Irish Sagas at UCC University College Cork

CDI
CELT

 

Aided Óenfir Aífe

Sections in the text

§1

§2

§3

§4

§5

§6

§7

§8

§9

§10

§11

§12

§13

 

 

 

 

 

 

 

Complete file (PDF)

 

Section 1

Cía fochann araro marb Cú Chulainn a mac?

Cén fáth ar mhairbh Cú Chulainn a mhac?

What was the cause for which Cuchulinn slew his son?

Ní hansae.

Ní deacair (a rá).

Not hard to tell.

Luid Cú Chulainn do forcetul gaiscid

Chuaigh Cú Chulainn chun gaisce a fhoghlaim

Cuchulinn went to be taught craft of arms

la Scáthaig nÚanaind ingin Airdgeme i lLetha

le Scáthach Úanainn, iníon Airdgeme, i Letha,

by Scathach Uanaind, daughter of Ardgeimm, in Letha,

co ndergéni súithi cles lea

go ndearna saoithiúlacht cleas léi.

until he attained mastership of feats with her.

ocus luid Aífe ingen Airdgeme cuici

Chuaigh Aoife, iníon Airdgeme chuige,

And Aife, daughter of Ardgeimm, went to him,

ocus ba torrach forácaib

agus ba torrach d’fhág sé í.

and he left her pregnant.

ocus asbert fria no bérad mac.

Dúirt léi go mbéarfadh mac.

And he said to her that she would bear a son.

“Bíd ind ordnasc n-órdae so acut”, ol sé,

“Bíodh an fáinne ordóige órga so agat,” ar sé,

“Keep this golden thumb-ring,” said he,

“corop coimse don mac.

“gur oiriúnach don mac.

“until it fits the boy.

In tan bas coimse dó,

An tan is oiriúnach dó,

When it fits him,

táet dom chuindchidsea i nÉre

téadh dom iarraidhse in Éirinn.

let him come to seek me in Ireland.

ocus nacham berad óenfer dia chonair

Ná cuireadh aon fhear dá chonair é,

Let no man put him off his road,

ocus nacha sloinded do óenfiur

agus ná sloinneadh d’aonfhear,

let him not make himself known to any one man,

ocus ná fémded comlann óenfir.”

agus ná diúltaíodh comhlann aonfhir.”

nor let him refuse combat to any.”

Back to top

 

Section 2

Doluid in mac dia shecht mblíadan do chuindchid a athar.

Do chuaigh an mac, seacht mbliana agus an lá sin, ag iarraidh a athar.

That day seven years the boy went forth to seek his father.

Is and bátar Ulaid i n-óendáil oc Trácht Éise ara chiund.

Is ann bhíodar Ulaidh in aondáil ag Trácht Éise ar a cheann.

The men of Ulster were at a gathering by Tracht Eisi before him,

Co n-accatar in mac cucu íarsind fairci

Chonaiceadar an mac chucu ar an bhfarraige,

when they saw the boy coming towards them across the sea,

ocus luingine chrédumai fo suidiu

loingín cré-umha faoi

a skiff of bronze under him,

ocus rámada dí-órdai ina láim.

agus maidí rámha órga ina láimh.

and gilt oars in his hand.

Carn cloch aici isin luing.

Carn cloch aige insan long.

In the skiff he had a heap of stones.

Dobered cloich ina chrandtabaill

Do bhéarfadh cloch ina chranntabhaill

He would put a stone in his staff-sling,

ocus dosléiced táthbéim forsna héonu,

agus do léigeadh táithbhuille ar na héana,

and launch a stunning shot at the birds,

co ngaibed na hairberta díb,

go leagadh anuas iad gan mheabhair

so that he brought *them* down *unconscious*

ot é beóa,

is iad beo,

and they alive.

conda léiced úad isind áer doridisi.

go léigeadh uaidh insan aer arís iad.

Then would he let them up into the air again.

