Irish Sagas at UCC University College Cork

CDI
CELT

 

Noínden Ulad ocus Emuin Macha

Sections in the text

§1

§2

§3

§4

§5

 

 

 

 

 

Complete file (PDF)

 

Section 1

‘NOinden Ulad’ cid dia tá?

‘Noinden Ulad’, cén bunús atá leis sin?

Noinden Ulad,’ whence is it?

Ni handsa.

Ní hannsa.

Not difficult.

Crunniuc mac Agnomain di Ultaib briuga cetach atacomnaic.

Brughaidh saibhir de mhuintir Uladh, darbh ainm Crunniuc Mac Agnomhain,

Crunniuc, son of Agnoman, was a rich farmer *of Ulster*.

Baí i ndithrub ocus i rroilbib

a bhí ag maireachtaint i ndíthreabh na sléibhte

He lived in solitude and on the mountains,

ocus meic imda leis.

agus clann mhac líonmhar fairis.

and many sons were by him.

Ba marb iarum a ben.

Bhí a bhean marbh *, áfach*.

His wife, however, died.

Tan buí lathe and ina thig a oínur.

Lá dá raibh sé ina aonar ina thigh

One day, as he was in his house alone,

co n-accai in mnai chuce ina thech.

chonaic sé chuige an bhean *isteach ina thig*.

he saw a woman coming towards him into his house.

Ba cuchtach leis innas na mná.

B’álainn leis cruth na mná.

The appearance of the woman seemed to him magnificent.

Fecaid in ben fo chetóir. o dofessid for ergnam do denam.

D’umhlaigh an bhean a chéaduair. Chrom sí ar fhreastal a dhéanamh

She began at once as soon as she had sat down, to make preparations for eating,

amal bid is taig no beth riam.

amhail is dá mba sa tigh sin a bhí sí riamh.

as if she ever had been wont to be in the house.

O thanic co aithchi

Nuair a tháinig an oíche,

When night came on

donairbir in muntir

rinne sí cúram de mhuintir an tí,

she gave directions to the household

cen athchomarc.

cé nár iarradh san uirthi.

without asking any questions.

Foaid la Crunniuc isind aidchi.

Luigh sí le Crunniuc an oíche sin.

She slept with Crunniuc at night.

Baí oca amser már iar sin

Bhí sí tamall mór leis ina dhiaidh sin

Thereupon she was a long time with him,

ocus ni buí ní ba terc dóib leesi di cach thorud

agus ní dóibh ba thearc mar gheall uirthi mar le gach dea-rud

and, thanks to her, they had no scarcity of any product,

eter biad ocus etach ocus indbass.

idir bhia agus éadach agus ionnús.

whether of food or drink or good things.

Back to top

 

Section 2

Nibá cian iar sin ferthair oenach la Ultu. 

Níorbh fada ina dhiaidh sin gur reáchtáil muintir Uladh aonach.

Not long thereafter a fair was to be holden by the Ultonians,

No thegtis Ulaid dond oenuch.

Théadh na hUltaigh go léir ar an aonach,

and they were wont to go to the fair

fiur mnai mac ingin.

gach fear agus bean díobh, mac agus iníon.

with man, wife son (and) daughter.

Farruma dano Crunniuc la cach dond oenuch.

Chuaigh Crunniuc go dtí an t-aonach chomh maith le cách

Crunniuc also betook himself with the others to the fair;

Etach maith immi. bláth maith fair.

— éadach maith uime agus cuma bhreá air.

he was well got-up and well-looking.

“Is tacair duit trá” ol a ben friss

“D’oirfeadh duit *, go deimhin*,” arsa a bhean leis,

“It behoves thee *, indeed*,” said his wife to him,

“ni fhorbara anfót do rád.”

“gan aon rud místuama a rá.”

“not to be [so] unguarded” (puffed-up) [as] “to say an imprudent thing.”

“Is decmaing ón” ol seseom.

“Ní móide dhom,” ar seisean.

“Impossible,” said he.

Back to top

 

Section 3

Cuirthir a n-oenach.

Cuireadh an t-aonach ar siúl.

The fair comes off,

doberar carpat ind ríg forsin mblai deod laí.

Tugadh carbad an rí amach ar an bhfaiche i ndeireadh an lae.

and at the day’s end the King’s chariot comes [first] to the terminus.

Dobert búaid in carpat cona echaib.

Rug an carbad agus na heacha sin an bua leo.

His chariot and horses scored a victory.

Asbert in sluag “ni fuil ní as lúathiu andáit na eichseo.”

Dúirt an slua: “níl ní ar bith is tapúla ná na heacha so.”

The people said, “There is nothing to match these horses for swiftness.”

Asbert Crunniuc “is luathiu mo bensa” ol seseom.

Labhair Crunniuc: “is tapúla mo bheansa,” ar seisean.

“My wife is swifter,” said Crunniuc.

Airgaibthersom lasin ríg fo chetóir.

Gabhadh eisean a chéaduair ar ordú an rí.

He was forthwith seized by the King.

Adfiadar don mnai anísin.

Insíodh sin don mnaoi.

This was told to Crunniuc’s wife.

“Is turbaid ém damsa” ol si “dul dia fhuaslucudsom ocus mé alacht.”

“Is mór an cheataí dhom ámh,” ar sise, “dul dá fhuascailt agus mé ag iompar clainne.”

“It is a real affliction for me *, however,* that I should have to go to set him free,” said she, “and me heavy.”

“Cid turbaid” ol in tectaire

“Más ea féin,” arsa an teachtaire,

 “What affliction,” exclaimed the messenger;

“mairfithirsium meni risiu.”

“marófar é muna dtiocfair.”

“he will be killed if thou comest not.”

