Irish Sagas at UCC University College Cork

CDI
CELT

 

Cath Cairnn Chonaill

Sections in the text

§1

§2

§3

§4

§5

§6

§7

§8

§9

§10

§11

§12

§13

§14

§15

§16

§17

§18

§19

§20

§21

§22

§23

§24

§25

§26

§27

§28

§29

§30

§31

§32

§33

§34

§35

§36

§37

 

 

 

Complete file (PDF)

 

Section 1

Diarmait mac Aeda Sláne, Sinech Cró rodn-alt.

Diarmaid mac Aodha Sláine, is í Sineach Cró do thug altram dó.

Diarmait, son of Aed of Sláne, Sinech Cró fostered him.

No bertis Con[n]achtai a bú-si,

Bheiridís na Connachtaigh a ba-sa,

The Connachtmen used to carry off her kine,

co tarat-si imchosait móir eter Diarmait ocus Guaire Aidne.

gur ghríosaigh sí conspóid mhór idir Dhiarmaid agus Guaire Aidhne.

so she brought about a bitter quarrel between Diarmait and Guare of Aidne.

Is and asbert-si:

 Is ansan adúirt sí:

Then she said (to her fosterson):

 

 

 

“A Diarmait, a mallchobair

“A Dhiarmaid, nách mall ataoi ag tabhairt na cabhrach chugainn

“O Diarmait, thou slack in help,

úamun Gúare fón-fodair,

agus uamhan Ghuaire dár milleadh?

fear of Guare destroys (?) us

ar it anmand cluithe cath

Ó taoi tuirseach ó chathanna do bhriseadh

since thou art weak in winning battles,

tair chucund a dunebath.

b’fhéidir go dtiocfá chugainn ón ndúnmharú.

come to us out of the manslaying.

 

 

 

Leic do Díarmait na raid fris

Lig do Dhiarmaid feasta.

Let Diarmait alone: speak not to him

in cath ni héol ní firdis,

Ná trácht ar chath leis a thuille.

of battle, nothing truly small is known:

dénid cóir dó mar atá

Deán cóir dó mar atá sé

Do right (?) to him as he is,

foid chuci dotathlebá.

agus cuir fios air agus tiocfaidh sé.

send to him, he will come to thee.

 

 

 

Rúanaid atberthe cosse

Ruanaidh a tugtaí air go dtí seo

Hithertho he was called a hero

frisseom ar met a náne,

ar mhéid a oirircis;

from the greatness of his splendour;

indiu is lobrán im-Mide

ach inniu is lobhrán i Midhe

today a weakling in Meath

Diarmait mac Aeda Sláne.

Diarmaid mac Aodha Sláine.

is Diarmait, son of Aed of Sláne.

 

 

 

Tricha tinne, tricha bó

Tríocha tinne, tríocha bó

Thirty flitches, thirty cows

furec ceneóil Fergusso,

dob í sin fleá Cheinéil Fhearghusa;

was the feast of the kindred of Fergus,

ícdai dartaid hi cind gait

íocadh colpach i ndeireadh na creiche

a yearling at the end of the prey

inna forreith do Diarmait.   A.

do Dhiarmaid ina aíocht.

was paid to Diarmait for his guesting.

 

 

 

Beit fir móra ar macáin bic

Beidh ár macaoimh beaga ’na bhfearaibh móra

Our little boys will be big men

co tí ar cobair co Grip,

sara dtiocfaidh ár gcabhair ó Grip.

before our help comes with Crip,

bit daim ríata láig ar mbó

Beidh laonna ár mbó ’na ndaimh riata

the calves of our kine will be trained oxen

co tí cobair Diarmato.”

sara dtiocfaidh cabhair Dhiarmada chugainn.”

before help comes from Diarmait.”

A Diarmait.

 

 

Back to top

 

Section 2

Ro ícc ní dissi immorro in cossait sin.

D’íoc an chasaoid sin ní di, áfach.

Howbeit this setting at loggerheads paid her somewhat,

Ro thinoil Diarmait slúagu ocus sochaide leis do inriud Con[n]acht.

Do thionóil Diarmaid a shluaite d’fhonn Connacht d’ionradh.

for Diarmait mustered hosts and multitudes to invade Connacht.

Back to top

 

Section 3

ISs ed iarom ludi Diarmait oc techt hi Con[n]achta co Cluain maic Nóis.