Imfuirmed a charpatchles

Dhéanfadh sé a charballchleas

He would perform his palate-feat [lit. ‘his palate of feat’],

eter a dí láim,

idir a dhá láimh,

between both hands,

conná tairthed súil.

cleas ná feicfeadh súil.

so that the eye would not reach it (?).

No glésed a guth dóib,

Chuirfeadh a ghuth i dtiúin dóibh,

He would tune his voice for them,

conda foilged indara fecht.

go leagadh anuas iad an dara huair.

and bring them down for the second time.

Dosnúisced in fecht n-aile.

Ansin d’athbheodh iad arís.

Then he revived them once more.

Back to top

 

Section 3

“Maith tra,” ol Conchobar,

“Maith anois,” ar Conchobhar,

“Well, now,” said Conchobar,

“mairg thír i táet in gillae ucut”, ol sé.

“mairg tír ina dtéann an giolla úd,” ar sé.

“woe to the land into which yonder lad comes,” said he.

“Matis fir móra na hindsi asa táet donístis,

“Má thiocfadh fir mhóra na hinise as a dtagann,

“If grown-up men of the island from which he comes were to come,

conmeltis ar grian,

mheilfidís sinn go grean,

they would grind us to dust,

in tan is mac bec dogní in airbert ucut.

nuair is mac beag do dhein an bheart úd.

when a small boy makes that practice.

Eirged nech ara chend.

Téadh neach éigin ar a cheann.

Let some one go to meet him.

Nacha telged i tír eter.”

Ná léigeadh i dtír in aon chor.”

Let him not allow him to come on land at all.”

“Cía regas ar a chend?”

“Cé raghas ar a cheann?”

“Who shall go to meet him?”

“Cía pad cía” ol Conchobar,

“Cé ba chóir,” ar Conchobhar,

“Who should it be,” said Conchobar,

“acht Condere mac Echach?” 

“ach Coindere mac Echach?”

“but Condere, son of Echu?”

“Cía immaregad Condere?” ol cách.

“Cén fáth a raghadh Coindere uime?” ar cách.

“Why should Condere go?” said the others.

“Ní hansae,” ol Conchobar,

“Ní deacair (a rá),” ar Conchobhar,

“Not hard to tell,” said Conchobar.

“cid cíall ocus erlabrae immabera,

“más ciall agus urlabhra a chleachtann sé,

“If it is reason and eloquence he practises,

is Condere as chóir and.”

is é Coindere is cóir dul ann.”

then Condere is the proper person.”

“Regadsa ar a chend,” ol Condere.

“Raghadsa ar a cheann,” ar Coindere.

“I shall go to meet him,” said Condere.

Back to top

 

Section 4

Luid Condere íarom

Chuaigh Coindere, iar sin,

So Condere went

ocus is and ro gab in mac tráig in tan sin.

agus is amhlaidh do ghaibh an mac chun na trá an tan sin.

just as the boy took the beach.

“Is lóor dothéig, a macáin,” ol Condere,

“Is leor a dtagair, a mhacáin,” ar Coindere,

“Thou hast come far enough, my good boy,” said Condere,

“co fessamar cid no théig

“go bhfeasamar cé háit dá dtéir

“for us to know whither thou goest

ocus can do chenél.”

agus cad as do chineál.”

and whence is thy race.”

“Ním sloindim do óenfhiur,” ol in gillae,

“Ní shloinnim d’aonfhear,” ar an giolla,

“I do not make myself known to any single man,” said the lad,

“ocus ní imgabaim óenfer.”

“agus ní ghabhaim thar aonfhear.”

“nor do I avoid any man.”

“Ní tergae i tír,” ol Condere,

“Ní raghair i dtír,” ar Coindere,

“Thou shalt not land,” said Condere,

“corot sloindi.”

“gura sloinnfir.”

“until thou hast made thyself known.”

“Regad a leith dia tuidched,” ol in gillae.

“Raghad i leith na háite a dtánga,” ar an giolla.