Back to top

 

Section 4

Tolluidsi dond oenuch iarum.

Chuaigh sí go dtí an t-aonach ansin

Thereupon she went to the race-course (fair),

et ros gabat idain.

agus bhuail íona í.

and the pains of child-birth gat hold of her.

“Tomforidse” ol si risin sluag

“Fóiríg orm,” ar sise leis an slua,

“Help me,” said she to the people;

“or is máthair ruc cách uaib.

“óir is máthair a rug gach duine agaibh.

“for of a mother has each of you been born.

Anaid frim coro lamnar.”

Fanaíg liom go lámhnfad.”

Wait for me till I am delivered.”

Ro fhémid uadib.

Ach theip uirthi iad a bhogadh.

She could not obtain that [request] of them.

“Maith tra” ol si

“Tá go maith,” ar sise,

“Good, then,” she answered;

“biaid olc bas mó de.

“is móide seo an dochar a thiocfaidh

“thence will come the greatest of ills,

ocus biaid for Ultaib uile re mór.”

agus leanfaidh san d’Ultaibh *uile* go ceann i bhfad”.

and long will it endure for all the Ultonians.”

“Cia th’ainmsiu?” ol in rí.

“Cad é t’ainmse?” arsa an rí.

“What is thy name?” said the king.

“Iss ed mo ainmse” ol si

“Is é m’ainmse,” ar sí,

“My name,” she made answer,

“ocus ainm mo gene bias arin oenuchsa co bráth.

“agus ainm mo chlainne a bheidh ar an aonach so go bráth.

“and the name of my progeny will for ever be associated with the fair (race-course).

Macha ingen Sainrith meic Imbaith m’ainmse” ol si.

Macha iníon Shainrith mhic Imbaith m’ainmse,” ar sise.

Macha, daughter of Sainreth, son of Imbath, is my name.”

Comluid iarum frisin carpat.

Rith sí rás ansan in aghaidh an charbaid

Thereupon off she went with the chariot;

ocus in tan roanic in carpat cend na blae

agus faoin am gur shroich an carbad ceann cúrsa

and as the chariot arrived at the terminus,

ro scáich a asaiti ara chind.

bhí clann á saolú di os a chomhair:

her delivery forestalled its arrival,

co mbert emun .i. mac ocus ingen.

rugadh cúpla di — mac agus iníon.

for she gave birth to twins — a boy and a girl.

Is de atá Emuin Machae in sin.

As san a tháinig an t-ainm Eamhain Mhacha.

From that comes Emuin Macha (lit., twins of Macha).

Iactaidsi dano lia hasait.

Scread sí *, áfach,* agus an tinneas clainne uirthi.

At her delivery *, however,* she gave such a cry

nach duine rodachúala son foscerded i cess.

Nach aon duine a chuala í tháinig ceas air

that it set every one who heard it into a condition of debility

cóic laa ocus cethri aidche.

tinneas cúig lá agus ceithre oíche.

for five days and four nights.

Fir Ulad uili ro batar and

Gach uile dhuine d’fhir Uladh a bhí ann,

All the men of the Ultonians who had been there,

dosniced uili do grés ind ellsin. fri saegul nónbair o cach fhiur ro baí and.

ba ghnáthach go dtagadh an tinneas sin orthu *uile* agus ar a sliocht ina ndiaidh go ceann naoi nglúine:

they all fell into the same condition unto the ninth generation.

Cóic laa ocus cethri aidche. nó coic aidche ocus cethri laa.

cúig lá agus ceithre oíche nó cúig oíche agus ceithre lá

Five days and four nights, or five nights and four days,

iss ed sin ro boí noinden Ulad.

— sin í an fhaid a mhaireadh noinden Ulad.

that was the [duration of (?)] Noinden Ulad.

Nert mna siúil

Neart mná seoil

The strength of a woman in travail,

ba hed no bíd le cech fer di Ultaib fri saegul nonbair. isind noe[n]den.

a bhíodh i ngach duine d’fhir Uladh agus an noinden orthu ar feadh naoi nglúine.

that was the strength each man of the Ultonians had in the Noinden until the ninth generation.

Back to top

 

Section 5

Treide forna bíd noenden di Ultaib

Trí haicme de na hUltaibh nach mbíodh an noinden orthu:

Three classes there were on which the Noinden Ulad did not lie,

.i. meic ocus mnaa Ulad ocus Cu Chulaind.

buachaillí agus mná Uladh agus Cú Chulainn.

viz., the youths and the women of the Ultonians and Cuchulainn.

Iss ed heret ro mbaí for Ultaib. ó aimsir Cruincon

Is é an t-achar a lean sé d’Ultaibh ná ó aimsir Chruiniuc

The period during which it weighed on the Ultonians was from the time of Cruincon,

meic Agnomain meic Curir Ulad

mhic Agnomhain, mhic Churir Uladh

son of Agnoman, son of Curirulad,

meic Fhiatach meic Urmi.

mhic Fhiadach mhic Urmi

son of Fiatach, son of Urmi,

conice amsir Fhorco meic Dalláin meic Mainich meic Lugdach. et cetera.

go dti aimsir Fhorga mhic Dalláin mhic Mhainich mhic Lugdach agus aruile.

until the time of Forco, son of Dallan maic Mainich, maic Lugdach, &c.

Curir Ulad is de dogairter Ulaid.

Is ó Churir Uladh a ainmníodh na hUltaigh.

Curir Ulad, it is from him the Ultonians are named.

Is desin tra atá ‘Noenden Ulad ocus Emuin Macha’.

Sin é anois scéal ‘Noinden Ulad agus Eamhain Mhacha’.

Thence then comes ‘Noinden Ulad and Emuin Macha’.

Back to top