seo inniu?” ar sé.

“How does it fare with this great and worthy people to-day?” said he.

“Ni rabhamar riamh” ar Senchán, “la as mesa do beithi againn,

“Ní rabhamar riamh,” arsa Seanchán, “lá is measa a bheifí againn,

“We were never a day,” said Seanchán, “that it was worse with us.”

or tarla mian dom’ ingin-si .i. Medbh Neidig.”

óir thárla mian dom iníonse, Meadhbh Néidigh.”

for a longing desire has seized my daughter, namely Meave Neidigh.”

“Crét in mian?” ar Guaire.

“Cad í an mhian í?” arsa Guaire.

“What is the desire?” asked Guaire.

Da innis Senchán do.

D’inis Seanchán dó.

Seanchán told him.

Ba bronach Guaire dhe sin.

Ba bhrónach Seanchán de sin.

Guaire was sorrowful for that.

“Ni fuil a n-aicned,” ar Guaire, “na miana sin d’fagail.”

Níl sé do réir nádúir,” arsa Guaire, “na mianta sin d’fháil.”

“It is not in the comprehension of man to procure these wishes,” said Guaire.

Impódus on bruigin

D’iompaigh sé ón mbruíon

He departed from the mansion,

ocus ni cian dochuaidh in tan tarla Marbán do.

agus ní fada a chuaigh sé nuair a chas Marbhán air.

but had not proceeded far when Marbhán met him.

 

Back to top

 

Section 26

“Mo chen duit, a Guaire,” ar Marbán.

“Mo chion duit, a Ghuaire,” arsa Marbhán.

“My love to you, Guaire,” said Marbhán.

“Fon cuma cédna duit-si, a primhfáid nime ocus talman” ar Guaire.

Gurab amhlaidh duitse, a phríomh-fháidh neimhe agus talún,” arsa Guaire.

“Likewise to you, chief prophet of Heaven and earth,” responded Guaire.

“Crét in brón so ort, a Guaire?” ar Marbán.

“Cad é an brón seo ort, a Ghuaire?” arsa Marbhán.

“What sadness is this over you, Guaire?” asked Marbhán.

“Mian dorala do neoch don tromdám,” ar Guaire.

“Mian do tharla do dhuine den Tromdháimh,” arsa Guaire.

“A wish that has seized one of the great bardic body,” replied Guaire.

“D’éis in tuirc finn?” ar Marbán.

“Tar éis an toirc fhionn?” arsa Marbhán.

“After the white boar?” exclaimed Marbhán.

“Is ed,” ar Guaire.

“Is ea,” arsa Guaire.

“Yes,” responded Guaire.

“Crét in mian?” ar Marbán.

“Cad í an mhian í?” arsa Marbhán.

“What is the wish, and to whom did it occur?” asked Marbhán.

 

 

To Meadhbh Néidigh, the daughter of Seanchán,

“Lan beinne a broit do smeraibh corra círduba.”

“Lán binne a brait de sméara corra ciardhubha.”

viz., the full of the skirt of her mantle of large blackberries.”

“Dogebhthar sin acam-sa a nGlinn in Scáil,” ar Marbán.

“Gheofar sin agamsa i nGleann an Scáil,” arsa Marbhán.

“They will be found with me in Gleann an Scáil,” said Marbhán.

“Cinnus on?” ar Guaire.

“Conas sin?” arsa Guaire.

“How may that be?” asked Guaire.

“La dha rabadhais-si oc seilg a nGlinn in Scáil

“Lá a raibh tusa ag seilg i nGleann an Scáil

“One day that you had been hunting in Gleann an Scáil,

ocus do bhi cú for eill at’ laimh,

agus bhí cú ar éill i do láimh,

you held a hound by the leash,

ocus atconnaic in cu in bethadach ocus tug tarrang ort-sa;

agus chonaic an chú an beithíoch agus thug tarraing ortsa,

and the hound having espied an animal, he made a pull at you;

ocus do bhi tor dreasladh att’ fharrad ocus do tharraing se do brat dit

agus bhí tor driseoige i d’fharradh agus do tharraing sé do bhrat díot,

a bush of briars which was adjacent to you, caught and pulled off your cloak,

ocus do leicis-si leis he co hescaid, or nir erais nech um ní riamh,

agus lig tusa leis é go héasca, óir níor éar tú neach um ní riamh,

which you readily let go, for you never refused a favour to any;

ocus ni dernais-si acht dul uaidh in tan tanac-sa chuige;

agus ní dhearna tú ach dul uaidh nuair a tháinig mise chuige,

you had only just departed from it when I came up,

ocus fuarus smera imdha ar in tor

agus fuair mé sméara iomdha ar an tor

and found a great large quantity of berries on the bush;

ocus do scaileas in brat uime innus nar ben doinenn na derdan o sin ille ris

agus scaoil mé an brat uime ionas nár bhain doineann ná fearthainn ó shin i leith leis

and I spread the cloak over it, so that neither storm nor rain has touched them ever since,

le cumhachtaib Dé ocus lem’ chumhachtaibh-si;

le cumhachtaí Dé agus le mo chumhachtaíse féin;

through the powers of God and my own powers;

ocus in ní ba derg in la sin dibh, as dubh anois,

agus an méid ba dhearg an lá sin díobh is dubh anois,

and such of them as were red on that day, are black now,

ocus in ni ba dubh, ata blas meala orro.”

agus an méid ba dhubh atá blas meala orthu.”

and those that were black have the taste of honey.”

“Do shir si ní ele,” ar Guaire,

“D’iarr sí ní eile,” arsa Guaire,

“She desired another thing,” said Guaire,

“.i. mo muinnter-sa do beth i saeth ocus i ngalar ar a cinn.”

“mo mhuintirse a bheith i dtinneas agus i ngalar ar a ceann.”

“namely, that my people might be in sickness and disease on her arrival.”

“Is decair sin d’iaraid,” ar Marbán;

“Is deacair sin a iarraidh,” arsa Marbhán,

“It is hard to ask that,” said Marbhán,

“ocus eirigh-si romut anoc[h]t co Finnaragal na Fele

“agus éirighse romhat anocht go Fionnaireagal na Féile

“and you go to-night to Fionnaireagal of Hospitality,

ocus rachat-sa gu Glinn in Scáil,

agus rachaidh mise go Gleann an Scáil,

and I will go to Gleann an Scáil,

ocus guighem araen Airdri nime ocus talman

agus guímis araon Ard-Rí neimhe agus talún

and let us conjointly implore the Supreme King of Heaven and Earth,

umat’ muinntir-si do beth i saeth ocus i ngalar

umat mhuintirse a beith i dtinneas agus i ngalar

that your people may be in sickness and disease,

ocus a mbeth slan ar in lathair cédna.”

agus a bheith slán ar an láthair chéanna.”

and be restored immediately after.”

 

Back to top

 

Section 27

Tiagait rompu ocus doniat edurguighi dicra gu Dia in agaid sin.

Chuaigh siad rompu agus rinne siad idirghuí díograiseach go Dia an oíche sin.

They proceeded forward and they both prayed to God fervently that night.

Agus fuair Medbh na smera

Agus fuair Meadhbh na sméara

Meadhbh got the blackberries;

ocus tainic co Durlus

agus tháinig sí go Durlas,

she came to Durlas,

ocus is amhlaid fuair muinnter Guairi

agus is amhlaidh fuair sí muintir Ghuaire

and the condition she found the people of Guaire in,

ocus airdhe bais ag gach duini dhib

agus airíonna báis ar gach duine díobh

was that each of them had the symptoms of death

tre edarghuigi Guairi ocus Marbáin;

trí idirghuí Ghuaire agus Mharbháin;

through the united prayers of Guaire aud Marbhán;

ocus ni derna si acht in baili d’fhacbail

agus ní dhearna sí ach an baile a fhágáil

and she had only left the place

in tan fuaratar slainti idir fhir ocus mhnai.

nuair a fuaireadar go léir idir fhir agus mná sláinte.

when all of them, both men and women recovered their health;

Con[adh] amlaidh sin frith na miana sin ar bithin De ocus Marbhain.

Agus sin mar a fuaradh na mianta sin trí bhíthin Dé agus Mharbháin.

such was the manner in which those things wished for were obtained by God’s means and Marbhán.

 

Back to top

 

Section 28

Tarla mian ele do neoch a tigh na tromdaime

Thárla mian eile do dhuine i dteach na Tromdháimhe,

Another longing desire seized a person in the house of the great Bardic Association,

.i. Brighit ingen Onithcherne, baincheli Sencháin,

do Bhríd, iníon Onithcheirne, banchéile Sheancháin,

namely, Bríd, daughter of Onithchearn, the wife of Seanchán,

ocus do leic mhairg moir aisdi.

agus lig sí liach mhór aisti.

and she let out a great shriek.

Do freagair Senchán: “Crét tic friut, a bhanfhlaith?” ar Senchán.

D’fhreagair Seanchán: “Cad atá ort, a bhanfhlaith?” arsa Seanchán.

Seanchán responded — “What is the matter with you, chieftainess?” asked Seanchán.

“Mian domrala,” ar si,

“Mian a tháinig dom,” ar sí,

“A wish that has seized me,” said she,

“ocus muna fhaghar he ni bhaam beo.”

“agus mura bhfaighidh mé í, ní bheidh mé beo.”

“and unless it be obtained I will die.”

“Abair in mian,” ar Senchán.

“Abair an mhian,” arsa Seanchán.

“Say the wish,” said Seanchán.

“Mu saith d’fhagail damh do shaill luin uisce

“Mo sháith a fháil dom de shaill loin uisce

“To get my fill of the fat of a water blackbird;

ocus mo shaith ele do bhoin cluaisdeirg gleghil gan ai innti,

agus mo sháith eile de bhó chluas-dhearg ghléigil gan ae inti

and again my fill of a red-eared and purely white cow without a liver,

acht ger a n-inat a haei;

ach geir in ionad a hae,

but having tallow in place of her liver;

ocus mu shaith do shumhuibh derga ocus do chaeraibh corcra,

agus mo sháith de shútha dearga agus de chaora corcra,

also my fill of red strawberries and of purple berries,

ocus gumad hi deoch foghabuinn ’na ndiaigh, fethnait fegha fuinn

agus gurab í deoch a gheobhainn ina dhiaidh ná feathnait feadha fuinn,

and that the drink I may get after them shall be Fethnait Feagha Fuinn,

.i. mil na féthlenn [feathnad nait feighe fuinn .i. mil na bhfeiliog MO. Here the older version breaks off in M].”

’sé sin, mil an fhéithlinn.”

viz., the honey of the woodbine.”

“As decair na miana sin d’fagail,” ar Senchán.

“Is deacair na mianta sin a fháil,” arsa Seanchán.

“It is difficult to procure these wishes,” said Seanchán.

 

Back to top

 

Section 29

Rucsat as in agaid sin.

Rugadar as an oíche sin.

That night wore on.

Tainic Guaire gu moch ar[na] mharach co bruidhin na tromdhaime ocus do fhiarfaig:

Tháinig Guaire go moch arna mhárach go bruíon na Tromdháimhe agus d’fhiafraigh:

Guaire came early on the morrow to the bardic mansion, and enquired —

“Cinnus atathar ’con muinntir moir maith-si aniugh?”

“Conas atá ag an muintir mhór mhaith seo inniu?”

“How fares it with this great and excellent people today?”

“Ni rabhumur riam,” ar Senchán, “uair is mesa do bheimiss,

“Ní rabhamar riamh,” arsa Seanchán, “uair is measa a bheimís,

“We were never a time,” replied Seanchán, “that it was worse with us.”

or tarla mian do neoch againn

óir tharla mian do dhuine againn,

for a longing desire has seized one of us,

.i. Brigid ingen Onithcherna, mu ben-sa fein.”

do Bhríd, iníon Onithchearna, mo bhean féin.”

namely, Bríd, daughter of Onithchearn, my own wife.”

“Cred in mian?” ar Guaire.

“Cad í an mhian í?” arsa Guaire.

“What is the wish?” asked Guaire.

Ro innis Senchán.

D’inis Seanchán.

Seanchán informed him.

“Ni fhuil a n-aicned na miana sin d’faghail,” ar Guaire.

Níl i nádúr na mianta sin a fháil,” arsa Guaire.

“There is no possibility of procuring those wishes,” said Guaire.

Tainic roime co toirrsech on bruigin

Tháinig sé roimhe go tuirseach ón mbruíon

He went away in sorrow from the mansion,

ocus ni fada dochuaid in tan tarla Marbán do.

agus ní fada a chuaigh sé nuair a chas Marbhán air.

but did not proceed far when he met Marbhán.

Bennachais cach da chele dibh.

Bheannaigh cách dá chéile díobh.

They greeted each other.

“Crét in brón sin ort, a Guaire?” ar Marbán.

“Cad é an brón sin ort, a Ghuaire?” arsa Marbhán.

“What is the matter with you, O Guaire?” asked Marbhán.

“Mian tarla do neoch a tigh na tromdáime,” ar Guaire.

“Mian a tharla do dhuine i dteach na Tromdháimhe,” arsa Guaire.

“A wish that has happened to a person in the dwelling of the Bards,” replied Guaire.

“D’eis in tuirc fhinn on?” ar Marbán.

“Tar éis an toirc fhionn, an ea?” arsa Marbhán.

“After the white boar, eh?” exclaimed Marbhán.

“Is ed,” ar Guaire, ocus do innis na miana.

“Is ea,” arsa Guaire, agus d’inis sé na mianta.

“Yes,” responded Guaire, and he told him the wishes.

“Is ait[h]nid dhamh-sa baile a fuilid sin” ar Marbán,

“Is aithnid domsa an bhaile ina bhfuil siad sin,” arsa Marbhán,

“I know the place where those are,

“.i. ag caillechab Tuama Da Ghualann,

“ag mná rialta Thuama Dhá Ghualann,

viz., with the Nuns of Tuama Dá Ghualann,

or atait nai fhichit caillech i n-oen-teach

óir tá naoi bhfichid bean rialta in aon teach ansiúd

for there are nine score nuns in one house,

ocus tic a saith uili dh’aein-bleagan on boin soin.

agus tagann a sáith uile d’aon bhleán ón mbó sin.

and they all get a sufficiency (of milk) by one milking from that cow;

Agus is acu ata in lon sin

Agus is acu atá an lon sin,

and it is they who have that blackbird,

ocus in tan leices in caillech fa dheoigh dhibh ar chodlad

agus, nuair luíonn an bhean faoi dheoidh díobh ar chodladh,

and when the last of the nuns retires to sleep

canaidh-sium ceol doibh

canann sé sin ceol dóibh

he sings music for them

da coidelduis fir ghonta ocus mna co n-idnuib;

lena gcodlóidís fir ghonta agus mná i bpianta;

which would lull to sleep wounded men and parturient women;

ocus as deimhin, da tuctha-sa nai fhichit bo cluaisderg glegheal doibh

agus is deimhin, dá dtabharfása naoi bhfichid bó chluas-dhearg ghléigeal dóibh

and it is certain that should you give them nine score, red-eared, purely white cows,

ocus laegh gacha bo dhibh,

agus lao gach bó díobh sin,

and a calf with each of the cows,

gurub ferr a mbo san ina sin

gurbh fhearr a mbósan ná sin

their one cow would be better than them all;

ocus da tuctha nai fichit lon doibh

agus dá dtabharfá naoi bhfichid lon dóibh

and should you give them nine score blackbirds,

gurub ferr a n-aen-lon inait.”

gurbh fhearr a n-aon lonsan ná iad go léir.”

their one blackbird would be better than they.

“Do sir si ni eli,” ar Guaire,

“D’iarr sí ní eile,” arsa Guaire,

“She desired another thing,” said Guaire,

“.i. sumha ocus caera ocus mil na feithlenn [ocus deoch feathnaitt feadha fuinn MO].”

“sútha agus caora agus mil an fhéithlinn.”

“namely, shrub-berries and tree-berries and the honey of the woodbine.”

“Dogebhthar sin acam-sa a nGlinn in Scáil,” ar Marbán.

“Gheofar sin agamsa i nGleann an Scáil,” arsa Marbhán.

“Those will be found with me in Gleann an Scáil,” said Marbhán.

 

Back to top

 

Section 30

Fritha uile na miana sin amail dorarngair Marbán,

Fuarthas na mianta san uile amhail do thairngir Marbhán,

All those wishes were procured as Marbhán predicted,

ocus tucadh nai fichit bo ocus nai fichit lon dona caillechaib

agus tugadh naoi bhfichid bó agus naoi bhfichid lon do na mná rialta

and nine score kine, and nine score blackbirds, were given to the nuns

ar son a n-aen-bo ocus a n-aon-luin;

ar son a n-aon bhó agus a n-aon lon;

for their one cow and one blackbird;

agus adubratar maithe bhfer nEirenn

agus dúirt maithe fear nÉireann

and the nobility of the men of Ireland, declared

nar fhiu in tromdam uili in diass-sin do marbad.

nárbh fhiú an Tromdhámh uile an dís sin a  mharú.

that the entire of the great Bardic Association were not worth those two (animals) that were killed.

 

Back to top

 

Section 31

Tarla mian aili do neoch a tigh na tromdáime .i. do Shenchán

Thárla mian eile do dhuine i dteach na Tromdháimhe, do Sheanchán,

Another longing desire seized one of the great Bardic Association, namely, Seanchán,

ocus do leig mhairg moir as.

agus lig sé liach mór as.

and he let out a great lamentation.

Do fhregair an tromdám uile a n-aeinfhecht

D’fhreagair an Tromdhámh uile in éineacht

The whole of the great Bardic Association simultaneously responded,

ocus ro fiafraighset cidh uma raibhi.

agus d’fhiafraíodar cad uime go raibh.

and they asked what was the matter with him.

“Mian domrala” ol se,

“Mian a tháinig dom,” ar sé,

“A longing desire that has seized me,” replied he,

“ocus muna fhaghar he, ni baam beo

“agus muna bhfaighidh é, ní bheidh mé beo,

“and unless it be procured I shall die,

.i. ma shaith d’fhagail dum fein ocus dom’ cleir ocus do maithib Connacht

’sé sin, mo sháith a fháil dom féin agus dom’ chléir agus do mhaithe Connacht

namely, that I myself, my Bardic Association and the nobles of Connacht may get our fill

do saill mhuici nach rucad fos

de shaill mhuice nár rugadh fós,

of the fat of hogs that have not yet been farrowed,

ocus do chuirm en-grainne,

agus de choirm aon ghráinne,

and also of ale (the produce) of one grain (of corn),

ocus muna fhagur sin suil dech in trath ina chele,

agus muna bhfaighidh mé sin sula dtiocfaidh an tráth seo amárach,

and except these be obtained before this time tomorrow,

bidham marbh.”

beidh mé marbh.”

I shall be dead.”

 

Back to top

 

Section 32

Do tadhbhas sin do Guaire san oighthi

Taispeánadh sin do Ghuaire san oíche

That circumstance was revealed to Guaire in the night,

ocus nir fhuirigh re la gan tec[h]t d’innsaigid na bruighne,

agus níor fhan sé le lá gan teacht d’ionsaí na bruíne,

and he did not wait for the day, but came directly to the mansion,

ocus do fhiarfaig: “Cinnus atathar agon muinntir mhoir mhaith sin thall anocht?”

agus d’fhiafraigh: “Conas atá ag an muintir mhór mhaith sin thall anocht?”

and he asked — “How does it fare with this great and good people tonight?”

“Ni rabamur riam,” ar siat, “oighthi is mesa do beithi againn.”

“Ní rabhamar riamh,” ar siad, “oíche is measa a bheifí againn.”

 “We were never a night,” said they,  “that it was worse with us.”

“Cidh on?” ar Guaire.

“Conas sin?” arsa Guaire.

“How so?” asked Guaire.

“Mian tarla do neoch againn.”

“Mian a thárla do dhuine againn.”

“A longing desire that has seized one of us.

“Cia dha tarla in mian sin?” ar Guaire.

“Cé dá dtáinig an mhian sin?” arsa Guaire.

“To whom did that longing happen?” asked Guaire.

“Do Senchán seinfhile, don righ-ollam fein.”

“Do Sheanchán sean-fhile, don rí-ollamh féin.”

“To Seanchán the aged poet, the arch bard himself.”

“Créd in mian?” ar Guaire.

“Cad í an mian í?” arsa Guaire.

“What is the wish?” asked Guaire.

Ro hinnised dho.

Insíodh dó.

He was told it.