“I shall go whither I have set out,” said the lad.

Back to top

 

Section 5

Imsoí ass in mac.

D’iompaigh an mac uaidh.

The boy turned away.

Is and asbert Condere:

Ansin dúirt Coindere:

Then said Condere:

“Tinta frim, a mo maic.

“Tiontaigh orm, a mhic.

“Turn to me, my boy,

At morgnímach.

Táir mórghníomhach.

*Thou art mighty.

At fola ferdamnai.

Is feardhamhna tú.

Thou hast the makings of a man.

Ardán errad Ulad cucut.

Tá mórtas curadh Uladh ionat.

The pride of the champions of Ulster is in thee.*

Ardotchobra Conchobar.

Cosnóidh Conchobhar tú.

Conchobar protects thee.

Cairptini cleitini a clár clé,

Carbaill, cleitíní, a clár clé,

*Thy little jaws and thy javelins away from the left side of thy chariot (and from unfriendly intentions),

conid san erreda Ulad úargabas.

go n-iad san a ardaíonn curaidh Uladh.

it is those that lift up the champions of Ulster.

Ardotchobra Conchobar dondigis.

Cabhróidh Conchobhar le do theacht.

Conchobar will assist thy coming.

Clúas duit, dian tóe frim.

Cluas duit, tost dian dom.

An ear for thee, severe silence for me.*

Tinta co Conchobar, co mac níthach Nessa;

Tiontaigh go Conchobhar, go mac calma Nessa;

Turn to Conchobar, the valiant son of Ness;

co Sencha mac coscrach Oilella;

go Seancha mac coscrach Ailealla;

to Sencha, the son of Coscra;

co Cethirn mac fáebarderg Fintain,

go Ceithearn mac faobhardearg Fintain,

to Cethern, the red-bladed son of Fintan,

co tenid leónas ergala;

an tine goineas cathanna;

the fire that wounds battalions;

co hAimirgin n-éices;

go hAimhirghin éigeas;

to Amergin the poet;

co Cumscraid mórmuirnech.

go Cumhscraidh mórshlóiteach.

to Cumscraid of the great hosts.

Mo chen, ardot-Conall-Cernach-cobra

Mochean eisean a chosnaíonn Conall Cearnach,

Welcome he whom Conall Cernach protects

tar turtheda, ceóla, gáiri láthlond catha.

in aghaidh ghártha laochra catha.

*against the shouts of warriors in battle.

Bad búadre brón la Blaí Briugaid béim  sechai, cíaso láech.

Beidh buairt is brón le Blaoi Brughadh, béim seach é, cé gur laoch é.

It will be trouble and sorrow to Blaoi Brughadh, if thou shouldst pass him, although he is a warrior.

Dáig ní immairic ilar ruice.

Mar níl sé oiriúnach go náirítear mórán daoine.

For it is not fitting to shame so many people.

La so atberar.”

Leis sin adeirim.”

Thus I speak”.

Atrachtsa fodén, Condere,

D’éirigh Coindere féin

Condere himself arose

co tulad co mmac argair curada.

chun dul agus an mac curata a chosc.

to go and restrain the brave lad.

“Acht bágus domsa,” ol intí Condere,

“Ach is achrann domsa,” ar an té sin Coindere,

“But it is a bone of contention to me,” said the aforementioned Condere,*

“tuidecht ar chend in gillai cen ulcha cen caither,

“teacht ar cheann an ghiolla gan fhéasóg, gan chlúmh púbasach,

“to go to meet the unripe [lit. ‘without the hair of pubesence’], beardless youth,

acht manip erlaithe di Ultaib.”

ach nach umhal do Ultaibh.”

unless the men of Ulster permit it.”

Back to top

 

Section 6

“Is maith dondigis,” ol in gillae.

“Is maith gur tháingís,” ar an giolla.

 “Thou hast *come to* us well,” said the lad.

“Rotbíaso didiu t’acallam.

“Geobhairse, mar sin, do fhreagra.