Nuair a bhí Diarmaid ag teacht i gcóngar do Chonnachta do chuaigh sé go Cluain Mac Nóis,

Now when entering Connacht Diarmait went to Clonmacnois,

Dorigensat íarom samud Cíaran cona n-abaid .i. Áed-lug mac Commain, etla fri Dia fair

agus ansin do rinne sámhadh Chiaráin agus a n-aba, Aodh-Lugh mac Commáin, aithrí le Dia air

and *then* S. Ciarán’s community, with their abbot Aed-lug, son of Cumman, did penance to God for him

co tísad slán d’inchaib a coraigechta-som.

go dtiocfadh sé slán de bhrí a gcoraíochta-san.

that he might come (back) safe by virtue of their guarantee.

Ro idbair in ri iarom Tóim nEirc cona fodlaib feraind

Ina dhiaidh sin, do bhronn an rí Tuaim nEirc gona foranna fearainn

So the king (after returning in triumph) offered him Tuaim n-Eirc with its subdivisions of land

.i. Líath Manchan,

.i. Liath Mancháin,

— i.e. Liath Mancháin —

amal fód for altóir do Dia ocus do Chíaran.

mar fhód le haltóir do Dhia agus do Chiarán,

as a ‘sod on altar’ to God and to S. Ciarán,

Ocus dobert teora trísti for ríg Midi

agus thug sé trí mallacht ar rí na Mí

and he bestowed three curses on the king of Meath (for the time being)

dia cathed nech dia muntir cid dig n-usci n-and.

dá ndéanfadh aoinne dá mhuintir oiread agus deoch uisce d’ól ann.

if any of his people should consume (as a right) even a drink of water therein.

Conid de-sin na laim rí Midi a ascin

Dá bhrí sin, ní leomhann rí na Mí féachaint air,

Wherefore no king of Meath ventures to look at it,

ocus na laim nech dia muntir a bíad do chathim.

agus ní leomhann neach dá mhuintir a bhia do chaitheamh.

and none of his people ventures to partake of its food.

IS de sin dano doráegart Díarmait a adnacul hi Cluain maic Nois,

Is de sin, áfach, a d’iarr Diarmaid a adhlacadh i gCluain Mac Nóis,

Hence it is that Diarmait requested his burial in Clonmacnois,

conid iarom ro adnacht inti.

agus adhlacadh ann ar ball é.

wherefore he was afterwards interred therein.

Back to top

 

Section 4

Dorat Diarmait laim dar Con[n]achta remi co ránic Aidni.

Do fuair Diarmaid an lámh uachtair ar Chonnachta gur shrois sé Aidhne.

Diarmait overcame Connacht till he came to Aidne.

Ro thinol Gúairi firu Muman dia saigid.

Do thionóil Guaire fir Mhumhan chuige féin,

Guare gathered to him the men of Munster.

Roptar iatso rig tancatár hi forithin Gúari

agus siod iad na ríthe do tháinig ag fóirithint ar Ghuaire:

These were the kings that came to succour Guare,

.i. Cuan mac Ennai ri Muman

Cúán mac Énna, rí Mumhan,

to wit, Cuan, son of Enna, king of Munster,

ocus Cuan mac Conaill rí Húa Fidgente,

agus Cúán mac Conaill, rí Uíbh bhFidhgeinte,

and Cuan, son of Conall, king of Húi Fidgenti,

ocus Tolomnach rí Húa Líathan.

agus Tolamhnach, rí Uíbh Liatháin.

and Tolomnach, king of Húi Liatháin.

Doratad iarom cath Cha[i]rnd Chonaill etorro il-lo cengiges,

Do tugadh cath Chairn Chonaill ansan eatarthu, lá Cincíse;

Then the battle of Carn Conaill was fought between them on the day of Pentecost,

co ráemid for Gúari,

acht do briseadh ar Ghuaire

and Guare was defeated,

corro lad ar cend and,

agus do himríodh ár na dtaoiseach ann

and a ‘slaughter of chiefs’ was inflicted there,

im Chuan mac Énnai, rí[g] Muman

um Chúán mac Éanna, rí Mumhan,

including Cuan, son of Enna, king of Munster,

ocus im Cuan mac Conaill, ríg Húa Conaill [leg. Fidgente?]

agus um Chúán mac Conaill, rí Uíbh Chonaill,

and Cuan, son of Conall, king of Húi Conaill,

ocus im Tholomnach rig Húa Líathán.

agus um Tholamhnach, rí Uíbh Liatháin.

and Tolomnach, king of Húi Liatháin.

Back to top

 

Section 5

Cammini Insi Celtra iss é dorat brethir for Gúari

Cáimín Inis Cealtra, is é a chuir eascaine ar Ghuaire

St. Cámmine of Inis Celtra, ’tis he that had set a curse on Guare,

con ná gébad fri ócu.

ná gheobhadh sé treise ar naimhde.

that he should not withstand warriors.

