Irish Sagas at UCC University College Cork

CDI
CELT

 

Echtra Cormaic i Tír Tairngirí

Sections in the text

§1

§2

§3

§4

§5

§6

§7

§8

§9

§10

§11

§12

§13

§14

§15

§16

§17

§18

§19

§20

§21

§22

§23

§24

§25

§26

§27

§28

§29

§30

Complete file (PDF)

 

Note to the reader

This saga is part of the longer text edited by Stokes. In this presentation, §§1-30 correspond to §§25-54 of Stokes’ edition.

Section 1

Cuach Cormaic fesin didiu .i. cuach oir bai lais.

*Cuach Chormaic, mar sin, cuach óir ab ea é a bhí aige.

Cormac’s own Cup, then, was a cup of gold which he had.

Is amlaid didiu dofrith eiside on mud-sa.

An chaoi a bhfuarthas é, is amhlaidh seo a tharla sé:*

The way in which it was found was thus:

Laa n-æin dobai Cormac ua Cuind madan moch i cetamun

Ar maidin mhoch lá amháin sa Bhealtaine bhí Cormac ua Choinn

One day, at dawn in Maytime, Cormac, grandson of Conn, was

a ænur for Mur Tea hi Temraig.

ina aonar ar Mhúr Tea i dTeamhair.

alone on Múr Tea in Tara.

Conaca in t-æn oclach forosta
findliath adochum.

Chonaic sé chuige óglach aosta fionnliath;

He saw coming towards him a warrior sedate (?), greyhaired.

Brat corcra corrtharach uime.

brat corcra cortharach uime;

A purple, fringed mantle around him.

Leni esnadach orsnáith hi custal a chnis.

léine shíogach órshnáith ar a chneas;

A shirt ribbed, goldthreaded next (?) his skin.

Da mæl-asa finddruine etir a troigthibh ocus talmhain.

dhá chúarán fhiondruine idir a throithe agus an talamh,

Two blunt shoes of white bronze between his feet and the earth.

Cræbh airgid co tri hublaib oir fria ais.

craobh airgid lena ais a raibh trí húill óir uirthi.

A branch of silver with three golden apples on his shoulder.

Ba leor peted ocus arpeatad immorro eistecht risin ceol dogníd in cræbh,

Ba leor de aoibhneas agus de áineas éisteacht leis an cheol a dhéanadh an chraobh.

Delight and amusement enough it was to listen to the music made by the branch,

a[r] rochoideoldais fir athgaiti

Do chodlóidís fir a bheadh gonta go mór,

for men sore-wounded,

 

nó lucht galair,

 

nó mna siuil

nó mná ar a leaba luí seoil

or women in childbed,

nó fiallach galair

 

or folk in sickness

 

 

would fall asleep

risin ceol dogníd sin

ón cheol a níodh an fear

at the melody which was made

intan docroitheadh in chræb.

nuair a chroitheadh sé an chraobh.

when that branch was shaken.

Back to top

 

Section 2

Beandachais in t-oglach do Cormac.

Bheannaigh an t-óglach do Chormac

The warrior saluted Cormac.

Beannachais Cormac do somh.

agus bheannaigh Cormac dósan.

Cormac saluted him.

Back to top

 

Section 3

“Can doluidh, a oclaigh?” ol Cormac.

“Cá has a dtáinig tú *,a óglaigh *?” arsa Cormac.

“Whence hast thou come, O warrior?” says Cormac.

“A tír nach bidh acht fír,” ol se,

“As tír ná bíonn inti ach an fhírinne,” ar seisean,

“From a land,” he replied, “wherein there is nought save truth,

“ocus nach fuil æis nó ercra

“agus ná fuil inti aois ná urchóid,

and there is neither age nor decay

nó duba na toirsi

dubhachas ná tuirse,

nor gloom nor sadness

nó tnuth nó formad

tnúth ná formad,

nor envy nor jealousy

na miscais nó mordataidh.”

mioscais ná mór-is-fiú.”

nor hatred nor haughtiness.”

“Ni hamlaid duind,” ol Cormac.

“Ní hamhlaidh dúinne,” arsa Cormac.

“It is not so with us,” says Cormac.

“Cest, a oclaigh,” ol Cormac, “in dingneam caradradh?”

“Ceist agam ort, a óglaigh,” ar seisean, “an ndéanfaimid cairdeas le chéile?”

