Irish Sagas at UCC University College Cork

CDI
CELT

 

Orgguin trí mac Diarmata mic Cerbaill

Sections in the text

§1

§2

§3

§4

§5

§6

§7

 

 

 

Complete file (PDF)

 

Section 1

Do·lotar meic Diarmata meic Fergusa Cearrbeoil fechtus n-aili

Aon uair amháin, do chuaigh mic Dhiarmada mhic Fhearghasa Chearbhaill

Once, the sons of Diarmait son of Fergus Cerrbél

hi tír Laigen for creich

i gcrích Laighean ar chreich.

went on a raid into the land of Leinster

conas táraigh Maelodrán hua Díma Chróin.

Thángadar ar Mhaolodhrán mac Dhíoma Chróin

and they came upon Maelodrán, descendant of Dímmae Crón.

Do·ratsat meic Diarmata con rubatar, uair dia cois ro boí,

agus do chuadar go díochra chuige. Is dá chois a bhí sé,

The sons of Diarmait bore down on Maelodrán who was on foot

uair ní tárraid a gabair ó deoraid (.i. ón gilla).

mar ní raibh sé d’uain aige a chapall d’fháil óna ghiolla.

as he could not get his horse from his servant.

Luid-side didiu for in ngabar dia tárachtain-seom.

Do tháinig seisean, áfach, ar a chapall féin dá theasargan.

This boy then mounted the horse to take it to Maelodrán *to protect him*.

Ro reith in gabar fon sluagh

Do rith an capall isteach ar measc an tslua

It charged into the host

co rubad in gilla.

i dtreo gur maraíodh an giolla.

and the boy was slain.

 

 

Then, at the call of Maelodrán,

Do·scind dano in gabar

Leis sin, do scinn an capall,

the horse,

fo gairm Maelodrán,

nuair do ghlaoigh Maolodhrán air,

 

conid ro gab a taeb friss

agus do sheas taobh leis,

 

iar fácbáil in gilla.

tar éis an ghiolla d’fhágáil.

leaving the boy behind,

 

 

leaped over

 

 

and proffered its flank to Maelodrán.

Gabthi dano Maelodrán for a gabur

Seo le Maolodhrán de léim in airde ar mhuin an chapaill

Then Maelodrán threw himself on the horse,

ocus cotn·amaisc ar in sluag

agus do chuaigh ar measc an tslua

bewildering the host,

ocus do·beir tofonn foraib.

agus do thug tafann orthu.

and he began to hunt them down.

Back to top

 

Section 2

Ro ráthatar meicc Diarmata riam dochum in muilind

Do rith mic Dhiarmada roimhe chun an mhuilinn.

The sons of Diarmait ran before Maelodrán towards a mill

co ndechatar co mbátar im carr in muilinn isin fothigh.

Do chuadar isteach agus do shocraíodar iad féin um charr an mhuilinn san íoslach.

until they were at the side of the mill-shaft in the lower house.

Do·luid chucu iarson fothigh.

Tháinig sé chucu chun an íoslaigh.

Maelodrán came alongside the lower house towards them.

Ro boí caillech ic blith isin mulend.

Bhí seanbhean chríonna ag meilt sa mhuileann.

There was an old woman grinding at the mill.

Ad·raí a nguin la toescad in muilinn.

Níor mhaith léi iad do mharú le fáscadh an mhuilinn.

She did not want the men to die with the pressing of the beam.

“Léc aire, a chaillech, léc aire!” ar Maelodrán.

“Scaoil leis, scaoil leis, a chailligh!” ar Maolodhrán.

“Let it go, *let it go,* old woman!” Maelodrán said.

Dos·comart trá uman mol, ar bátar occai ind fir,

Do fáisceadh um an mol mar sin na fir óga,

They were crushed then upon the beam, as it was against them,

co torchratar leis trí meic rígh Hérenn .i. trí meic Diarmata,

gur maraíodh trí mhac rí Éireann leis, trí mhac Dhiarmada.

and the three sons of the King of Ireland *, Diarmait’s three sons,* perished there at the hands of Maelodrán,

dia n-ebairt Ultán:

Is ina dtaobh sin adúirt Ultán:

concerning which it is said *by Ultán*:

 

 

 

“A muilinn

“A mhuilinn

“O water-mill,

ro milt anba di thuirinn;

do dheinis-se mór-chuid cruithneachta do mheilt

many grains of wheat you have ground

níba comelt for serbainn

ach níorbh aon mheilt choirce do dheinis

but it was no crushing of oats,

a ro milt for uíbh Cerbaill.

nuair do mheilis óí Chearbhaill.

the crushing Cerrbél’s grandsons found.