Ba bró[nach] Guaire dhe sin,

Ba bhrónach Guaire de sin

Whereupon Guaire was sore troubled,

or nír shail na miana soin d’fhaghail.

óir níor shíl sé gurbh fhéidir na mianta sin a fháil.

for he considered that those wishes could not be gratified.

 

Back to top

 

Section 33

Do innta on bruidhin amach

D’iompaigh sé ón mbruíon amach

He turned away out from the mansion

ocus ni cian rainic in tan tarla Marbán do.

agus ní fada a chuaigh sé nuair a chas Marbhán air.

but proceeded not far when Marbhán met him.

“Créd in brón sin ort, a Guaire?” ar Marbán.

“Cad é an brón sin ort, a Ghuaire?” arsa Marbhán.

“What is it troubles you, O Guaire?” asked Marbhán.

“Mian tarla do neoch a tigh na tromdáime,” ar Guaire.

“Mian a tháinig do dhuine i dteach na Tromdháimhe,” arsa Guaire.

“A longing desire that has seized one in the mansion of the learned.”

“Tar eis in tuirc fhinn?” ar Marbán.

“Tar éis an toirc fhionn?” arsa Marbhán.

“After the white boar?” exclaimed Marbhán.

“Is ed” ar Guaire.

“Is ea,” arsa Guaire.

“Yes,” replied Guaire.

“Crét in mian?” ar Marbán, “ocus cia dha tarla?”

“Cad í an mian í?” arsa Marbhán, “agus cé dó a tharla?”

“What is the wish?” asked Marbhán, “and to whom did it happen?”

“Do Senchán seinfile” ar Guaire,

“Do Sheanchán sean-fhile,” arsa Guaire,

“To Seanchán, the aged poet,” replied Guaire,

“.i. a shaith d’fhagail do fein ocus da cleir ocus do mhaithibh Connacht

“’sé sin, a sháith a fháil dó féin agus dá chléir agus do mhaithe Connacht

“namely, a sufficiency for himself and for his associates, and for the nobility and gentry of Connacht,

do chuirm en-gráinne.”

de choirm aon ghráinne.”

of the ale of one grain (of corn).”

“Doghebhthar acam-sa sin a nGlinn in Scáil,” ar Marbán.

“Gheofar agamsa sin i nGleann an Scáil,” arsa Marbhán.

“That will be found with me in Gleann an Scáil,” said Marbhán.

“Cinnus on?” ar Guaire.

“Conas sin?” arsa Guaire.

“How so?” asked Guaire.

“Aen do lo da raibhi do rechtaire-si fein

“Lá dá raibh do reachtaire féin,

“One day that your own agriculturist,

.i. Guaire Beiceinig

’sé sin, Guaire Beag-oinigh

namely, Guaire Beag-Oinigh (or of little hospitality)

ac techt o chur shil,

ag teacht ó chur síl,

had been returning from sowing seed,

ocus do mhothaig se ard etarra ocus bonn a bróigi

mhothaigh sé ard idir a chos agus bonn a bhróige

he felt a substance (literally a prominence) between his foot and the sole of his shoe,

ocus fuair gráinne cruithnechta ann

agus fuair sé gráinne cruithneachta ann,

and he found a grain of wheat in it,

ocus nir mho dercu for daraig inas;

agus níor mhó dearca ar dair ná é,

and an acorn was not larger than it;

ocus tuc leis chucam-se [leg. sa] é.

agus thug sé leis chugamsa é.

and this he brought to me.

Ro clannaiged lium-sa a talmain he in bliadain sin

Cuireadh liomsa i dtalamh é an bhliain sin

It was planted by me in the ground that year,

ocus tancatar in bliadain tanaise secht  primdhiasa fichet.

agus thángadar an bhliain ina dhiaidh sin seacht bpríomh-dhiasa fichead.

and seven and twenty prime ears sprung forth in the second year.

Acht ata aein-bliadain dec o sin ille

Ach atá aon bhliain déag ó shin i leith

But eleven years have elapsed since then,

ocus nir leces arbhur ele trit frisin re sin,

agus níor lig mé arbhar eile tríd leis an ré sin,

and no other corn has been allowed to mix with it during that period,

ocus atait cethre prímhcruacha do thorad in aen-gráinne sin acum-sa,

agus tá ceithre príomh-chruacha de thoradh an aon gráinne sin agamsa,

and I have (now) seven prime stacks (of corn) which are the produce of that one grain.

ocus ro urailius fled mhorchain do dhenamh a nGlinn in Scáil;

agus d’fhoráil mé fleá mhór chaoin a dhéanamh i nGleann an Scáil

I have given directions to prepare a great excellent banquet in Gleann an Scáil,

ocus is doigh lim-sa,” ar Marbhan, “da tisdais maithi Connacht a n-aen-bhaili,

agus is dóigh liomsa,” arsa Marbhán, “dá dtagaidís maithe Chonnacht in aon bhaile,

and I am confident,” said Marbhán, “that should all the nobles of Connacht assemble,

co bhfuigdis a ndaethain bíd ocus dige do thorad in aen-gráine sin.”

go bhfaighidís a ndóthain bia agus dí de thoradh an aon ghráinne sin.”

they can have plenty of food and drink from the produce of that one grain.”

“Do shir se ni eli,” ar Guaire,

“D’iarr sé ní eile,” arsa Guaire,

“He desired another thing,” said Guaire,

“.i. a saith d’fagail do fein ocus da cleir ocus do maithibh Connacht

“’sé sin, a saith a fháil dó féin agus dá chléir agus do mhaithe Connacht

“namely, to have plenty for himself and for his poetic associates and for the nobles of Connacht

do saill muice na rucad fos;

de shaill mhuice nár rugadh fós

of the fat of a hog that has not yet been farrowed,

ocus muna fagtur sin suil decha in trath ana cheli,

agus, muna bhfaightear sin sula dtaga an tráth seo amárach,

and unless it be procured within the space of a day and a night,

ni ferdi a fhaghail co brath.”

ní fearrde a fháil go bráth.”

it need never be procured.”

“Dogebhthar acam-sa sin a nGlinn in Scail,” ar Marbán.

“Gheofar agamsa sin i nGleann an Scáil,” arsa Marbhán.

“That will be found with me in Gleann an Scáil,” said Marbhán.

“Cinnus?” ar Guaire.

“Conas?” arsa Guaire.

“How?” asked Guaire.

“Aen do lo da ndechaid bantaisech do mhuc-sa do breith orc ar fud Glinni in Scail

“Lá dá ndeachaigh bantaoiseach do mhucsa agus í ar bhruach beartha ar fud Ghleanna an Scáil,

“One day that the chief sow of your swine had wandered through Gleann an Scáil to farrow,

ocus tarla da chele hi ocus faelchu isin fighbhaid;

agus chas faolchú uirthi sa choill,

she encountered a wolf in the forest,

ocus tug in chu tarraing don muic, gur leic a habach ocus a hinathar fria;

agus thug an fhaolchú tarraing don mhuc gur lig a habach agus a hionathar léi.

and the wolf having torn her, her litter and bowels gushed out,

ocus tuc in mhuc tarraing don coin gur ben a cenn di;

Thug an mhuc tarraing don fhaolchú gur bhain a ceann di

and the sow made a charge at the wolf and took off her head,

ocus ni dernsat araen acht comthoitim intan tanac-sa cucu,

agus ní dhearnadar araon ach comhthitim nuair a tháinig mise chucu

and they had only fallen by each other when I came up to them,

ocus fuarus coimhet na n-orc for lar

agus fuaras soitheach na n-arc ar lár

and found the holder of the piglings on the ground,

ocus gach orc dhibh ac tabairt tuindsiumha for a chomhair.

agus gach arc díobh ag brú roimhe amach ina chóir féin.

and each pigling making a forward effort.

Do leces-sa amach iat,

Lig mise amach iad.

I let them out,

nai n-oirc firenna ocus aen-orc bainenn.

Naoi n-airc fhireanna agus aon arc baineann is ea bhí ann.

there being nine boar piglings and one sow pigling.

Do mharbhus-[s]a iarum oirc muice fa mesa cenel inait-sium;

Mharaigh mise ina dhiaidh sin airc mhuice ba mheasa ná iadsan

I then killed the sucking pigs of a hog of an inferior breed to these, in order to rear them,

ocus atait naí mbliadna o sin ille

agus tá siadsan naoi mblianta ó shin i leith

and nine years have since then elapsed,

ocus atait sin ina naí torcaibh liatha luibfhiaclacha;

agus naoi dtoirc liatha lúib-fhiachlacha is ea iad;

and they are now nine full grown boars with curved tusks;

ocus is doigh lim-sa,” ar Marbán,

agus is dóigh liomsa,” arsa Marbhán,

and it is my opinion,” said Marbhán,

“da tistais maithi Connacht co haen-ait,

“dá dtagaidís maithe Chonnacht go haon ionad,

“that should the nobility and gentry of Connacht assemble together,

co fuighbhitis a lordaethain do shaill na muc soin;

go bhfaighidís a leor-dhóthain de shaill na muc sin,

they shall have their full sufficiency of the fat of those hogs;

ocus tabuir-si a rogha dhoibh in flegh sin d’idhlacad chuca

agus tabhairse a rogha dóibh an fhleá sin a thabhairt chucu

and do you give them their choice to have the feast conveyed to them

nó thecht da caithimh gu Glinn in Scáil.”

nó teacht dá caitheamh go Gleann an Scáil.”

or come and partake of it at Gleann an Scáil.”

 

Back to top

 

Section 34

Tucad a rogha don tromdhamh dhibh sin.

Tugadh a rogha don Tromdháimh díobh sin.

The choice of selection was submitted to the Bards.

Adubhratar gur fhobratar maithi Connacht d’aerad

Dúirt siad gur ró-dhóbair dóibh maithe Chonnacht d’aoradh

They replied, that they had a mind to satirize the nobles of Connacht

trena radh co bhfuicfitis a mbruigin fein.

trína rá go bhfágfaidís a mbruíon féin.

for presuming to think that they would leave their own mansion.

Tucad in fhlegh sin cuca

Tugadh an fhleá sin chucu

That feast was brought to them,

ocus do suidhiged ar breith Sencháin iat;

agus suíodh ar bhreith Sheancháin iad,

and they were seated in conformity with the decision of Seanchán.

ocus ro gabsat ag ol ocus ag aibhnes

agus ghabhadar ag ól agus ag aoibhneas

They took to drinking and making merry,

ocus a rogha oirfitidh ocus ealadhan

agus a rogha oirfide agus ealaíon

with their choice of music and art,

da gach duine uasal dibh on tromdhaim.

do gach duine uasal díobh ón dTromdháimh.

for every noble guest present from the great Bardic Association.

Batar forsan bhfleidh sin teora la ocus teora oidchi.

Bhíodar ar an bhfleá sin trí lá agus trí oíche.

They were feasting for three days and three nights.

O’tconnaic Senchán imurcraigh in bhidh ocus na dighe

Nuair do chonaic Seanchán iomarca an bhia agus na dí

When Seanchán perceived the extraordinary quantity of food and drink

ica chaithium ac ghillanradh ocus ag daescarshluagaib Connacht,

á chaitheamh ag giollanra agus ag daoscarshluaite Chonnacht,

that was being consumed by the servants and the rabble of Connacht

do ghabh doichiull mor e

ghabh doicheall mór é

he became very churlish,

ocus adubairt nach caithfedh biad na deoch

agus dúirt sé nach gcaithfeadh sé bia ná deoch

and said, that he would not taste food or drink

no gu cuirthe maithi Connacht asin mbaili amach;

nó go gcuirfí maithe Connacht as an mbaile amach,

until the nobles of Connacht were dismissed from the mansion,

ocus do cuirit a cetoir.

agus cuireadh ar an láthair sin.

and forthwith they were sent away.

 

Back to top

 

Section 35

Bai tra Senchán trí la ocus trí oidchi gan biadh gan digh.

Bhí Seanchán, áfach, trí lá agus trí oíche gan bhia gan deoch.

Seanchán, however, continued three days and three nights without food or drink.

Do raidh Guaire: “As truadh dhuin,” ar se,

Labhair Guaire. “Is trua linn,” ar sé,

Guaire said. “It is grievous to us

“an tromdhamh uili ag caithem bidh a timchell Sencháin

“an Tromdhámh uile a bheith ag caitheamh bia timpeall Seancháin

that the whole Bardic Order should be taking food around Seanchán

ocus se fein ’na troscud”;

agus é féin ina throscadh.”

while he himself fasts,”

ocus do chuir dalta muirnech do bhi aigi do shaighid Shencháin,

Agus chuir sé dalta muirneach do bhí aige ag triall ar Sheanchán,

and he then sent a favourite domestic of his to Seanchán,

ocus adbert fris bior fada findchuill do ghabhail cuigi

agus dúirt leis bior fada fionn-choill a ghabháil chuige

and he instructed him to procure a long white hazel spit,

ocus gegh do chur a[i]r,

agus gé a chur air

to put a goose on it,

ocus da trian in bera roime ocus a aein-trian ina dhiaig,

agus dhá thrian an bheara do bheith roimhe amach agus an trian eile ina dhiaidh aniar,

to keep two-thirds of the spit before him, and one-third behind him,

ocus dul da imfhuine a bhfiadhnuisi Shencháin.

agus dul dá fuineadh i bhfianaise Sheancháin.

and to cook it in that manner in the presence of Seanchán.

Teit in macamh co hairm i mbai Senchan.

Chuaigh an macaomh mar a raibh Seanchán.

The young man went into the place where Seanchán was.

“Cidh is al duit don ghegh soin?” ar Senchán.

“Cad ab áil leat don ghé sin?” arsa Seanchán.

“What do you intend to do with that goose?” asked Seanchán.

“A ullmughad duitsi, a righ-ollaim,” ar in macaemh.

I a ullmhú duitse, a rí-ollaimh,” arsa an macaomh.

“To prepare it for you, O Royal Bard,” replied the youth.

“Cidh arar cuired thusa leis?” ar Senchán.

“Cad uime gur tusa a cuireadh léi?” arsa Seanchán.

“Why have you been sent with it?” asked Seanchán.

“Nech gu caeinbesaibh ocus gu nglaine

“Neach caoinbhéasach glan

As a mild-mannered and clean person,

dob’ ail do Guaire led’ chuit-si.”

ab áil le Guaire a chur led chuidse.”

selected by Guaire to bring you your food.”

“As doigh linn,” ar Senchán,

“Is dóigh liomsa,” arsa Seanchán,

“We believe,” said Seanchán,

“nach fuair se isin mbaili nech budh misciamhaighi ina thusa.”

“nár bhfuair sé sa bhaile duine ba mhísciamhaí ná tusa.”

“that he could not find in the locality a more uncomely person than yourself.”

“Cred int adbar, a ri-ollaimh?” ar in macaemh.

“Cad ina thaobh sin, a rí-ollamh?” arsa an macaomh.

“For what cause, O Royal Bard?” asked the youth.

“Dob’ aithnid dhamh-sa do shenathair ocus do bhi se mell-ingnach;

“B’aithnid dom-sa do sheanathair, agus bhí sé meill-ingneach;

“I knew your grandfather and he was chip-nailed,

ocus o do bhi, ni caitheabh-sa biadh as do laimh-si.”

agus, ó bhí, ní chaithfidh mise bia as do lámhsa.”

and since he was so, I shall not take food out of thy hands.”

 

Back to top

 

Section 36

Imthigis in macaemh cu brónuch

D’imigh an macaomh go brónach

The youth came away sorrowfully,

ocus do innis do Guaire sin.

agus d’inis sin do Ghuaire.

and he related to Guaire what had happened.

Fa olc la Guaire sin

B’olc le Guaire sin

Guaire was dissatisfied with that;

ocus rucsat as cu cenn trí la ocus trí n-oidche.

agus ní dhearna sé aon rud go ceann trí lá agus trí oíche eile.

and they passed away the time till the termination of three days and three nights.

Gaires Guaire dalta eli dho chuigi

Ansin ghlaoigh sé dalta eile dó chuige,

Guaire then called another foster child of his to him,

.i. ingen Becbainigi

iníon Bheag Bháiní,

namely the daughter of Beag Báinigh,

ocus atbert ria:

agus dúirt léi:

and he said to her:

“Beir lat, a ingen, plur cruithnechta ocus iuchra bradain

“Beir leat, a iníon, plúr cruithneachta agus eochraí bhradáin

“Lady, take with you wheaten flour and the roe of a salmon to Seanchán,

ocus fuin ’na fhiadhnuisi iat.”

agus fuin ina fhianaise iad.”

and knead them in his presence.”

Teit an ingen.

D’imigh an iníon.

The maiden went.

“Créd dob ail de sin, a ingen?” ar Senchán.

“Cad ab áil leat dó sin, a iníon?” arsa Seanchán.

“What do you intend to do with that, young girl?” asked Seanchán.

“A ullmhuchad duit-si, a righ-ollaim,” ar si.

“É a ullmhú duit-se, a rí-ollamh,” ar sí.

“To prepare it for you, O Royal Bard,” she replied.

“Cret umar cuired thusa leis?” ar Senchán.

“Cad uime gur tusa a cuireadh leis?” arsa Seanchán.

“Why have you been sent with it?” asked Seanchán.

“Neach go nglaine ocus co sceim

“Duine glan sciamhach

“As a clean and comely person

dob ail do Guaire led’chuid duit-siu.”

ab áil le Guaire a chur le do chuidse.”

whom Guaire desired to send with your food to you.”

“As doigh leam-sa amh,” ar Senchán,

“Is dóigh liomsa, ámh,” arsa Seanchán,

“Indeed I am sure,” said Seanchán,

“nach fuil isin baili indara macamh is misciamhighi ina thusa.”

“nach bhfuil sa bhaile an dara macaomh mná is mísciamhaí ná tusa.”

“that there is not in the place another young girl more unseemly than yourself.”

“Cidh on, a righ ollamh?” ar an ingen.

“Conas sin, a rí-ollaimh?” arsa an iníon.

“How so, O Royal Bard?” asked the maiden.

“Dob aithnidh dam-sa do shenmháthair,

“B’aithnid domsa do sheanmháthair

“I knew your grand-mother,

ocus do bhi for carraic aird

agus bhí sí ar charraig ard

who was seated (one day) on a high rock

ag thecusg eoluis do lobhraibh,

ag teagasc eolais do lobhair

whilst giving instructions to lepers about their way,

ocus do shin a laim do thecasc in eoluis doibh,

agus shin sí a lámh ag teagasc an eolais dóibh,

and she stretched her hand forth to point out the way for them,

ocus o dho sin, cidh uma caithfinn-si biadh as do laimh-si?”

agus, ó tá sin mar sin, cad uime go gcaithfinnse bia as do lámhsa?”

and as she did so, how could I take food from your hands?”

 

Back to top

 

Section 37

Tainic an ingen roimpi cu bronach ocus do indis do Guaire.

Tháinig an iníon roimpi go brónach agus d’inis do Ghuaire.

The maiden went away in sorrow, and informed Guaire.

Adubhuirt Guaire: “Mu mhallacht-sa ar in mbel adubairt sin!

Dúirt Guaire: “Mo mhallachtsa ar an mbéal a dúirt sin!

Guaire exclaimed: “My malediction upon the mouth that uttered that!

ocus guigim Airdri nimhe ocus talman,

Agus guím Ard-Rí neimhe agus talún,

and I implore the Supreme King of Heaven and Earth

ria siu dhech Seanchán don tsaegal,

sula dté Seanchán den tsaol,

that ere Seanchán shall depart this world,

co tuca a bhel fein poic do bhel lobhair.”

go dtuga a bhéal féin póg do bhéal lobhair.”

his mouth may kiss a leper’s mouth.”

 

Back to top

 

Section 38

Bai Senchán la gu n-oighthi iarsin gan biadh gan digh.

Bhí Seanchán lá agus oíche ina dhiaidh sin gan bhia gan deoch.

Seanchán continued for a day and night after that without food or drink.

Adubairt Brighidh ingen Onithcherne rena mnai fritholmha

Dúirt Bríd iníon Onithchearna lena bean fhriothála féin

Bríd, the daughter of Onithchearn, asked her maid servant

a fuigheall do thabairt do Senchán.

a fuíoll a thabhairt do Sheanchán.

to give Seanchán her spare food.

“Cret in fuighill fhuil acut?” ar Senchán.

“Cad é an fuíoll atá agat?” arsa Seanchán.

“What leavings have you?” enquired Seanchán.

“Ugh circe,” ar Brigit.

“Ubh chirce,” arsa Bríd.

“A hen egg,” replied Bríd.