Ar ro bói Cámmini trí trath oc troscud fair

Trí laethe a bhí Cáimín ag troscadh ar Ghuaire

For Cámmine had been for three days fasting upon him

im slanaigect hi tarat hé,

um shlánaíocht áirithe do thabhairt dó,

concerning a guarantee which the saint had made him give;

ar ro sáraig Gúari hé.

mar do bhí Guaire tar éis é shárú.

for Guare had outraged him.

Back to top

 

Section 6

“Mad cóir la Dia”, ar Cámmine,

“Más cóir le Dia,” arsa Cáimín,

“If God see fit”, says Cámmine,

“in fer fil hi comthairisim frimmsa

“an fear atá i gcomh-thairiseamh liomsa,

“the man who is stubborn against me

ní ro-thairise fri námtiu [.”

ní dhéanfaidh sé ró-thairiseamh le naimhde.”

shall not stand fast against (his) foes.”

Conid ann atbert in t-aingel re Caimin inso, co ndebuirtt — Eg.

Sin í an uair do labhair an t-aingeal mar seo le Cáimín agus adúirt:

Whereupon the angel declared this to Cámmine, saying:

 

 

 

“IN cath i n-Inis Celtra ·

“Sa chath in Inis Cealtra,

“The battle in Inis-celtra

feras lobur (.i. fri Camin) fri nerta (.i. fri Guaire)

atá idir an lobhar,” — is é sin Cáimín — “agus an duine neartmhar,” — is é sin Guaire —

which the weakling fights against strengths,

is e in lobur bus tren ·

is é an lobhar a bheidh tréan

’tis the weakling that shall be strong,

is e in tren bus techta” — LL.]

agus is é an tréan a cuirfear ar theitheadh.”

’tis the strong that shall be put to flight.”

Back to top

 

Section 7

Do tháet Guaire do aurgairi Chammini, ocus sléchtaid dó.

Do tháinig Guaire agus thug a óghréir do Cháimín agus do shléacht dó.

Guare went to entreat Cámmine, and kneels to him.

Back to top

 

Section 8

“Doreilce[d] didu t’irchor-sa”, or Cámmine:

“Tá t’urcharsa caite, go deimhin,” arsa Cáimín,

“Thy cast has been hurled *, indeed* ”, says Cámmine:

“ni chomraim a ostud.

“ní féidir domsa é fhostú;

“I cannot help to stay it.

Comluath sin, dano”, for Cammine,

ach, mar sin féin, ní túisce san,” arsa Cáimín,

But this is as swift as that”, says Cámmine,

“ocus dobérat do réir duit in lucht máidfit maidm fort .i. dobérat do réir duit fochetóir.”

“ná an lucht a bhéarfaidh bua ort do thabhairt do thola féin duit ar an láthair sin.”

“and those that shall inflict a defeat upon thee will straightway give thee thy desire.”

Back to top

 

Section 9

Is de asbert Cammin:

Mar gheall air sin is ea adúirt Cáimín:

Thereof said Cámmine:

 

 

 

“I mbíat fáebra fri fáebra

“Nuair a bheidh faobhair le faobhair

“When edges shall be against edges

ocus fin[d]ne fri fin[d]ne,

agus sciatha le sciatha,

and shields against shield[s],

bi[d]at aithrech, a Guairi

beidh aithreachas ortsa, a Ghuaire,

thou wilt be penitent, O Guare,

cléirchin fris’ tarlais tinne.

i dtaobh an chléirchín lema rabhais go teann.

as to the poor cleric to whom thou hast shewn stiffness.

 

 

 

IAR réir doarbart Mac De

Dá réir féin do thug Mac Dé,

According to (His) will God’s Son

fri athlad na óenúaire

le hathláimh na haon-uaire,

in the change of a single hour has brought

cride Guaire fo chi[u]nu

croí Ghuaire faoina daoine ciúine

Guaire’s heart under gentle ones,

inna tri[u]nu fo Gúairiu.”

agus na daoine tréana faoi Ghuaire.”

the strong ones under Guare.”

Back to top

 

Section 10

“Troisc limsa dano”, for Gúaire fri Cammin, “fri Dia co tarda itchi dam.”

“Troisc liomsa mar sin chun Dé,” arsa Guaire le Cáimín, “go dtuga sé m’achainí dom.”

“Fast with me then”, says Guare to Cámmine, “unto God, that He may grant my prayer.”

Back to top

 

Section 11

Lotár iarom a triur isin n-eclais .i. Cammini ocus Guairi ocus Cummini Fota. Eclas mór dorónad la Cámmin, is intí bátar.