 

 

 

In grán meles in muilend

An grán a mheileann an muileann

What the mill grinds is seed,

ní corca acht dergthuirend;

ní coirce é ach dearg-chruithneacht.

not of oats but of red wheat.

ba do géscaib in crainn máir

Ba de ghéagaibh an chrainn mhóir

From the branches of the famous tree

fotha muilind Maelodráin.”

an bia a tugadh do mhuileann Mhaolodhráin.”

came the grist to the mill of Maelodrán.”

Back to top

 

Section 3

Do·luid Diarmait fessin fecht n-aili do dígail a macc for Laidinu,

Ina dhiaidh sin do chuaigh Diarmaid féin ag díoghail a mhac ar Laighnibh

Then Diarmait *himself* came to avenge his sons upon the Leinstermen.

cu mboí ic Loch Gabur co feraib Éirenn imbi.

agus do shrois sé Loch Gabhar agus fir Éireann uime ann.

He was at Loch Gabur with the men of Ireland all around him.

Ocus at·rub(air)airt do·bérad slán fri Laidinu

Adúirt sé go dtabharfadh sé lán-mhaithiúnas do Laighnigh

Diarmait said that he would grant immunity to the Leinstermen

ar Moelodrán do tidlacan dó i ngiallcertai.

ar Mhaolodhrán do thabhairt suas chuige ina ghiall.

in return for the surrender to him of Maelodrán as a hostage.

As·bertatar Laigin amal bidh a haengen

Adúradar Laighnigh, agus ba ghuth as béal aoinfhir é,

The Leinstermen replied *as one man*

ná tidnastis

ná tabharfaidís é uathu,

that they would not surrender him

ce no marbdaiss.

dá mba rud é go marófaí féin iad.

even though they should all be killed because of it.

No bíth Maelodrán coa mbrostad dia tignaccal.

Do bhíodh Maolodhrán á mbrostú chun é féin do thabhairt suas.

Maelodrán, however, was urging them to surrender him.

“Menum thucaid-se

“Muna dtugaidh sibh suas mé,

“*If you do not surrender me,*

ragh-sa m’oenar

raghad féin im aonar

I shall go alone,” he said,

ocus ní bia slán dúib-si do[m] chinn-sa.”

agus ní slán a bheidh sibhse dá chionn sin.”

“and there will be no immunity for you on my account.”

Back to top

 

Section 4

Ba fír ón.

Agus dob fhíor dó.

That fell so.

Luig-sium

D’imigh sé leis

Maelodrán departed

co mboí issint sluagh for brú Innsi Locho Gabur.

go dtí go raibh sé ar measc an tslua úd a bhí ar bhruach Inse Locha Gabhar.

and he came upon the host on the shore of the island of *Loch* Gabur.

Lottur in rí[g] do ól co mbátar issin innsi.

Do bhí na ríthe imithe isteach ar an inis ag ól.

The kings had gone for a ceremonial drink and they were on the island.

Anaid-sium chaidthi forsin phurt.

D’fhan seisean go hoíche ag an bport.

Maelodrán waited at the landing-place until dusk.

Antar dono don immramh.

Ar ball éiríodh as an iomramh.

The rowing came to an end *then*.

Téit-sium issin lestar

Do chuaigh seisean san gcoite,

He got into the boat.

ocus luid-sium issin n-innsi.

agus siúd chun na hinse é.

He came to the island.

Con·tolat in rígh.

Do bhí na ríthe ina gcodladh

The kings were sleeping.

Boí-sium fri dorus in rígtighe.

agus d’fhan seisean ar dhoras an ríthí.

He remained at the door of the royal dwelling.

Luid dano Diarmait amach oenar

Cé thiocfadh amach ina aonar ach Diarmaid.

 

 

I ngan fhios do chách

Without anyone knowing of it,

do dhul for aínsuide

do bhuail sé amach d’fhonn suí.

 

cen fis do neoch,

 

 

 

 

*then* Diarmait came out alone

 

 

to go and bend his knees

co comarnaicc fri Moelodrán i nddorus ind tighi.

Do casadh Maolodhrán air i ndoras an tí.

and there he met Maelodrán at the door of the house.