“A question, O warrior: shall we make an alliance?” *says Cormac.*

“Maith lim a deanom,” ol in t-oglach.

“Ba mhaith liom a dhéanamh,” arsa an t-óglach.

“I am well pleased to make it,” says the warrior.

Do[g]níad iarum caradradh.

Rinne siad cairdeas le chéile ansin.

Then (their) alliance was made.

“In craeb damsa,” ol Cormac.

Tabhair domsa an chraobh,” arsa Cormac.

“The branch to me,” says Cormac.

“Dobér,” ol in t-oglach,

“Bhéarfad,” arsa an t-óglach,

“I will give it,” says the warrior,

“acht co taraighter damsa na tri haiscedha conaigiub a Temraig ina cumain.”

“má tugtar dom ina comaoin as Teamhair na trí haiscí a iarrfaidh mé.”

“provided the three boons which I shall ask in Tara be granted to me in return.”

“Dobérthar,” ol Cormac.

“Bhéarfar,” arsa Cormac.

“They shall be granted,” says Cormac.

Naiscis in t-oglach iarum,

Naisc an t-óglach ansin comhlíonadh a ghealltanais ar Chormac,

Then the warrior bound (Cormac to his promise),

ocus facbha[i]s in cræbh, ocus teid ass la sodain,

d’fhág an chraobh aige agus d’imigh as láithreach

and left the branch, and *then* goes away;

ocus ni fidir Cormac c[i]a leth in roluidh.

i slí ná feadair Cormac cé an treo a ndeachaigh sé.

and Cormac knew not whither he
had gone.

Back to top

 

Section 4

Tindtai Cormac isin rightheagh.

D’fhill Cormac isteach sa rí-theach.

Cormac turned into the palace.

Machtnaigset in teglach in cræbh.

Bhí an teaghlach ag déanamh iontais den chraoibh.

The household marvelled at the branch.

Crotha[i]s Cormac ríu hí,

Chroith Cormac dóibh í

Cormac shook it at them,

cor[us] cuir a súan

gur chuir sé ina suan iad

and cast them into slumber

on trath co ’roili.

ón tráth sin go dtí an tráth céanna arna bhárach.

from that hour to the same time on the following day.

Back to top

 

Section 5

Tic in t-oclach a cind bliadne i n-airis [a] dala,

I gceann bliana tháinig an t-óglach a lorg ar gealladh dó.

At the end of a year the warrior comes into his meeting

ocus cuindchis ar Cormac cumain a cræbhi.

D’iarr sé ar Chormac comaoin a chraoibhe.

and asked of Cormac the consideration for his branch.

“Doberthar,” ol Cormac.

“Bhéarfar sin duit,” ar Cormac.

“It shall be given”, says Cormac.

“Berad Aillbi [lim tra] andiu,” ol se.

“Bhéarfaidh mé Ailbhe liom inniu,” arsa an t-óglach.

“I will take (thy daughter) Ailbe today,” says the warrior.

Beris leis [iarum] in ingin.

Rug sé leis Ailbhe, iníon Chormaic, ansin.

So he took the girl with him.

Doberaid banntrocht [na Temrach] tri gartha foraird indegaid ingine righ Erenn.

Lig bantracht na Teamhrach trí gártha os ard le cumha i ndiaidh iníon rí Éireann.

The women of Tara utter three loud cries after the daughter of the king of Erin.

Crotha[i]s Cormac in craebh friu

Chroith Cormac an chraobh dóibh, ámh,

But Cormac shook the branch at them,

co ruscar ria toirsi uili

nó gur scar sé uile ón bhrón iad

so that he banished grief from them all

ocus cor’ cuir ’na suan íat.

agus gur chuir ina suan iad.

and cast them into sleep.

Back to top

 

Section 6

Tic dia mis

Mí ón lá sin tháinig sé arís

That day month comes the warrior

ocus beridh Carpre Lifeachair les.

agus rug leis Cairbre Lifeachair, mac Chormaic.

and takes with him Carpre Lifechair (the son of Cormac).

Ni roan didiu caí no dogra isin Temraig día es in meic,

Níor stopadh den chaoi ná den chaoineadh i dTeamhair i ndiaidh an mhic,

Weeping and sorrow ceased not in Tara after the boy,

ocus nír’ loingid ocus nir’ suanadh in n-aidchi-sin indti,

níor caitheadh bia ná níor chuathas chun suain an oíche sin ann

and on that night no one therein ate or slept,

ocus badar a mbron ocus i nduba dermair.

agus bhíothas i mbrón agus i ndubhachas go han-mhór.

and they were in grief and in exceeding gloom.

