Irish Sagas at UCC University College Cork

CDI
CELT

 

Aided Bresail

Sections in the text

§1

§2

§3

§4

 

 

 

 

 

 

Complete file (PDF)

 

Note to the reader
While Stokes’ edition is based in the main on the version of the saga in the Book of Lismore, he inserts one word from the version in the Book of Leinster, which he identifies as follows: LL.
An updated and modernised version of Ó Cadhlaigh’s text is used in this presentation.

Section 1

Fleadh mhor dorinne a mac do Dhiarmait mac Cerbaill .i. Breasal mac Diarmata,

Fleá mhór do rinne a mhac Breasal mac Dhiarmada do Dhiarmaid mac Ciorrbheoil

For Diarmait son of Cerball his son, even Bresal son of Diarmait, made a great feast,

ocus ní thesda ní on fleidh

agus níor theastaigh aon ní ón bhfleá

and to that feast naught was wanting

acht bo co n-æib nitha.

ach bó go n-aenna n-íotha.

save a cow with *livers of tallow*.

Co cuala Breasal a beith

Do chuala Breasal go raibh a leithéid

And Bresal heard that there was one

ac caillig Cilli hEgn. [Elgraige, LL.] i termann Cenannsa, Luchair a hainm-sidhe,

ag cailleach Chille Ealgraighe i dtearmann Cheanannais; Luchair ab ainm don bhean rialta sin.

belonging to a nun named Luchair of Cell Elgraige (?) in the sanctuary of Kells.

co ndechaid Bresal dia cennach

Do chuaigh Breasal chun í a cheannach

So Bresal went to buy it

go targuidh .uii. mbai ocus tarbh diacind,

agus do thairg seacht mba agus tarbh,

and offered therefor seven kine and a bull.

ocus ní thuc in chaillech,

ach do dhiúltaigh an chailleach.

And the nun refused,

ocus ruc Breasal in mboin ar eicin,

Mar sin, do rug Breasal an bhó ar éigean

and Bresal took the cow perforce

ocus dorat in fhleidh dia athair i Cenannus.

agus do thug an fhleá dá athair i gCeanannas.

and gave the feast to his father in Kells.

Intan rob aine doibh ic ol,

An uair is somheanmnaí a bhíodar ag ól

When they were happy carousing,

is and tainic in caillech

is ansin tháinig an chailleach.

then came the nun

do chasait Bresail cusin righ,

Do ghearán sí Breasal leis an rí

to complain of Bresal to the king,

ocus a heighmhe eisdi.

agus d’éigh sí.

and she screamed out.

Back to top

 

Section 2

“Ecoir a ndernuis,” ol in ri,

“Éagóir a rinne tú,” arsa an rí,

“Unjust is what thou hast done,” saith the king (to his son),

“in chaillech do sharugud imon mboin

“an chailleach do shárú um a bó

“to outrage the nun as regards her cow

ocus si ina cill,

agus í ina cill,

while she was in her church,

ocus techt anaguidh mo ríghi-si ocus mu smachta;

agus dul in aghaidh mo ríghese agus mo reachta.

and to resist my kingship and my discipline.

ar ni bés athardha dhuid a dhenum;

Ní béas athartha duit a leithéid do dhéanamh

For it is not an ancestral usage for thee to do so.

ocus muirbhfider leamsa thu isin ghnímh doronuis.”

agus marófar thú liomsa mar gheall ar an gníomh do rinne tú.”

And thou shalt be killed by me for the deed thou hast done.”

Marbhtar iarum intí Bresal.

Ina dhiaidh sin, maraítear Breasal.

Then Bresal is killed.

Back to top

 

Section 3

IS ann asbert Diarmait fria Colum cille:

Is ansin dúirt Diarmaid le Colum Cille:

Then Diarmait (repented, and) said to Colomb cille:

“in bhfhil mo chabhuir-si on ghním-sa doronus?”

“An bhfuil aon chabhair agam, ón ngníomh seo do rinne mé?”

“Is there any help for me from this deed that I have done?”

“Ata,” or Colum cille.

“Tá,” arsa Colum Cille.

“There is,” saith Colomb cille.

“Eirig cusan athlæch fil isin innsi

“Éirigh chun an athlaoich atá san inse,

“Go to the ex-hero who is in the island,

.i. Becan Ulad.”

chun Beagáin Uladh.”

even Becan of the Ulaid.”

“Ni lamhaim dhul,” ol in rí.

“Ní leomhfainn dul,” arsa an rí.

“I dare not go,” saith the King.

“Ragat-sa lat,” ar Colum cille.

“Rachadsa leat,” arsa Colum Cille.

“I will go with thee,” saith Colum cille.

Back to top

 

Section 4

O rancatar iarum is ed fuaratar Becan

Nuair a shroiseadar an áit a raibh Beagán, is amhlaidh a bhí sé rompu

Now when they arrived, thus they found Becan,

occ denumh chaisil

agus é ag déanamh caisil

building a stone wall,

ocus cuilche fliuch uimme,

agus aibíd fhliuch uime

with a wet sheet around him,

[ocus ic irnaigthi simul.]

agus é ag urnaí san am céanna.

and praying at the same time.

O rodech Becan ar Diarmait, is ed asbert fris:

Nuair do chonaic Beagán Diarmaid, do labhair sé leis.

When Becan looked on Diarmait this he said to him:

“Fon talmain, a fhinghalaig!” or se,

“Faoin talamh leat, a fhionaíolaigh!” ar sé.

“Under the earth, thou parricide!” he said.

co ndeachaid conice a ghluinibh isin talmain.

Agus, leis sin, do chuaigh Diarmaid go glúine sa talamh.

So Diarmait went into the earth as far as his knees.

“As cen anad in chomairce, a Becain,” ar Colum cille,

“Coimirce a anama gan mhoill ort, a Bheagáin,” arsa Colum Cille.

“The protection is without stay, O Becan,” says Colum cille:

“ár is ed tháinic in ri chugatsa,

 

“for the king hath come to thee

d’iarraidh dilghudha

“D’iarraidh maithiúnais ortsa

to ask thee to forgive him

ocus d’aithbeoudh a mheic duit.”

agus go ndéanfása a mhac d’athbheochan

and to restore his son to life.”

 

is ea a tháinig an rí anseo.

 

Tocbhuis Becan in laimh ndeis,

Do thóg Beagán a lámh dheis suas

Becan raised his right hand

ocus doghni urnaigthi fo tri d’aithbheoadh Breasail mheic Dhiarmata,

agus do rinne urnaí trí huaire d’athbheochan Bhreasail mhic Dhiarmada

and thrice made prayer to resuscitate Bresal son of Diarmait,

co tuc .L. Bresal la gach n-urnuighthi a hithfern,

agus do thug caoga Breasal le gach guí díobh a hifreann.

and at each prayer he brought fifty Bresals out of hell;

ocus tainic Bresal mac Diarmata, leisin urnaighthe ndéidhinach leisin lucht ndéidhinach dhibh.

Tháinig Breasal mac Diarmada leis an nguí dheireanach, leis an roinn deireanach díobh.

and at the last prayer Bresal son of Diarmait came with the last batch of them.

IS ann sin rofócht Becan scela dhe ocus rofer failti fris.

Ansin, d’fhiafraigh Breasal scéala de agus do chuir fáilte roimhe.

Then Bresal asked tidings of him and made him welcome.

Back to top