Irish Sagas at UCC University College Cork

CDI
CELT

 

Cath Maige Mucrama

Sections in the text

§1

§2

§3

§4

§5

§6

§7

§8

§9

§10

§11

§12

§13

§14

§15

§16

§17

§18

§19

§20

§21

§22

§23

§24

§25

§26

§27

§28

§29

§30

§31

§32

§33

§34

§35

§36

§37

§38

§39

§40

§41

§42

§43

§44

§45

§46

§47

§48

§49

§50

§51

§52

§53

§54

§55

§56

§57

§58

§59

§60

§61

§62

§63

§64

§65

§66

§67

§68

§69

§70

§71

§72

§73

§74

§75

§76

§77

 

 

 

Complete file (PDF)

 

Note to the reader:
The editions of O Daly and Stokes are based of the version of the saga in the Book of Leinster. However, O Daly also edited an incomplete version of the saga in another manuscript (MS G 7 in the National Library of Ireland). For a small number of phrases, there are substantial differences between the two versions. In this presentation, the alternative version of each of these phrases is placed between square brackets and denoted by N.   The Modern Irish version of these phrases is based on O Daly’s edition which incorporates readings from N, whereas Stokes’ translation is based solely on the Book of Leinster. These differences are reflected in this presentation.
Further differences between the two editions arise from marginal glosses which O Daly incorporates into her edition of the text, but which Stokes refers to only in footnotes. Stokes does not translate these glosses. The Modern Irish version follows O Daly’s edition of the text at these points.

Section 1

Ailill Aulom mac Moga Núadat

Bhí Ailill Ólom mac Mhogha Nuad

Ailill Bare-ear (was) son of Mogh Nuadat,

do shíl Ébir meic Míled Espáin,

de shíol Éibhir mhic Mhíle Easpáinne

of the seed of Éber son of Míl of Spain.

rí Muman didiu int Ailill.

ina rí ar an Mumhain *ansin*.

King of Munster, then, was Ailill.

Sadb ingen Chuind Chétchathaig leis.

Ba í Sadhbh iníon Choinn Chéadchathaigh a bhean.

Sadb daughter of Hundred-battled Conn, he had to wife.

Tri meic dí,

Bhí triúr mac aici

Three sons had she (by him):

Éogan mac Ailella

.i. Eoghan mac Ailealla,

Eogan son of Ailill,

ocus Cían mac Ailella

agus Cian mac Ailealla,

and Cian son of Ailill,

ocus Cormac mac Ailella

agus Cormac mac Ailealla,

and Cormac [Cass] son of Ailill,

dia-tát Éoganacht

óna bhfuil Eoghanacht

from whom are the Eoganacht

ocus Cíannacht

agus Ciannacht

and Ciannacht

ocus Dáil Caiss.

agus Dál gCais.

and Dáil Caiss.

Back to top

 

Section 2

 

 

Now Lugaid Mac con, of the Corco-Laigde,

Dalta dano do Ailill ocus Saidb

Dalta, más ea, d’Aileall agus do Shadhbh

was fosterson to Ailill and Sadb.

Lugaid Mac Con do Chorco Loígde.

a b’ea Lughaidh Mac Con de Chorca Loídhe.

 

For óenglún ocus óenchích

 

On one knee and one breast

ro alta ocus Éogan mac Ailella.

Oileadh eisean agus Eoghan mac Ailealla

he and Eogan son of Ailill were nursed.

 

ar an aonghlúin agus ar an aonchíoch.

 

Back to top

 

Section 3

Luid Ailill íarum aidchi shamna

Chuaigh Ailill ansin oíche Shamhna

Then Ailill went one Halloween

do [fh]recaire a ech i nÁne Chlíach.

ag tabhairt aire dá eachra in Áine Chliach.

to pasture his horses on Áne Cliach.

Dérgither dó is’ tilaig.

Cóiríodh leaba dó ar an tulach.

A bed is made for him on the hill.

Ro lommad in tilach in n-aidchi-sin

Lomadh an tulach an oíche sin

The hill was stript bare that night

ocus ni fes cía ros lomm.

agus níorbh fhios cé lom í.

and no one knew who stript it.

Fecht fo dí dó fon inna[s]-sin.

Tharla dó amhlaidh faoi dhó.

This happened to him twice in that wise.

Ba ingnad les-seom.

B’ionadh leis é.

It was a marvel to him.  

Foídis techta úad co Ferches mac Commáin éices

Sheol sé teachtairí uaidh go Fearcheas mac Comáin, éigeas

(So) he dispatched messengers to Ferchess son of Commán, a poet

ro baí i mMairg Lagen.

a bhí i Mairg Laighean.

who dwelt in Marg of Leinster

Fáith side ocus fhénnid.

Fáidh agus féinní eisean.

(and who was also) a prophet and a warrior.

Do-lluid-side dia acallaim.

Tháinig sé chun cainte leis.

Ferchess came to speak with him,

Tíagait a ndiis aidchi shamna issin tilaig.

Chuaigh siad araon oíche Shamhna don tulach.

(and) on Halloween they two go to the hill.

Anaid Ailill is’ tilaig.

D’fhan Ailill ar an tulach.

Ailill waits on the hill.

Baí Ferches frie anechtair.

Bhí Fearcheas lasmuigh taobh léi.

Ferchess was outside it.

Do-fuitt didiu cotlud for Ailill

Thit a chodladh, áfach, ar Ailill

Then sleep fell on Ailill

ic costecht fri fogilt na cethrae.

agus é ag éisteacht leis an gceathra ag iníor.

listening to the grazing of the cattle.

Do-llotar asint shíd

Tháinig siad as an sí

They had come out of the fairy-mound,

ocus Éogabul mac Durgabuil rí int shída ina ndíaid

agus Eoghabhal mac Durghabhail rí an tsí ina ndiaidh

followed by Eogabul son of Durgabul the king of the fairy-mound,

ocus Áne ingen Éogabuil

agus Áine iníon Eoghabhail

and Eogabul’s daughter Áne

 

 

was before him

ocus timpán creda ina láim

agus tiompán cré-umha ina láimh

with a brazen cithernin her hand

oca sheinm dó

á sheinm dó

which she was playing for him.

ara bélaib.

roimhe.

 

At-raig dó in Ferches

D’éirigh Fearcheas ina aghaidh

Ferchess drew near him

co toba(i)rt buille dó.

agus thug buille dó.

and dealt him a blow.

Ro ráith Éogabul reme issa síd.

Rith Eoghabhal leis isteach sa sí.

Eogabul ran on to the fairy-mound,

Atn-úarat Ferches di gaí mór

Thug Fearcheas faoi le ga mór

but Ferchess struck him with a great spear

co rróemid a druim triit. In tan donn-ánic co Ailill

 

and broke his back when he reached Ailill.

[co roimith a druim trit in tan rananic isin sith. Conranic dano Ailill, N.]

gur bhris a dhroim nuair a shroich sé an sí. Luigh Aileall *ansin*

 

cond-ránic-side frisin n-ingin.

leis an mbean óg.

Ailill had met the maiden

Eret ro buí i ssuidiu

Fad a bhí sé gafa mar sin

while he was waiting there [and outraged her;]

ro den in ben a ó

dhiúil an bhean a chluas (ó)

but she struck his (right) ear

cona farcaib féoil na crocand fair

i dtreo nár fhág sí feoil ná craiceann uirthi

so that she left neither flesh nor skin upon it,

(ocus) connáro ássair fair ríam ónd úair-sin.

agus nár fhás pioc díobh riamh ó shin uirthi.

and none ever grew upon it from that hour.

Conid Ailill Ó-lomm a ainm ó shein.

Uime sin Ailill Ólom a ainm ó shin.

Wherefore Ailill Bare-ear was his name thenceforward.

Back to top

 

Section 4

“Olc ro bábair frim”, ar ind Áne,

“Is olc a bhíobhair liom,” arsa Áine,

“Wicked have ye been to me,” saith Áne,

“[.i.] mo shárugud ocus marbad m’athar.

“.i. mise a shárú, agus m’athair a mharú.

“to outrage me and to kill my father.

Not sháraigiub-sa ind

Déanfaidh mise thusa a shárú ar a shon

I will outrage thee for this.

.i. nocon fháicéb-sa athgabáil latt

.i. ní fhágfaidh mé aon athmhaoin agat

I will not leave thee a reprisal

in tan immo-scéram”.

nuair a scarfaimid.”

when we shall part from one another”.

Back to top

 

Section 5

Ainm na ingine-sin fil forin tilaig,

Ainm na mná atá ar an tulach

The hill bears the name of that girl,

.i. Áne Chlíach.

.i. Áine Chliach.

even Áne Cliach.

Bru(i)g Ríg didiu domsod ind Ailella

Brú Rí, áfach, áitreabh Ailealla

Bruree then is the abode of Ailill,

i comfhocus don Máig <.i. usce mór>.

i gcóngar na Máighe (.i. abhainn mhór).

in the neighbourhood of the Maigue, a great water.

Is de as-bert in file:

Is fúithi a dúirt an file:

Hereof said the poet:

 

 

 

Usce Máge cenbad sruth

Abhainn na Máighe, fad is sruth,

The water of Maigue so long as it is a stream

ba lus taí cen fhursunduth

Beidh ina geitire geire gan léas;

Will be bright without illumination,

fo bíth do-tháet sech thóeb liss

Mar téann sí seach taobh lis

Because it goes beside the garth

Áedáin meic Melláin éicis.

Aodáin mhic Mhealláin, éigeas.

Of Aedán son of Mellán the poet.

Back to top

 

Section 6

Luid dano fecht aile Éogan mac Ailella

Uair eile *, más ea,* chuaigh Eoghan Mac Ailealla

Now at another time Eogan son of Ailill

ocus Lugaid Mac Con .i. a chomalta

agus Lughaidh Mac Con .i. a chomhalta,

and Lugaid Mac-con his fosterbrother

co hArt mac Cuind

go hArt mac Coinn,

went to Art son of Conn,

 

deartháir máthar d’Eoghan,

 

dia mbaí for cúairt Chonnacht

agus é ar cuairt Chonnacht,

while he was on a circuit of Connaught,

do thabairt ech ocus srían úad

d’fhonn eachra agus srianta a fháil uaidh.

to get horses and bridles from him,

.i. bráthair máthar do Éogan.

 

for he was a brother of Eogan’s mother.

Oc techt dóib sech(a) (m)Má[i]g

Ag dul seach Máigh dóibh,

As they were going past the plain

co cúalatar in céol issin dus ibair

chuala siad an ceol i gcrann iúir

they heard the music in a bush of yew

ro buí óssind ess.

a bhí os cionn an easa.

that was over the cataract.

Ber[t]ait leo co hAilill a ridisi

Thug siad leo ar ais go hAilill é,

They bring back with them to Ailill

<.i. in fer thucsat assin duss>

.i. an fear a thóg siad as an gcrann,

the man whom they took out of the bush,

ar batar oc imresain imme

 

— for they were quarrelling about him, —

co rrucad Ailill breith dóib.

le go dtabharfadh Ailill breith eatarthu

that Ailill give them a decision.

 

mar bhí siad ag imreas faoi.

 

Fer bec,

Fear beag ab ea é

A little man (was he,

tri thét ina thimpán.

agus trí théad ina thiompán.

with) three strings in his cithern.

Back to top

 

Section 7

“Cía t’ainm?”

“Cad is ainm duit?”

“What is thy name?” [said Ailill to the cithern-player.]

“Fer Fí mac Éogabuil”.

“Fear Fí mac Eoghabhail.”

“Fer Fí son of Eogabul.”

