Aislinge Óenguso
Sections in the text
| 
 | 
 | 
 | 
 | 
 | |||||
Section 1
| Boí Óengus in n-aidchi n-aili inna chotlud. | Bhí Aonghas oíche áirithe ina chodladh | Another night Óengus was asleep. | 
| Co n-accae ní, in n-ingin cucci for crunn síuil dó. | go bhfaca sé cailín chuige ar an leaba dó | While he was in bed, he saw something, a girl coming towards him, | 
| Is sí as áilldem ro boí i n-Ére. | agus ba í an cailín ab áille dá raibh in Éirinn. | the most beautiful that was in Ireland. | 
| Luid Óengus do gabáil a llámae | Chuaigh Aonghas chun a láimh a ghabháil | Óengus went to take her hand, | 
| dia tabairt cucci inna imdai. | chun í a thabhairt isteach sa leaba chuige | to take her to him into his compartment. | 
| Co n-accae ní; fo-sceinn úad opunn. | go bhfaca sé rud: d’imigh sí uaidh go hobann | He saw something; she vanished from him suddenly. | 
| Nícon fhitir cia árluid húad. | agus ní fhidir sé cár imigh sí uaidh. | He did not know where she had gone from him. | 
| Boí and co arabárach. | D’fhan sé ann go maidin amárach | He was there until the following day. | 
| Nípo shlán laiss a menmae. | agus do-mheanma air. | His mind was troubled. | 
| Do-génai galar ndó in delb ad-condairc cen a haccaldaim. | Bhí sé buartha ag an ndeilbh a chonaic sé gan aon agallamh a chur uirthi. | The form he had seen without addressing was making him sick. | 
| Nícon luid biad inna béolu. | Níor chuaigh aon bhia ina bhéal. | Food did not go into his mouth. | 
| Boí and do aidchi dano aithirriuch. | Bhí sé ann nó go raibh sé ina oíche arís | He remained there until night again. | 
| Co n-accae timpán inna láim as bindem boíe. | go bhfaca sé í agus an tiompán ba bhinne ina láimh. | He saw a timpán in her hand, the sweetest that was. | 
| Sennid céol [n]dó. | Sheinn sí ceol dó | She played music for him. | 
| Con-tuil friss. | gur chodail sé leis. | She slept with him. | 
| Bíid and co arabárach. | Bhí sé ann go maidin | He was there until the next morning. | 
| Nícon ro-proindig dano arabárach. | agus an lá amárach ní raibh aon bhéile aige áfach. | He was not able to eat moreover the next morning. | 
Section 2
| Blíadain lán dó os sí occa aithigid fon séol sin | Bliain lán dó agus í ar aithí aige ar an nós sin | For a full year she was visiting him in that manner, | 
| condid corastar i sergg. | nó gur thit sé i léig. | so that he wasted away. | 
| Nícon epert fri nech. | Ní dúirt sé le héinne é. | He didn’t speak to anyone. | 
| F-a-ceird [i sergg] íarum | Ansin thit tinneas air | He continued to decay then | 
| ocus ní fitir nech cid ro mboí. | agus ní fhidir éinne cad a bhí air. | and nobody knew what was the matter with him. | 
| Do-ecmalldar legi Érenn. | Tháinig leagha Éireann le chéile | The physicians of Ireland were gathered. | 
| Nícon fhetatar-som cid ro mboí asendud. | agus ní raibh a fhios acu cad a bhí air. | They didn’t know what was the matter with him at last. | 
| Ethae co Fingen, liaig Conchobuir. | Chuathas go dtí Finghean liaigh Chonchúir. | Word was sent to Fingen, Conchobar’s physician. | 
| Do-tét-side cucci. | Tháinig sé chuige. | He came to him. | 
| Adgninad-som i n-aigid in duini a ngalar no bíth for | Bhíodh a fhios aige siúd ar aghaidh an duine cén galar a bhíodh air | He used to know in the face of the person the disease that he used to have | 
| ocus ad-gninad din dieid no théiged din tig | agus bhíodh a fhios aige ar an ndeatach a thagadh amach as tigh | and he used to recognise from the smoke out of the house | 