Crotha[i]s Cormac in craebh ríu

Chroith Cormac an chraobh dóibh

But Cormac shook the branch at them,

co ruscarsad fri dogra.

agus scaip sé a mbrón.

and they parted from (their) sorrow.

Back to top

 

Section 7

Tig in t-oglach cétna dorísi.

Tháinig an t-óglach céanna arís.

The same warrior comes again.

“Cid connaigi aniu?” ol Cormac.

“Caidé tá uait inniu?” arsa Cormac.

“What askest thou today?” says Cormac.

“Do banchele-siu,” ol se

“Do bhainchéile-se,” ar seisean.

“Thy wife”, saith he,

.i. Eithne Tæbhfhada

“Eithne Thaobhfhada,

“even Ethne the Longsided,

ingen Dunlaing rí[gh] Laighean.

iníon Dhúnlaing Rí Laighean.”

daughter of Dunlang king of Leinster.”

Beridh les iarum in mnai.

Rug sé leis ansin an bhean.

Then he takes away the woman with him.

Back to top

 

Section 8

Ni rodamair tra do Cormac inní sin.

Níor fhulaing Cormac an gníomh sin.

That thing Cormac endured not.

Luid inandiaid.

Chuaigh sé i ndiaidh an óglaigh

He went after them,

Teit cach didiu anadiaidh Cormaic.

agus chuaigh a raibh i dTeamhair ansin i ndiaidh Chormaic

and every one then followed Cormac.

Tucad ceo mor for lar in maighi sonnaich doibh.

ach thit ceo trom orthu i lár na máighe sconsaí.

A great mist was brought upon them in the midst of the plain of the wall.

Focerd Cormac a magh mor a ænur.

Tharla Cormac ansin ar mháigh mhór ina aonar.

Cormac found himself on a great plain alone.

Dun mor ar lar in maighi.

Bhí dún mór ar lár na máighe

There was a large fortress in the midst of the plain

Sonnach credhumæ uime.

agus sconsa cré-umha uime.

with a wall of bronze around it.

Teag findairgid isin dun

Bhí teach fionn-airgid laistigh den dún

In the fortress was a house of white silver,

ocus se lethtuighthi do eitib en find.

agus a leath dá dhíon déanta de eití fionn-éan.

and it was half-thatched with the wings of white birds.

[Marcsluag side oc tathaiged in tigi

Bhí marcshlua sí chun an tí agus uaidh,

A fairy host of horsemen (was) haunting the house,

ocus utlaigi] do eitib en find ina n-ochtaibh do thuighi in tighi.

lán baclainne de eití fionn-éan leis an teach a dhíonadh in ucht gach duine acu siúd a bhí ag teacht.

with lapfuls of the wings of white birds in their bosoms to thatch the house.

Ticeadh athach gaíthi chuici beous,

Thagadh séideán gaoithe i gcónaí *chuige*, ámh,

A gust of wind would still come to it,

ocus gach ní dotuighthi de

agus an méid a bhíodh díonta acu

 

dobereadh in ghæth as beous.

bheireadh an ghaoth léi é *, ámh*.

and still the wind would carry away

 

 

all of it that had been thatched.

Back to top

 

Section 9

Atchi didiu fear ind ic atód tenedh,

Chonaic sé fear ansin ag fadú tine.

Then he sees a man therein kindling a fire,

ocus docuired in omna bunreamur bun barr fair.

Chuireadh an fear stacán ramhar darach bun barr ar an tine

and the thick-boled oak was cast upon it, top and butt.

Intan ticeadh dorisi ocus omna aili leis

agus nuair thagadh sé arís agus stacán eile leis

When the man would come again with another oak

tairgidh loscudh na cetomna.

bhíodh deireadh dóite ag an chéad cheann.

the burning of the first oak had ended.

Back to top

 

Section 10

Atchi didiu dun ríghda romór aile,

Chonaic sé ansin dún ríoga ró-mhór eile

Then he sees another fortress, vast and royal,

ocus sondach credhumæ [aili] uime sidhi.

agus sconsa eile cré-umha uime sin.

and another wall of bronze around it.