“Cid dob-rintaí?” or Ailill.

“Cad a thug ar ais sibh?” arsa Ailill.

“What has turned you back?” said Ailill [to Eogan and Lugaid].

“Ataam oc imresain immo[n] fer-sa”.

“Táimid ag imreas faoin bhfear seo.”

“We are quarrelling about this man.”

“Cinnas fir so?”

“Cén sort fir é seo?”

“What manner of man is this?”

“Timpánach maith”.

“Tiompanách maith.”

“A good cithern-player.”

“Senter dún a céol”, or Ailill.

 “Seinntear an ceol dúinn,” *arsa Ailill.*

“Let his music be played for us,” says Ailill.

“Do-géntar”, orse.

“Déanfar,” ar sé.

“It shall be done,” says he.

Back to top

 

Section 8

Ro shephaind dóib dano goltride

Ansin sheinn sé goltraí dóibh

Then he played for them wail-music

conda corastar i ngol

gur chrom siad ar ghol

until he set them a-crying

ocus i coí ocus [i n]derchoíniud.

agus chaoi agus dhéarchaoineadh.

and weeping and lamenting.

Ro gess dó anad de.

Iarradh air éirí as.

He was entreated to stop,

Ro sheind dano gentride

Sheinn sé geantraí ansin

whereupon he played laugh-music

conda corastar i ngen ngáire

agus chrom siad ar gháirí

until he put them into such a fit of laughter

acht naptar ecnai a scaim.

gur dhóbair gur léir a scamhóga.

that their lungs were almost seen.

Ro sephaind dóib dano súantraige

Sheinn sé suantraí dóibh ansin

Then he played sleep-music for them

conda corastar i súan

gur thit a gcodladh orthu

until he sent them into slumber

ón tráth co araile.

go dtí an uair sin lá arna mhárach.

from that hour to the same time next day.

At-rullai-seom íar suidiu

D’éalaigh sé uathu ansin

After this he went away

a lleth dia tudchid

sa treo as ar tháinig

to the place from which he had come,

ocus fo-rácaib drochimtel eturru

agus d’fhág síol aighnis eatarthu

and he left ill-feeling between them,

amal ba sirsan leis.

mar a b’áil leis.

for he deemed it lucky (to do so).

Back to top

 

Section 9

At-ragat íar sudiu.

D’éirigh siad ansin.

After this they arise,

“Beir breith dún, a Ailill”.

“Beir breith eadrainn, a Ailill.”

“Give judgment to us, O Ailill.”

“Bec torbai”, or Ailill.

“Beag a thairbhe,” arsa Ailill.

“Little profit”, says Ailill.

“Cid at-rubartbair in tan fríth in fer?”

“Cad dúirt sibh nuair a fuarthas an fear?”

“What said ye when the man was found?”

“At-rubart-sa”, or Lugaid, “lemm a céol”.

“Liomsa an ceol, a dúrtsa,” arsa Lughaidh.

“I said,” answered Lugaid, “that his music was mine.”

“At-rubart-sa”, ar Éogan, “is lem in céoluid”.

“Liomsa an ceoltóir a dúrtsa,” arsa Eoghan.

“I said,” answered Eogan, “that the musician was mine.”

“Is fir”, or Ailill,

“Fíor duit,” arsa Ailill,

“True it is,” said Ailill;

“la Éogan in fer”.

“le hEoghan an fear.”

“the man belongs to Eogan.”

“Is drochbreth”, or Lugaid.

“Is drochbhreith,” arsa Lughaidh.

“It is a false judgement,” says Lugaid.

“Fír dano”, or Ailill.

“Is cóir í,” arsa Ailill.

“It is true for me,” says Ailill.

“Ní fír”, or Lugaid,

“Ní cóir í,” arsa Lughaidh,

“It is not true,” says Lugaid.

“ní gnáth fír fort béolu”.

“ní gnáth cóir as do bhéal.”

“Truth is rare on thy lips.”

“Ní tú as chóir dia chairigud”, or Éogan,

“Ní tú is cóir á lochtú,” arsa Eoghan,

“It is not thou that should censure him,” says Eogan,

“aithech samlut”.

“aitheach de do shórt.”

“a vassal like thee.”

“Bid aithech samlum-sa”, or Lugaid,

*Arsa Lughaidh:* “Is aitheach de mo shórt

“It will be a vassal like me,” says Lugaid,

“lomméras a cend-sin dít-sa

a lomfaidh an ceann sin díotsa

“who shall strip off that head from thee,

ocus saltéras fort leccoin”.

agus shatlóidh ar do leaca.”

and trample on thy cheek.”

“Cinnas do-génta-su?” or Éogan.

“Conas a dhéanfá-sa sin?” arsa Eoghan.

“How wouldst thou do that?” says Eogan.

“I rroí chatha”, or Lugaid,

“Ar pháirc an chatha,” arsa Lughaidh;

“On a field of battle,” says Lugaid.

“a llaa-sa i cind mís

“mí ón lá inniu,

“On this day at the end of the month

do-téis co comairsem i Cind Abrat”.

tar go gcomhracam i gCeann Abhrad.”

come thou that we may meet on Cenn Abrat.”

Back to top

 

Section 10

Ba fír són immorro.

B’fhíor dóibh sin go deimhin.

Now that fell true.

Cond-recat dia mís,

Tháinig le chéile mí ón lá sin,

On that day month they come together,

cách cona shochraite

cách lena shlóite

each with his army,

co mbatar na da idna aigid i n-agid.

i dtreo go raibh an dá líne chatha aghaidh ar aghaidh.

so that the two hosts were face to face.

Luid dano la Mac Con isin cath a aite

Chuaigh, más ea, a oide,

Now along with Mac-con there went into the battle his fosterer,

.i. Lugaid Lága mac Moga Núadat.

.i. Lughaidh Lágha mac Mhogh Nuad,

even Lugaid Lága son of Mogh Nuadat.

 

le Mac Con sa chath.

 

Is and luid Mac Con i n-[im]maccallaim fria drúth.

Chuaigh Mac Con *ansin* i gcomhairle lena óinmhid.

Then Mac-con went into converse with his Fool,

Do Déra a ainm-side,

Do Bhéara a ainm sin;

whose name was Do-dera

do Dáirinib dó int [sh]ainriuth.

de Dháirinibh dó le bheith beacht.

and who was of the Dairfhini especially.

Comchosmail crotha ocus delba in drúth fri Mac Con.

Ba chomhchosúil an óinmhid agus Mac Con ar chruth agus ar chló.

Alike in shape and figure was the Fool to Mac-con.

Back to top

 

Section 11

“Maith”, or Lugaid, “focéraid Éogan comrac [n]desse form-sa innosse

“Sea,” arsa Lughaidh, “fógróidh Eoghan comhrac aonair ormsa anois,

“Well,” says Lugaid, “Eogan will now challenge me to a duel,

ocus don-scéra a bruth

 

and the ardour

<mac ind ríg ocus a adbar

agus ós é mac agus damhna an rí é,

of the son of a king and the makings of one

ocus hua araile>”.

agus ua rí eile,

and the grandson of another

 

déanfaidh a bhruth gaile mise a threascairt.”

will destroy us.”

Back to top

 

Section 12

“N[i] matáet fort béolu”, ar in drúth,

“Ní maith a thagann na focail sin as do bhéal,” arsan óinmhid,

“That goes not well on thy lips,” saith the Fool:

“at lomthrú”.

“níl i ndán duit ach lomadh an bháis.

“thou art surely doomed to death.

“Regait-se ara chend”, ar in drúth,

Rachaidh mise ina choinne,” arsan óinmhid,

I will march against him,” saith the Fool,

“ocus do mind-su for mo chind

“agus do choróin-se ar mo cheann,

“with thy diadem on my head

ocus t’erred immum,

agus d’éide umam,

and thy raiment around me,

co n-érbara cách

i dtreo go ndéarfaidh cách

so that all shall say

is tussu do-tháet and.

gur tusa atá ag teacht ann.

it is thou that goest there.

Ma beith ní íarum totim dam-sa

Má tharlaíonn sé ina dhiaidh sin mise a thitim,

If, then, I happen to fall,

not beir-siu ass fo chétóir

cuirse díot ar an toirt

get thee away at once,

ar at-béra cách is tussu do-fáeth and

mar déarfaidh cách gur tusa a thit ann

for all will say that it is thou that fellest there,

ocus mebais in cath íar suidiu.

agus brisfidh an cath ort ansin.

and after this thy army will be routed.

Biaid immorro Éogan oc do chungid-siu

Beidh Eoghan, áfach, ar do lorg

Now Eogan will be seeking thee

sethnó in chatha.

ar fud an chatha.

throughout the battle,

Dia n-accera íarum do cholptha-su

Má fheiceann sé do cholpaí *ansin*,

and if he see thy calf *then*

not gignether ón”.

goinfear thú *go deimhin*.”

thou wilt surely be slain.”

Back to top

 

Section 13

Do-gníther ón.

Rinneadh amhlaidh.

That is done.

Marbthair in drúth.

Maraíodh an óinmhid.

The Fool is killed,

Ro fitir immorro Éogan

Bhí a fhios ag Eoghan, áfach,

but Eogan knew

nárbu é Lugaid ro marb.

nárbh é Lughaidh a mharaigh sé.

that it was not Lugaid whom he had slain.

Feccaid fora íarmóracht íar sain.

Chrom sé ar é a lorg ansin.

Thereafter he turns to seek him.

“Ro mebaid in cath”, or cách,

“Briseadh an cath,” arsa cách,

“The battle has broken,” says every one.

“do-rochair Lugaid”.

“thit Lughaidh.”

“Lugaid has fallen.”

Ba fír són.

Ba fhíor *san* dóibh.

That is true:

Maidid for Lugaid.

Briseadh ar Lughaidh.

Lugaid is routed.

At-chondairc didiu Éogan

Ansin chonaic Eoghan

Then Eogan beheld

da cholptha Lugdach trésin slúag

dhá cholpa Lughaidh tríd an slua

through the host Lugaid’s two calves

amal shnechta n-óenaidche

mar sneachta aon oíche

like the snow of one night

ar thaitnemchi a da cholptha.

ar thaitneamhaí a dhá cholpa.

because of the brightness of his two calves.

Ro ráith Éogan ’na díaid

Rith Eoghan ina dhiaidh

Eogan ran after him

co tarlaic irchor fair

agus chaith urchar leis

and hurled his spear at him

conid n-ecmaing ina gairr.

gur aimsigh ina cholpa (ghairr).

and struck him on his calf (gairr).

Is de atá Bréngairr [             ] for[a] ndórtai.

Is uaidh sin an t-ainm Bréanghairr mar ar dhoirt (an bréantas).

Hence the saying Brén gairr forndortai.

“In ránic int erchor?” olse.

“Ar aimsigh an t-urchar an sprioc?” ar seisean.

“Has the cast reached?” saith Eogan.

Back to top

 

Section 14

Maidid íar sain.

Briseadh an cath ansin.

Thereafter the battle is won.

Is de ro cét:

Is faoi a canadh:

Thereof sang [a poet:]

 

 

 

Cath C(h)ind Ebrat ro mebaid

“Cath Chinn Abhrad briseadh

The battle of Cenn-febrat was won

for Mac Con chétaib acan;

Ar Mhac Con go gcéadta ceann;

Against Mac-con with hundreds of warriors:

cind shecht mblíadna, ní duibel,

Iar seacht mbliana, níorbh obann,

At the end of seven years, not sudden —

do-fích Mucrama matan.

Throid sé Cath Mucramha.”