| a llín no bíth co ngalar and. | an líon daoine a bhíodh ann agus galar orthu. | the number that used to be sick there. | 
Section 3
| Atngládastar for leith. | Labhair sé leis i leataoibh. | He spoke to him aside. | 
| “Ate, nítat béodai do imthechta,” ol Fingen | “Ara, ní hiontach do chás,” arsa Finghean, | “Truly indeed, your affairs are not lucky”, said Fingen. | 
| “Sercc écmaise ro carais.” | “thitis i ngrá le searc éagmaise.” | “You have loved one who is absent”. | 
| “Ad-rumadar mo galar form,” ol Óengus. | “Tá mo ghalar tomhaiste agat,” arsa Aonghas. | “You have judged my disease upon me”, said Óengus. | 
| “Do-rochar i ndochraidi ocus ní ro-lámar a epirt fri nech,” [ol Fingen]. | “Thitis i ndochraí agus níor lámhais é a rá le héinne,” arsa Finghean. | “You have fallen into hardship and you have not dared to say it to anyone”, [said Fingen]. | 
| “Is fír deit,” ol Óengus. | “Is fíor sin duit,” arsa Aonghas. | “True for you”, said Óengus. | 
| “Do-m-ánaic ingen álaind in chrotha as áilldem i n-Ére co n-écusc derscaigthiu. | “Tháinig chugam cailín álainn agus an crot is áille in Éirinn uirthi agus gné dhearscaithe. | “A beautiful shaped girl has come to me, the most beautiful in Ireland, with a distinguished appearance. | 
| Timpán inna lláim, conid senned dam cach n-aidchi.” | Bhíodh tiompán ina láimh agus do sheinneadh sí dom gach oíche.” | A timpán in her hand, and she used to play it to me every night”. | 
| “Ní báe,” ol Fingen; “do-rogad duit cairdes frie; | “Is cuma sin,” arsa Finghean, “toghadh duit cairdeas léi. | “That does not matter”, said Fingen; “it has been chosen for you to have a union with her; | 
| ocus foítter úait cossin mBoinn, cot máthair, | Cuirtear fios uait ar an mBóinn, ar do mháthair, | and let someone be sent from you to the Bóann, to your mother, | 
| co tuidich dot accaldaim.” | agus tagadh sí chun cainte leat.” | so that she might come to speak with you”. | 
Section 4
| Tíagair cuicce. | Chuathas chuici | Someone went to her. | 
| Tic iarum in Boann. | agus tháinig an Bhóinn ina dhiaidh sin. | Bóann came then. | 
| “Bíu oc frepaid ind fhir se,” ol Fingen, | “Táim ag titim leis an bhfear seo,” arsa Finghean, | “I am engaged in healing this man”, said Fingen, | 
| “d-an-ánaic galar n-ainchis.” | “tháinig galar anaithnid air.” | “a serious illness has come upon him”. | 
| Ad-fíadot a scéla don Boinn. | D’insíodar a scéala don Bhóinn. | They related his story to the Bóann. | 
| “Bíd a fhreccor céill dia máthair,” ol Fingen. | “Bíodh a fhreastal ar a mháthair,” arsa Finghean. | “Let his mother take care of him”, said Fingen. | 
| “D-an-ánaic galar n-ainchis; | “Tháinig galar anaithnid air | “A serious illness has come upon him; | 
| ocus timchelltar húait Ériu uile, | agus téirse timpeall Éireann ar fad | let someone go from you throughout all of Ireland | 
| dús in n-étar húait ingen in chrotha so ad-condairc do macc.” | féachaint an bhfaigheann tú cailín an chrotha seo a chonaic do mhac.” | to see if a girl of such appearance as your son saw might be found”. | 
| Bíid oc suidiu co cenn mblíadnae. | Bhí sí aige sin go ceann bliana. | She did that until the end of the year. | 
| Nícon fhríth ní [ba] chosmail dí. | Ní bhfuarthas aon rud cosúil léi. | Nobody was found that was similar to her. | 
| Is iar sin con-gairther Fingen doib aithirriuch. | Ina dhiaidh sin glaodh Finghean chucu arís. | It was after that that Fingen was called to them again. | 