Ceithri tighi isin dun.

Bhí ceithre tithe sa dún.

There were four houses therein.

Luidh-sium isin dun.

Chuaigh sé isteach ann

He entered the fortress.

Atchi in rightheagh romor,

agus chonaic sé roimhe an rí-theach ró-mhór.

He sees the vast palace

ocus a chleatha sidhe do credumæ,

Bhí cliatha creatlaigh an tí déanta de chré-umha

with its beams of bronze,

ocus a cæl d’airgid,

agus na buinneáin chaola déanta d’airgead

its wattling of silver,

ocus a thuighi do eitib én find.

agus ba de eití fionn-éan an tuí sa díon.

and its thatch of the wings of white birds.

Back to top

 

Section 11

Atchi didiu topur taitneamach isin lis,

Chonaic sé ansin tobar soilseach i lios an tí

Then he sees in the garth a shining fountain,

ocus coíc srotha ass,

agus cúig srutha as

with five streams flowing out of it,

ocus na sloigh imaseach ic ol usci na sroth.

agus na sluaite ag ól uisce an tobair agus uisce na sruth um á seach.

and the hosts in turn a drinking its water.

Nai cuill buana oscind in tobuir.

Naoi gCoill Bhuana ag fás os cionn an tobair.

Nine hazels of Buan grow over the well.

Focerdaidh andsin na cuill corcarrda
a cnaí isin topur

Ligeadh na coill chorcra dá gcnóite titim uathu sa tobar

The purple hazels drop their nuts into the fountain,

conus-tennat na coíc eicne filead isin topur,

agus na cúig bradáin a bhí sa tobar bheiridís orthu, phléascaidís iad

and the five salmon which are in the fountain sever them

co curtar a mbolga for na srothaibh.

agus chuiridís a mblaosca ar snámh ar na srutha.

and send their husks floating down the streams.

Fuaim eassa na sroth sin didiu,

Fuaim na sruth sin at titim

Now the sound of the falling of those
streams

ba bindi na cach ceol a cantais.

ba bhinne é ná gach ceol ar bith a cantar.

is more melodious than any music that (men) sing.

Back to top

 

Section 12

Luidh iarsin isin rightheach.

Chuaigh Cormac ansin isteach sa rí-theach.

He entered the palace.

Oen lanamain is[in] tigh forachind.

Fuair sé aon lánúin amháin sa teach roimhe.

There was one couple inside awaiting him.

Ba derscai[g]theach dealb in oclaig

Ba dheárscnaithe é deilbh an óglaigh díobh

The warrior’s figure was distinguished

ar ailli a crotha,

ar áilleacht a chrutha,

owing to the beauty of his shape

ar chaine a dealbha

ar chaoine a chuma

and the comeliness of his form

ocus ar ingantus a ecoisce.

agus ar iontas a dhéanaimh.

and the wondrousness of his countenance.

Ingen immorro macdachta mongbhuidhi,

Bhí ógbhean aibidh mhongbhuí

The girl

 

ina theannta,

along with him,

 

 

grown-up, yellow-haired,

fo barr ordha,

folt órga gruaige uirthi,

with a golden helmet,

fa haillim do mnaib in betha,

agus ba í ab áille de mhná an domhain.

was the loveliest of the world’s women.

ina fharradh.

 

 

Dogníter a fosaic can rathugud.

Bhí a cosa á ní gan neach ar bith do thabhairt chúraim dóibh.

Her feet are washed without being observed.

Fotracud forsin clárudh cen tincur o dhune

Bhí dabhach fothragtha ar thaoibh an tí agus an t-uisce ann te de shíor gan duine bheith ina chúram

(There was) bathing on the partition without attendance of any one,

acht na clocha ind ocus ass.

ach na clocha teo ann agus as uathu féin.

but the (heated) stones (of themselves went) into and (came) out (of the water).

Dogníd Cormac a fatracud íarsin.

Dhein Cormac é féin d’fhothragadh ann.

Cormac bathed himself thereafter.

Back to top

 

Section 13

A mbadar and íar trath nona

Le linn dóibh bheith ansin tráthnóna an lae sin

As they were there after the hour of none

conacadar æn fear chucu isin teach.

chonaiceadar an fear chucu isteach.

they saw a man coming to them into the house.