He fought the fight of Mucrama.

 

 

 

Amlaid ba fír són.

Sin mar a bhí go fíor.

Thus that fell true.

Back to top

 

Section 15

Nira fhét Lugaid bith i nHérind íar sain la Éogan

Níor fhéad Lughaidh fanacht in Éirinn ina dhiadh sin de bharr Eoghain

After that Lugaid could not abide in Ireland on account of Eogan.

co ndechaid reme i nAlbain for teched

agus d’imigh leis ar teitheadh go hAlbain,

So he went in flight to Scotland,

ocus nocon fhess c’airet ro-chúaid.

agus níorbh fhios cén fad a chuaigh.

and no one knew how far he had gone.

Ro-chúaid dano Lugaid Lága

D’imigh Lughaidh Lágha

Now Lugaid Lága

<.i. lágine mór no bíd ’na láim>

(láighine mór a bhíodh ina láimh)

 

la Mac Con.

freisin le Mac Con.

went with Mac-con

Trí nónbair dóib nammá.

Ní raibh ach trí naonúr díobh ann.

(and) only thrice nine men were they.

Iss ed didiu do-chúatar co rríg nAlban.

Is ann a chuaigh siad dá bhrí sin go rí Alban.

Where they went then was to the king of Scotland.

Dos-rinchoisc íarum Lugaid co mór a muntir

Ansin theagaisc Lughaidh a mhuintir go daingean

*Then* Lugaid urgently instructed his people

ar nábad baeglach no betis

gan dul i mbaol

that they should run no risks,

(.i.) ar na tuctha aichne forru

le heagla go n-aithneofaí iad

to wit, lest they should be recognised,

ar dáig naro marbtaís la ríg nAlban

d’fhonn nach marófaí iad le rí Alban

so that they might not be killed by the king of Scotland

ar ríg nHérend

agus rí Éireann

for sake of the king of Ireland,

.i. Art mac Cuind.

.i. Art mac Coinn.

even Art son of Conn.

Ocus as-bert Mac Con fria muntir

Agus dúirt Mac Con lena mhuintir

And Lugaid told his people

ara ndernad cách díb ríar araile

gach duine díobh a dhéanamh rud ar a chéile

that each of them should do the other’s will

amal bad rí cach fer díb dialailiu,

amhail is dá mba rí gach duine díobh ar an duine eile,

as if every man of them was a king to the other,

ocus dano conna abbrad nech a ainm féin fris-sium.

agus freisin gan éinne a thabhairt a ainm féin air féin.

and furthermore that no one should utter his own name to him.

Back to top

 

Section 16

Fálid friu immorro rí Alban.

Chuir rí Alban fáilte rompu, más ea.

Now the king of Scotland welcomed them.

Noco dernsat a slonnud

Níor inis siad a n-ainmneacha

They did not give their names,

ocus nocon fhess can dóib

agus níorbh fhios cárbh as dóibh

and no one knew whence they were,

acht a mbith do Gáedelaib.

ach gur de Ghaeil iad.

only that they were of the Gaels.

Mucc ocus ag cach nóna dóib i tech fo leith co cend mblíadna.

Tugadh muc agus damh gach tráthnóna chucu i dteach ar leithrigh ar feadh bliana.

Every evening till the end of a year a swine and an ox were brought to them into a house apart.

Back to top

 

Section 17

Ba hingnad íarum lasin ríg febas a ndelba

B’ionadh leis an rí ansin feabhas a gcló,

Now the king marvelled at the excellence of their form

ocus (a n-)airechas (ocus) a n-engnama

agus oirearcas a ngaisce

and their leadership and their prowess,

eter brissiud catha ocus immairec ocus chomlaind

idir bhriseadh catha agus coinbhleacht agus comhlainn,

both the winning of battles and conflicts and combats

ocus búaid n-óenaig ocus chluiche ocus chéti

agus bua aonaigh agus cluiche agus lúthchleas,

and the victory in assembly and game and horse-race,

ocus imbeirt [m]brandub ocus búanbaig ocus fhithchille

agus imirt branduibh agus buanbhaigh agus fichille,

and playing backgammon and draughts and chess;

ocus nad raibe tóesech forthu int shainriuth.

agus gan aon taoiseach ar leith orthu.

and (he also marvelled) that there was no chieftain over them in particular.

Back to top

 

Section 18

Láá and didiu buí Lugaid oc imbeirt fhidchille frisin ríg

Lá amháin, dá bhrí sin, bhí Lughaidh ag imirt fichille leis an rí

So then one day Lugaid was playing chess with the king,

co n-accatar fer écosca ingnaid chuccu is’tech.

agus chonaic siad fear in éide neamhghnách chucu isteach.

when they saw a man of strange appearance coming towards them into the house.

Back to top

 

Section 19

“Can don fhir ucut?” ar in rí.

“Cad as don fhear úd?” arsan rí.

“Whence is yon man?” says the king.

“De Gáedelaib”, olse.

“De Ghaela,” ar sé.

“Of the Gaels,” answers he.

“Cía dán airbere?” ar in rí.

“Cén cheird a chleachtann tú?” arsan rí.

“What art dost thou practise?” asked the king.

“Écse”, olse.

“Éigse,” ar sé.

“Poetry,” says he.

“Scéla fer nHérend lat?” ar in rí.

“An bhfuil scéala faoi fhir Éireann leat?” arsan rí.

“Have thou news of the men of Erin?” says the king.

“In maith flaith Airt meic Cuind?”

“An maith é flaitheas Art mhic Cuinn?”

“Is the reign of Art son of Conn prosperous?”

“Is maith”, olse,

“Is maith,” ar sé,

“It is prosperous,” he replied.

“ni thánic i nHérind ríam flaith samlaid”.

“níor tháinig *in Éirinn* riamh flaitheas mar sin.”

“Never has there come into Erin a reign like it.”

Back to top

 

Section 20

“Cía as rí Muman?” ar in rí.

“Cé is rí Mumhan?” arsan rí.

“Who is king of Munster?” says the king.

“Éogan mac Ailella”, olse,

“Eoghan mac Ailealla,” ar sé,

“Eogan son of Ailill,” says he:

“ar is senóir a athair”.

“mar is seanduine a athair.”

“for his father is (now) an old man.”

“Ocus Lugaid Mac Con?” ar in rí.

“Agus Lughaidh Mac Con?” arsan rí.

“And Lugaid Mac con?” says the king.

“Nicon fhessa a imthechta íarna innarbu do Éogan mac Ailella”.

“Ní fios a imeachta ó ionnarbadh é le hEoghan mac Ailealla.”

“His goings have been unknown since he was banished by Eogan son of Ailill.”

“Mór líach ón”, ar in rí,

“Is mór an liach sin,” arsan rí,

“That is a great pity,” says the king.

“mairg Hérind ara testá.

“mairg d’Éirinn ar a bhfuil ar iarraidh.

“Woe to Erin that he is wanting.

Ocus cenél Lugdach”, ar in rí,

Agus cineál Lughaidh,” arsan rí,

And the Kindred of Lugaid,” says the king,

“cindas atá?”

“conus tá acu?”

“how standeth it?”

“Nís fil i mmaith”, olse,

“Níl go maith,” ar seisean,

“It is not in good plight,” says he,

“acht i ndóere ocus i ndochraite ocus i cumalacht do Éogan”.

“ach i ndaoirse agus i ndochraide agus i sclábhaíocht d’Eoghan.”

“but in bondage and oppression, and the women are handmaids to Eogan.”

Back to top

 

Section 21

Amal ro-chúala Lugaid ón

Arna chlos sin do Lughaidh,

When Lugaid heard that,

bátar fir óir ocus argit inna láim.

 

there were men of gold and silver in his hand.

[batir fir oir ind righ ina laim, N.]

bhí fir óir an rí gafa aige.

 

Do-bert a mér for dís fa thríar díb

Chuir sé a mhéar ar dhá cheann nó trí díobh

He put his finger on two or three

conda forlaig in tairi[d]nech buí ara bélaib.

gur leag an t-eagar fear a bhí os a chomhair.

so that the front rank that was before him was hidden.

Don-écca in rí.

D’fhéach an rí air.

The king observed it.

“Ell chondalba dot-ic ale”, or in rí.

“Arraing ceana cine atá do do bhualadh, féach,” arsan rí.

“A feeling of love (for thy native land) comes to thee, *indeed,* ” says the king.

As-lói at-chúas a scél.

D’imigh an té a d’inis a scéal amach.

“Joyfully [?] has the news been told.”

Luid Lugaid immach la sodain.

Chuaigh Lughaidh amach ansin.

With that Lugaid went out.

Back to top

 

Section 22

“Maith, a ócu”, ar in rí,

“Sea, a laochra, “ arsan rí,

“Well, O warriors,” says the king,

“is é Lugaid téte immach.

“sin é Lughaidh atá ag dul amach.

“it is Lugaid that goes out;

At-chíu-sa issi[n]d abairt do-ringni”.

Feicim é ina iompar.”

I see (it) in the play which he has made.”

Back to top

 

Section 23

Con-gairther fer aile dó

Glaodh fear eile chuige

Another man is called to him

arnabárach

lá arna mhárach,

on the morrow,

ocus ad-fíadar a scél cétna dó.

agus instear an scéal céanna dó.

and the same story is told him,

Is í ind abairt chétna do-génai-side.

Bhí an t-iompar céanna faoi.

and it is the same play that he made.

Back to top

 

Section 24

“Is fír”, ar in rí,

“Mar sin atá,” arsan rí,

“It is true,” says the king.

“iss é Lugaid in so,

“is é seo Lughaidh

“This is Lugaid,

ocus iss ar m’ómun-sa

agus is le heagla romhamsa

and it is for fear of me

nacha slonnet.

nach n-inseann siad a n-ainmneacha.

that he and his men do not name themselves.

Do-berthar trá muín impu

Imrítear *mar sin* cleas orthu

So let a trick be played on them

co fessammar.

le go bhfaighimis amach.

that we may know.

Berar mucc ocus ag fora coiss dóib

Tugtar muc agus damh beo dóibh

Let a swine and an ox on their feet be given them,

ocus apair friu a mmuntir féin dá n-irgnam dóib.

agus abartar leo a muintir féin á réiteach dóibh.

and let them be told that their own people must prepare the carcases for them.

Fos-cichret i crandchor íarum.

Ansin cuirfidh siad é ar chranna.

They will then cast lots (to ascertain the cooks

Fáicébthair Lugaid fris anechtair.

Fágfar Lughaidh as.

and) Lugaid will be left out of the chance.

For-comfa (friss) in ferthaigis”.

Coimeádfaidh an stíobhard súil ar an ngnó.”

This I entrust to the majordomo”.

Back to top

 

Section 25

Do-chúaid-som immorro i crandchor ind aurgnama.

Chuaigh seisean (Lughaidh), áfach, i bpáirt sa chrannchur faoi réiteach an bhia.

Howbeit Lugaid took part in the casting of lots as to the preparation.

Back to top

 

Section 26

“Maith”, or in rí frisin ferthaigis,

“Sea,” arsan rí leis an stíobhard,

“Good,” says the king to the majordomo:

“finta cía as toísech fodla

“faigh amach cé tá i dtús na roinnte,

“ascertain who is the chief of distribution,

ocus ara ndéntar bélaib”.

agus a ndéantar í os a chomhair.”

and before whom it is made.”

“Ni buí and ón

“Ní raibh aon duine ann

“There was no one there

acht in rechtaire a óenur”.

ach an reachtaire ina aonar, is é sin.”

but the steward alone.”

“Fír”, or in rí,

“Sea,” arsan rí,

“True,” says the king.