“Is bec nach fuil mu shaith and sin,” ar Senchán,

“Is beag nach bhfuil mo sháith ansin,” arsa Seanchán,

“It is almost as much as I could eat (at any time),” said Seanchán,

“ocus ni beg lim he istráthsa.”

“agus ní beag linn é an tráth seo.”

“and it is enough for me just now.”

Teit in ben fritholma ar cenn na huighi,

D’imigh an bhean fhriothála ar ceann na huibhe.

The maid servant went for the egg,

Be Aidgill a hainm,

Bé Aidhgill ab ainm di

Bé Aidhgill was her name,

ocus bai ogh [sic, leg. og (oc)] iaraid in fhuighill co fada ocus ni fhuair he.

agus bhí ag iarraidh an fhuíll go fada agus ní bhfuair sí í.

and she searched for the remnant of the food a long time and did not find it.

Adubairt Senchán: “As doigh leam as tu fein ata oc longad in fuigill.”

Dúirt Seanchán: “Is dóigh liom gur tú féin atá ag ithe an fhuíll.”

Seanchán said: “I believe it is yourself who is eating the leavings.”

 

“Ni me, a righ-ollamh,” ar Be Aidgill,

“Ní mé, a rí-ollaimh,” arsa Bé Aidhgill,

“Not I, O chief Bard,” replied Bé Aidhgill,

“acht tuata daithi aduaidh he .i. na lochaid.”

“ach an tuath éasca a d’ith é, na lucha.”

“but the nimble race that have eaten it, namely the mice.”

“Nir choir doibh-siumh sin,” ar Senchán,

“Níor chóir dóibhsan sin,” arsa Seanchán,

“That was not proper for them,” said Seanchán;

“arai cena ní fuil da fheabus ri na flaith

“agus, go deimhin, níl rí ná flaith dá fheabhas

“nevertheless there is no king however exalted,

nach bhudh mhaith leo-som slicht a bhfiacal fein do beth ar a chuid;

nár mhaith leosan rian a bhfiacla féin a bheith ar a chuid;

but they would like the mark of their teeth to be on his food,

ocus is ainmhfeasach doib-sium beth amlaid sin,

agus is ainbhiosach dóibh bheith amhlaidh sin,

and they are ignorant to be thus,

or ni bhudh inchaithmhe do neoch biadh tar eis a bhfiacal-somh;

óir níorbh inchaite do neach aon bhia tar éis a bhfiaclasan,

for food should not be used by any person after the prints of their teeth,

ocus aerfat-sa iat,” ar Senchán, “ocus is obair urasa esein”;

agus aorfaidh mise iad,” arsa Seanchán, “agus is obair furasta é sin.”

and I will satirize them,” said Seanchán; “and that is easy work;”

ocus do ghab oca n-aerad ocus atbert:

Agus ghabh sé á n-aoradh agus dúirt:

and he began to satirize them, and said:—

     

[Senchán]

[Seanchán]

[Seanchán]

“Lochaid gidh ger a nguilbne,

“Cé gur géar iad guilbne na luch,

“The mice though sharp are their beaks,

ni trén a cathaibh cirbdhe;

ní tréan iad i gcathanna gearrthacha;

Are not powerful in the battles of warriors;

dobher tonnaidh don bhuidin

béarfaidh mise bás don bhuíon

Venomous death I’ll deal out to the tribe,

a cinaidh fhuighil Brigdi.”

de dheasca fuíoll Bhríde.”

In avengement of Bríd’s leavings.”

     

[In luch]

[An luch]

[Mouse]

“As beg fuighill do fhacbu[i]s,

“Is beag fuíoll a d’fhág tú,

“Small were the leavings you left,

ni ba tuirinn do threicis;

ní haon raidhse a bhí id dhiaidh;

It was not abundance you left behind;

gabh ic uainn is gab luighi [leg. luighe];

gabh íoc uainn agus gabh suaimhneas,

Receive payment from us, receive compensation,

na haer inn uili, a eicis!”

ná haor sinn uile, a éigis!”

Don’t satirize us all, O learned bard!”

 

 

 

[S.]

[Seanchán]

[Seanchán]

“A luch ata san froighidh,

“A luch úd atá sa fhraigh,

“You mouse that art in the hole,

doni guth o thic aghaidh;

a dhéanann guth nuair a thagann an oíche,

Who makes noise when the night comes;

is tusa, a ingnech ni gherr,

is tusa, le hingne nach gearr,

’Twas you, whose claws are not short,

aduaidh mh’fhuigheall tre fhalaidh.”

a d’ith m’fhuíoll trí fhala.”

That ate my leavings in your spite.”

 

 

 

[In l.]

[An luch]

[Mouse]

“Mu mac-sa Bianan broinngheal,

“Mo mhacsa Bianán broinngheal,

“My own son Bianán of the white breast,

sesgach na riaghlan

trí ainbhios na rialta, is eisean a rinne an chreach;

Barren (ignorant) of the very clear rules;

is do cleir romóir ruitin

tá an chléir mhór oirirc

To the mighty and luxurious bardic body,

ata a tuicsin a mharbadh (?).”

ar tí é mharú feasta.”

Is the knowledge of it, you little doomed being.”

     

[S.]

[Seanchán]

[Seanchán]

“Folmhuighidh laitri lethna

“Folmhaígí na láithrigh leathana

“Clear out of open spaces,

o ataim-ne a ndail bhar fromhtha;

ó tháimidne ar tí bhur bpromhadh;

Since we are are going to put you to a severe test,

eircidh uili san froigid

éirígí uile as an bhfraigh

Make off to your holes in the wall

ocus loigid, a lochtha!”

agus luígí, a lucha!”

And lie low, oh mice!”

 

Back to top

 

Section 39

Agus aderur cor thuitset dech lochaid dibh marbh i fiadhnaisi Sencháin

Agus deirtear gur thuit deich lucha díobh marbh i bhfianaise Sheancháin

And it is stated that ten mice fell dead in the presence of Seanchán;

ocus do raidh Senchán:

agus dúirt Seanchán:

and Seanchán said unto them

“Ni sibh-si bhudh coir dam-sa dh’aerad

“Ní sibh-se ba chóir domsa a aoradh

“It is not you that I ought to have satirized

acht in bhuigin aga bhfuil bar cosc .i. tuatha cat;

ach an bhuíon á bhfuil bhur gcosc, ’sé sin, tuatha cat;

but the party whose duty it is to suppress you, namely, the tribe of cats;

ocus aerfat-sa iat co maith

agus aorfaidh mise iad go maith

and now I will satirize them effectually,

ocus aerfat a triath ocus a tigerna ocus a mbreithium .i. Irasan mac Arasain;

agus aorfaidh mé a dtriath agus a dtiarna agus a mbreitheamh, Irusán mac Arasáin,

as also their chief, lord and judge, namely, Irusán, son of Arusán,

ocus is aithnid dhamh airm a fuil se .i. a n-uaim Cnogda [Cnobha MO]

Is aithnid domsa cá bhfuil sé, in uaimh Chnóbha,

and I know where he is, viz., in the cave of Cnogda,

don leth toir do Cluain mac Nois naeimh-Chiaráin;

lastoir de Chluain Mac Nóis naoimh Chiaráin,

on the eastern side of Cluain Mac Nóis of St. Ciarán;

ocus Riachaill Rinnfiaclach

agus aorfaidh mise leis Riachaill Rinnfhiaclach

and also Riachaill Rinnfhiaclach (of the sharp-pointed teeth),

ingen Claibaithinne a bhen

iníon Chlabaithinne, a bhean,

the daughter of Clabaithinne (or firebrand-mouth), his spouse;

ocus Reng Gérfhiaclach a ingen

agus Reang Géarfhiaclach, a iníon,

Reang Géarfhiaclach (of the sharp teeth,) his daughter;

ocus in Cronanach a Cruachain

agus Crónánach as Cruachain

the Crónánach (or the purrer) of Cruachan,

ocus Gruaman Gairbhfhiaclach a [dhá] derbbráthair;

agus Gruamán Garbhfhiachlach, a dhá dheatháir;

and Gruamán Garbhfhiaclach (or the surly looking fellow with the rough teeth), her brothers.

ocus aerfat-sa Irusan fein,

agus aorfaidh mé Irusán féin,

And I will satirize Irusán himself,

or is e is ferr ocus is urrada acu ocus is tigerna dhoibh”;

óir is é is fearr agus is urrúnta acu agus is tiarna dóibh;”

for he is the chief and most responsible of them, and is their lord,”

ocus atbert:

agus dúirt:

— and he said:—

 

 

 

“Hirusan atach [athach MO] n-ingne;

“Irusán ionsaitheach na n-ingne;

“Irusán, attacker with claws.

fuighiull dhoibri;

fuíoll an dobharchú;

Remnant food of the otter.

erball bo buach;

eireaball bó ionlao;

The tail of a cow in heat.

ara fri haraidh;

ara le hara;

Charioteer side by side with charioteer.

atach fria Hir[usan]."

aitim Irusán.”

An entreaty to Irusán.”

Hirusan.

 

 

 

 

 

“‘Hirusan atach n-ingne,’” ar se,

“‘Irusán ionsaitheach na n-ingne,’” ar sé,

“‘Irusán, attacker with claws,’” said he,

“.i. in uair bis in luch isin froighidh,

“mar nuair a bhíonn an luch sa fhraigh,

“that is to say, that when the mouse gets into the wall,

ni bi aigi-sium acht gabail da ingnibh don froighidh.

ní bhíonn aige ach ag gabháil dá ingne don fhraigh.

he has no resource but to ply his claws on the wall.

‘Fuigheall dhoibri,’” ar se,

‘Fuíoll an dobharchú,’” ar sé,

‘Remnant food of the Otter,’”said he,

“or bui sinnser na cat fechtus aili ar bru loca alinne [leg. a linn] uisce ’na chodlad,

“mar bhí sinsear na gcat uair ar bhruach locha le hais linn uisce ina chodladh

“for the progenitor of the cats had been formerly on the margin of a lake at a pool of water asleep,

co tainic in dobhran chuigi, gur ben barr in da cluas de;

agus tháinig an dobhrán chuige agus bhain sé barr an dá chluas de,

and the otter came up to him and bit off the tops of his two ears,

co bhfuil gach cat o sin ille citach cerbcluasach.

i dtreo go bhfuil gach cat ó shin i leith ciotach cearbh-chluasach.

so that every cat ever since has been defective and jagged-eared.

‘Erball bo buach,’” ar se,

‘Eireaball bó ionlao,’” ar sé,

‘The tail of a cow in heat,’” he said,

“or ni luaithi erball bo aibhill

“óir ní luaithe eireaball bó aoibhill

“for no quicker does a cow’s tail fall downward

ina a erball som in tan teit in luch uadha.

ná a eireaballsan nuair a théann an luch uaidh.

than does his tail when the mouse escapes from him.

‘Ara fria haraid’

‘Ara le hara,’

‘Charioteer side by side with charioteer,’

.i. is amhlaid bhis in luch ocus in cat mar bit da ech aice

mar is amhlaidh bhíonn an luch agus an cat mar a bhionn dá each

viz., the mouse and cat are similar to two horses yoked together,

ocus fraigh dluith eturra,

agus iad i gcóngar a chéile;

for there is a close attention between them;

bidh a cluas-si oc eistecht fris-siumh

bíonn a cluas-sa ag éisteacht leis-se

the ear of one is listening to the other,

ocus a cluas-sum oc eistecht frie-si;

agus a chluas-sa ag éisteacht léi-se.

and the ear of the other is listening to him;

ocus as iat sin na hoera,” ar Senchán.

Agus sin iad na haortha,” arsa Seanchán.

and those are the satires,” said Seanchán.

 

Back to top

 

Section 40

Tainic menma na n-aer neme sin d’Irusan ocus se a n-uaim Cnogda, ocus atbert:

Tháinig meanma na n-aortha nimhe sin d’Irusán agus é in uaimh Chnóbha, agus dúirt sé:

Their influence reached Irusán while in the cave of Cnóbha, and he said, —

“Do aer Senchán me,” ar si,

“D’aor Seanchán mé,” ar sé,

“Seanchán has satirized me,” said he,

“ocus dighelat-sa air he.”

“agus bainfaidh mise díoltas amach air é.”

“and I will be avenged of him for it.”

Atbert Reng Gérfhiaclach a ingen fris:

Dúirt Reang Ghéarfhiachlach, a iníon, leis:

Reang of the sharp teeth, his daughter, said unto him,

“Robadh fherr linn,” ar si, “co tucta Senchán ’na beathaid cucainn

“B’fhearr linn,” ar sí, “go dtabharfá Seanchán ina bheatha chugainn

“we would rather,” said she, “that you would bring Seanchán alive to us

ocus do dhighelmais fein na haora fair.”

agus díoghlaimis na haora amach air.”

so that we ourselves may take revenge on him for the satires.”

“Dober tra,” ar Irusan,

“Béarfaidh mé *é* cheana,” arsa Irusán,

“I shall bring him in due time,” said Irusán,

ocus do gluais roime,

agus ghluais sé roimhe

and he made ready to go on,

ocus asbert fria ingin a braithre do chur ’na lenmain.

agus dúirt lena iníon a bráithre a chur ina dhiaidh.

and told his daughter to send her brothers after him.

Do hinnised do Senchán Irasan do beth ar sligid chuigi ocus da mharbad,

Insíodh do Sheanchán go raibh Irusán ar an slí chuige dá mharú,

It was told to Seanchán that Irusán was on his way coming to kill him;

ocus atbert re Guaire techt co maithibh Connacht uime

agus dúirt sé le Guaire teacht le maithe Chonnacht uime

and he requested Guaire to come with the nobility of Connacht

da anacal ar Irusan;

dá anacal ar Irusán;

in order to protect him against Irusán.

ocus tancatar uili ’na thimchell.

agus thángadar uile ina thimpeall.

They all came around him,

Agus nir chian doibh

Agus níor chian dóibh

and they had not been long there

cu cualatur in torann crithnaightheach choimhtenn combruithin

gur chualadar an torann creathánach, chomh teann, chomh brothallach

when they heard a vibrating, impetuous and impressive sound

amhail buinne teinedh mire moirdhene ag merloscad,

amhail buinne teine mire mór-dhian ag mear-loscadh,

similar to that produced by a tremendously raging fiery furnace in full blaze;

ocus dar leo ní raibi a Connachtuib damh imechtrach budh mo inas.

agus, dar leo, ní raibh i gConnachta damh imeachtrach ba mhó ná é.

and it appeared to them that there was not in Connacht a plough bullock larger than he.

Is amhlaid boi-seom .i. Irusan,

Mar is amhlaidh a bhí Irusán

His appearance, viz., that of Irusán’s, was as follows:—

ocus se srónmhael suntach

agus é srón-mhaol, santach

Blunt-snouted, rapacious,

seitfethach bailc cerbcluasach

séideánach, bailc, cearbh-chluasach

panting, determined, jagged-eared,

cliablethan ard allatar [leg. allata]

cliabh-leathan, ard, altach

broad-breasted, tall, famous

ingingher slemain sroinbernach

ionga-ghéar, sleamhain sróin-bheárnach

sharp and smooth clawed, split-nosed,

geirfhiaclach garb [goib]remhar

géir-fhiachlach, garbh goib-reamhar

sharp and rough-toothed, thick-snouted,

utmhall tairptech taeibhlethan

udmhall, tairpeach, taoibh-leathan

nimble, powerful, deep-flanked,

fualcrech fergach

fualcrech (fualach?), feargach,

urine-spraying (?), angry,

firmhiscnech mercronanach cranshuileach,

agus é fír-mhiscneach mear-chrónánach, cráin-shúileach,

extremely vindictive, quick, purring, glare-eyed;

ocus tainic da n-innsaigid fon samla sin

agus tháinig sé dá n-ionsaí faoin samhail sin

and he came towards them in that form,

ocus imthigis ar fud chaich gu coitchenn;

agus d’imigh trína chéile go léir go coiteann

and he passed amongst them generally,

ocus nir ghabhsat airm he co rainicc airm a mbai Senchán,

agus níor ghabh sé airm gur shroich sé airm ina raibh Seanchán.

but did not stop till he came to the place where Seanchán was.

ocus gabus ar lethlaim he

Rug sé ar leathláimh air

He took hold of him by one arm,

ocus teilgius ar a muin

agus theilg sé ar a mhuin é

jerked him on his back,

ocus gluaisis isin sligid cedna,

agus ghluais sé sa tslí chéanna,

and he proceeded by the same way (he had come),

or ni raibhi do thoisc aigi acht techt ar cenn Sencháin.

óir ní raibh de thoisc aige ach teacht ar cheann Seancháin.

for he had no other desire but to come for Seanchán.

 

Back to top

 

Section 41

Is ed imorro doroine Senchán, beth ac molad Irusain

*Agus* is é rud a rinne Seanchán ná bheith ag moladh Irusáin, *áfach*,

Seanchán, however, had now recourse to flattery of Irusán,

ocus a leime ocus a reime ocus a retha

ag moladh a léime agus a réime agus a reatha

praising his leap, his progress in his running,

ocus a neirt ocus a chalmatais ocus a thapaidh;

agus a nirt agus a chalmachta agus a mhire;

his power, strength, and activity;

ocus atbert:

agus dúirt sé:

and he said,

 

 

 

“Hirusan mac Arusain:

“Irusán mac Arusáin,

“Irusán, son of Arusán,

do shil Faigli Fithisi:

de shíol Faighli Fithisi;

of the race of faigli fithise

 

 

(probably the remnant of the food of the otter);

adraim-si dia adras-sum:

adhraimse an Dia a adhrann seisean;

I adore the god he adores;

adhraidh-sium doimtisi.”

tá sé ar intinn aige mé a ithe.”

he is bent upon eating me.”

     

Arai nir leiced Senchán ar lar

Ach níor ligeadh Seanchán ar lár, *áfach*,

But, however, Seanchán was not let down

cu riacht Cluain mac Nois naeim-Chiarain;

gur shroich sé Cluain Mac Nóis Naoimh Chiaráin;

until they reached Cluain Mac Nóis of St. Ciarán.

ocus bui oc dul seach dorus cerdcha

agus bhíodar ag dul thar doras ceárta

As they were passing by the door of the forge

ocus dorala Ciarán isin cerdcha

agus thárla do Chiarán bheith sa cheárta

in which forge Ciarán happened to have been,

ocus atconnaic Irusan ocus Senchán for a mhuin.

agus chonaic sé Irusán agus Seanchán ar a mhuin.

he beheld Irusán with Seanchán on his back,

“Mor in scel,” ar Ciarán, “oinech Guairi do bhadhad

“Is mór an scéal,” arsa Ciarán, “oineach Ghuaire a scriosadh

and he said: “It is a great pity that Guaire’s hospitality should be tarnished,

ocus ac sut ard-ollam Eirenn ar muin in chait.”

agus ag siúd ard-ollamh Éireann ar mhuin an chait.”

and there goes the chief Bard of Ireland on the back of the cat.”

Bui dino caer aithleaghtha iaruinn a mbel na tencairi

Bhí san am sin caor athleáite iarainn i mbéal na teanchaire,

There was at the time a flaming bar of refined iron held by the pincers,

ocus tuc Ciarán urcur adhmur urmuisnech don cat,

agus thug Ciarán urchar ámharach urmhaiseach don chat

and Ciarán made a fortunate brave throw at the cat,

cu tarla ’na thaebh

a bhuail ina thaobh

with which he hit him on the flank,

cu riacht in taeb araill curo fhacuibh cin anmuin.

gur shroich an taobh eile anonn agus gur fhág an cat gan anam.

and it passed out on the other side, and left him lifeless.

Toirlingius Senchán de

Thúirling Seanchán de

Seanchán dismounted from him,

ocus atbert breithir neime.

agus dúirt briathar nimhe.

and he uttered a vindictive expression.

“Mu mhallacht ar in laim tuc int urcur sin,” ar se.

“Mo mhallacht ar an láimh a thug an t-urchar sin,” ar sé.

“My curse on the hand that gave that throw,” said he.

“Cidh on?” ar Ciaran.

Cad ina thaobh sin?” arsa Ciarán.

“Why so?” asked Ciarán.