Tuag connaidh ina laim deis,

Bhí tua le haghaidh connadh a ghearradh ina láimh dheis aige,

A wood-axe in his right hand,

ocus lorg ina laim chlí,

cleith ailpín ina láimh chlé

and a log in his left hand,

ocus muc ina díaid.

agus muc ina dhiaidh aniar.

and a pig behind him.

Back to top

 

Section 14

“IS mithigh urgnam astigh,”

“Is mithid dúinn déanamh réidh istigh

“ ’Tis time to make ready within,”

ol in t-oglach,

 

says the warrior;

“daig ata aighi uasal ann.”

ó tá aoi uasal tar éis teacht chugainn,”

“because a noble guest is here.”

 

arsa óglach an tí le fear na muice.

 

Back to top

 

Section 15

Buailis in fer in muic cor’ marbh,

Bhuail an fear an mhuc agus mharaigh í.

The man struck the pig and killed it.

ocus scoiltis a luirg co robadar tri gnuidh do lea[th]scoilteach les.

Scoilt sé ansin an chleith ailpín nó go raibh trí bheart de chipíní connaidh aige.

And he cleft his log so that he had three sets (?) of half-cleavings.

Laiter in mu[i]c isin choiri.

Chaith sé an mhuc isteach sa choire.

The pig is cast into the caldron.

Back to top

 

Section 16

“IS mithigh [a] impod libh,” ol in t-oglach.

“Is mithid duit é iompó,” arsa an t-óglach.

“It is time for you to turn it,” says the warrior.

“Ni heigin,” ol in luchtairi,

“Ní haon mhaith sin a dhéanamh,” arsa an friothálaí,

“That would be useless,” says the kitchener;

“or ní bha bruithi tria bithu sir in mucc

“mar ní bruithfear an mhuc go brách

“for never and never will the pig be boiled

co n-indistar fir cacha ceatramhan dí.”

go dtí go n-instear scéal fíor in aghaidh gach ceathrú dhi.”

until a truth is told for each quarter of it.”

Back to top

 

Section 17

“Indis duin didiu,” for in t-oglach, “artus.”

“Aithris dúinn, thusa, mar sin ar dtús,” arsa an t-óglach.

“Then”, says the warrior, “do thou tell us first.”

Back to top

 

Section 18

“La da rabba-sa ic cuartugud in feraind,” ol se,

“Lá dá rabhas ag tabhairt chuairt timpeall mo chuid fearainn,” arsa an freastalaí,

“One day,” says he, “when I was going round the land,

“fuaruss bu fir aile im ferand,

“fuair mé ba fir eile ar mo thalamh féin

I found another man’s cows on my land,

ocus doradus lium a ngobhang.

agus thug mé liom go dtí an póna iad.

and I brought them with me into a cattle-pound.

Tainic tigerna na mbo amdeaghaidh,

Tháinig an fear ar leis na ba im dhiaidh

The owner of the cows followed me

ocus aspert doberedh log dam ara bu do leigean ass.

agus dúirt sé liom go dtabharfadh sé luach saothair dom ar a bha a ligint leis.

and said that he would give me a reward for letting his cows go free.

Dobert-sa do a bhu.

Thugas dó na ba

I gave him his cows.

Dorat-son damsa mucc ocus tuag ocus lorg:

agus thug seisean dom muc agus tua agus cleith ailpín:

He gave me a pig and an axe and a log,

in muc do marbad don tuaig gach
n-aidhchi,

an mhuc a mharú gach oíche leis an tua,

the pig to be killed with the axe every night,

ocus in lorg do scailteadh dí,

an chleith ailpín a scoilteadh léi freisin

and the log to be cleft by it,

ocus bidh daithin bruithi na muici do chondudh and,

agus go mbeadh ansin dóthain bruite na muice de chonnadh ann

and there will (then) be enough firewood to boil the pig,

ocus dæthain in righthighi olcheana,

agus dóthain an rí-thí *chomh maith* sa mhuc,

and enough for the palace besides.

ocus didiu is beo in mhuc iar maidin,

agus ansin is beo an mhuc arís ar maidin

And, moreover, the pig is alive on the morning after,

ocus is lan in lorg,

agus is slán an chleith ailpín

and the log is whole.

ocus ataid fon samla sin o sin cusaníu.”

agus is amhlaidh sin atá siad agam ó shoin go dtí inniu.”

And from thence till today they are in that wise.”

Back to top

 

Section 19

“Is fír, tra, in scel sin,” ol in t-oglach.