“Therefore shalt thou have thy answer.

Gléssiu gotha.

Chuireas mo ghuth i dtiúin.

*I tuned my voice.

Léicsiu úaim erchora cen imroll a cairpthinib.

Léigeas uaim urchair gan iomrall …

I fired shots that did not miss …

Comlaus cáinsreth saigthin ar cleitinib cíanaib cen ích n-errad n-aile.

Chruinníos ealta álainn éan trí iad a shaigheadh le cleitínibh ó chianaibh gan ‘ích n-errad’ (.i. léim an iach a dhéanann curadh) eile.

I collected a beautiful flight of birds by attacking them with javelins a while ago without a champion’s salmon-(leap) besides.

Bágsu ar mórgnímaib gaiscid nád ragbad nech forbais form.

Mhaíghse ar mhórghníomhaibh gaisce ionas ná déanfadh neach léigear orm.

I boasted of mighty deeds of valour so that no one would lay siege to me.

Fásaigseo let co hUltu in feraimsea for galaib óenfhir nó for línaib fer for ndul.

Téigh agus fiosraigh de hUltaigh: an bhfearaimse cogadh roimh ghalaibh aonfhir nó roimh líonaibh fear …

Go to enquire of Ulstermen whether I fight in single combat or against armies of men …*

Soí ass doridisi”, ol in gillae,

Iompaigh ar ais arís,” ar an giolla,

Turn back again,” said the lad.

“air cía no beth nert céit let,

“óir cé do bheadh neart céid leat,

“For though thou hadst the strength of a hundred,

nída túalaing mo ergairi.”

níl tú ábalta mise a chosc.”

thou art not able to check me.”

“Maith,” ol Condere, “táet nech aile íarom dot acallaim.”

“Tá go maith,” ar Coindere, “téadh neach eile, mar sin, dot agallamh.”

“Well,” said Condere, “let someone else go to speak to thee.”

Luid íarom Condere co hUltu ocus adfét in sin.

Chuaigh Coindere mar sin go hUltaibh agus dúirt leo é sin.

So Condere went to the men of Ulster and told them.

Back to top

 

Section 7

“Níba fír,” ol Conall Cernach,

“Ní mar sin a bheidh,” ar Conall Cearnach,

“It shall not be,” said Conall the Victorious,

“enech Ulad do breith céin am beósa.”

“eineach Uladh do bhreith faid im bheo domsa.”

“that the honour of Ulster be carried off while I am alive.”

Luidseom didiu do saigid in maic.

Chuaighsean iar sin d’ionsaí an mhic.

Then he went towards the boy.

“Is álaind do chluiche, a macáin,” ol Conall.

“Is álainn do chluiche, a mhacáin,” ar Conall.

“Thy play is pretty, my good boy,” said Conall.

“Níba frit bas étchiu,” ol in gillae.

“Ní ba measa bheas i do choinnibhse,” ar an giolla.

“It will not be less pretty against thee,” said the lad.

Ro lá in gillae cloich ina thabaill.

Do chuir an giolla cloch ina thabhaill.

The lad put a stone in his sling.

Dosléici isind áer .i. táthbéimm,

Do léig insan aer táithbhéim,

He sent it into the air, *a stunning shot,*

co riacht a bressim ocus a torann ac techt súas co Conall.

go sroich a breisfhuaim agus a torann agus í ag teacht suas go Conall,

so that its noise and thunder as it went up reached Conall,

Foceird Conall tar a chend.

agus gur chuir Conall thar a cheann.

and threw him on his back.

Riasiu atracht,

Roimh dó éirí,

Before he could rise,

dobert in gillae scíathraig a scéith fora láma.

do chuir an giolla stropa a scéithe thar a lámha.

the lad put the strap of his shield upon his arms.

“Nech aile friss!” ol Conall.

“Neach eile leis!” ar Conall.

“Someone else against him!” said Conall.

Dorat tra gen forsin slúag fon indus sin.