“A olcus lem

“A olcas liom

“I am so dissatisfied

gan mu leiced le Hirusan dom ithe

gan mo ligint le hIrusán dom ithe

that I have not been let go with Irusán to be eaten by him,

ar gu mbeth in tromdham oc aerad Guairi.

chun go mbeadh an Tromdhámh ag aoradh Guaire.

that thereby the great Bardic Association might satirize Guaire;

Or dobudh ferr lim Guaire d’aerad

Óir b’fhearr liom Guaire d’aoradh

for I would rather that Guaire would be satirized

ina mhe fein a mbethaid ocus eisium gan aerad.”

ná mé féin a bheith i mbeatha agus eisean gan aoradh.”

than that I should live and he not satirized.”

Agus teit roime gu Durlus

Agus d’imigh leis roimhe go Durlas

He then proceeded to Durlas

ocus dob ail le maithibh Connacht failti do cur ris,

agus b’áil le maithe Connacht fáilte a chur roimhe

where the nobility of Connacht desired to welcome him,

ocus nir ghab-sum pog na fáilte o neoch dibh;

agus níor ghabh seisean póg ná fáilte ó aoinne acu;

but he did not take a kiss or welcome from any of them;

ocus teit co bruighin na tromdhaime

agus d’imigh go bruíon na Tromdháimhe

he went to the Bardic mansion,

ocus rucsat as fria hathaig gan esbaidh maithiusa na fledaighthi orro.

agus rugadar as an oíche sin díobh gan easba maitheasa ná fleá orthu.

where they passed away the time with no lack of prosperity nor of feasting.

 

Back to top

 

Section 42

Adubairt Marbán mucaid aen do lo a nGlinn in Scáil:

Dúirt Marbhán muicí lá i nGleann an Scáil:

Marbhán, the swineherd, said one day in Gleann an Scáil —

“Is fada o do geallus

“Is fada ó gheall mé

“It is long since I proposed

dul do digail in tuirc fhinn ar in tro[m]dam.”

dul ag díoghail an toirc fhionn ar an Tromdháimh.”

going to be avenged of the great Bardic Association for the (loss) of the white boar.”

Doigh is amhlaid bui Marban:

Mar is amhlaidh bhí Marbhán:

Now Marbhán’s position was this —

ba naem ocus ba faid ocus ba fili

Ba naomh agus ba fáidh agus b’fhile é

He was a saint, a prophet, and a poet;

ocus ba fer primhthighi n-aiged coitcinn he a nGlinn in Scail;

agus b’fhear prímh-thí aoi i gcoitinne é i nGleann an Scáil;

and he was one who kept a foremost house for guests in Gleann an Scáil.

ocus fa derbbráth[air] do Guaire he

agus ba dheartháir do Ghuaire é

He was brother to Guaire,

ocus is e do fhoiredh Guaire as gach ndecair

agus is é d’fhóireadh Guaire as gach deacair

and it was he that used to relieve Guaire from all his difficulties;

ocus is e do chunguin leis riam um righi Connacht d’fagail do;

agus is é a chabhraigh leis roimhe sin chun ríghe Chonnacht a fháil dó,

it was he that originally aided him in obtaining the sovereignty of Connacht;

ocus fos gach mighnim donith Guaire,

agus fós gach mí-ghníomh a rinne Guaire

also, every wrong deed that Guaire committed,

is e Marbán do lesaiged he,

is é Marbhán a leigheasadh é

it was Marbhán that redressed or atoned it,

ocus ba mogh dilius do Dia he.

agus ba mhogh dílis do Dhia é.

he was moreover a zealous servant to God.

 

Back to top

 

Section 43

Tainic co bruidhin na tromdáime iarum

Tháinig sé go bruíon na Tromdháimhe iaramh

In the course of time he came to the abode of the great Bardic order,

ocus ac techt d’innsaigid na bruidhne do,

agus ag teacht d’ionsaí na bruíne dó,

and on his proceeding to the mansion

tarla banntracht na tromdáime do ag innlad a lamh asin tobur;

tharla bantracht na Tromdháimhe dó agus iad ag ní a lámh as an dtobar;

he perceived the ladies of the great Institution washing their hands at the fountain,

ocus as i cét-ben tarla dho, Medbh Neitigh ingen Sencháin;

agus is í céad bhean do casadh air ná Meadhbh Néidigh, iníon Sheancháin;

and the first lady he met was Meadhbh Néidigh, the daughter of Seanchán.

ocus bennachais di ocus fiarfaigis cait i mbui bruiden na tromdáime.

agus bheannaigh sé di agus d’fhiafraigh cá raibh bruíon na Tromdháimhe.

He saluted her and enquired where was the mansion of the great Bardic Institution.

“Doig, a oclaigh,” ol Medb Nedig,

“Is dócha, a ógláigh,” arsa Meadhbh Néideach,

“It is evident, young man,” says Meadhbh Néidigh,

“is muirethair bai on tigh a rabadhuis  [gur a muir gan treóir bhi an tí mur (inur ?) hoilugha thú MO] (?),

“gur ar fharraige ar fán a bhí an teach inar oileadh tú,

“that the house in which you were brought up was adrift on the sea,

o nach aithnidh duit bruidhen na tromdáime

ó nach aithnid duit bruíon na Tromdháimhe

since you do not know where the palace of the great Bardic community is,

ocus nach cualuis a scela ocus a ceol.”

agus nár chuala tú a scéala agus a gceol.”

nor heard of its stories and music.”

“Ni he sin fadera dam e,” ar Marbán,

“Ní hé sin faoi deara dom é,” arsa Marbhán,

“That is not what I attend to,” said Marbhán,

“acht mucaidecht is ord dam,

“ach muicíocht is ord dam

“but herding swine is my calling;

ocus docluinim co faghunn gach duinni [leg. duine] a rogha ceoil isin bruidin sin.”

agus cloisim go bhfaigheann gach duine a rogha ceoil sa bhruíon sin.”

I have, however, been informed that every person obtains whatever music he chooses in the palace.”

“Ni fhaghann,” ar Medb,

“Ní fhaigheann,” arsa Meadhbh,

“He does not,” replied Meadhbh,

“muna bhia a charadrad re héicsi ocus re healadain.”

“muna mbíonn a chairdeas le héigse agus le healaín.”

“except he has a connection with arts and sciences.”

“Ata mu charadrad fein re héicsi,” ar Marban,

“Tá mo chairdeas féin le héigse,” arsa Marbhán,

“I am connected with the arts,” said Marbhán,

“.i. senmháthair mhna mu ghilla iarmua fhiledh iside.”

“sean-mháthair mhná mo ghiolla iaró fhile is ea í.”

“viz., through the grandmother of my servant’s wife, who was descended from poets.”

 

Back to top

 

Section 44

Tainic Marbán co tech na tromdáime

Tháinig Marbhán go dteach na Tromdháimhe

Marbhán arrived at the Bardic mansion,

ocus ni d’innsaigid in dorais oslaicthi do gabh,

agus ní d’ionsaí an dorais oscailte a ghabh

and it was not to the open door he approached

acht d’innsaigid in dorais dob ferr iadhta ar in mbruighin;

ach d’ionsaí an dorais ab fhearr iata ar an mbruíon;

but to the best closed door of the building,

ocus do eirig in comhla roime,

agus d’éirigh an chomhla roimhe

and the door rose open before him.

ocus is amlaid dochuaid-sium istech

agus is amhlaidh a chuaigh seisean isteach

The manner by which he entered was thus,

ocus lan beinne a bruit do ghaeith leis,

agus lán binne a bhrait de ghaoth leis,

having the skirt of his mantle full with wind,

ocus ni roibhi en-nduine istigh

agus ní raibh aon duine istigh

and there was not one within

nach rainic urrann don ghaeith ’na uc[h]d.

ná ráinig cuid den ghaoth ina ucht.

that a portion of the wind did not blow into his bosom.

Do eirig in tromdám uili a n-aeinfhecht

D’éirigh an Tromdhámh uile in éineacht

The entire of the great Bardic assemblage rose up simultaneously;

ocus do eirigh Senchán ocus do fhiarfaig

agus d’éirigh Seanchán agus d’fhiafraigh

Seanchán also rose and enquired

cia thainic chuigi i n-adaigh na gaeithi.

cé tháinig chuige in aghaidh na ghaoithe.

who it was that came to him against the wind.

“Ainmhfheasach sin,” ar Marbán;

“Ainbhiosach sin,” arsa Marbhán.

You are mistaken in that,” said Marbhán,

“ni hedh, acht le gaeith tanac

“Ní hea, ach le gaoth a tháinig mé

“it is not so, but with the wind I came,

ocus da derbadh sin, tucus moran lim di.”

agus, dá chomhartha sin féin, thug me mórán liom di.”

and in proof thereof I have brought much of it along with me.”

“A cenn tacra theidhi?” ar Senchán.

“Ar cheann agartha tháinig tú?” arsa Seanchán.

“Do you come for the purpose of arguing?” asked Seanchán.

“Is ed,” ar Marbán, “da faghuinn a denam frium.”

“Is ea,” arsa Marbhán, “dá bhfaighinn a dhéanamh liom.”

“It is,” answered Marbhán, “if I get any to contend with me.”

“Ma sed,” ar Senchán,

“Más ea,” arsa Seanchán,

“If so then,” replied Seanchán,

“crét as a frith ar tus [an dán]?”

“cad as a bhfuarthas ar dtús [an dán]?”

“say from what did the first [poem] originate?”

“Asna cnaibh Segsa,” ar Marbán.

“As na cnónna Seaghsa,” arsa Marbhán.

“From the nuts of Seaghais,” answered Marbhán.

“Fir,” ar Senchán,

“Is fíor duit,” arsa Seanchán.

“True,” said Seanchán,

“ocus in tu Marban mucaid primfhaidh nime ocus talman?”

“Agus an tusa Marbhán muicí, príomh-fháidh neimhe agus talún?”

“and are you Marbhán the swineherd, chief prophet of heaven and earth?”

“Is me co demin,” ar Marbán.

“Is mé go deimhin,” arsa Marbhán.

“I am, indeed,” replied Marbhán.

“Crét in sodh sin ort?” ar Senchán.

“Cad é an sódh sin ort?” arsa Seanchán.

“What is your pleasure?” asked Seanchán.

“Do chuala,” ar Marbán,

“Chuala mé,” arsa Marbhán,

“I heard,” replied Marbhán,

“co bhfagann gach duini a rogha ceoil nó ealadhan aguibh-si,

“go bhfaigheann gach duine a rogha ceoil nó ealaíne agaibhse,

“that every person gets his choice of music or of arts from you,

ocus tanac-sa dh’iaraid mu rogha ealadhan oruib.”

agus tháinig mise chun iarraidh mo rogha ealaíne oraibh.”

and I am come to ask my choice of the arts.”

“Fogebhu,” ar Senchán,

“Gheobhaidh tú,” arsa Seanchán,

“You shall obtain that,” said Seanchán,

“ma ata do caradrad re healadhain.”

“má tá do chairdeas le healaín.”

“if you can show your relationship to the arts.”

“Ata imorro,” ar Marbán,

“Tá, gan amhras,” arsa Marbhán,

“I can do so,” said Marbhán,

“.i. senmáthair mhna mo ghilla iarmua fhiled iside.”

“sean-mháthair mhná mo ghiolla iaró fhile is ea í.”

“namely, that the grandmother of my servant’s wife was descended from poets.”

“Dogheba-sa do rogha ealadhan

“Gheobhaidh tú do rogha ealaíne

“You shall obtain your choice of the arts,

gidh fada uait in gael soin,” ar Senchán,

cé gur fada uait an gaol sin,” arsa Seanchán,

though very remote is your connection with them,” said Seanchán,

“ocus abair crét in ealada is ail duit.”

“agus abair cad í an ealaín is áil leat.”

“and say what art is it you prefer.”

“Ni ferr lem ealada da bhfhuiger istrat[h]sa

“Ní fearr liom ealaín a gheobhaidh mé an tráth seo

“I desire no better at present

inas mu shaith crónain,” ar Marbán.

ná mo sháith crónáin,” arsa Marbhán.

than as much crónán (a monotonous chaunting tune often used as a lullabyi) as I like,” says Marbhán.

“Ni husa dhoibh so ealada eli do denam dhuit ina sin” ar Senchán.

“Ní furasta dóibh seo ealaín eile do dhéanamh duit ná sin,” arsa Seanchán.

“It is not easier for these to perform any other art for you than that,” says Seanchán.

 

Back to top

 

Section 45

Tucad na crónanuigh chucha [leg. chuca];

Tugadh na crónáin chucu,

The crónán performers came to them,

trí naenbair a lin,

trí naonúr a líon,

thrice nine was their number,

ocus dob ail leo cert-crónan do denum,

agus b’áil leo ceart-chrónán a dhéanamh,

and they wished to perform the regular crónán.

ocus ni hi sin dob ail do Marbán,

agus ní hé sin ab áil le Marbhán, áfach,

That, however, was not what Marbhán desired,

acht crónan snagach;

ach crónán snagach;

but the bass (or hoarse) crónán;

ocus is uime ruc do rogain eisein,

agus is uime a rug sé de rogha é sin,

and the reason he chose that was,

ar daig gu mbrisdi a cinn ocus a cosa ocus a muinil

ar dhóigh go mbrisfí a gcinn agus a gcosa agus a muiníl

in the hope that they might break their heads, feet and neck,

ocus cumad girri a n-anal uadha

agus go mba ghiorra a n-anáil uaidh

and that their breathing might the sooner be exhausted by it

ina on crónan cert.

ná ón gcrónán gceart.

than by the regular crónán.

Batar dino na trí naenbair ac crónan fon samhuil sin,

Bhí na trí naonúr ag crónán ar an gcuma sin, áfach,

The three nines were singing the crónán after that manner , however;

ocus intan do fhobraitis scur,

agus nuair a mheasaidís scor,

and, whenever they wished to stop,

is ann atberedh Marbán:

is ea a dheireadh Marbhán:

it was then that Marbhán would say —

“Denaid ar saith crónain duin mar do gheallabhar.”

“Déanaigí ár sáith crónáin dúinn mar a gheall sibh.”

“Give us as much of the crónán as we desire, as you have promised.”

Ba scith a cétoir na trí naenbair

Ba ró-ghearr go raibh na trí naonúr traochta

The three nines soon became exhausted,

ocus do iar Marbán aris crónan do denam do;

agus d’iarr Marbhán arís crónán a dhéanamh dó;

and Marbhán again desired that more of the crónán should be sung for him,

ocus ni frith acht aen naenbar esbadhach da freagra,

agus ní bhfuarthas ach aon naonúr easnamhach amháin dá fhreagra,

and only nine of them, who were inefficient, were found to answer his call,

ocus girre do batar sein oca cor inait na tri naenbair roime;

agus is giorra a bhíodarsan á gcanadh ná na trí naonúr eile roimhe,

and these were sooner exhausted from singing than the three nines previously;

ocus atbert Marbán: “Denaidh ar saith crónain duin.”

agus dúirt Marbhán: “Déanaigí ár sáith crónáin dúinn.”

and Marbhán said — “Perform as much crónán as we desire.”

 

Back to top

 

Section 46

Atbert neach istigh ica freagra:

Dúirt duine éigin istigh á fhreagairt:

A person within, in answer to him, said —

“Doghenainn fein ealada duit, a Marbáin.”

“Dhéanfainn féin ealaín duit, a Mharbháin.”

“I myself will perform an art for you, O Marbhán.”

“Cia thusa?” ar Marbán.

“Cé hé tusa?” arsa Marbhán.

“Who are you?” says Marbhán.

“Misi Dael Duiled ollam Laigen.”

“Mise Daol Duileadh, ollamh Laighean.”

“I am Daol Duileadh, Professor of Leinster.”

“Cret an ealada dogenta dham?” ar Marbán.

“Cad é an ealaín a dhéanfá dom?” arsa Marbhán.

“What is the art you would perform for me?” asked Marbhán.

“Ceasdumhnach maith mhe,” ar Dael Duiled.

“Ceistitheoir maith is ea mé,” arsa Daol Duileadh.

“I am a good wrangler *of riddles*,” said Daol Duileadh.

“In maith thusa isin cerd sin?” ar Marbán.

“An maith tusa sa cheird sin?” arsa Marbhán.

“Are you proficient in that occupation?” said Marbhán.

“Ni cuirfider oram ceisd nach fuaiscel

“Ní chuirfear orm ceist nach bhfuasclóidh mé,

“No question will be put to me that I will not solve;

ocus ni chuireab istigh ceisd

agus ní chuirfidh mé ceist

and there is not a problem which I would propose,

fhuaislecus in tromdam uili.

a fhuasclódh an Tromdhámh uile.

that the entire of the great bardic association could solve;

Agus innis-si dam,” ar Dael Duiled,

Agus inis-se dom,” arsa Daol Duileadh,

and tell me,” said Daol Duileadh,

“crét in maith fuair duine a talum ocus nach fuair Dia;

“cad é an mhaith fuair duine i dtalamh nár bhfuair Dia;

“what goodness did man find on the earth which God did not find?

ocus cuich in da crand

agus cad iad an dá chrann

Which are the two trees

nach teit a mbarr glas dibh no gu crinait;

nach dtéann a mbárr glas díobh nó go gcríonann siad;

whose green tops do not fade till they become withered?

ocus crét in bethadach bis isin saile

agus cad é an beithíoch a bhíonn sa sáile

What is the animal which lives in the sea-water,

ocus is e is badhadh do a bhuain as in saile

agus is é is bá dó a bhaint as an sáile

whose drowning it would be if taken out of the sea-water,

ocus is e is bethad dho a chur ann;

agus is é is beatha dó a chur ann;

and whose life would be preserved by putting him into it?

ocus crét int ainmhidi bís isin teinidh

agus cad é an t-ainmhí a bhíonn sa tine

And what is the animal which lives in the fire,

ocus as e is loscad do a bhuain aisdi

agus is é is loscadh dó a bhaint aisti

and whose burning it would be if taken out of it,

ocus as e is bethad do a cur innte.”

agus is é is beatha dó a chur inti?”

and whose life would be preserved by putting him into it?”

“As maith na cesta sin, a Dhaeil Duiled,” ar Marbán,

“Is maith na ceisteanna sin, a Dhaoil Dhuileadh,” arsa Marbhán,

“These are good problems, Daol Duileadh,” said Marbhán,

“ocus gid maith fuaiscelat-sa iat.

“agus, cé gur maith, fuasclóidh mise iad.

“and though excellent I will solve them.

Is e ni fuair duini a talam ocus nach fuair Dia .i. a shaith do thigherna,

Is é ní fuair duine i dtalamh agus nár bhfuair Dia, a sháith de thiarna,

That which man found on earth, and which God did not find, is his sufficiency of a Lord;

or ni thainic da olcus na dha fheabhus duini,

óir níor tháinig dá olcas ná dá fheabhas duine riamh

no one, however bad or good, ever came on earth but,

muna fagad se a shaith do thigerna shaegulda,

muna bhfaigheadh sé a sháith de thiarna shaolta,

though he might not find an earthly lord able to rule him,

nach fuiged se ri nime ocus talman mar thigherna;

nach bhfaigheadh sé Rí neimhe agus talún mar thiarna;

he found the King of heaven and earth as lord,

ocus ni mar sin do Dhia;

agus ní mar sin do Dhia;

and it is not so with God;

ni fhuair se a shaith do tigerna riam,

ní bhfuair sé a sháith de thiarna riamh,

He never found His sufficiency of a Lord,

or as e fein in tigerna osna tigernaibh.

óir is É féin an tiarna ós na tiarnaí.

because He is himself Lord of lords.

As iat in da crann nach teit a mbarr glas dib

Is iad an dá chrann nach dtéann a mbárr glas díobh,

The two trees whose green tops do not fade

.i. Eo Rosa ocus Fidh Sideng [Fidheang MO] a n-anmunna .i. cuilenn ocus iubar.

is iad Eo Rosa agus Fiodh Sidheang a n-ainmneacha, sin iad an cuileann agus an t-iúr.

are Eo-Rosa and Fidh-Sidheang, namely, Holly and Yew.

As e in bethadach darub badhad a bhuain asin muir, Gnim Abraein a ainm

Is é an beithíoch darb bá a bhaint as an muir an t-ainmhí darb ainm Gníomh Abraoin,

The animal, whose drowning it is to take him out of the sea, is named Gnim-Abraen;

ocus as e in bethadach darub loscad a bhuain asin teinid,

agus is é an beithíoch darb loscadh a bhaint as an dtine

and the beast, whose burning it is to take him out of the fire,

Tegillus a cét-ainm

an t-ainmhí darb céad-ainm Tegillus

is Tegillus, which was its original name,

ocus Salmandar a ainm aniugh;

agus darb ainm inniu Salmandar.

and its name at present is Salmandar.

ocus is e sin fuascladh na ceasd do chuiris orum, a Dhaeil Duiled,” ar Marbán.