| “Nícon fhríth cobair isindísiu,” ol Boann. | “Ní bhfuarthas aon chabhair ann,” arsa an Bhóinn. | “A remedy was not found in that”, said Bóann. | 
| As-bert Fingen: “Foítter cossin nDagdae tuidecht do accaldaim a maicc.” | D’fhreagair Finghean: “Cuirtear fios ar an nDá go dtaga sé chun cainte lena mhac.” | Fingen answered: “Let someone be sent to the Dagdae to come and speak to his son”. | 
Section 5
| Tíagair cossin nDagdae. | Chuathas chun an Dá | A messenger was sent to the Dagdae. | 
| Ticc-side aithirriuch. | agus tháinig sé ansin. | He came again. | 
| “Cid diandom chomgrad?” | “Cad chuige gur glaodh orm?” | “Why have I been summoned?” | 
| “Do airli do maicc,” ol in Boann. | “Chun comhairle a thabhairt dod’ mhac,” arsa an Bhóinn. | “To counsel your son”, said the Bóann. | 
| “Is ferr duit a chobair. | “Is fearr duit cabhrú leis. | “Your help is better for him. | 
| Is liach a dul immudu. | Ba thrua a chailliúint. | His wasting away is unfortunate. | 
| At-tá i siurgg. | Tá galar air. | He is in decay. | 
| Ro car seircc écmaise ocus ní roachar a chobair.” | Thit sé i ngrá le searc éagmaise agus níl cabhair faighte dó.” | He has loved one who is absent and help has not been found for him”. | 
| “Cia torbae mo accaldam?” ol in Dagdae. | “Cé’n tairbhe a insint domsa?” arsa an Dá. | “What profit in speaking to me?” said the Dagdae. | 
| “Ní móo mo éolas in-dáthe-si.” | “Ní mó an t-eolas atá agamsa ná mar atá agaibhse.” | “My knowledge is not greater than yours”. | 
| “Móo écin,” ol Fingen. | “Is mó mhuis,” arsa Finghean, | “Greater indeed”, said Fingen, | 
| “Is tú rí síde n-Érenn; | “is tusa rí síthe Éireann. | “you are the king of the síde of Ireland; | 
| ocus tíagar úaib co Bodb, ríg síde Muman, | Agus téithear uaibh go dtí Bodhbh, rí síthe na Mumhan; | and let someone go to Bodb, the king of the síd of Munster: | 
| ocus is deilm a éolas la hÉrinn n-uili.” | tá fuaim a eolais ar fud Éireann.” | he is famous throughout Ireland for his knowledge”. | 
Section 6
| Ethae co suide. | Chuathas chuige. | Someone went to him. | 
| Feraid-side fáilti friu. | Chuir sé fáilte rompu. | He welcomed them. | 
| “Fo chen dúib,” ol Bodb, “a muinter in Dagdai.” | “Dé bhur mbeathasa,” arsa Bodhbh, “a mhuintir an Dá.” | “Welcome to ye”, said Bodb, “o people of the Dagdae”. | 
| “Is ed do-roachtmar.” | “Is amhlaidh a thángamar.” | “It is for this we have come”. | 
| “Scéla lib?” ol Bodb. | “An bhfuil scéala agaibh?” arsa Bodhbh. | “Have ye tidings?” said Bodb. | 
| “Atáat linni: Óengus macc in Dagdai i siurgg dá blíadnae.” | “Tá againn: tá galar ar Aonghas mac an Dá le dhá bhliain anuas.” | “We have: Óengus son of the Dagdae is in decay for two years”. | 
| “Cid táas?” ol Bodb. | “Cad tá air?” arsa Bodhbh. | “What ails him?” asked Bodb. | 
| “Ad-condairc ingin inna chotlud. | “Chonaic sé cailín ina chodladh. | “He has seen a girl in his sleep. | 
| Nícon fhetammar i n-Ére cia hairm i tá ind ingen ro char ocus ad-condairc. | Ní fheadramar in Éirinn cá bhfuil an cailín a chonaic sé gur thit sé i ngrá léi. | We do not know where in Ireland is the girl he has loved and has seen. | 
| Timmarnad duit ón Dagdae | Tá ord agat ón Dá | You are commanded by the Dagdae | 
| co comtastar húait fond Érinn ingen in chrotha sa ocus ind écuisc.” | cailín an chrotha seo agus na deilbhe seo a lorg ar fud Éireann.” | to seek throughout Ireland until you find a girl of this form and shape”. | 