“marbaid dam dreim de lochdaib”.

“maraígí ladhar loch dom.”

“Kill me a number of mice.”

Back to top

 

Section 27

Do-berar immorro luch

Cuirtear ansin luch

Then he puts

 

 

on the portion of each man of them

 

 

a mouse,

for cuibrend cech fhir díb

ar chuid gach fir díobh

 

is sí dergg cona find,

agus í amh agus a craiceann uirthi;

and it red-raw, with its hair on.

ocus do-berar ara mbélaib.

tugtar os a gcomhair í.

And then their portions are set before them,

Ocus at-rubrad friu

Dúradh leo

and they were told

co mair[b]fitis

go marófaí iad

that they would be killed

mani estais na lochtha.

mura n-íosfaidís na luchaidh.

unless they did ate the mice.

Imm(a)[-dergad] dóib.

Dheargaigh acu.

They were …

Ro bánta co mór íar sain.

Bhánaigh acu go mór ansin.

Thereafter they became very pale.

Noco tucad cuccu ríam anceiss bud doilgiu leo.

Níor cuireadh riamh chucu fadhb ba dheacra leo.

Never had a more grevious annoyance been brought to them.

Back to top

 

Section 28

“Cinnas atát?” or in rí.

“Conas tá siad?” arsan rí.

“How are they?” asked the king.

“Ataat ina mbruc(c)

“Tá siad ag broic leo

“They are in their sorrow

ocus a mmíasa ’na fíadnaisi”.

agus a miasa rompu.”

with their dishes before them.”

“Is ‘broc(c) Muman dar míasa ón’ ”, ar in rí.

“Sin é ‘broic Mumhan thar miasa’,” arsan rí.

“That is ‘Munster’s sorrow over
dishes’,” says the king.

“Apa[i]r friu mairbfitir mani essat”.

“Abair leo go marófar iad mura n-itheann siad.”

“Tell them they will be killed unless they eat.”

Back to top

 

Section 29

“Nip sén ó timmarnad”, or Lugaid,

“Ná raibh an rath ar an té a d’ordaigh,” arsa Lughaidh,

“Let him not be old by whom (this) was commanded,” says Lugaid,

la tabairt na lochad inna béolu

ag cur na luiche ina bhéal

putting the mouse into his mouth,

[ocus] in rí ocó déscin.

agus an rí á fhaire.

while the king observed him.

Back to top

 

Section 30

Dos-mberat na fir uile la sodain.

Leis sin chuir na fir go léir ina mbéal iad.

Thereat all the men put them (into their mouths).

Buí fer dobbrónach díb

Bhí duine dobrónach díobh

There was one unhappy man of them

no scead

agus bhí sé ag aiseag

who would vomit

la tabairt [n-]erbbaill na llochad dia bélaib.

agus é ag tabhairt eireaball na luiche chun a bhéil.

when putting the tail of the mouse to his lips.

“Calgg dart brágit”, or Lugaid,

“Claíomh dar do bhráid,” arsa Lughaidh,

“A sword across thy throat,” says Lugaid.

“iss ithi lochad coa lloss”.

“tá an luch le hithe go heireaball.”

“The eating of a mouse includes its tail.”

Slucid íarum erboll na llochad.

Shloig sé ansin eireaball na luiche.

Then the man swallows the tail of the mouse.

Back to top

 

Section 31

“Do-gníat ní airiut”, or in rí ón dorus.

“Déanann siad rud ort,” arsan rí ón doras.

“They do something for thee,” says the king from the door.

“Do-gníim-se erro-som dano”, or Lugaid.

“Déanaimse rud orthusan leis,” arsa Lughaidh.

“So do I for them,” says Lugaid.

“In tussu in Lugaid?” or in rí.

“An tú Lughaidh?” arsan rí.

“Art thou the Lugaid?” asks the king.

“Iss ed mo ainm”, or Lugaid.

“Is é m’ainm,” arsa Lughaidh.

“That is my name,” says Lugaid.

“Fo-chen duit, ám”, or in rí.

“Fáilte romhat, más ea,” arsan rí,

“Welcome to thee in sooth,” says the king.

“Cid dia rot díchlis fhorm-sa?”

“cén fáth ar cheil tú thú féin orm?”

“Why hast thou hidden thyself from me?”

“Ar th’ómun”, ar Lugaid.

“Le heagla romhat,” arsa Lughaidh.

“For fear of thee,” says Lugaid.

“No dígélaind-se th’osnaid-siu cosindiu

“Dhéanfainnse do ghearán a dhíolt roimhe seo

“I would avenge thy sighing up to this day

dian[d]ot-fhessind”.

dá mbeadh a fhios agam.”

had I known thee.”

“Dom-airsed-sa cobair cid indiu”, or Lugaid.

“D’fhóirfeadh cabhair domsa fiú inniu,” arsa Lughaidh.

“Let help come to me even today,” says Lugaid.

“Rot bia immorro cobair”, or in rí.

“Beidh cabhair agat, más ea,” arsan rí.

“Thou shalt have help, forsooth,” says the king.

“Rí Alban atom-chomnaic-se.

“Rí Alban mise.

“King of Scotland am I.

Ingen ríg Bretan mo máthair.

Iníon rí Breatan mo mháthair.

My mother is the daughter of the king of the Britons:

Ingen ríg Saxan mo ben.

Iníon rí Sagsan mo bhean.

the daughter of the king of the Saxons is my wife.

Nos beir-siu latt uile fri dígail th’osnaide”.

Tabhair leat iad go léir le do ghearán a dhíolt.”

I will bring them all with thee to avenge thy sighing.”

“Am buidech de”, or Lugaid.

“Táim sásta leis sin,” arsa Lughaidh.

“I am grateful therefor,” says Lugaid.

Back to top

 

Section 32

Dos-n-uc didiu int óenfher for óenslúagad uile in muntir-se.

Thug mar sin an t-aon duine amháin an mhuintir sin go léir ar an aon fheachtas amháin.

The one man then brought all this people on the one hosting.

An ro baí íarum di longaib ocus libarnaib ocus bárcaib i n-airiur Saxan ocus Bretan tarchomlátha

Tionóladh *ansin* a raibh de longa, de libhearna, agus de bhárca ar chósta na Sagsan agus na mBreatan

What there were of ships and galleys and barques in the country of the Saxons and the Britons were *then* assembled

co mbátar i Purt Ríg i nAlbae

nó go raibh siad i bPort Rí in Alba,

so that they were in Portree in Scotland,

ocus todlach mór di churachaib leo.

agus cabhlach mór de churaigh leo.

and a great fleet (?) of boats along with them.

As-berat(-som) ba hóendrochet baí eter Hérind ocus Albain di churchaib.

Deir siad gurbh aon droichead amháin de churaigh a bhí idir Éire agus Alba.

Men say that there was one bridge of boats between Ireland and Scotland.

Back to top

 

Section 33

Do-lluid Lugaid didiu cossind arba[r]

Tháinig Lughaidh mar sin leis an díorma

Then Lugaid proceeded with the army

ocus cossin tromshlúag mór-sain

agus leis an tromshlua mór sin

and with that mighty host

do dígail a ancridi for firu Hérend.

lena éagóir a dhíolt ar fhir Éireann.

to avenge his injuries on the men of Erin.

Nírbo gor in mac dos-n-uc.

Níor mhac oibleagáideach a thug leis iad.

Not dutiful was the boy that brought them.

Ro indrettar didiu i nHérind

Rinne siad ionradh dá bhrí sin ar Éirinn

So they ravaged Erin,

coro gíallsat sochaide mór (díb) dó.

agus géill a lán dó.

and a great number of the people submitted to him.

Ocus nis tárraid debaid

Agus níor cuireadh ina gcoinne

And they met no opposition

co rráncatar Mag Mucríma

gur tháinig siad go Má Mucríomha

till they reached Magh Mucríme

hi Crích Óc mBethrae

i gCríoch Óg mBeathra

in the territory of Óic Bethrae,

fri Aidne atúaid

luastuaidh de Aidhne

to the north of Aidne,

ó Áth Chlíath dano sathúaid.

ó thuaidh ó Áth Cliath *freisin*.

northwards from Clarin-bridge *as well*.

Back to top

 

Section 34

Mag Mucríma didiu

Má Mucríomha anois:

Magh Mucríme, now,

.i. mucca gentliuchta do-dechatar a hÚaim Chrúachna.

muca draíochta a tháinig as Uaimh Cruachna.

pigs of magic came out of the cave of Cruachain,

Dorus iffirn na Hérend sin.

Sin é doras Éireann go hifreann.

and that is Ireland’s gate of Hell.

Is esti dano tánic in tellén trechend

Is aisti leis a tháinig an trícheannach

For out of it issued the monstrous triple-headed Bird

ro fhásaig Hérind,

a bhánaigh Éire

that wasted Erin

conidro marb Amairgene athair Conaill Chernaig ar galaib óenfhir

nó gur mharaigh Amhairghine, athair Chonaill Chearnaigh, é ar ghalaibh aonair

till Amairgene, the father of Conall the Victorious, killed it in single combat

ar bélaib Ulad [n-]uili.

os comhair Uladh go léir.

before all the men of Ulster..

Back to top

 

Section 35

Is esti dano do-dechatar ind énlathi chrúan

Is aisti leis a tháinig na héanlaithe cróna

Out of it, also, came the Red Birds

coro chrínsat i nHérind nach ní taidlitís a n-anála,

gur chríon siad gach rud *in Éirinn* a mbaineadh a n-anáil leo

that withered up everything in Erin that their breaths would touch,

condaro marbsat Ulaid dano [            ] asa táblib.

nó gur mharaigh Ulaidh *freisin* iad lena gcranna tabhaill.

till the Ulstermen *also* slew them with their slings.

Back to top

 

Section 36

Is esti íarum do-dechatar na mucca-sa.

Is aisti ansin a tháinig na muca seo.

Out of it, moreover, came these swine.

Nach ní imma-thégtís

Aon áit a dtéidís thairis

Round whatever thing they used to go,

co cend secht mblíadna

 

till the end of seven years

ní ássad arbur na fér na duille trít.

ní fhásadh arbhar ná féar ná duilliúr tríd

neither corn nor grass nor leaf would grow through it.

 

go ceann seacht mblian.

 

Bale i rrímtís

Aon áit ina ríomhtaí iad,

Where they were being counted

ní antaís and

ní fhanaidís ann

they would not stay,

acht no thégtís hi túaith [n-]aile.

ach dul i dtuath eile.

but they would go into another territory

Dia n-irmastá a rrím,

Dá n-éireodh leis an ríomh orthu,

if any one tried to reckon them.

ní rímtís fo chomlín

ní réiteodh na ríomha

They were never numbered completely.

.i. “ataat a trí and”, ar in fer.

.i. “tá a trí ann,” a déarfadh duine;

“There are three there,” says the one man.

“Is mó, a secht”, ar araile.

“tá breis, a seacht,” a déarfadh duine eile.

“More, there are seven,” says another.

“Atát a noí and”, ol araile.

“Atá a naoi ann,” a déarfadh duine eile fós;

“There are nine there,” says another.

“Óen muc déc”! “Trí mucca déc”.

“aon mhuc déag!” “trí muca déag.”

“Eleven swine!” “Thirteen swine.”

Att-roíthe a rrím fónd inna[s]-sain.

Ar an tslí sin níorbh féidir a ríomh.

In that way it was impossible to count them.

Far-fhémditís dano a nguin,

Agus níorbh fhéidir iad a mharú, *áfach,*

They could not be killed, *however,*

ar dia ndíbairgtís ní arthraigtís.

mar nuair a chaití leo théidís as radharc.

for if they were shot at, they used to disappear.