Ina dhiaidh sin do chuaigh an triúr acu, Cuimín Fada agus Cáimín agus Guaire, isteach in eaglais mhór a bhí déanta ag Cáimín.

Then the three of them entered the church, to wit, Cámmine and Guare and St. Cummine the Tall. A great church built by Cámmine, therein they were.

Batar iarom na clérig oc tabairt a chobsena for Gúari.

Do bhí na cléirigh ag tabhairt comhairle a leasa do Ghuaire ansan.

Then the clerics were causing Guare to confess.

Back to top

 

Section 12

“Maith, a Guair[i]”, ar iat,

“Sea, a Ghuaire,” ar siad,

“Well, O Guare”, say they,

“cid bad maith lat do linad na ecailsi-sea hi tám?”

“cad ba mhian leatsa do líonadh na heaglaise seo ina bhfuilimid?”

“with what wouldst thou like to fill this church wherein we stand?”

Back to top

 

Section 13

“Ropad maith lim al-lan di or ocus d’argut,

“Ba mhaith liom í líonadh d’ór is d’airgead,

“I should like its fill of gold and of silver;

ocus ni ar saint in tsáegail,

agus ní ar shaint an tsaoil

and not for worldly greed,

acht dia thindnacul ar m’anmain do náemaib ocus ecailsib ocus bochtaib in domain.”

ach d’fhonn í bhronnadh ar m’anam do naoimh agus d’eaglaisí agus do bhoicht an domhain.”

but to bestow it for my soul’s sake on the saints and the churches and the poor of the world.”

Back to top

 

Section 14

“Dorata Dia fortacht duit, a Gúaire!” ar iat.

“Go dtuga Dia fortacht duit, a Ghuaire!” ar siad.

“May God give thee help, O Guare!” say they.

“Dobérthar in talam duit doidnais ar t’anmain,

“An talamh úd do bhronnfá ar mhaithe let anam, do bhéarfar duit é

“The earth which thou wouldst bestow for thy soul’s sake shall be given to thee,

ocus bát nimidech.”

agus beir fós ag áitriú na bhflaitheas Dé.”

and thou shalt (after death) be a dweller in heaven.”

Back to top

 

Section 15

“Is bude lend”, or Guaire.

“Táimid buíoch,” arsa Guaire.

“We are thankful”, saith Guare.

“Ocus túsu, a Chammini”, or Gúare,

“Agus tusa, a Cháimín,” arsa Guaire,

“And thou, O Cámmine”, saith Guare,

“cid bad maith lat día linad?”

“cad ba mhaith leatsa dá líonadh?”

“with what wouldst thou like it to be filled?”

Back to top

 

Section 16

“Ropad maith lim a linad do sáeth ocus galur ocus cech aingcis bad messo do duini,

“Ba mhaith liom í líonadh de thinneas is de ghalar agus de gach ainnise ba mheasa do dhuine,

“I should like to fill it with pain and sickness and every ailment that is worst to man,

co m-bad for mo chorp dobertais uli.”

chun gur ar mo chorpsa féin do bhéarfaí iad uile.”

so that all of them might be infiicted on my body.”

Back to top

 

Section 17

“Ocus tussu, a Chummine”, or Guaire,

“Agus tusa, a Chuimín,” arsa Guaire,

“And thou, O Cummine”, saith Guare,

“cid bad maith lat día línad?”

“cad ba mhaith leatsa dá líonadh?”

“with what wouldst thou fain have it filled?”

Back to top

 

Section 18

“Ropad maith lim al-lán di lebraib

“Ba mhaith liomsa í beith lán de leabhair,

“Fain would I have its fill of books,

.i. dia tudecht do áes légind,

chun go dtiocfadh aos léinn ann

for students to repair to them,

ocus do silad brethre De hi clúasaib cach duine

d’fhonn briathra Dé do shíolú i gcluasa gach duine

and (then) to sow God’s word in the ears of every one,

dia thabairt a lurg Díabail dochum nimi.”

dá thabhairt as lorg an diabhail chun na bhflaitheas ar neamh.”

so as to bring him to heaven out of the troop of the Devil.”

Back to top

 

Section 19

Ro fírtha tra uli a n-imráti dóib.

Agus do fíoradh, trá, na smaointe sin uile acu.

Now all their musings came to pass.

Doratad in talam do Gúaire.

Do tugadh an talamh do Ghuaire.

The earth was given to Guare.

Doratad ecna do Chummin.

Do tugadh eagna do Chuimín.

Wisdom was given to Cummin.