Mar sin, do rinne an giolla gean gáire fén slua fán ionnas sin.

In that way *then* he made mockery of the host.

Back to top

 

Section 8

Boí Cú Chulainn immurgu oca chluichiu

Bhí Cú Chulainn iomorra ag a chluiche,

Cuchulinn, however, was present at his game,

oc dul dochum in gillai,

ag dul chun an ghiolla

going towards the boy,

ocus lám Emire ingine Forgaill tara brágaid.

agus lámh Éimhire, iníon Fhorgaill, thar a bhráid.

and the arm of Emer, Forgall’s daughter, over his neck.

“Ná téig sís!” ol sí.

“Ná téigh síos!” ar sí.

“Do not go down!” said she.

“Mac duit fil tís.

“Mac duit atá thíos.

“It is a son of thine that is down there.

Ná fer fingail immot óenmac,

Ná fear finghail ar t’aonmhac,

Do not murder thy only son,

co sechnam, a maic saigthig soailti.

dein é a sheachaint, a mhic saighthigh so-oilte.

*avoid him, O impetuous, well-bred man.*

Ní soáig ná soairle coméirge frit mac mórgnímach mór  .  .  .  n-esiut.

Ní fír fir ná inmholta dea-chomhairle comhéirí let mhac mórghníomhach mór …

It is not fair fight nor wise to rise up against thy son *of great and mighty deeds*… 

Artai o ríag cnis fochlóc ót biliu,

Iompaigh ó riaghadh cnis an bhuinneáin ód’ bhile,

*Turn away from torturing the skin of the sapling of thy great tree,

ba cotat fri Scáithchi scél.

ba chruaidh le Scáthach an scéal.

the tidings to Scáthach will be hard.

Mad Conlae céssad clár clé,

Más Conla a chasfadh clár clé a charbaid (.i. a thabharfadh dúshlán do Chú Chulainn),

If Conla were to profer ‘left board’ of his chariot (and a challenge),

comad fortamail taidbecht.

go mba fortúil a scaiptear san.

it should be valourously terminated.*

Tinta frim!

Tiontaigh orm!

Turn to me!

Cluinte mo chlois!

Clois mé!

Hear my voice!

Fó mo chosc!

Maith mo chosc!

My advice is good!

Bad Cú Chulainn cloadar!

Go mba Cú Chulainn a chloisfidh é!

Let Cuchulinn hear it!

Atgénsa cid ainm asind ón,

Aithnímse cad é ainm a inseoidh,

I know what name he will tell,

maso Conlae óenmac Aífe in mac fil tís,” ol in ben.

más é Conla aonmhac Aoife an mac atá thíos,” ar an bhean.

if the boy down there is Conla, the only son of Aife,” said the woman.

Back to top

 

Section 9

Is and sin asbert Cú Chulainn:

Is ansin a dúirt Cú Chulainn:

Then said Cuchulinn:

“Coisc, a ben!

“Coisc, a bhean!

“Forbear, woman!

Ní cosc mná admoiniur

Ní cosc mná a éilím,

*It is not a woman’s advice that I seek,

mórgnímaib asa coscur glé.

ach mórghníomhaibh is coscar glé.

but great deeds and bright victory.

Ní gníther do banchobrae.

Ní ghnífear do bhanchabhair.

Thy womanly advice will not be heeded.

Bam gnímbúadach.

Beam gníomhbhuach.

I will be triumphant in deeds.

Buidig ruisc ruirech.

Is sách iad roisc ruireach.

The eyes of a great king are sated.

Dé fola form chnis crú cuirp Conlai.

Beidh cró coirp Chonlae mar dé fola ar mo chnis.

The gore of Conla’s body will be a vapour of blood upon my skin.

Caín súgfet gaí in cleitine cain.

Súfaidh gathanna go caoin an fhuil as an gcleitín caoin (.i. Conla).