Back to top

 

Section 37

Fecht and didiu luid Medb Chrúachan ocus Ailill

Chuaigh Meadhbh Chruachna agus Ailill *mar sin* uair

Once upon a time, then, (Queen) Maive of Cruachan and Ailill went

dia rím .i. i mMag Mucríma.

go Má Mucríomha á ríomh.

to count them, in to Magh Mucrime, to wit.

Ro rímthea leo íarum.

Ríomhadh leo iad ansin.

They were counted by them afterwards.

Ro buí Medb inna carput.

Bhí Meadhbh ina carbad.

Maive was in her chariot.

Ro lebla[i]ng mucc díb tarsin carpat.

Léim muc díobh thar an gcarbad.

One of the swine leaped over the chariot.

“Is immarcraid in mucc-sain, a Medb”, or cách.

“Is ceann breise an mhuc sin, a Mheadhbh,” arsa cách.

“That swine is one too many, O Maive,” says every one.

“Niba hí-seo”, ol Medb,

“Ní bheidh sí seo amhlaidh,” arsa Meadhbh

“Not this one,” says Maive,

la gabáil a colpthae na muicce

agus í ag breith ar cholpa na muice

seizing the swine’s leg;

co rróemid a croccend fora étan

gur bhris a craiceann ar a héadan

whereupon its skin broke on its forehead

conda farggaib dano in croccand inna láim cossin cholpdu

gur fhág sí *freisin* an craiceann leis an gcolpa ina láimh.

and it *also* left the skin in her hand along with the leg,

ocus nocon fhess cía deochatar ónd úair-sin.

Ní fios cár chuaigh siad ón uair sin.

and from that hour nobody knew whither they went.

Is de-sin atá Mag Mucríma.

Is uaidh sin atá an t-ainm Má Mucríomha.

Hence is Magh Muc-rime (so called).

Back to top

 

Section 38

Ro lléiced trá do Mac Con indred na Hérend

Ligeadh mar sin do Mhac Con a ionradh a dhéanamh ar Éirinn

Now the ravaging of Erin was left to Mac-con

co rránic Mag Mucríma i n-íarthur Chondach[t].

gur shroich sé Má Mucríomha in iarthar Chonnacht.

till he reached Mag Mucrime in the west of Connaught.

“Is mithich”, ol Art mac Cuind,

“Is mithid,” arsa Art mac Coinn,

“It is time,” says Art son of Conn,

“debaid dona feraib”.

 

“(to give) battle to the men.”

[“dobaith dina ferip allmarthib, N.]”.

“cath a chur ar na hallúraigh.”

 

“Mithig, immorro”, ar Éogan mac Ailella.

“Is mithid go deimhin,” arsa Eoghan mac Ailealla.

“Time indeed,” says Eogan son of Ailill.

Back to top

 

Section 39

Luid dano Éogan a lláá riasin [chath]

Chuaigh Eoghan *ansin* an lá roimh an gcath

Now Eogan went, the day before the battle,

co Díl mac hú Chrecga di Ossairgib

go Díl macu Chreaga d’Osraí

to Díl Maccu Crecga of Ossory.

ro buí i nDruim Díl.

a bhí i nDroim Díl.

He dwelt in Druim Díl.

Druí side is é dall.

Draoi eisean agus é dall.

A druid was he, and he blind.

“Tair lim-sa”, or Éogan,

“Tar liomsa,” arsa Eoghan,

“Come with me,” says Eogan,

“do shinnath na fer

“le fonóid a dhéanamh faoi na fir

“to satirize the men

ocus dia ndíchetal”.

agus briocht a chur orthu.”

and to bespell them.”

“Maith”, orse.

“Tá go maith,” ar sé.

“Good,” says the druid.

“Rega-sa latt, a báidathair”, ol a ingen.

“Rachaidh mé leat, a athair bhúidh,” arsa a iníon.

“I will go with thee, dear father”, says his daughter.

Ben óentama ón

Ba bhean gan pósadh ise

An unmarried woman was she,

.i. Moncha, ingen Díl.

.i. Moncha iníon Dhíl.

even Moncha, daughter of Díl.

A ingen ba hara dó.

Ba í a iníon ba ara dó.

His daughter was charioteer to him.

Back to top

 

Section 40

Amal ro-siachtatar Mag Clíach

Ag sroichint Mhá Cliach dóibh

Thus they reached Magh Cliach.

at-géoin (immorro) in druí for labrad Éogain

d’aithin an draoi ar chaint Eoghain *, áfach,*

The druid, however, knew by Eogan’s speech

ropa(d) trú.

go raibh bás i ndán dó.

that he was doomed to death.

“Maith, a Éogain”, ar in druí,

“Sea, a Eoghain,” arsan draoi,

“Well, O Eogan,” says the druid,

“in fácbai-seo íartaige?”

“an bhfuil sliocht á fhágháil agat?”

“leavest thou posterity?”

“Ní mórithir”, ar Éogan.

“Ní mór é,” arsa Eoghan.

“Not so great,” says Eogan.

“Maith, ám, a ingen”, ar Díl,

“Sea anois, a iníon,” arsa Díl,

“Good indeed, my daughter,” says Díl.

“foí la Éogan

“luigh le hEoghan

“Sleep with Eogan

dús in [m]bíad rígi Muman úaim-se co bráth”.

féachaint an mbeidh ríthe Mumhan ar mo shliochtsa go brách.”

to see if the kingship of Munster shall be from me for ever.”

Back to top

 

Section 41

Dérgidir don lánamain.

Cóiríodh leaba don lánúin.

A bed is made for the couple.

Maith a ngein con-compred and

Ba mhaith an ghin a gabhadh ann

Good the offspring that was conceived there,

.i. Fíacha Mulletha(i)n mac Éogain.

.i. Fiacha Mulleathan mac Eoghain.

to wit, Fiacha Broadcrown son of Eogan.

Lesainm dano dó-som Fíacha (.i.) ‘Fer-da-Líach’

Bhí leasainm air, áfach, Fiacha ‘Fear-dá-Liach,’

A nickname also for this Fiacha was Fer dá liach ‘Man of two Sorrows,’

.i. a lláá do-rónad marbthair a athair arnabárach;

.i. maraíodh a athair márach an lae a coimpreadh é

that is, his father is killed on the day after he was begotten

a lláá rucad marb a máthair a lláá-sin.

agus cailleadh a mháthair an lá a rugadh é.

and his mother died the day he was born.

Líach dano cechtar n-aí díb-sin.

Liach ab ea ceachtar díobhsan *, áfach,*

A sorrow then was each of these (events).

Conid de-sin rátir ‘Fer-dá-líach’.

agus dá bharr sin a thugtar ‘Fear-dá-Liach’ air.

Wherefore he is called Fer dá liach, ‘Man of two Sorrows.’

Back to top

 

Section 42

Fíacha Mullethan dano is de ro ainmniged

Is uaidh seo, áfach, a fuair sé an t-ainm Fiacha Mulleathan

He was named Fiacha Broadcrown from this *, however*:

.i. ros gabsat idain Moncha ingen Díl

.i. Ghabh íona Moncha iníon Díl

the pains of childbirth seized Moncha, Díl’s daughter,

oc Áth Nemthend for Siuir.

ag Áth Neamhtheann ar an tSiúir.

at the Ford of Nemthiu on the Suir.

“Olc napo matain imbárach

“Is olc nach maidin amárach

“Alas that it is not tomorrow morning

not assaítither”, ar a athair.

a bhéarfaidh tú an ghin,” arsa a hathair.

that thou art delivered,” says her father.

“Dia mbad and”, ar in druí,

“Dá mba ansin,” arsan draoi,

“If it were then,” says the druid,

“for-biad Hérind a ngein co bráth”.

“bheadh tús áite ag an leanbh in Éirinn go brách”.

“the offspring would survive in Erin for ever.”

“Fír ám”, orsi,

“Tá go maith mar sin,” ar sí,

“Verily, *indeed,* ” she saith,

“acht mani thí thriam tháebu

“mura dtaga sé trí mo thaobha

“unless the babe come through my sides

ní tharga nach conair [n-]aile”.

nó thiocfaidh sé ar mhalairt slí.”

it shall come no other way (till then).”

Back to top

 

Section 43

Téit úadib issin n-uisce.

D’imigh sí uathu isteach san abhainn.

She went from them into the water.

Cloch fail i mmedón ind átha dos-léice impe.

Lig sí í féin síos um chloch atá i lár an átha.

There is a stone in the middle of the ford: she let herself down about it.

“Cotom-gaib”, orsi.

“Tá sé do mo bhacadh,” ar sí.

“It restrains me,” she saith.

Buí issin tunide-sin

Bhí sí ina staic mar sin

She remained thus without moving

co tráth teirt arnabárach.

go dtí tráth teirt lá arna mhárach.

till the hour of tierce on the morrow.

“Is mithig, trá”, ol a hathair.

“Is mithid é feasta,” arsa a hathair.

“It is time, surely,” said her father.

Dos-curedar tara cend. At-bailet a béoil.

Thit sí ar lár. D’éag sí.

Women are summoned on her behalf. She dies.

Ro lethai didiu cend inna nóiden forsin c(h)loich.

Leathnaigh ceann an naíonáin dá bhrí sin i gcoinne na cloiche,

The head of the infant then broadened on the stone.

Conid de ro boí Fíacha Mullethan fair,

i dtreo gur uaidh sin a tugadh Fiacha Mulleathan air,

Wherefore he was called Fiacha Broadcrown.

athair Éoganachta uile.

athair na hEoghanachta go léir.

Father of the whole of the Eoganacht (was he).

Back to top

 

Section 44

Luid trá Art mac Cuinn dar Sinaind síar

Chuaigh Art mac Coinn, más ea, thar Sionainn siar

Now Art son of Conn went westwards across the Shannon

co mórshlúagaib fer nHérend immi.

agus mórshluaite fir Éireann fairis.

with great hosts of the men of Erin around him.

Do-génai Olc Acha .i. goba di Chonnachtaib a óegidacht

Sholáthraigh Olc Acha, gabha de Chonnachta, aíocht dó

Olc-acha, a smith of the Connaughtmen, gave him guesting

in n-aidchi riasin chath.

an oíche roimh an gcath.

on the night before the battle.

Batar hé dano a imrátti-side:

Mar seo ansin is ea a labhair sé:

These then were Olc-acha’s meditations:

“Is tromm in dám-sa

“Is trom an dámh í seo

“Heavy is this band

do-n-uc Mac Con chucaib.

a thug Mac Con in bhur gcoinne.

which Mac-con has brought to you.

Bid amnas do-mbúrfet chucaib in damrad-sa Bretan ocus Alban.

Is fíochmhar a bhúirfidh an damhra seo d’fhir Breatan agus Alban fúibh.

Fiercely will this herd of Britain and Alba bellow towards you.

Ni fhil a mmenmain fri teched

Níl a n-aigne socair ar theitheadh

Their mind is not (set) upon fleeing,

ar is fota a teiched,

mar b’fhada é an teitheadh,

for far would be their flight,

co Sléibe Elpa araill díb.

go Sléibhte Alp do chuid acu.

some of them to the Alps.

Is olc dano a fhola ind fhir las’ tíagar issin cath.

Is olc é leis iompar an duine lena bhfuil sibh ag dul sa chath.

Evil also is the grudge of the man with whom they enter the battle.

Dligid Lugaid fíachu de din chur-sa.

Tá fiacha dlite air ag Lughaidh an turas seo.