Agus is é sin fuascailt na gceisteanna a chuir tú orm, a Dhaoil Dhuileadh,” arsa Marbhán.

And these are the solutions of the problems you proposed to me, Daol Duileadh,” said Marbhán.

 

Back to top

 

Section 47

“Mu comairce fort, a primhfhaidh nime ocus talman,” ar Dael Dúiled;

“Mo choimirce ort, a phríomh-fháidh neimhe agus talún,” arsa Daol Duileadh,

“I crave thy mercy, prime prophet of heaven and earth,” said Daol Duileadh;

“na bi dhamh-sa ocus ni bhiu duit ni is mo.”

“ná bí liomsa agus ní bheidh mise leat níos mó.”

“leave me alone and I’ll leave you alone in future.”

 

Back to top

 

Section 48

“Denaidh mu shaith crónain damh, a tromdám,” ar Marbán.

“Déanaigí mo sháith crónáin dom, a Thromdhámh,” arsa Marbhán.

“Perform as much crónán for me as I desire, you great bardic association,” says Marbhán.

Do freagair nech don cleir he ocus atbert:

D’fhreagair duine den chléir é agus dúirt:

One of the bardic body answered him and said:—

“Dogen-sa ealada duit,” ar se.

“Déanfaidh mise ealaín duit,” ar sé.

“I will perform an art for you,” says he.

“Cia thu fein?” ar Marbán.

“Cé hé tú féin?” arsa Marbhán.

“Who are you?” says Marbhán.

“Oircne Aithemuin misi,” ar se, “ollam Tuadhmuman.”

“Oircne Aitheamhuin mise,” ar sé, “ollamh Thuadhmhumhan.”

“I am Oircne Aitheamhuin,” says he, “Professor of Thomond.”

“Crét an ealada doghenair dhamh?” ar Marbán.

“Cad í an ealaín a dhéanfaidh tú dom?” arsa Marbhán.

“What art will you perform for me?” asked Marbhán.

“Is urusa dam ealada mhaith do denamh duit,

“Is furasta dom ealaín mhaith a dhéanamh duit,

“It is easy for me to perform a good art for you,

os isam feasach fir-eolac[h].”

óir táim feasach fír-eolach.”

for I am skilful and highly learned.”

“Is doigh lim-sa,” ar Marbán,

“Is dóigh liomsa,” arsa Marbhán,

“It is clear to me,” says Marbhán,

“gidh imdha duine ainmhfisach a tigh na tromdaimhe,

“cé gur mó duine ainbhiosach i dteach na Tromdháimhe,

“that, though many an ignorant person there be in the house of the great bardic association,

nach fuil dhibh uile en-nduini is ainmhfhesaighi ina thusa.”

nach bhfuil díobh uile aon duine is ainbhiosaí ná tusa.”

there is not of the entire one person more ignorant than yourself.”

“Cidh on?” ar Oircne.

“Cad ina thaobh sin?” arsa Oircne.

“How so?” said Oircne.

“Dias fher i n-aein-fhec[h]t oc tathaigid do mna

“Beirt fhear in éineacht ag tabhairt grá dod bhean

“There are two men paying their addresses to your wife,

ocus gan fhis cechtair dhibh acat-sa;

agus gan fhios ceachtair díobh agatsa;

and you know neither of them;

ocus as iat in dana fher sin,

agus is iad beirt fhear iad sin

and these two men are

mac righ Findfholtaig

mac rí Fionnfholtaigh

the son of the king Fionnfholtaigh (of fair hair),

ocus mac Fraigid Dairine

agus mac Fraighid Dairine,

and the son of Fraighid Dairine,

.i. dalta Guairi;

is é sin, dalta Ghuaire;

that is, the foster-son of Guaire;

ocus fail óir fuaruis o Guaire,

agus fáinne óir a fuair tusa ó Ghuaire

and the gold ring which you received from Guaire,

tuc si sin don dara fer dhibh

thug sí sin d’fhear díobh

she has given it to one of them,

ocus tuc si do claidem do[n] fhir aili.”

agus thug sí do chlaíomh don fhear eile.”

and she gave your sword to the other man.”

Do eirig Oircne Athemuin

D’éirigh Oircne Aitheamhauin

Oircne Aitheamhuin arose,

ocus do fhech a fhail oir ocus a claidem,

agus chuardaigh sé a fháinne óir agus a chlaíomh

and looked for his gold ring and sword,

ocus ni fhuair cechtar dhibh aigi,

agus ní bhfuair ceachtar acu aige,

and he discovered he had neither of them;

ocus o nach fuair, asbert:

agus, ó nár bhfuair, dúirt:

and, as he did not find them, he said:—

“Ar dho comairce dhamh, a prímhfhaidh nime ocus talman,

“Ar do choimirce dom, a phríomh-fháidh neimhe agus talún,

“I beseech your mercy, O prime prophet of heaven and earth;

na bi dhamh ocus ni bhiu duit ní is mo.”

ná bí liom agus ní bheidh mise leat níos mó.”

leave me alone and I’ll leave you alone in future.”

“Ni bhiu,” ar Marbán, “ocus dentar mu saith crónain dam.”

“Ní bheidh,” ar Marbhán, “agus déantear mó sháith crónáin dom.”

“I will not,” said Marbhán, “but let me have a sufficiency of crónán.”

 

Back to top

 

Section 49

Do raidh neach isin bruidhin:

Labhair duine sa bhruíon.

A person in the mansion said:—

“Doghen fein ealada duit,” ar si.

“Déanfaidh mé féin ealaín duit,” ar sí.

“I will submit an art unto you,” said she.

“Cia thu fein?” ar Marbán.

“Cé thú féin?” arsa Marbhán.

“Who are you?” says Marbhán.

“Crinlait Caillech mhisi” ar si.

“Críonlaith Cailleach mise,” ar sí.

“I am Críonliath Cailleach (Withered Hag),” she replied.

“Crét in ealada doghenta dham?” ar Marbán.

“Cad í an ealaín a dhéanfá dom?” arsa Marbhán.

“What is the art you would perform for me?”

“An ealada is uaisli ar bith,” ar in caillech,

“An ealaín is uaisle ar bith,” arsa an chailleach,

“The most noble of all the arts in the world,

“ocus nach fettar ri na ab na escob na papa do denumh ’na hecmuis

“nách féidir le rí ná le hab ná le heaspag ná le pápa a déanamh ina héagmais,

which neither king nor abbot nor bishop nor pope can do without,

.i. do shaith lanamnais do dhenum duit.”

is é sin, do sháith lánúnais a dhéanamh duit.”

namely, to become your spouse.”

“Is doigh linn,” ar Marbán,

“Is dóigh linn,” arsa Marbhán,

“It is evident to me,” said Marbhán,

“gur inmhuin let-sa in cerd sin in tan do bhadhuis at’ oicsceim,

“gurbh ionúin leatsa an cheird sin nuair a bhí tú i d’óig-scéimh,

“that you are an ill-disposed old woman, and possibly had been so in your younger days,

in tan is at’ aithsceim as inmhain let hi.

agus, nuair is i d’athscéimh atá tú, is ionúin leat leis í.

since you speak so immodestly at this advanced period of your life.

Madh misi,” ar Marbán, “in ní nach dernas as mh’ oicsceim,

Maidir liomsa,” arsa Marbhán, “an ní nár ndearna mé i m’óig-scéimh,

As for me,” said Marbhán, “as I did not wed in my youthful days,

ni dingen am’ sheinsceim

ní dhéanfaidh mé im shein-scéimh

neither shall I do so now,

re crinarracht caeilrengach croimchliastach caillighi mar thusa.”

le críon-arracht caoil-reangach croim-shliastach caillí mar thusa.”

particularly a withered, emaciated, and decrepid old hag as you are.”

“Mu comairce fort, a primhfhaidh nime ocus talman,

“Mo choimirce ort, a phríomh-fháidh neimhe agus talún,

“Be merciful to me, O prime prophet of heaven and earth.

na bi dham ocus ni bhiu duit.”

ná bíse liom agus ní bheidh mise leat níos mó.”

Leave me alone and I’ll leave you alone in future.”

“Ni biu,” ar Marbán, “ocus dentar mu shaith crónain dam.”

“Ní bheidh mé,” arsa Marbhán, “agus déantear mo sháith chrónáin dom.”

“I will,” said Marbhán, “but let a sufficiency of Cronan be performed for me.”

 

Back to top

 

Section 50

“Dogen-sa” ar fer istigh, “ealada duit.”

“Déanfaidh mise,” arsa fear istigh, “ealaín duit.”

“I will perform,” said a man in the house, “an art for you.”

“Cred in ealada?” ar Marbán, “ocus cia thu fein?”

“Cad é an ealaín?” arsa Marbhán, “agus cé thú féin?”

“What is the art?” says Marbhán, “and who are you?”

“Ollam maith mhisi rem’ cerd fein ac Senchán

“Ollamh maith mise lem cheird féin ag Seanchán.

“I am a good professor in my art to Seanchán,

.i. Casmhael cruiteri mh’ainm.”

Casmhaol Cruitire m’ainm.”

and Casmhaol the harper is my name.”

“Fiafraighim dhit, a Chasmhaeil,” ar Marbán,

“Fiafraím díot, a Chasmhaoil,” arsa Marbhán,

“I question you, Casmhaol,” said Marbhán,

“crét asa frit[h] in cruitherecht?

“cad as a bhfuaireadh an chruitireacht?

“whence originated the science of playing the harp?

nó cia dorindi in cét-dan?

nó cé a rinne an chéad dán?

who was the first that composed poetry?

nó cia is tusca dorinnedh cruit ina timpan?”

nó cé acu is túisce a rinneadh, cruit nó tiompán?”

or whether the harp or the tiompán was the first made?”

“Ni fhetar-sa sin, a primhfaid,” ar Cosmhæl.

“Níl a fhios agam sin, a phríomh-fháidh,” arsa Casmhaol.

“I don’t know that, prime prophet,” said Casmhaol.

“Dofetur-sa,” ar Marbán, “ocus atber friut-sa he.

Tá a fhios agam-sa,” arsa Marbhán, “agus inseoidh mise duitse é.

“I know it,” says Marbhán, “and I will tell it you.

Lanamhuin bui fec[h]t n-aill

Lánúin a bhí ann uair,

In former times there lived a married couple

.i. Macuel mac Miduel ocus Cana Cladhmor a bhen,

Macuel mac Midhuel agus Cana Cladhmhór a bhean,

whose names were Macuel, son of Miduel, and Cana Clúmhór (of great fame) his wife.

ocus tuc a ben fuath do

agus thug a bhean fuath dó

His wife, having entertained a hatred for him,

ocus do bhi ac teiched roime ar fud fhegh ocus fhasach

agus bhí sí ag teitheadh roimhe ar fud coillte agus fásach

fled before him through woods and wildernesses,

ocus bui-sium ’na lenmain;

agus bhí seisean á leanúint;

and he was in pursuit of her.

agus la da ndechaidh in ben cu traigh mara Camais

agus lá dá ndeachaidh an bhean go trá mara Camais

One day that the wife had gone to the strand of the sea of Camas,

ocus bui oc siubal na tragha,

agus bhí sí ag siúl na trá

and while walking along the strand

ocus fuair si taisi mil mhoir ar in traig

agus fuair sí taise míl mhóir ar an dtrá

she discovered the skeleton of a whale on the strand,

ocus atcluin si foghur na gaeithi re feithibh in mhil moir,

agus chuala sí foghar na gaoithe le féitheacha an mhíl mhóir,

and having heard the sound of the wind acting on the sinews of the whale,

ocus do chodail risin fogur sin;

agus chodail sí leis an bhfoghar sin.

she fell asleep by that sound.

ocus tainic a fer ’na diaigh

Tháinig a fear ina diaidh

Her husband came up to her,

ocus do thuic gurub lesin bhfoghar sin do thuit a suan fuirri;

agus thuig gur leis an bhfoghar sin a thuit a suan uirthi,

and having understood that it was by the sound she had fallen asleep,

ocus teit roime fon bhfigh coilled ba comfocus do

agus d’imigh roimhe faoin gcoill ba ghiorra dó

he proceeded into an adjacent forest,

ocus dogni fudba cruiti

agus rinne sé fráma cruite

where he made the frame of a harp,

ocus cuires teda d’fheithibh in mhil mhoir innti;

agus chuir téada d’fhéitheacha an mhíl mhóir innti;

and he put strings in it of the tendons of the whale,

ocus as i sin cét-cruit doronadh riamh.

agus is í sin an chéad chruit a rinneadh riamh.

and that is the first harp that ever was made.

Agus dino batar da mac ag Lamiach Bigamus

Agus bhí beirt mhac ag Laimiach Bighamhus, áfach,

And moreover, Lamiach had two sons — Bigamus,

.i. Iubal ocus Tubail Cain a n-anmanna.

ba iad Iubhal agus Tubhail Cain a n-ainmneacha.

Iubal and Tubal Cain were their names.

Bui mac dibh ’na ghabhuinn .i. Tubail

Bhí mac díobh, Tubhail, ina ghabha,

One of them was a smith, that is, Tubail;

ocus do tuic le fogur a da ord isin cerdcha gurub comfhad rainn adubradur [adubramdur fcs.],

agus thuig le foghar a dhá ord sa cheárta gur chomhfhad rainn a dúirt siad,

and he conceived that the tones of the two hammers in the forge denoted the quantities of metre,

ocus doghni-sium rann ar an adbhar sin,

agus rinne sé rann ar an ábhar sin

and on that measure he composed a verse,

ocus is e sin cét-rann doronta riamh.”

agus is é sin an chéad rann a rinneadh riamh.”

and that was the first verse that ever was composed.

“Mu comairci fort, a primhfáidh nime ocus talman,

“Mo choimirce ort, a phríomh-fháidh neimhe agus talún,

“Be merciful to me, prime prophet of heaven and earth;

na bi dhamh ocus ni bhiu duit.”

ná bíse liom agus ní bheidh mise leatsa níos mó.”

leave me alone and I’ll leave you alone in future.”

“Ni biu,” ar Marbán; “ocus dentar mu shaith crónain dam.”

“Ní bheidh mise,” arsa Marbhán, “agus déantar mo sháith crónáin dom.”

“I will not,” said Marbhán, “but let there be plenty of Cronan performed for me.”

 

Back to top

 

Section 51

Adubairt nech istigh: “Doghen-sa ealada duit, a Mharbáin.”

Dúirt duine istigh: “Déanfaidh mise ealaín duit, a Mharbháin.”

A person in the mansion said:— “I will perform an art for you, O Marbhán.”

“Cia thu fein?” ar Marbán, “ocus crét in ealadha fhuil agat?”

“Cé thú féin?” arsa Marbhán, “agus cad í an ealaín atá agat?”

“Who are you?” says Marbhán, “and what is the art you have?”

“Coirche Ceoilbhinn mh’ainm-si,” ar se,

“Coirche Ceoilbhinn m’ainmse,” ar sé.

“Coirche Ceoilbhinn (performer of melodious music) is my name,” said he,

“ollamh timpanachta na tromdhaimhe.”

“Is mé ollamh tiompánachta na Tromdáimhe.”

“Professor of tiompán-playing to the great Bardic Institution.”

“Fiafraigim did, a Choirche Cheoilbinn,” ar Marbán,

“Fiafraím díot, a Choirche Cheoilbhinn,” arsa Marbhán,

“I question you, Coirche Ceoilbhinn,” says Marbhán,

“crét ma ngairther ‘timpán naemh’ don timpán,

“cad uime go nglaoitear ‘tiompán naoimh’ den tiompán

“why is the tiompán called the ‘Saint’s Tiompán,’

ocus nar sheinn naem timpán riam?”

agus nár sheinn naomh tiompán riamh?”

and that no saint ever performed on a tiompán?”

“Ni fhedar imorro,” ar in timpanach.

“Níl a fhios agam, dar mo bhriathar,” arsa an tiompánaí.

“I really do not know,” replied the tiompán player.

“Ader-sa friut he,” ar Marbán,

“Deirfidh mise duit é,” arsa Marbhán.

“I will tell you,” said Marbhán; “it was as follows:—

“.i. in tan dochuaidh Nai mac Laimiach isin airc,

“An uair a chuaigh Naoi mac Laimiach san arc,

When Noah, the son of Lamiach, went into the ark,

ruc se mouran do cheolaibh leis

rug sé mórán de ghléasanna cheoil leis

he brought many musical instruments with him,

ocus ruc timpán do shunnrad;

agus rug tiompán go sonrach.

and in particular he brought a tiompán,

ocus do bhi mac aigi dar eol a sheinm,

Bhí mac aige gurb eol dó a sheinm,

and he had a son who was accustomed to play on it.

ocus batar isin airc oiret bui in dile forsin ndoman;

agus bhíodar san arc fad do bhí an díle ar an ndomhan,

They remained in the ark during the time that the deluge had been over the world;

co ndechaid Nai cona clainn aisdi;

co ndeachaigh Naoi agus a chlann aisti;

and when Noah and his family were coming out of it,

ocus dob ail don mac in timpán do breith leis.

agus b’áil leis an mac an tiompán a bhreith leis.

the son wished to take the tiompán with him.

‘Ni bera,’ ar Nai, ‘nogu faghar-sa luagh.’

‘Ní bhéarfaidh tú,’ arsa Naoi, ‘go bhfaighidh mise a luach.’

‘You shalt not take it,’ said Noah, ‘unless I obtain a request.’

Iarfocht in mac de crét in luagh.

D’fhiafraigh an mac de cad é a luach.

The son asked him what was the request.

Atbert Nai nar beg leis in timpán d’ainmniugad uaidh fein.

Dúirt Naoi nár bheag leis an tiompán d’ainmniú uaidh féin.

Noah said that he would be satisfied if the tiompán was named after him.

Dorat in mac in aiscid sin do;

Thug an mac an aisce sin dó,

The son granted him that favour,

conadh timpán Naei a ainm o sin anall;

i dtreo gur tiompán Naoi a ainm ó shin i leith,

so that the tiompán of Noah has been its name ever since;

ocus ni he sin adertis na timpanaig ainmhfheasacha,

agus ní hé sin a dheiridís na tiompánaithe ainbhiosacha

and that is not what you ignorant tiompán-players call it,

acht timpán naem.”

ach tiompán naoimh. ”

but the Saint’s Tiompán.”

“Mu comairce fort, a primhfád nimhe ocus talman;

“Mo choimirce ort, a phríomh-fháidh neimhe agus talún.

“Be merciful unto me, prime prophet of heaven and earth;

na bi dhamh ocus ni biu duit ni is mo.”

Ná bíse liom agus ní bheidh mise leatsa níos mó.”

leave me alone and I’ll leave you alone in future.”

“Ni bhiu,” ar Marbán; “ocus dentar mu shaith crónáin damh”;

“Ní bheidh mé,” arsa Marbhán, “agus déantar mó sháith crónáin dom.”

“I will not,” said Marbhán, “but let me have enough of crónán performed for me;”

agus do iar Marbán in crónán fa trí ocus ni fhuair.

Agus d’iarr Marbhán an crónán faoi thrí agus ní bhfuair.

and Marbhán called for the crónán three times and did not obtain it.

 

Back to top

 

Section 52

Ba nar le Senchán sin

Ba náir le Seanchán sin

Seanchán was ashamed of that,

ocus o nach fuair nech ele do freiceorad Marbán,

agus, ó nár bhfuair sé neach eile a d’fhreagródh Marbhán,

and as he found no other person to comply with Marbhán’s request,

adubairt co ndingnedh fein crónan do.

dúirt sé go ndéanfaidh sé féin crónán dó.

he said he would himself perform the crónán.

“As bindi leam-sa uait-si he,” ar Marbán, “na o gach duine ar bith.”

“Is binne liom uaitse é,” arsa Marbhán, “ná ó dhuine ar bith.”

“It will be more melodious to me from yourself,” said Marbhán, “than from any other person.”

Ro thocuib Senchán a ulchain a n-airdi,

Thóg Seanchán a fhéasóg anáirde

Seanchán raised his beard up high,

ocus nir gabh Marbán uadha acht crónan snacach;

agus níor ghabh Marbhán uaidh ach crónán snagach;

and Marbhán would have no other from him than the guttural crónán.

ocus intan do fhobradh Senchán scur,

agus nuair a mheasadh Seanchán scor,

Whenever Seanchán would wish to cease,

is ann aderedh Marbán “Denuidh mu shaith crónáin damh.”

is ann a deireadh Marbhán: “Déanaigí mo sháith crónáin dom.”

then would Marbhán say — “Perform enough of Crónán for me.”