Back to top

 

Section 5

“Toboing dlaí lat dam,” ar Diarmait.

“Tabhair dlaoi chugham,” ar Diarmaid.

“Fetch me a leaf,” Diarmait said to him.

“Tó immorro,” ar Moelodrán.

“Tá go maith,” ar Maolodhrán.

“Certainly I shall,” replied Maelodrán.

Do·beir téora dlaii doo:

Do thug dlaoi chuige trí huaire:

*He passed three handfuls to him:

dloí di úrnenaigh,

dlaoi de neanntóga úra

a handful of fresh nettles,

ocus dlaí do fomthonn

is dlaoi d’fheochadáin

a handful of thistles

ocus dlaí do athrathai luaid.

is dlaoi de athraithneach.

and a handful of old fern.*

“Ac so at láim mo cloigem,” ar Diarmoit.

“Seo mo chlaíomh duit,” ar Diarmaid.

“Here is my sword,” Diarmait said.

Ro ngab Maelodrán.

Do thóg Maolodhrán é.

Maelodrán took it.

“Fé frit, a gilla!” ar Diarmait,

“Ach, mo léir!” ar Diarmaid,

“Alas!

“rom goin dlaí, rom loisc dlaí, rom tesc dlaí.

“do ghoin dlaoi mé, do loisc dlaoi mé, do ghearr dlaoi mé.

 *a leaf has pierced me, a leaf has stung me, a leaf has cut me*.

Amai, a gilla, cia h’ainm[-siu]?”

Cé hé túsa?” ar sé.

Who are you?” asked Diarmait.

 

An ám shéanadh, mar dhea gur strainséir mé, ataoi?

“Are you making a stranger of me?” he replied.

“Ním ragbais fri baithis samlaid

Ní id bhaclainn a bhíos agus mé ám baisteadh

*“I wasn’t in your arms when I was being baptised,

in tan (ní)nád aithgén mo ainm.

agus a rá ná haithníonn tú mé.

that you don’t recognize me.

Nó in fuil ainm n-aile lat dam and ná ráithfi?

Nó an bhfuil ainm eile agat orm nach ndéarfá?

Have you another name for me which you will not say?*

Maelodrán ua Díma Chróin sund, di Scorbraige Lagen,

Maolodhrán mac Dhíoma Chróin de Scorbraighe Laighean atá anseo agat,

It is Maelodrán descendant of Dímmae Crón *of the Scorbraige of Leinster*:

iar marbad do mac

an té úd do dhein do mhic a mharú,

he who, having slain your sons,

ocus do béin do cind dít fesin ind-or-so”

agus chun do chinn do bhaint díot féin is ea thánag anois,”

will now strike off your head,” Maelodrán said

— la gabáil a cind chucai.

agus do rug ar cheann air agus do tharraing chuige é.

drawing the head of the king towards him.

“Do riar duit, a Maelodráin,” ar Diarmait.

“Do riar duit, a Mhaolodhráin,” ar Diarmaid.

“I am entirely at your will, Maelodrán,” Diarmait said.

“Do riar-sa uaim-si dano,” ar Maelodrán.

“Do riar uaimse dhuitse, más ea,” ar Maolodhrán.

“Then you shall have your will from me,” Maelodrán replied.

Tiagait dib línaib iar córa issin tech.

Siúd isteach sa tigh iad araon le chéile tar éis síocháin a dhéanamh eatarthu.

They entered the house together *after making peace*.

“Tair-siu edrum ocus crann, a Maelodráin,” ar Diarmait.

“Tarsa eadram agus an crann, a Mhaolodhráin,” ar Diarmaid.

“Go between me and the timber, Maelodrán,” Diarmait said.

Back to top

 

Section 6

Amail do·chuaid Maelodrán issin n-imdaid,

Nuair do bhí Maolodhrán ag dul isteach sa tseomra,

As Maelodrán entered the chamber

ro gési a brú na mná .i. Mugain

do ligeadh géis as broinn na mná, .i. Mughain,

there was a shriek from the womb of Diarmait’s wife, Mugain

ingen Chonchraid máthair chlainne Diarmata.

iníon Chonchraidh, máthair chlainne Dhiarmada.

daughter of Conchrad, son of Duí, the mother of Diarmait’s children.

“Fé amai!” ar in ben, “cid erchóit do·taed issin n-imdai[d]?”

“Ologón ó!” ar an bhean, “cá díobháil atá ag teacht sa tseomra?”