Lugaid is entitled to debts from him (Eogan) at this season.

Cía mét di chlaind fo-rácbai[s]-seo, a Airt?” arse.

Cé méid clainne a d’fhág tú, a Airt?” ar sé.

How many children dost thou leave, O Art?” saith Olc-acha.

Back to top

 

Section 45

“Óenmac”, ar Art.

“Aon mhac amháin,” arsa Art.

“One son,” answered Art.

“Robec, ám,” orse.

“Róbheag sin, *go deimhin*,” ar sé,

“Too little, indeed,” says the smith.

“Fóe lamm ingin-se <.i. Achtan a ainm> innocht, a Airt.

“luigh le m’iníon-se (Achtan ab ainm di) anocht, a Airt.

“Sleep with my daughter tonight, O Art.

Atá i tairngire dam-sa

Tá sé i dtairngire domsa

It hath been foretold to me

orddan mór do genemain úaim-se”.

onóir mhór a ghiniúint uaim.”

that a great grandeur will be born of me.”

Back to top

 

Section 46

Ba fír són.

Sin mar a bhí.

That was true.

Ba mór a n-orddan

Ba mhór í an onóir

Great was the grandeur,

.i. Cormac mac Airt meic Cuind.

.i. Cormac mac Airt mhic Coinn.

even Cormac son of Art, son of Conn.

Back to top

 

Section 47

Foid lé in n-aidchi-sin.

Luigh sé léi an oíche sin.

Art sleeps with the girl that night.

Iss and ra compred Cormac.

Is ansin a coimpreadh Cormac.

It was then that Cormac was conceived.

As-bert frie no bérad mac

Dúirt sé léi go mbéarfadh sí mac

He (Art) told her she would bear a son,

ocus ropad rí Hérend in mac-sin.

agus go mbeadh an mac sin ina rí ar Éirinn.

and that that son would be king of Ireland.

 

 

Then

 

 

for the benefit of that son

Is and at-chúaid dí cach foloch fo-r(fh)olaig

Ansin d’inis sé di faoi gach seoid a chuir sé i bhfolach

he declared to her every hidden treasure which he had concealed.

dá tharmnugud don mac-sin.

ar mhaithe leis an mac sin.

 

Ocus as-bert no mair[b]fide arnabárach

Agus dúirt go marófaí é féin lá arna mhárach

And Art said that he would be killed on the morrow,

ocus celebraid dí.

agus d’fhág slán aici.

and he bids her farewell.

Ocus as-bert frie ara mberad a mmac ar altram

Agus dúirt sé léi an mac a bhreith ar altram

And he told her to give their son for fosterage

coa charait-seom de Chonnachtaib.

go dtí a chara ar Chonnachta.

to his friend (one) of the Connaughtmen.

Ocus luid dochum in chatha arnabárach.

Agus d’imigh chun an chatha lá arna mhárach.

And on the morrow he went to the battle.

Back to top

 

Section 48

Batar erlama immorro la Lugaid a chomarli

Bhí a phleananna ullamh ag Lughaidh *, áfach*:

Now Lugaid had his plans ready,

.i. do-chúaid leth in fhíallaig úad i talmain

bhí leath a bhuíne imithe uaidh i dtalamh

that is, he sent half a troop into the ground.

<.i. do-gníthe derc don chétfhóit

(.i. dhéantaí pluais faoin mbarrfhód

To wit, a hole was made (and covered) with the surface-sod

ocus clíatha tairsiu.

agus cliatha tharstu;

and hurdles over them.

No briste in gae ar[a] bulg

ansin bhristí ga ag a bholg

The spear was broken on the bulge,

ocus a rind treisin cléith>

agus bhíodh a rinn tríd an gcliath)

and its point (put) through the hurdle.

áitt (ón) i rrabe úiri fer nHérend.

mar a raibh togha fir Éireann.

That was the place in which were the rawest of the men of Erin.

Comrigthe dano coss in Gaedil di choiss ind Albanaig

Cheanglaítí *ansin* cos Gaeil le cois Albanaigh,

Then the foot of the Gael was tied to the foot of the Albanach,

arna digsitis na Gaedil for teiched,

chun nach rachadh na Gaeil ar teitheadh,

that the Gaels might not run away.

ocus da Brettnach im Gaedel.

agus bhíodh beirt Bhreatnach um gach Gael.

And (there were) two Britons along with (each) Gael.

Back to top

 

Section 49

Ro suidigthe trá na da indna do chechtar na da lethe.

Suíodh, más ea, an dá líne chatha ar cheachtar den dá thaobh.

The two armies were then set on each of the two sides.

Na ríg dano it hé ro bátar i n-airinuch in chatha

Na ríthe is ea a bhí i dtosach an chatha

The kings who were in the forefront of the battle were

.i. Lugaid Mac [Con] ocus Lugaid Lágae ocus Béinne Britt

.i. Lughaidh Mac Con agus Lughaidh Lágha agus Béinne Briot

Lugaid Mac-con, Lugaid Lágae and Béinne the Briton

i n-airinuch ind ala indna,

i dtosach líne díobh,

in the forefront of the one army,

Art mac Cuind [ocus] Éogan mac Ailella ocus Corbb Cacht mac Ailella

agus Art mac Coinn agus Eoghan mac Ailealla agus Corb Cacht mac Ailealla

and Art son of Conn, Eogan son of Ailill and Corb Cacht son of Ailill

i n-airinuch in chatha aile.

i dtosach an chatha eile.

in the forefront of the other battalion.

Back to top

 

Section 50

Fo-rrúacart immorro Lugaid comrac [n]desse for Éogan.

D’fhógair Lughaidh, más ea, comhrac aonair ar Eoghan.

Howbeit Lugaid challenged Eogan to a duel.

As-bert Éogan nad ragad ’na agid don chur-sain

Dúirt Eoghan nach rachadh sé ina choinne don chor sin

Eogan replied that he would not face him on that occasion,

ar batar olca a fholaid friss.

mar gurbh olc é a iompar ina leith.

for his grudges against him were evil.

As-bert dano Lugaid nabad drúth no ragad dara chend in chur-sain

Dúirt Lughaidh ansin nach óinmhid a rachadh thar a cheann féin don dul seo

Then Lugaid said that there would not be a Fool in his (Lugaid’s) stead this time

cía do-fóitsad,

cé go dtitfeadh sé,

though he should fall.

ar rop fherr leis coin (fher n)Hérend dá ithi

mar gurbh fhearr leis coin Éireann á alpadh

For he would rather that the dogs of the men of Erin should eat him

oldás buith fria thír anechtair ní bad shíre.

ná bheith lasmuigh dá thír níos sia.

than that he should be any longer away from his country.

Back to top

 

Section 51

Ba dub immorro int aér úasaib-seom colléic dona demnaib

Idir an dá linn ba dhubh í an spéir os a gcionn, áfach, le deamhain

Black, in sooth, at once became the air above them from the demons

oc irnaide na n-anman trúag dia tarrung dochom iffrin.

ag feitheamh leis na hanmnacha bochta a tharraingt chun ifrinn.

awaiting the wretched souls to drag them to hell.

Acht dá angel amáin ni bátar and.

Ní raibh ann ach amháin dhá aingeal.

There were no angels there, save only two,

Ós chind Airt immorro no bítis-ide

Os cionn Art, áfach, a bhídís-sean

who used to keep over Art’s head, *however,*

cach leth imma-théiged issint shlúag

cibé áit ina dtéadh sé sa slua

whithersoever he went in the army,

fo bíth a fhír fhlatha.

de bharr chirte a fhlaithis.

because of the truths of nature of the true prince.

Back to top

 

Section 52

Is and trá fo-r(f)ópart cechtar na da ergal dochum araile.

Ansin thug ceachtar den dá líne chatha fogha faoina chéile.

Then each of the two lines of battle advanced towards the other.

Amnass immorro in gress ro llásat for cechtar na da leithe.

Ba fhíochmhar go deimhin an t-ionsaí a rinne siad araon ar a chéile.

Fierce indeed was the attack which they delivered on each of the two sides.

Amainsi na tadbsin ro bátar and

Ba uafásach na radharcanna a bhí ann

Fiercer the sights that were there,

.i. findnél na cailce ocus ind áeil

.i. fionn-néalta na cailce agus an aoil

to wit, the mist of the chalk and lime

dochum inna nél asnaib scíatha[ib] ocus asnaib boccóitib

ag ardú chun na néal as na sciatha agus na bocóidí

(rising) towards the clouds from the shields and from the bucklers

oca n-essorggain de fhaebraib na claideb

agus iad á dtuargan d’fhaobhra na gclaíomh

when struck by the edges of the swords

ocus de imfhaebraib na ngae ocus na saiget

agus d’imfhaobhra na nga agus na saighead

and by the points of the spears and the darts

íarna ndegaursclugud dona curadaib;

arna ndea-dhiongbháil ag na curaidh,

after they had been well hurled by the heroes.

ocus béimnech ocus briscbrúar na mboccóti

agus béimneach agus brioscbhrú na mbocóidí

And the concussion and smashing of the bosses

íarna trúastad dena calggaib ocus dina buirnib;

arna dtuargan ag na claimhte agus ag na clocha;

smitten by the swords and by the rocks.

in tairbrech dina díbairgthib na n-arm,

geonaíl na gceathanna arm arna ndiúracadh,

The noise (?) of the throwings of the weapons.

in tóescad ocus in tinsaitin na fola <ocus na cró>

taoscadh agus púscadh na fola

The pouring and the dripping of the blood and the gore

a ballaib na n-écland

ó bhaill na mál

from the limbs of the outlaws

ocus tré thóebu na míled.

agus ó thaobha na míle.

and through the sides of the soldiers.

Back to top

 

Section 53

Is amlaid immorro ro bátar na da Lugaid sethnó in chatha

Is amhlaidh a bhí an dá Lughaidh, áfach, ar fud an chatha

Thus, moreover, were the two Lugaids throughout the battle

amal bíti mathgamna eter banbraid

mar a bheadh mathúna i measc creach de bhanbhaí

as bears are among swine,

ac fápo cach fhir ar n-úair (úadib).

ag treascairt gach fir ar a n-uain.

a-snatching each man in turn from them.

Cathbarr círach ’ma chend cechtar n-aí

Bhí cafarr cíorach um cheann ceachtar díobh,

A crested helmet on the head of each of them.

ocus lúrech iairn imbi

lúireach iarainn uime,

And an corslet of iron about him,

ocus claideb mór inna láim.

agus claíomh mór ina láimh.

and a claymore in his hand.

Immus-rubartatar forsna slúagaib

D’imir siad iadsan ar na sluaite

They flung themselves on the hosts

coro thrascratar ilchéta díb.

agus threascair ilchéadta díobh.

and laid low many hundreds of them.

Back to top

 

Section 54

Fón cosmailius cétna ro boí Éogan mac Ailella ocus Corbb Cacht mac Ailella assind leith aile.

Bhí an réim chéanna faoi Eoghan mac Ailealla agus faoi Chorb Cacht mac Ailealla ar an taobh eile.

In the same way were Art son of Conn and Eogan son of Ailill and Corbb Cacht son of Ailill on the other side.

Back to top

 

Section 55

Ba tnúthach ocus ba hinfhir in comrac-sa

Ba thnúthach fearúil an comhrac

Angry and manly was this meeting,

cond-ráncatar fir Hérend ocus Alban

a d’fhear fir Éireann agus Alban;

in which the men of Ireland and Scotland met together;

.i. is bec nach saltrad cach fer for cossaib a chéile

ba bheag nach satlaíodh gach fear ar chosa a chéile

each man of them, namely, would almost trample on his opponent’s feet

ocond imthúargain.

agus iad ag tuargan a chéile.

in the mutual smiting.