| “Con-díastar” ol Bodb, | “Loirgeofar,” arsa Bodhbh, | “It will be searched”, said Bodb, | 
| “ocus étar dál blíadnae friumm co fessur fis scél.” | “agus bíodh dáil bhliana agam le fios an scéil a fháil.” | “and let me have a year’s respite so I can find knowledge of the story”. | 
Section 7
| Do-lluid cinn blíadnae co tech mBuidb co Síd al Femen. | Tháinig sé i gcionn bliana go tigh Boidhbh i Sí ar bhFeimhean. | He came at the end of a year to Bodb’s house at Síd al Femen. | 
| “To-imchiullus Érinn n-uili | “Chuas timpeall Éireann go léir | “I made a circle of Ireland | 
| co fuar in n-ingin oc Loch Bél Dracon oc Crottaib Cliach,” [ol Bodb]. | go bhfuaras an cailín ag Loch Bhéal Dragan ag Crotta Cliach,” arsa Bodhbh. | until I found the girl at Loch Bél Dracon at Crotta Cliach”, [said Bodb]. | 
| Tíagair úaidib dochum in Dagdai. | Chuaigh siad chun an Dá. | Messengers were sent by them to the Dagdae. | 
| Ferthair fáilte friu. | Cuireadh fáilte rompu. | They were welcomed. | 
| “Scéla lib?” ol in Dagdae. | “An bhfuil scéala agaibh?” arsa an Dá. | “Have you tidings?” asked the Dagdae. | 
| “Scéla maithi; | “Tá scéala maithe. | “Good tidings; | 
| fo-fríth ind ingen in chrotha so as-rubartaid. | Fuarthas cailín an chrotha a dúrthas. | the girl of this appearance, you have spoken of has been found. | 
| Timmarnad duit ó Bodb. | Cuireann Bodhbh chugat: | You have been summoned by Bodb. | 
| Táet ass Óengus linni a dochum | imíodh Aonghas inár dteannta chuige | Let Óengus come with us to him | 
| dús in n-aithgne in n-ingin, | féachaint an aithníonn sé an cailín | to see if he might recognise the girl, | 
| conda accathar.” | agus chíodh sé í.” | so that he might see her”. | 
| Brethae Óengus i carput co mboí oc Síd al Femen. | Rugadh Aonghas i gcarbad go dtí Sí ar bhFeimhean. | Óengus was taken in a chariot until he was at Síd al Femen. | 
| Fled mór lassin ríg ara ciunn. | Bhí fleá mhór ag an rí ós a chomhair. | A great feast was ready for them with the king. | 
| Ferthae fáilte friss. | Cuireadh fáilte roimhe. | He was made welcome. | 
| Bátar trí láa ocus teora aidchi ocond fhleid. | Bhíodar trí lá agus oíche ag an bhfleá. | They were three days and three nights at the feast. | 
| “Tair ass trá,” ol Bodb, | “Téanam oraibh anois,” arsa Bodhbh, | “Come away now”, said Bodb, | 
| “dús in n-aithgne in n-ingin conda aiccther.” | “féachaint an aithneoidh tú an cailín agus go bhfeice tú í. | “to see if you might recognise the girl, so that you might see her. | 
| “Ci ad-da-gnoe, | Fiú amháin má aithníonn tú í, | Although you may recognise her | 
| ní-s cumcaim-si a tabairt | ní féidir liomsa í a thabhairt | I haven’t the power to give her [to you], | 
| acht ad-n-da-cether nammá.” | ach amháin go bhfeice tú í.” | save only that you may see her”. | 
Section 8
| To-lotar íarum co mbátar oc Loch. | Thángadar ansin go dtí go rabhadar ag an loch. | They came then until they were at Loch [Bél Dracon]. | 
| Co n-accatar inna tri cóecta ingen macdacht. | Chonacadar trí caogaid cailín fásta ann | They saw a hundred and fifty young girls. | 
| Co n-accatar in n-ingin n-etarru. | agus an cailín ina measc. | They saw the girl among them. | 
| Ní tacmuictis inna hingena dí acht coticci a gualainn. | Ní ráinig na cailíní ach go dtína guala. | The other girls only reached to her shoulder. | 
| Slabrad airgdide eter cach dí ingin. | Bhí slabhra airgid idir gach beirt chailín. | A silver chain between each two girls. | 