“Scéal fíor, go deimhin, an scéal sin,” arsa an t-óglach.

“True, indeed, is that tale,” says the warrior.

Back to top

 

Section 20

Rohindtodh in mucc

hIompaíodh an mhuc

The pig was turned (in the caldron),

ocus ní frith acht ceathramhe bruithi indti.

agus ní bhfuarthas ach a ceathrú bruite dhi.

and only one quarter of it was found boiled.

Back to top

 

Section 21

“Indister scél firi ele againd,” ol síad.

“Instear scéal fíor eile linn,” arsa siad go léir.

“Let us tell another tale of truth”, say they.

Back to top

 

Section 22

“Indeosad-sa,” ol in t-oglach.

“Inseodsa ceann,” arsa an t-óglach.

“I will tell one,” says the warrior.

“Tainic amm treabhtha ocaind.

“Tháinig aimsir threafa againn,” ar sé.

“Ploughing-time had come.

Intan rob ail in gort sin amuigh do threabadh

“An t-am a chuathas leis an ghort sin amuigh a threabhadh

When we desired to plough that field outside,

is and dofrith silta foirseo treabtha é do cruthneacht.

fuarthas treafa fuirsithe é agus síolta le cruithneacht.

then it was found ploughed, harrowed and sown with wheat.

Intan rob ail teacht da bhuain

Nuair chuathas á baint

When we desired to reap it,

is and frith ina cruaich isin gurt hé.

fuarthas ina cruach sa ghort í.

then (the crop) was found stacked in the field.

Antan rob ail a imfheadain isin leth sin amuig

An uair chuathas á tarraingt isteach go dtí an áit sin amuigh

When we desired to draw it into that side out there,

is and frith ina ænchruaich thuighthi isin les he.

fuarthas in aon chruach amháin díonta sa lios í.

it was found in the garth all in one thatched rick.

Atathar ica hithi o sin cusaníu,

Táthar á hithe ó shoin go dtí inniu

We have been eating it from then till today;

acht ní mo, ní lugu acach hí.”

ach ní mó ná ní lú riamh í.”

but it is no whit greater nor less.”

Back to top

 

Section 23

Rohimpod in muc

hIompaíodh an mhuc

Then the pig was turned (in the caldron),

ocus frith cetraume aili bruithi indti.

agus fuarthas ceathrú eile bruite dhi.

and another quarter was found to be cooked.

Back to top

 

Section 24

“Leamsa in scel anois,” for in ben.

“Liomsa an scéal anois,” arsa an ógbhean.

“It is now my turn”, says the woman.

“Atat .uii. mba ocus .uii. cærich limsa,” for sí.

“Tá seacht mba agus seacht gcaoirigh agamsa,” ar sise.

“I have seven cows”, says she, “and seven sheep.

“Bidh dæthain luchta Tiri Tairnghiri
do lacht na .uii. mbó.

“Tá dóthain mhuintir Thír Tairngire i mbainne na seacht mbó sin

The milk of the seven cows is enough for the people of the Land of Promise.

Tic a furthain d’edach d’olaind na .uii. cærach.”

agus faightear a ndóthain d’éadach olla as olann na seacht gcaorach.”

From the wool of the seven sheep comes all the clothing they require.”

Back to top

 

Section 25

Ba bruithi didiu in treas cethroime don sceol-sin.

Fuarthas an treas ceathrú den mhuc bruite den scéal sin.

At this story the third quarter (of the pig) was boiled.

Back to top

 

Section 26

“Leat so in scel anois,” ar siad fria Cormac.

“Leatsa an scéal anois,” arsa siad le Cormac.

“It is now thy turn,” they say to Cormac.

Back to top

 

Section 27

Ro indis didiu Cormac amal tucad a ben ocus a mac ocus a ingean uadh,

D’aithris Cormac ansin cé mar tugadh a bhean agus a mhac agus a iníon uaidh

So Cormac related how his wife and his son and his daughter had been taken from him,

ocus amal tainic fein ’na n-íarmoracht

agus cé mar tháinig sé féin ina ndiaidh

and how he himself had pursued them

co toracht in teach ut.

gur shroich sé an teach úd ina raibh sé.

until he arrived at yonder house.

Bu bruithi didiu in muc uile la sodhain.

Fuarthas an mhuc uile bruite láithreach.

So with that the whole pig was boiled.