Beautifully the spears will suck the blood of the fair javelin (i.e. Conla).*

Cid é no beth and, a ben,” ol sé,

Fiú is é do bheith ann, a bhean,” ar sé,

Even though it were he who is there, woman,” said he,

“na ngénainnse ar inchaib Ulad.”

“do ghoinfinnse é ar ionchaibh Uladh.”

“I would kill him for the honour of Ulster.”

Back to top

 

Section 10

Is and sin luid sís fésin.

Is ansin chuaigh síos é féin.

Then he went down himself.

“Is álaind, a macáin, in cluiche dogní,” ol sé.

“Is álainn, a mhacáin, an cluiche do ghní,” ar sé.

“Delightful, my boy, is the play which thou makest,” said he.

“Is étach for cluichesi cétamus,” ol in mac bec,

“Ní hamhlaidh do do chluichse, ámh,” ar an mac óg,

“Your play, though, is not so,” said the little boy,

“nach táet dias úaib

“nach dtáinig dís uaibh

“that two of you did not come,

corom sloindisea dóib.”

chun mo shloinneadhsa dóibh.”

so that I may make myself known to them.”

“In corob éicen mac blaicci im farradsa ón?” ol Cú Chulainn.

“An é gurb éigean mac beag bheith im fharradhsa?” ar Cú Chulainn.

“It would have been necessary to bring a small boy along with me,” said Cuchulinn.

“Atbélaesiu immurgu mani sloindi.”

“Gheobhairse bás iomorra mana sloinnfir.”

“However, thou wilt die unless thou tellest thy name.”

“Bid fír!” ol in gillae.

“Bíodh fíor!” ar an giolla.

“Let it be so!” said the lad.

Atnaig in mac cuici.

D’éirigh an mac chuige.

The boy makes for him.

Immustúaircet.

Thuairgeadar im a chéile,

They exchange blows.

Nos mbeir in gillae maíl fair cosin chlaidiub .i. béim co fomus.

go mbeir an giolla maol air lena chlaíomh .i. ‘béim go fomus’ (béim dea-thomhaiste).

The lad, by a properly measured stroke with the sword, crops off Cuchulinn’s hair.

“Is co cend in cuitbiud!” ol Cú Chulainn.

“Is go ceann an magadh!” ar Cú Chulainn.

“The mockery has come to a head!” says Cuchulinn.

“Tíagam do imthrascrud didiu!”

“Gaibhimis ag imthreascairt anois!”

“Now let us go to wrestle!”

Back to top

 

Section 11

“Ní rous do chris,” ol in mac.

“Ní shroichim do chrios,” ar an mac.

“I cannot reach thy belt,” said the boy.

Ro gab in mac for dí chloich,

Do ghaibh an mac ar dhá chloch,

He got upon two stones,

co tarat Coin Culainn eter in dí choirthi fo thrí,

agus chuir Cú Chulainn idir an dá choirthe fo thrí,

and thrust Cuchulinn thrice between two pillar-stones,

ocus níro glúais in mac nechtar a dá chos dona coirthib,

agus níor ghluais an mac neachtar a dhá chois dona coirthibh,

while the boy did not move either of his feet from the stones

co ndechadar a thraigthi isna clochaib conici a dá n-adbrond.

go ndeachadar a throithe insna clochaibh go nuige a dhá alt.

until his feet went into the stones up to his ankles.

Atá slicht a dá chos and béos.

Atá sliocht a dhá chos ann fós.

The track of his feet is there still.

Is de atá Tráig Éise la hUltu.

Is de atá Tráigh Éise le hUltaibh.

Hence is the Strand of the Track in Ulster.

Lotar didiu isin muir do imbádud,

Chuadar ansin insan mhuir dá mbá féin,

Then they went into the sea to drown each other,

cora mbáid in mac fo dó.

gur mbáigh an mac fo dhó é.

and twice the boy ducked him.