Ba nar le Senchán sin

Ba náir le Seanchán sin

Seanchán was ashamed of that,

ocus sreangad ro-tenn dá tuc air ag denum in crónain,

agus sreangadh ró-theann dá dtug air féin agus é ag déanamh an chrónáin,

and, by an overstrained effort of his in performing the crónán,

sceinnid a lethshuil tar a cind, co mbui for a gruaigh.

sceinn a leath-shúil thar a cheann go raibh sí ar a ghrua.

one of his eyes gushed out and lay on his cheek.

O’tconnaic Marbán sin,

Nuair a chonaic Marbhán sin,

When Marbhán beheld that

dob egal leis achmhusan d’fhagail o Guaire;

b’eagal leis achasán d’fháil ó Ghuaire

he was afraid that he might get blame from Guaire,

ocus gabuis a paidir ina dernainn ndeis

agus dúirt a phaidir ina dhearna deis

and he said his Pater in his right hand,

ocus cuiris int suil ina hinat fein,

agus chuir an tsúil ina hionad féin,

and he put the eye back into its own place,

ocus atbert iarum: “Denaidh mu shaith crónáin damh.”

agus dúirt ansin: “Déanaigí mó sháith crónáin dom.”

and he afterwards said:— “Perform ye a sufficiency of crónán for me.”

 

Back to top

 

Section 53

Atbert nech astigh

Dúírt duine a bhí sa teach:

A person in the mansion said:—

“Dogen fein ealaidhi duit, a Marbáin.”

“Déanfaidh mé féin ealaín duit, a Mharbháin.”

“I will myself perform an art for you, Marbhán.”

“Cia thusa?” ar Marbán, “ocus crét in ealada?”

“Cé tusa?” arsa Marbhán, “agus cad í an ealaín?”

“Who are you?” says Marbhán, “and what is the art?”

“Scelaidhi is ferr isin tromdhaimh mé,” ar eisium, 

“Scéalaí is fearr sa Tromdhámh mé,” ar seisean,

“I am the best storyteller in the great Bardic Institution,” said he,

“ocus a nEirinn uili,

“agus in Éirinn uile,

“and in all Ireland,

ocus Fis mac Fochmhairc mh’ainm bunaidh.”

agus Fios mac Fochmhairc m’ainm bunaidh.”

and Fios mac Fochmhairc is my family name.”

“Masa thusa scelaidi as ferr a nEirinn,” ar Marbán,

“Más tusa scéalaí is fearr in Éirinn,” arsa Marbhán,

“If you art the best storyteller in Ireland,” said Marbhán,

“ata fis prímhscel Eirenn acat.”

“tá fios príomh-scéal Éireann agat.”

“you know the principal stories of Ireland.”

“Ata co deimin,” ar an scelaidi.

“Tá go deimhin,” arsa an scéalaí.

“I do, indeed,” replied the storyteller.

“Ma ata,” ar Marbán,

“Má tá,” arsa Marbhán,

“Well then,” said Marbhán,

“indis Tain Bo Cuailgne damh-sa.”

“inis Táin Bó Cuailnge domsa.”

“relate to me Táin Bó Cuailgne” (the Cattle Raid of Cooley).

Moighid soc[h]t ar an scelaidi ocus imdergthar uime.

Tháinig tocht ar an scéalaí agus imdheargadh é.

Silence seized the storyteller and he blushed for shame.

“Ga ttai” ar Senchán, “gan in scel d’innisi do Marbán?”

“Cad atá ort,” arsa Seanchán, “gan an scéal a insint do Mharbhán?”

“What ails you,” says Seanchán, “in not telling the story to Marbhán?”

“Fodhlaimh, a righ-ollam,” ar an scelaidi,

“Le do thoil, a rí-ollaimh,” arsa an scéalaí,

“By your leave, O arch Professor,” said the storyteller,

“ni chuala in Tain ud do thabairt a nEirinn riamh

“níor chuala mé an Táin úd a thabhairt in Éirinn riamh

“I have not heard that that the Táin was ever recited in Ireland,

ocus ni fhetur cia thuc.”

agus níl a fhios agam cé a thug.”

nor do I know who took it.”

“Maas edh,” ar Marbán,

“Más ea,” arsa Marbhán,

“Since that is the case,” said Marbhán,

“cuirim-si fa gheasaibh thu no gu n-indisi tu in Tain dam,

“cuirimse faoi gheasa tú nó go n-inseoidh tú an Táin dom

“I put you under geasa (enchantment) until you relate the Táin to me;

ocus cuirim in tromdhamh uili fa ghesaibh

agus cuirim an Tromdhámh uile faoi gheasa

and I lay a prohibition on the Burdensome Company

da rabhuid siat da oighthi a n-aein-tig

má bhíonn siad dhá oíche in aon teach

not to stay two successive nights in the same house

no gu faghait fis na Tana;

nó go bhfaighidh fios na Tána sin;

until they discover the story of the Táin.

ocus benuim-si fos a hucht mu Dhia bar ndan dibh uili

agus bainimse a hucht mo Dhia bhur ndán díbh uile

I also deprive you all of your poetic faculties, in the name of my God,

gan en-rand do dhenum o so amach

gan aon rann a dhéanamh as seo amach

that henceforth you shall not have the power of composing verse,

acht aen-nduan nama,

ach aon dán amháin

excepting one poem only

no gu faghthai Tain Bo Cuailgne dam-sa;

nó go bhfaighidh sibh Táin Bó Cuailnge domsa;

until you find for me the Táin Bó Cuailgne;

agus ac sud misi ag imtecht anois,” ar Marbán,

agus ag siúd mise ag imeacht anois,” arsa Marbhán,

and there am I now going away,

“ocus dar mu bréithir, muna bheth Guaire,

“agus dar mo bhriathar, muna mbeadh Guaire,

and, upon my word, were it not for Guaire

is maith do dhighelainn-si in torc finn oraibh,

is maith a dhíoghlfainnse an torc fionn oraibh,

well would I avenge myself on you for the white boar,

a cliar udmhall ainbhfheasach!”

a chliar udmhall ainbhiosach!”

you indolent, ignorant, bardic company!”

 

Back to top

 

Section 54

Teit Marbán roimhe

D’imigh Marbhán roimhe

Marbhán proceeded on his way,

ocus facbais in tromdham gu scithach cenntrom udmhall imsnímach.

agus d’fhág an Tromdhámh go scítheach ceanntrom udmhall imníoch.

and left the great Bardic Association wearied, downcast, gloomy, and in sorrow.

Atbert Senchán iarum:

Dúirt Seanchán ansin:

Then Seanchán said:—

“Do chuir Marbán fo gesaib sinn

“Chuir Marbhán faoi gheasa sinn

“Marbhán bound us under geasa,

da mbemis da oighthi a n-aein-inadh

dá mbeimis dhá oíche in aon ionad

that we should not remain two nights in one place

no gu faghmais in Tain;

nó go bhfaighimis an Táin;

until we would procure the Táin;

ocus is annsa baili so do bamar areir

agus is sa bhaile seo a bhíomar aréir

and it was in this place we were last night,

ocus ni biam anocht ann, do chomhall ar ngeas,

agus ní bheimid anocht ann chun ár ngeasa do chomhlíonadh,

and we must not be here to-night, that we may fulfill our geasa;

gan imtecht romainn d’iarraid na Tana no gu bhfhagham hi.”

gan imeacht romhainn chun iarraidh na Tána nó go bhfaighimid í.”

we must, therefore, proceed on our way in quest of the Táin till we discover it.”

Is ann sin doronad eirghe athlumh einfhir acon tromdhaimh

Is ansin a rinneadh éirí athlamh aonair i measc na Tromdháimhe,

It was then that every individual of the great Bardic Institution started up simultaneously,

idir ollumh ocus ansruith,

idir ollamh agus ánradh,

both professors and students,

idir fhilid ocus eicsin,

idir fhile agus éigsín,

both poets and student poets,

idir fhir ocus mhnai,

idir fhear agus mná,

both men and women,

idir coin ocus gilla,

idir cúnna agus giolla,

both hounds and servants,

idir ogh ocus shen.

idir óg agus sean.

both young and old.

Acht ata ní cena, gidh tromdhamh do gairthi dibh-som

Ach tá an ní seo le rá: cé gur Tromdhámh a ghlaoití orthu sin,

But, this is to be said: notwithstanding their being called the great Bardic Institution,

ocus ger mhor a ngráin,

agus cé gur mór í a ngráin,

and though greatly they were abhorred,

 

ba beg a saith.

ba bheag a sáith iad.

it took little to sate them;

Or ba hi Brigit ingen Onitcerne ben Shencháin duine ba mo saith dibh,

Óir ba í Bríd iníon Onithchearna, bean Sheancháin, duine ba mhó goile díobh,

for Bríd, daughter of Onithcearn, the wife of Seanchán, was the person among them who had the most appetite,

ocus ní ithedh Senchán ugh circe d’aen-saith,

agus ní itheadh Seanchán ubh circe d’aon bhéile,

and she usually ate only a hen egg at a meal,

ocus do ghairdis-sium Brigit Mhor-shaithech di.

agus ghlaoidís Bríd Mhórshách di.

and therefore she was called Bríd of the great appetite.

 

Back to top

 

Section 55

Is ann sin do gluaisetar in tromdhamh rompa

Is ansin a ghluaiseadar an Tromdhámh rompu

The great bardic association then proceeded on their journey,

gu rángatar airm i mbui Guaire.

gur rángadar airm ina raibh Guaire.

until they arrived at the residence of Guaire.

Eirghis Guaire ’na n-agaid,

D’éirigh Guaire ina n-aghaidh

Guaire went forth to meet them,

or bá hingnad lais a bhfhaicsin uili ar in faighti,

óir b’ionadh leis iad uile go léir a fheiceáil ar an bhfaiche,

for he wondered at seeing them all on the plain,

ocus cuiris failti coitcenn friu

agus chuir sé fáilte choiteann rompu go léir

and he bid them a welcome in general.

ocus do tarbir teora pog do Senchán ocus atbert:

agus thoirbhir sé trí póga do Sheanchán agus dúirt:

He gave three kisses to Seanchán, and said —

“Scela agat, a rí-ollamh,” ar se,

“Scéala agat, a rí-ollaimh,” ar sé.

“What news do you have, Arch-Professor,” said he;

“cidh ro gluais sibh o bhar mbruigin fein?”

Cén fáth a ghluais sibh ó bhur mbruíon féin?”

“why have you departed from your own mansion?”

“As olc ar scela, a ri,” ar Senchán.

“Is olc ár scéala, a rí,” arsa Seanchán.

“Bad is our story, O king,” said Seanchán.

“Marbhan mucaid, prímhfhaidh nimhe ocus talman,

“Marbhán muicí, priomh-fháidh neimhe agus talún,

“Marbhán the swineherd, prime prophet of heaven and earth,

tainic ar cuairt chucaind do dighailt in tuirc fhinn orainn

a tháinig ar cuairt chugainn ag díoghail an toirc fhionn orainn

came on a visit to us to take revenge of us for the white boar.

ocus do iar a rogha ealadan ocus oirfitidh ocus do geallad sin do;

agus d’iarr a rogha ealaíne agus oirfide agus gealladh sin dó,

He requested his choice art and music, which was granted to him,

ocus is e rogha ruc-san, a saith crónain,

agus is é rogha a rug seisean ná a sháith chrónáin,

and the choice he made was to have his sufficiency of crónán.

ocus do choir [leg. chuir] tri naenbair acainn agá dhenamh sin dó

agus chuir sé trí naonúr á dhéanamh sin dó

Thrice nine of us went to chant the crónán for him,

ocus dochuadus-sa fein,” ar Senchán, “do denam in crónain dó fá dheiredh;

agus chuaigh mise féin,” arsa Seanchán, “ag déanamh an chrónáin faoi dheireadh,

and I myself,” said Seanchán, “finally went to sing it for him;

ocus in tan do fhobrain[n] scur,

agus nuair a mheasainn scor

and whenever I chanced to cease

is and do iaradh-som a shaith crónáin do dhenamh do;

is ann a d’iarraidh seisean a sháith chrónáin do dhéanamh dó;

he then desired to have more crónán sung for him;

ocus sreangad roi-thenn da tucus oram,

agus sreangadh ró-theann a thug orm féin,

and by an overstrained effort I made

do chuires mu shuil ar mu gruaigh;

chuir mé mo shúil ar mo ghrua,

I put out my eye on my cheek,

ocus do foir-sin me tre cumachtaib De;

agus d’fhóir seisean mé tré chumhachtaí Dé;

but he healed me by the power of God.

ocus atbert nech isin bruidin co ndingned se scelaidecht do,

agus dúirt neach sa bhruíon go ndéanfadh sé scéalaíocht dó,

A person in the mansion then told him he would entertain him with storytelling,

ocus do iar-san Táin Bo Cuailgne;

agus d’iarr seisean Táin Bó Cuailnge;

and he (Marbhán) chose to have Táin Bó Cuailgne.

ocus atbert in scelaidi nach roibi in scel soin aigi,

agus dúirt an scéalaí nach raibh an scéal sin aige

The storyteller said he had not that story,

ocus do chuir-sium fo ghesaibh sinne ocus in scelaidi

agus chuir seisean faoi gheasa sinne agus an scéalaí

and he bound us and the story-teller by geasa (solemn injunctions)

gan en-rann dar ndan d’fhagail duin

gan aon rann dár ndán a fhágáil dúinn

so as not to have the power of composing one stanza of our poetry,

ocus gan beith dá oighthi a n-aein-tigh

agus gan bheith dhá oíche in aon teach

and that we are not to remain two nights in the same house

no gu bhfhaghmais fis na Tana do;

nó go bhfaighimis fios na Tána dó;

till we procure for him the story of the Táin.

agus annsa baili so do bamur areir

agus is sa bhaile seo a bhíomar aréir

In this place we were last night,

ocus ni biam anocht ann.”

agus ní bheimid anocht ann.”

and we cannot be in it tonight.”

 

Back to top

 

Section 56

“Cia hairm rob ail duibh dul d’iaraidh na Tána?” ar Guaire.

“Cá háit arbh áil libh dul chun iarraidh na Tána?” arsa Guaire.

“To what place do you propose to go in quest of the Táin?” said Guaire.

“A nAlbain” ar Senchán.

“In Albain,” arsa Seanchán.

“To Alba” (Scotland), replied Seanchán.

 

Back to top

 

Section 57

“Na heirgidh,” ar Guaire,

“Ná héirigh,” arsa Guaire,

“Don’t go there,” said Guaire,

“ar is a nAlbain is lugha doghebhthai a fhis.

“óir is san Albain is lú deis a gheobhaidh sibh a fhios.

“because in Alba you have the least chance of information,

Or is a nEirinn fein tucadh in Tain sin;

Óir is in Éirinn féin a tugadh an Táin sin,

for in Ireland itself that Táin was effected;

agus dofetur-sa,” ar Guaire, “mar as coir daibh do dhenamh.”

agus tá a fhios agamsa,” arsa Guaire, “cad is cóir daoibh a dhéanamh.”

and I know,” added Guaire, “what you ought to do.”

“Cinnus on?” ar Senchán.

“Conas sin?” arsa Seanchán.

“What is that?” asked Seanchán,

“Anmhain am’ fharrad-sa,” ar se,

“Fanacht im fharradhsa,” ar sé,

“to remain with me,” said he;

“ocus in anoir fuarabhair uaim-se

“agus an onóir a fuair sibh riamh uaimse

“and the honour which you have been receiving from me

ocus o fheraibh Eirenn gus aniugh,

agus ó fhir Éireann is inniu,

and from the men of Ireland unto this day,

doghebhtai uaim-si anois he a n-ecmais bur ndana.”

gheobhaidh sibh uaimse anois í in éagmais bhur ndána.”

you shall now have it from me in consideration of your poetry.”

“Ni biadh acht maith deirce ann sin,” ar Senchán.

“Ní bheadh ach maith déirce ann sin,” arsa Seanchán.

“That would be no better than a compliment of alms,” said Seanchán.

“Maas ed,” ar Guaire,

“Más ea,” arsa Guaire,

“If you think so,” says Guaire,

“fanadh bur mna ocus bur meic ocus bur ngillannrad am’ fharrad-sa

“fanadh bhur mná agus bhur mic agus bhur ngiollanra im fharradhsa

“then let your women, sons and servants remain with me,

ocus eircit bur n-ollaim ocus bur filedi ocus bhur lucht canta ciuil d’iaraid na Tana.”

agus éiríodh bhur n-ollúna agus bhur bhfilí agus bhur lucht canta ceoil chun iarraidh na Tána.”

and let your professors, poets and musicians go in quest of the Táin.”

Atbertsat uili gur choir sin

Dúirt siad uile gur chóir sin

They all approved of that proposal

ocus ro chinnset ar an comairle sin.

agus chinn siad ar an gcomhairle sin.

and determined on that resolution.

 

Back to top

 

Section 58

Is annsin isbert Senchán:

Is ansin dúirt Seanchán:

It was then Seanchán said:—

“In oen-nduan dar nduan ro facbhadh acainn,

“An t-aon duan dár bhfilíocht a fágadh againn,

“The only poem of our poetry which has been left to us,

as coir dhuin a dhenamh do Guaire.

is cóir dúinn é a dhéanamh do Ghuaire,

it is fit we compose it for Guaire,

Or ataimit mi ocus raithe ocus bliagain aigi

óir atáimid mí agus ráithe agus bliain aige

for we have been with him a month, a quarter and a year,

isin mbaili-sea .i. a nDurlus.”

sa bhaile seo, is é sin, i nDurlas.”

in this place, namely at Durlas.”

Asbertsat in tromdhamh gur choir sin;

Dúirt an Tromdhámh gur chóir sin;

The great bardic association agreed that that would be proper;

“Doigh amh

Is dóigh, ámh,

“for truly” said they,

ni roibhi teirce bidh na dighi

ní raibh teirce bia ná dí

“we had no want of food or drink,

na oir na aircit

ná óir ná airgid

of gold or silver,

na set na maine orainn,

ná séad ná maoine orainn,

or of jewels and substance;

ocus ni dhechaid mian aen-nduine fa lar acainn frisin ré sin

agus ní dheachaigh mian aon duine gan freastal againn leis an ré sin,

the yearning of no individual amongst us remained unsatisfied during that period;

ocus ni fuighter cu dicenn in domhain

agus ní bhfaighfear go deire an domhain

and there will not be found to the end of the world,

a mbaili righ Eirenn na righ cuicidh

i mbaile rí Éireann ná rí cúige

in the residence of a king of Ireland or of a provincial king,

connmail mar in connmail dorad dún.”

coinneáil mar an choinneáil a tugadh dúinn.”

an entertainment equal to the entertainment he gave us,”

Ut dixit Senchán:

Agus dúirt Seanchán:

as Seanchán said —

     

“Triallum uait, a Guairi glain,

“Triailimis uait, a Ghuaire ghlain,

“We depart from you, O spotless Guaire,

facmait agat beanachtain;

fágaimid agat beannachtain;

We leave with you our benedictions;

bliagain ocus raithe is mí

bliain agus ráithe is mí

A year, a quarter and a month

atam acut, a airdri.

atáimid agat, a ardrí.

We have been with you, O exalted king.

 

 

 

Tri caegaid eices nár mhín

Trí caogaid éigeas nár mhín

Thrice fifty acute professors,

agus trí caegaid eicsin;

agus trí caogaid éigsín;

And thrice fifty students;

da mnai is gilla is cu gach fhir,

dhá mná is giolla is cú gach fir,

Two women, a valet, and a hound with each man

ro biadhta uili a n-aein-tigh.

a biathaíodh uile in aon teach.

Were all supplied with food in one mansion.

     

Cuid ar leth ag gach dhuine,

Cuid ar leith ag gach duine,

Each person had his own meals apart,

leaba ar leth gach en-nduine;

leaba ar leith gach aon duine;

Each one had a separate bed;

ni eirghimis madan moch

ní éirímis maidin mhoch

We rose not on an early morning

gan deabaidh nó gan ecnach.

gan deabhaidh ná gan éagnach.

Without debate or without complaint.

 

 

 

Aderim-si ribh-si dhe,

Deirimse libhse dhe,

I say unto you as an inference,

firfuither in faisdine,

fíorófar an fháistine;

That the prophecy will be fulfilled;

mad da roisium tolaibh clann

má shroichimid, mórslua clann,

If we reach our destination, with the multitudes of the clans,

ticfam aris, ge triallam.”

tiocfaimid arís, gé triallaimid.”