In tan trá ro bátar cind ar chind

Nuair a bhi said *, más ea,* i ndlúthghleic le chéile

So when they were pell-mell

no gonta in fer assin talmain dia díb cúladaib

ghontaí fear i leith a chúil as an talamh,

the man used to be wounded from out of the ground on the two hinder parts of his head  

co(nda) cuired dar[a] chend.

agus bhaintí dá bhonna é.

so that he would be overturned.

Atos-rerachtatar dóib assin talmain fir Alban

D’éirigh fir Alban aníos as an talamh ina gcoinne

The men of Scotland rose up to them out of the ground

coro íadsat impu.

agus d’iaigh umpu.

and closed round them.

Back to top

 

Section 56

Maidid íarum for Art mac Cuind co feraib Hérend cora laad a n-ár.

Briseadh *ansin* ar Art mac Coinn agus fir Éireann agus rinneadh ár orthu.

Then Art son of Conn was routed with the men of Ireland, and they were put to the sword.

Sadess ro memaid in maidm do Áth Chlíath i Crích Óac mBethrae.

Bhris an mhaidhm chatha ó dheas go hÁth Cliath i gCrích Óg mBeathra.

Southwards they fled in disorder to Áth Cliath (Hurdle-ford) in the territory of Óic Bethrae.

Atá a n-otharlaige frisin n-áth atúaid .i. secht meic Ailella Óluim.

Tá a n-uaigh lastuaidh den áth, uaigh seachtar mac Ailealla Óloim is é sin.

The grave of Ailill Bare-ear’s seven sons is to the north of the ford.

Atá dano Taurloch Airt

Tá Turloch Airt *freisin*

There is also ‘Art’s Swamp’

[i fot uaith fotuaith ic ath senbó na na semant sairtuaith, N.]

i bhfad uaidh ó thuaidh ag Áth Seanbhó (nó na Seamant) soir ó thuaidh,

 

airm i tall Lugaid Lágae mac Moga Núadat a chend de forsin chloich fil i Taurloch.

mar ar bhain Lughaidh Lágha mac Mhogha Nuad a cheann de ar an gcloch atá i dTurloch.

in the place where Lugaid Lágae son of Mogh Nuadat beheaded him on the stone which is in a swamp.

(.i.) In tan ro mbuí Béinne Britt oc béim a chind de Éogan mac Ailella

Nuair a bhí Béinne Briot ag baint a cheann d’Eoghan mac Ailealla,

That is, when Béinne the Briton was striking his head off Eogan son of Ailill

don-árraid Lugaid Lágae.

tháinig Lughaidh Lágha ar an bhfód.

Lugaid Lágae ran up to them.

Is and as-bert ar ra ngab ell chondailbe — ó díb ngúallib súas ata-comaing Béinne — .i.

Ansin dúirt sé, mar gur ghabh taom ceana cine é (óna dhá ghualainn suas a bhuail Béinne é):

Then he said that a feeling of affection (for Eogan) had seized him, “From two shoulders upwards Béinne strikes him.”

 

 

 

Ísel béim benas Béinne,

Íseal an bhéim bhuaileas Béinne

A low stroke which Béinne strikes, 

ardd béim benas Béinne

Ard an bhéim lena mbuailtear Béinne.

A high stroke which Béinne strikes,

do-tháet mo recht assa richt

Leis an mbéim a bhuaileann Béinne Briot

My right goes out of his right (?),

bémmend benas Béinne Britt.

Téann mo racht as a riocht.

The strokes which Béinne the Briton strikes.

Back to top

 

Section 57

Do-bert béim la sodain do Béinne dara munél

Leis sin thug sé buille trasna a mhuiníl do Bhéinne

With that he dealt a blow to Béinne over his neck,

co mbuí a chend for bruinni Éogain.

gur fhág a cheann ar ucht Eoghain.

so that his head lay on Eogan’s breast.

Don-airthe[t] Mac Con oca-sain.

Tháinig Mac Con air i mbun an ghníomha sin.

Thereupon Mac-con runs up to them.

“Olc ind imbe(i)rt shochraiti sin, a Lugaid”, arse.

“Is olc an t-iompar i leith comhghuaillithe é sin, a Lughaidh,” ar sé.

“Bad is that act of friendship (?), O Lugaid,” saith he.

“Cumma duit”, or Lugaid,

“Is cuma dhuit,” arsa Lughaidh,

“It is (all) the same to thee,” says Lugaid,

“do-bér-sa cend ríg Hérend duit indossa dara éissi”.

“tabharfaidh mé ceann rí Éireann duit anois ina áit.”

“I will now give thee instead of Béinne the head of the king of Erin.”

Back to top

 

Section 58

Luid i ndegaid <nó i n-agid> in madma sathúaid arridisi

D’imigh Lughaidh i ndiaidh (nó in aghaidh) na maidhme ó thuaidh arís

He went again northwards in pursuit of (or against) the routed army

co comárnaic fri Art conidro marb

gur bhuail le hArt agus mharaigh

till he met with Art, and killed him

ocus decmaing a chend de.

agus bhain a cheann de.

and struck off his head.

Is de atá Turloch Airt hi Crích Óc mBethrae.

Uime sin atá Turlach Airt mar ainm i gCrích Óg mBeathra.

Hence Turloch Airt (‘Art’s Swamp’) in the territory of Óic Bethrae (is so called).

Back to top

 

Section 59

Gabais Lugaid Mac Con íar sain ríge nHérend ar écin

Ansin ghabh Lughaidh Mac Con ríocht Éireann le láimh láidir

Thereafter Lugaid seized the kingship of Ireland by force,

co mbuí i Temraig secht mblíadna lána.

go raibh i dTeamhair seacht mbliana slán.

and he was seven full years in Tara.

Ocus gabais Chormac mac Airt ina ucht i n-altram.

Agus ghabh sé Cormac mac Airt ina ucht ar altram.

And he took Cormac son of Art into his bosom in fosterage.

Back to top

 

Section 60

Béo immorro int Ailill Ólom béus.

Ba bheo d’Ailill Ólom fós, áfach,

Howbeit Ailill Bare-ear was still alive;

Ocus ba é a hannacul:

agus ba é a loinneog:

And this was his annacul:

 

 

 

It crína indiu mo chrúi,

Is críon inniu mo chosa;

Withered today are my feet, 

nis feithet meic ná húi.

Mic ná garmhic ní cás leo iad;

Neither sons nor grandsons guard them:

Is é mo thimna cen on

Is é mo thiomna gan locht —

This is my testament without shame:

at-biur ingra do Mac Con.

Fógraim dochar ar Mhac Con.

I bequeathe miseries to Mac-con.

Back to top

 

Section 61

Ba hé a hannacol Meic Con i ndíeid a drúith:

Ba í seo loinneog Mhic Con i ndiaidh a óinmhide:

This was Mac-con’s annacol after his Fool: 

 

 

 

Ní éla[i]

Ní éalaíonn uaim gáire

There escapes not

gáre ó luid Da Déra[i];

Ó d’éag Da Dhéara.

A little laugh since Da-dera has gone,

fo bíthin it m’áigini

De bhrí gur chúis chráite liom,

Because they are …

dar éis drútháin Dárini.

Iar n-éag an drútháin, Dáirine.

After the Dárfhini’s little Fool.

Back to top

 

Section 62

Ba hé a hannacol Saidbe ingine Cuind Chétchathaig:

Ba é seo loinneog Shaidhbhe iníon Choinn Chéadchathaigh:

This was the annacol of Sadb daughter of Hundred-battled Conn:

 

 

 

Mairg dam-sa de, mairgg do Chlíu,

Mairg domsa de, mairg do Chliú

Woe is me therefor, woe is Cliu,

dia fríth Fer Fíth inna íu;

Nuair fuarthas Fear Fí ina iú;

That Fer fíth was found in his yewtree.

is de do-cer Art mac Cuind

Is de a thit Art mac Coinn

Thereby Art son of Conn fell,

ocus uii. meic MoÁuluim.

Agus seachtar mac Mo Óloim.

And my Bare-ears’s seven sons.

 

 

 

Mairg dam-sa de, mairg do Chlíu,

Mairg domsa de, mairg do Chliú,

Woe is me therefor, woe is Cliu,

dia fríth Fer Fíth inna íu;

Nuair fuarthas Fear Fí ina iú;

That Fer fíth was found in his yewtree.

fo-der écomlond do Art,

Ba é faoi deara éagomhlann d’Art,

Foul play he caused to Art, 

fo-cer lige do Chorb Chacht.

Agus uaigh mar chrann ar Chorb Cacht.

A grave he set under Corb Cacht.

Back to top

 

Section 63

Fecht and didiu do-feotar caírcha glassin na rígna indí Lugdach.

Uair, más ea, d’ith caoirigh glaisin bhanríon Lughaidh.

Once upon a time, then, (trespassing) sheep cropt the woad of Lugaid’s queen.

Táncas i rréir Meic Con.

Cuireadh an scéal faoi bhreith Mhic Con.

(The question of liability) was submitted to Mac con’s decision.

“At-berim”, or Mac Con,

“Sé mo bhreith,” arsa Mac Con,

“I adjudge,” says Mac-con,

“na caírig ind”.

“na caoirigh mar chúiteamh ann.”

“the sheep (to be forfeited) for it (the woad).”

Ro boí Cormac ’na mac bic for dérgud inna fharrad.

Bhí Cormac, agus é ina mhacaomh beag, ar an iomdha taobh leis.

Cormac, then a little boy, was lying on a couch near him.

“Acc, a daeteac”, orse,

“Ní hea, a oide ó,” ar sé;

“Nay, O fosterfather,” saith he.

“ba córu lomrad na caírech i llomrad na glasne,

“ba chóra lomradh na gcaorach ar lomradh na glaisne

“It is juster (to award) the shearing of the sheep for the cropping of the woad.

ar ásfaid in glassen,

mar fásfaidh an ghlaisin

For the woad will grow on the green,

ásfaid ind oland forsnaib caírib”.

agus fásfaidh an olann ar na caoirigh.”

(and) the wool will grow on the sheep.”

Back to top

 

Section 64

“Is í ind fhírbreth ón”, or cách.

“Sin í an fhíorbhreith,” arsa cách.

“That is the true judgement,” says every one.

“Is é dano mac na fír[fh]latha rod[a]-(f)uc”.

“Is é mac an fhíorflatha a thug í *, go deimhin*.”

“It is *indeed* the son of the true prince that delivered it”.

Back to top

 

Section 65

La sain fo-cheird leth in taige fon [n-]aill

Leis sin thit leath an tí le haill

With that (one) side of the house fell down the declivity,

.i. in leth i rrucad in gúbreth.

.i. an leath inar tugadh an ghóbhreith.

namely, the side on which the false judgement was delivered.

Méraid cu bráth fon inna[s]-sain

Mairfidh sé amhlaidh sin go brách

It will remain for ever in that wise,

.i. in Chlóenfherta Themrach.

.i. Claonfhearta Teamhrach.

namely the Cloenfherta of Tara.

Is dó-sein ro cét:

Is de sin a canadh:

Thereof was sung:

 

 

 

Ro huc Lugaid, láechda éo,

Thug Lughaidh, laochta an t-eo,

Lugaid, the heroic salmon, passed 

gúbre[i]th i céo, cruth at-chíu;

Góbhreith i ndallcheo, sin mar chím;

A false judgement in confusion as I see.

maraid dó ó shein co bráth

Mairfidh de ó shin go deo,

It remains for him thence for ever:

clóen ind ráth dind leith adíu.