Dorata sóetha ocus galra for Cammine

Do tugadh tinneas agus galair do Cháimín

Pains and sicknesses were inflicted on Cámmine,

con na deochaid cnaim de fri araile hi talam,

ar chuma nach ndeachaigh cnámh de le chéile i dtalamh,

so that no bone of him came to another *in* earth,

acht ro legai ocus ro lobai ri aingces cech galair ocus cach threblaiti.

ach do díscaoileadh is do lobhadh le hainnise gach galair agus gach trioblóide.

but it had dissolved and decayed with the anguish of every illness and every tribulation.

Back to top

 

Section 20

Co ndeochatar ule dochum nimi lía n-imratib.

Agus do chuadar go léir ar neamh do réir mar a smaoiníodar.

So they all went to heaven according to their musings.

Back to top

 

Section 21

Techid tra Gúaire assin cath for leith ocus a gilla irraith.

Theith Guaire as an gcath ar leith amháin agus gan ach a ghiolla féin ina fhochair.

Guare flees out of the battle on one side with his servant only.

Ro gab in gilla bratan ríamnaige, ro fon ocus dorat do Gúari.

Do ghabh an giolla bradán le dorú, do ghríosc sé é agus do thug go Guaire é.

The servant caught a salmon with a line, broiled it, and gave it to Guare.

Conid and asbert Gúari:

Is ansan adúirt Guaire:

Whereupon Guare said:

 

 

 

“Atlochur do Dia i n-étad

“Do bheirim buíochas le Dia ar son

“I thank God for what has been gained

innocht dom fheis óenfhéccad:

a bhfuarthas dom bhéile anocht, aon bhlúirín beag amháin,

to-night for my feast, a single morsel.

rom-bui-se adaig aile

agus go raibh oíche eile agam

I have had (many) another night

dombert secht mbú Mac Maire.”

a thug Mac Muire seacht mbó dom.”

(when) Mary’s Son gave me seven cows.”

Back to top

 

Section 22

Dolluid-seom tra do gíallad fri claideb do Diarmait intí Gúari.

Mar sin do tháinig Guaire chun Dhiarmada agus do ghéill sé faoi ghion claímh dó.

Then Guare went to make submission to Diarmait at the sword(’s point).

Back to top

 

Section 23

“Maith”, or Diarmait, “cid ara ndéni Guairi in féli ucut? .i. inn ar Dia fá inn ar daini?

“Sea,” arsa Diarmaid, “beidh fhios againn anois cé acu ar Dhia nó ar chlú do-ní Guaire an t-oineach mór úd.

“Well”, says Diarmait, “why does Guare practise that generosity (for which he is famed)? Is it for God’s sake or for men’s?

Mád ar Día dobéra ní innossa.

Más ar Dhia, tabharfaidh sé ní uaidh anois.

If it be for God’s sake he will now bestow somewhat.

Mad ar dáine ni thibre,

Más ar dhaoine, ní thabharfaidh;

If it be for men’s, he will give nothing,

ol ata co feirg ocus londus mór.”

mar tá fearg agus seirbhe mhór air.”

because he is in anger and great bitterness.”

Back to top

 

Section 24

Do tháet chucu.

Do chuaigh sé chucu.

He went to them.

“Ni dam! a Gúaire”, ol in druth.

“Tabhair ní domsa, a Ghuaire!” arsa an t-abhlóir.

“Something to me, O Guare!” says the jester.

Cingthe secha.

Do scaoil sé thairis é.

He passes by him.

“Ni damsa, a Gúaire!” or in clam.

“Tabhair ní domsa, a Ghuaire!” arsa an clamh.

“Something to me, O Guare!” says the leper.

“Rot-bia”, or Guaire.

“Beidh agat,” arsa Guaire,

“Thou shalt have”, says Guare.

Focheird a goo dó.

agus do chaith sé chuige a ghathanna.

He flings him his spears.

“Ní damsa”, or a chéli.

“Ní domsa,” arsa duine acu.

“Something to me,” says the leper’s fellow.

Focheird a scíath dó.

Do chaith sé a sciath chuige.

Guare flings him his shield.

“Ní damsa!” or a chéli aile.

“Ní domsa!” arsa duine eile acu.

“Something to me!” says his other fellow.

Focheird a brat ocus a delg ocus a cris dó.

Do chaith sé a bhrat agus a dhealg agus a chrios dó.

Guare flings him his mantle and his brooch and his girdle.

Back to top

 

Section 25

“Nit-ain,” or Diarmait.

“Ní chosnóidh san tú,” arsa Diarmaid.

“This will not protect thee”, says Diarmait:

“Tair fón claideb.”

“Tar faoin gclaíomh.”

“come under the sword.”