Luid risin mac íarom asin uisciu,

Chuaigh leis an mac iaramh as an uisce,

Thereupon Cuchulinn went at the boy from the water (?),

coro bréc cosin gaí bulga,

gura mbréag é leis an nga bolga,

and played him false with the gai bulga;

ar níro múin Scáthach do duine ríam in gaisced sin

óir níor mhúin Scáthach do dhuine riamh an gaisce sin

for to no man had Scathach ever taught the use of that weapon

acht do Choin Chulainn a óenur.

ach do Chú Chulainn ina aonar.

save to Cuchulinn alone.

Dacorustar don mac tríasind uisce,

Cuireann é don mac tríd an uisce,

He sends it at the boy through the water,

co mboí a inathar foa chossaib.

go mbí a ionathar fo a chosaibh.

so that his bowels were about his feet.

Back to top

 

Section 12

“Is ed ón tra,” ol sé, “náro múin Scáthach domsa!

“Seo, go deimhin, ní nár mhúin Scáthach domsa!

“Now, this is what Scathach never taught me!” cried the boy.

Mairg nom chréchtnaigis!” ol in mac.

Mairg gur chréachtnaís mé!” ar an mac.

“Woe that thou hast wounded me!”

“Is fír,” ol Cú Chulainn.

“Is fíor,” ar Cú Chulainn.

“It is true,” said Cuchulinn.

Gaibid in mac íarom eter a dí láim,

Gabhann an mac iaramh idir a dhá láimh,

He *thereupon* takes the boy between his arms,

ocus nos ucca co tall ass

agus rug sé air (.i. an ga bolga) agus do bhain sé de,

and took it *(i.e. the gai bulga)* out *from inside him*

ocus na mbeir co tarlaic de ar bélaib Ulad.

agus beireann é gur leag é ar bhéalaibh Uladh.

and carries him till he lets him down before the men of Ulster.

“Aso mo macsa dúib, a Ultu,” ol sé.

“Is seo mo mhacsa díbh, a Uladh,” ar sé.

“Here is my son for you, men of Ulster,” said he.

“Fé amai,” ol Ulaid.

“Monuar,” ar Ulaidh.

“Alas,” said the men *of Ulster*;

“Ocus is fír,” ol in mac.

“Agus is fíor,” ar an mac.

and “It is true,” said the boy.

“Dia mbeinnsea etraib co cend cóic mblíadan,

“Dá mbeinnse faraibh go ceann cúig mblian,

“If I were among you to the end of five years,

no silsinnse firu in betha remib for cach leith

do shlighfinnse feara an bheatha romhaibh ar gach leith,

I should vanquish the men of the world before you on every side,

ocus congébthe ríge co Róim.

agus ghabhfadh sibh ríghe go Róimh.

and you would hold kingship as far as Rome.

Inid ed so file and,

I dtaobh nach é seo atá ann,

Since it is as it is,

inchoisc domsa na firu amrai fil isin bailiu,

taispeáin domsa na feara amhra atá insan áit

point out to me the famous men that are on the spot,

corom chelebra dóib.”

go gceiliúrfad díobh.”

that I may take leave of them.”

Back to top

 

Section 13

Dobeir íarom a dí láim im brágaid cach fir ar úair

Beireann iaramh a dhá láimh im bhráid gach fir ar a uair

Thereupon he puts his arms round the neck of one after another,

ocus celebraid dia athair

agus ceiliúrann dá athair

bids farewell to his father,

ocus atbail fo chétóir.

agus faigheann bás fá chéadóir.

and forthwith dies.

Ro lád tra a gáir gubai

Do hardaíodh a gháir gubha

Then his cry of lament was raised,

ocus a fert

agus a fheart

his grave made,

ocus a liae

agus a lia,

and his stone set up,

ocus co cend trí tráth

agus go ceann trí thráth

and to the end of three days

nícon reilcthea loíg dia mbuaib la hUltu ina diaid.

níor ligeadh lao dá mbuaibh le hUltaibh ina dhiaidh.

no calf was let to their cows by the men of Ulster, to commemorate him.

Back to top