“Alas!” the woman cried, “What demon has entered the room?”

“Fear do·rat ríghi duit-siu, a bhen,” ar Diarmait,

“Fear do thug ríonacht duitse, a bhean,” ar Diarmaid,

“A man who has granted you the queenship of Ireland, wife,” Diarmait said,

“.i. Maelodrán hua Díma Chróin.”

“.i. Maolodhrán mac Dhíoma Chróin.”

“and he is Maelodrán son of Dímmae Crón.”

 

Agus ansin d’inis sé di mar do casadh air é agus mar do fuair Maolodhrán faill air agus nár mhairbh é.

*And then he told her how they had met and how Maelodrán had caught him unawares and had not killed him.*

“Maith in loech,” ar in ben, “atta·chualumar.

“Bua leis mar laoch,” ar sí. “Is maith an fear é agus ar chualamar ina thaobh.”

“Well now,” the woman said, “he is a good warrior

Cóir gním dó nárot geogna a mbaegal ocus rot anacht.

“Is cóir an gníomh dó nár mhairbh sé thusa agus tú i mbaol agus mar do dhein sé thú theasargan.

to have spared the one he has wounded.

Ro mbia-som lógh in anacail, ar is ferr in·dás in guin.”

Agus beidh aige luach saothair an anacail sin, mar is fearr sin ná a mharú.”

He will have his ransom, then, *for sparing you,* for that is better than to kill him.”

“Cid do·génam di sund?” ar Diarmait,

“Cad a dhéanfaimid ina thaobh sin?” ar Diarmaid,

“What is to be done about it now?” Diarmait asked,

“ar níro ansem in fer ar in sluag.”

“mar ní bheidh ar ár gcumas an fear d’anacal ar an slua.”

“We cannot protect the man from the host.”

“Ní ansa,” ar si-si.

“Ná bíodh aon cheist ort ina thaobh sin,” ar sise.

“It is no difficult matter,” the woman replied.

“Celtair Maelodrán;

“Cuirtear Maolodhrán faoi cheilt

“*Let Maelodrán be hidden.*

con·gairther iarum ar ríg ocus ar ruirigh ar aenaib chuconn,

agus ansin glaotar chugainn ar ríthe is ar ruirigh, ina nduine agus ina  nduine,

Let the kings *and chiefs* be summoned *then in turn* for a ceremonial drink

ocus nascar foesam Moelodráin forru

agus nascthar faoiseamh Mhaolodráin orthu,

and let each one in turn be pledged to protect Maelodrán

amal bid chuconn dáladh.”

faoi mar ba chughainn a thabharfaí é.”

*, just as protection would be given to us*.”

Back to top

 

Section 7

Do·gníther,

Agus sin mar a deineadh,

That was done

cu mbátar a láma uile taris resiu matain beth.

i dtreo go raibh a lámha uile thairis roimh mhaidin.

and so the hands of all were pledged to protect Maelodrán before dawn.

Is amalaid dono do·cu[a]id-sium cu Laigniu ar a b[ár]ach

Agus ansin is amhaidh d’imigh seisean go Laighnibh arna mhárach

In this way, then, Maelodrán returned to Leinster *the following day,*

ocus deceelt chorcra corrtarach Diarmata co ndelg óir

agus éide chorcra chortharach Dhiarmada uime agus a dhealg ór,

wearing a *fringed, purple* robe of Diarmait and its *golden* brooch

acus a dí gabair cona n-allaib ocus a mullán óir derc araib sechtar.

agus a dhá chapall lena srianaibh agus lena mullánaibh dearg-óir ar an taobh amuigh.

and with *his* two horses with their golden bridles *and ornaments of red gold on the outside*.

Cor immorro ocus faesam ríg Hérenn

Ina theannta sin, bhí comhaontú agus faoiseamh rí Éireann,

*Moreover, he had the agreement and protection of the king of Ireland,

.i. Diarmata mic Fergus[a] Cearrbeoil fair-sium.

Dhiarmada mhic Fhearghasa Chearbhaill, airsean.

Diarmait son of Fergus Cerrbél.*

Ocus as é ba cathmílid ocus ba tuairgnid catha la Diarmait ó sin.

Agus as sin amach dob é cathmhíle agus tuairgní catha Dhiarmada é.

And from that time forth Maelodrán was Diarmait’s battle-chief *and battle-smiter*.

Finit.

Finit.

*Finit.*

Back to top