Back to top

 

Section 26

“Ní damsa, a Gúaire!” for in céli Dé.

“Ní domsa, a Ghuaire!” arsa an céile Dé.

“Something to me, O Guare!” says the Culdee.

“An bic, a Diarmait”, or Guaire,

“Fan go fóill, a Dhiarmaid,” arsa Guaire,

“Wait a little, O Diarmait”, says Guare,

“co tallur mo lene dím don chéle Dé.”

“go dtugad mo léine don chéile Dé.”

“till I strip off my shirt for the Culdee.”

“Maith”, or Diarmait, “ro giallaisiu do ríg aile .i. do Mac Dé.

“Is maith,” arsa Diarmaid, “taoi faoi smacht rí eile, is é sin, Mac Dé.

“Well”, says Diarmait, “thou hast submitted to another king, even to God’s Son.

Asso mo giallsa duitsiu immorro.”

Ach seo mo ghéilleadh féin duitse, áfach.”

Here, however, is my submission to thee.”

Back to top

 

Section 27

Slechtaid dano Diarmait fo thrí do Gúari.

Agus leis sin do shléacht Diarmaid faoi thrí do Ghuaire.

So Diarmait kneels thrice to Guare.

“Níp anchobrai trá”, or Diarmait,

“Ná bíodh droch-aigne againn chun a chéile a thuille,” arsa Diarmaid,

“Let it not be unpeace now”, says Diarmait,

“co ndigis ar mo chend-sa do áenuch Tallten,

“ach tarsa im choinne go hAonach Tailtean

“that thou shouldst go to meet me to the Assembly of Talltiu,

co nda[t]ragbat fir Herenn do chomarlid ocus do chind athchomairc dóib.”

go dtogha fir Éireann tú mar cheann comhairle agus coimirce dóibh féin.”

so that the men of Erin may take thee for their adviser and their chief of counsel.”

“Dogéntar”, or Gúaire [facs. gúnar].

“Tá go maith,” arsa Guaire.

“It shall be done”, says Guare.

Back to top

 

Section 28

Is andsin ro chan Sinech in molad-sa do Diarmait:

Is ansan do chan Sineach an moladhsa do Dhiarmaid:

Then Sinech sang this praise to Diarmait:

 

 

 

“Cach mac tigirn timcraidi

“Gach mac tighearna tromchroíoch

“Every faint-hearted son of a lord,

tathut airle limsa de,

tá comhairle agamsa dó;

a counsel I have for thee about him,

dothe desell in brogo

rachaidh sé deiseal um an mbrugh

he shall walk righthandwise round the mark:

leis fudell mo rúanado.

agus gheobhaidh sé fuílleach mo laoichse.

he shall have my champion’s leavings.

 

 

 

Ní for brágtib dam na bó

Ní ar mhuiníl damh ná bó

Not on necks of oxen or cows

clóthir colg mo ruanado,

a déantar claíomh mo laoichse a mhaolú,

is my champion’s sword blunted,

is for rigaib focheird feit

is os cionn ríthe a dhéanann

’tis on kings that the sword

indiu dubchend la Diarmeit.

dubhcheann Dhiarmada fead inniu.

in Diarmait’s hand today makes a whistling noise.

 

 

 

Gúaire mac Colmain in ri

Maidir le Guaire mac Colmáin, an rí,

Guare son of Colmán, the king,

ro chacc for craibu Adní,

bhí buinne scanraithe air siúd ar fuaid coillte Aidhne,

befouled the trees of Aidne:

ro lá búalta méit cind bó

do chac sé bualtrach chomh mór le ceann bó,

he cast forth ordures as big as a cow’s head,

ar óman mo ruanadó.

agus sceimhle air roimh mo rófhéinní.

for dread of my champion.

 

 

 

O ro breca bróenán cró

Ó breacadh léine dhubh-ghorm

Since a shower of blood has bespattered

léni nde[n]dguirm nDíarmató,

Dhiarmada le braonta fola,

Diarmait’s blue-coloured shirt,

erred fir cluas catha

níor chóir léine an té a chasann na cathanna

the dress of a man who turns back battles

ni comtig cen ildatha.

do bheith gan ildathanna.

is not meet without many colours.

 

 

 

O ro breca bróenán cró

Ó bhreac cith de bhraonta fola

Since a shower of blood has bespattered

brunni gabra Diarmató,

broinne Ghrip, each Dhiarmada,

the breast of Diarmait’s steed,

usce asa negar Grip

an t-uisce as a nítear é,

the water with which Crip is washed

ni lusta fri sacarbaic,

ní ceart é a ól ag an Sacraimint.

is not clear for the Sacrifice.