| Muince airgdide imma brágait fadisin | Bhí muinche airgid féna bráid féin | A silver necklace around her own neck | 
| ocus slabrad di ór fhorloiscthiu. | agus slabhra d’ór forloiscthe. | and a gold chain of burnished gold with her. | 
| Is and as-bert Bodb: “In n-aithgén in n-ingen n-ucut?” | Ansin a dúirt Bodhbh: “An n-aithníonn tú an cailín úd?” | It is then that Bodb spoke: “Do you recognise the girl over there?” | 
| “Aithgén écin,” ol Óengus. | “Aithním go deimhin,” arsa Aonghas. | “I know her indeed”, said Óengus. | 
| “Ní-m thá-sa cumacc deit,” ol Bodb, “bas móo.” | “Ní féidir liom níos mó a dhéanamh duit,” arsa Bodhbh. | “I can do no more for you”, said Bodb. | 
| “Ní báe són,” ol Óengus, “ém; óre as sí ad-condarc; | “Is cuma sin,” arsa Aonghas, “ámh, mar is í an cailín a chonacsa. | “That is no matter”, said Óengus; “indeed, she is the girl I saw; | 
| ní cumcub a breith in fecht-so.” | Ní féidir liom í a bhreith liom an babhta so. | I will not be able to take her now”. | 
| “Cuich ind ingen sa, a Buidb?” ol Óengus. | Cé hí an cailín seo, a Bhoidhbh?” arsa Aonghas. | “Who is that girl, Bodb?” asked Óengus. | 
| “Ro-fetar écin,” ol in Bodb, | “Tá a fhios agam mhuis,” arsa Bodhbh, | “That I know, indeed”, said Bodb. | 
| “Caer Ibormeith, ingen Ethail Anbuail | “Caor Iúrmhaith iníon Eathail Anbhuail | “Caer Ibormeith, daugher of Ethal Anbuail | 
| a ssíd Úamain i crích Connacht.” | as Sí Uamhain i gcríoch Connacht.” | from Síd Úamain in the territory of Connacht”. | 
Section 9
| Do-comlat ass íarum Óengus ocus a muinter dochum a críche. | Ansin d’imigh Aonghas agus a mhuintir chun a gcríche. | Óengus and his people departed then to their territory. | 
| Téit Bodb laiss | Chuaigh Bodhbh ina theannta | Bodb went with him | 
| co n-árlastar in nDagdae ocus in mBoinn oc Bruig maicc ind Óicc. | agus bhí ag caint leis an nDá agus le Bóinn ag Brú na Bóinne. | to speak to the Dagdae and the Bóann at Newgrange. | 
| Ad-fíadat a scéla doib | D’insíodar a scéala dóibh | They related the tidings to them | 
| ocus ad-fídatar doib amail mboíe | agus dúradar leo conas a bhí sí | and they told them how she was, | 
| eter cruth ocus écoscc amail ad-condarcatar. | idir chruth agus deilbh fé mar a chonacadar. | in shape and appearance, as they had seen. | 
| Ocus ad-fídatar a hainm ocus ainm a hathar ocus a senathar. | Agus dúradar a hainm, agus ainm a hathar, agus a seanathar. | They related her name and her father’s name and her grandfather’s name. | 
| “Ní ségdae dúnn,” ol in Dagdae, “ná cumcem do socht.” | “Níl go maith againn,” arsa an Dá, “nach féidir linn do shocht a shárú.” | “We regret”, said the Dagdae, “that we are not able to do anything”. | 
| “Aní bad maith duit, a Dagdai,” ol Bodb. | “Is é an rud ba mhaith dhuit, a Dhá,” arsa Bodhbh, | “[I will tell you] that which would be good for you [to do], O Dagdae”, said Bodb. | 
| “Eircc dochum n-Ailella ocus Medbae | “ná dul chun Oilealla agus Meidhbhe | “Go the Ailill and Medb | 
| ar is leo bíid inna cóiciud ind ingen.” | mar is leo a bhíonn an cailín ina gcúigeadh.” | because the girl is with them in their province”. | 
Section 10
| Téit in Dagdae co mboí i tírib Connacht, | Chuaigh an Dá go dtí go raibh sé i dtíortha Connacht | The Dagdae went until he was in the lands of the Connachta, | 
| trí fichit carpat a lín. | agus trí fichid carbad aige. | sixty chariots the number. | 