Back to top

 

Section 28

Roindtear acco iarum

Roinneadh an mhuc ansin

Then they carve the pig,

ocus tucad a cuid a fiadhnaisi Cormaic.

agus tugadh a chuid féin di i bhfianaise Chormaic.

and his portion is placed before Cormac.

“Ni caithi[m]sa proind dogres,” ol Cormac, “can cæcait am chuibhrind.”

“Ní chaithimse proinn riamh,” arsa Cormac, “gan caoga im chuideachta.”

“I never eat a meal,” says Cormac, “without fifty in my company.”

Canais in t-oglach dord dho

Chan an t-óglach dord ceoilansin

The warrior sang a burden to him

cor’ cuir a suan.

nó gur chuir sé ina chodladh é.

and put him asleep.

Dichrais iar suidhiu,

Dhúisigh sé i gceann tamaill

After this he awoke

conacca in .L. oglach

agus chonaic sé caoga óglach

and saw the fifty warriors,

 

ina láthair

 

ocus a mac ocus a ben ocus a ingean

agus a bhean agus a mhac agus a iníon in éineacht leo.

and his son and his wife and his daughter,

ina fharradh.

 

along with him.

Ba nert les a menma iar suidhiu.

Chuir sin ardú meanman air.

Thereupon his spirit was strengthened.

Rodailedh lind ocus biadh doib iarum

Dáileadh bia agus deoch dóibh ansin

Then ale and food were dealt out to them,

co mbadar subhaigh soforbailig.

nó go rabhdar súch suáilceach.

and they became happy and joyous.

Tucad cuach oir il-laim in oglaigh.

Tugadh cuach óir ansin i láimh an óglaigh.

A cup of gold was placed in the warrior’s hand.

Bai Cormac ic machtadh in chuaich

Bhí Cormac ag déanamh iontais den chuach

Cormac was marvelling at the cup,

 

ar áilleacht a chuma

 

ar imad a delbh

 

for the number of the forms upon it

ocus ar ingantus a denmha.

 

and the strangeness of its workmanship.

 

agus ar iomad na ndealbh a bhí greanta air.

 

“Ata ní as inganta and,” ol in t-óglach:

“Tá ní is iontaí ná sin ag baint leis,” arsa an t-óglach. 

“There is somewhat in it still more strange,” says the warrior.

“teora briathra breigi do radha foa

“Má abartar trí bréaga ina fhianaise

“Let three words of falsehood be spoken under it,

ocus meabus a tri.

brisfidh sé ar trí.

and it will break into three:

Teora coibsena fira didiu do radha faí

Trí ráite fíora a aithris ina láthair ansin

Then let three true declarations be under it,

ocus congaigeand dorísi fon samail cétna.”

agus táithfidh sé ina chéile arís slán.”

and it unites (?) again as it was before.”

Dobeir in t-oclach teora briathra breigi foa,

D’inis an t-óglach trí bréaga ansin

The warrior says under it three words
of falsehood,

ocus maidhidh i tri.

agus bhris an cuach ar trí.

and it breaks into three.

“IS fearr fir do radh and,” ol in t-oglach,

“Is fearr an fhírinne a chanadh anois,” arsa an t-óglach,

“It is better to utter truth there,” says the warrior,

“fodhaigh slanaigthi in chuaich.

“le go slánófar an cuach.

“for sake of restoring the cup.

Doberim mo chabhais, a Chormaic,” ol se,

Bheirim mo bhriathar, a Chormaic,” ar seisean,

I make my declaration, O Cormac,” saith he,

 

 

“that until today

“nach facaid do bhean na h’ ingen gnuis fhir scail

“nach bhfaca do bhean ná do iníon gnúis fir

neither thy wife nor thy daughter has seen the face of a man

o tucad a Temraig uaid íad

ó tugadh ó Theamhair uait iad

since they were taken from thee out of Tara,

gusaníu,

go dtí inniu,

 

ocus nach facaid do mac gnuis banscaili.”

agus nach bhfaca do mhac gnúis mhná.”

and that thy son has not seen a woman’s face.”

Ba slan in cuach iarum dhe sin.

Ba shlán iomlán an cuach láithreach de sin.

The cup thereby became whole.