We will come again, though we now proceed.”

Triallam.

 

 

 

Back to top

 

Section 59

“Ca ait ar [leg. a] mbeithi anocht?” ar Guaire.

“Cá háit a mbeidh sibh anocht?” arsa Guaire.

“Where do you intend to be tonight?” said Guaire.

“A Nas na righ, da roisium he,” ar Senchán,

“I Nás na Rí, má shroichimid é,” arsa Seanchán,

“At Nás of the kings if we can arrive there,” replied Seanchán,

“a ndunadh righ Laigean Connra Caech.”

“i ndún rí Laighean, Connra Caoch.”

“in the fortress of the king of Leinster, Connra Caoch” (the Blind).

 

Back to top

 

Section 60

Tiaguit rompa co Nas

D’imíodar rompu go Nás

They proceeded on their journey to Nás,

ocus in tan do bhatar ag dul don baili,

agus nuair a bhíodar ag dul don bhaile,

and when they were coming to the place

tarla lobur dhoibh ar an sligid ocus atbert friu:

tharla lobhar dóibh ar an slí agus dúirt leo:

they met a leper on the way who said unto them —

“Cia hinad asa tancabar, in fian mhor bathlach [mhór bhachallach MO] so?” ar se.

“Cá hionad as a tháinig sibh, an fhiann mhór bhathlach seo?” ar sé.

“From what place did this large rustic crowd come?” said he.

“Ni hedh sin fil ann,” ar fer dhibh,

“Ní hé a leithéid sin atá ann,” arsa fear díobh,

“They are none such who are here,” said one of them,

“acht Senchan seinfhili guna chleir ocus guna fhéin.”

“ach Seanchán seanfhile lena chléir agus lena bhuíon.”

“but Seanchán the sage poet with his bards and noble company.”

“Is aithnid dam bhur n-anmanna,” ar an clamh,

“Is aithnid dom bhur n-ainmneacha,” arsa an clamh,

“Your names are familiar to me,

“gidh fada re radh iat;

“cé gur fada le rá iad,

though long it would take to repeat them;

ocus is meisdi an tir a ttighthi

agus is miste an tír ina dtagann sibh

and the country into which you come is the worse for it,

ocus [is méanur] in tir asa tancabar.

agus is aoibhinn do tír as a tháinig sibh.

and the country whence you came is the better for it.

Cia fod is ail duib dula anocht?” ar in lobor.

Cá fhad is áil libh dul anocht?” arsa an lobhar.

How far do you intend going to-night?” asked the leper.

“Co dunad Connra Chaeich righ Laigen,” ar siat.

“Go dún Chonnra Chaoich, rí Laighean,” ar siad.

“To the fortress of Connra Caoch, king of Leinster,” they replied.

“[Ní] fil toisc acuib-si ann” ar in lobur,

“Níl toisc agaibh ann,” arsa an lobhar,

“You have no business going there

“ocus gan [aon rann] da bhur ndan acuibh.”

“agus gan aon rann de bhur nduan agaibh.”

since you have not the power of composing one stanza of your poetry.”

“Cia dho innis sin duit-si, a claim?” ar iat-som.

“Cé inis sin duitse, a chlaimh?” ar siadsan.

“Who told you that, you mangy fellow?” said they.

“As e anois tráth a derbtha dhib-si,” ar an clamh.

“Anois tráth a dhearbhú daoibhse,” arsa an clamh,

“Now is the time to prove it to you,” said the leper,

“Or is coir dhuibh duan do denamh do righ Laigen;

“óir is cóir daoibh duan a dhéanamh do rí Laighean,

“for it will be necessary for you to compose a poem for the king of Leinster,

or is e dobéra imluchtad dhaibh a nAlpain.”

mar is é do bhéarfaidh iomlachtadh daoibh go hAlbain.”

as it is he that is to give you a passage to Alba” (Scotland).

“As fir don clamh sud,” ar na hollamna,

“Is fíor siúd don chlamh,” arsa na hollúna,

“What the leper says is true,” said the professors;

“ocus as ferr dhuin a fhechain in fetfamais duan do dhenam do righ Laigen”;

“agus is fearr dúinn féachaint an bhfaighimis duan a dhéanamh do rí Laighean”;

“and it is better for us to try if we can compose a poem for the king of Leinster.”

ocus do trialsat a denum

agus thrialladar é a dhéanamh,

They accordingly set about composing it,

.i. rann o gach ollam acu.

’sé sin, rann ó gach ollamh acu.

viz. a verse by each professor of them;

Acht ata ni cena, damad ferdi leo oiret en-fhocail,

Ach dá mb’fhearrde leo oiread agus aon fhocal,

but even if they had preferred (been content with) a single word,

ní fuaratar le chéle gu coir.

ní bhfuair siad le chéile go cóir é.

they could not find it with their united efforts.

Atbert in clamh: “Damad ail libh luach do thabairt damh fein,

Labhair an clamh: “Dá mb’áil libh a luach do thabhairt dom féin,

The leper said — “If you would be pleased to grant me a consideration

doghenainn duan do righ Laigen ar bur son.”

dhéanfainn duan do rí Laighean ar bhúr son.”

I will compose a poem for the king of Leinster in your stead.”

Atbertsat co tibritís a rogha luaigi dho.

Dúirt siad go dtabharfaidís a rogha luach dó.

They said they would grant him his choice favour.

“Tabraidh bur luidhi ris-sin,” ar an clamh.

“Tugaigí bhúr móid leis sin,” arsa an clamh.

“Pledge your word to that,” said the leper.

Tucsat a mbriatar uili dho.

Thugadar go léir a mbriathar dó.

They all pledged their word to him.

“Maas ed,” ar se, “is e luach iaraim-se oraibh, Senc[h]án do thabairt phoigi dhamh.”

“Más ea,” ar sé, “is é luach iarraimse oraibh Seanchán do thabhairt phóige dom.”

“Well then,” said he, “the reward I ask of you is that Seanchán will give me a kiss.”

Atbert Senchán, da mbeth se ocus a ollamna a ngill [a ngill a ngill fcs.] ris,

Dúirt Seanchán dá mbeadh sé féin agus a ollúna i ngeall leis

Seanchán said that should he and his professors be forfeited for it

nach tibrad fein poc don clam.

ná tabharfadh féin póg don chlamh.

he would not give a kiss to the scabby fellow.

Atbertsat na hollamna co n-impabhdais docum Guairi ariss

Dúradar na hollúna go n-iompóidís chun Guaire arís

The professors declared they would return to Guaire again,

ocus nach rachdais leis-sium muna tugad póc don lobur.

agus ná rachaidís leis sin muna dtugadh sé póg don lobhar.

and that they would not accompany him unless he would give a kiss to the leper.

Tuc Senchán póc don clam,

Thug Seanchán póg don chlamh,

Seanchán thereupon gave a kiss to the scabby man,

ger leasc leis;

cé gur leasc leis;

though loathsome it was to him.

ocus tangatar cu dorus in dunaid

agus thángadar go doras an dúna

They came to the gate of the fortress

ocus do buailset baschrand.

agus bhuaileadar boschrann.

and they struck the door-knocker.

 

Back to top

 

Section 61

Do fhiarfaigh in doirseoir cia do bi isin doras.

D’fhiafraigh an doirseoir cé bhí sa doras.

The porter asked who was at the door.

Atbert in clamh gurub e Senchán cona ollamnaib bui ann.

Dúirt an clamh gurbh é Seanchán lena ollúna a bhí ann.

The leper replied that it was Seanchán with his professors that was there.

Do fhiarfaigh in doirseoir in raibi dan acu do rig Laigen.

D’fhiafraigh an doirseoir an raibh dán acu do rí Laighean.

The door-keeper asked if  they had a poem for the king of Leinster.

“Ata,” ar an clamh, “ocus is misi is recaire do.”

“Tá,” arsa an clamh, “agus is mise is reacaire dó.”

“They have,” said the leper, “and I am its reciter.”

“Olc in maisi recaire ata ort,” ar Senchán,

“Olc an mhaise reacaire atá ort,” arsa Seanchán,

“Bad is your appearance as a reciter,” said Seanchán,

“ocus is meisdi sinne do beith maille rinn.”

“agus is miste sinne tusa bheith linn.”

“and it is worse for us to have you along with us.”

Tiaghuit isteach isin dun

Chuadar isteach sa dún

They went into the fort,

ocus do cuir ri Laigen firchain failti friu,

agus chuir rí Laighean fíorchaoin fáilte rompu,

and the king of Leinster bid them a hearty welcome,

ocus do fhiarfaig dib cia conar dob ail doibh dula.

agus d’fhiafraigh díobh cá conair in arbh áil leo dul.

and asked them “to what place they desired to go.”

“A nAlbain,” ar siat,

“In Albain,” ar siad,

“To Alba,” they replied,

“ocus dob ail linn long ocus lon d’faghail uait-si.”

“agus b’áil linn long agus lón a fháil uaitse.”

“and we wish to obtain a ship and stores from you.”

Do fiarfaig ri Laigen in raibhi dan molta acu dho.

D’fhiafraigh rí Laighean an raibh dán molta acu dó.

The king of Leinster asked them if they had a poem in praise of himself.

“Ata imorro,” ar in lobur,

“Tá go deimhin,” arsa an lobhar,

“They surely have,” answered the leper,

“ocus is misi is recaire dho”;

“agus is mise an reacaire dó;”

“and I am to deliver it,”

ocus ro gab in lobur in duan:

agus gabh an lobhar an duan.

and he recited the poem.

 

 

 

“A Chonnra Chaeich

“A Chonnra Chaoich

“O Connra Caoch,

mheic Dairbre o’n traigh,

mhic Dhairbhre ón dtrá,

son of Dairbhre from the strand,

charait mna Fail [a carui bhan fail MO]

a dhuine úd a charann mná *Inse* Fáil

You friend of the fair-haired

[co] foiltfhinne [co bhfoltfinne MO],

le folt fionn,

women of Inis Fáil;

tabair dun luing [tabhair dhuinn long MO]

tabhair dúinn long

Give us a ship to convey us

dar cur tar tuind [dar ttabhairt on thráigh MO]

a bhéarfaidh sinn

over the waves

[for] mara [muing] [for mong mara MO]

thar moing na mara

Of the boisterous sea

puill poirtglindi [sgoithghille. MO].

le cladaí seasta.

with immovable shores (?).

 

 

 

A gilla gloin, [A ghile co ccloine MO]]

A ghiolla na cáile glaine,

O purest man

luidhsium fad’ bloig [bisi madh bladh MO]

thángamarna anseo ar do chlú

we have come by your renown

a comu[i]r cloith [comur cloich MS] [a ccomhair chloithe MO]

i dtreo imeall

To the fertile land

buird Breghmhuigi [brugh bhreghmhuighe MO];

Má Breagha cáiliúla;

of the delightful plain;

  .    .    .    .    .    .

  .    .    .    .    .    .

  .    .    .    .    .    .

do mholad maith [dar molugha maith MO],

dod mholadh mhaith,

To praise you well,

a ri, a fhlaith [a righfhlaith MO]

a rí agus a fhlaith

O king, O chief,

na teghlaigi [na ndeaghghlace MO],

an teaghlaigh seo.

Of the bounteous hands,

innlaic uaid inn [iodhluighe uait sinne. MO]

Tionlaic uait feasta sinn

convey us away from you,

gu luath tar linn [Go luaightir lind MO]

go luath thar linn

Speedily over the sea   .  .

gu gaeth, gu grinn [co grind go gaoithe MO],

go gaoth go grinn

With wind and favour,

a degduine [a dheaghdhuine MO]!

a dhea-dhuine!”

O generous man!”

[os tú flaith an múir fhind

 

 

tabhair dhuinn lon ar luinge MO]”

 

 

 

Back to top

 

Section 62

A haithli na duaine sin, tugad tighi leaptha dhoibh

Tar éis an dáin sin tugadh tithe leapachais dóibh

After that poem they were supplied with bed-chambers;

ocus rucsat as in oigthi sin co subhuch somenm[n]ach,

agus rugadar as an oíche sin go subhach somheanmnach,

and they passed that night in cheerfulness and great mirth,

gan esbaidh fhresdail na fhritholma,

gan easpa freastail ná friothála orthu,

without want of entertainment or attendance,

co tainic maidiun arna mharach.

go dtáinig an mhaidin arna mhárach.

till the morning on the morrow came.

Do glanad long dhoibh iarum

Glanadh long dóibh ina dhiaidh sin

A ship was soon cleared out for them,

ocus do cuiredh lon innti.

agus cuireadh lón inti.

and provisions were put into her.

Do fiarfaig in lobhar in rachad fein leo isin luing.

D’fhiafraigh an lobhar an rachadh sé leo sa long.

The leper asked might he go along with them in the ship.

Atbert Senchán nach rachad fein leo inti da ndechad-somh.

Dúirt Seanchán nach rachadh sé féin leo inti dá dtéadh seisean.

Seanchán replied that should he (the leper) go, he himself would not go into it.

Teit Senc[h]án guna ollamhnaibh isin luing

Chuaigh Seanchán lena ollúna sa long ansin

Then Seanchán with his professors went on board the ship,

ocus facbhuit in lobar ar tir;

agus d’fhágadar an lobhar ar tír;

and they left the leper on land.

ocus tiagait fein rompa ar fud in mhara

agus d’imíodar féin rompu ar fud na mara

They proceeded on their voyage over the sea

cu rangatar lamh re cairgibh Manann;

go dtángadar lámh le carraigeacha Manainn,

till they came near the rocks of Man.

ocus adconncatar aen-duine for an carraic,

agus chonaiceadar duine aonair ar an gcarraig,

They beheld an individual on the rock,

ocus as i sin uar atconncatar in lobur ar cuirr thosaig na luingi

agus í sin uair a chonaiceadar an lobhar ar chorr thosaigh na loinge

and at the very same time they saw the leper in the foremost part of the ship,

ocus crónan snacach aigi aga dhenamh.

agus crónán snagach á déanamh aige.

and he singing the bass crónán.

 

Back to top

 

Section 63

Atbert in duini bui forsin carraic os a cind:

Dúirt an duine a bhí ar an gcarraig os a gcionn:

The person who was on the rock above them asked:—

“Cia ata isin luing?” ar se.

“Cé atá sa long?” ar sé.

“Who is in the ship?” said he.

Freagras in lobur he ocus atbert

D’fhreagair an lobhar é agus dúirt:

The leper answered him and said:

“Ata Senc[h]án cona cléir.”

“Tá Seanchán lena chléir.”

“Seanchán with his bardic company.”

“Maas ed,” ar in fer thuas,

“Más ea,” arsa an fear thuas,

“If that be so,” said the man,

“cuirim-si fo ghesaibh shibh

“chuirimse faoi gheasa sibh

“I put you under geasa (or injunctions)

dá tí neach a tir acuibh

má thagann neach agaibh i dtír

that not one of you shall come on land

no gu bhfagha sibh lethrann a n-agaid in lethrainn-si.”

nó go bhfaighidh sibh leath-rann in aghaidh an leath-rainn seo.”

until you furnish a half stanza in reply to this half stanza.”

“Gab he,” ar in lobur.

“Abair é,” arsa an lobhar.

“Recite it,” said the leper.

Atbert Senchán: “As meisdi sinn in lobur do beth againn,

Dúirt Seanchán: “Is miste sinn an lobhar a bheith againn,

Seanchán said:— “We are the worse off for having the leper with us,

or ni mesti leis bascad da bhfhuighem.”

óir ní miste leis sin bascadh dá bhfaighimid.”

because it is all the same to him what fate we meet with.”

“Ní ragha-sa a tír ann so, a rig-ollam,” ar an lobur,

“Ní rachaidh tusa i dtír anseo, a rí-ollamh,” arsa an lobhar,

“You cannot land here, O royal professor,” said the leper,

“no gu bhfhaghthar lethrann ’na agaid sut.

“nó go bhfaightear leath-rann ina aghaidh siúd.

“until a half stanza be produced in reply to his.

Gab do rann, a duine,” ar an lobur,

Gabh do rann, a dhuine,” arsa an lobhar,

Recite your verse, man,” said the leper,

“o nach fuil ac Senchán luach is ail lem-sa uaid.”

“ó nach bhfuil ag Seanchán luach is áil liomsa uaidh.”

“since Seanchán has no premium that I would accept from him.”

Gabhuis in fer lethrann, ut dixit:

Gabh an fear leath-rann agus d’fhreagair an lobhar é:

The man recited his half stanza as follows:—

 

 

 

“Cach re murrech fairgi fuirenn fai [gach canurat fairge fuireann fuigh MO].”

“Gach mairnéalach mara is gnáth dó foireann faoi.”

“Every mariner of the sea has a crew under his command.”

     

Dixit in lobur:

Agus d’fhreagair an lobhar:

The leper replied:—

 

 

 

“Turnfuidh sneachta [tuirniugh sneachta MO], eirgid tuirenn

“Tuitfidh sneachta, éireoidh toirneach,

“Snow will fall, lightning will flash,

gairbhidh acaill cairill cai [gairbhe agaill cairill caoidh MO].”

gairfidh fiolar fíochmhar sa spéir.”

an eagle will scream in the sky.”

 

 

 

“As e sin a lethrand coir,” ar an fer thuas,

“Is é sin an leath-rann cóir,” arsa an fear thuas,

“That is the correct half stanza,” said the man above,

“ocus ní fhuil isin luing nech do chuirfedh a lethrand coir ris acht tusa.

“agus níl sa long neach a chuirfeadh a leath-rann cóir leis ach tusa.

“and there is not in the ship a person who could give it a correct half stanza but yourself;

Agus ata lethrann ele agam,” ar se.

Agus tá leath-rann eile agam,” ar sé.

and I have another half stanza,” said he.

“Gab he,” ar in lobur.

“Gabh é,” arsa an lobhar.

“Recite it,” says the leper.

     

“Giarsat eolach a mbi h’adbhuidh [giarfaid eolach air biodhbuibh MO]

“Cé gur eolach atá tú i d’áitreabh,

“Though you are possessed of much knowledge when you are in your abode;

giarsat taman bolgaig bunn [giarfadh tamhann co bond MO].”

cé gur bolgach é an tamhan ag a bhun (?).”

Though the trunk is bulging at its base (?).”

 

 

 

Dixit in lobar:

Dúirt an lobhar:

The leper replied:—

 

 

 

“Ar bru chairrgi mhara Manann [for brugh chairge Manainn MO]

“Ar bhruach carraige mhara Manainn

“On the brink of the cliff of the sea of Man,

dorínes mor salann sunn [dorinnis mor shaland MO].”

rinne tú mórán salainn ann.”

You have made much salt.”

 

 

 

“As e sin a lethrann,” ar in fer thuas,

“Is é sin a leath-rann,” arsa an fear thuas,

“That is the half stanza,” said the man above,

“ocus ata lethrann ele agam,” ar se.

“agus tá leath-rann eile agam,” ar sé.

“and I have another half stanza,” said he.

“Gabh e,” ar in lobhar.

“Gabh é,” arsa an lobhar.

“Recite it,” says the leper.

 

 

 

“Ar mu loscadh, ar mu mescadh [air mo losgadh ar mo mheasgadh MO],

“Ar mo loscadh, ar mo mheascadh,

“On (or by) my burning, on my mixing,

ar mu mescadh ar an tuinn [ar mo theasgadh for an tuinn MO].”

ar mo theascadh ar an tonn.”

On my cutting on the wave.”

 

 

 

Dixit in lobur:

Dúirt an lobhar:

The leper replied:—

 

 

 

“A bainnliaigh doni in cerd choimsi [ní bainliaigh doghní an chéird chuimsi MO],

“A bhanlia a rinne an cheird chuimse

“O woman-doctor that follows the profitable trade,

is mor do thoirrsi ar an tuinn [is mór do thuirsi air an linn MO].”

is mór do thuirse ar an tonn.”

Great is your weariness on the wave.”