| Ferthae fáilte friu lassin ríg ocus in rígnai. | Do chuir an rí agus an bhanríon fáilte rompu. | They were welcomed by the king and the queen. | 
| Bátar sechtmain láin oc fledugud íar sin im chormann doib. | Bhíodar seachtain lán ina dhiaidh sin agus fleá agus cuirmeacha acu. | They were a full week feasting then and drinking. | 
| “Cid immu-b-rácht?” ol in rí. | “Cad a thug anseo sibh?” arsa an rí. | “Why did you come to us?” said the king. | 
| “At-tá ingen lat-su it fherunn,” ol in Dagdae, | “Tá cailín leatsa i t’fhearann,” arsa an Dá, | “You have a girl in your territory”, said the Dagdae, | 
| “ocus ro-s car mo macc-sa, | “agus thit mo mhacsa i ngrá léi | “and my son has loved her, | 
| ocus do-rónad galar dó. | agus tháinig galar air. | and he has become sick. | 
| Do-dechad-sa cuccuib | Thánagsa chugaibh | I have come to you | 
| dús in-da tartaid don macc.” | féachaint an dtabharfaidh sibh dom mhac í.” | to see if you will give her to the boy”. | 
| “Cuich?” ol Ailill. | “Cé hí féin?” arsa Oilill. | “Whom?” said Ailill. | 
| “Ingen Ethail Anbuail.” | “Iníon Eathail Anbhuail.” | “The daughter of Ethail Anbuail”. | 
| “Ní linni a cumacc,” ol Ailill ocus Medb. | “Níl sin ar ár gcumas,” arsa Oilill agus Meadhbh, | “We don’t have the power”, said Ailill and Medb. | 
| “Dia cuimsimmis do-bérthae dó.” | “dá mbeadh, tabharfaí dó í.” | “If we were able, she would be given to him”. | 
| “Ani for-maith -congairther rí in tshíde cuccuib,” ol in Dagdae. | “Is é an rud is maith dhaoibh rí na sí a ghlaoch chugaibh,” arsa an Dá. | “The best thing is for the king of the síd to be called to you”, said the Dagdae. | 
Section 11
| Téit rechtaire Ailella cucci. | Chuaigh reachtaire Oilealla chuige. | Ailill’s steward went to him. | 
| “Timmarnad duit ó Ailill ocus Meidb dul dia n-accaldaim.” | “Tá ord agat ó Oilill agus Meadhbh dul chun cainte leo.” | “A request for you from Ailill and Medb to go to talk with them”. | 
| “Ní reg-sa,” ol sé. | “Ní raghadsa,” ar seisean, | “I will not go”, he said. | 
| “Ní tibér mo ingin do macc in Dagdai.” | “ní thabharfad m’iníon do mhac an Dá.” | “I will not give my daughter to the Dagdae’s son”. | 
| Fásagar co hAilill anísin. | Dúrthas le hOilill an rud sin. | This was related to Ailill. | 
| “Ní étar fair a thuidecht; | “Níl sé sásta teacht | “He will not come; | 
| ro-fitir aní dia congarar.” | mar tá a fhios aige cad chuige a ghlaotar air.” | he knows why he was summoned”. | 
| “Ní báe,” ol Ailill, “do-rega-som ocus do-bértar cenna a laech laiss.” | “Is cuma,” arsa Oilill, “tiocfaidh sé agus tabharfar cinn a laoch leis.” | “No matter”, said Ailill, “he will come and the heads of his warriors will be brought with him”. | 
| Íar sin cot-éirig teglach n-Ailella ocus muinter in Dagdai dochum in tshíde. | Ina dhiaidh sin d’éirigh teaghlach Oilealla agus muintir an Dá amach chun na sí. | Then Ailill’s household and Dagdae’s people rose up and went to the síd. | 
| In-rethat a síd n-uile. | D’ionsaíodar an tsí go léir. | They overran the whole síd. | 
| Do-sm-berat trí fichtea cenn ass ocus in ríg co mboí i Crúachnaib i n-ergabáil. | Rugadar trí fichid ceann aisti chomh maith leis an rí nó go raibh sé fé choimeád i gCruachain. | They took sixty heads out of it and brought the king, confined to Crúachain. | 
Section 12
| Is íarum as-bert Ailill fri hEthal n-Anbuail: | Ansin dúirt Oilill le hEathal Anbhuail: | Afterwards Ailill said to Ethal Anbuail | 