Back to top

 

Section 29

“Ber-siu do muntir didiu,” ol in t-oglach,

“Tabhair leat do mhuintir anois,” arsa an t-óglach,

“Take thy family then,” says the warrior,

“ocus beir in cuach corob fri etirgleodh fíra ocus goa agud,

“agus beir an cuach leat go mbí sé agat le dealú na fírinne ón bhréag

“and take the Cup that thou mayst have it for discerning between truth and falsehood.

ocus bidh agud in craebh fri ceol ocus fri hairfideadh,

agus bíodh agat freisin an chraobh chun ceoil agus seanma. 

And thou shalt have the Branch for music and delight.

ocus berthar uaid íad uile in la fogeba bas.

Bhéarfar uait uile iad an lá a gheobhaidh tú bás.

And on the day that thou shalt die they all will be taken from thee.

Misi Manandan mac Lir,” ar se,

Mise Manannán Mac Lir,” ar seisean,

I am Manannan son of Ler”, says he,

“righ Thíri Tarrngiri,

“rí Thír Tairngire,

“king of the Land of Promise;

ocus is aire doradus alle d’ fhechsain Tíri Tarrngire.

agus is é fáth thugas anseo thú le go bhfeicfeá Tír Tairngire.

and to see the Land of Promise was the reason I brought (thee) hither.

IS e in marcsluag atconnarcais ic tuighi in tighi,

An marcshlua a chonaic tú ag díonadh an tí is iad sin

The host of horsemen which thou beheldest thatching the house are

æs dana Erenn annsin

aos dána na hÉireann

the men of art in Ireland,

ag tinol cruidh ocus cethri, ocus teit ar neimthní ass.

ag cnuasach stór agus maoin a théann ar neamhní as.

collecting cattle and wealth which passes away into nothing.

IS e in fear atcon[n]arcais ic fadod na teinedh, oigtigerna andsin,

An fear a chonaic tú ag fadú na tine, óg-thiarna é sin

The man whom thou sawest kindling the fire is a young lord,

ocus icais asa treabadh cach ní chaitheas.

agus é ag caitheamh lena thiarnas gach a bhfaigheann sé as.

and out of his housekeeping he pays for everything he consumes.

As e in topur adcon[n]arcais

An tobar a chonaic tú

The fountain which thou sawest,

cusna coic srothaibh ass

agus na cúig srutha as,

with the five streams out of it,

.i. topur in fis.

tobar an fheasa é sin

is the Fountain of Knowledge,

IS iad na cuic cétfadha triassa tarrthaitear in fis,

agus is iad na cúig srutha na cúig céadfaí trína dtarraingítear an fios 

and the streams are the five senses through the which knowledge is obtained (?).

ocus didiu ní bia dan lais

agus ní bhíonn dán ag aon duine

And no one will have knowledge

nach ní na hiba dig asin tobur fesin

ná hólann deoch as an tobar *féin*

who drinketh not a draught out of the fountain itself

ocus asna srothaibh.

nó as na cúig sruthu sin.

and out of the streams.

Lucht na n-illdan is iad eabhus estib diblínaib.”

An mhuintir a ólann as an dá cheann is iad lucht na n-ildhán iadsan.”

The folk of many arts are those who drink of them both.”

Back to top

 

Section 30

Antan tra atracht Cormac isin maidin arnamharach

Nuair dhúisigh Cormac an mhaidin arna bhárach

Now on the morrow morning, when Cormac arose,

is and bai for faith[ch]i na Teamrach,

is é an áit a bhfuair sé é féin ar fhaiche na Teamhrach,

he found himself on the green of Tara,

a ceathrar,

an ceathrar acu,

with his wife and his son and daughter,

ocus a craebh ocus a chuach oca.

agus an chraobh agus an cuach acu.

and having his Branch and his Cup.

Ba he sin didiu Cuach Cormaic iartain,

Ba é Cuach Chormaic ainm an chuaich ina dhiaidh sin

Now that was afterwards (called) ‘Cormac’s Cup’,

ocus is e nodeiliged firindi ocus gaí i[c] Gædhealu,

agus is é a dhealaíodh an fhírinne ón bhréag ag na Gaeil.

and it used to distinguish between truth and falsehood with the Gael.

acht cheana

Faoi mar gealladh dó, ámh,

Howbeit, as had been promised him [by Manannan]

nir’ mharthanach dareis Cormaic he

níor mharthanach é i ndiaidh Chormaic.

it remained not after Cormac’s death.

amal rogellad dho.

 

 

Back to top