 

 

 

O doleicter immasech

Nuair a ligtear crainn na ngathanna

When in turns the warlike shafts

cranna f[i]anna for cach leth,

os na fianna ar gach taobh um a seach

are hurled on every side

ní po decmaic casal cró

ní haon ionadh casal cró do bheith

a bloody mantle were not strange

for crand a duirnd Diarmató.

ar an gcrann i ndorn Dhiarmada.

on the shaft from Diarmait’s hand.

 

 

 

O do sernatár gai bic

Nuair a scaoiltear na gathanna beaga

When the small javelins are loosed

hi tossuch an imairic,

i dtosach an chatha

at the beginning of their conflict,

is í dias cíta ric

is iad dís is túisce a shroisid

the pair which first meets (them)

a gabair ocus Diarmait.”

ná capall Dhiarmada agus é féin.”

is Diarmait’s steed and himself.”

 

 

 

A[r] Guairi:

Arsa Guaire:

Saith Guare:

 

 

 

“Adnuu ón, adnuu

“Geallaimse seo, geallaim,

“I promise this, I promise,

da reis Sinich co cruu,

má thagann Sineach chun mo chró,

if Sinech reach a fold

nocos-faicéb la biu

go ndéanfadsa í mharú

I will not leave her alive,

ata-biu com luu.”

le barra bróige.”

I will slay her with my kick.”

 

 

 

Or si:

Ar sí:

Saith she:

 

 

 

“Adnuu

“Geallaimse.

“I promise.

ní ric Sinech co cruu,

Ní shroiseann Sineach an cró;

Sinech reaches not a fold:

ni fil occu ’cá im[fho]-chaid

níl aon óga á ionsaí,

there are no warriors [assailing them],

cid náci[d]-fitir nuu?

cén fáth nach bhfuil fhios agat anois?

why dost thou not know it [now]?

 

 

 

Diarmait rúanaid, maith in ri

Is maith an rí é Diarmaid rófhéinní.

Diarmait the hero, good the king,

forbrid ar cách tria lunni,

Sáraíonn sé cách lena loinne.

outgrows every one through boldness,

forbrid ar cach n-óen co gnáth

Sáraíonn an rí an uile dhuine de ghnáth

the king usually outgrows every one,

in rí co cuir broén ar cách.”

i dtreo go gcuireann sé braon ar chách.”

so that he [puts a drop (of blood?) on] all.”

Cách.

 

 

Back to top

 

Section 29

Luid-seom iarom inti Gúairi do áenuch Talten arcend Diarmata,

Do chuaigh Guaire go hAonach Tailtean ina dhiaidh sin chun bualadh le Diarmaid,

Then Guare went to the Assembly of Taltiu to meet Diarmait,

ocus míach árgit leis día thabairt do feraib Herenn.

agus mála mór airgid aige d’fhonn é roinnt ar fhearaibh Éireann.

having with him a sack of silver to bestow on the men of Erin.

Back to top

 

Section 30

“Maith”, or Diarmait, “in fer dotháet chucaib

“Sea,” arsa Diarmaid, “an fear seo tháinig chugaibh

“Well”, says Diarmait, “the man that has come to you,

atethaid a innili oc a thig.

baineann sibh a chuid eallaigh de ag a thigh féin.

ye seize his cattle at his house.

Is [s]árugud damsa trúag nó trén isind óenuch do chuingid neich cuci.”

Is sárú domsa trua ná tréan san aonach d’iarraidh aon ní air.”

’Tis an outrage to me if (anyone), wretched or strong, in the assembly ask aught of him.”

Back to top

 

Section 31

Luid-seom didu co mbói for láim Diarmata for foradaib bith isind óenuch.

Do chuaigh sé mar sin ar an aonach, agus do shuigh sé le hais Dhiarmada ar na foraidh.

So Guare went and stayed on Diarmait’s (right) hand on the . . . highseats in the assembly.

In la sin, tra, ni chuinnig nech ní cuca[i] som.

An lá sin, áfach, níor iarr aoinne aon ní uaidh.

On that day, then, no one asks aught of him.

Bá machdad leiseom aní-sin.

B’ionadh leis an ní sin.

This seemed to him a marvel.

Back to top

 

Section 32

[Medón lái arnabarach, LL.]

Meán lae arna mhárach,

At midday on the morrow,

“Maith, a Diarmait”, or Guare, “epscop do gairm cucumsa

“féach, a Dhiarmaid,” arsa Guaire, “glaotar easpag chugamsa

“well, *Diarmait,* ”, says Guare, “let a bishop be summoned to me

co tard-sa mo choibsena dó.” [ocus co rom-ongthar”]

go ndéana mé m’fhaoistin leis agus go gcuirtear an Ola orm.”

that I may make my confessions to him and be anointed.”