 

Back to top

 

Section 64

“Bainnliaigh sut bui ga bhar n-agallam cus tratsa,

“Banlia í siúd a bhí ag bhur n-agallamh go dtí seo,

“That (said the leper) is a female-doctor who has been hitherto conversing with you

ocus bidh gach re mbliagain ’na bainnliaigh

agus bíonn sí gach re bliain ina banlia

Every alternate year she is (a practicing) female doctor,

ocus in bliagain aili ag denumh shaluinn,

agus an bhliain eile ag déanamh salainn,

and the other year a maker of salt.

ocus ata teagduis cloiche aice

agus tá teaghais chloiche aici

She has a stone dwelling place

ocus ata cisdi aice isin tegduis sin

agus ciste aici sa teaghais sin

and has a treasure in that house;

ocus atait trí fichit marg ann

agus trí fichid marg ann;

she has three score marks in it,

ocus roinnfidh si sin ribh-si anocht

agus roinnfidh sí sin oraibhse anocht

and she will share it with you to-night,

ocus dobera a leath daibh;

agus béarfaidh sí a leath daoibh;

and will give you the half of it;

ocus is e bus lon daibh in fedh bheithi a n-Albain;

agus is é sin bheidh mar lón agaibh fad a bheidh sibh in Albain;

that shall be your provision during your stay in Alba;

ocus ni huirri-si as coir dhaibh-si a bhuidechus do beth,” ar in lobur, “acht orum-sa.”

agus ní huirthisin is cóir daoibhse buíoch a bheith,” arsa an lobhar, “acht ormsa.”

and it is not to her you should be grateful for it,” says the leper, “but to me.”

Agus teit in lobhar uatha iarsin

Agus d’imigh an lobhar uathu ansin

The leper then departed from them, 

ocus ni fhetadur ga conuir dochuaidh.

agus ní raibh a fhios acu cá conair a ghabh sé.

and they could not see in what direction he went.

 

Back to top

 

Section 65

Tiaghait-siumh a tir iar sin

Chuadarsan i dtír ina dhiaidh sin

They afterwards landed

ocus do batar in oighthi sin faris in mbainnliaigh

agus bhíodar an oíche sin fairis an mbanlia

and remained with the Doctoress during that night,

fo glere freasduil ocus fritholma cu maduin arna marach;

agus togha freastail agus friothála orthu go maidin arna mhárach;

who gave them the choicest entertainment and attendance till the morrow morning.

ocus tuc .xxx. marg do Shenc[h]án ocus atbert fris:

agus thug sí tríocha marg do Sheanchán agus dúirt leis:

She gave thirty marks to Seanchán, and said to him:—

“As i so do dhuas deighinach, a Sencháin,” ar sí,

“Is í seo do dhuais dheireanach, a Sheancháin,” ar sí,

“This is your last largesse, O Seanchán,” said she,

“no gu bhfhaghair do dhan ar tus;

“nó go bhfaighidh tú do dhán ar dtús;

“till you again recover your poetic faculties;

ocus bud mana fhochuitbhidh dhuit do thoisc a nAlbain

agus ba mhana fonóide duit do thoisc in Albain

and your errand to Alba will bring ridicule on you

ocus gan en-rann dod’ dhan ar comus duit.”

agus gan aon rann de do dhán ar chumas duit.”

if you have not a single stanza at your disposal.”

Tiaghuit ’na luing iar sin

D’imíodar ina long ina dhiaidh sin

They then went on board their ship

ocus seoluit rompa co ndechatar a nAlbain;

agus sheoladar rompu go ndeachadar go hAlbain;

and sailed on till they reached Alba.

ocus bui fleagh ullamh inchaithme ag righ-ollam Alban ar a cinn,

agus bhí fleá ullamh inchaite ag rí-ollamh Alban ar a gceann.

The chief professor of Alba had a feast prepared for them on their arrival;

Maol Gedhic mac Fir Goboch a ainm;

Maol Geidhic mac Fir Goboch ab ainm dósan;

Maol-Geidhic Mac Fir-Goboc was his name,

ocus do batar in agaid sin aigi

agus bhíodar an oíche sin aige

and they remained with him that night;

fa rogha fresduil ocus fritholma,

agus togha freastail agus friothála orthu

they had the best of entertainment and attendance,

ocus as i sin agaid is cadhusaighi fuaratar a nAlbain.

agus is í sin oíche is cairdiúla a fuaireadar i nAlbain.

and that was the most friendly night’s reception they obtained in Alba.

 

Back to top

 

Section 66

Cid tra ro shirset Albain o deisciurt co tuaisciurt ocus o airrther co hiarthar

Chuardaíodar Alba ó dheisceart go tuaisceart agus ó oirthear go hiarthar

They traversed Alba from South to North, and from East to West;

ocus batar bliadain a nAlbain

agus bhíodar bliain in Albain

and remained there a year,

ocus ni fhuaratar fis na Tana;

agus ní bhfuaireadar fios na Tána;

but, notwithstanding, they got no tidings about the Táin.

ocus fa toirsech le Senchán gan fis na Tana dh’faghbhail,

agus ba thuirseach le Seanchán gan fios na Tána a fháil

Seanchán was troubled at not discovering the history of the Táin,

ocus atbert gur mhaith leis techt d’innsaigid Eirenn;

agus dúirt sé gur mhaith leis teacht d’ionsaí Éireann;

and he said that he desired to return to Ireland.

ocus do glanadh a long leo

agus glanadh a long leo

Their ship was cleared out by them,

ocus tancatar rompa ar fut in mara gur ghabsat cuan a nAth Cliath;

agus thángadar rompu ar fud na mara gur ghabhadar cuan in Áth Cliath,

and they came along the sea until they entered port at Áth Cliath.

ocus mar thángatar a tir ann sin,

agus nuair a thángadar i dtír ansin

When they landed there

adconncatar Caillin naemtha chuca. Mac mathar do Senc[h]án esein

chonaiceadar Caillín naomha chucu, mac máthar do Sheanchán ab ea eisean

they beheld St. Caillin coming towards them; he was  a son of Seanchán’s mother; 

ocus tuc teora póga do Senchán

agus thug sé trí póga do Sheanchán

and he gave three kisses to Seanchán,

ocus fiafraigius scela dhe,

agus d’fhiafraigh scéala de,

and asked him for news,

ocus atbert Senchán nach fuair se fis na Tana.

agus dúirt Seanchán nár bhfuair sé fios na Tána.

and Seanchán told him that he got no account about the Táin.

 

Back to top

 

Section 67

“As coir sin,” ar Caillín,

“Is cóir sin,” arsa Caillín,

“That is but right,” said Caillín,

“or is mor dh’écoir ocus d’aindliged doronuis ar Ghuaire

“agus is mór d’éagóir agus d’aindlí a rinne tú ar Ghuaire

“for great is the injustice and trespass you have committed on Guaire;

ocus do ghuigh se Dia gu tuctha-sa pog do lobur;

agus ghuí sé Dia do dtabharfása póg do lobhar;

and he prayed God that you might give a kiss to a leper,

ocus in fetrais-si cuich in lobur da tucais póg?” “Ni fhetur” ar Senchán

agus an bhfuil a fhios agatsa cé hé an lobhar dár thug tú póg?” “Níl a fhios agam,” arsa Seanchán.

and do you know the leper to whom you gave a kiss? I don’t know”, said Seanchán.

“Damh-sa tucuis hi,” ar Caillín,

“Domsa a thug tú í,” arsa Caillín,

“To me you gave it,” said Caillin,

“ocus do b’eicen duit a tabairt damh.”

“agus b’éigean duit í thabhairt dom.”

“and you were obliged to give it me.”

“Maas ed, a bratha[i]r inmain,” ar Senchán,

“Más ea, a bhráthair ionúin,” arsa Seanchán,

“Well, then, my beloved brother,” Seanchán said,

“tabair-si cobair dhamh-sa cum na Tana d’ fhagbáil.”

“tabhairse cabhair domsa chun na Tána a fháil.”

“give me assistance to get the Táin.”

“Dober,” ar Caillín, “ocus raghat lat co Durlus, airm i bhfhuil Guaire,

“Béarfaidh mé,” arsa Caillín, “agus rachaidh mé leat go Durlas, mar a bhfuil Guaire,

“I shall,” said Caillín, “and will go with you to Durlas, where Guaire resides,

ocus doberam Marbán mucaid chucainn o Glinn in Scail

agus beirimis Marbhán muicí chugainn ó Ghleann an Scáil,

and we shall get Marbhán the swineherd to come to us from Gleann an Scáil,

or is aigi ata a fhis cindus doghebhthar in Tain.”

óir is aige atá a fhios conas a gheofar an Táin.”

for it is he who knows how the Táin may be obtained.”

 

Back to top

 

Section 68

Tiagait d’aen-taeibh

D’imíodar le cois a chéile,

They proceeded with one accord,

.i. Caillín ocus Senchán guna tromdhaimh

Caillín agus Seanchán lena Thromdhámh,

namely, Caillín and Seanchán with his great bardic company,

cu rangatar co Durlus, airm i mbai Guaire,

gur shroicheadar Durlas, airm ina raibh Guaire,

until they arrived at Durlas, where Guaire was.

ocus tuc sein poic do Caillín ocus póic ele do Senchán

agus thug seisean póg do Chaillín agus póg eile do Sheanchán

He gave a kiss to Caillín and another kiss to Seanchán,

ocus ro fer fáilte coitcenn frisin cleir o sin amach;

agus chuir fáilte choiteann roimh an gcléir eile go léir ó shin amach;

and he gave a general welcome to the bardic body altogether.

ocus ro fhiarfaig scela do Senchán

agus d’fhiafraigh scéala de Sheanchán

He asked news of Seanchán,

ocus do innis Senchán dó nach fuair fis na Tana o dho fhacaibh eisium.

agus d’inis Seanchán dó nár bhfuair fios na Tána ó d’fhág eisean.

and Seanchán told him that he had got no account of the Táin since he had left him.

Cuirit iar [sin] fis ar cenn Mharbhain gu Glinn in Scáil.

Chuireadar fios ina dhiaidh sin ar Marbhán go Ghleann an Scáil.

They then sent an invitation to Marbhán at Gleann an Scáil.

Tainic Marbán cuca co Durlus

Tháinig Marbhán chucu go Durlas

Marbhán came to them to Durlas,

ocus do fiarfaigset de cia do innisfedh dhoib in Tain.

agus d’fhiafraíodar de cé a inseodh an Táin dóibh.

and they asked him who could relate  the Táin to them.

Atbert Marbán nach roibhi a mbethaid a nEirinn

Dúirt Marbhán ná raibh i mbeatha in Éirinn

Marbhán told them that there was not living in Ireland,

ocus nach fuair bas

agus nár fhuair bás

nor was there among the dead,

nech do fhétfadh in Tain d’innisi acht aen-nduini nama.

neach d’fhéadfadh an Táin a insint ach aon duine amháin.

any who could relate the Táin but one person only.

“Cuich int aen-nduini?” ar Senchán.

“Agus cé hé an t-aon duine sin?” arsa Seanchán.

“Who is that singular person?” asked Seanchán.

“Ferghus mac Roidh,” ar Marbán;

“Fearghas mac Róigh,” arsa Marbhán,

“Fearghas mac Róigh,” replied Marbhán,

“oir is aice bui fis gnimraidh bhfher nEirenn ocus Uladh for Tain

“óir is aige a bhí fios gníomhartha fear nÉireann agus Uladh le linn na Tána

“for it was he had a knowledge of the exploits of the men of Ireland and of Ulster in the Táin,

ocus is ar a dhaigin fein tucad in Tain.”

agus is mar gheall air féin a tugadh an Táin.”

as it was from his own pupil (Cú Chulainn) the Táin was carried off.”

“Cinnus doghenam-ne?” ar siat.

“Conas a dhéanfaimidne?” ar siad.

“How are we to act?” said they.

Atbert Marbán friu fesa ocus techta do chur co naemuibh Eirenn

Dúírt Marbhán leo scéala agus teachta a chur go naoimh Éireann

Marbhán told them to send invitations and messages to the saints of Ireland,

ocus a mbreith leo cu lighi Fergusa

agus iad a bhreith leo go huaigh Fhearghasa

and to bring them with them to the tomb of Fearghas,

ocus troscad trí la ocus trí n-oigthi do dhenam frisin Coimdhidh

agus troscadh trí lá agus trí oíche a dhéanamh leis an gCoimdhe

and to fast three days and three nights to the Lord

 

um Fherghus do chur cuca d’innisi Tana Bo Cuailgne doibh.

um Fhearghas a chur chucu chun Tána Bó Cuailnge a insint dóibh.

that He may send Fearghas to narrate unto them the Táin Bó Cuailgne.

 

Back to top

 

Section 69

Teit dino Caillin roime ocus tuc leis naeim Eirenn co Durlus

D’imigh Caillín roimhe ansin agus rug sé leis naoimh Éireann go Durlas

Then Caillín went forth and brought the saints of Ireland to Durlas,

ocus batar oighthi ann sin ac fleaghugad;

agus bhíodar oíche ann ag caitheamh flea;

and they feasted there for a night.

ocus tiagait arna mharach co lighi Ferghusa

agus d’imíodar arna mhárach go huaigh Fhearghasa

They went the next day to the tomb of Fearghas,

ocus do batar oc eturguigi Ihesu Crist

agus bhíodar ag déanamh idirguí d’Íosa Críost

and they supplicated Jesus Christ

um Fherghus do cur chuca;

um Fhearghas a chur chucu;

to send them Fearghas to narrate the Táin unto them.

 

 

Fearghas came to them,

ocus dob ail do in Tain d’innisin ’na shesam dhoibh,

agus b’áil leis sin an Táin a insint ina sheasamh dóibh,

and he was about relating the Táin to them standing up,

ocus ni cualatar a beg uadha

agus níor chualadar aon fhocal dá laghad uaidh

but they would hear none of it

no gur chuirset ’na shuidhi he;

nó gur chuireadar ina shuí é;

until they had him seated,

ocus innisid dhoibh in Tain fon n-innus sin;

agus d’inis sé dhóibh an Táin ar an gcuma sin;

and in that position he narrated the Táin to them.

ocus is e do scribh uadha hi .i. Ciaran Cluana,

agus is é duine a scríobh uaidh í ná Ciarán Cluana,

Ciarán of Cluain Mhic Nóis was he who wrote it from him;

ocus is e loc in roscribh hi, for seichid na huidhre.

agus is é áit inar scríobhadh í ná ar sheithe na hUidhre.

and the place in which he wrote it was on the hide of the dun cow (uidhre).

Bai Ferghus oc innisin in sceoil no gu tairnic in scel fa dheoigh dhi [leg. dho ?],

Bhí Fearghas ag insint an scéil nó go raibh deire leis,

Fearghas was narrating the story until the story came to its end,

ocus teit isin lighi cétna iarum

agus ansin chuaigh sé isteach san uaigh chéanna,

after which he returned to the same tomb.

ocus doniat na naeim atlaidhi buidhi do Dhia

agus rinne na naoimh altú buíochas le Dia

The saints offered up thanksgiving to God

ar a n-idhghi dh’fhaghbhail uadha

mar gheall ar a n-achainí a fháil uaidh

for their petition being granted

imon ceisd do chuinnidh Senc[h]án orro

um an gceist d’iarr Seanchán orthu

regarding the question that Seanchán proposed to them,

tre [chumhacht]aibh noemh Eirenn

trí chumhachtaí naomh Éireann

through the powers of the saints of Ireland

ocus tre tecasc Marbáin m[ucaid.

agus trí theagasc Mharbháin muicí.

and through the instructions of Marbhán.

Is iad so imorro] na noeimh tancatar ann:

Agus is iad so na naoimh do tháinig ann:

The following were the saints who went there:—

Colum Cille [mac Feidhlim

Colum Cille mac Feidhlimí

Colum Cille the son of Feidhlimí;

ocus] Caillin naemtha

agus Caillín naofa

the holy Caillín;

ocus Ciarán Cluana

agus Ciarán Cluana

Ciarán of Cluain Mhic Nóis;

ocus sein-Ciarán [Saighre;

agus Sean-Chiarán Saighre,

Ciarán senior of Saighir;

Finden] Cluana hIraird;

Finnian Cluana Ioraird,

Finnian of Cluain Ioraird;

Finden Muighi [Bile];

Finnian Maighe Bile,

Finnian of Maigh Bile;

Seanach mac Gaitri;

Seanach mac Gaitre,

Seanach son of Gaitir;

Brenainn Birra

Bréanainn Biorra

Bréanainn of Biorra;

[ocus Brenainn mac Findloga].

agus Bréanainn mac Fionnlugha.

and Bréanainn son of Fionnlugha.

Tancatar rompa [co Durlus Guaire

Thángadar na naoimh sin agus an Tromdhámh rompu go Durlas Ghuaire

They proceeded to Durlas of Guaire,

ocus badar] ann in agaid sin oc fledhugud;

agus bhíodar an oíche sin ann ag caitheamh fleá,

and they feasted there that night.

ocus  .    .    .    .    .    .    .    .    .  arna marach gu Glenn in Scail 

agus chuaigh an Tromdhámh arna mhárach go Gleann an Scáil

The next day, the great poetic association went to Gleann an Scáil

.    .    .    .    .  Marbhain chuca d’innisi na Tana dho

chun cuireadh a thabhairt do Mharbhán teacht chucu chun scéala na Tána a insint dó.

to invite Marbhán to come to them that they might relate the story of the Táin to him.

.    .    .    .    .  [nach] rachad muna anad in tromdham

*Dúirt Marbhán* nach rachadh sé mura bhfanfadh an Tromdhámh

Marbhán said that he would not come unless the great poetic association would remain

.    .    .    .    .  do berad se orra.

*agus mura dtabharfaidís a mbriathar dó go nglacfaidís leis an mbreith* a bhéarfadh sé ortha.

and promise to submit to the terms he would demand of them.

Adubhradar an tromdamh gu n-anfadais.

Dúirt an Tromdhámh go bhfanfaidís.

The great poetic association said that they would remain.

Tainic Marban cuca iarum

Tháinig Marbhán chucu ina dhiaidh sin

Afterwards Marbhán came to them

ocus do hindised Tain Bo Cuailgne do,

agus insíodh Táin Bó Cuailnge dó,

and the story of Táin Bó Cuailnge was related to him,

ocus fuair Senchán guna tromdaimh a ndan ocus a n-eallada fein iarsin.

agus ina dhiaidh sin, fuair Seanchán agus a ollúna a ndán agus a n-ealaíona féin arís.

and after that, Seanchán and his great poetic association got back their faculties and their arts.

Is annsin ruc Marbán leis iat da thig fein gu Gleann in Scail

Ia snsin a rug Marbhán leis iad chun a thí féin go Gleann an Scáil

Then Marbhán brought them with him to his own house in Gleann an Scáil,

ocus tuc fleagh mhorchain doib

agus thug sé fleá mhór chaoin dóibh

where he gave them a great and very pleasant feast

ocus do chonnuim iat co cend [secht]maine gan esbaidh bidh na dighe na ealadhun orra.

agus sholáthair sé go ceann seachtaine iad gan easba bia ná dí ná ealaíne orthu.

and provided for them for a week without lack of food or drink or entertainment.

Cuingis Marbán a b[h]reith fein orra amail ro geallsat.

Ansin d’iarr Marbhán a bhreith féin orthu amhail a ghealladar.

Marbhán asked for his own terms from them as they had promised.

“Doberam imorro” ar siat.

“Béarfaimid, gan amhras,” ar siad.

“We accept that, indeed, ” they said.

“Tabhraid [ratha] naemh Eirenn ris sin,” ar Marbán.

“Tugaigí rátha naomh Éireann leis sin,” arsa Marbhán.

“Let the saints of Ireland be guarantors of that,” said Marbhán.

Tucsat in tromdaimh sin do.

Thugadar an Tromdhámh sin dó.

The great poetic association gave that guarantee to him.

“As i breth berim-si oraibh,” ar Marbán,

“Is í breith bheirimse oraibh,” arsa Marbhán,

“These are the terms I impose on you,” said Marbhán,

“gach ollam aguibh do dhul ’na crich duchaig

“gach ollamh agaibh do dhul ina chrích dhúchais

“that every professor of you should go to his native place

ocus gan in tromdaimh do beth ann ni is mo.”

agus gan an Tromdhámh a bheith ann níos mó.”

and that the great poetic association should never be again.”

Agus docuaidh gach ollam dibh da crich dhuthaig

Agus chuaigh gach ollamh díobh chun a chríche féin

And every professor of them went to his own place,

ar asluch Marbáin ocus naeimh [leg. naemh] Eirenn,

ar iarratas Marbháin agus naoimh Éireann

at the request of Marbhán and the saints of Ireland,

ocus ni raibhi in tromdamh ac siubal o sin ille a nEirinn.

agus ní raibh an Tromdhámh ag siúl ó shin i leith in Éirinn.

and the great poetic association no longer existed in Ireland from that time forth.

F.I.N.I.T.

Finit.

Finit.

 

Back to top