| “tabair do ingin do macc in Dagdai.” | “Tabhair t’iníon do mhac an Dá.” | “give your daughter to the son of the Dagdae”. | 
| “Ni cumcaim,” ol sé. | “Ní fhéadfainn,” ar seisean, | “I cannot”, he said. | 
| “Is móo a cumachtae in-dó.” | “is mó cumhacht atá aici siúd ná mar atá agamsa.” | “Her power is greater than mine”. | 
| “Ced cumachtae mór fil lee?” ol Ailill. | “Cad í an chumhacht mhór atá aici?” arsa Oilill. | “What great power does she have?” asked Ailill. | 
| “Ní anse; | “Ní deacair a rá: | “Not difficult: | 
| bíid i ndeilb éuin cach la blíadnai, | bíonn sí i ndeilbh éin gach re bliadhain | she spends a year in the shape of a bird, | 
| in mblíadnai n-aili i ndeilb duini.” | agus an bhliain eile i ndeilbh dhuine.” | then a year in the shape of a person”. | 
| “Ci-ssí blíadain mbís i ndeilb éuin?” ol Ailill. | “Cén bhliain a bhíonn sí i ndeilbh éin?” arsa Oilill. | “What year will she be in the shape of a bird?” asked Ailill. | 
| “Ní lemm-sa a mrath,” ol a hathair. | “Ní liomsa a brath,” arsa a hathair. | “It is not for me to betray her”, said her father. | 
| “Do chenn dít,” ol Ailill, “mani-n écis-ni.” | “Do cheann díot,” arsa Oilill, “mura n-insíonn tú dúinn é.” | “Your head so”, said Ailill, “unless you tell us”. | 
| “Níba sia cucci dam-sa,”ol sé. | “Ní choimeádfaidh mé rúnda é níos faide,” ar seisean; | “I will not keep it secret any longer”, he said. | 
| “At-bér-sa,” ol sé; “is lérithir sin ro-n gabsaid occai. | “déarfadsa,” ar seisean, “ós léir gur mhian libh í a ghabháil. | “I will tell it”, he said, “as you are going about finding her so diligently. | 
| In tshamuin-se as nessam | An tSamhain seo chugainn | Next Samhain | 
| bieid i ndeilb éuin oc Loch Bél Dracon, | beidh sí i ndeilbh éin ag Loch Bhéal Dragan | she will be in the shape of a bird at Loch Bél Dracon, | 
| ocus ad-cichsiter sain-éuin lee and, | agus chífear sain-éin ina teannta ann | and wondrous birds will be seen there with her, | 
| ocus bieit trí cóecait géise n-impe; | agus beidh trí caogaid eala uimpi | and a hundred and fifty swans will be around her; | 
| ocus at-tá aurgnam lemm-sa doib.” | agus tá urghnamh agamsa dóibh.” | and I have a special preparation for them”. | 
| “Ni báe lemm-sa íarum,” ol in Dagdae, | “Is amhlaidh is cuma liomsa,” arsa an Dá, | “That does not matter to me then”, said the Dagdae, | 
| “óre ro-fetar a haicned do-s-uc-so.” | “mar toisc go bhfuil a haigne ar eolas agat, is féidir leat í a thabhairt anseo.” | “for since you know her nature you may bring her”. | 
Section 13
| Do-gníther íarum cairdes leu | Ina dhiaidh sin deineadh cairdeas eatarru | An alliance was made between them then, | 
| .i. Ailill ocus Ethal ocus in Dagdae | .i. Oilill agus Eathal agus an Dá | i.e. between Ailill and Ethal and the Dagdae, | 
| ocus soírthair Ethal ass. | agus fágadh Eathal saor. | and Ethal was released. | 
| Celebraid in Dagdae doib. | D’fhág an Dá slán acu. | The Dagdae bade farewell to them. | 
| Ticc in Dagdae dia thig ocus ad-fét a scéla dia macc. | Tháinig an Dá chun a thí agus d’inis a scéala dá mhac. | The Dagdae came to his house and related his news to his son. | 
| “Eirc immon samuin as nessam co Loch Bél Dracon | “An tSamhain seo chugainn téir go dtí Loch Bhéal Dragan | “Go at the forthcoming feast of Samain to Loch Bél Dracon | 
| conda garae cuccut dind loch.” | agus glaoigh chugat ón loch í.” | so that you may call her to you from the lake”. | 