“Cid so?” or Diarmait.

“Cad ina thaobh san?” arsa Diarmaid.

“Why is this?” says Diarmait.

“Cid nách mana éca letso damsa, a Diarmait,

“Cad ina thaobh nár mhana báis domsa, dar leatsa, a Dhiarmaid,

“Deemest thou not, O Diarmait, that it is an omen of death to me

áit hi tát fir Herénd, eter truag ocus tren,

fir Éireann, idir thrua agus tréan, do bheith in aon ionad

that in a stead where stand the men of Erin, both wretched and strong,

nach cuinnig nech díb ní chucumsa?”

agus gan trua díobh do theacht d’iarraidh ní ormsa?”

not one of them asketh aught of me?”

Back to top

 

Section 33

“Ní rogebthar fort”, or Diarmait,

“Ní thógfar aon ní uait,” arsa Diarmaid.

“Nothing shall be taken from thee”, says Diarmait.

“miach argait duit sunn út.”

“Seo mála airgid uaimse duit.”

“Here is a sack of silver for thee.”

“Atá airget immorro limsa”, ol Gúairi.

“Dhe!” arsa Guaire, “atá airgead agamsa (féin).”

“But I (myself) have silver”, says Guare.

Back to top

 

Section 34

Atraracht immorro Gúairi, ocus nos-tairbir assa díb lamaib,

D’éirigh Guaire ansan agus do thug as a dhá láimh,

So then Guare rose up, and flings it out of his two hands.

ocus asberat-som ba lethfota a lám ónd úair sin oc rochtain na céli nDé.

agus adeirtear gur shia lámh leis ón uair sin amach lena síneadh ar amas céilí Dé.

And men say that from that hour one of his arms was longer than the other from reaching out to the ‘servants of God’ (Culdees).

Back to top

 

Section 35

Dogniat iarom ógsid .i. Diarmait ocus Guaire,

Do rinne Diarmaid síocháin iomlán le Guaire ansan

Then they, Diarmait, to wit, and Guare, make a perfect peace.

ocus ro gabsat fir Herenn intí Gúairi do chomarlid ocus do chind athchomairc dóib ond uair sin tria bithu cein ro bo béo.

agus do thoghadar fir Éireann an té sin Guaire mar cheann comhairle agus coimirce dóibh ón lá san amach fad ba bheo é.

And the men of Erin took Guare for their adviser and their chief of counsel, from that time forward so long as he was alive.

Back to top

 

Section 36

Bá maith iarom intí Guairi:

Ba mhaith, trá, an Guaire sin.

Good, then, was that Guare.

is dó doratad tria ráth féli in bó co n-aib ítha

Is dó, trí rath fhéile, tugadh an bó le n-aenna n-íotha

’Tis to him that through grace of generosity was given the cow with livers of tallow,

ocus inna sméra ’sind fulliuch.

agus na sméara san áit fholaitheach.

and the blackberries in the hiding-place.

Back to top

 

Section 37

IS é doróni in firt n-amra hi Cluain maic Nóis día rucad-som dia adnacol di.

Is é do rinne an mhíorúilt iontach úd i gCluain Mac Nóis nuair a bhíothas á bhreith chun a adhlacadh.

’Tis he that wrought the wondrous miracle at Clonmacnois when they were bearing him thither to his burial.

Tánic in drúth dia saigid, ocus ro gab algais de im athchuingid fair.

Tháinig an t-abhlóir ina leith agus d’iarr sé achainí air.

The jester came to him and asked a boon of him repeatedly.

Dorat-som a laim darsin forbaid immach,

Do chuir sé a lámh thar an bhfód amach

So he (the dead king) put his hand out over the ground,

ocus ro gab lán a duirnd don ganium,

agus do ghabh lán a dhoirn den ghainimh

and took his handful of the sand,

ocus ro dibairc i n-uch[t] in druad,

agus do chaith in ucht an t-abhlóra é,

and flung it into the jester’s bosom,

co nderna[d] bruth óir dé.

go ndearna bró óir de.

and made a glowing mass of gold thereout.

Conid hé sin enech dedenach Guairi.

Agus dob é sin oineach deireanach Ghuaire.

So that is Guare’s last deed of bounty.

Conid ‘Cath Diarmata ocus Guairi Adni’ a scel sin anúas.

‘Cath Dhiarmada agus Ghuaire Aidhne’ an scéal sin anuas.

This tale above is (also called) the ‘Battle of Diarmait and Guare of Aidne.’

Back to top