An Ráth go claon ar an taobh seo.

Aslope is the ráth from the side hither.

Back to top

 

Section 66

Blíadain dó íar sain i rrígu i Temraig

Bhí bliain aige iar sin i réim i dTeamhair,

For a year after that was he in kingship in Tara,

ocus ní thánic fér tria thalmain

agus níor tháinig féar trí thalamh,

and no grass came through ground,

ná duil[l]e tre fhidbuid

ná dúille ar chrann,

nor leaf through trees,

ná gránni i n-arbur.

ná gráinne in arbhar.

nor grain into corn.

Ro ndlomsat didiu fir Hérend assa rígu

Dhíbir fir Éireann dá bhrí sin as a ríocht é

Then the men of Ireland rejected him from his kingship

ar ropo anflaith.

mar ba anfhlaith é.

because he was a false prince.

Back to top

 

Section 67

Luid síar íarum co mórimmirgi dia thír.

D’imigh sé siar ansin chun a thíre féin agus mathshlua imirceach fairis.

He afterwards went westward with a great body of emigrants to his country. 

Ni dechaid immorro Lugaid Lágae leis.

Ní dheachaigh Lughaidh Lágha leis, *áfach *.

But Lugaid Lágae fared not with him.

“Áitt”, orse,

“An áit,” ar sé,

“The place,” said he,

“i tuithched-sa frim bráthair fót bíthin-siu

“inar chuir mé i gcoinne mo dhearthár ar do shonsa,

“in which I opposed my brother for thy sake,

ocus i ndernus finga[i]l

agus ina ndearna mé fionaíl,

and in which I committed parricide,

noco ricub arithisi.

ní rachaidh mé ar ais ann.

I will never visit again.

Dom-bér i ndíl

Tabharfaidh mé mé féin mar chúiteamh

I will give myself in satisfaction

do mac ind ríg ro marbus.

do mhac an rí a mharaigh mé.”

to the son of the king whom I killed.”

Back to top

 

Section 68

Co bo thrí didiu no n-aithned Mac Con do Chormac

Ansin rinne Mac Con Lughaidh a chur faoi choimirce Chormaic trí huaire,

Thrice then Mac-con commended himself to Cormac.

ocus tintád fris béus.

agus d’fhilleadh air arís gach uair.

And he still would turn to him.

Celebrais dó íarum.

D’fhág sé slán aige faoi dheireadh.

Then he bade him farewell.

Iss ed luid síar co Ailill .i. dia gorigud.

D’imigh sé leis siar go hAilill le treisiú leis.

He went westwards to Ailill, to tend him dutifully.

Luid i lless cucai.

Chuaigh sé isteach ina lios chuige.

He entered his garth.

Do-beir Sadb a dí láim ’má brágit.

Chuir Sadhbh a dhá láimh um a bhráid:

(Mac-con’s mother) Sadb puts her two arms round his neck.

“Na eirgg, a maccáin”, orsi,

“Ná téigh, a mhacáin,” ar sí,

“Go not, my child,” she saith.

“is olc in fer cossa téigi;

“is olc an fear chuig a dtéann tú;

“Evil is the man to whom thou farest,

ní dílgedach”.

níl sé maiteach.”

not forgiving.”

Back to top

 

Section 69

“Fo chen ón”! or Ailill,

“Fáilte romhat!” arsa Ailill,

“Welcome is this!” says Ailill,

“tair chucum trá co ’mma-ragba dún,

“tar chugam *mar sin* go ndéanaimid réiteach eadrainn;

“come to me *then* that thou mayst betake thyself (?) to us,

co nderna athair dím-sa

go ndéana tusa athair díomsa

that thou mayst make a father of me

ocus co ndernur-sa mac dít-su

agus go ndéana mise mac díotsa

and that I may make a son of thee:

ar ná filet maccu lim dom gaire”.

mar nach bhfuil aon mhic agam mar theannta.”

for I have (now) no sons to tend me.”

Back to top

 

Section 70

Do-beir íarum leccoin fri leccoin dó.

Ansin chuir sé leaca le leaca Mhic Con.

Then he puts a cheek against Lugaid’s cheek.

Don-á(i)rraill immorro co fíacail fhidba ro buí ina chind ina leccoin.

D’aimsigh sé é sa leaca, áfach, le fiacail nimhe a bhí ina cheann.

But Ailill, with a poisonous tooth which was in his head pierced Lugaid in his cheek.

“Rot-ánic ale”, orse,

“Bhain sé amach thú,” ar sé,

“It hath come to thee”, quoth he,

“ocus do-coínfe colléic”.

“agus caoinfidh tú go fóill.”

“and thou wilt deplore it *yet*.”

Luid úad immach la sodain.

D’imigh sé amach uaidh leis sin.

Therewith he went away from him.

Iss and imma-ránic [dó] fri Saidb.

Ansin bhuail sé le Sadhbh.

Then Lugaid met with Sadb.

“Fé ón”, orsi oco décisiu,

 “Uchón,” ar sí ag féacaint air.

“Woe is this,” says she, beholding him:

 

 

 

Is é forgab dia tuit rí

Is é seo an sá dá dtiteann rí;

This is the thrust whereby a king falls.

ro[t] geguin fíacail fidbui;

Ghoin fiacail nimhe thú;

A poisonous tooth has slain thee.

ro gab súainiud do delbad,

Ghabh toirchim suain do chló;

Magical distortion has seized thy shape:

(bá) dirsan in tigcelebrad.

Ba dhursan an trúcheiliúradh.

Sad was the last farewell.

Back to top

 

Section 71

Ba fír són.

Ba fhíor sin.

That was true.

Tar[a] éssi didiu tánic Ferches mac Commáin co hAilill.

Ina dhiaidh sin tháinig Fearcheas mac Comáin go hAilill.

After him then Ferchess son of Commán came to Ailill.

“Fé, a Fheircheiss”, or Ailill,

“Seo leat, a Fhearchis,” arsa Ailill.

“Woe, O Ferchess,” saith Ailill:

“i ndiaid Lugdach dait”.

“I ndiaidh Lughaidh leat.”

“get thee after Lugaid.”

Re cind trí tráth

Laistigh de thrí lá

Before the end of three watches

ro legai leithchend Lugdach.

bhí leathcheann Lughaidh leáite.

Lugaid’s half-head had dissolved.

Back to top

 

Section 72

Luid Ferches inna diaid.

Chuaigh Fearcheas ina dhiaidh.

Ferches went after Lugaid.

Ro-siacht-som a thír i suidiu.

Bhí a thír féin sroichte aige faoin am sin.

He reached his country in the mean time.

Do-rat a druim ri corthi isint shlúag.

Chuir sé a dhroim le carraig i lár an tslua.

Lugaid set his back against a pillar-stone in the host.

Co n-accatar ní, in Ferchess.

Chonaic siad Fearcheas.

They saw somewhat, the Ferchess.

“Nacha lléicid ille”, for Lugaid.

“Ná ligigí i leith é,” arsa Lughaidh.

“Do not let him hither,” says Lugaid.

Scíathaigit ind fhir eturru.

Chuir na fir fál sciath eatarthu.

The men shield him between them.

Dos-léici chuce darsin slúag

Chaith Fearcheas urchar leis thar an slua

(But Ferchess) casts (his spear) at him over the host

co n-ecmaing inna étan

agus d’aimsigh é san éadan

and strikes him on the forehead,

coro [fh]recart in coirthe fris aníar

gur fhreagair an charraig é aniar

so that the pillar-stone at the back of him answered,

coro shecai cen anmain.

agus theáltaigh sé gan anam.

and he became dry and lifeless.

Back to top

 

Section 73

Luid Ferches immorro resin slúag issin n-ess

Theith Fearcheas leis ón slua, áfach, isteach san eas

Howbeit Ferchess went before the host into the cataract

co tochrad casnaide a gae dóib forsin n-usce.

le go gcaithfeadh sé scamhadh a gha ar an uisce dóibh.

that he might put for them on the water shavings of his spear.

Is de atá Ess Ferchiss.

Is uaidh sin an t-ainm Eas Fearchis.

Hence it is called Ess Ferchiss.

Is dó-sein as-bered Sadb ingen Chuind:

Is faoi sin a deireadh Sadhbh iníon Choinn:

Of that Sadb daughter of Conn used to say:

 

 

 

Mairg damsa de, mairg indíu

Mairg domsa dá bharr, mairg inniu

Woe is me, woe today 

dia fríth Fer Fíth inna íu;

Nuair fuarthas Fear Fí ina iú.

That Fer Fíth was found in his yewtree.

iss ed nom béra do don

Is é bhéarfaidh mé don uaigh

This will bear me to misfortune,

irchor Fercheiss for Mac Con.

Urchar Fhearchis le Mac Con.

The cast of Ferchess on Mac-con.

Back to top

 

Section 74

Is and as-bert Ailill:

Is ansin a dúirt Ailill:

Then said Ailill:

 

 

 

Trícho blíadnae mad co se

Le tríocha bliain go dtí seo,

Thirty years, if it be till now, 

óp-sa senóir dímellte

Ba sheanóir caite mé,

Since I became an worn-out old man,

condom dersaig as mo chess

Nó gur dhúisigh mé as mo cheas

Till the cast of Comman’s son the poet 

erchor meic Commáin éices.

Urchar mic Comáin éigeas.

Roused me from my stupor.

Back to top

 

Section 75

Gabais Ailill íar sain ríge Muman secht mblíadna.

Ghabh Ailill iar sin ríocht Mumhan ar feadh seacht mbliain.

Thereafter Ailill took the kingship of Munster for seven years.

Back to top

 

Section 76

Cath Maige Mucrima in sin

Sin é Cath Má Mucramha

That is the Battle of Magh Mucrime,

i torchair Art mac Cuind

inar thit *Art* mac Coinn

wherein fell Art son of Conn

ocus secht meic Ailella

agus seachtar mac Ailealla

and Ailill’s seven sons,

co n-ár fher nHérend impu,

le hár fir Éireann umpu;

with the slaughter of the men of Erin around them.

 

 

 

dia n-érbrad:

dúradh faoi:

Whereof was said:

 

 

 

Matan Maige Mucrima

Cath Má Mucramha

The fight (?) of Magh Mucrime

inid tóetsat ríg ili,

Ina dtitfidh iomad rí;

Wherein fell many kings, 

ba dirsan do Art mac Cuind

Ba dhursan d’Art mac Coinn,

It was sad for Art son of Conn.

is óin ad-baill in sligi.

An t-amhra a thit san eirleach.

He (was) one whom the slaying destroyed.

Back to top

 

Section 77

As-berat immorro araile

Deir daoine eile, áfach,

Some, however, say

ro baí Lugaid Mac Con trícha blíadna i rríge Hérend.

go raibh Lughaidh mac Con tríocha bliain ina rí ar Éirinn.

that Lugaid Mac-con was thirty years in the kingship of Erin.

Unde dicitur:

Uime sin a deirtear:

Unde dicitur:

 

 

 

Gabais Mac Con tír mBanba

Ghabh Mac Con tír na Banban,

Mac-con took the land of Banba

cach leth co glasmuir nglédend;

Ar gach taobh go glasmhuir glé

On every side as far as the pure-coloured, green sea,

Trícha blíadnae, án n-[ú]aland,

Tríocha bliain, dínit thaibhseach,

Thirty years — a splendid cry —

ro boí i rrígu Hérend.

Ba rí i réim ar Éirinn.

He was in the kingship of Erin.

Back to top