| Téit in Macc Óc co mboí oc Loch Bél Dracon. | Chuaigh an Macc Óg go Loch Bhéal Dragan | The Macc Óc went until he was at Loch Bél Dracon. | 
| Co n-accae trí cóecta én find forsind loch | agus chonaic trí caogaid éan fionn ar an loch | He saw one hundred-and-fifty white birds on the lake | 
| cona slabradaib airgdidib co caírchesaib órdaib imma cenna. | lena slabhraí airgid agus cochlaigh órga ar a gceannaibh. | with silver chains and golden curls around their heads. | 
| Boí Óengus i ndeilb doínachta for brú ind locha. | Bhí Aonghas i ndeilbh dhuine ar bhruach an locha | Óengus was in human form on the lake shore. | 
| Con-gair in n-ingin cucci. | agus ghlaoigh sé an cailín chuige: | He summoned the girl to him. | 
| “Tair dom accaldaim, a Chaer.” | “Tar chun cainte liom, a Chaor.” | “Come and speak to me, O Caer”. | 
| “Cia do-m-gair?” ol Caer. | “Cé tá ag glaoch orm?” arsa Caor. | “Who calls me?” said Caer. | 
| “Cotot-gair Óengus.” | “Tá Aonghas ag glaoch ort.” | “Óengus calls you”. | 
| “Regait diandom fhoíme ar th’ inchaib co tís a lloch mofhrithisi.” | “Raghad má fhaomhann tú ar t’eineach go dtiocfad arís don loch.” | “I shall go if you guarantee to me on your honour that I may come back to the lake again”. | 
| “Fo-t-shisiur,” ol sé. | “Faomhaim,” ar seisean. | “I accept your request”, he said. | 
Section 14
| Téiti cucci. | Chuaigh sé chuici | She went to him. | 
| Fo-ceird-sium dí láim forrae. | agus do chuir dhá láimh uirthi. | He put two arms upon her. | 
| Con-tuilet i ndeilb dá géise | Chodlaíodar i ndeilbh dhá eala | They slept in the shape of two swans | 
| co timchellsat a lloch fo thrí | agus chuadar trí huaire timpeall an locha | and made a circuit of the lake three times | 
| conná bed ní bad meth n-enech dó-som. | chun ná beadh agus ná raibh aon rud ann le meath a chur ar a eineach. | so that there was no loss of honour for him. | 
| To-comlat ass i ndeilb dá én fhind | D’imíodar i ndeilbh dhá éan fionn | They set off in the shape of two white birds | 
| co mbátar ocin Bruig Maicc in Óicc, | go dtí go rabhadar ag Brú na Bóinne | until they were at Newgrange, | 
| ocus [ch]echnatar cocetal cíuil | agus chanadar comhsheinm cheoil | and they sang in harmony together | 
| co corastar inna dóini i súan trí láa ocus teora n-aidche. | a chuir suan agus síorchodladh ar na daoine go ceann trí lá agus oíche. | so that it put people to sleep for three days and three nights. | 
| Anais laiss ind ingen íar sin. | Ina dhiaidh sin d’fhan an cailín leis. | The girl remained with him after that. | 
Section 15
| Is de sin ro boí cairdes in Maicc Óic ocus Ailella ocus Medbae. | B’shin é an fáth go raibh cairdeas idir an Macc Óg agus Oilill agus Meadhbh. | It is on account of that that there was an alliance between the Macc Óc and Ailill and Medb. | 
| Is de sin do-cuaid Óengus, tricha cét, | Agus b’shin é an fáth gur chuaigh Aonghas agus a thríocha céad | It is on account of that that Óengus and his trícha cét went | 
| co Ailill ocus Meidb do tháin inna mbó a Cúailnge. | le hOilill agus Meadhbh do tháin na mbó i gCuailnge. | with Ailill and Medb to the cattle-raid in Cooley. | 
| Conid ‘De Aislingiu Óenguso Maicc in Dagdai’ ainm in scéuil sin isin Táin bó Cúailnge. | Gurb é ‘Aisling Aonghasa mhic an Dá’ ainm an scéil seo sa Táin Bhó Cuailnge’. | So that ‘Of the Dream of Óengus, the son of the Dagdae’ is the name of that tale in The Cattle-Raid of Cooley. | 
| Finit. | Finit. | Finit. | 
